18.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 275/95


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le loingsithe dramhaíola agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1257/2013 agus (AE) Uimh. 2020/1056

[COM(2021) 709 final – 2021/0367 (COD)]

(2022/C 275/15)

Rapóirtéir:

Anastasis YIAPANIS

Comhairliúchán

Parlaimint na hEorpa, 22/11/2021

An Chomhairle, 01/12/2021

Bunús dlí

Airteagal 192 agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

An rannóg atá freagrach

Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol

Dáta a glactha sa rannóg

9/2/2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

23/2/2022

Seisiún iomlánach Uimh.

567

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

160/2/0

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Is díol sásaimh do CESE an Togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán nua agus an Teachtaireacht a ghabhann leis. Measann sé gur príomhthosaíocht de chuid an Aontais é sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint. A mhéid is féidir go teicniúil, ba cheart dramhaíl a tháirgtear san Aontas a athchúrsáil laistigh den Aontas, ar bhealach atá fónta ó thaobh an chomhshaoil, an gheilleagair agus na sochaí de.

1.2.

Iarrann CESE ar na Ballstáit an córas idirmhalartaithe leictreonaigh sonraí (EDI) a ghlacadh a luaithe is féidir, teacht ar chomhaontú maidir le critéir chomhchuibhithe le haghaidh nósanna imeachta réamhthoilithe a ghlacadh, agus cumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh maidir le haicmiú comhchoiteann dramhaíola. Ba cheart cistí agus cúnamh teicniúil chun acmhainn oibríochtúil a mhéadú a chur ar fáil láithreach.

1.3.

Tá gá le haistriú i dtreo samhlacha nua gnó a thugann a chuid féin don phláinéid seachas a bheith ag tógáil uaidh. Ní mór dea-chosaint agus dea-fhaireachán a dhéanamh ar shláinte, ar shábháilteacht agus ar dhálaí oibre. Iarrann CESE go ndéanfaí infheistíochtaí in oiliúint d’oibrithe trí leithdháileadh sonrach faoi Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE+).

1.4.

Iarrann CESE go gcuirfí feabhas ar na deiseanna cistiúcháin chun saoráidí athchúrsála an Aontais a bhunú agus/nó a nuachóiriú agus chun teacht ar theicneolaíochtaí nuálacha chun dramhaíl a athúsáid agus a athchúrsáil. Trí bhorradh a chur faoin gcumas athchúrsála laistigh den Aontas, cuirfear leis an lorg carbóin agus comhshaoil a laghdú, agus tiocfaidh méadú ar an bhfostaíocht san earnáil sin.

1.5.

Creideann CESE gur cheart go gcumhdófaí go soiléir le modh ríofa comhchuibhithe le haghaidh ráthaíochtaí airgeadais na rioscaí go léir a eascraíonn as loingsithe dramhaíola, ach nár cheart dó ró-ualach a chur ar chuideachtaí, go háirithe FBManna.

1.6.

Is díol sásaimh do CESE an togra ón gCoimisiún le haghaidh iniúchtaí tríú páirtí faoi stiúir iniúchóir atá bunaithe san Aontas nó atá údaraithe ag comhlachtaí de chuid an Aontais faoina dtugtar fógra, agus a bhfuil cáilíocht ábhartha aige, ar leibhéal na saoráide agus na tíre. Measann sé gur cheart na comhpháirtithe sóisialta agus na heagraíochtaí neamhrialtasacha ábhartha feidhmiú mar bhreathnóirí na nósanna imeachta. Ba cheart sásra faireacháin, gearáin agus smachtbhannaí a threisiú.

1.7.

Iarrann CESE go mbeadh idirthréimhse dhá bhliain ar a mhéad ann tar éis an Rialachán a ghlacadh. Ina theannta sin, ba cheart an teorainn ama atá ag na húdaráis inniúla idirthurais chun agóidí bailí a dhéanamh i dtaca le loingsiú atá beartaithe lena hathghabháil, a laghdú go 10 lá. Níor cheart a bheith in ann agóid a dhéanamh i gcoinne an loingsithe chéanna ach aon uair amháin.

1.8.

Iarrann an Coiste go leathnófaí córas EDI chuig gach loingsiú dramhaíola atá ceaptha lena n-onnmhairiú, lena n-allmhairiú agus lena n-idirthuras. Ba cheart an córas a bheith ag feidhmiú a luaithe is féidir, fiú roimh an sprioc-am de dhá bhliain a mhol an Coimisiún Eorpach. Dá bhrí sin, tá gá le hacmhainní leordhóthanacha daonna agus teicniúla.

1.9.

