AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,10.12.2020
COM(2020) 826 final
2020/0362(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le rialacha coiteanna a áirithíonn nascacht bhunúsach san iompair de bhóthar, idir iompar lasta agus iompar paisinéirí, i ndiaidh na hidirthréimhse dá dtagraítear sa Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar ón Aontas Eorpach agus ón gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
An 1 Feabhra 2020, tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Thug an tAontas an Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’) i gcrích le Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020. An 31 Nollaig 2020, tiocfaidh deireadh leis an idirthréimhse dá dtagraítear in Airteagal 126 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, ar lena linn a leanfaidh dlí an Aontais d’fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 127 den chomhaontú sin.
Cinneadh (AE, Euratom) 2020/266 ón gComhairle an 25 Feabhra 2020 lena n‑údaraítear tús a chur le caibidlíocht le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann maidir le comhaontú nua comhpháirtíochta. Mar atá intuigthe leis na treoracha caibidlíochta, cumhdaíonn an t‑údarú inter alia na gnéithe atá riachtanach chun freastal go cuimsitheach ar an gcaidreamh leis an Ríocht Aontaithe maidir le hiompar de bhóthar tar éis na hidirthréimhse.
Mar sin féin, ní léir an mbeidh comhaontú idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe lena rialófar an caidreamh a bheidh eatarthu sa todhchaí sa réimse seo tagtha i bhfeidhm faoi dheireadh na tréimhse sin.
Gach ceart agus gach oibleagáid dá leanann dlí an Aontais i ndáil le rochtain ar mhargadh an iompair de bhóithre, faoi mar a bunaíodh le Rialachán (EC) Uimh. 1072/2009 agus le Rialachán (AE) Uimh. 1073/2009, is ar an 31 Nollaig 2020 a bheidh deireadh leis ach a n‑éagfaidh an idirthréimhse a bunaíodh leis an gComhaontú um Tharraingt Siar. Bheadh de thoradh air sin go gcaillfí bailíocht na gceadúnas Comhphobail arna n‑eisiúint ag an Ríocht Aontaithe d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar agus d’oibreoirí busanna agus cóistí, agus dá bhrí sin chaillfeadh sealbhóirí ceadúnas den sórt sin rochtain ar mhargadh tarlaithe de bhóthar agus ar mhargadh paisinéirí an Aontais. Dá réir sin, caillfidh oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais Eorpaigh rochtain uathoibríoch ar mhargadh iompair lasta de bhóthar agus margadh iompair paisinéirí na Ríochta Aontaithe freisin, ar bhonn na gceadúnas Comhphobail atá ann faoi láthair.
Dá bhrí sin, in éagmais comhaontú idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe lena rialófaí an cheist, tar éis dheireadh na hidirthréimhse, is é córas cuótaí iltaobhach Chomhdháil Eorpach na nAirí Iompair (ECMT) an t‑aon chreat dlíthiúil a bheadh ann ar a bhféadfaí leanúint de bhunú sheirbhísí iompair lasta de bhóthar faoi réir cead ECMT a bheith acu. Féadfaidh feithicil a bhfuil cead ECMT acu earraí a iompar idir na 43 thír atá páirteach sa chóras; orthu sin tá 26 de na mBallstát den Aontas (gach Ballstát seachas an Chipir), an Ríocht Aontaithe, agus 16 thír eile. Tar éis oibríocht tarlaithe idirnáisiúnta a dhéanamh ó thír chlárúcháin na feithicle go dtí tír eile ECMT, is féidir suas le trí oibríocht nach mbeidh baint ag an tír chlárúcháin leo a dhéanamh sula mbeidh ar an bhfeithicil filleadh ar an tír ina bhfuil sí cláraithe.
Tá teorainn leis an líon ceadúnas ECMT atá ag dul do gach Ballstát, agus tá ceadúnais 2021 leithdháilte cheana ar an leibhéal náisiúnta ag údaráis inniúla gach Ballstáit faoi seach. Ní féidir cur lena líon mura mbíonn ann ach fógra go gairid roimh ré. Leagtar síos cuótaí ECMT go bliantúil agus ní mór comhaontú d’aontoil a fháil ó gach tír ECMT chun an líon cead a leithdháiltear a athrú.
Faoi mar a tugadh chun suntais cheana i Rialachán (AE) 2019/501 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a glacadh an 25 Márta 2019, lena gcuirtear san áireamh líon na seirbhísí iompair lasta de bhóthar agus na hearraí a iompraítear de bhóthar idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas (thart ar 51 milliún tona in 2019; thart ar 29 milliún tona ón Aontas go dtí an Ríocht Aontaithe agus thart ar 22 milliún ón Ríocht Aontaithe go dtí an tAontas), is léir nach réiteach leor a bheith i dtuilleamaí chóras cuótaí ECMT go hiomlán chun nascacht bhunúsach iompair lasta de bhóthair a áirithiú lom láithreach tar éis dul in éag don idirthréimhse.
I dtaca le hiompar earraí de bhóthar idir an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit, is ag oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe agus oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais is mó, nach mór, atá siad. Dá gcaillfeadh na hoibreoirí sin a gceart chun iompar lasta de bhóthar a sholáthar idir an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit, is míshocracht thromchúiseach an toradh a bheadh air sin, lena n‑áirítear míshocracht i réimse an oird phoiblí.
A mhéid a bhaineann le hiompar paisinéirí de bhus agus de chóiste, in éagmais comhaontú idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe lena rialaítear an cheist, is é an Comhaontú maidir le hiompar ócáideach idirnáisiúnta paisinéirí de chóiste agus de bhus (“Comhaontú Interbus”) an t‑aon chreat dlíthiúil atá ar fáil lena bhféadfaí, tar éis dheireadh na hidirthréimhse, bonn a sholáthar d’iompar paisinéirí de bhus agus de chóiste idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe. Thaisc an Ríocht Aontaithe a hionstraim aontachais do Chomhaontú Interbus an 29 Deireadh Fómhair 2020. Dá bhrí sin, beidh sé ina Pháirtí Conarthach ina cheart féin an 1 Eanáir 2021. Mar sin féin, ní chumhdaítear i gComhaontú Interbus ach seirbhísí ócáideacha agus dá bhrí sin ní leor é chun aghaidh a thabhairt ar an míshocracht a leanfaidh dul ó fheidhm dhlí an Aontais i leith na Ríochta Aontaithe agus laistigh den Ríocht Aontaithe i bhfianaise líon ard na ndaoine a bheadh fós ag iarraidh taisteal idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe. Rinne Páirtithe Conarthacha Chomhaontú Interbus prótacal a rialaíonn seirbhísí iompair do phaisinéirí agus a ghabhann leis an gComhaontú a chaibidil, ach níltear ag súil leis go dtiocfaidh sé i bhfeidhm in am chun réiteach malartach inmharthana a sholáthar ar an staid atá ann faoi láthair don tréimhse lom láithreach i ndiaidh dul in éag don idirthréimhse. Dá bhrí sin, i gcás seirbhísí rialta agus seirbhísí rialta speisialta iompair do phaisinéirí de chóiste agus de bhus, ní théann na hionstraimí reatha i ngleic le riachtanais na seirbhísí sin idir an tAontas, ar thaobh amháin, agus an Ríocht Aontaithe ar an taobh eile.
Tá tábhacht ar leith ag roinnt le seirbhísí trasteorann cóiste agus bus idir Éire agus an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann do na pobail a bhfuil cónaí orthu i réigiúin na teorann, d'fhonn nascacht bhunúsach a áirithiú idir pobail, inter alia, mar chuid den Chomhlimistéar Taistil. Níl aon ionstraim ann a d’fhéadfadh freastal ar an ngá atá le hoibreoirí cóiste agus bus a oibríonn seirbhísí rialta nó speisialta chun paisinéirí a bhailiú agus a scaoileadh amach i réigiúin atá taobh thall den teorainn. Mar sin féin, tá inmharthanacht eacnamaíoch a lán seirbhísí trasteorann i mbaol mura bhfuil de cheart acu oibríochtaí cabatáiste a dhéanamh. Dá bhrí sin, is iomchuí don Aontas bearta teagmhais sealadacha a ghlacadh a mbeidh teorainn ama leo chun éifeachtaí suaiteacha féideartha den sórt sin a mhaolú ó thaobh nascachta de idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe.
