1.10.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

16


Rún ó Choiste Eorpach na Réigiún — tograí ó Choiste Eorpach na Réigiún i bhfianaise Chlár Oibre 2021 an Choimisiúin Eorpaigh

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN

ag féachaint don mhéid seo a leanas:

Clár Oibre Coigeartaithe 2020 an Choimisiúin Eorpaigh (1),

an Prótacal maidir le Comhar leis an gCoimisiún Eorpach ó Fheabhra 2012,

tosaíochtaí CnaR dá théarma oifige cúig bliana (2020-2025),

á mholadh don Choimisiún Eorpach na gníomhaíochtaí seo a leanas a chur i gcrích trína Chlár Oibre do 2021:

1.

aghaidh a thabhairt ar an oscailt súl atá i ngéarchéim COVID-19 trí bhéim bhreise a chur ar an dea-bhail shóisialta agus ar inbhuanaitheacht an chomhshaoil laistigh de shamhail an gheilleagair shóisialta margaidh agus, san am céanna, aird a thabhairt ar Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe;

2.

a áirithiú go ndíreofar sa straitéis téarnaimh don tréimhse tar éis na paindéime, straitéis a bheidh ag luí go hiomlán le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais agus leis na gealltanais a thug an tAontas faoi Chomhaontú Pháras, ar shláinte shaoránaigh na hEorpa a chosaint agus ar siúl a chur athuair faoin bhfás eacnamaíoch san Aontas. Agus na dlíthe maidir leis an aeráid á gcur chun feidhme, ní mór aitheantas a thabhairt d’éagsúlacht gheografach, eacnamaíoch agus shóisialta chríocha na hEorpa ina n-iomláine agus prionsabal an rialachais il-leibhéil a threisiú san aistriú i dtreo na haeráidneodrachta;

3.

oibriú i gcomhar le CnaR chun infheictheacht na ngníomhaíochtaí sin agus an tacaíocht phoiblí a thugtar dóibh a mhéadú trína chreat “An Comhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil”;

4.

gné na sláinte a áireamh i gcreat an Chomhaontaithe Ghlais, eadhon trí stíl mhaireachtála fholláin a chur chun cinn do chách, iniúchadh breise a dhéanamh ar na naisc agus na sineirgí atá ann cheana idir an tsláinte, an comhshaol, an fuinneamh, an geilleagar, poist, an t-iomaíochas agus cosaint na haeráide agus, an tráth céanna, straitéis shoiléir a bheartú chun críocha, geilleagair agus sochaithe athléimneacha a thógáil sa tréimhse i ndiaidh na paindéime faoi chuimsiú Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe;

5.

tuilleadh beart a dhéanamh chun an t-ualach atá ar údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a mhaolú agus iarracht á déanamh acu aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim COVID-19 agus na cistí uile atá ar fáil a úsáid chun freastal ar riachtanais chórais sláinte na hEorpa. De dheasca leathadh tapa an víris, tá brú breise á chur ar an gcúram sláinte agus ar an gcúram sóisialta agus, san am céanna, is gá ullmhú a dhéanamh don “dara ráig” den víreas. Ar mhaithe le pleanáil trasteorann i gcás paindéime, ba cheart foirne réigiúnacha géarchéime a chur chun cinn ina bhfuil páirt ag gach leibhéal rialachais, a dhíríonn ar chásanna eipidéimeacha agus a oibríonn thar theorainneacha;

6.

oibriú i gcomhar le CnaR chun cur le feasacht agus cumas na nÚdarás Bainistíochta chun gur féidir leo an leas is fearr is féidir a bhaint as deiseanna a bhaineann leis an gComhaontú Glas agus, an tráth céanna, rochtain níos dírí ar chistí ón Aontas d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha a spreagadh d’fhonn cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach, go háirithe tacaíocht a thabhairt do cheantair teorann trí dhlús a chur le tabhairt isteach an tSásra Trasteorann Eorpaigh;

7.

an Comhshocrú Aeráide a chur chun cinn mar chomhthionscnamh chun an comhar a fheabhsú idir údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus idir na hinstitiúidí Eorpacha agus na saoránaigh agus é mar aidhm dó an t-athrú aeráide a chomhrac agus, san aon am amháin, dul i ngleic leis an ngéarchéim eacnamaíoch atá ann de dheasca phaindéim COVID-19. Bheadh sé mar aidhm dó freisin na geallsealbhóirí uile a thabhairt le chéile chun comhshocruithe aeráide áitiúla a tharraingt suas agus a chur chun feidhme agus dea-chleachtais a mhalartú;

8.