Measann CESE go ndéanann onnmhairí dramhaíola in-athchúrsáilte ar ardcháilíocht, agus go háirithe onnmhairí dramhaíola a bhfuil cion ard amhábhar criticiúil iontu, dochar d’inbhuanaitheacht an Aontais agus go mbaintear an bonn dá iomaíochas domhanda. Tá gá le hinfheistíocht a dhéanamh i mbonneagar bainistithe dramhaíola, go háirithe sna tíortha ina gcuirtear tús le nósanna imeachta um shárú. Ba cheart measúnú bonnlíne a dhéanamh ar an méid dramhaíola a onnmhairítear chun athruithe i loingsiú dramhaíola a bhrath. Ar an gcaoi sin, beifear in ann an tAontas a chosaint agus tacú lena spriocanna a bhaint amach, spriocanna a ndéantar cur síos orthu sa Chomhaontú Glas don Eoraip agus sa Phlean Gníomhaíochta um an nGeilleagar Ciorclach.

1.10.

Ba cheart do gach ball den Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) agus na tíortha nach baill de ECFE iad na critéir dhiana chéanna a chomhlíonadh maidir le gealltanais chomhshaoil agus atá leagtha síos san Aontas. Ba cheart cruthúnas ar fhianaise a chur ar fáil go bhfuil a gcuid dramhaíola tí féin á bainistiú cheana féin ag na tíortha glactha uile ar bhealach atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de, cosúil le caighdeáin an Aontais agus i gcomhréir le croíchoinbhinsiúin agus caighdeáin saothair na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair.

1.11.

Tacaíonn CESE le forfheidhmiú na nósanna imeachta cigireachta agus imscrúdaithe agus iarrann sé go mbeadh comhar iomlán ann idir na Ballstáit an tAontas, chomh maith le córas pionóis comhchuibhithe atá éifeachtach agus comhréireach leis an sárú. Ba cheart sonraí neamhrúnda a chur ar fáil go poiblí do na páirtithe leasmhara go léir, lena n-áirítear comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí neamhrialtasacha, bardais agus saoránaigh.

1.12.

Ní mór cuideachtaí monaraíochta a dhreasú chun a dtáirgí a dhearadh sa chaoi is go mbeidh siad oiriúnach lena n-athúsáid agus lena n-athchúrsáil. Tá gá le straitéisí náisiúnta agus Eorpacha a bhfuil na comhpháirtithe sóisialta, ionadaithe FBManna agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta rannpháirteach iontu, agus ní mór iad a chur chun cinn trí ardáin chomhoibríocha. Is sárshampla é Ardán Eorpach Gheallsealbhóirí an Gheilleagair Chiorclaigh (1) i ndáil leis sin.

1.13.

Iarrann CESE ar an gCoimisiún Eorpach measúnú a dhéanamh ar Fhaireachlann Mhargaidh a bhunú d’amhábhair thánaisteacha, a mbeidh ról comhairleach ag an gCoimisiún Eorpach inti. D’fhéadfadh an Fhaireachlann sin beartais forbartha earnála a anailísiú agus a mholadh mar aon le bealaí chun deireadh a chur leis na scrogaill atá ann cheana, agus amhábhair thánaisteacha luachmhara a choinneáil laistigh den Aontas.

1.14.

Ar deireadh, iarrann CESE go ndéanfaí measúnú tionchair críochnúil ar chur chun feidhme an Rialacháin cúig bliana tar éis dó teacht i bhfeidhm.

2.   Réamhrá agus Barúlacha Ginearálta

2.1.

Táthar ag súil go dtiocfaidh méadú faoi dhó ar thomhaltas na n-ábhar seo a leanas faoi 2060 (2): miotail, mianraí, bithmhais agus breoslaí iontaise. Fágfaidh sé sin, ar ndóigh, go dtiocfaidh méadú 70 % ar ghiniúint bhliantúil dramhaíola faoi 2050 (3). Is iad tíortha ardioncaim na honnmhaireoirí dramhaíola is mó ar domhan, agus is iad tíortha i mbéal forbartha na hallmhaireoirí is mó (4).

2.2.

Caitheann cuideachtaí monaraíochta thart ar 40 % den chostas iomlán táirgthe ar amhábhair. Sa lá atá inniu ann, ní thagann ach 12 % d’acmhainní ábhartha a úsáidtear i dtionscal an Aontais ó tháirgí athchúrsáilte agus ó ábhair aisghabháilte (5). Is é an bac is mó ar úsáid na n-amhábhar tánaisteach a bpraghas ard, i gcomparáid le hógh-amhábhair.

2.3.

