|
18.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 275/30 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún European Missions [Na misin Eorpacha]
[COM(2021) 609 final] (níl leagan Gaeilge ann)
(2022/C 275/05)
|
Rapóirtéir: |
Paul RÜBIG |
|
Comhrapóirtéir: |
Małgorzata Anna BOGUSZ |
|
Comhairliúchán |
An Coimisiún Eorpach, 1.12.2021 |
|
Bunús dlí |
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
|
Rannóg atá freagrach |
An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
3.2.2022 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
23.2.2022 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
567 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
214/1/3 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Cé go bhfuil CESE den tuairim gur mórthosaíochtaí de chuid an Aontais iad na cúig mhisean a bhfuil tuairisc tugtha orthu sa teachtaireacht, síleann sé freisin go bhfuil na cúig dhúshlán agus cuspóir a leanas an-tábhachtach don Eoraip. |
Misin agus bearta a fhorbairt agus a shaothrú chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
1. |
coinneáil bord ar bhord le SAM agus leis an Áise san iomaíocht dhomhanda i réimsí an taighde, na teicneolaíochta agus na nuálaíochta; |
|
2. |
aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le sochaí Eorpach atá ag dul in aois; |
|
3. |
straitéisí a shainiú maidir leis an líon mór imirceach a thagann isteach san Aontas a lánpháirtiú go seoigh; |
|
4. |
an ullmhacht i gcomhair éigeandálaí a fheabhsú; |
|
5. |
déileáil le riachtanais na n-othar sin a bhfuil galair neamhtheagmhálacha orthu agus a bhfuil tionchar ag paindéim COVID-19 orthu, go háirithe iad siúd a bhfuil galar cardashoithíoch orthu. |
|
1.2. |
Seo na cúig mhisean tosaíochta a luaitear sa teachtaireacht agus a dhéantar a chíoradh:
|
|
1.3. |
Tacaíonn CESE go láidir leis an smaoineamh gur cheart cabhrú le 150 réigiún ar fud na hEorpa a bheith ina dtagarmharc do réigiúin eile maidir leis an aeráid. Teastóidh buiséad ollmhór sa taighde agus san fhorbairt (T&F) chun é sin a bhaint amach, áfach. Molann CESE go láidir, dá bhrí sin, an sciar de bhuiséid réigiúnacha an Aontais atá curtha in áirithe do T&F a mhéadú ón 5 % atá ann faoi láthair go dtí 10 % ar a laghad. |
|
1.4. |
Is díol sásaimh do CESE go bhfuil an troid i gcoinne na hailse ar cheann de na saincheisteanna sláinte is tábhachtaí a bhfuil an tAontas ag díriú orthu, agus is mian le CESE na hinstitiúidí Eorpacha eile a spreagadh céimeanna den chineál céanna a ghlacadh i ndáil le galar cardashoithíoch — an galar is mó a mharaíonn daoine san Eoraip agus ar fud an domhain. |
2. Barúlacha ginearálta
|
2.1. |
Is é an toradh a bheidh ar na misin Eorpacha go dtabharfar ról nua don taighde agus don nuálaíocht (T&N) faoin gclár Fís Eorpach, agus go gcruthófar cur chuige comhordaithe iomlánaíoch, mar aon le caidreamh nua leis na saoránaigh. Déanfar na geallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha, amhail na Ballstáit, na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, institiúidí taighde, fiontraithe, agus infheisteoirí poiblí agus príobháideacha, a spreagadh agus a rannpháirtiú go hiomlán le go gcruthófar fíorthionchar fadtéarmach. |
|
2.2. |
