|
26.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 323/48 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún An chéad ghlúin eile d’acmhainní dílse le haghaidh bhuiséad an Aontais
(COM(2021) 566 final)
Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027
(COM(2021) 569 final – 2021/0429 (APP)
Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh
(COM(2021) 570 final – 2021/0430 (CNS)
(2022/C 323/09)
|
Rapóirtéir: |
Philip VON BROCKDORFF |
|
Comhrapóirtéir: |
Antonio GARCÍA DEL RIEGO |
|
Comhairliúchán |
An Coimisiún Eorpach, 1.3.2022 |
|
Bunús dlí |
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
|
Rannóg atá freagrach |
Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
6.5.2022 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
18.5.2022 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
569 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
144/2/7 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Tá CESE ag tabhairt dá aire go bhfuil gá le comhdhearcadh le go bhféadfaí acmhainní dílse nua a chur ar fáil chun na fiachais a eascraíonn as iasachtaíocht faoin tionscnamh Next Generation EU a aisíoc gan buiséid chláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais a chur i mbaol ná ranníocaíocht acmhainne bunaithe ar Ollioncam Náisiúnta (OIN) a mhéadú go suntasach. Cé go meastar go bhfuil gá leis na tograí a rinne an Coimisiún sa teachtaireacht, creideann CESE gur cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar an córas nua a dhearadh sa chaoi is go mbainfear amach prionsabail na cothroime agus an chothromais, na héifeachtúlachta, na trédhearcachta, na simplíochta agus na cobhsaíochta, agus béim ar leith á leagan ar an iomaíochas agus i gcás inar gá, ar an dlúthpháirtíocht. Go háirithe, measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach tacú le teaghlaigh agus le gnólachtaí, i gcás inar gá, agus molann sé go láidir measúnuithe tionchair níos spriocdhírithe a dhéanamh chun cinneadh a dhéanamh, de réir tíre agus le haghaidh tionscail shonracha, maidir le haon éifeachtaí diúltacha ar theaghlaigh agus ar iomaíochas foriomlán gheilleagar an Aontais. |
|
1.2. |
Ós rud é gur uirlis ríthábhachtach í an acmhainn dhílis atá bunaithe ar an gCóras Trádála Astaíochtaí (CTA) chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, áitíonn CESE ar an gCoimisiún a áirithiú go bhfuil cur chun feidhme na hacmhainne sin éifeachtach ó thaobh costais de agus déanta ar bhealach nach bhfuil suaiteach. Thairis sin, tá CESE ag tabhairt dá aire gur síneadh an CTA chuig an earnáil mhuirí, gur méadaíodh liúntais eitlíochta de réir a chéile, agus gur cuireadh san áireamh iompar de bhóthar agus foirgnimh. Measann CESE go bhféadfaí sciar teoranta d’ioncam CTA a aistriú isteach i mbuiséad an Aontais. Tar éis an tsaoil, is ionstraim uile-Eorpach aeráide í sin lena rannchuidítear le cuspóirí aeráide agus lena neartaítear an margadh inmheánach. I ndáil leis sin, ba cheart dóthain ioncaim a bheith ar fáil chun tacú le hearnálacha a bhfuil sé d’oibleagáid orthu bearta breise a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide. Ina theannta sin, athdhearbhaíonn CESE nach mór an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as a chur i bhfeidhm i ngach tír. |
