An Bhruiséil,10.12.2020

COM(2020) 830 final

2020/0366(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2403 maidir le húdaruithe iascaireachta le haghaidh shoithí iascaireachta an Aontais in uiscí na Ríochta Aontaithe agus maidir le hoibríochtaí iascaireachta shoithí na Ríochta Aontaithe in uiscí an Aontais


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

De bhun Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 1 (Bun‑Rialachán an Chomhbheartais Iascaigh), tá rochtain chothrom ag soithí iascaireachta an Aontais ar uiscí an Aontais agus ar acmhainní faoi réir rialacha an Chomhbheartais Iascaigh. Ó dheireadh na hidirthréimhse, ní bheidh feidhm a thuilleadh ag an gComhbheartas Iascaigh maidir leis an Ríocht Aontaithe. Ní bheidh uiscí na Ríochta Aontaithe (an fharraige teorann agus an limistéar eacnamaíoch eisiach máguaird) mar chuid d'uiscí an Aontais a thuilleadh ansin.

Chun inbhuanaitheacht an iascaigh a ráthú agus i bhfianaise thábhacht an iascaigh le haghaidh slí bheatha eacnamaíoch cuid mhór pobal, tá sé tábhachtach go mbeidh an deis ann fós socruithe a dhéanamh le go mbeidh rochtain chómhalartach ag soithí an Aontais agus ag soithí na Ríochta Aontaithe ar uiscí a chéile tar éis an 31 Nollaig 2020 go dtí go dtabharfar comhaontú iascaigh i gcrích leis an Ríocht Aontaithe. Is é cuspóir an Rialacháin seo an creat dlíthiúil iomchuí a chruthú le haghaidh rochtain den sórt sin.

De réir mar a fhoráiltear i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 ("UNCLOS") agus i gComhaontú na Náisiún Aontaithe maidir le Forálacha Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 i ndáil le Caomhnú agus le Bainistiú Stoc Éisc Traslimistéir agus Stoc Éisc Mórimirceach an 4 Lúnasa 1995 ("UNFSA") a chur chun feidhme, chun stoic éisc áirithe chomhroinnte, stoic éisc traslimistéir áirithe agus stoic éisc mhórimirceacha áirithe a bhainistiú teastaíonn comhar gach tíre a bhfuil an stoc ina huiscí (na Stáit chósta) agus na tíortha a saothraíonn a gcabhlaigh an stoc sin (na Stáit iascaireachta). Féadfar an comhar sin a bhunú faoi chuimsiú socruithe ad hoc i measc na dtíortha a bhfuil leas san iascach acu.

Ní mór teacht ar chomhaontú maidir le deiseanna iascaireachta don bhliain 2021, agus ní mór don Ríocht Aontaithe iad a chomhaontú freisin. Beidh na socruithe sin ina mbonn do chobhsaíocht gníomhaíochtaí iascaireachta agus ní mór iad a bhunú agus lánurraim á tabhairt do na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 61 agus 62 de UNCLOS. Ba cheart é a bheith d'aidhm ag na socruithe sin saothrú inbhuanaithe ar bheo-acmhainní muirí mar aon le cobhsaíocht laistigh d'uiscí an Aontais agus d'uiscí na Ríochta Aontaithe a áirithiú.

Le Rialachán (AE) 2017/2403 2 (Rialachán SMEFF) leagtar amach na rialacha a bhaineann le hoibríochtaí iascaireachta a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais in uiscí tríú tír agus soithí tríú tír in uiscí an Aontais.

Maidir le hoibríochtaí iascaireachta a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais in uiscí tríú tír, déantar foráil le SMEFF go bhféadfaidh Ballstát brataí údaruithe díreacha a dheonú don oibreoir agus bunaítear leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta le haghaidh na húdaruithe sin a dheonú. I bhfianaise líon na soithí iascaireachta de chuid an Aontais a dhéanann gníomhaíochtaí iascaireachta in uiscí na Ríochta Aontaithe, d'fhéadfadh moilleanna móra teacht as na coinníollacha agus as na nósanna imeachta sin mar aon le méadú ar an ualach riaracháin i gcás ina n‑údaróidh an Ríocht Aontaithe do shoithí an Aontais iascaireacht a dhéanamh in uiscí na Ríochta Aontaithe. Is gá coinníollacha agus nósanna imeachta sonracha a bhunú chun a éascú don Ríocht Aontaithe údarú a thabhairt do shoithí iascaireachta an Aontais chun gníomhaíochtaí iascaireachta a oibriú in uiscí na Ríochta Aontaithe. Ba cheart na coinníollacha agus na nósanna imeachta sin a bheith comhionann leis na ceanglais údarúcháin a leagtar síos le SMEFF do shoithí tríú tír a dhéanann gníomhaíochtaí iascaireachta in uiscí an Aontais.

Ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha sonracha dá bhforáiltear sa togra seo ón lá tar éis dheireadh na hidirthréimhse. Tá deonú údaruithe faoi réir phrionsabal na ‘cómhalartachta’, i.e. ar choinníoll go leathnóidh an Ríocht Aontaithe cearta rochtana ionas go bhféadfaidh soithí an Aontais gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh in uiscí na Ríocht Aontaithe ar bhonn atá sásúil don Aontas. Dá réir sin, ní dheonófar údaruithe ach amháin má thugann agus a mhéid a thugann an Ríocht Aontaithe údaruithe do shoithí an Aontais chun úsáid a bhaint as deiseanna iascaireachta a leithdháiltear orthu.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Neamhbhainteach

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Neamhbhainteach

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é is bunús dlí don togra seo Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. 

Coimhdeacht

Réimse inniúlachta eisiaiche de chuid an Aontais is ea CBI agus rialú an chéanna de bhun Airteagal 3(d) den Chonradh agus níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta dá bhrí sin.

Leis an ngníomh atá beartaithe, leasófaí Rialachán (AE) Uimh. 2017/2403 ón Aontas, ionas go dtabharfaí bunús dlí i ndlí an Aontais lena ndéanfaí foráil maidir leis an bhféidearthacht go ndéanfadh soithí na Ríochta Aontaithe gníomhaíochtaí iascaireachta in uiscí an Aontais agus go dtabharfaí nósanna imeachta údarúcháin isteach do lucht soithí ar mian leo iascaireacht a dhéanamh in uiscí na Ríochta Aontaithe, ar nósanna imeachta iad a bheadh simplithe agus níos éifeachtúla ná mar a bhí. Dá bhrí sin, is gá gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais agus ní fhéadfaí an toradh a bhaint amach trí ghníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal na mBallstát mar gheall ar inniúlacht eisiach an Aontais.

Comhréireacht

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta. Meastar gur Rialachán comhréireach an Rialachán atá beartaithe mar is é is aidhm dó a áirithiú go bhféadfaí an status quo a áirithiú ó thaobh rochtain shoithí iascaireachta an Aontais ar uiscí na Ríochta Aontaithe trí choinníollacha údarúcháin cómhalartacha a leagan síos. Ar an gcaoi sin, seachnófar cur isteach mór agus moilleanna móra ar na nósanna imeachta údarúcháin.

An rogha ionstraime

Is leasú ar Rialachán an gníomh seo.

An togra seo a chur chuig na parlaimintí náisiúnta

Ní mór dréachtghníomhartha reachtacha, lena n‑áirítear tograí ón gCoimisiún, a seoladh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, a chur ar aghaidh chuig na parlaimintí náisiúnta i gcomhréir leis an bPrótacal (Uimh. 1) maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, prótacal atá i gceangal leis na Conarthaí.

De réir Airteagal 4 den Phrótacal, ní mór tréimhse ocht‑seachtaine a bheith ann idir an t‑am a chuirtear dréachtghníomh reachtach ar fáil do na parlaimintí náisiúnta agus an dáta a chuirtear ar chlár oibre sealadach na Comhairle é lena ghlacadh nó le seasamh a ghlacadh faoi nós imeachta reachtach.

D'fhéadfadh eisceachtaí faoi Airteagal 4 a bheith ann i gcásanna práinne, áfach, agus ní mór cúiseanna na n‑eisceachtaí a lua sa ghníomh nó sa seasamh ón gComhairle.