An 17 Samhain 2021, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach an Togra le haghaidh Rialachán maidir le Loingsiú Dramhaíola agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1257/2013 (6) agus (AE) 2020/1056 (7) (Rialachán). Gabhfaidh sé ionad an Rialacháin maidir le loingsiú dramhaíola (CE) Uimh. 1013/2006 (8) a glacadh 15 bliana ó shin, i bhfianaise gur iarr Parlaimint na hEorpa (9) agus Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (10) go ndéanfaí athbhreithniú air. Cuirfidh sé leis na huaillmhianta a fógraíodh sa Chomhaontú Glas don Eoraip (11) agus sa Phlean Gníomhaíochta um an nGeilleagar Ciorclach (12).

2.4.

Mar gheall ar an méadú atá ag teacht ar chainníochtaí dramhaíola agus ar an bhforbairt eacnamaíoch, tá méadú tagtha ar onnmhairí dramhaíola ón Aontas chuig tríú tíortha, rud a fhágann go bhfuil roinnt éifeachtaí diúltacha ar chomhshaoil agus ar shláinte sna tíortha cinn scríbe. Tá sé i gceist leis an Rialachán nósanna imeachta a dhéanamh níos éasca agus níos tapúla do loingsithe laistigh den Aontas lena hathúsáid agus lena hathchúrsáil. Tugtar isteach leis roinnt rialacha soiléire maidir le honnmhairí, allmhairí agus idirthuras dramhaíola agus cuirtear i bhfeidhm leis creat reatha an Aontais chun gníomh a dhéanamh i gcoinne loingsithe neamhdhleathacha.

2.5.

Is díol sásaimh do CESE an Togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán nua agus an Teachtaireacht a ghabhann leis. Measann sé gur príomhthosaíocht de chuid an Aontais é sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint. Mar cheannródaí an chomhraic i gcoinne an athraithe aeráide, ba cheart don Aontas a bheith in ann dul i ngleic leis an dramhaíl a tháirgtear ina chríoch, seachas í a onnmhairiú chuig tíortha eile. Tá gá le haistriú i dtreo samhlacha nua gnó a thugann a chuid féin don phláinéid seachas a bheith ag tógáil uaidh, agus é sin a chomhlánú le hiompar inbhuanaithe na ngeallsealbhóirí uile lena mbaineann. Ba cheart tús áite a thabhairt i gcónaí d’infheistíocht i mbonneagair bainistithe dramhaíola atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, go háirithe sna tíortha ina gcuirtear tús le nósanna imeachta um shárú.

2.6.

Ó thaobh an gheilleagair de, is féidir luach tábhachtach a bheith ag dramhaíl i ndáil le haisghabháil amhábhar tánaisteach, rud a rannchuidíonn le geilleagar ciorclach an Aontais, an spleáchas ar amhábhair phríomha áirithe a laghdú, agus an tomhaltas fuinnimh is gá chun príomh-amhábhair a tháirgeadh san Eoraip agus astaíochtaí CO2 a laghdú ag an am céanna. Ina theannta sin, measann CESE go ndéanann onnmhairí dramhaíola in-athchúrsáilte ar ardcháilíocht, agus go háirithe onnmhairí dramhaíola a bhfuil cion ard amhábhar criticiúil iontu, dochar d’inbhuanaitheacht an Aontais agus go mbaintear an bonn dá iomaíochas domhanda trí acmhainní luachmhara a chur ar fáil d’iomaitheoirí seachtracha.

3.   Loingsithe dramhaíola laistigh den Aontas

3.1.

Léirigh an comhairliúchán leis na geallsealbhóirí a rinne an Coimisiún go bhfuil gá leis na nithe seo a leanas:

digitiú ar na nósanna imeachta um fhógra a thabhairt;

feidhmiú níos fearr na nósanna imeachta meara;

rialacha comhchoiteanna a leagan síos chun cinneadh a dhéanamh maidir le haicmiú dramhaíola agus ríomh na ráthaíochtaí airgeadais;

ailíniú níos fearr le prionsabal na gaireachta agus le hord na réiteach dramhaíola.

3.2.

Mar thoradh ar chur chun feidhme ilroinnte Rialachán 2006 ar fud an Aontais, tá nósanna imeachta fada ann maidir le loingsithe dramhaíola laistigh den Aontas agus rómhaorlathas leanúnach. Is cúis é sin le moilleanna agus caillteanais airgeadais d’oibreoirí eacnamaíocha, a dhíspreagtar ó dhramhaíl a loingsiú le haghaidh aisghabháil ábhair laistigh den Aontas.

3.3.

