An Bhruiséil,10.12.2020

COM(2020) 827 final

2020/0363(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le rialacha comhchoiteanna lena n‑áirithítear aernascacht bhunúsach tar éis dheireadh na hidirthréimhse a luaitear sa Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

An 1 Feabhra 2020, tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Thug an tAontas an Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach 1 (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’) i gcrích le Cinneadh (AE) 2020/135 2 ón gComhairle agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020. An 31 Nollaig 2020, tiocfaidh deireadh leis an idirthréimhse dá dtagraítear in Airteagal 126 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, ar lena linn a leanfaidh dlí an Aontais d’fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 127 den chomhaontú sin.

An 25 Feabhra 2020, Ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE, Euratom) 2020/266 lena n‑údaraítear tús a chur le caibidlíocht le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann maidir le comhaontú nua comhpháirtíochta 3 . Mar atá intuigthe leis na treoracha caibidlíochta, cumhdaítear leis an údarú inter alia na gnéithe atá riachtanach chun aghaidh a thabhairt go cuimsitheach ar an gcaidreamh eitlíochta leis an Ríocht Aontaithe tar éis na hidirthréimhse.

Ní léir, áfach, an mbeidh comhaontú idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe lena rialófaí an caidreamh a bheidh acu sa todhchaí sa réimse seo tagtha i bhfeidhm faoi dheireadh na tréimhse sin.

Ní dhéanfar aerthaisteal idirnáisiúnta gan toiliú sainráite ó na Stáit lena mbaineann; tá sin amhlaidh mar go bhfuil ceannas iomlán agus eisiach acu ar an aerspás os cionn a gcríche. Is gnách le Stáit aerthaisteal a eagrú eatarthu trí bhíthin Comhaontuithe maidir le hAersheirbhísí (ASA) atá déthaobhach lena leagtar síos na cearta sonracha arna dtabhairt go frithpháirteach agus coinníollacha a bhfeidhmithe. Tá cearta tráchta agus seirbhísí a bhaineann go díreach lena bhfeidhmiú eisiata go sainráite ó raon feidhme an Chomhaontaithe Ghinearálta maidir le Trádáil Seirbhísí 4 .

Laistigh den Aontas, tugtar an tsaoirse d’aeriompróirí na mBallstát (aeriompróirí an Aontais) aersheirbhísí laistigh den Aontas Eorpach a sholáthar le Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal, lena leagtar síos na rialacha maidir leis na haeriompróirí sin a cheadúnú.

Ag deireadh na hidirthréimhse, scoirfidh aersheirbhísí idir an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit de bheith faoi rialú an Rialacháin sin.

Dá bhrí sin, in éagmais comhaontú idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe lena rialófaí an t‑ábhar, ní bheadh aon bhunús dlí ann do na hiompróirí faoi seach aersheirbhísí a sholáthar idir an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit tar éis dheireadh na hidirthréimhse faoin gComhaontú um Tharraingt Siar.

Is seirbhísí aeriompair díreacha idir an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit ar fad, nach mór, atá ina seilbh ag aeriompróirí na Ríochta Aontaithe agus aeriompróirí an Aontais. Dá gcaillfeadh na haeriompróirí sin a gceart aersheirbhísí a sholáthar idir an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit, ba é an toradh a bheadh air sin briseadh tromchúiseach. Scoirfí de bheith ag freastal ar thromlach na n‑aerbhealaí idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, mura scoirfí de bheith ag freastal orthu ar fad. Os a choinne sin, ní bheadh aeriompróirí an Aontais in ann rochtain iomlán a fháil ar aerbhealaí laistigh den Aontas nach mbeadh aeriompróirí na Ríochta Aontaithe ag freastal orthu níos mó tar éis dheireadh na hidirthréimhse.

I gcás nach mbeadh aon chomhaontú ann, meastar gur dhian na hiarmhairtí a bheadh ann don dá gheilleagar mar a thuairiscítear thíos: thiocfadh méadú suntasach ar fhad ama agus costais aerthaistil de réir mar a chuardófaí aerbhealaí malartacha, agus thiocfadh brú ar bhonneagar an aeriompair, dá bhrí sin, laistigh de na haerbhealaí malartacha sin agus thiocfadh laghdú ar an éileamh ar aeriompar freisin. Dá thoradh sin, chuirfí isteach, ní hamháin ar earnáil an aeriompair, ach ar earnálacha eile de chuid an gheilleagair atá ag brath go mór ar aeriompar chomh maith. Bheadh bacainní, dá bharr sin, ar an trádáil agus ar an ngnó i margaí i gcéin, agus ar lonnú nó athlonnú gnólachtaí. An briseadh sin i nascacht an aeriompair, ba chailleadh sócmhainne straitéisí í don Aontas agus do na Ballstáit.

Is é is cuspóir don togra seo, mar sin, bearta sealadacha a leagan síos chun an t‑aeriompar idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a rialú tar éis dheireadh na hidirthréimhse i gcás nach féidir teacht ar chomhaontú lena rialófaí an t‑ábhar.

Tá an gníomh seo ina chuid de phacáiste beart atá an Coimisiún á ghlacadh.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an Rialachán seo atá beartaithe ceaptha mar lex specialis lena rachfar i ngleic le cuid de na hiarmhairtí a bheidh ann ós rud é nach mbeidh feidhm níos mó ag Rialachán (AE) Uimh. 1008/2008 maidir le haeriompar idir an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit eile ó dheireadh na hidirthréimhse agus in éagmais comhaontú lena rialófaí an caidreamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe amach anseo. Tá na téarmaí atá beartaithe teoranta don mhéid is gá chuige sin, chun nach mbeidh bristeacha díréireacha ann. Dá bhrí sin, tá an togra seo iomlán comhsheasmhach leis an reachtaíocht atá ann cheana, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008.

Chuige sin, tá an Rialachán atá beartaithe ceaptha mar bheart sealadach chun an nascacht a chaomhnú agus chun leas an Aontais a chaomhnú le linn tréimhse teoranta agus go dtí go bhféadfar comhaontú idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe lena rialófaí an t‑ábhar a thabhairt i gcrích agus a chur i bhfeidhm.

Bheadh an Rialachán atá beartaithe gan dochar do dhearadh comhaontaithe eitlíochta leis an Ríocht Aontaithe amach anseo.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Comhlánaítear leis an togra seo Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Cé gur urramaíodh an cur chuige a úsáideadh i gcomhaontuithe aeriompair an Aontais le tríú tíortha i réimsí áirithe (e.g. údaruithe oibríochta), is gá, mar gheall ar chuspóir sonrach agus comhthéacs an Rialacháin seo, agus ós rud e go bhfuil sé aontaobhach freisin, cur chuige níos sriantaí i leith cearta a thabhairt agus forálacha ar leith atá beartaithe chun comhionannas ceart agus cothrom iomaíochta a chaomhnú.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é is bunús dlí don togra seo Airteagal 100(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Chomhlánófaí leis an ngníomh atá beartaithe Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun go n‑áiritheofar an nascacht bhunúsach d’ainneoin gur scoir an Rialachán d’fheidhm a bheith aige maidir le na hoibríochtaí iompair lena mbaineann. D’áiritheofaí an nascacht sin ar shlí chomhionann i gcás na tráchta go dtí gach pointe san Aontas agus ó gach pointe san Aontas, rud a dhéanfaidh saobhadh sa mhargadh inmheánach a sheachaint. Dá bhrí sin, is gá gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais agus ní fhéadfaí an toradh a ghnóthú le gníomhaíocht ar leibhéal na mBallstát.