I bhfianaise an ghá atá ann foráil a dhéanamh maidir le nósanna imeachta chun oibríochtaí iascaireachta inbhuanaithe a údarú in uiscí na Ríochta Aontaithe agus an Aontais, ar a dhéanaí faoin lá tar éis an lae a scoirfidh dlí an Aontais d'fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe, agus ós rud é gur gá foráil a dhéanamh maidir le nósanna imeachta chun oibríochtaí iascaireachta inbhuanaithe a údarú in uiscí na Ríochta Aontaithe agus an Aontais ar bhonn na cómhalartachta faoin lá sin ar a dhéanaí, chun scor tobann oibríochtaí iascaireachta sna huiscí sin a sheachaint, ní mór a mheas go bhfuil sé práinneach an togra seo a ghlacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle. Meastar, dá bhrí sin, gurb iomchuí dul ar iontaoibh eisceachta ón tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Níl sin infheidhme ós cás uathúil sealadach eisceachtúil é an cás arb éigean an togra seo a bheartú dá bharr nach mbaineann le cuspóirí na reachtaíochta atá ann cheana.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

D'ardaigh páirtithe leasmhara iascaigh agus ionadaithe éagsúla de chuid na mBallstát na dúshláin a eascraíonn as tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas mar aon le réitigh fhéideartha. Leag na hoibreoirí, na páirtithe leasmhara agus na Ballstáit lena mbaineann go léir béim ar an ngá atá le gníomhaíochtaí iascaireachta inbhuanaithe cómhalartacha a dheimhniú.

Bailiú agus úsáid saineolais

Neamhbhainteach

Measúnú tionchair

Ní gá measúnú tionchair a dhéanamh, ós rud é gur cás eisceachtúil é agus nach bhfuil ach beagán riachtanas ag baint leis an tréimhse ina gcuirfear chun feidhme athrú stádais na Ríochta Aontaithe. Níl aon rogha bheartais ar fáil atá éagsúil ó thaobh ábhair agus dlí de, ach amháin an rogha atá beartaithe.    

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Neamhbhainteach

Cearta bunúsacha

Níl aon iarmhairt ag an togra seo ar chosaint ceart bunúsach.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleacht bhuiséadach ag an togra.

5.EILIMINTÍ EILE

Neamhbhainteach

2020/0366 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2403 maidir le húdaruithe iascaireachta le haghaidh shoithí iascaireachta an Aontais in uiscí na Ríochta Aontaithe agus maidir le hoibríochtaí iascaireachta shoithí na Ríochta Aontaithe in uiscí an Aontais

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 3 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)An 29 Márta 2017, chuir an Ríocht Aontaithe isteach fógra á rá go raibh rún aici tarraingt siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

(2)Sa Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach ('an Comhaontú um Tharraingt Siar') tá socruithe chun forálacha dhlí an Aontais a chur i bhfeidhm maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe tar éis an dáta a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe. Beidh feidhm ag an gComhbheartas Iascaigh (CBI) maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe le linn na hidirthréimhse i gcomhréir leis an gcomhaontú sin agus scoirfidh sé d'fheidhm a bheith aige an 31 Nollaig 2020.

(3)Nuair a scoirfidh feidhm de bheith ag CBI maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe, ní bheidh uiscí na Ríochta Aontaithe (an fharraige teorann agus an limistéar eacnamaíoch eisiach máguaird) mar chuid d'uiscí an Aontais a thuilleadh. Dá bhrí sin, in éagmais comhaontú iascaigh leis an Ríocht Aontaithe, tá an baol ann nach mbeidh soithí an Aontais ná soithí na Ríochta Aontaithe in ann leas iomlán a bhaint as na deiseanna iascaireachta a d'fhéadfadh a bheith ar fáil don bhliain 2021.

(4)Chun inbhuanaitheacht an iascaigh a ráthú, agus i bhfianaise thábhacht an iascaigh le haghaidh slí bheatha eacnamaíoch cuid mhór pobal san Aontas agus sa Ríocht Aontaithe, ba cheart an deis a choinneáil ar bun socruithe a dhéanamh le go mbeidh rochtain chómhalartach ag soithí an Aontais agus ag soithí na Ríochta Aontaithe ar uiscí a chéile tar éis an 31 Nollaig 2020. Ba cheart, dá bhrí sin, go gcruthófaí leis an Rialachán seo an creat dlíthiúil iomchuí le haghaidh rochtain chómhalartach den sórt sin.