Measann CESE, nuair is féidir sin go teicniúil, gur cheart dramhaíl a tháirgtear san Aontas a athchúrsáil laistigh den Aontas, ar bhealach atá fónta ó thaobh an chomhshaoil, an gheilleagair agus na sochaí de, agus caighdeáin chomhshaoil, sláinte agus sábháilteachta á n-urramú i gcónaí. Mar thoradh ar líon níos mó nósanna imeachta dramhaíola a sheoltar go hinmheánach agus nósanna imeachta níos tapúla, cuirfear feabhas ar an ngeilleagar ciorclach san Aontas, cuirfear le hiomaíochas agus neamhspleáchas straitéiseach an Aontais agus cruthófar bonn do phoist nua.

3.4.

Tá sé ríthábhachtach borradh a chur faoin gcumas athchúrsála laistigh den Aontas, rud a chuirfidh leis an lorg carbóin agus comhshaoil a laghdú. D’fhéadfadh méadú teacht ar an bhfostaíocht san earnáil sin freisin; léiríonn na figiúirí a thug an Coimisiún Eorpach go gcruthófar idir 9 000 agus 23 000 post nua in earnáil na hathúsáide agus na hathchúrsála, rud a bhfuil gealladh faoi, agus d’fhéadfadh níos mó post a chruthú más rud é go gcuirfear borradh faoin gcumas athchúrsála mar is gá.

3.5.

Measann an Coiste go bhfuil sé go hiomlán doghlactha go bhfuil roinnt Ballstát fós ag brath ar nósanna imeachta páipéarbhunaithe agus go mbíonn léirmhínithe difriúla uaireanta ar na nósanna imeachta forfheidhmiúcháin ag réigiúin laistigh de Bhallstát amháin. Dá bhrí sin, iarrann CESE ar na Ballstáit na réitigh dhigiteacha a mhol an Coimisiún Eorpach a ghlacadh chomh luath agus is féidir agus aistriú rianúil chuig creat Eorpach atá comhchuibhithe agus trédhearcach a áirithiú, teacht ar chomhaontú maidir le critéir chomhchuibhithe do nósanna imeachta réamhthoilithe a ghlacadh agus cumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh d’aicmiú comhchoiteann dramhaíola. Ba cheart cistí agus cúnamh teicniúil chun acmhainn oibríochtúil a mhéadú a chur ar fáil láithreach.

3.6.

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an modh ríofa a chomhchuibhiú le haghaidh ráthaíochtaí airgeadais na loingsithe dramhaíola. Is díol sásaimh do CESE go mbeidh breis intuarthachta ann do ghnólachtaí mar thoradh air sin, ach iarrann sé go ndéanfaí na méideanna sin a ríomh go comhréireach ar bhealach nach gcuirfeadh ualach breise ar oibreoirí eacnamaíocha. Creideann CESE gur cheart go gcumhdófaí go soiléir le modh ríofa comhchuibhithe le haghaidh ráthaíochtaí airgeadais na rioscaí go léir a eascraíonn as loingsithe dramhaíola, ach nár cheart dó ró-ualach a chur ar chuideachtaí, go háirithe ós rud é go nglacann roinnt mhaith FBManna páirt ann agus nach bhfuil ach leachtacht theoranta ar fáil dóibh.

3.7.

Ar deireadh, iarrann CESE ar an Aontas agus ar na Ballstáit feabhas a chur ar na deiseanna cistiúcháin chun saoráidí athchúrsála an Aontais a bhunú agus/nó a nuachóiriú agus chun teacht ar theicneolaíochtaí nuálacha chun dramhaíl a athúsáid agus a athchúrsáil. Ní mór margaí deiridh d’amhábhar athchúrsáilte a fhorbairt gan mhoill chun margadh amhábhar tánaisteach lánfheidhmiúil a chruthú, lena ndéantar amhábhar nua atá le táirgeadh as táirgí a bhfuil a ré caite. Ní mór don Aontas infhaighteacht agus cáilíocht ábhar athchúrsáilte a mhéadú, ag díriú ar an gcumas atá ag ábhar a airíonna bunúsacha a choinneáil i ndiaidh a athchúrsála, agus ar a chumas amhábhair phríomhúla a ionadú i bhfeidhmeanna amach anseo. Mar thoradh air sin, tiocfaidh méadú ar an gcumas próiseála laistigh den Aontas, ar phoist nua ardcháilíochta agus ghlasa, agus ar an deis an cineál amhábhar a ghineann dramhaíl gan luach, a dhíothú nó a ionadú san fhadtéarma.

4.   Onnmhairí, allmhairí agus loingsithe dramhaíola idirthurais

4.1.