Comhréireacht

Meastar gur bhfuil an Rialachán atá beartaithe comhréireach ós féidir leis bristeacha díréireacha a sheachaint ar shlí a n‑áiritheofar dálaí cothroma iomaíochta d’aeriompróirí an Aontais. Ní théann sé thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. Is amhlaidh an cás, go háirithe, do na dálaí faoina dtabharfar na cearta ábhartha, a bhaineann, inter alia, leis an ngá go mbeidh ar an Ríocht Aontaithe cearta coibhéiseacha a thabhairt agus a bhaineann leis an iomaíocht chóir, agus do theorannú an réimis in am go dtí go mbeidh comhaontú eitlíochta AE leis an Ríocht Aontaithe i bhfeidhm.

An rogha ionstraime

Ós rud é go rialaítear leis an ngníomh ábhair a bhaineann go dlúth le Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 agus go bhfuil sé dírithe, mar atá an Rialachán seo, ar dhálaí iomaíochta iomlán comhchuibhithe a áirithiú, ba cheart é a bheith i bhfoirm Rialacháin. Is fearr a fhreagraíonn an fhoirm seo do phráinn an cháis/an chomhthéacs, ós rud é gur ró‑ghearr an méid ama roimh dheireadh na hidirthréimhse (gan comhaontú lena rialaítear an caidreamh sa todhchaí idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe á thabhairt i gcrích) le gur féidir na forálacha atá i dTreoir a thrasuí.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Níl sin infheidhme ós cás uathúil sealadach eisceachtúil é an cás arb éigean an togra seo a bheartú dá bharr nach mbaineann le cuspóirí na reachtaíochta atá ann cheana.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Roimh thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar agus ina dhiaidh sin, na dúshláin a bhaineann leis an gcaibidlíocht maidir le comhaontú idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe agus roinnt réitigh fhéideartha luaite ag páirtithe leasmhara éagsúla san eitlíocht agus ionadaithe áirithe ó na Ballstáit.

Ós rud é go dtiocfaidh deireadh leis an idirthréimhse a leagadh síos sa Chomhaontú um Tharraingt Siar an 31 Nollaig 2020, rinneadh an gá atá le hullmhú le haghaidh athruithe dosheachanta an 1 Eanáir 2021 agus na bearta breise a d’fhéadfaí a bheartú i gcás nach dtiocfar ar chomhaontú a phlé le hionadaithe na mBallstát agus le geallsealbhóirí eitlíochta éagsúla i gcomhthéacs cruinnithe trasghearrthacha agus sonracha, a tionóladh sa Bhruiséil agus sna Ballstáit.

Bhí an gá le hidirghabháil rialála chun méid áirithe aernascachta a choinneáil nuair a scoirfidh dlí an Aontais d’aidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe ina théama coitianta sna barúlacha a cuireadh i láthair. I dtaca le cearta tráchta, ní bheidh geallsealbhóirí in ann a mbearta teagmhais féin a ghlacadh chun an tionchar díobhálach a d’eascrófaí as an easpa comhaontaithe lena rialófaí an t‑ábhar a mhaolú. Chuir ar a laghad sé cinn d’ionadaithe aeriompróirí agus de ghrúpaí ionadaithe aeriompróirí agus d’ionadaithe aerfort a dtuairim in iúl gur cheart nascacht ardleibhéil aeir le haeriompróirí na Ríochta Aontaithe a choinneáil ar bun trí rochtain ardleibhéil ar an margadh a choimeád. Os a choinne sin, chuir páirtithe leasmhara eile (ionadaithe aeriompróirí na mBallstát, den chuid is mó) an bhéim ar an bpointe, áfach, nár cheart an status quo a choinneáil ar bun in éagmais ailíniú iomlán rialála chun cothrom iomaíochta sa mhargadh a áirithiú. Rinneadh an chuid is mó de na barúlacha a fuarthas roimh an tarraingt siar, lena n‑áirítear ó na Ballstáit i gcomhthéacs ceardlanna a d’eagraigh an Coimisiún in 2018, a dhearbhú agus a leathnú ina dhiaidh sin, lena n‑áirítear tuairimí maidir leis an gcaidreamh a bheidh ann amach anseo.

Bailiú agus úsáid saineolais

Chomhroinn geallsealbhóirí ábhartha bealaí éagsúla measúnaithe ar iarmhairtí tharraingt siar na Ríochta Aontaithe d’earnáil an aeriompair leis an gCoimisiún. Baineadh an chonclúid as na measúnuithe sin go mbeadh easpa aerthráchta idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe ina cúis le bristeacha suntasacha san Aontas. Tá ról ríthábhachtach ag aernascacht sa gheilleagar ar fad. Ní hamháin go n‑éascaíonn an eitlíocht soghluaisteacht ach spreagann sí trádáil, fás agus poist chomh maith. Is é € 168 billiún an ranníocaíocht dhíreach a dhéanann an tionscal eitlíochta le holltáirgeacht an Aontais agus tá an tionchar airgeadais iomlán, lena n‑áirítear an turasóireacht, chomh mór le € 672 billiún tríd an éifeacht iolraitheora 5 . San iomlán, 24 % den trácht ar fad laistigh den Aontas in 2019, ba phaisinéirí a bhí ag taisteal idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a bhí ann agus, cé go raibh éagsúlacht shuntasach ann i dtaca leis bhfigiúr sin sna Ballstáit. Ina theannta sin, in 2019, chuir aeriompróirí arna gceadúnú ag an Ríocht Aontaithe 19,5 % de na suíocháin sceidealaithe laistigh den Aontas ar fáil agus, os a choinne sin, chuir aeriompróirí arna gceadúnú ag an Aontas 50,4 % den aerthrácht idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe i gcrích. Tá roghanna malartacha iompair ar fáil, go sonrach naisc iarnróid agus naisc farraige ach níl siad ar fáil ach do líon beag tíortha amhail an Bheilg, an Fhrainc agus Éire. I dtaca le tíortha eile atá níos faide ar shiúl in Oirthear agus i nDeisceart an Aontais, tá amanna taistil ar na naisc iarnróid agus ar bhóithre chomh fada sin nach féidir aerthaisteal a chur in ionad na mbealaí sin. Dá bharr sin, ní mór an tionchar díobhálach suntasach sin ar chaillteanas iomlán na haernascachta do gheilleagar agus do shaoránaigh an Aontais Eorpaigh a mhaolú.

Is léir go méadófaí tionchar diúltach na ndianbhristeacha ar nascacht aeir idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas le linn na géarchéime paindéime atá ann faoi láthair agus dá éis, géarchéime a raibh tionchar nach raibh coinne leis aici ar thionscal eitlíochta an Aontais agus ar an ngeilleagar i gcoitinne.

Measúnú tionchair

Ní gá measúnú tionchair a dhéanamh, ós rud é gur cás eisceachtúil atá i gceist agus nach bhfuil ach beagán riachtanas ag baint leis an tréimhse ina gcuirfear chun feidhme athrú stádais na Ríochta Aontaithe. Níl aon rogha bheartais ar fáil atá éagsúil ó thaobh ábhair agus dlí de, ach amháin an rogha atá beartaithe.