|
1.3. |
Ós rud é go bhfuil CTA AE agus an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (SCCT) idirnasctha, creideann CESE gur cheart, dá bhrí sin, breathnú orthu leis an meon céanna. Cé gur féidir le CTA AE a bheith ina chúis le sceitheadh carbóin, rachadh SCCT in aghaidh sceitheadh den chineál sin trí phraghas a chur ar chion na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcás allmhairí. Mar sin féin, tá rabhadh á thabhairt ag CESE i gcoinne córas SCCT a dhearadh a chuirfeadh míbhuntáiste iomaíoch ar ghnólachtaí déantúsaíochta Eorpacha agus ar ghnólachtaí eile. |
|
1.4. |
Tá CESE den tuairim freisin, i bhfianaise luaineacht na n-ioncam ó CTA AE agus ó SCCT, gur cheart féachaint le hintuarthacht agus trédhearcacht a chosaint. |
|
1.5. |
Molann an Coimisiún freisin go mbeadh an tríú catagóir d’acmhainní dílse ann, ina gcuirfeadh na Ballstáit ranníocaíocht náisiúnta ar fáil do bhuiséad an Aontais bunaithe ar an sciar de bhrabúis iarmharacha ó fhiontair ilnáisiúnta a ath-leithdháileadh ar gach Ballstát. Creideann CESE gur bonn iomchuí é sin d’acmhainní dílse an Aontais, a chomhlíonann critéir na cothroime, ós rud é go n-íocfadh cuideachtaí cion dá mbrabúis iarmharacha cibé áit a n-oibríonn siad agus a ngineann siad brabús. Creideann CESE, áfach, go bhfuil gá le cothrom iomaíochta sa chóras cánach idirnáisiúnta nach gcuirfeadh gnólachtaí an Aontais faoi mhíbhuntáiste iomaíoch. Ba cheart na rialacha nua a chur chun feidhme ag an am céanna san Aontas le príomhnáisiúin trádála agus iomaitheora an Aontais. Thairis sin, ba cheart na rialacha nua a chur i bhfeidhm i gcomhréir le sainmhínithe agus caighdeáin chomhchuibhithe. Tá béim á leagan ag CESE freisin ar an luaineacht a bhaineann le hioncam ó cháin chorparáideach agus ar na deacrachtaí a bhaineann le hioncam na hacmhainne dílse a mheas amach anseo, agus tá sé á chur i bhfios go láidir aige go bhfuil sonraí deiridh chur chun feidhme an chomhaontaithe fós á bplé. I bhfianaise an méid sin, creideann CESE go bhfuil sé róluath na hacmhainní nua sin a mheas mar acmhainní buana de chuid an Aontais, go príomha nuair nach mór machnamh a dhéanamh ar an bhféidearthacht go mbeidh ar Bhallstáit an Aontas Eorpaigh cion den ioncam cánach a íoc le tríú dlínsí. |
|
1.6. |
Tá rabhadh á thabhairt ag CESE go bhféadfadh sé go mbeadh gá le hathchóiriú cánach agus/nó sásraí cúitimh ar an leibhéal náisiúnta chun aon ualaí breise cánach a neodrú ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí. |
|
1.7. |
Ar deireadh, measann CESE go bhfuil gá le toil láidir pholaitiúil chun comhtháthú an Aontais a dhoimhniú agus go bhfuil gá le treochlár soiléir maidir le todhchaí na hEorpa chun córas nua acmhainní dílse a dhearadh agus a chur chun feidhme go rianúil. Is tábhachtaí fós an méid sin i bhfianaise an chogaidh san Úcráin, agus dá bhrí sin d’fhéadfaí go mbeadh gá féachaint an athuair ar an togra ón gCoimisiún. Tá CESE tiomanta d’athbhreithniú agus d’fhaireachán leanúnach a dhéanamh ar fhorbairt neamhchinnte thionchar daonna agus ábhartha an ionraidh mhillteanaigh sin, d’fhonn an beart is fearr a roghnú in am trátha. |
2. Cúlra
|
2.1. |
Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach an chéad ghlúin eile d’acmhainní dílse a bhunú do bhuiséad an Aontais trí thrí fhoinse nua ioncaim a chur ar aghaidh: an chéad cheann, bunaithe ar ioncaim ón gCóras Trádála Astaíochtaí athbhreithnithe; an dara ceann, ag tarraingt ar na hacmhainní arna nginiúint ag an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha atá beartaithe; agus an tríú ceann, bunaithe ar an sciar de bhrabúis iarmharacha ó fhiontair ilnáisiúnta a athdháilfear ar Bhallstáit an Aontais faoi réamh-chomhaontú ECFE/G20 a rinneadh le déanaí maidir le cearta cánach a ath-leithdháileadh (“Colún 1”), ach nach mór a thabhairt chun críche fós. Ó 2026 go 2030, meastar go nginfidh na foinsí nua ioncaim sin suas le EUR 17 mbilliún in aghaidh na bliana do bhuiséad an Aontais. |
|
2.2. |
Beidh na hacmhainní dílse nua ina gcabhair chun na cistí a chruinnigh an tAontas Eorpach a aisíoc, cistí a úsáideadh chun an chomhpháirt deontais de Next Generation EU a mhaoiniú. Go sonrach, tá sé beartaithe leis an gCóras Trádála Astaíochtaí nua rannchuidiú le maoiniú an Chiste Aeráide Shóisialta, mar a mheastar faoin bpacáiste “Oiriúnach do 55”. Is cuspóir tábhachtach de chuid an togra é an Ciste Aeráide Sóisialta a mhaoiniú. Chuideodh an Ciste seo le haistriú atá cothrom ó thaobh na sochaí de agus thacódh sé le teaghlaigh leochaileacha, le húsáideoirí iompair agus le micrifhiontair trí mhaoiniú a chur ar fáil d’infheistíochtaí in éifeachtúlacht fuinnimh, i gcórais nua téimh agus fuaraithe, agus i soghluaisteacht níos glaine, mar aon le tacaíocht ioncaim dhíreach shealadach, i gcás inarb iomchuí. |
|
2.3. |
Is é is aidhm don phacáiste “Oiriúnach do 55” ó mhí Iúil 2021 glanastaíochtaí gás ceaptha teasa san Aontas a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 1990. Is é an cuspóir atá ann aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Áirítear sa phacáiste sin go ndéanfaí athbhreithniú ar CTA AE, a mbeadh feidhm aige amach anseo maidir leis an earnáil mhuirí freisin, go bhféadfaí níos mó lamháltais eitlíochta a chur ar ceant, agus go dtabharfaí isteach scéim nua d’fhoirgnimh agus d’iompar de bhóthar. |
|
2.4. |
Chuideodh an Córas Trádála Astaíochtaí nua le haistriú rianúil chuig geilleagar dícharbónaithe a áirithiú, ina gcuirfí na daoine is leochailí sa tsochaí san áireamh. Faoi láthair, aistrítear an chuid is mó den ioncam ó lamháltais astaíochtaí a chur ar ceant chuig na buiséid náisiúnta. Leis an gcóras nua atá beartaithe, d’aistreofaí 25 % den ioncam ó thrádáil astaíochtaí an Aontais isteach i mbuiséad an Aontais, agus ghinfí thart ar EUR 12,5 billiún d’ioncam measta ar an meán in aghaidh na bliana do bhuiséad an Aontais don tréimhse 2026-2030. |
|
2.5. |
Tá SCCT á mholadh ag an gCoimisiún freisin a mbeadh sé d’aidhm aige an riosca maidir le sceitheadh carbóin isteach san Aontas a laghdú trí phraghas carbóin a shocrú d’allmhairí a chomhfhreagraíonn don mhéid a d’íocfaí dá dtáirgfí na hearraí san Aontas. Beidh feidhm ag an sásra sin maidir le rogha spriocdhírithe earnálacha agus measann an Coimisiún go bhfuil sé ag teacht go hiomlán le rialacha EDT. I gcomhréir leis an togra, déanfar SCCT a chéimniú isteach i gcomhthráth le deireadh a chur de réir a chéile le scéim ath-leithdháilte CTA, ar ceapadh é mar chóras sealadach an chéad lá. D’íocfaí táille ar earraí a allmhairítear isteach san Aontas a léireodh “an cion carbóin” – is é sin na hastaíochtaí CO2 arna nginiúint lena dtáirgeadh (is ionann an praghas foriomlán ar na hastaíochtaí CO2 sin agus praghas carbóin an Aontais). Ar an taobh eile, ní bheidh feidhm ag lacáiste (lena léirítear an difríocht idir an praghas carbóin a íoctar as a dtáirgeadh san Eoraip agus an praghas carbóin sa mhargadh ceann scríbe) ar earraí a onnmhairítear go tíortha eile. Chun an méid sin a chúiteamh, cabhrófar le tionscal na hEorpa oiriúnú don phróiseas dícharbónaithe leis an gCiste don Nuálaíocht (IF), arb ioncam é a eascraíonn as 450 milliún lamháltas CTA a chur ar ceant idir 2020 agus 2030. Don tréimhse idir 2020-2030, d’fhéadfadh tuairim is EUR 10 mbilliún a bheith sa Chiste, ag brath ar an bpraghas carbóin. Is príomhionstraim chistiúcháin í an Ciste don Nuálaíocht chun gealltanais uile-gheilleagair an Aontais faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus chun tacú le fís straitéiseach an Choimisiúin Eorpaigh d’Eoraip atá aeráidneodrach a bhaint amach faoi 2050, mar a aithnítear freisin i bPlean Infheistíochta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. |
|
2.6. |
Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún 75 % den ioncam a ghintear ó SCCT a leithdháileadh ar bhuiséad an Aontais, agus meastar gur EUR 1 bhilliún ar an meán an t-ioncam a ghinfear in aghaidh na bliana sna blianta 2026-2030. |
|
2.7. |
Ghinfí an tríú foinse ioncaim atá beartaithe trí cháin a ghearradh ar sciar de “bhrabúis iarmharacha” na bhfiontar ilnáisiúnta is mó ar domhan, faoi mar a d’aontaigh comhaltaí Chreat Cuimsitheach OECD/G20 um Chreimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis anuraidh, ar gá bailchríoch a chur ar na mionsonraí ina leith fós. Is éard atá i gceist leis sin réiteach dhá cholún chun dul i ngleic le haistrithe cánach ó thír amháin go tír eile, chun rialacha cánach idirnáisiúnta a dhéanamh níos comhsheasmhaí, agus chun a chinntiú go ngearrtar cáin ar bhrabúis nuair a tharlaíonn gníomhaíocht eacnamaíoch agus cruthú luacha. Molann an Coimisiún acmhainn dhílis arb ionann é agus 15 % den sciar de bhrabúis iarmharacha na gcuideachtaí laistigh den raon feidhme a athdháiltear ar Bhallstáit an Aontais. Mar sin féin, ní chuirtear san áireamh ath-leithdháileadh ioncaim chánach ar thríú tíortha. |
|
2.8. |
Is é an chéad chéim eile go ndéanfaidh an Coimisiún treoir de chuid an Aontais a dhréachtú a luaithe a chuirfear bailchríoch ar shonraí chomhaontú Chreat Cuimsitheach ECFE/G20 maidir le Colún 1. Leis an bpróiseas sin, comhlánófar an Treoir maidir le Colún 2 ar ghlac an Coimisiún togra ar leith ina leith le déanaí (1). Go dtí go dtabharfar an comhaontú chun críche, meastar go mbeidh ioncam idir EUR 2,5 billiún agus EUR 4 bhilliún in aghaidh na bliana do bhuiséad an Aontais. |
|
2.9. |