Le 17 mbliana anuas, tá méadú 75 % tagtha ar an méid dramhaíola a onnmhairítear chuig tríú tíortha go tuairim is 33 mhilliún tona in aghaidh na bliana (13), agus is minic nach ndéantar mórán machnaimh ar an gcaoi a bhfeidhmíonn na saoráidí ceann scríbe agus ar an gcaoi a gcaitear le dramhaíl. Allmhairítear 16 mhilliún tona de dhramhaíl in aghaidh na bliana san Aontas, agus déantar 70 milliún tona de dhramhaíl a thrádáil laistigh den Aontas.

4.2.

Tá an tAontas ina bhall de bhreis agus 80 comhaontú saorthrádála (CSTanna), agus tá tuairim is 40 comhaontú ar feitheamh nó faoi chaibidil. Measann CESE go bhfuil sé thar a bheith míchuí nach luaitear go sainráite an geilleagar ciorclach (14) ach i ndá cheann acu. Iarrann sé go ndíreofaí níos mó ar na caibidlí maidir le forbairt inbhuanaithe a neartú sna comhaontuithe saorthrádála uile atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo agus go n-áiritheofaí go gcuirfear chun feidhme go héifeachtach iad.

4.3.

Leis na srianta maidir le dramhaíl phlaisteach a thrádáil a d’fhorchuir an tSín, an India, an Téalainn, Vítneam agus an Mhalaeisia le déanaí, tugadh chun solais róspleáchas an Aontais ar chóireáil dramhaíola coigríche. Níl an spleáchas sin ar onnmhairí dramhaíola inghlactha agus fágann sé go bhfuil geilleagar an Aontais leochaileach i gcás ina gcuirtear isteach ar shlabhraí soláthair.

4.4.

Ba cheart d’onnmhairiú dramhaíola rialacha iomlána trédhearcachta a urramú agus faisnéis a chur ar fáil go poiblí maidir leis na caighdeáin bhainistíochta sa tír chinn scríbe atá slán ó thaobh an chomhshaoil de. Is díol sásaimh do CESE an togra ón gCoimisiún le haghaidh iniúchtaí tríú páirtí ar shaoráidí dramhaíola seachtracha agus measann sé gur cheart forálacha mionsonraithe maidir leis an lorg comhshaoil agus na dálaí oibre a áireamh iontu. Maidir le hearraí a sheoltar lena n-athúsáid, ba cheart an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as a choimeád agus ba cheart na táillí maidir le freagracht leathnaithe táirgeora a bheith de réir an táirge, toisc gur íoc tomhaltóirí iad chun céim na dramhaíola a chumhdach, go neamhspleách ar an áit ina dtarlaíonn sí. Ina theannta sin, ba cheart na comhpháirtithe sóisialta agus na heagraíochtaí neamhrialtasacha ábhartha a bheith mar chuid de na nósanna imeachta iniúchóireachta agus ní mór bonneagair sonraí oscailte a mhaoiniú agus a chur ar fáil. Ba cheart sásraí gearáin a threisiú d’eagraíochtaí neamhrialtasacha agus do gheallsealbhóirí ábhartha eile.

4.5.

Molann CESE go ndéanfadh iniúchóir atá bunaithe san Aontas (údaraithe ag comhlachtaí de chuid an Aontais faoina dtugtar fógra agus a bhfuil cáilíocht ábhartha aige) nósanna imeachta iniúchóireachta a thabhairt chun críche ar leibhéal na saoráide agus na tíre chun a áirithiú go gcomhlíonfar caighdeáin maidir le sláinte an duine agus leis an gcomhshaol, agus caighdeáin shóisialta an Aontais laistigh den tír chinn scríbe. Ní mór cur síos a dhéanamh ar nósanna imeachta iniúchóireachta níos mionsonraithe, chomh maith le critéir maidir le faireachán, gearáin agus smachtbhannaí. Is gá freisin cur síos a dhéanamh ar ionchuir (bunaithe ar mhéid agus rioscaí) ar féidir leo iniúchtaí a spreagadh.

4.6.

Molann CESE do FBManna nósanna imeachta iniúchóireachta a dhéanamh le haghaidh saoráidí i dtríú tíortha trí eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí (PRO), mar gur cheart go laghdódh sé sin an t-ualach airgeadais ar oibríochtaí den sórt sin. Ní mór dea-chosaint agus dea-fhaireachán a dhéanamh ar shláinte, ar shábháilteacht agus ar dhálaí oibre. Ba cheart infheistíochtaí a dhéanamh in oiliúint agus i bhfios gnó na n-oibrithe a chumhdach le leithdháileadh sonrach faoi CSE+.

4.7.