Cearta bunúsacha

Níl aon iarmhairt ag an togra seo ar chosaint ceart bunúsach.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Neamhbhainteach.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Neamhbhainteach.

Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)

Neamhbhainteach.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Mar a luadh thuas, is é is cuspóir leis an togra seo bearta sealadacha a leagan síos chun an t‑aeriompar idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a rialú tar éis dheireadh na hidirthréimhse i gcás nach féidir teacht ar chomhaontú maidir leis an ábhar (Airteagal 1). Is é is aidhm leis na bearta sin nascacht bhunúsach a choinneáil a bun ar feadh idirthréimhse go dtí go bhféadfar comhaontú den sórt sin a chur i gcrích (Airteagal 14).

Sa chéad áit (Airteagal 3), foráiltear leis an Rialachán atá beartaithe cearta tráchta den chéad saoirse, den dara saoirse, den tríú saoirse agus den cheathrú saoirse a thabhairt go haontaobhach d’aeriompróirí na Ríochta Aontaithe ionas gur féidir leo leanúint de bheith ag eitilt thar chríoch an Aontais agus stadanna teicniúla a dhéanamh i gcríoch an Aontais agus freastal ar aerbhealaí díreacha idir an dá chríoch. Ní dhéantar aon idirdhealú idir oibríochtaí paisinéirí agus oibríochtaí lastais, nó idir seirbhísí sceidealta agus seirbhísí neamhsceidealta. Beidh sé indéanta freisin (Airteagal 4) d’iompróirí na Ríochta Aontaithe na seirbhísí sin a sholáthar trí bhíthin socruithe roinnte cód agus socruithe suíochán blocáilte, agus socruithe léasaithe a dhéanamh faoi choinníollacha dochta (Airteagal 5) ach ní dhearnadh foráil maidir le gnáthfheistí solúbthachta oibríochtúla eile (amhail athrú tomhsaire nó comhchríochnú).

Maidir leis na cearta a thugtar d’aeriompróirí na Ríochta Aontaithe agus iad faoi réir phrionsabal na cómhalartachta, leagtar síos sa Rialachán atá beartaithe (Airteagal 6) sásra chun a áirithiú go mbeidh na cearta atá ag aeriompróirí an Aontais sa Ríocht Aontaithe coibhéiseach fós leis na cearta sin a thugtar d’aeriompróirí na Ríochta Aontaithe faoin Rialachán atá beartaithe. Murab amhlaidh an cás, tabharfar de chumhacht don Choimisiún na bearta is gá a ghlacadh chun é sin a chur ina cheart trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, lena n‑áirítear údaruithe oibríochta aeriompróirí na Ríochta Aontaithe a theorannú nó a tharraingt siar. Nuair a dhéanfaidh an Coimisiún measúnú ar leibhéal na coibhéise agus nuair a ghlacfaidh sé bearta ceartaitheacha, ní leis an gcomhfhreagras foirmiúil teoranta idir an dá dhlíchóras amháin a bhíonn na gníomhaíochtaí sin nasctha; is mar gheall ar na difríochtaí suntasacha idir an dá mhargadh a dhéantar sin agus chun cur chuige atá bunaithe ar shiméadracht ghlan a sheachaint - a d’fhéadfadh dul bunoscionn le leas an Aontais sa deireadh thiar thall.

Go díreach mar a fhéachann an tAontas le comhaontuithe maidir lena aersheirbhísí ar fad a dhéanamh, leagtar síos sásra solúbtha leis an Rialachán atá beartaithe, fiú má tá sé d’aidhm aige nascacht bhunúsach a áirithiú go sealadach, chun a áirithiú go bhfaighidh aeriompróirí an Aontais deiseanna cothroma comhionanna chun dul in iomaíocht le haeriompróirí na Ríochta Aontaithe a luaithe a scoirfidh an Ríocht Aontaithe de bheith faoi cheangal a thuilleadh cloí le dlí an Aontais. Chun go mbeidh cothrom iomaíochta ann, tá sé riachtanach, fiú tar éis dheireadh na hidirthréimhse, go leanfaidh an Ríocht Aontaithe de bheith ag cur i bhfeidhm caighdeáin atá ard go leor i réimse an aeriompair maidir leis an méid seo a leanas: iomaíocht chóir, lena n‑áirítear cairtéil, mí‑úsáid cinsealachta agus cumaisc a rialú; toirmeasc ar fhóirdheontais rialtais nach bhfuil údar leo; oibrithe a chosaint; cosaint an chomhshaoil; an tsábháilteacht agus an tslándáil. Ina theannta sin, ní mór a áirithiú nach ndéanfar idirdhealú i gcoinne iompróirí an Aontais sa Ríocht Aontaithe, bíodh sin ar bhonn de iure nó ar bhonn de facto. Dá bhrí sin, cuirfear de chúram ar an gCoimisiún (Airteagal 7) leis an Rialachán atá beartaithe faireachán a dhéanamh ar choinníollacha na hiomaíochta idir aeriompróirí an Aontais agus aeriompróirí na Ríochta Aontaithe agus tabharfar de chumhacht dó na bearta is gá a ghlacadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, chun a áirithiú go mbeidh na coinníollacha sin á gcomhlíonadh i rith an ama.

Bunófar na nósanna imeachta is gá ionas go mbeidh na Ballstáit in ann a fhíorú go bhfuair aeriompróirí, aerárthaí agus criúnna a bheidh ag eitilt isteach ina gcríoch faoin Rialachán seo ceadúnas ón Ríocht Aontaithe agus a dheimhniú i gcomhréir le caighdeáin sábháilteachta a aithnítear go hidirnáisiúnta, go gcomhlíonfar an reachtaíocht ábhartha náisiúnta uile agus reachtaíocht ábhartha uile an Aontais agus nach sárófar na cearta ceadaithe sin (Airteagail 8 go 11).

Déantar foráil shainráite maidir lena mheabhrú nach mór do na Ballstáit gan dul i mbun caibidlíochta leis an Ríocht Aontaithe ná comhaontuithe déthaobhacha aersheirbhísí a dhéanamh leis an Ríocht Aontaithe maidir le hábhair a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus nach mór dóibh gan aon cheart seachas iad sin a thugtar leis an Rialachán seo a thabhairt ar shlí eile d’aeriompróirí na Ríochta Aontaithe maidir le haeriompar (Airteagal 3). Dá ainneoin sin, beidh na húdaráis inniúla sa dá chríoch in ann comhoibriú le chéile, ar ndóigh, de réir mar is gá ar mhaithe le cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin (Airteagal 12), sa dóigh go gcuirfear isteach ar bhainistiú na n‑aersheirbhísí a laghad is féidir agus go leanfar de bheith ag soláthar na n‑aersheirbhísí sin faoi choimirce na Ríochta Aontaithe tar éis dheireadh na hidirthréimhse.