(5)Maidir le raon feidhme críochach an Rialacháin seo agus aon tagairt don Ríocht Aontaithe ann, ní áirítear Giobráltar ann.

(6)Tá deiseanna iascaireachta don bhliain 2021 le bunú ag an Aontas agus ag an Ríocht Aontaithe agus lánurraim á tabhairt do na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 61 agus 62 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige 4 . Chun saothrú inbhuanaithe ar bheo-acmhainní muirí agus cobhsaíocht laistigh d'uiscí an Aontais agus d'uiscí na Ríochta Aontaithe a áirithiú, socrófar na leithdháiltí agus na scaireanna cuótaí maidir leis na Ballstáit agus leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir leis an dlí is infheidhme de chuid an Aontais agus na Ríochta Aontaithe faoi seach.

(7)I bhfianaise phatrúin iascaireachta sheanbhunaithe shoithí na Ríochta Aontaithe in uiscí an Aontais agus a mhalairt, agus chun rochtain chómhalartach a fháil ar uiscí, ba cheart don Aontas foráil a dhéanamh maidir le sásra do shoithí na Ríochta Aontaithe chun rochtain a fháil ar uiscí an Aontais trí bhíthin údaruithe, chun bheith in ann iascaireacht a dhéanamh ar na scaireanna cuóta a leithdháilfear ar an Ríocht Aontaithe, faoi na coinníollacha céanna a bhfuil feidhm acu maidir le soithí an Aontais. Níor cheart údaruithe iascaireachta den sórt sin a dheonú ach amháin má leanann agus a mhéid a leanann an Ríocht Aontaithe de bheith ag cur údaruithe ar fáil do shoithí an Aontais chun leanúint d'iascaireacht a dhéanamh laistigh d'uiscí na Ríochta Aontaithe.

(8)Le Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 5 leagtar amach na rialacha maidir le húdaruithe iascaireachta a eisiúint do shoithí agus údaraithe a bhainistiú le haghaidh soithí in uiscí faoi cheannasacht nó faoi dhlínse tríú tír agus do shoithí iascaireachta tríú tír agus iad i mbun oibríochtaí iascaireachta in uiscí an Aontais.

(9)Go háirithe, leis an Rialachán sin leagtar síos rialacha maidir le hoibríochtaí iascaireachta a dhéanann soithí iascaireachta an Aontais in uiscí tríú tír lasmuigh de chreat comhaontaithe, agus déantar foráil ann go bhféadfaidh Ballstát brataí údaruithe díreacha a dheonú agus bunaítear na coinníollacha agus na nósanna imeachta le haghaidh deonú údaruithe den sórt sin. Ag cur san áireamh líon shoithí iascaireachta an Aontais a dhéanann gníomhaíochtaí iascaireachta in uiscí na Ríochta Aontaithe, bheadh moilleanna nach beag ann mar gheall ar na coinníollacha agus na nósanna imeachta sin agus bheadh ualach breise riaracháin ann in éagmais comhaontú um tharraingt siar nó comhaontú iascaigh. Dá bhrí sin, is gá foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha agus nósanna imeachta sonracha chun eisiúint na núdaruithe do shoithí iascaireachta an Aontais a éascú don Ríocht Aontaithe le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta a oibriú in uiscí na Ríochta Aontaithe.

(10)Is gá maolú ar na rialacha is infheidhme maidir le soithí iascaireachta tríú tír agus foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha agus nósanna imeachta sonracha lena dtugtar cead don Aontas údaruithe a eisiúint do shoithí iascaireachta na Ríochta Aontaithe chun gníomhaíochtaí iascaireachta a oibriú in uiscí an Aontais.

(11)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2017/2403 a leasú dá réir.

(12)I gcomhréir le hAirteagal 4(3) de Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1182/71 ón gComhairle 6 , scoirfidh feidhm de bheith ag gníomhartha, atá socraithe ar dháta ar leith, ar dhul in éag dtuair dheireanach an lae a thiteann ar an dáta sin. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo amhail ón 1 Eanáir 2021.

