26.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 323/95


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — Timthriallta Carbóin Inbhuanaithe

(COM(2021) 800 final)

(2022/C 323/16)

Rapóirtéir: Arnold PUECH d’ALISSAC

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 21.1.2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol

Dáta a glactha sa rannóg

4.5.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

19.5.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

569

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

221/0/4

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Creideann CESE, má táthar chun ceist na haeráidneodrachta san Eoraip a réiteach, gur gá astaíochtaí gás ceaptha teasa a mhaolú, linnte carbóin a mhéadú agus roghanna malartacha ar charbón iontaise a aimsiú inár ngeilleagar. Dá bhrí sin, aontaíonn CESE leis an méid a dúirt an gCoimisiún sa teachtaireacht uaidh, is é sin nach mór gach modh agus réiteach a chomhcheangal chun an cuspóir sin a bhaint amach.

1.2.

Tacaíonn CESE freisin leis an dá réiteach a mholtar sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chun carbón a bhaint agus a cheapadh: réitigh dhúlrabhunaithe (ar a dtugtar ceapadh carbóin) agus réitigh theicneolaíocha thionsclaíocha.

1.3.

Measann CESE gur féidir leis an earnáil talún (talmhaíocht, foraoiseacht, talamh portaigh, etc.) ról gníomhach a bheith aici sa chomhrac i gcoinne an téimh dhomhanda agus, san am céanna, go bhféadfadh sí cur le soláthar cothrom bia, lena n-áiritheofar méid leordhóthanach bia ardcháilíochta ar phraghsanna inacmhainne do chách agus luach saothair do tháirgeoirí.

1.4.

Tá CESE á chur i bhfios go láidir nach mór timthriallta carbóin inbhuanaithe a mheas ar bhonn níos leithne. Go deimhin, má táthar chun linnte carbóin a mhéadú agus roghanna malartacha ar charbón iontaise a aimsiú a oiread is féidir, is gá an bhithmhais a tháirgtear a mhéadú, rud a mbeidh tionchar aige ar an earnáil talún.

1.5.

Ós astaíre nádúrtha í earnáil na talmhaíochta, measann CESE go mbeidh ceangal díreach idir cur i bhfeidhm cleachtas ar lú a n-astaíochtaí agus forbairt rathúil timthrialla carbóin inbhuanaithe. Ar deireadh, chun freagairt don mhéadú ar an éileamh ar bhia agus chun timthriall carbóin inbhuanaithe an lae amárach a chur i bhfeidhm, beidh ar earnáil na talmhaíochta í féin a chur in oiriúint don athrú aeráide.

1.6.

Measann CESE, dá bhrí sin, nár cheart breathnú ar an gceapadh carbóin mar dheis tráchtála amháin, ach mar ghné bhunúsach de thodhchaí thalmhaíocht agus foraoiseacht na hEorpa agus mar ionstraim chun gníomhú i gcoinne an athraithe aeráide agus ag cur, ar an dóigh sin, le limistéir thuaithe níos athléimní i gcomhréir leis an bhfís fhadtéarmach do limistéir thuaithe an Aontais (1).

1.7.

Tá CESE den tuairim nach féidir cuspóirí na neodrachta carbóin a bhaint amach trí bhíthin an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT) amháin. Ba cheart a leagan síos leis creat beartais lena réiteofar an bealach don aistriú ísealcharbóin in earnáil na talmhaíochta chun níos lú astaíochtaí a scaoileadh agus níos mó carbóin a cheapadh. Cé go bhféadfadh tacaíocht infheistíochta trí CBT a úsáid chun stóráil charbóin a chúiteamh mar sheirbhís éiceasheirbhíse agus mar thacaíocht ioncaim d’fheirmeoirí, níor cheart an stóráil carbóin a bheith ina coinníoll de CBT. Níos tábhachtaí fós, is é a mheas gur gá forbairt an mhargaidh charbóin a chur chun cinn tuilleadh.

1.8.