2020/0363 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le rialacha comhchoiteanna lena n‑áirithítear aernascacht bhunúsach tar éis dheireadh na hidirthréimhse a luaitear sa Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 6 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 7 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach 8 ,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Thug an tAontas an Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach 9 (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’) i gcrích le Cinneadh (AE) 2020/135 10 ón gComhairle agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020. An 31 Nollaig 2020, tiocfaidh deireadh leis an idirthréimhse dá dtagraítear in Airteagal 126 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, ar lena linn a leanfaidh dlí an Aontais d’fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 127 den chomhaontú sin. An 25 Feabhra 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE, Euratom) 2020/266 lena núdaraítear tús a chur le caibidlíocht le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann maidir le comhaontú nua comhpháirtíochta 11 . Mar atá intuigthe leis na treoracha caibidlíochta, cumhdaítear leis an údarú inter alia na gnéithe atá riachtanach chun aghaidh a thabhairt go cuimsitheach ar an gcaidreamh eitlíochta leis an Ríocht Aontaithe tar éis na hidirthréimhse. Ní léir, áfach, an mbeidh comhaontú idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe lena rialófaí an caidreamh a bheidh acu sa todhchaí sa réimse seo tagtha i bhfeidhm faoi dheireadh na tréimhse sin.

(2)Leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 12 na coinníollacha maidir le ceadúnas oibríochta an Aontais a dheonú d’aeriompróirí agus bunaítear leis an tsaoirse aersheirbhísí a sholáthair laistigh den Aontas Eorpach.

(3)Ag deireadh na hidirthréimhse agus in éagmais aon fhoráil speisialta, thiocfadh deireadh leis na cearta agus na hoibleagáidí uile a thagann as dlí an Aontais maidir le rochtain ar an margadh mar a bhunaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, a mhéid a bhaineann leis an gcaidreamh idir an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit.

(4)Dá bharr sin, is gá sraith beart sealadach a bhunú lena dtabharfar an deis d’iompróirí atá ceadúnaithe sa Ríocht Aontaithe seirbhísí aeriompair a chur ar fáil idir críoch na Ríochta Aontaithe agus na Ballstáit eile. Chun cothromaíocht iomchuí a áirithiú idir an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit, níor cheart na cearta a thabharfar ar an gcaoi sin a thabhairt ach amháin ar choinníoll go dtabharfaidh an Ríocht Aontaithe cearta coibhéiseacha d’aeriompróirí atá ceadúnaithe san Aontas agus go mbeidh siad faoi réir coinníollacha áirithe lena náiritheofar an iomaíocht chóir.

(5)Ós rud é gur Rialachán sealadach atá sa Rialachán seo, ba cheart a chur i bhfeidhm an Rialacháin a theorannú go dtí an 30 Meitheamh 2021, nó go dtí go dtiocfaidh comhaontú i bhfeidhm nó, i gcás ina sonraítear amhlaidh, go dtí go gcuirfear comhaontú i bhfeidhm go sealadach lena gcumhdófar soláthar aersheirbhísí leis an Ríocht Aontaithe a bhfuil an tAontas ina pháirtí ann, arna chaibidil ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 218 CFAE, cibé acu is túisce.

(6)Chun leibhéil nascachta atá chun tairbhe an dá thaobh a choinneáil ar bun, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le socruithe margaíochta comhoibritheacha áirithe d’aeriompróirí na Ríochta Aontaithe agus d’aeriompróirí an Aontais araon i gcomhréir le prionsabal na cómhalartachta.

(7)Níor cheart de thoradh an Rialacháin seo cosc a chur ar na Ballstáit údaruithe a eisiúint chun aersheirbhísí sceidealaithe a bheith á noibriú ag aeriompróirí an Aontais i bhfeidhmiú na gceart a thugann an Ríocht Aontaithe dóibh, ar an gcaoi chéanna le cásanna a tharlaíonn i gcomhthéacs comhaontuithe idirnáisiúnta. Níor cheart do na Ballstáit idirdhealú a dhéanamh idir aeriompróirí an Aontais i leith na núdaruithe sin.

(8)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le bearta a ghlacadh chun cómhalartacht chóir a áirithiú idir na cearta a dheonóidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe go haontaobhach ar aeriompróirí a chéile, agus lena áirithiú go bhféadfaidh aeriompróirí an Aontais dul in iomaíocht le haeriompróirí na Ríochta Aontaithe faoi réir coinníollacha cothroma i dtaca le haersheirbhísí a chur ar fáil. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 13 . I bhfianaise an tionchair a d’fhéadfadh a bheith acu ar aernascacht na mBallstát, ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun na bearta sin a ghlacadh. Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, go néilítear amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne. D’fhéadfaí teacht ar chásanna den sórt sin a bhfuil údar cuí leo i gcásanna ina mainníonn an Ríocht Aontaithe cearta coibhéiseacha a thabhairt d’aeriompróirí an Aontais agus, ar an gcaoi sin, a bheith ina gcúis le héagothroime fhollasach, nó i gcás ina bhfuil dálaí iomaíochta is lú fabhar ná na coinníollacha atá ag aeriompróirí na Ríochta Aontaithe i soláthar seirbhísí aeriompair a chumhdaítear leis an Rialachán seo ina mbagairt ar inmharthanacht eacnamaíoch aeriompróirí an Aontais.

(9)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon bearta sealadacha a leagan síos chun an taeriompar idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a rialú i gcás nach ann do chomhaontú lena rialófar a gcaidreamh i réimse na heitlíochta ag deireadh na hidirthréimhse, a ghnóthú go leordhóthanach ach, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar mar is gá chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(10)I bhfianaise na práinne atá i gceist le deireadh na hidirthréimhse dá dtagraítear thuas, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach.

(11)Maidir le raon feidhme críochach an Rialacháin seo agus aon tagairt don Ríocht Aontaithe ann, ní áirítear Giobráltar ann.

(12)Tá an Rialachán seo gan dochar do sheasamh dlíthiúil Ríocht na Spáinne maidir le ceannas ar an gcríoch ina bhfuil aerfort Ghiobráltar suite.

(13)Ba cheart forálacha an Rialacháin seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart feidhm a bheith acu, i bprionsabal, ón lá tar éis dheireadh na hidirthréimhse dá dtagraítear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar, mura mbeidh comhaontú lena rialófaí an caidreamh sa todhchaí idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe i réimse na heitlíochta tagtha i bhfeidhm faoin dáta sin. Mar sin féin, chun gur féidir na nósanna imeachta riaracháin riachtanacha a dhéanamh a luaithe is féidir, ba cheart forálacha áirithe a bheith i bhfeidhm ón dáta a thiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:



Airteagal 1
Raon Feidhme

Leagtar síos leis an Rialachán seo bearta sealadacha lena rialaítear an t‑aeriompar idir an tAontas agus Ríocht Aontaithe na Breataine agus Thuaisceart Éireann (‘an Ríocht Aontaithe’) tar éis dheireadh na hidirthréimhse dá dtagraítear in Airteagal 126 den Chomhaontú um Tharraingt Siar.