(13)Ós rud é go dtiocfaidh deireadh leis an idirthréimhse dá bhforáiltear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar an 31 Nollaig 2020, in éagmais comhaontú lena gcumhdaítear iascach arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart feidhm a bheith aige ón 1 Eanáir 2021. Mar bheart teagmhasachta, ba cheart feidhm a bheith aige go dtí an dáta is luaithe de na dátaí seo a leanas: An 31 Nollaig 2021 nó an dáta a thiocfaidh comhaontú lena rialaítear iascach idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe i bhfeidhm nó a mbeidh feidhm shealadach aige.

(14)I bhfianaise an ghá atá ann an Rialachán seo a ghlacadh roimh an lá a scoirfidh dlí an Aontais d'fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe de bhun Airteagail 126 agus 127 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, agus ós rud é gur gá foráil a dhéanamh maidir le nósanna imeachta chun oibríochtaí iascaireachta inbhuanaithe a údarú in uiscí na Ríochta Aontaithe agus an Aontais ar bhonn na cómhalartachta faoin lá sin ar a dhéanaí, d'fhonn scor tobann oibríochtaí iascaireachta a sheachaint, measadh gurb iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

(15)Chun go mbeidh oibreoirí an Aontais agus na Ríochta Aontaithe araon in ann leanúint de bheith ag iascaireacht, níor cheart údaruithe iascaireachta le haghaidh gníomhaíochtaí in uiscí an Aontais a dheonú ar shoithí na Ríochta Aontaithe má mheasann an Coimisiún, agus ag brath ar a mhéid a mheasann sé, go ndéanfaidh an Ríocht Aontaithe cearta rochtana a dheonú do shoithí an Aontais chun dul i mbun oibríochtaí iascaireachta in uiscí na Ríochta Aontaithe ar bhonn na cómhalartachta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 2017/2403

Leasaítear Rialachán (AE) 2017/2403 mar a leanas:

(1)i gCaibidil II de Theideal II, cuirtear isteach Roinn 4 mar seo a leanas:

"Roinn 4

Údaruithe do shoithí iascaireachta an Aontais in uiscí na Ríochta Aontaithe

Airteagal 18a 
Raon feidhme

De mhaolú ar Roinn 3, beidh feidhm ag an Roinn seo maidir le hoibríochtaí iascaireachta a dhéanann soithí iascaireachta an Aontais in uiscí na Ríochta Aontaithe.

Airteagal 18b 
Sainmhíniú

Chun críocha na Roinne seo, ciallaíonn ‘uiscí na Ríochta Aontaithe’ uiscí faoi cheannasacht nó faoi dhlínse na Ríochta Aontaithe arna mbunú i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta.

Airteagal 18c 
An nós imeachta maidir le húdarú iascaireachta a fháil ón Ríocht Aontaithe.

1.Ballstát brataí a d'fhíoraigh go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5 á gcomhlíonadh, cuirfidh sé an tiarratas comhfhreagrach nó liosta na niarratas ar údarú ón Ríocht Aontaithe chuig an gCoimisiún.

2.I ngach iarratas nó liosta iarratas, beidh an fhaisnéis arna hiarraidh ag an Ríocht Aontaithe le haghaidh údarú a eisiúint, agus í leagtha amach san fhormáid is gá, arna cur in iúl ag an Ríocht Aontaithe don Choimisiún.

3.Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis agus an fhormáid dá dtagraítear i mír 2 ar fáil do na Ballstáit. Féadfaidh an Coimisiún iarraidh a chur chuig an mBallstát brataí chun aon fhaisnéis bhreise is gá a fháil chun a fhíorú go bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 á gcomhlíonadh.

4.Má chinneann an Coimisiún, ar an iarratas nó ar aon fhaisnéis bhreise a iarrtar de bhun mhír 3 a fháil, go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 agus i mír 2 á gcomhlíonadh, cuirfidh sé an tiarratas ar aghaidh chuig an Ríocht Aontaithe gan mhoill.

5.A luaithe a chuireann an Ríocht Aontaithe an Coimisiún ar an eolas go bhfuil cinneadh déanta aici údarú do shoitheach iascaireachta de chuid an Aontais a eisiúint nó a dhiúltú, cuirfidh an Coimisiún an Ballstát brataí ar an eolas láithreach dá réir sin.

6.Ní fhéadfaidh Ballstát brataí údarú iascaireachta a eisiúint ach amháin d'oibríochtaí iascaireachta in uiscí na Ríochta Aontaithe tar éis é a chur ar an eolas gur chinn an Ríocht Aontaithe údarú a eisiúint don soitheach ábhartha Aontais.

7.Ní chuirfear tús le hoibríochtaí iascaireachta go dtí go mbeidh údarú iascaireachta eisithe ag an mBallstát brataí agus ag an Ríocht Aontaithe araon.

8.I gcás ina gcuireann an Ríocht Aontaithe an Coimisiún ar an eolas go bhfuil cinneadh déanta aici údarú iascaireachta i leith soitheach iascaireachta de chuid an Aontais a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, cuirfidh an Coimisiún an Ballstát brataí ar an eolas láithreach dá réir sin. Déanfaidh an Ballstát a údarú iascaireachta a chur ar fionraí nó a tharraingt siar i dtaca le hoibríochtaí iascaireachta in uiscí na Ríochta Aontaithe dá réir sin.

9.I gcás ina gcuireann an Ríocht Aontaithe an Ballstát brataí ar an eolas ar bhonn díreach go bhfuil cinneadh déanta aici údarú iascaireachta do shoitheach iascaireachta de chuid an Aontais a eisiúint, a dhiúltú, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, cuirfidh an Ballstát brataí an Coimisiún ar an eolas dá réir sin láithreach. Déanfaidh an Ballstát a údarú iascaireachta a chur ar fionraí nó a tharraingt siar i dtaca le hoibríochtaí iascaireachta in uiscí na Ríochta Aontaithe dá réir sin.

Airteagal 18d 
Faireachán

Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar eisiúint na n‑údaruithe iascaireachta ón Ríocht Aontaithe d'oibreoirí iascaireachta a dhéanann soithí iascaireachta an Aontais in uiscí na Ríochta Aontaithe.”;

(2)Cuirtear isteach an Teideal IIIa seo a leanas idir Teideal III agus Teideal IV:

"TEIDEAL IIIa

OIBRÍOCHTAÍ IASCAIREACHTA A DHÉANANN SOITHÍ IASCAIREACHTA NA RÍOCHTA AONTAITHE IN UISCÍ AN AONTAIS

Airteagal 38a 
Raon feidhme

De mhaolú ar Theideal III, beidh feidhm ag an Teideal seo maidir le hoibríochtaí iascaireachta a dhéanann soithí iascaireachta na Ríochta Aontaithe in uiscí an Aontais.

Airteagal 38b 
Oibríochtaí iascaireachta a dhéanann soithí na Ríochta Aontaithe

Féadfaidh soithí iascaireachta na Ríochta Aontaithe oibríochtaí iascaireachta a dhéanamh in uiscí an Aontais, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i reachtaíocht infheidhme de chuid an Aontais, ar choinníoll go ndeonaítear rochtain do shoithí an Aontais chun oibríochtaí iascaireachta a dhéanamh in uiscí na Ríochta Aontaithe ar bhonn na cómhalartachta.

Airteagal 38c 
Prionsabail ghinearálta

1.Ní dhéanfaidh soitheach iascaireachta de chuid na Ríochta Aontaithe oibríochtaí iascaireachta in uiscí an Aontais murar eisigh an Coimisiún údarú iascaireachta don soitheach sin. Ní eiseofar an túdarú sin dó ach amháin má chomhlíonann sé na critéir incháilitheachta a leagtar amach i mír 2.

2.Féadfaidh an Coimisiún údarú iascaireachta a eisiúint do shoithí iascaireachta de chuid na Ríochta Aontaithe más amhlaidh an méid seo a leanas:

(a)go bhfuil ceadúnas iascaireachta bailí ag an soitheach iascaireachta arna eisiúint ag údarás na Ríochta Aontaithe;

(b)go bhfuil an soitheach iascaireachta liostaithe ag an Ríocht Aontaithe ar chlár cabhlaigh a bhfuil rochtain ag an gCoimisiún air;

(c)go ndéanann an soitheach iascaireachta agus aon soitheach tacaíochta gaolmhar an scéim ábhartha uimhreach aitheantais long de chuid EMI a chur i bhfeidhm a mhéid a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais;

(d)nach náirítear an soitheach iascaireachta ar liosta de shoithí NNN, ar liosta é a ghlac RFMO agus/nó an tAontas de bhun Rialachán NNN;

(e)nach bhfuil an Ríocht Aontaithe liostaithe mar thír neamhchomhoibríoch de bhun Rialachán NNN ná mar thír a cheadaíonn deiseanna iascaireachta neamhinbhuanaithe de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1026/2012;

(f)go bhfuil deiseanna iascaireachta ar fáil don Ríocht Aontaithe.