Ní mór creidmheasanna carbóin a thabhairt mar chúiteamh ar sheirbhís arna soláthar, eadhon carbón an atmaisféir a cheapadh, ach ní mór freisin iad a bheith ina gcuid den aistriú ísealcharbóin in earnáil na talmhaíochta. Ar an ábhar sin, is gá infheistiú i gcreidmheasanna carbóin trí chóras trédhearcach iontaofa d’fhonn freastal ar riachtanais na hearnála maidir le ceapadh agus maolú astaíochtaí gás ceaptha teasa. Beidh an iontaoibh bunaithe ar dheimhniú lena gcuirtear san áireamh dálaí náisiúnta agus a bheidh curtha in oiriúint do chur chuige críochach gach tíre.

1.9.

Chun ceapadh carbóin a fhorbairt, beidh creat dlíthiúil soiléir ag teastáil a bheidh roinnte ag na Ballstáit, agus na dúshláin a bhaineann le tionscadail dheimhnithe um cheapadh carbóin arna sainaithint sa teachtaireacht ón gCoimisiún á gcur san áireamh.

1.10.

Tá rabhadh á thabhairt ag CESE nach bhfuil sé d’acmhainn ag gach aon Bhallstát infheistíocht a dhéanamh sa cheapadh carbóin agus tacú leis agus go bhfuil acmhainneachtaí éagsúla airgeadais agus bainistíochta acu.

1.11.

Ós rud é nach bhfuil earnáil na talmhaíochta á cosaint go leordhóthanach leis na bearta coigeartaithe carbóin ar theorainneacha, tá CESE á mholadh go mbreithneofaí freisin táirgí allmhairithe agus go n-áiritheofaí go gcuirfeadh comhaontaithe trádála, idir chomhaontuithe nua agus comhaontuithe atá ann cheana, iallach ar thíortha onnmhairithe a bheith tiomanta do thimthriallta carbóin inbhuanaithe.

1.12.

Dar le CESE, ba cheart réitigh thionsclaíocha, amhail CO2 a stóráil go buan i bhfoirmíochtaí geolaíocha nó carbóin a mhianrú i gcumascáin nuálacha, a bheith inbhuanaithe agus tionchar diúltach ar an mbithéagsúlacht, ar éiceachórais agus ar phobail a chosc.

1.13.

Ní mór an togra maidir leis an gceapadh carbóin a bheith mar chuid d’aistriú níos mó chuig córas bia inbhuanaithe.

1.14.

Ba cheart folláine oibrithe, intuarthacht gairme agus dálaí oibre in earnáil na talmhaíochta, mar aon leis an ngá atá le luach saothair cothrom, a chur san áireamh sa chaoi go mbeidh feirmeoirí agus oibrithe in ann a bheith rannpháirteach san aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin agus go n-éireoidh leo san aistriú sin.

2.   Barúlacha ginearálta

Neodracht carbóin faoi 2050: an réiteach chun cloí le Comhaontú Pháras

2.1.

Tá méadú foriomlán tagtha ar an teocht dhomhanda i ngeall ar an méadú as cuimse atá tagtha ar thiúchan na ngás ceaptha teasa san atmaisféar ó bhí an réabhlóid thionsclaíoch ann. Tá eolaithe ar aon intinn faoina phráinní atá sé aeráidneodracht a bhaint amach ar bhonn domhanda faoi 2050 agus nach mór astaíochtaí domhanda a bheith ag an leibhéal is airde faoi 2025 má táthar chun an téamh domhanda a theorannú go 1,5 o(2).

2.2.

Measann IPCC go bhféadfadh sé go mbeadh rioscaí móra ann don soláthar bia i gcodanna áirithe den domhan dá dtiocfadh ardú thar 2 oC ar an téamh domhanda. De réir Eagraíocht Bia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe, meastar go dtiocfaidh méadú 70 % ar riachtanais chothaithe idir 2009 agus 2050 agus go mbeidh gá le bia a sholáthar do 9 mbilliún duine.

2.3.

Ós rud é go bhfuil an táirgeadh bia ag brath ar an dúlra, fágann an éigeandáil aeráide agus bhia go mbeidh orainn muid féin a chur in oiriúint dá réir.

2.4.

Is é is aidhm do Chomhaontú Pháras an téamh domhanda a theorannú go 1,5 oC nó, ar a mhéad, 2 oC. Ina fhianaise sin, ghlac an tAontas Eorpach an Comhaontú Glas agus chumhdaigh sé an cuspóir neodracht carbóin a bhaint amach faoi 2050 sa dlí aeráide. Chuige sin, tá dhá phríomhthionscnamh glactha aige:

laghdú 55 % ar a laghad a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030, trí bhíthin an togra maidir leis an bpacáiste “Oiriúnach do 55”,

carbón a athchúrsáil ó shruthanna dramhaíola, ó fhoinsí inbhuanaithe bithmhaise nó ón atmaisféar (geilleagar ciorclach, bithgheilleagar inbhuanaithe, na teicneolaíochtaí is gá haghaidh ghabháil agus úsáid carbóin (CCU)).

An gá le haistrithe carbóin a mhéadú

2.5.

I bhfianaise na ndálaí iarbhír sin, aontaíonn CESE leis an dá réiteach a mholtar sa teachtaireacht ón gCoimisiún chun carbón a bhaint agus a cheapadh: réitigh dhúlrabhunaithe (ar a dtugtar ceapadh carbóin) agus réitigh theicneolaíocha thionsclaíocha atá bunaithe ar charbóin ón atmaisféar a ghabháil agus a stóráil trí theicnící amhail DACCS (Ceapadh agus Stóráil Carbóin ó Ghabháil ón Aer) nó BECCS (Ceapadh agus Stóráil Carbóin Bithfhuinnimh).

2.6.

Ó tharla gur in earnáil na talmhaíochta a astaítear 11 % d’astaíochtaí na hEorpa, cuireann sí le hastaíochtaí. Bíodh sin mar atá, rannchuidíonn sí le maolú astaíochtaí gás ceaptha teasa trí fheidhmiú mar linn charbóin agus cuireann sí leis an mbithgheilleagar trí charbón neamhiontaise a sholáthar.

2.7.

Is léir, dá bhrí sin, gur cheart é a bheith de chuspóir ag an earnáil talún ról a bheith aici sa chomhrac i gcoinne an téimh dhomhanda agus, san am céanna, cur le soláthar cothrom bia, lena n-áiritheofar méid leordhóthanach bia ardcháilíochta ar phraghas inacmhainne do chách agus lena gcruthófar poist chobhsaí ardcháilíochta a bhfuil brabús le déanamh orthu do tháirgeoirí (féach go háirithe an tuairim Slándáil an tsoláthair bia agus córais bhia inbhuanaithe (3) agus an tuairim I dtreo slabhra soláthair bia cothrom (4)).

2.8.

Dá bhrí sin, má táthar chun dul i ngleic leis an athrú aeráide, beidh uirlisí cóir inrochtana de dhíth ar na Ballstáit uile agus ar na feirmeoirí uile don aistriú.

3.   Barúlacha sonracha

Cuspóirí na hearnála talún: maolú, ceapadh agus bia

3.1.

Má táthar chun ceist na haeráidneodrachta san Eoraip a réiteach, is gá astaíochtaí a mhaolú, linnte carbóin a mhéadú agus roghanna malartacha ar charbón iontaise a aimsiú inár ngeilleagar. Dá bhrí sin, aontaíonn CESE leis an méid a dúirt an gCoimisiún sa teachtaireacht uaidh, is é sin nach mór gach modh agus réiteach a chomhcheangal chun an cuspóir sin a bhaint amach.

3.2.

Faoi mar a léirítear sa togra chun Rialachán LULUCF (5) a leasú mar chuid den phacáiste “Oiriúnach do 55”, ba cheart an fheirmeoireacht carbóin tacú le gnóthú sprioc 2030 atá beartaithe maidir le haistrithe carbóin de 310 Mt CO2 san earnáil talún. Tá CESE á chur in iúl go bhfuil bealaí éagsúla ann chun ceapadh carbóin a mhéadú, lena n-áirítear bainistíocht talún, athghiniúint foraoise agus athchóiriú na n-éiceachóras nádúrtha (féach an tuairim uaidh ar an ábhar seo (6)).

Réitigh dhúlrabhunaithe

3.3.