Airteagal 2
Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1)    ciallaíonn ‘aeriompar’ paisinéirí, bagáiste, lasta agus post a iompar in aerárthaí, ar leithligh nó i gcomhcheangal, a chuirtear ar fáil don phobal ar luach saothair nó ar fruiliú, lena n‑áirítear aersheirbhísí sceidealta agus neamhsceidealta;

2)    ciallaíonn ‘aeriompar idirnáisiúnta’ aeriompar a ghabhann tríd an aerspás thar chríoch níos mó ná Stát amháin;

3)    ciallaíonn ‘aeriompróir de chuid an Aontais’ aeriompróir a bhfuil ceadúnas bailí oibríochta aige a dheonaigh údarás ceadúnaithe inniúil i gcomhréir le Caibidil II de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008;

4)    ciallaíonn ‘aeriompróir na Ríochta Aontaithe’ aeriompróir:

(a)    a bhfuil a phríomhionad gnó sa Ríocht Aontaithe; agus

(b) a chomhlíonann ceann amháin den dá choinníoll seo a leanas:

(i) gur leis an Ríocht Aontaithe agus/nó le náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe níos mó ná 50 % den ghnóthas agus gurb iad a rialaíonn é le fírinne, go díreach nó go hindíreach trí ghnóthas idirmheánach amháin nó níos mó ná gnóthas idirmheánach amháin; nó

(ii) gur le Ballstáit an Aontais agus/nó le náisiúnaigh Bhallstáit an Aontais agus/nó le Ballstáit den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus/nó náisiúnaigh na Stát sin, in aon chomhcheangal díobh sin, bídís ina n‑aonar nó leis an Ríocht Aontaithe agus/nó le náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe níos mó ná 50 % den ghnóthas agus gurb iad a rialaíonn é le fírinne, go díreach nó go hindíreach trí ghnóthas idirmheánach amháin nó níos mó ná gnóthas idirmheánach amháin.

(c)    sa chás dá dtagraítear i bpointe (b)(ii), go bhfuil ceadúnas oibríochta bailí acu i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ar an lá roimh an gcéad lá a chuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm mar a leagtar amach sa chéad fhomhír d’Airteagal 14(2).

5)    ciallaíonn ‘rialú éifeachtach’ caidreamh arb éard atá ann cearta, conarthaí nó aon mhodh eile, a thugann deis, ar leithligh nó go comhpháirteach agus ag féachaint do bhreithnithe an fhíorais nó an dlí lena mbaineann, tionchar cinntitheach a fheidhmiú go díreach nó go hindíreach ar ghnóthas, ar an gcaoi seo a leanas go háirithe:

(a)    tríd an gceart sócmhainní uile an ghnóthais, nó cuid díobh, a úsáid;

(b)    trí chearta nó trí chonarthaí a mbíonn tionchar cinntitheach acu ar chomhdhéanamh, ar vótáil nó ar chinntí comhlachtaí gnóthais nó a mbíonn tionchar cinntitheach acu ar shlí eile ar reáchtáil ghnó an ghnóthais;

6)    ciallaíonn ‘dlí na hiomaíochta’ an dlí is ábhartha maidir leis an iompraíocht seo a leanas, i gcás ina bhfeadfaidh sé difear a dhéanamh do sheirbhísí aeriompair:

(a)    iompraíocht arb é atá ann:

(i)    comhaontuithe idir aeriompróirí, cinntí a dhéanann comhlachtaí aeriompróirí agus cleachtais chomhbheartaithe a bhfuil sé mar aidhm agus mar éifeacht acu an t‑iomaíochas a chosc, a shrianadh, nó a shaobhadh;

(ii)    ‑úsáid cinsealachta a dhéanann aeriompróir amháin nó níos mó;

(iii)    bearta a dhéanann nó a choinníonn an Ríocht Aontaithe i bhfeidhm i gcás gnóthais phoiblí agus gnóthais dá ndeonaíonn an Ríocht Aontaithe cearta speisialta nó eisiacha atá contrártha le pointe (i) nó pointe (ii);

(b)    comhchruinnithe idir aeriompróirí a chuireann bac ar an iomaíocht éifeachtach, go háirithe de thoradh cinsealacht a chruthú nó a neartú;

7)    ciallaíonn ‘fóirdheontas’ aon ranníocaíocht airgeadais a thugann an rialtas nó aon chomhlacht poiblí eile ar aon leibhéal d’aeriompróir, lena mbaineann sochar, agus ina n‑áirítear:

(a)    aistriú díreach cistí, amhail deontais, iasachtaí nó insileadh cothromais, aistriú díreach féideartha cistí, glacadh dliteanas amhail ráthaíochtaí iasachta, instealltaí caipitil, úinéireacht, cosaint i gcoinne féimheachta nó árachas;

(b)    ioncam a ligean ar ceal nó gan é a bhailiú, ar ioncam é a bheadh dlite murach sin;

(c)    earraí nó seirbhísí, nach bonneagar ginearálta, a sholáthar, nó earraí nó seirbhísí a cheannach;

(d)    íocaíochtaí a dhéanamh le sásra maoiniúcháin nó iad a chur ar iontaoibh nó a threorú chuig comhlacht príobháideach chun ceann amháin nó níos mó de na feidhmeanna a luaitear i bpointí (a), (b) agus (c) a dhéanamh, ar feidhmeanna iad a mbeadh ar an rialtas nó ar chomhlacht poiblí iad a dhéanamh de ghnáth, agus i gcás gur beag an difear atá idir an cleachtas agus na cleachtais a dhéanann rialtais de ghnáth;

ní mheastar go mbaineann aon sochar le rannaíocht airgeadais a dhéanann rialtas nó comhlacht poiblí eile, más rud é go bhféadfadh sé go mbeadh an ranníocaíocht airgeadais chéanna déanta ag oibreoir sa mhargadh príobháideach agus é dírithe ar fhéidearthachtaí brabúis amháin, agus a bheadh déanta sa chás céanna ag an gcomhlacht poiblí i gceist;

8)    ciallaíonn ‘údarás neamhspleách iomaíochta’ údarás atá i gceannas ar dhlí na hiomaíochta a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú, agus ar na fóirdheontais a rialú, arb údarás é a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:

(a)    tá an t‑údarás neamhspleách ó thaobh oibríochta de agus tá na hacmhainní is gá aige chun a chuid cúraimí a dhéanamh;

(b)    agus a dhualgais á ndéanamh agus a chumhachtaí á bhfeidhmiú aige, beidh ag an údarás an ráthaíocht is gá maidir le neamhspleáchas ar aon tionchar polaitiúil nó ar aon tionchar seachtrach eile, agus gníomhaíonn sé go neamhchlaonta; agus

(c)    tá na cinntí a dhéanann an t‑údarás faoi réir athbhreithniú breithiúnach;

9)    ciallaíonn ‘idirdhealú’ aon chineál idirdhealaithe a dhéantar gan údar oibiachtúil i dtaca le hearraí agus seirbhísí a sholáthar, lena n‑áirítear seirbhísí poiblí, i gcás oibríocht seirbhísí aeriompair, nó i ndáil leis an tslí a gcaitheann na húdaráis phoiblí is ábhartha maidir leis na seirbhísí sin leo;

10)    ciallaíonn ‘seirbhís aeriompair sceidealta’ sraith eitiltí a mbaineann na saintréithe seo a leanas go léir leo:

(a)    ar gach eitilt bíonn suíocháin agus/nó toilleadh chun lasta a iompar agus/nó toilleadh chun post a iompar ar fáil ar féidir leis an bpobal iad a cheannach astu féin (go díreach ón aeriompróir nó óna ghníomhairí údaraithe);

(b)    oibrítear í chun freastal ar thrácht idir an dá aerfort chéanna nó níos mó ná an dá aerfort céanna, cibé:

(i)    de réir tráthchláir fhoilsithe; nó

(ii)    le heitiltí a bhíonn ann chomh rialta nó chomh minic sin gur léir gur sraith chórasach iad;

11)    ciallaíonn ‘seirbhís aeriompair neamhsceidealaithe’ seirbhís aeriompair tráchtála a fheidhmítear, cé is moite d’aersheirbhís sceidealaithe;

12)    ciallaíonn ‘críoch an Aontais’ an chríoch talún sin, na huiscí inmheánacha sin agus na huiscí teorann de chuid na mBallstát a bhfuil feidhm ag an gConradh ar an Aontas Eorpach agus ag an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir léi, faoi na coinníollacha a leagtar síos sna Conarthaí sin, agus an t‑aerspás os a gcionn;

13)    ciallaíonn ‘críoch na Ríochta Aontaithe’ críoch talún, uiscí inmheánacha agus uiscí teorann na Ríochta Aontaithe agus an t‑aerspás os a gcionn;

14)    ciallaíonn ‘Coinbhinsiún Chicago’ an Coinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta, a síníodh in Chicago an 7 Nollaig 1944.