Fóram um Théarnamh Glas a chur ar bun trínar féidir le CnaR, an Coimisiún Eorpach, na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus geallsealbhóirí eile oibriú in éineacht ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais laistigh den chreat nua maidir le téarnamh iarphaindéimeach;

9.

a áirithiú go leanfaidh an uaillmhian maidir le truailliú nialasach agus timpeallacht atá saor ó thocsainí, mar a fhoráiltear sa Chomhaontú Glas, de bheith ina cuid lárnach den Téarnamh Glas. Tá plean gníomhaíochta uaillmhianach maidir leis an truailliú nialasach le haghaidh an aeir, an uisce agus na hithreach riachtanach chun cur leis an gcosaint sláinte go háirithe;

10.

a bheith níos uaillmhianaí i dtaca le straitéis bhithéagsúlachta an Aontais a bheidh ann amach anseo chun stop a chur le cailliúint na bithéagsúlachta agus chun go mbeidh an tAontas ina cheannródaí idirnáisiúnta maidir leis an mbithéagsúlacht a chosaint agus a athbhunú, rud atá bunriachtanach chun tionchar paindéimí amach anseo a chosc nó a laghdú; cur chun feidhme tapa Straitéis Foraoiseachta na hEorpa a chur chun cinn agus a áirithiú go gcuirfear na sásraí cearta i bhfeidhm ar mhaithe lena áirithiú go ndéanfar dea-chleachtais a mhalartú agus cur lena líonmhaireacht;

11.

táirgeadh áitiúil inbhuanaithe bia a chur chun cinn agus na tionscnaimh a fógraíodh sa straitéis “Ón bhFeirm go dtí an Forc” á gcur chun feidhme. Ar an gcaoi sin, caomhnófar an bhithéagsúlacht, an ithir, an t-uisce agus an mhuirthimpeallacht agus áiritheofar go mbeidh leibhéal maith ioncaim ag feirmeoirí an Aontais; san am céanna, praghsanna cothroma margaidh a áirithiú i margadh cothrom do tháirgeoirí talmhaíochta tríd an táirgeadh a oiriúnú d’éileamh an mhargaidh ar bhealach atá ceangailteach i gcoitinne; a áirithiú go dtacófar le feirmeoirí agus le ceantair thuaithe agus na hathruithe struchtúracha is gá á ndéanamh acu don aistriú chuig córais bhia níos inbhuanaithe;

12.

plean gníomhaíochta a chur i gcrích le haghaidh chur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a chuideoidh le gné shóisialta an Aontais a threisiú agus le tionchar na n-aistrithe glasa agus digiteacha a mhaolú. Cuireann CnaR i bhfios go láidir go bhfuil gné chríochach láidir ag baint le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus gur cheart an scórchlár sóisialta, nach dtaispeánann faoi láthair ach na meáin náisiúnta, a threisiú le sonraí réigiúnacha breise;

13.

Ráthaíocht Eorpach i dtaobh Leanaí a thugann aghaidh ar bhochtaineacht agus eisiamh leanaí san Aontas a chomhtháthú sa phlean maidir le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta;

14.

fiosrú a dhéanamh ar acmhainneacht an gheilleagair shóisialta agus “Plean Gníomhaíochta don Gheilleagar Sóisialta” a ullmhú, agus a n-ionchorprófaí a bhunphrionsabail i mbeartais shocheacnamaíocha éagsúla de chuid an Aontais Eorpaigh, rud a chuirfeadh le haistriú glas agus cóir agus le plean téarnaimh sa ré iar-COVID-19 ina laghdófaí an bhearna idir an t-oideachas, scileanna agus poist, ina dtabharfaí tús áite don dífhostaíocht i measc na hóige agus ina gcuirfí cothromaíocht inscne chun cinn;

15.

togra a ullmhú maidir le hathchóiriú uaillmhianach ar an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis, ina gcuimseofar an cuspóir maidir le hairgeadas poiblí inbhuanaithe agus na ceachtanna a foghlaimíodh ó ghéarchéim an choróinvíris;

16.

cuidiú le hinfheistíochtaí poiblí agus príobháideacha a spreagadh a bhféadfadh fíorthionchar a bheith acu ar an bhfíorgheilleagar ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach agus aird a thabhairt, san am céanna, ar chás sonrach na réigiún is forimeallaí;

17.

togra a ullmhú go luath chun go ndéanfar athchóiriú domhain ar an Seimeastar Eorpach agus ar rialachas eacnamaíoch an Aontais chun bogadh i dtreo próiseas atá trédhearcach, cuimsitheach agus daonlathach. I ngeall ar an nasc láidir atá idir an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus an Seimeastar Eorpach, is mó an gá práinneach atá le hathchóiriú chun tuilleadh láraithe agus cur chuige ón mbarr anuas a sheachaint maidir leis na pleananna téarnaimh. B’fhearr sin a dhéanamh seachas tosaíocht a thabhairt do chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach i measc na mBallstát agus laistigh díobh agus don infheistíocht phoiblí ar ardcháilíocht atá ag teastáil le haghaidh théarnamh inbhuanaithe an Aontais. Ba cheart a chomhtháthú sa leagan athchóirithe den Seimeastar Eorpach, agus é ina phríomhstraitéis eacnamaíoch don Eoraip lena gcuirtear na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe chun feidhme ar fud an Aontais, prionsabail na comhpháirtíochta, an rialachais il-leibhéil, mar aon le gné chríochach, ar bhonn an togra ó CnaR maidir le Cód Iompair do rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach sa Seimeastar ar an leibhéal náisiúnta agus do rannpháirtíocht Choiste Eorpach na Réigiún ar an leibhéal Eorpach;

18.

aghaidh a thabhairt ar leochaileacht luachshlabhraí Eorpacha a nochtadh le linn ghéarchéim COVID-19; na lúbanna ar lár a aithint agus foinsí i slabhraí soláthair an Aontais a éagsúlú trína spleáchas ar thíortha aonair a laghdú, trí bhonn tionsclaíoch na hEorpa a neartú ar dhóigh inbhuanaithe agus trí uathriail thionsclaíoch straitéiseach an Aontais a dhaingniú; beartas maidir le braislí a cheapadh mar chuid lárnach d’aon bheartas tionsclaíoch de chuid an Aontais a bheidh oiriúnach go leor chun forbairt braislí Eorpacha den chéad scoth a neartú trína ndéanfar braislí, líonraí agus éiceachórais réigiúnacha a nascadh;

19.

a bheith teann ar chur chun feidhme níos fearr na gcaibidlí maidir leis an Trádáil agus an Fhorbairt Inbhuanaithe i gcomhaontuithe trádála an Aontais agus díriú ar thionchar socheacnamaíoch agus críochach na gcomhaontuithe trádála a fheabhsú, lena n-áirítear an comhaontú a bheidh ann amach anseo leis an Ríocht Aontaithe, trí anailísí geografacha agus earnála níos sonraí a chur fáil agus, an tráth céanna, coinníollachtaí na gcaibidlí maidir leis an Trádáil agus an Fhorbairt Inbhuanaithe i gcomhaontuithe saorthrádála a neartú. Tá CnaR ar aon intinn leis an gCoimisiún Eorpach nach bhféadfaidh trádáil shaor, chóir agus oscailte feidhmiú ach amháin má tá Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) láidir agus éifeachtach ann agus tacaíonn sé le rún an Choimisiúin tionscnamh cuimsitheach maidir le hathchóiriú EDT a sheoladh;

20.

a áirithiú go mbeidh údaráis áitiúla agus réigiúnacha rannpháirteach go hiomlán in ullmhú agus i gcur chun feidhme na gComhaontuithe Comhpháirtíochta agus na gclár do thréimhse 2021-2027;

21.

a áirithiú nach ndéanfaí cumhachtaí a lárú ná nach mbainfí sainphribhléidí na n-údarás áitiúil agus réigiúnach de thoradh solúbthacht bhreise a dheonú i ndáil le húsáid na gcistí comhtháthaithe agus sna rialacha maidir le státchabhair, solúbthacht a bhfuil gá léi chun tacú le téarnamh na réigiún agus na gcathracha agus na gceantar tuaithe ó ghéarchéim COVID-19;