3.Soitheach de chuid na Ríochta Aontaithe atá údaraithe iascaireacht a dhéanamh in uiscí an Aontais, comhlíonfaidh sé na rialacha faoina rialaítear na hoibríochtaí iascaireachta atá á ndéanamh ag soithí de chuid an Aontais sa limistéar iascaireachta ina bhfuil sé ag oibriú.

Airteagal 38d 
Nós imeachta maidir le húdaruithe iascaireachta a fháil

1.Cuirfidh an Ríocht Aontaithe chuig an Coimisiún an tiarratas nó liosta na niarratas ar údaruithe le haghaidh a cuid soitheach iascaireachta.

2.Féadfaidh an Coimisiún faisnéis bhreise a iarraidh ar an Ríocht Aontaithe, ar faisnéis í atá riachtanach chun a fhíorú gur comhlíonadh na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 38c(2).

3.Nuair a shuitear go bhfuil na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 38b agus Airteagal 38c(2) á gcomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún údarú iascaireachta a eisiúint agus cuirfidh sé an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit lena mbaineann ar an eolas dá réir gan mhoill.

Airteagal 38e 
Údaruithe iascaireachta a bhainistiú

1.I gcás nach gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 38b agus Airteagal 38c(2) a thuilleadh, déanfaidh an Coimisiún an ghníomhaíocht iomchuí, lena náirítear chun an túdarú a leasú nó a tharraingt siar agus cuirfidh sé an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit lena mbaineann ar an eolas dá réir.

2.Féadfaidh an Coimisiún eisiúint údaruithe a dhiúltú nó a chur ar fionraí nó féadfaidh sé aon údarú arna eisiúint do shoitheach iascaireachta de chuid na Ríochta Aontaithe a tharraingt siar in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)i gcás inar tháinig athrú ó bhonn ar chúinsí, go háirithe maidir le rochtain chómhalartach ar uiscí na Ríochta Aontaithe ag soithí an Aontais;

(b)i gcás ina bhfuil bagairt thromchúiseach ann do shaothrú, do bhainistiú agus do chaomhnú inbhuanaithe acmhainní bitheolaíocha muirí;

(c)i gcás ina bhfuil sé bunriachtanach chun iascaireacht NNN a chosc nó a shochtadh;

(d)i gcás ina measann an Coimisiún gurb iomchuí ar bhonn thorthaí a chuid gníomhaíochtaí faireacháin de bhun Airteagal 18d;

(e)i gcás ina ndiúltaíonn an Ríocht Aontaithe údarú go míchuí nó i gcás ina ndéanann sí an túdarú sin do shoithí an Aontais in uiscí na Ríochta Aontaithe a chúlghairm go míchuí.

3.Cuirfidh an Coimisiún an Ríocht Aontaithe ar an eolas láithreach i gcás ina ndéanann sé údarú a dhiúltú, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, i gcomhréir le mír 2.

Airteagal 38f 
Deireadh a chur le hoibríochtaí iascaireachta

1.I gcás ina meastar go bhfuil na deiseanna iascaireachta a deonaíodh don Ríocht Aontaithe ídithe, tabharfaidh an Coimisiún fógra láithreach faoin méid sin don Ríocht Aontaithe agus d'údaráis chigireachta inniúla na mBallstát. D'fhonn a áirithiú go leanfar d'oibríochtaí iascaireachta na ndeiseanna iascaireachta neamhídithe, oibríochtaí lena bhféadfaí difear a dhéanamh do na deiseanna ídithe freisin, iarrfaidh an Coimisiún ar an Ríocht Aontaithe bearta teicniúla a chur in iúl dó, bearta lena gcuirtear cosc ar aon tionchar diúltach ar na deiseanna iascaireachta ídithe.