Ba mhaith le CESE a chur i bhfáth go bhfuil iomaíochas thionscail na hEorpa an-tábhachtach le go mbeidh toradh ar na misin Eorpacha. Is díol sásaimh dó, dá bhrí sin, an tagairt don chlár oibre nua maidir le hiomaíochas tionsclaíoch. Ag an am céanna, leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá sé an tionchar ar shaoránaigh an Aontais a mheas agus molann sé don Choimisiún dlúthnasc a chruthú idir na gníomhaíochtaí sin agus beartais shóisialta agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, agus aird ar leith á tabhairt ar riachtanais speisialta daoine scothaosta agus leochaileacha atá ina saoránaigh den Aontas. |
|
2.3. |
Cé go bhfuil na misin Eorpacha dírithe go príomha ar an tionchar atá ag an Aontas a mhéadú trí ról nua breise a áirithiú dó maidir le T&N, is mian le CESE a chur in iúl go láidir nach mór tábhacht na gné eacnamaíche (an iomaíocht dhomhanda, poist ardcháilíochta, etc.) agus na gné sóisialta a chur san áireamh iontu freisin. A mhéid a bhaineann leis an ngné shóisialta, ba mhaith le CESE a chur i bhfios go láidir nach mór, sa bhreis ar an mbéim a chuirtear ar chearta sóisialta agus ar chosaint na slándála sóisialta agus dálaí oibre cothroma do gach fostaí, aird ar leith a thabhairt ar na riachtanais speisialta atá ag grúpaí leochaileacha san Aontas (daoine scothaosta, daoine breoite, etc.). |
|
2.4. |
Is díol mór sásaimh do CESE go dtuigtear sa teachtaireacht gurb é T&N an tsaincheist is tábhachtaí. Tá CESE lánchinnte de go bhféadfar, a bhuí le T&N go príomha, dul i ngleic leis na dúshláin chasta atá roimh an Aontas. |
|
2.5. |
Ghlac CESE an tuairim Limistéar Eorpach Taighde Nua don Taighde agus don Nuálaíocht i mí an Mhárta 2021 (1), an tuairim Comhshocrú don Taighde agus don Nuálaíocht san Eoraip i mí Feabhra 2022 (2), agus an tuairim Plean Gníomhaíochta um Maoin Intleachtúil (3). Ba cheart a thuiscint go bhfuil dlúthnasc idir an tuairim seo atá faoi chaibidil agus na trí thuairim eile sin a d’fhoilsigh CESE le deireanas. |
|
2.6. |
Tá CESE ar aon fhocal leis an gCoimisiún faoi nach rogha é, mar gheall ar na dúshláin atá ann faoi láthair, coinneáil leis an status quo. Tá beartas T&N de chineál úrnua ag teastáil san Eoraip. Mura dtiocfaidh aon athrú ar an gcás mar atá sé faoi láthair, ní bheidh an beartas T&N in ann dul i ngleic leis na dúshláin mhóra a bheidh le sárú, go háirithe an dianiomaíocht ón Áise. Chuir CESE an méid sin in iúl go soiléir sa tuairim Limistéar Eorpach Taighde Nua don Taighde agus don Nuálaíocht. |
|
2.7. |
Maidir le fiontair, tá sé luaite sa teachtaireacht go bhfágfaidh na misin Eorpacha go ndéanfar na geallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha, amhail na Ballstáit, na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, institiúidí taighde, fiontraithe agus infheisteoirí poiblí agus príobháideacha, saoránaigh an Aontais agus an tsochaí shibhialta, a spreagadh agus a rannpháirtiú go hiomlán le go gcruthófar fíorthionchar fadtéarmach, agus tionscail agus gnólachtaí, go háirithe micrifhiontair agus FBManna, á gcur san áireamh. |
|
2.8. |
Is gné an-tábhachtach maidir le Misean 1 — “An t-oiriúnú don athrú aeráide” a bhaint amach é iomaíochas earnáil tionsclaíochta an Aontais a fhad a bhaineann le teicneolaíochtaí chun giniúint leictreachais a dhícharbónú, chomh maith le tionscail eile a astaíonn a lán CO2 a dhícharbónú. Mura n-éireoidh leis an Aontas, caillfear na milliúin post sna tionscail sin. |
|
2.9. |
Aontaíonn CESE go hiomlán freisin leis an gCoimisiún nach mór do na misin Eorpacha a bheith go hiomlán comhsheasmhach le spriocanna forbartha inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe. |
|
2.10. |
Cé go mbraitheann CESE gur mórthosaíocht don Aontas iad na cúig mhisean, tá sé den tuairim freisin go bhfuil na cúig dhúshlán agus misean eile a liostaítear i gCaibidil 4 an-tábhachtach don Eoraip. |
|
2.11. |
Molann CESE don Choimisiún Eorpach tús áite a thabhairt freisin do mhisin agus do bhearta lena ngintear poist nua ardcháilíochta, gnó nua, ioncam nua, rachmas nua agus ardcháilíocht saoil do shaoránaigh an Aontais, e.g. gan baint d’iomaíochas tháirgí teicneolaíochta na hEorpa ainneoin na hiomaíochta domhanda atá ag éirí níos déine (go háirithe sa tSín, sa Chóiré Theas, etc.). |
|
2.12. |
Tagann líon mór post agus saibhris san Eoraip as onnmhairí de tháirgí teicneolaíochta na hEorpa (carranna, innealra, ábhair, etc.). Foinse thábhachtach eile fostaíochta nua san Eoraip is ea micrifhiontair agus FBManna, gnólachtaí nuathionscanta nuálacha, gnólachtaí atá i mbun fáis agus an t-ardoideachas. |
3. Barúlacha sonracha
3.1. Misean 1 — An t-oiriúnú don athrú aeráide
|
3.1.1. |
Tá an t-athrú aeráide ar cheann de na dúshláin is mó a bhfuil ar an gcine daonna dul i ngleic leis sa 21ú haois. Beidh ar lucht déanta beartas na hathruithe atá romhainn a thuar le go bhféadfar na hearnálacha agus na grúpaí is mó atá i mbaol a chosaint, agus an fhostaíocht á cur san áireamh freisin. |
|
3.1.2. |
Fágfaidh beagnach gach beart a bhaineann leis an gComhaontú Glas go dtiocfaidh ardú ar phraghsanna leictreachais, breosla, téimh baile etc. do shaoránaigh an Aontais. Beidh tionchar an-mhór ag na harduithe sin ar na milliúin daoine sna Ballstáit atá ar ioncam íseal agus meánioncam agus ar dhaoine leochaileacha i gcoitinne, ar saoránaigh den Aontas ar ioncam íseal iad go minic. Is é a chiallaíonn sé sin go mbíonn tionchar suntasach sóisialta ag gach beart a bhaineann leis an gComhaontú Glas agus nach mór iad a láimhseáil go cúramach. Ní mór dóibh cur leis an rathúnas seachas neamhshuim a dhéanamh díobh siúd a bhfuil tacaíocht de dhíth orthu chun dul i ngleic leis an athrú. |
|
3.1.3. |
I measc na samplaí de theicneolaíochtaí nua a mbeidh ról an-tábhachtach acu maidir le hastaíochtaí CO2 a laghdú, tá:
|
|
3.1.4. |
Is furasta na teicneolaíochtaí sin a liostú ar pháipéar, ach níl aon amhras faoi ach gur dúshlán ollmhór é iad a chur chun feidhme, i bhfianaise an scála a bheidh ag teastáil i ngach ceann de na 27 mBallstát agus i dtíortha ar fud an domhain. |
|
3.1.5. |
Saincheist thábhachtach amháin a bhaineann leis an iomaíocht dhomhanda seo maidir le teicneolaíochtaí nua is ea líon mór taighdeoirí agus innealtóirí a bheith ar fáil. Is cinnte gur dúshlán ollmhór don Eoraip é sin. Tá méadú ollmhór tagtha ar líon na mac léinn a dhéanann staidéar ar an bhfisic, TFC agus an innealtóireacht san Áise le 20 bliain anuas, ach is beag athrú atá tagtha ar a líon san Eoraip. Ní hamháin gur cheart cur le líon na mac léinn sin trí na misin Eorpacha, ach, ina theannta sin, ba cheart don Aontas cur i gcoinne “imirce daoine oilte” nuair a fhágann an oiread sin daoine ardcháilithe an tAontas, agus “inimirce daoine oilte” a chur chun cinn ina ionad sin. |
|
3.1.6. |
Molann CESE go láidir don Choimisiún bearta a shainiú chun cur go mór le bunscileanna agus cur le líon na mac léinn a dhéanfaidh staidéar ar an bhfisic, TFC agus an innealtóireacht, agus ar an leigheas agus an chógaseolaíocht, san Eoraip, sna fiche bliain amach romhainn. Gan an tobar daoine oilte sin san innealtóireacht, beidh an Eoraip i gcónaí chun deiridh sna teicneolaíochtaí uile a theastaíonn chun an t-athrú aeráide a chomhrac. |
3.2. Misean 2 — An ailse
|
3.2.1. |
Tá méadú seasta ag teacht ar líon na gcásanna den ailse sna 27 mBallstát. Ní mór do na Ballstáit uile oibriú le chéile chun feabhas a chur ar dhiagnóisiú agus ar theiripe, agus ar an rochtain ar chógais, cóireáil agus cosc pearsanaithe — mar a cuireadh chun suntais cheana sa tuairim Plean Sáraithe Ailse na hEorpa a foilsíodh i mí an Mheithimh 2021 (4). Is díol sásaimh do CESE, dá bhrí sin, go bhfuil an taighde maidir leis an ailse a chosc agus a leigheas ar cheann de na cúig mhisean Eorpacha. |
|
3.2.2. |
Is mian le CESE a chur i bhfáth go háirithe gur ceann de na dúshláin is deacra a bheidh ann deireadh a chur leis na héagothromaíochtaí maidir leis an rochtain ar chóireáil ailse ó Bhallstát go chéile. Molann CESE nach mór fócas ar leith a dhíriú ar na grúpaí leochaileacha atá ann laistigh den Aontas. |
|
3.2.3. |
Mar a míníodh cheana sa tuairim Plean Sáraithe Ailse na hEorpa, tá ról ar leith maidir leis sin ag an rochtain ar na teiripí is nuálaí agus ag feachtais vacsaínithe toisc go gcabhróidh siad linn líon na n-ailsí arb ionfhabhtuithe víreasacha is cúis leo a laghdú. |
|
3.2.4. |
Is mian le CESE béim a leagan ar an ngá atá le cur chuige níos gníomhaí maidir le hailse cheirde a chosc. Mar a leagadh béim air cheana sa tuairim Plean Sáraithe Ailse na hEorpa, tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí tuilleadh taighde ar nochtadh daoine do charcanaiginí, do shó-ghineacha agus do réabóirí inchríneacha ag an obair agus ar na cúiseanna le hailsí ceirde. |
|
3.2.5. |
Is mian le CESE a chur i bhfios go láidir go bhfuil ról fíor-riachtanach ag na comhpháirtithe sóisialta, ag grúpaí ionadaíochta othar agus ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta trí dhea-chleachtais a scaipeadh agus faisnéis ábhartha a sholáthar — faoi na cúiseanna atá le hailse agus faoi shaincheisteanna speisialta a bhaineann le, mar shampla, inscne nó grúpaí leochaileacha. |
3.3. Misean 3 — Ár n-aigéan agus ár n-uiscí a athbhunú faoi 2030
|
3.3.1. |
Tá uisce glan ríthábhachtach do shaoránaigh an Aontais, don talmhaíocht agus do thionscal na hiascaireachta. Tá an taighde agus na teicneolaíochtaí atá dírithe ar uisce glan a sholáthar, lena n-áirítear eastóscadh fuíolluisce, an tsláintíocht agus cóireáil camrais, ríthábhachtach don mhisean seo. |
|
3.3.2. |
Lena chois sin, tá an rochtain ar uisce glan fós ina saincheist thábhachtach do líon mór saoránach. Molann CESE don Choimisiún an ceart atá ag an duine ar uisce agus ar shláintíocht a chur chun feidhme de réir dlí. |
3.4. Misean 4 — 100 cathair atá aeráidneodrach agus cliste a bheith ann faoi 2030
|
3.4.1. |
Tá cónaí ar níos mó ná 65 % de dhaonra an domhain i gcathracha móra, agus tá an céatadán sin ag dul i méid. Cruthaíonn na cathracha móra sin dúshláin maidir le bonneagar (soláthar uisce, séarachas, iompar, soláthar fuinnimh, etc.) agus cáilíocht saoil, agus tá na dúshláin sin ag méadú. Níl leigheas ar a lán de na dúshláin sin ach trí thaighde a dhéanamh agus réitigh ardteicneolaíochta a úsáid. Beidh i bhfad níos mó innealtóirí ardoilte ag teastáil amach anseo chun na cathracha agus na sráidbhailte ardteicneolaíochta cliste sin a phleanáil. |
|
3.4.2. |
Tá céatadán na ndaoine scothaosta i gcathracha ag fás go tapa (“aosú na sochaí”). Ní bhíonn na riachtanais chéanna agus a bhíonn ag daoine óga ag daoine scothaosta agus leochaileacha, a mbíonn gá acu le níos mó cúram leighis, cúram sóisialta, etc. I ngeall ar an athrú déimeagrafach atá ag titim amach sa tsochaí, ní bheidh ár ndóthain daoine óga againn chun na seirbhísí sin go léir a chur ar fáil sna blianta beaga amach romhainn, rud a chiallaíonn go mbeidh gá le leas a bhaint as réitigh chliste (e.g. róbait) chun roinnt de na seirbhísí sin a sholáthar do dhaoine scothaosta. |
|
3.4.3. |
Tá sé léirithe ag roinnt mhaith cásanna éigeandála le blianta beaga anuas go mbíonn sochaithe nua-aimseartha sách leochaileach, agus go bhfuil sé an-tábhachtach, dá bhrí sin, leas a bhaint as T&F chun cur leis an “ullmhacht i gcomhair éigeandálaí”:
|
|
3.4.4. |
Bhí an t-ádh dearg ar oirthear agus ar dheisceart na hEorpa nár tharla cliseadh mór cumhachta an 8 Eanáir 2021. Is é an bhunchúis atá leis an méadú ar leochaileacht sholáthar cumhachta na hEorpa ná an sciar méadaitheach den chumhacht leictreach in-athnuaite nach féidir a thuar ná a phleanáil, amhail tuirbíní gaoithe agus cumhacht na gréine. Níl an Eoraip sách ullmhaithe don lándorchú: i gcás ina dtarlódh a leithéid, theipfeadh láithreach ar an soláthar fuinnimh do theaghlaigh phríobháideacha agus do thionscail, theipfeadh ar na naisc chumarsáide laistigh de chúpla nóiméad nó uair an chloig agus, go gairid ina dhiaidh sin, ní bheadh aon soláthar uisce óil, etc., ann. Níl sé éasca teacht ar ais as cliseadh mór leictreachais. |
3.5. Misean 5 — Socrú maidir le sláinte na hithreach san Eoraip
|
3.5.1. |
Chomh maith le huisce glan, mar a luaitear thuas, tá ithir shláintiúil, rud atá tábhachtach le gur féidir na comhábhair bhunúsacha le haghaidh an bhia a fhás, ar cheann de na hacmhainní is tábhachtaí do gach neach beo, lena n-áirítear daoine agus ainmhithe. Tá daonra an domhain ag dul i méid: faoi dheireadh na haoise seo, beidh orainn thart ar 10 mbilliún duine a bheathú ar bhonn inbhuanaithe. Tá an bia agus an fheirmeoireacht thraidisiúnta ar cheann de na príomhfhoinsí de na gáis ceaptha teasa CO2 agus meatán. Ciallaíonn sé sin go bhfuil gá le cuid mhór T&F chun taighde a dhéanamh ar thalmhaíocht atá neodrach ó thaobh na haeráide de agus chun forbairt a dhéanamh ar an gcineál sin talmhaíochta le go mbeidh táirgeadh inbhuanaithe bia ann don 10 mbilliún duine a mbeidh cónaí orthu ar fud an domhain. Faoi láthair, is ar T&F a chaitear thart ar 10 % de bhuiséad talmhaíochta agus feirmeoireachta an Aontais. Molann CESE an figiúr sin a ardú go 20 % chun cur le T&F do theicneolaíochtaí feirmeoireachta inbhuanaithe nua, lena n-áirítear go háirithe an róbataic i dteicneolaíochtaí feirmeoireachta agus bia. |
4. Cúig mhisean breise
|
4.1. |
Cé go bhfuil CESE den tuairim gur mórthosaíochtaí de chuid an Aontais iad na cúig mhisean a liostaítear sa teachtaireacht, síleann sé go bhfuil na cúig dhúshlán agus misean a bhfuil cur síos orthu thíos an-tábhachtach freisin. |
4.2. Misean breise 1 — Coinneáil bord ar bhord le SAM agus leis an Áise san iomaíocht dhomhanda i réimsí an taighde, na teicneolaíochta agus na nuálaíochta
|
4.2.1. |
Tá sé tábhachtach misin agus bearta a shainiú agus a shaothrú lena áirithiú nach dtitfidh an Eoraip chun deiridh ar an Áise i réimsí an taighde, na teicneolaíochta agus na nuálaíochta agus i réimse na bpaitinní, go háirithe i gcomparáid leis an tSín agus an Chóiré Theas. Is fíor i gcás an taighde, na teicneolaíochta agus na nuálaíochta go bhfuil an tAontas ag dul ar gcúl go han-tapa ó bhí an bhliain 2000 ann i gcomparáid leis an tSín agus an Chóiré Theas (5). |
|
4.2.2. |
Má leanann an tAontas den treocht áirithe sin, is é sin a bheith ag titim chun deiridh ar na Stáit Aontaithe agus ar an Áise sa réimse sin, caillfidh an Eoraip na milliúin post agus méid mór saibhris san fhadtéarma (idir 20 agus 50 bliain). Tá na 27 mBallstát i mbaol a leithéide go mór, go háirithe i gcás eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin (KET) agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn (FET), e.g. an intleacht shaorga, an mheaisínfhoghlaim, an domhainfhoghlaim, an róbataic, an innealtóireacht ghéiniteach, na teicneolaíochtaí cumarsáide (e.g. 5G), monarú micrishliseanna, monarú comhpháirteanna lárnacha don leictrea-shoghluaisteacht (e.g. cadhnraí, breosla-chealla agus hidrigin), etc. Baineadh agus bainfear leas i gcónaí as ábhair nua chun an nuálaíocht a spreagadh, e.g. tá acmhainn mhór taighde agus nuálaíochta sa ghraiféin agus san fhorbairt thionsclaíoch a dhéanfar ar an ábhar nuálach sin agus ba cheart don Eoraip an deis sin a thapú. |
4.3. Misean breise 2 — Aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le sochaí Eorpach atá ag dul in aois
|
4.3.1. |
Tá sochaí an Aontais ag dul in aois go tapa, rud a chruthóidh roinnt dúshláin nua do na Ballstáit uile. |
|
4.3.2. |
Ní bhíonn na riachtanais chéanna agus a bhíonn ag daoine óga ag daoine scothaosta agus leochaileacha, a mbíonn gá acu le cógais bhreise agus nua (don néaltrú, do ghalar Alzheimer, etc.) agus le níos mó cúram leighis agus cúram sóisialta, agus le hoiliúint agus oideachas speisialta atá curtha in oiriúint do chás na ndaoine scothaosta agus leochaileacha, etc. |
|
4.3.3. |
Beidh ról tábhachtach, gan amhras, ag T&N (sa leigheas, sa chógaisíocht, sna heolaíochtaí sóisialta, sna heolaíochtaí innealtóireachta, i gcúrsaí oiliúna speisialta, etc.) chun cabhrú déileáil le sochaí Eorpach atá ag dul in aois. |
|
4.3.4. |
Tá straitéis uaillmhianach maidir leis an gcúram san Eoraip de dhíth ar an tsochaí ina hiomláine. |
4.4. Misean breise 3 — Straitéisí a shainiú maidir leis an líon mór imirceach a thagann isteach san Aontas a lánpháirtiú go seoigh
|
4.4.1. |
Ní mór don Aontas misin agus bearta a fhorbairt chun an líon mór imirceach sin a thagann isteach san Aontas a lánpháirtiú sna Ballstáit. Ós rud é go bhfuil sochaí an Aontais ag dul in aois go tapa, tá gá le níos mó daoine óga oilte. Chuige sin, ba cheart leas a bhaint as coincheapa nuálacha chun oideachas agus oiliúint a chur ar imircigh. Is féidir leas a bhaint as an taighde socheacnamaíoch chun tuiscint níos fearr a fháil ar a bhfuil ag teastáil chun na milliúin daoine sin a lánpháirtiú go seoigh. |
4.5. Misean breise 4 — An ullmhacht i gcomhair éigeandálaí
|
4.5.1. |
Is é atá i gceist leis an ullmhacht i gcomhair éigeandálaí misin agus bearta a fhorbairt agus a shaothrú chun soláthar fuinnimh cobhsaí a chosaint agus cliseadh leictreachais a sheachaint, agus an córas fuinnimh san Aontas a dhícharbónú ag an am céanna. Maidir leis an méid sin, féach pointe 3.4.4, ina dtugtar aghaidh ar cheist na hullmhachta i gcomhair éigeandálaí, go háirithe an dúshlán a bhaineann le cliseadh leictreachais agus cumarsáide. Arís eile, is trí T&N, sna heolaíochtaí innealtóireachta go príomha, is fearr is féidir dul i ngleic leis na dúshláin sin. |
|
4.5.2. |
I measc na ndúshlán éigeandála eile tá tuilte, triomaigh, paindéimí, agus freisin géarchéimeanna eacnamaíocha, e.g. bac ar na slabhraí soláthair domhanda (e.g. nuair nárbh fhéidir seoladh trí Chanáil Shuais in 2021, etc.). |
4.6. Misean breise 5 — Déileáil le riachtanais na n-othar sin a bhfuil galair neamhtheagmhálacha orthu agus a bhfuil tionchar ag paindéim COVID-19 orthu, go háirithe iad siúd a bhfuil galar cardashoithíoch orthu, an galar is mó a mharaíonn daoine san Eoraip agus ar fud an domhain.
|
4.6.1. |
Nuair a bheidh an phaindéim thart, beidh gá díriú níos mó ar ghalair neamhtheagmhálacha. Tá 60 milliún duine a bhfuil galar cardashoithíoch orthu ag maireachtáil san Aontas Eorpach. Is é an galar cardashoithíoch an galar is mó a mharaíonn daoine san Eoraip. Sna blianta roimh an bpaindéim, ba é an galar cardashoithíoch an chúis ba choitianta le básanna inchoiscthe san Aontas. Le linn na paindéime, ní dhearnadh a lán de na hothair sin a dhiagnóisiú go raibh sé ródhéanach, sin nó ní bhfuair siad fiú an deis ar dhiagnóis a fháil. |
|
4.6.2. |
Ba cheart scrúdú a dhéanamh ar ghné an chothromais sláinte san Aontas le gur féidir na neamhionannais sláinte, lena n-áirítear gnéithe den leigheas a bhaineann go sonrach leis an difear idir na hinscní, a laghdú. Tríd an mbéim a chuirtear ar an gcur chun cinn agus ar an gcosc sa tionscnamh seo, ba cheart dó díriú freisin ar fheabhas a chur ar eolas agus sonraí, ar scagthástáil agus luathbhrath, ar dhiagnóisiú agus bainistiú na cóireála, agus ar cháilíocht saoil an othair. Cuspóir eile ba cheart a bheith ann ná cuidiú leis na Ballstáit dea-chleachtais a mhalartú, treoirlínte a fhorbairt, agus modhanna cur chuige nuálacha a chur chun feidhme, etc. Chiallódh sé sin freisin gur cheart don Aontas Eorpach misean Eorpach eile a ainmniú — chun córais cúraim sláinte a thógáil a bheadh níos seasmhaí i gcoinne paindéimí a fhad a bhaineann sé le galar cardashoithíoch, i gcomhréir leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh trí mhisean na hailse, chun aghaidh a thabhairt, sa deireadh, ar an dá ghalar neamhtheagmhálacha is mó a chuireann isteach ar mhuintir na hEorpa. Tá CESE den tuairim freisin nach mór aghaidh a thabhairt ar ghalair eile, go háirithe na galair sin a mbíonn tionchar mór acu ar olltáirgeacht intíre na hEorpa — e.g. neamhoird mhatánchnámharlaigh. |
An Bhruiséil, 23 Feabhra 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) IO C 220, 9.6.2021, lch. 79.
(2) Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le moladh ón gComhairle maidir le Comhshocrú don Taighde agus don Nuálaíocht san Eoraip [COM(2021) 407 final — final 2021/230 (NLE)] (IO C 275, 18.7.2022, lch. 24).
(3) IO C 286, 16.7.2021, lch. 59.
(4) IO C 341, 24.8.2021, lch. 76.
(5) Is féidir mionsonraí a léamh i dtuarascálacha de chuid na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (OECD), e.g. Tuarascáil 2015 agus Tuarascáil 2017.