Stóráiltear níos mó carbóin in ithreacha ná mar a stóráiltear i bplandaí nó san atmaisféar. Mar sin féin, tá astaíochtaí ó dhóchán breosla iontaise, ó phróisis thionsclaíocha agus ó athrú ar úsáid talún á gcarnadh sna haigéin agus tá siad ag cur go mór le tiúchan CO2 san atmaisféar agus is fadhb mhór é sin.

3.4.

Ach carbón ón aer a cheapadh in ábhar plandaí, ábhar orgánach a bhithbhailiú in ithreacha, bithábhair agus fuinneamh ó bhithmhais a tháirgtear go háitiúil a úsáid, déantar cuid den charbón a astaítear a athchúrsáil trí ghníomhaíochta talmhaíochta.

3.5.

Leis an bhfeirmeoireacht carbóin, dírítear go príomha ar CO2 san atmaisféar a laghdú ach tá astaíochtaí gás ceaptha teasa eile ann a bhfuil baint acu le hearnáil na talmhaíochta nach mór aghaidh a thabhairt orthu (mar shampla meatán agus astaíochta N2O, a ghineann níos mó teasa ná CO2 in aghaidh an kg). A bhuí le feirmeoireacht beostoic is féidir leasacháin orgánacha a sholáthar le haghaidh táirgeadh barr agus fad is go mbeathaítear eallach le féar a fhástar go háitiúil, cuirtear leis an gcóras bia ar bhealach ciorclach, rud a shonraítear sa tuarascáil faisnéise Buntáistí a bhaineann le feirmeoireacht fhairsing beostoic agus leasacháin orgánacha i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip (7).

3.6.

I bhfianaise na ndúshlán sin agus na réiteach éagsúil atá á gcur ar fáil ag an earnáil talún, dealraíonn sé nach mór timthriallta carbóin inbhuanaithe a mheas ar bhealach níos leithne agus aird á tabhairt san am céanna ar éagsúlacht na seirbhísí éiceachórais a chuirtear ar fáil le hithreacha talmhaíochta, mar aon le ceapadh carbóin, agus cumais éagsúla ceaptha carbóin ag brath ar dhálaí ithreacha agus bitheolaíocha. Go deimhin, má táthar chun linnte carbóin a mhéadú agus roghanna malartacha ar charbón iontaise a aimsiú a oiread is féidir, is gá an bhithmhais a tháirgtear a mhéadú.

3.7.

Ós astaíre nádúrtha í earnáil na talmhaíochta, dá mhéad cleachtais cur chun feidhme atá ann ar lú a n-astaíochtaí is ea is mó a chuirfear le maolú an athraithe aeráide agus le timthriall carbóin inbhuanaithe. Chomh maith leis sin, is iomaí dúshlán atá ag baint le hastaíochtaí a laghdú, ceapadh carbóin a fheabhsú agus freagairt don éileamh méadaitheach ar bhia agus sinn á gcur in oiriúint don athrú aeráide (e.g. tionchar diúltach an athraithe aeráide ar fhómhair), dúshláin a bhfuil nuálaíocht agus tacaíocht ag teastáil ina leith chun tacú leis an earnáil.

3.8.

Measann CESE, ar an ábhar sin, go mbeidh an togra maidir le Rialachán LULUCF a leasú ríthábhachtach don chothromaíocht aeráide san fhadtéarma agus nár cheart breathnú ar an gceapadh carbóin mar dheis tráchtála amháin, ach mar ghné bhunúsach de thodhchaí thalmhaíocht na hEorpa.

3.9.

Agus an tslándáil dhomhanda bia á háirithiú, tá trí dhúshlán éagsúla ag baint le luacháil carbóin:

carbón an atmaisféir a cheapadh in ithreacha,

astaíochtaí gás ceaptha teasa a mhaolú,

earnáil na talmhaíochta a chur in oiriúint don athrú aeráide.

3.10.

Tá roinnt cleachtais bainistíochta talún ann a chuireann leis an gceapadh carbóin, ina measc:

foraoisiú agus athfhoraoisiú,

agrafhoraoiseacht agus foirmeacha eile d’fheirmeoireacht mheasctha lena gcomhcheanglaítear fásra adhmadach le córais táirgthe barr nó ainmhithe,

barra breise, barra cumhdaigh agus curaíocht chaomhnaithe a úsáid,

talamh curaíochta a thiontú go talamh branair nó féarthalamh buan,

tailte portaigh agus bogaigh a athchóiriú.

3.11.

Tá acmhainneacht nach beag ag baint leis an méid sin. De réir thionscnamh 4/1000 ó Institiúid Náisiúnta na Fraince um Thaighde ar Thalmhaíocht, ar Bhia agus ar an gComhshaol (INRAE), d’fhéadfaí, ar a mhéad, 8,43 milliún tona carbóin sa bhreis a cheapadh sa Fhrainc sa chéad 30 ceintiméadar den ithir in aghaidh na bliana in earnáil na talmhaíochta.

3.12.

Tá CESE á mholadh, in éineacht leis an gcuspóir maidir le glantógáil nialasach talún a bhaint amach faoi 2050 a leagtar amach i Straitéis Ithreach an Aontais Eorpaigh (8), go mbainisteofaí talamh arúil agus go dtabharfaí cosaint leordhóthanach dó lena áirithiú gur féidir leis feidhmiú mar linn carbóin agus é a úsáid chun bithmhais a tháirgeadh. Tá sé á thabhairt dá aire agus is cúis áthais dó é go bhfuil roinnt Ballstát ag obair chuige sin (mar shampla, tá reachtaíocht á dréachtú san Eastóin maidir le húsáid talún).

3.13.

Sainaithnítear sa Teachtaireacht roinnt dúshlán a bhaineann le tionscadail dheimhnithe um cheapadh carbóin. Ní thugtar freagra inti, áfach, maidir leis an méid seo a leanas:

aghaidh a thabhairt ar an neamhbhuaine: féadfaidh carbón a cheaptar agus a stóráiltear in ithreacha agus i mbithmhais scaoileadh isteach san atmaisféar, rud a chuireann na tairbhí a bhaineann le maolú an athraithe aeráide ar neamhní,

is dúshlán fós é faireachán, tuairisciú agus fíorú an charbóin a cheaptar: ní mór na costais bhreise iarbhír lena mbaineann a shonrú,

na costais a bhaineann le cleachtais ceaptha carbóin a chur san áireamh agus astaíochtaí gás ceaptha teasa ó earnáil na talmhaíochta a mhaolú.

3.14.

Ar deireadh, níor cheart ligean i ndearmad gur féidir astaíochtaí ó earnáil na talmhaíochta a laghdú trí chleachtais iomchuí nó teicneolaíochtaí nua agus gur gá tús áite a thabhairt d’úsáid mheasartha foinsí fuinnimh agus do laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa.

Réitigh bunaithe ar ghabháil, úsáid agus stóráil thionsclaíoch carbóin

3.15.

Moltar sa Teachtaireacht gur cheart, faoi 2028, gach tona CO2 arna ghabháil, arna iompar, arna úsáid agus arna stóráil ag tionscail a thuairisciú agus cuntas a thabhairt ina leith de réir a thionscnaimh iontaise, bhithghinigh nó atmaisféaraigh agus nach mór, ar a laghad, 20 % den charbón a úsáidtear i gceimiceáin agus i bplaistigh teacht ó fhoinsí inbhuanaithe neamhiontaise faoi 2030 agus gur cheart 5 milliún tona CO2 a bhaint as an atmaisféar in aghaidh na bliana agus a stóráil go buan trí threoirthionscadail faoi 2030.

3.16.

Ba cheart carbón iontaise a ionadú le sruthanna níos inbhuanaithe de charbón athchúrsáilte a fhaightear ó dhramhaíl, ó bhithmhais inbhuanaithe agus a fhaightear go díreach ón atmaisféar.

3.17.

Mínítear sa séú tuarascáil ó IPCC (9) gur gá 100-1 000 Gt CO2 a aistriú ón atmaisfeár faoi dheireadh an 21ú haois. D’fhéadfadh tionchar suntasach a bheith ag formhór na mbeart aistrithe carbóin atá ann faoi láthair ar thalamh, ar fhuinneamh, ar uisce nó ar chothaithigh dá n-úsáidfí ar mhórscála iad. Creideann CESE go bhfuil gá le rialachas éifeachtach chun iomaíocht maidir le húsáidí talún a sheachaint, rud a d’fhéadfadh tionchar suntasach a bheith aige ar an bhfeirmeoireacht agus ar chórais bia, ar an mbithéagsúlacht agus ar fheidhmeanna agus ar sheirbhísí eile éiceachórais.

3.18.

Tá teicneolaíochtaí éagsúla ann le haghaidh gabháil, úsáid agus stóráil thionsclaíoch carbóin (bithmhais a úsáid i bhfoirgnimh, BECCS, DACCS, gabháil agus úsáid carbóin nó CCU, etc.), ach baineann buntáistí agus míbhuntáistí le gach ceann díobh siúd. Ina cheann sin, tá CESE á thabhairt dá aire nach ann d’aon réiteach amháin ar leith ar an bhfadhb sin (10).

3.19.

Mar shampla, leis an teicneolaíocht BECCS baintear carbón ón atmaisféar agus, san am céanna, soláthraítear teas agus fuinneamh. Mar sin féin, ní mór na teorainneacha a bhaineann le hinbhuanaitheacht na bithmhaise a úsáidtear a chur san áireamh. Tá tionscadail a ghabhann carbóin díreach ón aer atá ar bun san Íoslainn agus in Albain costasach agus an-dian ar fhuinneamh i láthair na huaire.

3.20.

Is iad an talmhaíocht agus an fhoraoiseacht na príomhghníomhaithe sa bhithgheilleagar. Léirítear go soiléir le “geilleagar na fótaisintéise” cumas uathúil plandaí carbón neamhiontaise a tháirgeadh ó charbón an atmaisféir.

3.21.

Is gá costais na dteicneolaíochtaí sin a laghdú agus a áirithiú go ndéanfar carbón a stóráil agus a bhaint ar bhonn leanúnach a bhuí leo. Is féidir teicneolaíochtaí gabhála CO2 a bheith an-dian ar fhuinneamh. Ní mór na teicneolaíochtaí sin fuinneamh inathnuaite a úsáid, a bheith inbhuanaithe agus cosc a chur ar thionchair dhiúltacha ar an mbithéagsúlacht, ar éiceachórais agus ar infhaighteacht talún.

4.   Uirlisí chun ceapadh carbóin a fhorbairt san Eoraip

An tAontas Eorpach: an bhonnlíne a leagan síos do thalmhaíocht ísealcharbóin

4.1.

Luaitear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún go mbeadh sé thar a bheith fóinteach leas a bhaint as ionstraimí náisiúnta CBT (pleananna straitéiseacha náisiúnta nó NSPanna) agus na cuspóirí a leagtar amach i Rialachán LULUCF a bhaint amach. I bhfianaise na ndúshlán agus na gcuspóirí a bhaineann leis an Rialachán, is gá gach réiteach is féidir a chur in úsáid.

4.2.

Dá réir sin, le CBT, is féidir an bhonnlíne a leagan síos ar an leibhéal críochach iomchuí chun astaíochtaí a mhaolú, carbón a cheapadh agus an earnáil a oiriúnú, mar shampla, trí fhéarthailte buana nó bonneagar agrai-éiceolaíoch a chosaint. Le hathchóiriú 2023 ar CBT, beifear in ann dlús a chur leis an ngníomhú ar son na haeráide trí bhíthin éicea-chórais ós tharla go gcosnaítear an choinníollacht shóisialta leis.

4.3.

I bhfianaise na gcuspóirí iomadúla sin, áfach, creideann CESE nach mbeifear in ann na cuspóirí maidir le neodracht carbóin a bhaint amach trí CBT amháin. Ba cheart a leagan síos le CBT an creat beartais lena réiteofar an bealach don aistriú ísealcharbóin in earnáil na talmhaíochta chun níos lú astaíochtaí a scaoileadh agus níos mó carbóin a cheapadh. Dar le CESE, cé go bhféadfadh tacaíocht infheistíochta trí CBT a úsáid chun stóráil charbóin a chúiteamh mar sheirbhís éiceasheirbhíse agus mar thacaíocht ioncaim d’fheirmeoirí, níor cheart an stóráil carbóin a bheith ina coinníoll de CBT. Níos tábhachtaí fós, is é a mheas gur gá forbairt an mhargaidh charbóin a chur chun cinn tuilleadh.

Creidmheasanna carbóin: infheistíocht a bhfuil gá léi chun leas a bhaint as ithreacha talmhaíochta

4.4.

Is ann do réitigh maidir le hoiriúnú agus maolú in earnáil na talmhaíochta, ach bíonn costas agus rioscaí ag baint leo agus, ar uairibh, bíonn tionchar acu ar bhrabúsacht fhadtéarmach.

4.5.

Measann CESE gur gá luach saothair cóir a áirithiú d’fheirmeoirí agus d’oibrithe san earnáil talmhaíochta, maille le rochtain fhadtéarmach ar úinéireacht talún nó ar léasanna talún, sa chaoi go mbeidh siad in ann a bheith rannpháirteach san aistriú ísealcharbóin agus go n-éireoidh leo san aistriú sin.

4.6.

Measann CESE, ach na seachtrachtaí dearfacha a eascraíonn as cleachtais feirmeoireachta atá neamhdhíobhálach don aeráid a mheas, gur féidir luach a shannadh dóibh trí chonarthaí príobháideacha mar chuid de mhargadh deonach agus trí chreidmheasanna carbóin a eisiúint ar féidir iad a luacháil ar an margadh.

4.7.

Is gá comhoibriú ar bhonn níos mó le feirmeoirí chun creidmheasanna carbóin a eisiúint agus ní mór an comhthéacs idirnáisiúnta a chur san áireamh. Go deimhin, tá córais creidmheasanna carbóin cruthaithe ag tíortha eile cheana féin. In 2021, is é EUR 5,20 in aghaidh an tona an praghas a bhí ar lamháltais charbóin a eisíodh le déanaí sa tSín agus d’fhéadfadh EUR 20,5 in aghaidh an tona a bheith i gceist leo in 2030 (i gcomparáid leis an EUR 30 nó fiú EUR 40 in aghaidh an tona ar an meán atá beartaithe don cheapadh carbóin san Eoraip) (11).

4.8.

Dá bhrí sin, is gá a áirithiú go mbeidh na creidmheasanna carbóin Eorpacha sin tarraingteach i margadh iomaíoch, agus sláine comhshaoil a áirithiú san am céanna. Gan teacht a bheith aige ar uirlis eacnamaíoch agus pholaitiúil, beidh sé deacair ar an Aontas carbón ceaptha níos costasaí agus níos áitiúla a mhaoiniú agus a dhíol. Caithfear luach a shannadh do sheachtrachtaí dearfacha, amhail seachtrachtaí a bhaineann le lipéad ísealcharbóin na Fraince (12).

4.9.

Le lipéad ísealcharbóin na Fraince, tugtar luach saothair do charbón ceaptha agus d’astaíochtaí carbóin seachanta (astaíochtaí carbóin CO2, CH4 agus N2O arna sloinneadh mar choibhéisí carbóin), rud a thugann deis do gach feirmeoir a bheith páirteach in aistriú ísealcharbóin agrai-éiceolaíoch. A bhuí leis, cúitítear an t-aistriú chuig cleachtais a laghdaíonn go mór úsáid leasachán nítrigine mianraí le creidmheas carbóin deimhnithe. Tá an méid sin éifeachtach, ós rud é gur féidir leas a bhaint as an gcreidmheas chun gníomhaíochtaí lena maolaítear astaíochtaí N2O a chúiteamh chomh maith.

4.10.

Tá CESE den bharúil nach mór creidmheasanna carbóin a thabhairt mar chúiteamh ar sheirbhís arna soláthar, eadhon ceapadh charbóin an atmaisféar, ach nach mór dóibh freisin a bheith ina gcuid den aistriú ísealcharbóin in earnáil na talmhaíochta agus folláine na n-oibrithe, intuarthacht gairme agus dálaí oibre in earnáil na talmhaíochta a áirithiú.

4.11.