2.Na húdaruithe iascaireachta a eisíodh do na soithí atá faoi bhratach na Ríochta Aontaithe, measfar go bhfuil siad ar fionraí, ó dháta an fhógra dá dtagraítear i mír 1, le haghaidh na noibríochtaí iascaireachta lena mbaineann agus ní bheidh cead ag na soithí sin na hoibríochtaí iascaireachta sin a dhéanamh a thuilleadh.

3.Measfar gur tarraingíodh údaruithe iascaireachta siar más rud é go mbaineann fionraí údaruithe iascaireachta i gcomhréir le mír 2 leis na hoibríochtaí uile ar deonaíodh na húdaruithe ina leith.

Airteagal 38g 
‑iascaireacht cuótaí in uiscí an Aontais

I gcás ina suífidh an Coimisiún gur sháraigh an Ríocht Aontaithe na cuótaí stoic nó na cuótaí do ghrúpa stoc a leithdháileadh uirthi, déanfaidh an Coimisiún asbhaintí ó chuótaí eile a leithdháileadh ar Ríocht Aontaithe. Déanfaidh an Coimisiún a dhícheall a áirithiú go mbeidh méid na hasbhainte comhsheasmhach le méid na n‑asbhaintí a forchuireadh ar Bhallstáit i gcúinsí comhchosúla.

Airteagal 38h 
Rialú agus forfheidhmiú

1.Soitheach de chuid na Ríochta Aontaithe atá údaraithe iascaireacht a dhéanamh in uiscí an Aontais, comhlíonfaidh sé na rialacha rialúcháin faoina rialaítear oibríochtaí iascaireachta atá á ndéanamh ag soithí de chuid an Aontais sa limistéar iascaireachta ina noibríonn sé.

2.Soitheach de chuid na Ríochta Aontaithe atá údaraithe iascaireacht a dhéanamh in uiscí an Aontais, soláthróidh sé don Choimisiún nó don chomhlacht a d'ainmnigh an Coimisiún agus, más ábhartha, don Bhallstát cósta, na sonraí sin a cheanglaítear ar shoithí an Aontais a chur chuig an mBallstát brataí faoin Rialachán um Rialú.

3.Déanfaidh an Coimisiún, nó an comhlacht a d'ainmnigh sé, na sonraí arna bhfáil i gcomhréir le mír 2 a chur chuig an mBallstát cósta.

4.Soitheach de chuid na Ríochta Aontaithe atá údaraithe iascaireacht a dhéanamh in uiscí an Aontais, soláthróidh sé, arna iarraidh sin ag an gCoimisiún nó ag an gcomhlacht a d'ainmnigh an Coimisiún, tuarascálacha na mbreathnóirí a táirgeadh faoi na cláir bhreathnóirí is infheidhme.

5.Déanfaidh Ballstát cósta aon sárú a rinne soithí iascaireachta na Ríochta Aontaithe, lena náirítear na smachtbhannaí gaolmhara, a thaifeadadh sa chlár náisiúnta dá bhforáiltear in Airteagal 93 den Rialachán um Rialú.

Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón lá tar éis an lae a scoirfidh dlí an Aontais d'fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe de bhun Airteagail 126 agus 127 den Chomhaontú um Tharraingt Siar go dtí an dáta is luaithe de na dátaí seo a leanas:

(1)31 Nollaig 2021;

(2)an dáta a thiocfaidh comhaontú lena rialaítear iascach idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe i bhfeidhm nó a bheidh feidhm shealadach aige.

Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo, áfach, má thagann an comhaontú dá dtagraítear i bpointe (2) den dara mír i bhfeidhm nó má chuirtear i bhfeidhm go sealadach é faoi dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle, (IO L 354, 28.12.2013, lgh. 22–61).
(2)    Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 ón gComhairle (IO L 347, 28.12.2017, lch. 81).    
(3)    IO C , , lch. .
(4)    Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige agus Comhaontú an 28 Iúil 1994 maidir le cur chun feidhme Chuid XI de (IO L 179, 23.6.1998, lch. 3).
(5)    Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 ón gComhairle (IO L 347, 28.12.2017, lch. 81).
(6)    Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1182/71 ón gComhairle an 3 Meitheamh 1971 lena gcinntear na rialacha is infheidhme maidir le tréimhsí, dátaí agus teorainneacha ama (IO L 124, 8.6.1971, lch. 1).