Dá bhrí sin, tá de chuspóir ag an togra seo bearta sealadacha a leagan síos chun iompar earraí de bhóthar a rialú chomh maith le soláthar seirbhísí rialta agus seirbhísí speisialta rialta iompair do phaisinéirí idir an tAontas, ar thaobh amháin, agus an Ríocht Aontaithe ar an taobh eile, tar éis dheireadh na hidirthréimhse dá dtagraítear in Airteagal 126 den Chomhaontú um Tharraingt Siar (Airteagal 1). Tá sé d’aidhm ag na bearta seo nascacht bhunúsach a choinneáil ar feadh tréimhse a bheidh teoranta go dian (Airteagal 2).
Maidir le raon feidhme críochach an Rialacháin seo, ní áirítear Giobráltar ann, agus maidir le haon tagairt don Ríocht Aontaithe ann, ní áirítear Giobráltar ann.
Ar an gcéad dul síos (Airteagal 3), déanann an Rialachán atá beartaithe foráil maidir le cearta aontaobhacha a thabhairt le haghaidh iompar déthaobhach d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe ionas gur féidir leo leanúint orthu ag iompar earraí idir a gcríoch féin agus an tAontas.
Foráiltear sa Rialachán atá beartaithe freisin (Airteagal 4) do chearta a dheonú go haontaobhach maidir le hiompar déthaobhach paisinéirí de chóiste agus de bhus mar chuid de sheirbhísí rialta nó speisialta d’oibreoirí bus agus cóiste atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe ionas gur féidir leo leanúint de phaisinéirí a iompar idir a gcríoch féin agus an tAontas. Tá foráil sa Rialachán freisin maidir le cearta aontaobhacha a dheonú chun paisinéirí a bhailiú agus a scaoileadh amach i réigiún teorann na hÉireann le linn seirbhísí rialta agus seirbhísí speisialta rialta idirnáisiúnta idir Éire agus an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann.
Na cearta a thugtar d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe, ní mór dóibh a bheith i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais is infheidhme maidir le hiompar lasta agus paisinéirí de bhóthar (Airteagal 6) agus na cearta coibhéiseacha atá á dtabhairt ag an Ríocht Aontaithe d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais. Leis an Rialachán atá beartaithe, leagtar síos sásra (Airteagal 7) chun a áirithiú go mbeidh na cearta atá ag oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais sa Ríocht Aontaithe coibhéiseach leo sin a thugtar d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe faoin Rialachán atá beartaithe. Murab amhlaidh an cás, tabharfar de chumhacht don Choimisiún na bearta is gá a ghlacadh chun é sin a chur ina cheart trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, lena n‑áirítear teorainn a chur leis an toilleadh is ceadmhach atá ar fáil d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar de chuid na Ríochta Aontaithe nó leis an líon turas nó leis an dá ní sin. Nuair a dhéanfaidh an Coimisiún measúnú ar leibhéal na coibhéise agus nuair a ghlacfaidh sé bearta ceartaitheacha, ní leis an gcomhfhreagras foirmiúil teoranta idir an dá dhlíchóras amháin a bhíonn na gníomhaíochtaí sin nasctha; is mar gheall ar na difríochtaí suntasacha idir an dá mhargadh a dhéantar sin agus chun cur chuige atá bunaithe ar shiméadracht ghlan a sheachaint - a d’fhéadfadh dul bunoscionn le leas an Aontais sa deireadh thiar thall.
Cé go bhfuil sé d’aidhm ag an Rialachán atá beartaithe nascacht bhunúsach a áirithiú go sealadach d’iompar lasta de bhóthar agus d’iompar paisinéirí de bhóthar, leagtar síos sásra solúbtha chun a áirithiú go mbainfidh oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais agus oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus deiseanna cothroma cothroma chun dul in iomaíocht le hoibreoirí tarlaithe de bhóthar agus le hoibreoirí seirbhísí cóiste agus bus na Ríochta Aontaithe. Chun go mbeidh cothrom iomaíochta ann, is éard is gá, fiú tar éis i n diaidh dheireadh na hidirthréimhse, go leanfaidh an Ríocht Aontaithe uirthi ag cur i bhfeidhm caighdeáin is leor-ard agus is inchomparáide i réimse an iompair lasta de bhóthar maidir leis an méid seo a leanas: iomaíocht chóir, lena n‑áirítear cairtéil, mí‑úsáid cinsealachta agus cumaisc a rialú; toirmeasc ar fhóirdheontais rialtais nach bhfuil údar leo; cosaint oibreoirí agus ardleibhéal sábháilteachta ar bhóithre; cosaint an chomhshaoil; sábháilteacht agus slándáil, nó maidir le ceadúnais a thabhairt d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar nó maidir le cáilíochtaí a thabhairt do thiománaithe gairmiúla, oiliúint a chur orthu agus rialuithe liachta a dhéanamh orthu. Mar aon leis sin, ní mór a áirithiú nach ndéanfar idirdhealú i gcoinne iompróirí an Aontais sa Ríocht Aontaithe, bíodh sin ar bhonn de jure nó de facto. Dá bhrí sin, cuirfear de chúram ar an gCoimisiún (Airteagal 8) faoin Rialachán atá á bheartú faireachán a dhéanamh ar na dálaí iomaíochta idir oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais agus oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe agus tabharfar de chumhacht dó na bearta is gá a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, chun a áirithiú go mbeidh na dálaí sin cothrom i gcónaí.
Tá na nósanna imeachta is gá á mbunú ionas go bhféadfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún a fhíorú go ndéanfaidh an Ríocht Aontaithe oibreoirí tarlaithe de bhóthar a bhfuil earraí á n‑iompar acu isteach san Aontas faoin Rialachán seo a cheadúnú nó a dheimhniú i gcomhréir le caighdeáin ábhartha, go gcomhlíonfar an reachtaíocht ábhartha náisiúnta uile agus reachtaíocht ábhartha uile an Aontais, agus nach sárófar na cearta ceadaithe sin.
Is amhlaidh cheana a chumhdaíonn Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 an chuid den turas idir Ballstát agus tríú tír a dhéantar ar chríoch aon Bhallstáit a thrasnaítear le linn an idirthurais. Is gá a áirithiú go mbeidh feidhm ag na rialacháin seo freisin maidir leis an gcuid sin den turas a dhéantar ar chríoch Bhallstát an luchtaithe nó an díluchtaithe le haghaidh iompar lasta, agus maidir leis an gcuid sin den turas ar chríoch an Bhallstáit ina mbailítear nó ina scaoiltear amach paisinéirí le haghaidh seirbhísí cóiste agus bus (Airteagal 9). Is é is aidhm do shíniú dá shórt sin a áirithiú gur féidir le hoibreoirí an Aontais oibríochtaí trastrádála a chleachtadh go dtí an Ríocht Aontaithe nó ón Ríocht Aontaithe, chomh maith le stadanna breise le linn a gcuid seirbhísí bus agus cóiste.
Tá foráil shainráite ann lena mheabhrú do na Ballstáit nár cheart dóibh dul i gcaibidlíocht leis an Ríocht Aontaithe ná aon chomhaontú déthaobhach iompair lasta de bhóthar a dhéanamh leis an Ríocht Aontaithe i leith ábhar atá faoi scáth feidhme an Rialacháin seo agus nár cheart dóibh ar shlí eile aon cheart a thabhairt d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe seachas na cearta a thugtar dóibh leis an Rialachán seo (Airteagal 5) maidir le hiompar lasta de bhóthar. Ainneoin sin, féadfaidh na húdaráis inniúla ábhartha comhoibriú le chéile de réir mar is gá ar mhaithe le cur chun feidhme fónta an Rialacháin (Airteagal 10), ionas nach gcuirfear isteach ach a laghad is féidir ar bhainistiú na seirbhísí iompair lasta de bhóthar agus na seirbhísí cóiste agus bus a bheidh á soláthar fós i ndiaidh 31 Nollaig 2020.
Bunaítear le hAirteagal 11 na rialacha maidir le feidhmiú an tarmligin a thugtar don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun a áirithiú go bhfuil na cearta atá ag oibreoirí bóthair an Aontais sa Ríocht Aontaithe coibhéiseach leis na cearta a thugtar d’oibreoirí bóthair na Ríochta Aontaithe, agus nach ndéanfar idirdhealú in aghaidh iompróirí an Aontais sa Ríocht Aontaithe.
