5.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/5


Faisnéis ón gCoimisiún maidir le neamhfheidhmiú forálacha áirithe de Rialachán (AE) 2020/698 ag Lucsamburg

Ráig COVID-19

(Rialachán (AE) 2020/698 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 lena leagtar síos bearta sonracha agus sealadacha i bhfianaise ráig COVID-19 i dtaca le hathnuachan nó síneadh ama deimhnithe, ceadúnas agus údaruithe áirithe agus cur ar athlá seiceálacha tréimhsiúla áirithe mar aon le hoiliúint thréimhsiúil i réimsí áirithe den reachtaíocht maidir le hiompar (IO L 165, 27.5.2020, lch. 10))

(2020/C 189/05)

Fógra: ó Lucsamburg

I gcomhréir leis na forálacha ábhartha de Rialachán (AE) 2020/698 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle , chuir Lucsamburg an Coimisiún ar an eolas an 3 Meitheamh 2020 maidir lena chinneadh gan fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) 2020/698 a chur i bhfeidhm.

Forálacha de Rialachán (AE) 2020/698 ar chinn Lucsamburg gan iad a chur i bhfeidhm:

Airteagal 3(1) maidir le bailíocht ceadúnas tiomána faoi Threoir 2006/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1);

Airteagal 4(1) maidir le cigireachtaí rialta tacagraf in iompar de bhóthar faoi Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2);

Airteagal 4(2) maidir le hathnuachan cártaí tiománaí faoi Rialachán (AE) Uimh. 165/2014;

Airteagal 4(3) maidir le hionadú cártaí tiománaí faoi Rialachán (AE) Uimh. 165/2014;

Airteagal 5(1) maidir le teorainneacha ama i leith na dtástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta ar mhótarfheithiclí agus ar leantóirí mótarfheithiclí faoi Threoir 2014/45/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3);

Airteagal 5(2) maidir le bailíocht deimhnithe ródacmhainneachta faoi Threoir 2014/45/AE;

Airteagal 7(1) maidir le bailíocht ceadúnais Comhphobail le haghaidh tarlú de bhóthar faoi Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4);

Airteagal 7(2) maidir le bailíocht an fhianaithe tiománaí faoi Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009;

Airteagal 8(1) maidir le bailíocht ceadúnais Comhphobail le haghaidh iompar paisinéirí faoi Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5);

Airteagal 11(1) maidir le hathnuachan ceadúnas do thiománaithe traenach faoi Threoir 2007/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6);


(1)  Treoir 2006/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le ceadúnais tiomána (IO L 403, 30.12.2006, lch. 18).

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar (IO L 60, 28.2.2014, lch. 1).

(3)  Treoir 2014/45/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tástálacha tréimhsiúla ródachmhainneachta ar mhótarfheithiclí agus ar leantóirí mótarfheithiclí agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/40/CE (IO L 127, 29.4.2014, lch. 51).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar (IO L 300, 14.11.2009, lch. 72).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta do sheirbhísí cóiste agus bus agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 (IO L 300, 14.11.2009, lch. 88).

(6)  Treoir 2007/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le deimhniúchán a dhéanamh ar thiománaithe traenach a bhfuil innill féinghluaiste agus traenacha á n-oibriú acu i gcóras iarnróid an Chomhphobail (IO L 315, 3.12.2007, lch. 51).