22.

leas a bhaint as an taithí a fuarthas ón gClár Oibre Uirbeach don Aontas agus ó Chairt athnuaite Leipzig chun Cruinniú Mullaigh Uirbeach a reáchtáil maidir le forbairt uirbeach inbhuanaithe;

23.

cur leis an togra maidir leis an “rabharta athchóiriúcháin”, maille le plean gníomhaíochta na Comhpháirtíochta Uirbí maidir le tithíocht arna ghlacadh i Samhain 2018, chun Clár Oibre Eorpach le haghaidh Tithíochta a ullmhú lena gcoinneofaí an tithíocht ina gné lárnach de bheartais an Aontais a bhfuil tionchar acu uirthi;

24.

togra a ullmhú chun go gcuirfí Clár Oibre an Aontais um Cheantair Thuaithe ar bun atá comhleanúnach agus uaillmhianach agus atá dírithe go háirithe ar chríocha iargúlta a ndéantar faillí orthu go minic. Ar an gcaoi sin, d’fhéadfaí nasc níos fearr a chothú le saoránaigh a bhfuil cónaí orthu i gceantair thuaithe agus atá, dar ndóigh, níos scoite amach ó chórais rialachais láraithe. Dá ndéanfaí athbheochan ar bhailte agus pobail tuaithe, léireofaí tacaíocht fhollasach an Aontais agus neartófaí dlisteanacht an Aontais ar an leibhéal áitiúil;

25.

freagairt láidir a thabhairt ar na dúshláin atá roimh earnáil turasóireachta na hEorpa trí mhaoiniú gearrthéarmach agus straitéis fhadtéarmach téarnaimh i ndiaidh géarchéime a chur ar fáil, rud a d'fhágadh go mbeadh an earnáil níos athléimní agus níos inbhuanaithe amach anseo. Dá bhrí sin, ní mór a áirithiú leis an mbeartas comhtháthaithe i mbuiséad fadtéarmach an Aontais do 2021-2027 go mbainfear leas níos fearr as acmhainneacht earnálacha an chultúirt agus na turasóireachta. Táthar fós ag díriú ar an iomaíochas eacnamaíoch tríd an taighde agus an nuálaíocht, tríd an aistriú digiteach agus tríd an gClár Oibre Eorpach don Turasóireacht Eorpach;

26.

an Plean Gníomhaíochta nuashonraithe don Oideachas Digiteach a chur chun feidhme chun aird iomlán a thabhairt ar thionchar COVID-19 agus ar na coinníollacha nua le haghaidh an oideachais agus na hoiliúna. A bhuí leis an bPlean Gníomhaíochta sin, ba cheart go gcuirfí dlús le forbairt thapa na n-uirlisí cianoideachais i réigiúin, i gcathracha, i gceantair thuaithe, i réigiúin bheagfhorbartha, go háirithe i scoileanna agus, ar an gcaoi sin, bheadh scileanna digiteacha agus meán ina ndlúthchuid den fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus bheadh an Plean ina ardán maidir le comhroinnt dea-chleachtas idir cathracha agus réigiúin Eorpacha agus ar fud an domhain;

27.

páirt ghníomhach a thabhairt d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha i gcur i gcrích an Mhargaidh Aonair Dhigitigh trí leas a bhaint as an ról lárnach atá acu ó thaobh seirbhísí digiteacha a sholáthar do shaoránaigh agus ó thaobh bonneagar digiteach a chruthú agus a bhainistiú; a áirithiú go ndéanfar dlúthfhaireachán agus tomhas ar phróisis an chlaochlaithe dhigitigh inbhuanaithe i réigiúin agus cathracha na hEorpa agus béim á leagan ar an deighilt idir ceantair uirbeacha agus ceantair thuaithe;

28.

maoiniú breise agus oideachas a chur ar fáil maidir le soláthar tapa agus cuimsitheach an bhonneagair dhigitigh agus, go háirithe, 5G san Aontas, lena n-áirítear trí bhíthin chiste téarnaimh de chuid an Aontais a bheidh ann amach anseo agus, san am céanna, nasc leathanbhanda níos tapa agus an trealamh is gá a ráthú i gceantair thuaithe, shléibhtiúla agus oileánacha, sna réigiúin is forimeallaí agus i gceantair a bhfuil dúshláin dhéimeagrafacha rompu;

29.

tacú le Limistéar Eorpach Oideachais a sheoladh faoi 2025 i ndlúthchomhar leis an Limistéar Eorpach Taighde d'fhonn oideachas agus oiliúint ar ardcháilíocht, maille le comhionannas agus cothroime san oideachas, a áirithiú mar fhreagairt ar an athrú déimeagrafach agus ar imirce daoine oilte; CnaR a dhéanamh rannpháirteach i gceapadh agus i gcur chun feidhme na mbeart le haghaidh an oideachais agus na hoiliúna a bheidh ann amach anseo agus i gcur chun feidhme an Chláir Oibre Nua Scileanna don Eoraip agus an Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach;

30.

meastóireacht atá bunaithe ar an eolaíocht a chur i láthair maidir le tionchar COVID-19 ar an athrú déimeagrafach agus a áirithiú go mbeidh na cinntí a dhéanfar amach anseo saincheaptha do riachtanais agus sainiúlachtaí áitiúla;

31.

tús áite a thabhairt don tacaíocht d’eagraíochtaí – lena n-áirítear eagraíochtaí neamhbhrabúis – chomh maith le FBManna, ealaíontóirí aonair agus fostaithe in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta atá buailte go dona ag ráig COVID-19. Agus creat straitéiseach reatha an Aontais don chultúr á fheabhsú agus mar chuid de Chlár nua Eoraip na Cruthaitheachta, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar chreatlach shaibhir chultúrtha na hEorpa a neartú agus a chosaint, agus ar shainiúlachtaí réigiúnacha agus áitiúla agus an oidhreacht;

32.

a áirithiú gur chuig na pobail áitiúla a rachaidh an cúnamh a thabharfaidh an tAontas i ndiaidh na géarchéime do na tíortha is iarrthóirí agus na tíortha is iarrthóirí ionchasacha agus go ndéanfar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha atá bunriachtanach chun dlisteanacht dhaonlathach rannpháirtíocht an Aontais a bhunú sna tíortha sin a rannpháirtiú agus a chumhachtú go leormhaith agus, san am céanna, go leanfar d’aird a tharraingt ar na contúirtí a bhaineann leis nuair a dhéanann duine nó grúpa cumhachtaí an rialtais áitiúil a ghabháil chucu féin (local state capture), rud a chuireann bunsraith an daonlathais i mbaol, agus aghaidh a thabhairt ar na contúirtí sin;

33.

tacaíocht ón Aontas atá dírithe ar riachtanais na n-údarás áitiúil agus réigiúnach agus a gcomhlachas a mhéadú go háirithe i dtíortha comhpháirtíochta sa Mheánmhuir Theas agus i gComhpháirtíocht an Oirthir d’fhonn dinimicí nua a chruthú le haghaidh athchóirithe díláraithe agus d'fhonn torthaí i réimse an rialachais a fheabhsú, mar aon le hinfheictheacht shochair bheartais an Aontais ar fud na gcríoch agus na leibhéal rialachais sna tíortha comhpháirtíochta a threisiú. Ba cheart a áireamh leis sin Scoil Riaracháin Phoiblí de chuid Chomhpháirtíocht an Oirthir a bhunú, mar atá molta sa Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le Beartas Chomhpháirtíocht an Oirthir tar éis 2020;

34.

rannchuidiú le gnóthú na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, lena n-áirítear trí údaráis áitiúla agus réigiúnacha sna tíortha comhpháirtíochta a dhéanamh rannpháirteach agus trí thacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí comhair idir piaraí i spiorad na comhpháirtíochta agus na dlúthpháirtíochta, go háirithe i bhfianaise mhórthionchair dhomhanda phaindéim COVID-19 agus na mbeart a rinneadh chun srian a choinneáil uirthi;

35.

páirt a thabhairt do rialtais áitiúla agus réigiúnacha i gcur chun feidhme Straitéis an Aontais maidir le Comhionannas Inscne agus sa phróiseas faireacháin uirthi agus bearta agus uirlisí athléimneachta i gcoinne iarmhairtí ghéarchéim COVID-19 do shaincheisteanna inscne a ionchorprú inti;

36.

leas a bhaint as an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa mar dheis thráthúil chun machnamh a dhéanamh, in éineacht le saoránaigh agus le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, ar an Aontas mar thionscadal atá bunaithe ar luachanna bunúsacha, amhail an daonlathas agus an smacht reachta, agus ar na hathruithe is gá a dhéanamh ar chreat institiúideach reatha an Aontais chun a éifeachtacht agus a dhlisteanacht a fheabhsú, mar aon le braistint na saoránach go bhfuil “úinéireacht” acu ar an tionscadal Eorpach;

37.