Aithníonn CESE go dteastaíonn roinnt ama ó na húdaráis agus ó na hoibreoirí eacnamaíocha chun dul i dtaithí ar na rialacha nua a chur i bhfeidhm agus chun iad a chomhlíonadh. Measann CESE, áfach, nach bhfuil an sprioc-am de thrí bliana atá beartaithe tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin uaillmhianach go leor agus iarrann sé go mbeadh idirthréimhse dhá bhliain ar a mhéad ann.

4.8.

Tá teorainn ama 30 lá molta ag an gCoimisiún Eorpach do na húdaráis inniúla idirthurais chun agóidí bailí a dhéanamh i dtaca le loingsiú atá beartaithe lena hathghabháil. Measann CESE gur cheart an sprioc-am a laghdú go 10 lá d’fhonn inoibritheacht a áirithiú agus moilleanna neamhriachtanacha a sheachaint. Ina theannta sin, iarrann CESE go gcuirfí srian soiléir ar na húdaráis sin chun cosc a chur orthu agóid a dhéanamh i gcoinne an loingsithe chéanna níos mó ná uair amháin.

4.9.

Iarrann an Coiste go leathnófaí córas EDI chuig gach loingsiú dramhaíola atá ceaptha lena n-onnmhairiú, lena n-allmhairiú agus lena n-idirthuras. Is é sin an t-aon bhealach amháin chun inrianaitheacht agus trédhearcacht na bpróiseas sin a áirithiú, sa chaoi is go gcloífidh siad leis na rialacha céanna agus a leanann siad maidir le loingsithe inmheánacha. Ní mór don Choimisiún agus do na Ballstáit gach iarracht a dhéanamh chun an córas sin a chur i bhfeidhm a luaithe is féidir, fiú roimh an sprioc-am de dhá bhliain atá beartaithe. Chuige sin, iarrann CESE go mbeadh acmhainní leordhóthanacha daonna agus teicniúla ar fáil.

4.10.

Tá an fhíric go bhféadfadh sé go mbeadh díolúine ag tíortha cinn scríbe áirithe ó léiriú a thabhairt ar an méid a chomhlíonann siad príomhchoinníollacha sláinte daonna agus comhshaoil, toisc gur baill de ECFE iad, in aghaidh mheon an athchóirithe agus d’fhéadfaí an bonn a bhaint den chóras ina iomláine. Ar mhaithe le honnmhairiú dramhaíola, iarrann CESE go gcomhlíonfadh tíortha ECFE agus tíortha nach cuid de ECFE iad na critéir dhiana chéanna maidir le gealltanais chomhshaoil atá leagtha síos san Aontas. Ina theannta sin, iarrann CESE go gcuirfí cruthúnas ar fhianaise ar fáil go bhfuil a gcuid dramhaíola tí féin á bainistiú cheana féin ag na tíortha glactha uile ar bhealach atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de, cosúil le caighdeáin an Aontais agus i gcomhréir le croíchoinbhinsiúin agus caighdeáin saothair na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair.

5.   Gáinneáil neamhdhleathach ar dhramhaíl

5.1.

Tá méadú tagtha ar ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha loingsithe dramhaíola ós rud é gur tugadh isteach nósanna imeachta forfheidhmithe éagsúla ar fud na mBallstát de bharr Rialachán 2006. Is deacair na figiúirí a chainníochtú ach creidtear go bhfuil 30 % de na loingsithe dramhaíola ar fad san Eoraip aindleathach agus gur fiú thart ar EUR 9,5 billiún iad in aghaidh na bliana (15).

5.2.

Léirigh an comhairliúchán leis na geallsealbhóirí go bhfuil tacaíocht láidir ann do neartú na nósanna imeachta chun loingsiú neamhdhleathach dramhaíola a chomhrac. Tá gá le rialú neartaithe ar onnmhairí agus allmhairí dramhaíola agus ar dhramhaíl ar idirthuras chun an choireacht chomhshaoil a chomhrac agus chun an gháinneáil neamhdhleathach a chomhrac. Is díol sásaimh do CESE forfheidhmiú na nósanna imeachta cigireachta agus imscrúdaithe agus tacaíonn sé leo. Iarrann sé go mbeadh comhar iomlán idir na Ballstáit agus an tAontas, i gcomhréir le Straitéis an Aontais chun dul i ngleic leis an gCoireacht Eagraithe 2021-2025 (16). Is féidir easnamh acmhainní daonna i roinnt Ballstát agus creat comhoibrithe níos éifeachtaí a áirithiú le rannpháirtíocht OLAF.

5.3.

Tá gáinneáil ar dhramhaíl fós ar cheann de na coireanna comhshaoil is tromchúisí agus meastar gur gníomhaíocht ardbhrabúsach í a mbaineann riosca íseal léi, agus tá iarmhairtí tromchúiseacha aici ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol. Tá sé tugtha dá haire ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa go bhfuil líon na gcásanna neamhdhleathacha gáinneála ar dhramhaíl a bhraitear fós íseal agus go bhfuil an ráta ionchúisimh faoi bhun cineálacha eile coireachta, agus nach bhfuil na smachtbhannaí a chuirtear i bhfeidhm comhréireach ná athchomhairleach (17). Is é is cúis leis sin, den chuid is mó, go bhfuil na slabhraí loingsithe dramhaíola an-chasta agus go bhfuil sé deacair a chruthú go raibh na daoine a bhí páirteach sa ghníomhaíocht neamhdhleathach ar an eolas faoi neamhdhleathacht na gníomhaíochta, go háirithe ós rud é gur féidir athrú teacht ar úinéir na dramhaíola agus ar an tír ina bhfuil sí sula ndéanfar í a dhiúscairt go neamhdhleathach.

5.4.

Beidh sé de chumas ag geallsealbhóirí tionsclaíocha agus ag eagraíochtaí neamhrialtasacha loingsithe neamhdhleathacha dramhaíola a d’fhéadfadh a bheith ann a leanúint agus tuairisc a thabhairt orthu, nuair a bheidh rochtain acu ar shonraí. Dá bhrí sin, iarrann CESE go gcuirfí sonraí neamhrúnda ar fáil do na páirtithe leasmhara go léir, lena n-áirítear comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí neamhrialtasacha, bardais agus saoránaigh. Creideann CESE go mbeidh rialú feabhsaithe agus laghdú ar loingsithe neamhdhleathacha dramhaíola mar thoradh ar bhailiú cuimsitheach sonraí agus ar thrédhearcacht fheabhsaithe.

5.5.

Measann sé, áfach, gur cheart idirdhealú soiléir a dhéanamh idir na gáinneálaithe neamhdhleathacha sainaitheanta agus na hoibreoirí a fuarthas ciontach in earráid dhaonna i ndáil le doiciméadacht, go háirithe maidir le hIarscríbhinn VII (18), agus mar a tharla roimhe seo. Iarrann CESE go mbeadh córas pionóis comhchuibhithe ann atá éifeachtach agus comhréireach leis an sárú.

6.   Focal scoir

6.1.

Ba cheart go mbeadh sé soiléir anois go bhfuil an iomarca dramhaíola á tháirgeadh againn agus nach bhfuil acmhainní nádúrtha nua leordhóthanacha againn. Iarrann CESE go mbeadh creat rialála ann lena ndreasaítear úsáid ábhar athchúrsáilte, rud a chuirfidh le hastaíochtaí carbóin a laghdú agus a chuirfidh cosc ar dhramhaíl luachmhar a dhiúscair i láithreáin líonta talún. Tá an úsáid is féidir a bhaint as dramhaíl mar acmhainn i gcroílár an Phlean Gníomhaíochta um an nGeilleagar Ciorclach agus tá sé curtha in iúl cheana féin ag CESE nach mór don Aontas spriocanna níos uaillmhianaí a leagan síos dó féin chun an fhorbairt eacnamaíoch a dhíchúpláil ó ídiú acmhainní nádúrtha agus tionchair ar an gcomhshaol (19).

6.2.

I gcomhréir le prionsabail an gheilleagair chiorclaigh, iarrann CESE go ndéanfaí tograí reachtacha chun cuideachtaí monaraíochta a dhreasú a dtáirgí a dhearadh sa chaoi is go mbeidh siad oiriúnach don athúsáid agus don athchúrsáil agus go nglacfaidh siad le samhlacha gnó ciorclacha a fhorbairt. Ní mór go mbeadh na páirtithe sóisialta, ionadaithe FBManna agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta rannpháirteach i ndearadh straitéisí agus creataí reachtacha Eorpacha agus náisiúnta a dhreasaíonn an t-aistriú sin, agus a théann i ngleic le dífheidhmeacht anabaí na dtáirgí. Ciallaíonn aistriú chuig geilleagar ciorclach, ar thaobh amháin, luach na dtáirgí sa gheilleagar a choinneáil ar feadh tréimhse níos faide agus, ar an taobh eile, úsáid amhábhar tánaisteach a mhéadú. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach rochtain ar réitigh nuálacha a éascú chun amhábhair thánaisteacha a dhéanamh de dhramhaíl agus ní mór é sin a chur chun cinn trí ardáin ar líne (amhail Ardán Eorpach Gheallsealbhóirí an Gheilleagair Chiorclaigh) agus trí dhea-chleachtais a roinnt.

6.3.

Measann CESE gur gá EDI a thabhairt isteach agus go dtagann sé le Straitéis Dhigiteach an Aontais Eorpaigh (20). Iarrann sé go gcuirfí chun feidhme go pras é, toisc gur féidir leis caillteanais eacnamaíocha a laghdú do chuideachtaí agus nósanna imeachta níos gasta agus faireachán ar ardchaighdeán a áirithiú. Creideann CESE freisin go gcuirfear leis an gcóras leictreonach sin feabhas ar an trédhearcacht, go méadófar an éifeachtúlacht, go n-áiritheofar inrianaitheacht sonraí níos fearr, go gcuirfear creat ar fáil le haghaidh dlúthchomhar idir na Ballstáit agus go spreagfar forbairt margaí láidre dramhaíola. Ina theannta sin, molann sé úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí nua-aimseartha chun faireachán a dhéanamh ar iompar (idirlíon na rudaí nithiúla agus satailítí) agus as teicneolaíocht bhlocshlabhra chun críocha slándála sonraí.

6.4.

Ní mór idirdhealú soiléir a dhéanamh idir loingsithe dramhaíola lena hathúsáid agus lena hathchúrsáil agus loingsithe a mbeidh próisis eile i gceist leo nach mbaineann leis an aisghabháil, amhail loscadh. Tá sé fíor-riachtanach go mbeadh na huirlisí iomchuí agus critéir shoiléire ann ón tús chun cosc a chur ar loingsithe dramhaíola ar chúiseanna bréige.

6.5.

Iarrann CESE ar an gCoimisiún Eorpach measúnú a dhéanamh ar Fhaireachlann Mhargaidh a bhunú d’amhábhair thánaisteacha. D’fhéadfadh an Fhaireachlann sin beartais forbartha earnála a anailísiú agus a mholadh mar aon le bealaí chun deireadh a chur leis na scrogaill atá ann cheana. Ba cheart do na geallsealbhóirí Eorpacha ábhartha uile a bheith rannpháirteach san Fhaireachlann agus ról comhairleach a bheith ag an gCoimisiún Eorpach inti.

6.6.

Ar deireadh, molann CESE don Choimisiún measúnú tionchair críochnúil a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin cúig bliana tar éis dó teacht i bhfeidhm.

An Bhruiséil, 23 Feabhra 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  https://circulareconomy.europa.eu/platform/en

(2)  OECD (2018), Global Material Resources Outlook to 2060 [Ionchas Acmhainní Ábhair Domhanda go dtí 2060].

(3)  World Bank: A Global Snapshot of Solid Waste Management to 2050.

(4)  An Institiúid um Beartas Comhshaoil Eorpach EU circular economy and trade [Geilleagar ciorclach agus trádáil an Aontais].

(5)  Eurostat – Geilleagar Ciorclach san Aontas Eorpach.

(6)  IO L 330, 10.12.2013, lch. 1.

(7)  IO L 249, 31.7.2020, lch. 33.

(8)  IO L 190, 12.7.2006, lch. 1.

(9)  Parlaimint na hEorpa: an Rialachán maidir le Loingsiú Dramhaíola – Athbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 maidir le loingsithe dramhaíola.

(10)  Tuairim ó CESE Athléimneacht Amhábhar Criticiúil,IO C 220, 9.6.2021, lch. 118.

(11)  COM/2019/640 final.

(12)  COM/2020/98 final.

(13)  Teachtaireacht Our waste, our responsibility [Ár ndramhaíl, ár bhfreagracht].

(14)  Na comhaontuithe saorthrádála le Meicsiceo agus leis an Nua-Shéalainn.

(15)  Questions and Answers on new EU rules on waste shipments [Ceisteanna agus Freagraí faoi rialacha nua an Aontais maidir le loingsithe dramhaíola].

(16)  EU Strategy to tackle Organised Crime 2021-2025 [Straitéis an Aontais chun dul i ngleic leis an gCoireacht Eagraithe 2021-2025].

(17)  Athbhreithniú Uimh. 4/2020 EU action to tackle the issue of plastic waste [Gníomhaíocht an Aontais chun dul i ngleic leis an tsaincheist maidir le dramhaíl phlaisteach].

(18)  Iarscríbhinn VII – Faisnéis a ghabhann le loingsithe dramhaíola.

(19)  Tuairim CESE maidir le Cur chun Feidhme Reachtaíocht Chomhshaoil an Aontais i Réimsí na Cáilíochta Aeir, an Uisce agus na Dramhaíola, IO C 110, 22.3.2019 (níl leagan Gaeilge ann).

(20)  Straitéis Dhigiteach na hEorpa – Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú.