3.11.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
CI 369/1 |
Líonrú na n‐eagraíochtaí atá ag oibriú sna réimsí a chuimsíonn misean an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (EFSA)
(2020/C 369 I/01)
Foráiltear le hAirteagal 36(2) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 (1) go ndéanfaidh “Bord Bainistíochta [an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia], ag gníomhú dó ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, dréachtú ar liosta, a bheidh le cur ar fáil don phobal, d’eagraíochtaí inniúla atá ainmnithe ag na Ballstáit agus a d’fhéadfadh cabhrú leis an Údarás, ina n‐aonar nó i líonraí, a mhisean a chomhlíonadh.”
Dhréachtaigh Bord Bainistíochta EFSA an liosta den chéad uair an 19 Nollaig 2006 agus, ón uair sin i leith, déantar é:
i. |
a nuashonrú go rialta, bunaithe ar thograí ó Stiúrthóir Feidhmiúcháin EFSA, agus athbhreithnithe nó tograí nua ainmniúcháin ó na Ballstáit á gcur san áireamh (de réir Airteagal 2(4) de Rialachán (CE) Uimh. 2230/2004 ón gCoimisiún (2)); agus |
ii. |
a chur ar fáil don phobal ar shuíomh gréasáin EFSA, áit a bhfoilsítear an liosta is cothroime le dáta d’eagraíochtaí inniúla. |
Tá an fhaisnéis sin faoi seach ar fáil ar láithreán gréasáin EFSA faoi na naisc seo a leanas:
i. |
an leasú is déanaí ar an liosta d’eagraíochtaí inniúla ag Bord Bainistíochta EFSA an [15 Deireadh Fómhair 2020] – [https://www.efsa.europa.eu/en/events/event/84th-management-board-web-meeting]; agus |
ii. |
an liosta nuashonraithe d’eagraíochtaí inniúla – http://www.efsa.europa.eu/en/partnersnetworks/scorg. |
Coinneoidh EFSA an fógra seo cothrom le dáta, go háirithe maidir leis na naisc shuíomh gréasáin atá curtha ar fáil.
Le tuilleadh faisnéise a fháil, téigh i dteagmháil le Cooperation.Article36@efsa.europa.eu.
(1) Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus riachtanais maidir le dlí faoi bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta um shábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).
(2) Rialachán (CE) Uimh. 2230/2004 ón gCoimisiún an 23 Nollaig 2004 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an líonra eagraíochtaí atá ag oibriú sna réimsí a chuimsíonn misean an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (IO L 379, 24.12.2004, lch. 64) arna leasú go deireanach.