Bunaítear le hAirteagal 12 go dtosóidh an Rialachán seo nuair a thiocfaidh deireadh leis an idirthréimhse arna bunú leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, mura mbeidh comhaontú lena rialaítear iompar de bhóthar leis an Ríocht Aontaithe tagtha i bhfeidhm agus go scoirfidh sé d’fheidhm a bheith aige an 30 Meitheamh 2021 ar a dhéanaí. Scoirfidh an Rialachán d’fheidhm a bheith aige níos luaithe, má thagann comhaontú lena rialaítear iompar de bhóthar leis an Ríocht Aontaithe i bhfeidhm nó má chuirtear i bhfeidhm go sealadach é, de réir mar a bheidh, roimh an dáta sin. Cé is moite de na forálacha sonracha a bhfuil feidhm acu i réigiún teorann na hÉireann le linn seirbhísí tráthrialta idirnáisiúnta agus seirbhísí tráthrialta speisialta idir Éire agus an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann, scoirfidh an Rialachán d’fheidhm a bheith aige freisin ag dáta níos luaithe maidir leis na forálacha a bhaineann le hiompar paisinéirí de bhóthar, más rud é go dtiocfaidh an Prótacal a ghabhann le Comhaontú Interbus maidir le gnáthiompar idirnáisiúnta paisinéirí de chóiste agus de bhus i bhfeidhm don Aontas agus don Ríocht Aontaithe.
Is éard atá sa ghníomh seo cuid de phacáiste beart atá an Coimisiún a ghlacadh.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá an Rialachán beartaithe seo ceaptha mar lex specialis lena dtabharfaí aghaidh ar chuid de na hiarmhairtí a bheidh ann toisc nach mbeidh feidhm a thuilleadh ag rialacha an Aontais lena rialaítear iompar lasta de bhóthar agus iompar paisinéirí de bhóthar de bhus agus de chóiste, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009, maidir le hiompar earraí agus paisinéirí de bhóthar idir an Ríocht Aontaithe ar thaobh amháin agus an tAontas ar an taobh eile. Tá na téarmaí atá beartaithe teoranta don mhéid is gá chuige sin, chun nach mbeidh bristeacha díréireacha ann. Tá sé beartaithe nach mbeidh feidhm acu ach ar feadh achar gairid. Dá bhrí sin, tá an togra seo iomlán comhsheasmhach leis an reachtaíocht atá ann cheana, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Comhlánaíonn an togra seo rialacha an Aontais lena rialaítear iompar earraí de bhóthar, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 agus rialacha an Aontais lena rialaítear seirbhísí idirnáisiúnta cóiste agus bus, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009. Is gá, mar gheall ar chuspóir sonrach agus comhthéacs an Rialacháin seo, agus mar gheall ar a chineál aontaobhach freisin, cur chuige níos sriantaí i leith cearta a thabhairt agus forálacha ar leith atá beartaithe chun comhionannas ceart agus cothrom iomaíochta a chaomhnú.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é is bunús dlí don togra seo Airteagal 91(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).
•Coimhdeacht
Le hAirteagal 1(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 maille le hAirteagal 1(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009, forchoimeádann an tAontas an inniúlacht i ndáil le comhaontuithe ábhartha le tríú tíortha. In éagmais comhaontú den sórt sin, dhéanfadh an gníomh seo atá á bheartú an nascacht bhunúsach a bhunú ach an Ríocht Aontaithe cearta coibhéiseacha a thabhairt. D'áiritheofaí an nascacht sin ar shlí chomhionann i gcás na tráchta go dtí gach pointe san Aontas agus ó gach pointe san Aontas, rud a dhéanfaidh saobhadh sa mhargadh inmheánach a sheachaint. Dá bhrí sin, is gá gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais agus ní fhéadfaí an toradh a bhaint amach trí ghníomhaíocht ar leibhéal na mBallstát.
•Comhréireacht
An Rialachán atá á bheartú, meastar é a bheith comhréireach ós féidir leis míshocracht dhíréireach a imghabháil ar shlí a áiritheoidh dálaí cothroma iomaíochta d’oibreoirí de bhóthar an Aontais. Ní théann sé thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. Is amhlaidh an cás, go háirithe, do na dálaí faoina dtabharfar na cearta ábhartha, a bhaineann, inter alia, leis an ngá go mbeidh ar an Ríocht Aontaithe cearta coibhéiseacha a thabhairt agus a bhaineann leis an iomaíocht chóir, agus do theorannú an réimis in am.
•An rogha ionstraime
Ós amhlaidh a rialaíonn an gníomh cúrsaí a bhaineann go dlúth le Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 agus Rialachán Uimh. 1073/2009, agus ós é atá beartaithe, amhail na Rialacháin seo, dálaí iomaíochta a áirithiú atá comhchuibhithe go hiomlán, is bhfoirm Rialacháin is ceart é a bheith. Is fearr a fhreagraíonn an fhoirm seo do phráinn an cháis/an chomhthéacs, ós rud é go bhfuil an t‑am atá ar fáil roimh dheireadh na hidirthréimhse (in éagmais comhaontaithe lena gcumhdaítear iompar earraí agus paisinéirí de bhóthar is infheidhme faoin dáta sin) róghearr le go bhféadfar na forálacha atá i dTreoir a thrasuí.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Níl sin infheidhme ós cás uathúil sealadach eisceachtúil é an cás arb éigean an togra seo a bheartú dá bharr nach mbaineann le cuspóirí na reachtaíochta atá ann cheana.
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Tá na dúshláin a eascraíonn as an gcaibidlíocht le haghaidh comhaontú idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe agus réitigh fhéideartha luaite ag páirtithe leasmhara éagsúla agus ag ionadaithe éagsúla ó na Ballstáit.
Ó tháinig deireadh leis an idirthréimhse a leagadh síos sa Chomhaontú um Tharraingt Siar an 31 Nollaig 2020, rinneadh an gá atá le hullmhú le haghaidh athruithe dosheachanta an 1 Eanáir 2021 agus na bearta breise a d’fhéadfaí a bheartú i gcás nach dtiocfar ar chomhaontú a phlé le hionadaithe na mBallstát agus le geallsealbhóirí éagsúla iompair de bhóthar i gcomhthéacs cruinnithe trasghearrthacha agus sonracha, a tionóladh sa Bhruiséil agus sna Ballstáit.
Téama coitianta sna barúlacha a cuireadh i láthair is ea go raibh gá le hidirghabháil rialála chun méid áirithe nascachta a chaomhnú, i dtaca le hiompar earraí agus le hiompar paisinéirí de bhóthar. I dtaca le rochtain ar mhargadh tarlaithe de bhóthar an Aontais agus ar mhargadh iompar na bpaisinéirí, ní fhéadfaidh na páirtithe leasmhara bearta teagmhasacha dá gcuid féin a dhéanamh chun tionchar díobhálach féideartha a mhaolú in éagmais comhaontú comhpháirtíochta.
Leag roinnt Ballstát béim go háirithe ar an ngá atá le bearta teagmhasacha a ghlacadh ar leibhéal an Aontais chun nascacht bhunúsach a áirithiú idir an tAontas, ar thaobh amháin, agus an Ríocht Aontaithe ar an taobh eile i gcás nach ann do chomhaontú lena gcumhdaítear iompar earraí agus paisinéirí de bhóthar. Thug siad chun follais nach leormhaith ná leordhóthanach córas cuótaí iltaobhach ECMT mar rogha chúltaca nuair a dhéantar a theoranta atá sé ó thaobh cainníochta agus cáilíochta de a chur san áireamh.
Cuireadh i bhfios go láidir freisin nach gcumhdaítear leis an gComhaontú Interbus ach seirbhísí ócáideacha agus nach ann d’aon rogha chúltaca leordhóthanach le haghaidh seirbhísí rialta agus seirbhísí rialta speisialta, ós rud é nach meastar go dtiocfaidh an Prótacal a ghabhann leis an gComhaontú Interbus lena gcumhdaítear seirbhísí iompair paisinéirí rialta agus rialta i bhfeidhm in am don Aontas agus don Ríocht Aontaithe. Leagadh béim freisin ar an ngá ar leith atá le seirbhísí cóiste agus bus trasteorann idir Éire agus an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann.
Tugadh an aird chuí ar na tuairimí sin le linn don togra a bheith á ullmhú.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Chomhroinn páirtithe leasmhara ábhartha bealaí éagsúla measúnaithe ar iarmhairtí tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ar earnáil an iompair tarlaithe de bhóthar leis an gCoimisiún.
Baintear de chonclúid as na measúnuithe sin nach leor an aon chúltaca amháin atá ar fáil san earnáil tarlaithe de bhóthar, is é sin córas cuótaí iltaobhach Chomhdháil Eorpach na nAirí Iompair (ECMT), nach leor é chun riachtanais na hearnála a chumhdach. An easpa ceadúnas atá ann le haghaidh 2021, is baol gur rud é a chuirfeadh míshocracht mhór sa sreabhadh déthaobhach earraí agus paisinéirí ar na bóithre agus is baol feasta nach bhféadfar an easpa sin a leigheas. Breis agus 80 % de na hoibríochtaí tarlaithe de bhóthar idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas faoi láthair, is oibreoirí atá bunaithe san Aontas a chuireann i gcrích iad faoi láthair. Rachaidh sé chun leasa an Aontais foráil a dhéanamh maidir le creat nach gcuireann srian míchuí ar oibríochtaí déthaobhacha tarlaithe de bhóthar.
D’áitigh na páirtithe leasmhara freisin gur gá leanúnachas na seirbhísí rialta rialta cóiste agus bus idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a áirithiú.
•Measúnú tionchair
Ní theastaíonn measúnú tionchair de bhrí gur eisceachtúil an cás atá ann, agus de bhrí nach mbeidh i gceist ach riachtanais theoranta le linn na tréimhse a mbeidh athrú stádais na Ríochta Aontaithe á chur chun feidhme. Níl aon rogha bheartais ar fáil atá éagsúil ó thaobh ábhair agus dlí de, ach amháin an rogha atá beartaithe.
•Cearta bunúsacha
Níl aon iarmhairt ag an togra seo ar chosaint ceart bunúsach.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
2020/0362 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le rialacha coiteanna a áirithíonn nascacht bhunúsach san iompair de bhóthar, idir iompar lasta agus iompar paisinéirí, i ndiaidh na hidirthréimhse dá dtagraítear sa Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar ón Aontas Eorpach agus ón gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Thug an tAontas an Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’) i gcrích le Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020. An 31 Nollaig 2020, tiocfaidh deireadh leis an idirthréimhse dá dtagraítear in Airteagal 126 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, ar lena linn a leanfaidh dlí an Aontais d’fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 127 den chomhaontú sin, an 31 Nollaig 2020. Cinneadh (AE, Euratom) 2020/266 ón gComhairle an 25 Feabhra 2020 lena n‑údaraítear tús a chur le caibidlíocht le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann maidir le comhaontú comhpháirtíochta nua. Faoi mar a thugann na treoracha caibidlíochta le fios, is éard a chumhdaítear leis an údarú inter alia na heilimintí is gá le freastal go cuimsitheach ar réimse an iompair de bhóthar leis an Ríocht Aontaithe i ndiaidh na hidirthréimhse. Mar sin féin is éiginnte an mbeidh comhaontú i bhfeidhm idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe ó dheireadh na hidirthréimhse, comhaontú a rialóidh an caidreamh a bheidh eatarthu amach anseo i réimse an iompair paisinéirí agus earraí de bhóthar.
(2)I ndeireadh na hidirthréimhse, agus in éagmais foráil faoi leith, gach ceart agus gach oibleagáid dá leanann dlí na hEorpa i ndáil le rochtain an mhargaidh, faoi mar a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1072/2009 de Pharlaimint na hEorpa agus den Chomhairle maille le Rialachán (AE) Uimh. 1073 2009 de Pharlaimint na hEorpa agus den Chomhairle, is cearta agus oibleagáidí iad a gcuirfí deireadh leo, a mhéid a bhaineann leis an gcaidreamh idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas gona Bhallstáit.
(3)I gcás mar sin, is mór a chuirfear míshocracht in iompar idirnáisiúnta na n‑earraí agus na bpaisinéirí de bhóthar idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe.
(4)Maidir le raon feidhme críochach an Rialacháin seo, ní áirítear Giobráltar ann, agus maidir le haon tagairt don Ríocht Aontaithe ann, ní áirítear Giobráltar ann.
(5)Is é córas cuótaí iltaobhaobach Chomhdháil Eorpach na nAirí Iompair (ECMT) an t‑aon chreat dlíthiúil eile ar a bhfeadfaí iompar earraí de bhóthar idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a bhunú. Mar sin féin, i ngeall ar an líon teoranta ceadanna atá ar fáil faoi chóras ECMT faoi láthair agus ar an raon feidhme teoranta atá aige i dtaobh na gcineálacha oibríochtaí iompair de bhóthar a chumhdaítear, níl d’acmhainn sa chóras faoi láthair freastal go hiomlán ar na riachtanais iompair lasta de bhóthar idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe.
(6)Is baol fós go mbeidh míshocracht mhór ann i gcomhthéacs na seirbhísí iompair paisinéirí de bhóthar, míshocracht i dtaca leis an ord poiblí san áireamh. Is é an Comhaontú maidir le hIompar Idirnáisiúnta Paisinéirí de Bhóthar trí Sheirbhísí Ócáideacha Cóiste agus Bus (“Comhaontú Interbus”) an t‑aon chreat dlíthiúil eile lena soláthraítear bonn i gcomhair paisinéirí a iompar ar bhus nó ar chóiste idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe tar éis na hidirthréimhse. Beidh an Ríocht Aontaithe ina Páirtí Conarthach ina ceart féin i gComhaontú Interbus ón 1 Eanáir 2021. Mar sin féin, ní faoi chumhdach Chomhaontú Interbus ach seirbhísí ócáideacha, agus dá réir sin ní comhaontú leormhaith é le haghaidh a thabhairt ar an míshocracht i seirbhísí idirnáisiúnta cóistí agus busanna idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas, míshocracht a dtiocfaidh ann di i ndiaidh na hidirthréimhse. Rinneadh Prótacal faoi Chomhaontú Airbus a chaibidil, prótacal faoina gcumhdaítear seirbhísí iompair paisinéirí idir rialta speisialta rialta, agus táthar ag súil leis go ndéanfaidh an Ríocht Aontaithe a dhaingniú air a thúisce is féidir. Mar sin féin, ní móide go dtiocfaidh an Prótacal i bhfeidhm in am le go mbeadh réiteach eile ann agus réiteach inmharthana lom láithreach i ndiaidh na hidirthréimhse. Dá bhrí sin, na hionstraimí atá ar fáil, is ionstraimí iad nach bhfreastalaíonn ar na riachtanais a ghabhann le seirbhísí iompair paisinéirí rialta ná le seirbhísí iompair paisinéirí speisialta rialta ar bhusanna agus ar chóistí idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe.
(7)Chun míshocracht thromchúiseach a d'fhéadfadh a bheith ann dá bharr a chosc, lena n‑áirítear i dtaca leis an ord poiblí, is gá dá bhrí sin sraith de bhearta sealadacha a bhunú lena gcuirfear ar chumas oibreoirí tarlaithe de bhóthar agus oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus atá ceadúnaithe sa Ríocht Aontaithe earraí agus paisinéirí a iompar de bhóthar idir críoch na Ríochta Aontaithe agus na seacht mBallstát fichead eile nó ó chríocha na Ríochta Aontaithe go críocha na Ríochta Aontaithe le hidirthuras trí Bhallstát amháin nó níos mó ná idirthuras amháin. Chun an chothromaíocht chuí a áirithiú idir an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit eile, níor cheart na cearta a thabharfaí ar an gcaoi sin a thabhairt ach amháin ar choinníoll go dtabharfaí cearta coibhéiseacha agus ba cheart iad a bheith faoi réir coinníollacha áirithe lena n‑áiritheofaí iomaíocht chóir.
(8)Tá tábhacht ar leith ag baint le seirbhísí trasteorann cóiste agus bus idir Éire agus Tuaisceart Éireann do na pobail a bhfuil cónaí orthu i réigiúin na teorann, d'fhonn nascacht bhunúsach a áirithiú idir pobail, inter alia, mar chuid den Chomhlimistéar Taistil. Dá bhrí sin, ba cheart bailiú agus scaoileadh amach paisinéirí ag oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus na Ríochta Aontaithe a údarú i gcónaí i réigiúin na teorann le linn seirbhísí iompair paisinéirí idirnáisiúnta ar chóiste agus ar bhus idir Éire agus an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann.