Tá CESE á mholadh, ar an ábhar sin, go n-infheisteofaí i gcreidmheasanna carbóin trí chóras trédhearcach iontaofa chun freastal ar riachtanais na hearnála maidir le ceapadh agus maolú astaíochtaí gás ceaptha teasa. Ní mór neartú ról na sochaí sibhialta agus na gcomhpháirtithe sóisialta a chur san áireamh, go háirithe maidir le measúnú a dhéanamh ar thionchar sóisialta creidmheasanna carbóin.

4.12.

Ós rud é nach bhfuil earnáil na talmhaíochta á cosaint go leordhóthanach leis na bearta coigeartaithe carbóin ar theorainneacha, tá CESE á mholadh go mbreithneofaí freisin táirgí allmhairithe agus go n-áiritheofaí go gcuirfeadh comhaontaithe trádála, idir chomhaontuithe nua agus chomhaontuithe atá ann cheana, iallach ar thíortha onnmhairithe a bheith tiomanta do thimthriallta carbóin inbhuanaithe.

Aistriú ísealcharbóin atá cóir ó thaobh na sochaí de

4.13.

Tá rabhadh á thabhairt ag CESE nach bhfuil sé d’acmhainn ag na Ballstáit agus na feirmeoirí uile infheistíocht a dhéanamh sa cheapadh carbóin agus tacú leis. Ina theannta sin, tá roinnt Ballstát thíos go mór leis an gcogadh san Úcráin, rud a chuirfidh isteach ar a gcumas tacú le hinfheistíochtaí i gceapadh carbóin amach anseo.

4.14.

Tá CESE á iarraidh go dtacófaí le cuideachtaí agus go dtabharfaí treoir dóibh agus oiliúint á cur ar a bhfostaithe acu chun é a chur ar chumas cuideachtaí aistriú chuig samhlacha nua ísealcharbóin na todhchaí. Ar an gcaoi sin, bheadh sé tábhachtach coinníollachtaí sóisialta a áireamh i státchabhair d’infheistíochtaí carbóin chun obair neamhchosanta, neamhbhuana a bhfuil pá íseal ag gabháil léi a sheachaint, i gcomhréir le coinbhinsiúin EIS. Ní mór rochtain ar an nuálaíocht agus aistriú dea-chleachtas a chur san áireamh freisin.

4.15.

Tá CESE á chur i bhfáth a riachtanaí atá sé oiliúint a chur ar fheirmeoirí agus oibrithe in earnáil na talmhaíochta agus tacaíocht a thabhairt dóibh.

An Bhruiséil, 19 Bealtaine 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Féach go háirithe Climate action in peatland through carbon farming faoin réimse suaitheanta Resilient rural areas (https://ec.europa.eu/info/strategy/priorities-2019-2024/new-push-european-democracy/long-term-vision-rural-areas_en).

(2)  An dara cuid den séú Tuarascáil Mheasúnachta ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC), arna foilsiú an 28 Feabhra 2022: https://www.ipcc.ch/report/sixth-assessment-report-cycle/

(3)  IO C 194, 12.5.2022, lch. 72.

(4)  IO C 517, 22.12.2021, lch. 38 (níl leagan Gaeilge ann).

(5)  COM(2021) 554 final.

(6)  Tuairim ó CESE Astaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht (LULUCF) a chur san áireamh (IO C 152, 6.4.2022, lch. 192).

(7)  Tuarascáil faisnéise ó CESE Buntáistí a bhaineann le feirmeoireacht fhairsing beostoic agus leasacháin orgánacha i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip.

(8)  Tuairim ó CESE Straitéis Ithreach nua an Aontais Eorpaigh (IO C 290, 29.7.2022, lch. 131).

(9)  https://www.ipcc.ch/report/sixth-assessment-report-working-group-ii/

(10)  Chun tuilleadh eolais a fháil ar an ábhar seo, féach tuairim féintionscnaimh CCMI/190 Ról na dteicneolaíochtaí bainte carbóin i ndícharbónú thionscail na hEorpa (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(11)  https://www.citepa.org/fr/2021_07_b05/

(12)  https://www.ecologie.gouv.fr/label-bas-carbone