Airteagal 3
Cearta tráchta

1.    Féadfaidh iompróirí na Ríochta Aontaithe, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo, an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)    eitilt thar chríoch an Aontais gan tuirlingt;

(b)    stadanna a dhéanamh i gcríoch an Aontais chun críocha nach mbaineann le trácht, de réir bhrí Choinbhinsiún Chicago;

(c)    seirbhísí aeriompair idirnáisiúnta sceidealaithe agus neamhsceidealaithe a fheidhmiú do phaisinéirí, do chumasc de phaisinéirí agus de lasta agus seirbhísí uile‑lasta idir aon dá phointe a bhfuil ceann amháin suite i gcríoch na Ríochta Aontaithe agus an ceann eile suite i gcríoch an Aontais.

3.    Ní dhéanfaidh na Ballstáit caibidlíocht ná ní thabharfaidh siad aon chomhaontú déthaobhach ná aon socrú i gcrích leis an Ríocht Aontaithe maidir le hábhair a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo i dtaca leis an tréimhse a mbeidh feidhm ag an Rialachán seo lena linn. Ó thaobh na tréimhse sin de, ní dheonóidh siad ar aon slí eile d’aeriompróirí na Ríochta Aontaithe, i dtaca le haeriompar de, aon cheart seachas na cearta sin a dheonaítear leis an Rialachán seo.

4.    D’ainneoin mhír 3, féadfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, soláthar seirbhísí otharchairr a údarú ina gcríoch trí bhíthin aerárthaí atá cláraithe sa Ríocht Aontaithe.

Airteagal 4
Socruithe margaíochta comhoibritheacha

1.    Féadfar seirbhísí aeriompair i gcomhréir le hAirteagal 3 a sholáthar trí bhíthin socruithe suíochán blocáilte nó socruithe roinnte cód, mar a leanas:

(a)    féadfaidh an t‑aeriompróir de chuid na Ríochta Aontaithe gníomhú mar an t‑iompróir margaíochta, le haon iompróir oibriúcháin arb aeriompróir de chuid an Aontais nó aeriompróir de chuid na Ríochta Aontaithe é, nó le haon iompróir oibriúcháin de chuid tríú tír a ag a bhfuil na cearta tráchta is gá faoi dhlí an Aontais nó, de réir mar is infheidhme, faoi dhlí an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann, mar aon leis an gceart dá iompróirí na cearta sin a fheidhmiú trí bhíthin an tsocraithe i dtrácht;

(b)    féadfaidh an t‑aeriompróir de chuid na Ríochta Aontaithe gníomhú mar an t‑iompróir margaíochta, le haon iompróir oibriúcháin arb aeriompróir de chuid an Aontais nó aeriompróir de chuid na Ríochta Aontaithe é, nó le haon iompróir oibriúcháin de chuid tríú tír a ag a bhfuil na cearta tráchta is gá faoi dhlí an Aontais nó, de réir mar is infheidhme, faoi dhlí an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann, mar aon leis an gceart dá iompróirí na cearta sin a fheidhmiú trí bhíthin an tsocraithe i dtrácht.

2.    Ní dhéanfar in aon chás na cearta arna ndeonú d’aeriompróirí na Ríochta Aontaithe faoi mhír 1 a fhorléiriú mar chearta a thugann d’aeriompróirí tríú tír aon cheart seachas na cearta sin atá acu faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann.

3.    Maidir le hathchúrsa ar shocruithe suíochán blocáilte nó socruithe roinnte cód, cibé acu mar iompróir oibriúcháin nó mar iompróir margaíochta, ní bheidh mar thoradh air sin go mbeidh aeriompróir de chuid na Ríochta Aontaithe ag feidhmiú ceart seachas na cearta sin dá bhforáiltear in Airteagal 3(1).

Ní chuirfidh sé sin cosc ar iompróirí na Ríochta Aontaithe seirbhísí aeriompair a sholáthar idir aon dá phointe a bhfuil ceann acu suite i gcríoch an Aontais agus an ceann eile suite i dtríú tír, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)    go ngníomhaíonn iompróir na Ríochta Aontaithe mar iompróir margaíochta faoi shocrú suíochán blocáilte nó socrú roinnte cód le hiompróir oibriúcháin a thairbhíonn, faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann, de na cearta tráchta is gá agus ón gceart chun na cearta sin a fheidhmiú trí bhíthin an tsocraithe atá i dtrácht;

(b)    gur cuid d’iompar an iompróra sin de chuid na Ríochta Aontaithe an tseirbhís iompair atá i dtrácht idir pointe i gcríoch na Ríochta Aontaithe agus an pointe ábhartha sa tríú tír lena mbaineann.

4.    Ceanglóidh na Ballstáit lena mbaineann go ndéanfaidh a n‑údaráis inniúla na socruithe dá dtagraítear san Airteagal seo a fhormheas chun a fhíorú go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo agus na ceanglais is infheidhme i ndlí an Aontais agus sa dlí náisiúnta, go háirithe maidir leis an tsábháilteacht agus an tslándáil.

Airteagal 5
Léasú aerárthaí

1.    Le linn dó na cearta dá bhforáiltear in Airteagal 3(1) a fheidhmiú, féadfaidh aeriompróir de chuid na Ríochta Aontaithe seirbhísí aeriompair a sholáthar lena aerárthaí féin agus i ngach ceann de na cásanna seo a leanas:

(a)    trí úsáid a bhaint as aerárthaí arna léasú gan chriú ó aon léasóir;

(b)    trí úsáid a bhaint as aerárthaí ar léas le criú ó aon aeriompróir eile de chuid na Ríochta Aontaithe;

(c)    trí úsáid a bhaint as aerárthaí ar léas le criú ó aeriompróirí d’aon tír seachas an Ríocht Aontaithe, ar choinníoll go bhfuil údar cuí leis an léasú ar bhonn riachtanais eisceachtúla, riachtanais toillte shéasúracha nó deacrachtaí oibríochtúla atá ag an léasaí agus fad agus nach dtéann tréimhse an léasa thar an tréimhse atá riachtanach go fíor chun na riachtanais sin a chomhlíonadh nó chun na deacrachtaí sin a shárú.

2.    Ceanglóidh na Ballstáit lena mbaineann go ndéanfaidh a n‑údaráis inniúla na socruithe dá dtagraítear i mír 1 a fhormheas chun a fhíorú go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach inti agus na ceanglais is infheidhme i ndlí an Aontais agus sa dlí náisiúnta, go háirithe maidir leis an tsábháilteacht agus an tslándáil.

Airteagal 6
Coibhéis maidir le cearta

1.    Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar na cearta a thabharfaidh an Ríocht Aontaithe d’aeriompróirí an Aontais agus na coinníollacha a bhaineann lena bhfeidhmiú.

2.    I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún nach bhfuil na cearta a thabharfaidh an Ríocht Aontaithe d’aeriompróirí an Aontais coibhéiseach, de jurede facto, leis na cearta a thabharfar d’aeriompróirí na Ríochta Aontaithe faoin Rialachán seo, nó nach bhfuil na cearta sin ar fáil gan idirdhealú d’aeriompróirí uile an Aontais, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme gan mhoill agus chun an choibhéis a athbhunú, gníomhartha cur chun feidhme a bhfuil sé d’aidhm acu an méid seo a leanas a bhaint amach:

(a)    teorainneacha a leagan síos ar an acmhainn incheadaithe le haghaidh seirbhísí aeriompair sceidealaithe atá ar fáil d’aeriompróirí na Ríochta Aontaithe agus ceangal a chur ar na Ballstáit údaruithe oibríochta aeriompróirí na Ríochta Aontaithe a oiriúnú, idir údaruithe atá ann cheana agus na húdaruithe a deonaíodh le déanaí, dá réir sin;

(b)    a cheangal ar na Ballstáit na húdaruithe oibríochta sin a dhiúltú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm; nó

(c)    dualgais airgeadais nó srianta oibríochtúla a fhorchur.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(2). Glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 13(3) más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo ina bhfuil easpa thromchúiseach coibhéise chun críocha mhír 2, ina n‑éilítear amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne.

Airteagal 7
Iomaíocht chóir

1.    Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar na coinníollacha faoina rachaidh aeriompróirí agus aerfoirt an Aontais in iomaíocht le haeriompróirí agus aerfoirt na Ríochta Aontaithe i dtaca leis na haersheirbhísí a chumhdaítear leis an Rialachán seo a sholáthar.

2.    I gcás ina gcinnfidh sé, mar gheall ar aon cheann de na cásanna dá dtagraítear i mír 3, nach bhfuil na coinníollacha sin chomh fabhrach leis na coinníollacha atá ag aeriompróirí na Ríochta Aontaithe, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme gan mhoill agus chun an méid sin a leigheas, gníomhartha cur chun feidhme a bhfuil sé d’aidhm acu an méid seo a leanas a bhaint amach:

(a)    teorainneacha a leagan síos ar an acmhainn incheadaithe le haghaidh seirbhísí aeriompair sceidealaithe atá ar fáil d’aeriompróirí na Ríochta Aontaithe agus ceangal a chur ar na Ballstáit údaruithe oibríochta aeriompróirí na Ríochta Aontaithe a oiriúnú, idir údaruithe atá ann cheana agus na húdaruithe a deonaíodh le déanaí, dá réir sin;

(b)    a cheangal ar na Ballstáit na húdaruithe oibríochta sin a dhiúltú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm maidir le haeriompróirí uile na Ríochta Aontaithe nó roinnt díobh; nó

(c)    dualgais airgeadais nó srianta oibríochtúla a fhorchur.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(2). Glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 13(3) más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo ina bhfuil bagairt d’inmharthanacht eacnamaíoch oibríochta amháin nó níos mó de chuid aeriompróirí an Aontais, cásanna ina n‑éilítear amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne.

3.    Déanfar gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 a ghlacadh, faoi na coinníollacha a shonraítear sa mhír sin, chun na staideanna seo a leanas a réiteach:

(a)    fóirdheontais arna ndeonú ag an Ríocht Aontaithe;

(b)    gan dlí na hiomaíochta a bheith i bhfeidhm nó curtha i bhfeidhm go héifeachtúil ag an Ríocht Aontaithe;

(c)    gan údarás iomaíochta neamhspleách a bheith curtha ar bun ná á choimeád ag an Ríocht Aontaithe;

(d)    caighdeáin maidir le cosaint oibrithe, an tsábháilteacht, an slándáil, an comhshaol nó ceart paisinéirí atá níos laige ná na caighdeáin a leagtar síos i ndlí an Aontais a bheith á gcur i bhfeidhm ag an Ríocht Aontaithe, nó in éagmais forálacha ábhartha i ndlí an Aontais, caighdeáin atá níos laige ná na caighdeáin a chuirtear i bhfeidhm sna Ballstáit uile nó, i gcás ar bith, níos laige ná na caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha;

(e)    aon chineál idirdhealaithe i gcoinne aeriompróirí an Aontais.

4.    Chun críocha mhír 1, féadfaidh an Coimisiún faisnéis a iarraidh ar údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, aeriompróirí na Ríochta Aontaithe nó aerfoirt na Ríochta Aontaithe. I gcás nach gcuirfidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, aeriompróir na Ríochta Aontaithe nó aerfort na Ríochta Aontaithe an fhaisnéis a iarradh ar fáil faoi cheann tréimhse ama réasúnta arna forordú ag an gCoimisiún, nó ina gcuirfidh siad faisnéis neamhiomlán ar fáil, féadfaidh an Coimisiún déanamh de réir mhír 2.

5.    Ní bheidh feidhm ag Rialachán ( AE) 2019/712 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 14 maidir le hábhair a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

Airteagal 8
Údarú oibríochta

1.    Gan dochar do dhlí an Aontais ná don dlí náisiúnta i réimse na sábháilteachta eitlíochta, chun na cearta a dheonaítear dóibh faoi Airteagal 3 a fheidhmiú, cuirfear de cheangal ar aeriompróirí na Ríochta Aontaithe údarú oibríochta a fháil ó gach Ballstát ina dteastaíonn uathu oibriú.

2.    Tar éis dóibh iarratas ar údarú oibríochta a fháil ó aeriompróir de chuid na Ríochta Aontaithe, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an t‑údarú oibríochta iomchuí a dheonú gan moill mhíchuí, ar choinníoll:

(a)    go bhfuil ceadúnas oibríochta bailí arna eisiúint i gcomhréir le reachtaíocht na Ríochta Aontaithe ag aeriompróir na Ríochta Aontaithe is iarratasóir; agus

(b)    go ndéanann agus go gcoinníonn an Ríocht Aontaithe ar bun rialú rialála éifeachtach ar aeriompróir na Ríochta Aontaithe is iarratasóir, go n‑aithnítear an t‑údarás inniúil go soiléir agus go bhfuil deimhniú aeroibreora atá curtha ar fáil ag an údarás sin ag aeriompróir na Ríochta Aontaithe.

3.    Gan dochar don ghá atá ann go leor ama a thabhairt chun measúnuithe riachtanacha a dhéanamh, beidh aeriompróirí na Ríochta Aontaithe i dteideal a n‑iarratais ar údaráis oibríochta a chur isteach ón lá a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm. Beidh sé de chumhacht ag na Ballstáit na hiarratais sin a fhormheas amhail ón lá sin, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha maidir leis an bhformheas sin. Mar sin féin, ní bheidh éifeacht ag aon údaruithe a dheonófar ar an gcaoi sin níos túisce ná an chéad lá de chur i bhfeidhm an Rialacháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2).

Airteagal 9
Pleananna, cláir agus sceidil oibríochta

1.    Cuirfidh aeriompróirí na Ríochta Aontaithe pleananna, cláir agus sceidil oibríochta maidir le haersheirbhísí isteach lena bhformheas chuig údaráis inniúla gach Ballstáit lena mbaineann. Déanfar aon chur isteach den chineál sin 30 lá ar a laghad roimh thús na n‑oibríochtaí.

2.    Faoi réir Airteagal 8, féadfar na pleananna oibríochta, na cláir agus na sceidil do shéasúr IATA atá ann ar an gcéad lá a chuirfear an Rialachán seo mar a leagtar amach sa chéad fhomhír d’Airteagal 14(2) i bhfeidhm agus na pleananna oibríochta, na cláir agus na sceidil sin don chéad séasúr eile dá éis sin a chur isteach agus a fhormheas, roimh an dáta sin.

3.    Ní chuirfear cosc ar na Ballstáit údaruithe a eisiúint leis an Rialachán seo chun aersheirbhísí sceidealaithe a bheith á n‑oibriú ag iompróirí an Aontais i bhfeidhmiú na gceart a thugann an Ríocht Aontaithe dóibh. Ní dhéanfaidh na Ballstáit idirdhealú idir iompróirí an Aontais i leith na n‑údaruithe sin.

Airteagal 10
Údarú a dhiúltú, a chúlghairm, a chur ar fionraí nó a theorannú

1.    Diúltóidh na Ballstáit údarú oibríochta aeriompróra de chuid na Ríochta Aontaithe, nó de réir an cháis, déanfaidh siad é sin a chúlghairm nó a fhionraí sna cásanna seo a leanas:

(a)    níl an t‑aeriompróir cáilithe ina aeriompróir de chuid na Ríochta Aontaithe de réir an Rialacháin seo; nó

(b)    níl na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 8(2) comhlíonta.

2.    Déanfaidh na Ballstáit coinníollacha maidir le húdarú oibríochta aeriompróra de chuid na Ríochta Aontaithe a dhiúltú, a chúlghairm, a fhionraí, a theorannú nó a fhorchur, nó déanfaidh siad coinníollacha maidir le húdarú oibríochta aeriompróra de chuid na Ríochta Aontaithe a theorannú nó a fhorchur in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)    na ceanglais sábháilteachta agus slándála atá infheidhme, níl siad comhlíonta;

(b)    na ceanglais is infheidhme maidir le haerárthaí a bheidh ag gabháil don aeriompar a ligean isteach i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann, maidir le hiad a oibriú sa chríoch sin agus maidir le hiad imeacht as an gcríoch sin, níl siad comhlíonta;

(c)    na ceanglais is infheidhme maidir le paisinéirí, criú, bagáiste, lasta agus/nó post (lena n‑áirítear rialacháin maidir le hiontráil, imréiteach, inimirce, pasanna, custaim agus coraintín, nó i gcás poist, rialacháin maidir le post) a ligean isteach i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann, maidir le oibríochtaí ina leith sin a dhéanamh sa chríoch sin agus maidir le hiad imeacht as an gcríoch sin, níl siad comhlíonta.

3.    Déanfaidh na Ballstáit coinníollacha maidir le húdaruithe oibríochta aeriompróirí na Ríochta Aontaithe a dhiúltú, a chúlghairm, a fhionraí, a theorannú nó a fhorchur, nó déanfaidh siad coinníollacha maidir le hoibríochtaí aeriompróirí na Ríochta Aontaithe a theorannú nó a fhorchur, i gcás ina gceanglóidh an Coimisiún orthu sin a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 6 nó Airteagal 7.

4.    Cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi aon chinntí údarú aeriompróra de chuid na Ríochta Aontaithe a dhiúltú nó a chúlghairm de bhun mhír 1 agus mhír 2, gan moill mhíchuí.

Airteagal 11
Deimhnithe agus ceadúnais

Maidir le deimhnithe aeracmhainneachta, deimhnithe inniúlachta agus ceadúnais arna n‑eisiúint nó arna mbailíochtú ag an Ríocht Aontaithe atá i bhfeidhm fós, aithneoidh na Ballstáit go mbeidh na deimhnithe sin agus na ceadúnais sin bailí chun críche seirbhísí aeriompair a bheith á n‑oibriú ag aeriompróirí na Ríochta Aontaithe faoin Rialachán seo, ar choinníoll gur eisíodh agus gur bailíochtaíodh na deimhnithe sin agus na ceadúnais sin de bhun na gcaighdeán idirnáisiúnta ábhartha, ar a laghad, a bunaíodh faoi Choinbhinsiún Chicago agus i gcomhréir leis na caighdeáin sin.

Airteagal 12
Comhairliúchán agus comhar

1.    Rachaidh údaráis inniúla na mBallstát i gcomhairle agus i gcomhar le húdaráis inniúla na Ríochta Aontaithe de réir mar is gá chun a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo chun feidhme.

2.    Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiúin, arna iarraidh sin orthu, gan aon mhoill mhíchuí, aon fhaisnéis a fhaightear de bhun mhír 1 den Airteagal seo nó aon fhaisnéis eile is ábhartha chun Airteagail 6 agus 7 a chur chun feidhme.

Airteagal 13
An Coiste

1.    Déanfaidh an Coiste a bunaíodh le Rialachán (AE) 1008/2008, cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) 182/2011.

2.    I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) 182/2011.

3.    I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 de.

Airteagal 14
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.    Beidh feidhm aige ón lá tar éis an lae a scoirfidh dlí an Aontais d’fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagail 126 agus 127 den Chomhaontú um Tharraingt Siar.

Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 8(3) agus ag Airteagal 9(2) ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

3.    Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo má tá comhaontú lena rialaítear go cuimsitheach soláthar aeriompair leis an Ríocht Aontaithe, a bhfuil an tAontas ina pháirtí ann, tagtha i bhfeidhm faoin dáta dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 2.

4.    Scoirfidh an Rialachán seo d’fheidhm a bheith aige ar an dáta is luaithe de na dátaí seo a leanas:

(a)    30 Meitheamh 2021;

(b)    an dáta a thiocfaidh comhaontú dá dtagraítear i mír 3 i bhfeidhm, nó, de réir mar a bheidh, an dáta óna gcuirfear i bhfeidhm é go sealadach.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    IO L  29, 31.1.2020, lch. 7.
(2)    Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle an 30 Eanáir 2020 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO L 29, 31.1.2020, lch. 1).
(3)    IO L 58, 27.2.2020, lch. 53.
(4)    Iarscríbhinn 1B a ghabhann leis an gComhaontú lena mBunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, arna dhéanamh in Marrakech an 15 Aibreán 1994.
(5)    An Grúpa Gníomhaíochta um Aeriompar (ATAG), ‘Eitlíocht: An tuarascáil ar Thairbhe Trasteorann le haghaidh 2020’.
(6)    Tuairim ó ….
(7)    Tuairim ó ….
(8)    An seasamh ó Pharlaimint na hEorpa …
(9)    IO L  29, 31.1.2020, lch. 7.
(10)    Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle an 30 Eanáir 2020 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO L 29, 31.1.2020, lch. 1).
(11)    IO L  58, 27.2.2020, lch. 53.
(12)    Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal (IO L 293, 31.10.2008, lch. 3).
(13)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(14)    Rialachán (AE) 2019/712 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le hiomaíocht in earnáil an aeriompair a chosaint, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 868/2004 (IO L 123, 10.5.2019, lch. 4).