(9)Ós rud é gur bearta sealadacha iad na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ach ós amhlaidh fós gan fasach a bheith á bhunú leo, ba cheart gur thréimhse ghearr ama an teorainn leo a chuirfí leo. Ó thaobh oibríochtaí tarlaithe de bhóthar de, is mar gheall ar na socruithe atá teorainn ama ann, socruithe a d'fhéadfaí a dhéanamh chun nascacht bhunúsach a dhéanamh i gcóras ECMT, agus gan dochar d'aon chomhaontú a d'fhéadfadh teacht i bhfeidhm amach anseo lena gcumhdófaí iompar earraí de bhóthar idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe mar aon le rialacha an Aontais faoi cúrsaí iompair amach anseo. Ó thaobh iompar paisinéirí ar bhus agus ar chóiste de, tá teorainn ama ann chun ligean don Phrótacal a ghabhann le Comhaontú Interbus maidir le seirbhísí rialta a theacht i bhfeidhm, sin agus feidhm a bheith acu ar an Ríocht Aontaithe, bíodh sin de bharr an Prótacal a bheith daingnithe ag an Ríocht Aontaithe, nó an Ríocht Aontaithe a bheith tagtha in aontachas sa Phrótacal, agus is rud é atá gan dochar d'aon chomhaontú a d'fheadfadh a bheith ann amach anseo maidir leis an ábhar idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe.
(10)I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 5 TEU, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.
(11)I bhfianaise na práinne atá ann de bharr dheireadh na hidirthréimhse dá dtagraítear thuas, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.
(12)Ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm go práinneach, agus is ón lá i ndiaidh dheireadh na hidirthréimhse faoi mar a socraíodh faoin gComhaontú um Tharraingt Siar ba cheart dó teacht i bhfeidhm, ach amháin má bhíonn comhaontú um rialú an iompair de bhóthar tagtha i bhfeidhm faoin dáta sin, comhaontú a thabharfaí i gcrích leis an Ríocht Aontaithe. Ba cheart go rachadh an Rialachán seo ó fheidhm ón dáta a thiocfaidh comhaontú idirnáisiúnta i bhfeidhm um rialú an iompair de bhóthar i gcás an dá pháirtí, sin nó ón dáta a gcuirfí comhaontú mar sin i bhfeidhm go sealadach. Cé is moite de na forálacha sonracha a bhaineann le ceantar na teorann in Éirinn le linn seirbhísí rialta agus seirbhísí rialta speisialta idir Éire agus an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann, an ceart seirbhísí cóistí agus busanna rialta agus rialta speisialta a riar, ba cheart go rachadh an ceart sin ó fheidhm an dáta a thiocfaidh an Prótacal leis an gcomhaontú Interbus i bhfeidhm, prótacal i ndáil le hiompar rialta agus le hiompar speisialta paisinéirí go hidirnáisiúnta ar chóistí agus ar bhusanna. Ba cheart go rachadh an Rialachán seo ó fheidhm i gcás ar bith an 30 Meitheamh 2021.
(13)Más gá, chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais an mhargaidh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“CFAE”) a tharmligean don Choimisiúin, chun go dtabharfar ar ais an choibhéis idir na cearta arna ndeonú ag an Aontas d'oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe chomh maith le hoibreoirí seirbhísí cóiste agus bus na Ríochta Aontaithe agus na cearta arna ndeonú ag an Ríocht Aontaithe d'oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais agus d'oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus an Aontais, lena n‑áirítear sa chás ina ndéantar na cearta arna ndeonú ag an Ríocht Aontaithe a dheonú ar bhonn an Bhallstáit tionscnaimh nó ar bhonn eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn cothrom d'oibreoirí uile an Aontais, agus chun cásanna den iomaíocht éagórach a dhéanfadh dochar d'oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais agus oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus an Aontais a réiteach.
(14)Leis na gníomhartha tarimligthe, ba cheart prionsabal na comhréireachta a chomhlíonadh, agus ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh a dtéarmaí i gcomhréir leis na fadhbanna a thiocfadh chun cinn tríd an mainneachtain cearta coibhéiseacha a dheonú nó trí dhálaí iomaíochta éagóracha. Níor cheart don Choimisiún a bheartú cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur ar fionraí ach amháin sna cásanna is déine, i gcás nach ndéanfadh an Ríocht Aontaithe aon chearta coibhéiseacha ar chor ar bith a dheonú d'oibreoirí tarlaithe de bhóthair an Aontais nó d'oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus an Aontais nó i gcás inarbh fhíorbheag na cearta a dheonófaí, nó i gcás ina mbeadh an méid sin de dhifríocht idir na dálaí iomaíochta d'oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe nó oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus na Ríochta Aontaithe agus na dálaí iomaíochta d'oibreoirí an Aontais agus go bhfágfadh sé nach mbeadh soláthar na seirbhísí atá i gceist ag oibreoirí an Aontais inmharthana dóibh ó thaobh na heacnamaíochta de.
(15)Is mór is tábhachtach go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. Ba cheart a áirithiú nach ndéanfaidh aon ghníomh tarmligthe den chineál sin dochar míchuí d'fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.
(16)Chun a áirithiú go bhfuil cearta arna ndeonú ag an Ríocht Aontaithe d'oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais agus d'oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus an Aontais agus ar coibhéiseach iad leis na cearta sin arna ndeonú leis an Rialachán seo d'oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe agus d'oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus na Ríochta Aontaithe ar fáil ar bhonn comhionann d'oibreoirí uile an Aontais, ba cheart raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 a leathnú amach ar bhonn sealadach. Leis na Rialacháin sin, cumhdaítear cheana féin an chuid den turas idir Ballstát agus tríú tír a dhéantar ar chríoch aon Bhallstáit a thrasnaítear le linn an idirthurais. Mar sin féin, ní mór a áirithiú, i gcás den sórt sin, go bhfuil feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 chomh maith maidir leis an gcuid den turas ar chríoch an Bhallstáit ina ndéantar lódáil nó dílódáil, agus go bhfuil feidhm ag Rialachán Uimh. 1073/2009 maidir leis an gcuid den turas ar chríoch an Bhallstáit ina ndéantar paisinéirí a bhailiú nó a scaoileadh amach. Is é is aidhm leis an leathnú amach sin ná a áirithiú gur féidir le hoibreoirí an Aontais oibríochtaí trastrádála a dhéanamh go dtí an Ríocht Aontaithe nó uaithi, chomh maith le stadanna breise nuair a bhíonn iompar paisinéirí á oibriú acu,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Raon feidhme
Leagtar síos leis an Rialachán seo bearta sealadacha lena rialaítear iompar earraí de bhóthar chomh maith le soláthar seirbhísí rialta agus seirbhísí rialta speisialta iompair paisinéirí ar chóiste agus ar bhus idir an tAontas agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (“an Ríocht Aontaithe”) tar éis dheireadh na hidirthréimhse dá dtagraítear in Airteagal 126 den Airteagal um Tharraingt Siar.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)Ciallaíonn “feithicil”
(a)ó thaobh iompar earraí de, mótarfheithicil atá cláraithe sa Ríocht Aontaithe, nó cónasc feithiclí cúpláilte dá bhfuil an mhótarfheithicil féin ar a laghad cláraithe sa Ríocht Aontaithe, rud as a mbaintear úsáid go heisiach le haghaidh iompar earraí, d’fhéadfadh sé gur leis an ngnóthas an fheithicil, gur cheannaigh sé í faoi théarmaí iarchurtha nó go bhfuil sé fruilithe aige, ar choinníoll, sa chás sin, go gcomhlíontar léi na coinníollacha a leagtar amach i dTreoir 2006/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
(b)nuair is iompar paisinéirí atá i gceist, is bus nó cóiste é;
(2)ciallaíonn “iompar earraí atá ceadaithe”:
(a)turas ualaithe arna dhéanamh ag feithicil ó chríoch an Aontais go críoch na Ríochta Aontaithe nó vice versa, le hidirthuras nó gan idirthuras trí Bhallstát nó tríú tír amháin nó níos mó;
(b)turas ualaithe arna dhéanamh ag feithicil ó chríoch na Ríochta Aontaithe go críoch na Ríochta Aontaithe le hidirthuras trí chríoch an Aontais;
(c)turas neamhualaithe i gcomhar le hiompar dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b);
(3)ciallaíonn “iompar ceadaithe paisinéirí ar chóiste agus ar bhus” seo:
(a)turas arna dhéanamh ag bus nó cóiste chun iompar paisinéirí a sholáthar ó chríoch an Aontais go críoch na Ríochta Aontaithe nó vice versa, le hidirthuras nó gan idirthuras trí Bhallstát nó tríú tír amháin nó níos mó;
(b)turas arna dhéanamh ag bus nó cóiste ó chríoch na Ríochta Aontaithe go críoch na Ríochta Aontaithe le hidirthuras trí chríoch an Aontais;
(c)turas gan paisinéirí a iompar i gcomhar le hiompar dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b);
(d)bailiú agus scaoileadh amach paisinéirí i réigiún teorann na hÉireann le linn seirbhísí idirnáisiúnta rialta agus seirbhísí idirnáisiúnta rialta speisialta idir Éire agus an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann;
(4)ciallaíonn “réigiún teorann na hÉireann” contaetha na hÉireann atá gach aon taobh den teorainn talún idir Éire agus an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann;
(5)ciallaíonn “oibreoir tarlaithe de bhóthar an Aontais” gnóthas a iompraíonn earraí de bhóthar agus a bhfuil ceadúnas bailí Comhphobail aige i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009;
(6)Ciallaíonn oibreoir tarlaithe de bhóthar ón Ríocht Aontaithe gnóthas atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe a bhfuil cead aige tabhairt faoin iompar earraí de bhóthar, gnóthas a bhfuil ceadúnas aige a eisíodh i gcomhair an iompair idirnáisiúnta i ndáil le hiompar earraí atá ceadaithe;
(7)ciallaíonn “ceadúnas na Ríochta Aontaithe”, i gcás ina n‑eisítear é d'oibreoir tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe, ceadúnas a eisíonn an Ríocht Aontaithe chun críocha an iompair idirnáisiúnta, i dtaca le hiompar ceadaithe earraí de. I gcás ina n‑eisítear é d'oibreoir seirbhísí cóiste agus bus na Ríochta Aontaithe, ciallaíonn “ceadúnas na Ríochta Aontaithe” ceadúnas arna eisiúint ag an Ríocht Aontaithe chun críocha an iompar idirnáisiúnta i dtaca le hiompar ceadaithe paisinéirí de chóiste agus de bhus;
(8)ciallaíonn “bus nó cóiste” feithicil atá cláraithe sa Ríocht Aontaithe, atá oiriúnach agus ceaptha, de thairbhe a tógála agus a trealaimh, chun níos mó ná naonúr paisinéirí a iompar agus an tiománaí á chur san áireamh;
(9)ciallaíonn "seirbhísí tráthrialta" seirbhísí a dhéanann foráil d'iompar paisinéirí ag eatraimh a shonraítear feadh bealaí a shonraítear, lena mbailítear na paisinéirí agus lena scaoiltear amach iad ag pointí stad réamhshocraithe;
(10)ciallaíonn “seirbhísí rialta speisialta” seirbhísí rialta, is cuma cé a eagraíonn iad, lena ndéantar foráil do chatagóirí sonraithe paisinéirí a iompar, agus paisinéirí nach iad á n‑eisiamh;
(11)ciallaíonn “oibreoir seirbhíse cóiste nó bus de chuid an Aontais” gnóthas a iompraíonn paisinéirí ar chóiste agus ar bhus a bhfuil ceadúnas bailí Comhphobail aige i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009;
(12)Ciallaíonn “oibreoir seirbhísí bus agus cóiste ón Ríocht Aontaithe” gnóthas atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe a bhfuil cead aige tabhairt faoi iompar paisinéirí ar chóistí agus ar bhusanna, gnóthas a bhfuil ceadúnas bailí ina sheilbh aige i gcomhair iompar idirnáisiúnta i ndáil le hiompar paisinéirí atá ceadaithe ar chóistí nó ar bhusanna;
(13)ciallaíonn “oibreoir” oibreoir tarlaithe de bhóthar nó oibreoir seirbhíse cóiste nó bus;
(14)ciallaíonn “dlí na hiomaíochta” aon dlí maidir leis an iompraíocht seo a leanas, i gcás ina bhfeadfadh sé difear a dhéanamh do sheirbhísí iompair lasta de bhóthar nó do sheirbhísí cóiste agus bus:
(a)Iompraíocht arb é atá ann:
(i)comhaontuithe idir oibreoirí tarlaithe de bhóthar nó oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus, faoi seach, cinntí a dhéanann comhlachtaí oibreoirí tarlaithe de bhóthar nó oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus, agus cleachtais chomhbheartaithe a bhfuil sé mar aidhm acu an t‑iomaíochas a chosc, a shrianadh, nó a shaobhadh;
(ii)mí‑úsáid arna baint as ceannas ag oibreoir tarlaithe de bhóthar nó oibreoir seirbhísí cóiste agus bus amháin nó níos mó;
(iii)bearta a dhéanann nó a choinníonn an Ríocht Aontaithe i bhfeidhm i gcás gnóthais phoiblí agus gnóthais dá dtugann an Ríocht Aontaithe cearta speisialta nó eisiacha atá i gcontrárthacht le pointe (i) nó (ii);
(b)comhchruinnithe idir oibreoirí tarlaithe de bhóthar nó oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus, faoi seach, a chuireann isteach go mór ar an iomaíochas, go háirithe de bharr suíomh ceannasach a bheith cruthaithe nó neartaithe acu;
(15)ciallaíonn “fóirdheontas” aon ranníocaíocht airgeadais a mbaineann sochar leis, a dheonaíonn an rialtas nó aon chomhlacht poiblí eile ar leibhéal ar bith d'oibreoir lena n‑áirítear:
(a)aistriú díreach cistí, amhail deontais, iasachtaí nó insileadh cothromais, aistriú díreach féideartha cistí, agus glacadh dliteanas amhail ráthaíochtaí iasachta, instealltaí caipitil, úinéireacht, cosaint i gcoinne féimheachta nó árachas;
(b)ioncam a ligean ar ceal nó gan é a bhailiú ar ioncam é a bheadh dlite murach sin;
(c)earraí nó seirbhísí, nach bonneagar ginearálta, a sholáthar, nó earraí nó seirbhísí a cheannach;
(d)íocaíochtaí a dhéanamh le sásra maoiniúcháin nó iad a chur ar iontaoibh nó a threorú chuig comhlacht príobháideach chun ceann amháin nó níos mó de na feidhmeanna dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) a dhéanamh, feidhmeanna a mbeadh ar an rialtas nó ar chomhlacht poiblí iad a dhéanamh de ghnáth, agus i gcás gur beag difear atá idir an cleachtas sin agus na cleachtais a dhéanann rialtais de ghnáth;
Ní mheastar go mbaineann aon sochar le rannaíocht airgeadais a dhéanann rialtas nó comhlacht poiblí eile, más rud é go bhféadfadh sé go mbeadh an ranníocaíocht airgeadais chéanna déanta ag oibreoir sa mhargadh príobháideach agus é dírithe ar fhéidearthachtaí brabúis amháin, agus a bheadh déanta sa chás céanna ag an gcomhlacht poiblí atá i gceist;
(16)ciallaíonn “údarás neamhspleách iomaíochta” údarás atá i gceannas ar dhlí na hiomaíochta a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú, agus ar na fóirdheontais a rialú, arb údarás é a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:
(a)tá an t‑údarás neamhspleách ó thaobh oibríochta de agus tá na hacmhainní is gá aige chun a chuid cúraimí a dhéanamh;
(b)agus a dhualgais á ndéanamh agus a chumhachtaí á bhfeidhmiú aige, tá ag an údarás an ráthaíocht is gá maidir le neamhspleáchas ar aon tionchar polaitiúil nó ar aon tionchar seachtrach eile, agus gníomhaíonn sé go neamhchlaonta;
(c)tá na cinntí a dhéanann an t‑údarás faoi réir athbhreithniú breithiúnach;
(17)ciallaíonn “idirdhealú” aon chineál difreála a dhéantar gan údar oibiachtúil i dtaca le hearraí agus seirbhísí, lena n‑áirítear seirbhísí poiblí, a sholáthar i gcás oibríocht seirbhísí iompair lasta de bhóthar nó seirbhísí cóiste agus bus, nó i dtaca leis an gcaoi a gcaitheann na húdaráis phoiblí is ábhartha maidir leis na seirbhísí sin leo;
(18)ciallaíonn “críoch an Aontais” an chríoch sin de chuid na mBallstát a bhfuil feidhm ag CAE agus ag CFAE maidir léi, faoi na coinníollacha a leagtar síos sna Conarthaí sin.