CnaR agus na parlaimintí náisiúnta agus réigiúnacha a bhfuil cumhachtaí reachtacha acu a dhéanamh rannpháirteach go hiomlán i gcomhlachtaí uile na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa agus an próiseas a thabhairt chomh gar do na saoránaigh agus is féidir; oibriú i gcomhar le CnaR chun samhail phíolótach a fhorbairt le haghaidh idirphlé buan struchtúrtha leis na saoránaigh trí na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, rud a d'fhágadh go mbeadh próiseas cumarsáide dhá threo ann idir na saoránaigh agus institiúidí an Aontais, rud a d’fhéadfadh cinnteoireacht an Aontais a fheabhsú san fhadtéarma;

38.

dlús a chur le hiarrachtaí chun an bhréagaisnéis a chomhrac ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach trí thacú le seiceálaithe fíricí neamhspleácha, leis an litearthacht sna meáin agus le hiriseoireacht ar ardchaighdeán agus, san am céanna, béim a leagan air nár cheart an comhrac i gcoinne na bréagaisnéise a úsáid mar chúis chun cinsireacht a dhéanamh ná srian a chur leis an tsaoirse tuairimíochta;

39.

cur chuige cuimsitheach a ghlacadh i leith beartais imirce, lánpháirtíochta agus tearmainn bunaithe ar phrionsabail a bhaineann leis an urraim do chearta bunúsacha an duine, ar an gcoimhdeacht, ar an dlúthpháirtíocht agus ar oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus na mBallstát; a áirithiú go ndéanfar iarrachtaí comhpháirteacha níos fearr d’fhonn teorainneacha seachtracha an Aontais a chosaint agus an comhrac i gcoinne na himirce neamhrialta agus na gáinneála ar dhaoine a threisiú i gcomhar le comhpháirtithe an Aontais agus le tíortha tionscnaimh agus idirthurais; tacaíocht d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha a neartú i ndáil leis an ról bunriachtanach atá acu sna beartais lánpháirtíochta;

40.

leanúint den chomhar rathúil le CnaR i dtaca le Rialáil Níos Fearr agus le cur chun cinn choincheap na “coimhdeachta gníomhaí”, go háirithe trí thionscnamh Líonra na Mol Réigiúnach le haghaidh athbhreithniú ar chur chun feidhme bheartais an Aontais (RegHub) agus an ról nua atá aige san Ardán “Fit for Future” (Ullamh don Todhchaí) agus trí thacú le CnaR RegHub 2.0 a fhorbairt chun go bhféadfadh sé a bheith níos éifeachtaí agus aiseolas tráthúil a thabhairt bunaithe ar thaithí an úsáideora ar chur chun feidhme bheartais an Aontais ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach; na prionsabail sin a dheimhniú agus forbairt a dhéanamh orthu sa Teachtaireacht maidir le Rialáil Níos Fearr atá á hullmhú ag an gCoimisiún faoi láthair;

41.

aird a thabhairt ar na díospóireachtaí a rinneadh i bparlaimintí náisiúnta ar Chlár Oibre an Choimisiúin Eorpaigh don todhchaí, i ndiaidh na gconclúidí ó Thascfhórsa an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Coimhdeacht agus Comhréireacht agus ón treoirthionscadal a sheol Coiste Eorpach na Réigiún agus Comhdháil na dTionól Reachtach Réigiúnach san Eoraip (CALRE).

Tá CnaR á threorú dá Uachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig institiúidí an Aontais Eorpaigh agus chuig na hUachtaránachtaí ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

An Bhruiséil,2 Iúil 2020.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Apostolos TZITZIKOSTAS


(1)  COM(2020) 440 final.