Chun na hacmhainní dílse nua atá beartaithe a chomhtháthú i mbuiséad an Aontais, beidh ar an Aontas dhá phíosa thábhachtacha reachtaíochta a leasú. Ar an gcéad dul síos, molann an Coimisiún an Cinneadh maidir le hAcmhainní Dílse a leasú chun na trí acmhainn nua atá beartaithe a chur leis na hacmhainní atá ann cheana. Ar an dara dul síos, molann an Coimisiún leasú sonrach a dhéanamh ar an Rialachán maidir le buiséad fadtéarmach reatha an Aontais don tréimhse 2021-2027, ar a dtugtar Rialachán an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) freisin. Tugann an modhnú sin an deis dhlíthiúil tús a chur cheana féin le hiasachtaí a aisíoc do Next Generation EU le linn an CAI reatha. Ag an am céanna, molann sé uasteorainneacha caiteachais ábhartha CAI a mhéadú do na blianta 2025-2027 d’fhonn an caiteachas breise a ailíniú leis an gCiste Aeráide Sóisialta. |
|
2.10. |
Ní mór an Cinneadh maidir le hAcmhainní Dílse a fhormheas d’aon toil sa Chomhairle, tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa. Tiocfaidh an Cinneadh i bhfeidhm nuair a bheidh sé formheasta ag na Ballstáit ar fad i gcomhréir lena gceanglais bhunreachtúla. Ní mór don Chomhairle Rialachán CAI a ghlacadh d’aon toil, tar éis di formheas a fháil ó Pharlaimint na hEorpa. |
3. Barúlacha ginearálta
|
3.1. |
Níl aon amhras ach go bhfuil gá le samhail airgeadais do na hacmhainní dílse chun na cistí a chruinnigh an tAontas a aisíoc, cistí a úsáideadh chun an chomhpháirt deontais de Next Generation EU agus den Chiste Aeráide Sóisialta a mhaoiniú. Mar sin féin, is dúshlán fós é cur chun feidhme na samhla airgeadais sin. Tugann CESE dá aire freisin go mbunaítear leis an togra ón gCoimisiún sraith rialacha faoina ndéanfaí ranníocaíochtaí náisiúnta breise ó na Ballstáit a leithdháileadh ar bhuiséad an Aontais. Dá mba rud é nach leor na hacmhainní sin, bheadh feidhm fós ag an gcóras reatha leithdháilte atá bunaithe ar OIN. Tá CESE ag tabhairt dá aire, áfach, go molfaidh an Coimisiún sraith nua acmhainní dílse in 2023. |
|
3.2. |
In aon chás, is é tuairim CESE go léirítear sa togra atá á bhreithniú an córas bailithe ioncaim atá ann faoi láthair, agus go leanfadh sé de bheith ag brath go mór ar ranníocaíochtaí na mBallstát. Tá CESE á aithint, áfach, dá leathnófaí an tsamhail acmhainní dílse sin, go gcuirfí na cistí ar fáil chun freagairt níos éifeachtaí a thabhairt ar shuaití eacnamaíocha agus chun tacú le tionscnaimh airgeadais le haghaidh fás inbhuanaithe agus téarnamh eacnamaíoch. |
|
3.3. |
Ar an iomlán, chuirfeadh samhail na n-acmhainní dílse borradh freisin faoi acmhainneacht fhioscach an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le cóineasú eacnamaíoch níos fearr agus le turraingí maicreacnamaíocha neamhshiméadracha a mhaolú. Dá mbainfí úsáid as acmhainní dílse, mhéadófaí a éifeachtaí a bheadh beartais, agus bheadh dlúthbhaint ag cistiú le cuspóirí an Aontais sa chomhrac in aghaidh athrú aeráide agus inbhuanaitheacht eacnamaíoch, mar shampla. Tá an-tábhacht ag baint leis an nasc idir cuspóirí beartais an Aontais agus a fhoinsí maoinithe agus cineálacha acmhainní dílse á roghnú aige agus tacaíonn CESE leis. |
|
3.4. |
Aithníonn CESE gur dúshlánach an ní é acmhainní dílse nua a aithint agus go bhféadfadh míbhuntáistí sonracha a bheith ag baint leis na roghanna atá beartaithe (go háirithe ó thaobh leordhóthanachta, cobhsaíochta nó éifeachtúlachta de). Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, mar atá molta ag an gCoimisiún, córas a bheith ann lena gcomhcheanglaítear acmhainní dílse éagsúla chun, mar shampla, luaineachtaí in insreabhadh na n-acmhainní sin a íoslaghdú. Trí úsáid a bhaint as meascán d’acmhainní dílse, cabhraíonn sé leis an ualach airgeadais a dháileadh ar bhealach níos cothroime i measc na mBallstát. |
|
3.5. |
Tá CESE den tuairim freisin go bhfuil riar éifeachtúil na n-acmhainní dílse ríthábhachtach. Taobh leis sin, áfach, ní mór caiteachas éifeachtúil agus éifeachtach a bheith ann ag gach céim freisin. Baineann sé sin go háirithe le caiteachas ar an gCiste Aeráide Sóisialta (2), a bhfuil sé d’aidhm aige maolú a dhéanamh ar na drochéifeachtaí sóisialta a bhíonn ag ardú praghsanna carbóin in earnáil an iompair agus i gcórais téimh i bhfoirgnimh. Tá imní curtha in iúl cheana féin ag CESE ina leith sin, go háirithe gur mhó na costais a bhainfeadh le córas trádála astaíochtaí d’earnálacha na bhfoirgneamh agus an iompair ná na sochair inmhianaithe agus go bhféadfaidís a bheith ina gcúis le méadú gan smacht ar phraghsanna. Tá aird tarraingthe ag CESE freisin ar an dúshlán ollmhór a bhaineann le sásra cúitimh éifeachtach agus cothrom a dhearadh in Aontas ina bhfuil 27 mBallstát a mbíonn dálaí socheacnamaíocha agus aeráide an-difriúil acu go minic. |
|
3.6. |
Tá CESE ag tabhairt dá aire go mbaineann na Ballstáit úsáid faoi láthair as ioncam ceantála CTA do ghníomhú ar son na haeráide agus chun borradh a chur faoin infheistíocht in earnálacha trádála astaíochtaí agus dlús á chur ar an gcaoi sin le laghduithe ar astaíochtaí. Agus codanna d’ioncam CTA á n-úsáid chun comhpháirt deontais Next Generation EU a aisíoc, tá rabhadh á thabhairt ag CESE in aghaidh srianta airgeadais a d’fhéadfadh a bheith ann a chuirfeadh teorainn le tacaíocht bhreise do gheilleagar agus do dhaonra na hEorpa le linn an aistrithe i dtreo na neodrachta carbóin. |
|
3.7. |
Is díol sásaimh do CESE an Ciste don Nuálaíocht agus an cuspóir atá aige cabhrú le gnólachtaí infheistíocht a dhéanamh i bhfuinneamh glan agus i dtionscal glan. Tá sé curtha in iúl ag CESE, áfach, go bhfuil amhras air an ndéanfaidh an ciste seo seasamh iomaíoch thionscal an Aontais a chothabháil agus a neartú. |
|
3.8. |
Cé go n-aontaíonn CESE go ginearálta leis na trí fhoinse nua ioncaim arna moladh ag an gCoimisiún, tá rabhadh á thabhairt aige maidir leis na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag an ioncam breise ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le haon ualach cánach breise a cheangal le hathchóiriú cánach nó sásraí cúitimh ar an leibhéal náisiúnta. Ina theannta sin, tá rabhadh á thabhairt ag CESE faoin tionchar atá ag praghsanna fuinnimh níos airde ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí mar thoradh ar an gcogadh san Úcráin. D’fhéadfadh na costais bhreise sin agus a n-éifeachtaí sóisialta agus eacnamaíocha an togra ón gCoimisiún a chur i mbaol. Is tábhachtaí fós an méid sin i bhfianaise an chogaidh san Úcráin, agus dá bhrí sin d’fhéadfaí go mbeadh gá féachaint an athuair ar an togra ón gCoimisiún. Dá thoradh sin, tá CESE tiomanta d’athbhreithniú agus d’fhaireachán leanúnach a dhéanamh ar fhorbairt neamhchinnte thionchar daonna agus ábhartha an ionraidh mhillteanaigh sin, d’fhonn an beart is fearr a roghnú in am trátha. |
4. Barúlacha sonracha
|
4.1. |
Cé go n-aontaíonn CESE go bhfuil foinsí cistiúcháin de dhíth chun Next Generation EU a aisíoc go héifeachtach, ní mór na foinsí cistiúcháin sin a bheith cobhsaí, cothrom ó thaobh na sochaí de agus fabhrach do ghnó. Is riachtanas daingean é an chobhsaíocht, mar an gcéanna leis an tsimplíocht agus an chinnteacht. Go sonrach, ba cheart a áirithiú go mbeidh na córais a tugadh isteach, go háirithe CTA agus SCCT, athléimneach i gcoinne turraingí eacnamaíocha. Ní mór ualaí breise ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí a sheachaint freisin, agus forchoimeádann CESE an ceart aige féin machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh tionchar a bheith ag na foinsí cistiúcháin ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí araon. Sa chomhthéacs sin, molann CESE measúnuithe tionchair níos spriocdhírithe a dhéanamh chun cinneadh a dhéanamh, de réir tíre agus i gcás earnálacha sonracha, ar aon tionchar diúltach ar theaghlaigh agus ar iomaíochas foriomlán ghnólachtaí an Aontais. Bheadh measúnú ar chistí a eisíocadh faoi Next Generation EU ábhartha freisin. |
|
4.2. |
Cé go n-aontaíonn CESE, tar éis athchóiriú cánach na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), gur cheart do na Ballstáit cion den ioncam ó cháin iarmharach a fhabhraíonn chucu a ath-leithdháileadh ar an gCoimisiún mar acmhainn dhílis, níor cheart d’aistriú den sórt sin a bheith ina chúis le hualaí nua ar theaghlaigh ná ar ghnólachtaí. Molann CESE, i gcás inar gá, gur cheart an t-aistriú sin a chomhcheangal le hathchóiriú cánach ar leibhéil eile ionas nach gcuirfear muirir bhreise ar theaghlaigh ná ar ghnólachtaí. |
|
4.3. |
Tá CESE den tuairim gur céim mhór chun cinn é réamh-chomhaontú idirnáisiúnta na cánach corparáide ó ECFE maidir lena áirithiú go ngearrfar cáin ar chuideachtaí corparáideacha domhanda i gcás ina mbíonn gníomhaíocht eacnamaíoch agus cruthú luacha i gceist. Creideann CESE freisin gur féidir leis na rialacha nua cobhsaíocht agus comhleanúnachas a chur ar fáil don chóras cánach idirnáisiúnta. Mar sin féin, creidimid gur cheart cothrom iomaíochta a choinneáil i gcónaí sa chóras idirnáisiúnta cánach. Ba cheart na rialacha nua a chur chun feidhme ag an am céanna san Aontas le príomhnáisiúin trádála agus iomaitheora an Aontais. Thairis sin, ba cheart na rialacha nua a chur i bhfeidhm i gcomhréir le sainmhínithe agus caighdeáin chomhchuibhithe. Tá béim á leagan ag CESE freisin ar an luaineacht a bhaineann le hioncam ó cháin chorparáideach agus ar na deacrachtaí a bhaineann le hioncam na hacmhainne dílse a mheas amach anseo, agus tá sé á chur i bhfios go láidir aige go bhfuil sonraí deiridh chur chun feidhme an chomhaontaithe fós á bplé. I bhfianaise an méid sin, creideann CESE go bhfuil sé róluath na hacmhainní nua sin a mheas mar acmhainní buana de chuid an Aontais, go háirithe nuair nach mór machnamh a dhéanamh ar an bhféidearthacht go mbeidh ar Bhallstáit an Aontais Eorpaigh cion den ioncam cánach a íoc le tríú dlínsí. |
|
4.4. |
Measann CESE gur togra uaillmhianach an togra maidir le hioncam CTA a aistriú ó acmhainn náisiúnta go hacmhainn dhílis. Tá imní ar CESE, áfach, go bhféadfadh sé nach mbeadh dreasacht ann chun truailliú a laghdú go mór mura gcinnteofar gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as. Ina theannta sin, creideann CESE gur cheart an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as a chur i bhfeidhm go cothrom i ngach Ballstát. Mar sin féin, tá an dúshlán fós ann maidir le conas na hioncaim sin a athinfheistiú ar bhealach a rachadh chun tairbhe do phobail. Ina theannta sin, ní mór tionchar an togra seo ar earnálacha amhail margadh na maoine a mheasúnú de réir tíre nó réigiúin, toisc go bhféadfadh rialacha pleanála a bheith éagsúil go minic ó dhlínse go dlínse agus d’fhéadfadh sé go dtiocfadh ardú ar phraghsanna tithíochta mar thoradh ar chostais éifeachtúlachta fuinnimh. Is díol sásaimh do CESE an sásra coigeartaithe dlúthpháirtíochta sealadach a chabhraíonn le rannchuidiú cóir acmhainní dílse ó na Ballstáit uile a áirithiú, agus uasteorainn agus íosteorainn curtha i bhfeidhm i ndáil leis an eochair OIN. Seachnófar leis sin cás ina rannchuideoidh roinnt Ballstát le buiséad an Aontais ar bhealach atá díréireach le méid a ngeilleagar le linn na hidirthréimhse chun geilleagair na mBallstát a dhéanamh níos inbhuanaithe. Os a choinne sin, is ábhar imní do CESE go gcuirfí an Ciste Aeráide Sóisialta i mbaol mura gcuirtear an CTA chun feidhme go hiomlán, agus go dtabharfadh sé sin leithscéal do na Ballstáit an milleán a chur ar an Eoraip as na bearta sin nach bhfuil tóir orthu. |
|
4.5. |
Creideann CESE freisin gur cheart do na hacmhainní dílse nua atá beartaithe tacú le cuspóirí beartais an Aontais Eorpaigh, go háirithe maidir leis an margadh aonair, iomaíochas agus fás inbhuanaithe, agus gur cheart dó leas shaoránaigh an Aontais a fheabhsú san am céanna. |
|
4.6. |
Ábhar imní eile nach mór a chur san áireamh is ea a áirithiú go ndáilfear ualach airgeadais na dtograí go cothrom ar na Ballstáit. Tá béim á leagan ag CESE ar dhifríochtaí struchtúracha na mBallstát, rud a fhágann go rachaidh na tograí ar fad i bhfeidhm ar Bhallstáit éagsúla ar bhealaí éagsúla. Is díol sásaimh do CESE an chaoi a leithdháilfear an Ciste Aeráide Sóisialta go náisiúnta bunaithe ar rachmas coibhneasta na dtíortha agus na réigiún. Mar sin féin, tá sé á chur i bhfios go láidir aige freisin go bhfuil sé ríthábhachtach go gcuirfí na rialacha nua atá beartaithe i bhfeidhm go cothrom ar fud an Aontais. Rud atá chomh tábhachtach céanna is ea nach mbeidh ualach iomarcach riaracháin ar an gCoimisiún Eorpach, ar institiúidí an Aontais ná ar na húdaráis riaracháin náisiúnta de dheasca ríomh, aistriú agus rialú na n-acmhainní dílse nua. |
An Bhruiséil, 18 Bealtaine 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le híosleibhéal domhanda cánachais a áirithiú do ghrúpaí ilnáisiúnta san Aontas. (COM (2021) 823 final).