Airteagal 3
An ceart chun iompar ceadaithe earraí a dhéanamh
1.Féadfaidh oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe an t‑iompar ceadaithe earraí a dhéanamh, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo.
2.Féadfaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe iompar ceadaithe earraí den chineál seo a leanas a dhéanamh, gan ceadúnas na Ríochta Aontaithe gan ceadúnas a bheith ag teastáil:
(a)iompar poist mar sheirbhís uilíoch;
(b)iompar feithiclí a ndearnadh damáiste dóibh nó a chlis;
(c)iompar earraí i mótarfheithiclí nach dtéann a mais ualaithe ceadaithe, lena n‑áirítear leantóirí, thar 3,5 tona;
(d)iompar táirgí leighis, gaireas, trealamh agus earraí eile a bhíonn de dhíth le haghaidh cóir leighis i gcás faoiseamh éigeandála, go háirithe i gcás tubaistí nádúrtha;
(e)iompar earraí, ar choinníoll:
(i)gur leis an ngnóthas na hearraí atá á n‑iompar nó gurb é an gnóthas a dhíol, a cheannaigh, a lig amach ar fruiliú nó a d'fhruiligh, a chuir ar fáil, a bhain, a phróiseáil nó a dheisigh iad;
(ii)gurb é cuspóir an turais earraí a iompar go dtí an gnóthas agus ón ngnóthas nó iad a aistriú laistigh den ghnóthas nó taobh amuigh de ar mhaithe lena riachtanais féin;
(iii)gur pearsanra atá fostaithe ag an ngnóthas nó a chuirtear ar fáil don ghnóthas faoi oibleagáid chonarthach a thiomáinfidh na mótarfheithiclí a úsáidtear le haghaidh iompar den sórt sin;
(iv)gur leis an ngnóthas na feithiclí a iompraíonn na hearraí nó gurb é an gnóthas a cheannaigh iad faoi théarmaí iarchurtha nó go bhfuil siad fruilithe aige ar choinníoll, sa chás sin, go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach i dTreoir 2006/1/CE; agus
(v)níl san iompar sin ach gníomh coimhdeach i dtaca le mórghníomhaíochtaí an ghnóthais.
Airteagal 4
An ceart chun seirbhísí rialta agus seirbhísí rialta speisialta cóiste agus bus a dhéanamh
1.Féadfaidh oibreoirí cóiste agus bus na Ríochta Aontaithe, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo, iompar ceadaithe paisinéirí ar chóiste agus ar bhus a dhéanamh arb é atá iontu ná seirbhísí rialta agus seirbhísí rialta speisialta.
2.Ní mór d'oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus na Ríochta Aontaithe údarú a bheith acu arna eisiúint roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo i gcomhréir le hAirteagal 6 go hAirteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 chun seirbhísí rialta agus seirbhísí rialta speisialta cóiste agus bus a dhéanamh ar fruiliú agus ar luach saothair.
3.Féadfar leanúint de na húdaruithe atá bailí fós faoi mhír 2 den Airteagal seo a úsáid fós chun na gcríoch a shainítear i mír 1 den Airteagal seo más rud é gur athnuadh iad faoi na téarmaí agus coinníollacha céanna, nó gur athraíodh iad ó thaobh stadanna, táillí nó sceidil, agus faoi réir rialacha agus nósanna imeachta Airteagal 6 go hAirteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 i gcomhair tréimhse bhailíochta nach rachaidh thar an 30 Meitheamh 2021.
4.Féadfaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe iompar ceadaithe paisinéirí ar chóiste agus ar bhus a dhéanamh chun críocha neamhthráchtála agus neamhbhrabúis, gan ceadúnas a bheith de dhíth sna cásanna seo a leanas:
(a)níl sa ghníomhaíocht iompair ach gníomhaíocht choimhdeach don duine nádúrtha nó dlítheanach sin; agus
(b)is maoin an duine nádúrtha nó an duine dhlítheanaigh sin na feithiclí a mbaintear úsáid astu nó tá siad faighte ag an duine sin ar théarmaí iarchurtha nó tá conradh fadtéarmach léasaithe ann do na feithiclí agus tá siad á dtiomáint ag duine d'fhoireann an duine nádúrtha nó an duine dhlítheanaigh, ag an duine nádúrtha é féin, nó ag comhaltaí foirne arna bhfostú ag an ngnóthas nó a chuirtear ar fáil don ghnóthas faoi oibleagáid chonarthach.
Beidh na hoibríochtaí iompair sin díolmhaithe ó aon chóras um údarú laistigh den Aontas, ar choinníoll go bhfuil an duine a bhfuil an ghníomhaíocht á déanamh aige i seilbh údarú náisiúnta arna eisiúint roimh an gcéad lá den chur i bhfeidhm faoi mar a leagtar amach sa chéad fho-mhír in Airteagal 12(2) den Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009.
5.Ní dhéanfaidh athrú feithicle ná briseadh iompair chun cuid den turas a dhéanamh trí mheán eile iompair difear do chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Airteagal 5
Comhaontuithe agus socruithe déthaobhacha
Ní dhéanfaidh na Ballstáit caibidlíocht ná ní thabharfaidh siad aon chomhaontú déthaobhach ná aon socrú i gcrích leis an Ríocht Aontaithe maidir le hábhair a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.
Gan dochar do na comhaontuithe iltaobhacha atá ann cheana, ní dheonóidh siad aon cheart eile d'oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe nó d'oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus na Ríochta Aontaithe seachas na cearta a dheonaítear leis an Rialachán seo.
Airteagal 6
Rialacha sóisialta agus teicniúla
Le linn iompar ceadaithe earraí nó paisinéirí ar chóiste nó ar bhus a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo, comhlíonfar na rialacha seo a leanas:
(a)maidir le hoibrithe soghluaiste agus tiománaithe féinfhostaithe, na ceanglais a leagann na Ballstáit síos i gcomhréir le Treoir 2002/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
(b)maidir le reachtaíocht shóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar, ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
(c)maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, na ceanglais a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
(d)maidir le cáilíocht thosaigh na dtiománaithe agus an oiliúint a chuaigh orthu ó thréimhse go chéile, na ceanglais a leagann na Ballstáit síos i gcomhréir le Treoir 2003/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
(e)maidir le toisí údaraithe uasta agus meáchain údaraithe uasta feithiclí áirithe bóthair, na ceanglais a leagann na Ballstáit síos i gcomhréir le Treoir 96/53/CE ón gComhairle;
(f)maidir le feistí teorannaithe luais a shuiteáil agus a úsáid le haghaidh aicmí áirithe mótarfheithiclí, na ceanglais a leagann na Ballstáit síos i gcomhréir le Treoir 92/6/CE ón gComhairle;
(g)maidir le húsáid éigeantach criosanna sábhála agus córas srianta linbh i bhfeithiclí, na ceanglais a leagann na Ballstáit síos i gcomhréir le Treoir 91/671/CEE ón gComhairle;
(h)maidir le hoibrithe a phostú, na ceanglais a leagann na Ballstáit síos i gcomhréir le Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
(i)maidir ceart na bpaisinéirí, na ceanglais a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 181/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
Airteagal 7
Coibhéis maidir le cearta
1.Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar na cearta arna ndeonú ag an Ríocht Aontaithe d'oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais agus d'oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus an Aontais agus ar na coinníollacha a bhaineann lena bhfeidhmiú.
2.I gcás ina gcinnfidh sé nach bhfuil na cearta a bheidh deonaithe ag an Ríocht Aontaithe d'oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais nó d'oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus an Aontais coibhéiseach, de jure nó de facto, leis na cearta a dheonaítear d'oibreoirí na Ríochta Aontaithe faoin Rialachán seo, nó nach bhfuil na cearta sin ar fáil ar bhonn comhionann d'oibreoirí tarlaithe de bhóthar uile an Aontais nó d'oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus an Aontais, déanfaidh an Coimisiún, gan mhoill agus d'fhonn an choibhéis a athbhunú, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)cur i bhfeidhm Airteagal 3(1) agus (2) nó Airteagal 4(1) go (4) den Rialachán seo a chur ar fionraí sa chás nach ndeonaítear aon chearta coibhéiseacha nó cearta atá ríbheag d'oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais;
(b)teorainneacha a bhunú a bheidh le cur ar an toilleadh incheadaithe atá ar fáil d'oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe nó d'oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus na Ríochta Aontaithe nó a bheith le cur ar an líon turas, nó ar an dá cheann; nó
(c)srianta oibríochtúla a ghlacadh maidir leis na cineálacha feithiclí nó leis na coinníollacha cúrsaíochta.
Airteagal 8
Iomaíocht chóir
1.Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar na coinníollacha faoina mbíonn oibreoirí an Aontais in iomaíocht le hoibreoirí na Ríochta Aontaithe i dtaca le soláthar na seirbhísí iompair lasta de bhóthar agus na seirbhísí cóiste agus bus a chumhdaítear leis an Rialachán seo.
2.I gcás ina gcinnfidh sé, mar gheall ar aon cheann de na cásanna dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, go bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo go suntasach níos mífhabhraí ná na coinníollacha atá ag oibreoirí na Ríochta Aontaithe, déanfaidh an Coimisiún, gan mhoill agus d'fhonn an staid sin a réiteach, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)cur i bhfeidhm Airteagal 3(1) agus (2) nó Airteagal 4(1) go (4) a chur ar fionraí sa chás gur ann do dhifear chomh mór sin idir na dálaí iomaíochta d'oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe nó d'oibreoirí seirbhísí bus agus cóiste na Ríochta Aontaithe agus na dálaí iomaíochta d'oibreoirí an Aontais nach mbeadh sé inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de d'oibreoirí an Aontais seirbhísí a sholáthar;
(b)teorainneacha a bhunú a bheidh le cur ar an toilleadh incheadaithe atá ar fáil d'oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe nó d'oibreoirí seirbhísí bus agus cóiste na Ríochta Aontaithe, nó a bheidh le cur ar an líon turas, nó ar an dá cheann; nó
(c)srianta oibríochtúla a ghlacadh maidir leis na cineálacha feithiclí nó leis na coinníollacha cúrsaíochta.
3.Déanfar gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 2 a ghlacadh, faoi na coinníollacha a shonraítear sa mhír sin, chun na staideanna seo a leanas a réiteach:
(a)fóirdheontais arna ndeonú ag an Ríocht Aontaithe;
(b)gan dlí na hiomaíochta a bheith i bhfeidhm ná á chur i bhfeidhm go héifeachtach ag an Ríocht Aontaithe;
(c)gan údarás iomaíochta neamhspleách a bheith curtha ar bun ná á choimeád ag an Ríocht Aontaithe;
(d)caighdeáin maidir le cosaint oibrithe, sábháilteacht, slándáil, nó an comhshaol atá níos laige ná na caighdeáin a leagtar síos i ndlí an Aontais a bheith á gcur i bhfeidhm ag an Ríocht Aontaithe, nó in éagmais forálacha ábhartha i ndlí an Aontais, caighdeáin atá níos laige ná na caighdeáin a chuirtear i bhfeidhm sna Ballstáit uile nó, i gcás ar bith, níos laige ná na caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha;
(e)caighdeáin a bheith á gcur i bhfeidhm ag an Ríocht Aontaithe maidir le ceadúnais a dheonú d'oibreoirí tarlaithe de bhóthar nó d'oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus ar caighdeáin níos laige iad ná na caighdeáin a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009;
(f)caighdeáin a bheith á gcur i bhfeidhm ag an Ríocht Aontaithe maidir le cáiliú agus oiliúint tiománaithe gairmiúla ar caighdeáin níos laige iad ná na caighdeáin a leagtar síos i dTreoir 2003/59/CE;
(g)muirearú bóthar agus rialacha cánachais a bheith á gcur i bhfeidhm ag an Ríocht Aontaithe, atá éagsúil leis na rialacha a leagtar síos i dTreoir 1999/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; agus
(h)) aon chineál idirdhealaithe i gcoinne oibreoirí an Aontais.
4.Chun críocha mhír 1, féadfaidh an Coimisiún faisnéis a iarraidh ar údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, nó ar oibreoirí na Ríochta Aontaithe. I gcás nach gcuirfidh siad an fhaisnéis a iarradh ar fáil faoi cheann tréimhse ama réasúnta arna forordú ag an gCoimisiún, nó ina gcuirfidh siad faisnéis neamhiomlán ar fáil, féadfaidh an Coimisiún déanamh i gcomhréir le mír 2.
Airteagal 9
Síneadh le Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009
1.I gcomhthéacs earraí a iompar idir críoch an Aontais agus críoch na Ríochta Aontaithe arna dhéanamh ag oibreoir tarlaithe de bhóthar de chuid an Aontais a bhraitheann ar chearta arna ndeonú ag an Ríocht Aontaithe, dá dtagraítear in Airteagal 7 den Rialachán seo, ar cearta coibhéiseacha iad leo sin a dheonaítear faoin Rialachán seo, beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 maidir leis an gcuid den turas ar chríoch an Bhallstáit ina ndéanfar an lódáil nó an dílódáil.
2.I gcomhthéacs paisinéirí a iompar idir críoch an Aontais agus críoch na Ríochta Aontaithe arna dhéanamh ag oibreoir seirbhísí cóiste agus bus de chuid an Aontais a bhraitheann ar chearta arna ndeonú ag an Ríocht Aontaithe, dá dtagraítear in Airteagal 7 den Rialachán seo, ar cearta coibhéiseacha iad leo sin a dheonaítear faoin Rialachán seo, beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 maidir leis an gcuid den turas ar chríoch an Bhallstáit ina ndéanfar an bailiú nó an scaoileadh amach.
Airteagal 10
Comhairliúchán agus comhar
1.Rachaidh údaráis inniúla na mBallstát i gcomhairle agus i gcomhar le húdaráis inniúla na Ríochta Aontaithe de réir mar is gá chun cur chun feidhme an Rialacháin seo a áirithiú.
2.Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiúin, arna iarraidh sin orthu, gan aon mhoill mhíchuí, aon fhaisnéis a fhaightear de bhun mhír 1 den Airteagal seo nó aon fhaisnéis eile is ábhartha chun Airteagal 7 agus Airteagal 8 a chur chun feidhme.
Airteagal 11
An tarmligean a fheidhmiú
1.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 7(2) agus Airteagal 8(2) a thabhairt don Choimisiún go dtí an 30 Meitheamh 2021.
2.Sula nglacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe faoi Airteagal 7(2) nó 8(2), rachaidh sé i gcomhairle le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
3.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
Airteagal 12
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
1.Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2.Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón lá tar éis an lae a bheidh deireadh leis an bhfeidhm atá ag dlí an Aontais maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagail 126 agus 127 den Chomhaontú um Tharraingt Siar.
Mar sin féin, ní bheidh feidhm leis má thagann comhaontú idirnáisiúnta um rialú an iompair de bhóthar i bhfeidhm faoin dáta sin, comhaontú a bheidh tugtha i gcrích idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe.
3.An dáta a thiocfaidh comhaontú idirnáisiúnta um rialú an iompair de bhóithre i bhfeidhm, comhaontú a bheidh tugtha i gcrích idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, nó i gcás eile an dáta a bheidh an glacadh sealadach ann, sin é an dáta a rachaidh an Rialachán seo ó fheidhm.
An dáta a thiocfaidh an Prótacal ar chomhaontú Interbus maidir le hiompar rialta agus iompar speisialta paisinéirí ar chóistí agus ar bhusanna i bhfeidhm san Aontas agus sa Ríocht Aontaithe, sin é an dáta a rachaidh forálacha an Riacháin seo maidir le hiompar paisinéirí ar chóistí agus ar bhusanna ó fheidhm, cé is moite i gcás an iompair paisinéirí ar chóistí agus ar bhusanna dá dtagraítear in Airteagal 2(3)(d).
4.I gcás ar bith, is an 30 Meitheamh 2021 ar a dheireanaí a rachaidh an Rialachán ó fheidhm.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán