An Bhruiséil,16.12.2020

COM(2020) 818 final

2020/0358(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 ón gComhairle maidir le díolúine shealadach ó na rialacha maidir le húsáid sliotán in aerfoirt an Chomhphobail i ngeall ar phaindéim COVID-19

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SWD(2020) 341 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Le Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 1 (an ‘Rialachán maidir le Sliotáin’) leagtar síos na rialacha maidir le leithroinnt sliotán in aerfoirt an Aontais. Leagtar amach in Airteagal 10 de an riail “úsáid é nó caill é”, ar dá réir is gá d’aeriompróirí 80 % ar a laghad dá sliotáin leithroinnte a úsáid laistigh de thréimhse sceidealaithe (samhradh nó geimhreadh) ar leith chun tosaíocht a choinneáil i leith na sraithe céanna sliotán le haghaidh na tréimhse sceidealaithe coibhéisí (cearta ‘marthanachta’ nó ‘stairiúla’).

Mar gheall ar an meath atá tagtha ar an éileamh ar phaisinéirí de bharr phaindéim COVID-19, tá aeriompróirí tar éis athruithe móra a dhéanamh ar a gcuid sceideal ón 1 Márta 2020, rud a d’fhág go raibh ráta úsáide sliotán ag aerfoirt chomhordaithe a bhí i bhfad faoi bhun na tairsí 80 % a fhorchuirtear leis an Rialachán maidir le Sliotáin.

Chun aghaidh a thabhairt air sin, ghlac an tAontas Eorpach leasú ar an Rialachán maidir le Sliotáin an 30 Márta 2020 chun an riail ‘úsáid é nó caill é’ a tharscaoileadh le haghaidh thréimhse sceidealaithe iomlán shamhradh 2020, dar críoch an 24 Deireadh Fómhair 2020. Leis an leasú sin, tugadh de chumhacht don Choimisiún síneadh a chur leis an tréimhse atá clúdaithe leis an tarscaoileadh, trí cheann amháin nó níos mó de na gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. An 14 Deireadh Fómhair 2020, ghlac an Coimisiún gníomh tarmligthe lena gcuirtear síneadh leis an tréimhse lena dtarscaoiltear an riail ‘úsáid é nó caill é’ go dtí deireadh shéasúr sceidealaithe gheimhreadh 2020/2021 dar críoch an 27 Márta 2021.

Mar a bhíothas ag súil leis, lean an titim san éileamh ar phaisinéirí de bheith ann le linn thréimhse sceidealaithe shamhradh 2020. Dar le sonraí Eurocontrol, thosaigh an cor chun donais sa trácht sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) i seachtain 11 le titim 17 % i gcomparáid leis an tseachtain chéanna in 2019. Lean an trácht de thitim go láidir go dtí laghdú 59 % agus 82 % i gcomparáid le 2019 i seachtainí 12 agus 13 faoi seach. Taifeadadh an titim is ísle i seachtainí 15 agus 16 (laghdú 89 %). Tháinig laghdú ó 80 % i seachtain 9 go 26 % i seachtain 15 ar an meán‑lódfhachtóirí i measc sampla de 10 aeriompróir Eorpacha. Ní raibh aeriompróirí ag eitilt chomh minic céanna lena mbeadh siad i gcomparáid le 2019, agus ní raibh an méid céanna suíochán curtha in áirithe ar na heitiltí a d’eitil i gcomparáid le 2019 freisin. Faoi sheachtain 23, nuair a athosclaíodh den chuid is mó an t‑aerthaisteal laistigh den Aontas, is é 44 % an meán‑lódfhactóir a bhí ann.. Le linn na seachtaine céanna in 2019, bhí meán‑lódfhachtóir na n‑aeriompróirí céanna idir 75 % (seachtain 4) agus 86 % (seachtain 16). Faoi lár mhí na Samhna 2020, thit an t‑aerthrácht 65 % i gcomparáid leis an tseachtain chéanna in 2019.

Léiríonn na réamhaisnéisí is déanaí ó Eurocontrol go bhfuiltear ag súil le haerthrácht i mí Feabhra 2021 nach mbeidh ach ina leath den leibhéal a bhí ann mí Feabhra 2020. Is éiginnte an méid a tharlóidh ina dhiaidh sin, ach níl aon chosúlacht ann go bhfillfidh an t‑éileamh, le linn shéasúr an tsamhraidh 2021, ar leibhéal na mblianta beaga anuas.

Ba cheart a mheabhrú gurb é is cuspóir don riail ‘úsáid é nó caill é’ úsáid is éifeachtúla na hacmhainne aerfoirt a áirithiú chun an tairbhe is mó is féidir a bhaint amach don líon is mó úsáideoirí agus chun ligean do phaisinéirí tairbhe a bhaint as margadh eitlíochta iomaíoch agus as an nascacht an tráth céanna. Le tarscaoileadh na rialach ‘úsáid é nó caill é’, tugadh díolúine go deimhin d’aeriompróirí agus le linn na heaspa éilimh ar aerthaisteal agus na srianta ar aerthaisteal nach bhfacthas a leithéid riamh cheana agus an tionchar diúltach comhshaoil a bhíonn ag eitiltí folamh nó beagnach folamh nach n‐oibrítear ach chun na sliotáin fholuiteacha aerfoirt a choinneáil ar bun. Ba cheart, áfach, an tionchar diúltach a bhaineann le síneadh breise a chur leis an tarscaoileadh a chur san áireamh freisin. Is é an éifeacht atá ag an tarscaoileadh atá ann faoi láthair iomaíocht a reo ar leibhéil 2019 gan aon cheanglas a bheith ann go n‑úsáidfear an acmhainn go héifeachtúil, toisc nach leor forálacha an tarscaoilte sin chun a áirithiú go mbeidh aeriompróirí eile atá in ann oibriú in ann na sliotáin is gá a fháil. Le haghaidh na tréimhse a thosaíonn tar éis níos mó ná bliain ina dtarscaoiltear an riail ‘úsáid é nó caill é’ (ón 1 Feabhra 2020 go dtí an 27 Márta 2021), lena gcoimeádtar sliotáin mharthanacha na n‑aeriompróirí ó 2019 go dtí deireadh shéasúr sceidealaithe gheimhreadh 2021/2022, is mithid conair a bhunú chun filleadh ar an ngnáthchur i bhfeidhm na rialach ‘úsáid é nó caill é’. Níor cheart filleadh ar an normáltacht go tobann ionas nach ndéanfar an margadh eitlíochta a dhíchobhsú chun dochair d’aeriompróirí, do nascacht, do thomhaltóirí an Aontais agus don chomhshaol. Ba cheart go bhfillfí ar an normáltacht i gcomhréir le méaduithe sna leibhéil tráchta amach anseo i dtreo leibhéil 2019 nó trí aerthrácht a chobhsú chuig staid nua sa mhargadh.

Dá bhrí sin, moltar gur cheart, ó thús thréimhse sceidealaithe shamhradh 2021, an ghnáthfheidhm atá ag na gceanglais i ndáil le húsáid sliotán faoin Rialachán maidir le Sliotáin a chur i bhfeidhm arís, ach gur cheart an ráta a shocrú ag 40/60 seachas ag 80/20. Is é sin le rá go mbeadh ceangal ar aeriompróirí 40 % de shraith áirithe sliotán a oibriú, ionas go gcoinneoidh siad an tosaíocht le haghaidh sraith sliotán oibrithe áirithe le haghaidh na tréimhse sceidealaithe coibhéisí ina dhiaidh sin. Leis an gcoigeartú sin, chosnófaí cearta stairiúla go comhréireach le linn an laghdaithe mhóir ar an éileamh ar aerthaisteal i ngeall ar phaindéim COVID-19 agus rannchuideodh sé sin chun an tionchar comhshaoil atá ag eitiltí folmha nó ag eitiltí beagnach folamh a sheachaint ar eitiltí iad nach n‑oibrítear ach chun na sliotáin fholuiteacha aerfoirt a choinneáil ar bun. Rannchuideodh sé sin freisin le húsáid níos éifeachtúla a bhaint as acmhainn aerfoirt chun tairbhe do phaisinéirí agus don nascacht.

I bhfianaise na taithí a fuarthas, áirítear sa togra seo maidir le díolúine sliotán coinníollacha chun a áirithiú go mbeidh tréimhse na díolúine comhoiriúnach leis an úsáid is fearr is féidir a bhaint as acmhainn aerfoirt ghann agus rannchuidíonn sé freisin le hiomaíocht a chaomhnú, ar mhaithe le paisinéirí. Ba cheart an díolúine a dhíriú ar aeriompróirí a bhfuil rún acu a sliotáin mharthanachta a oibriú a luaithe a thiocfaidh éileamh leordhóthanach ar ais agus a mbeidh eitiltí inmharthana go heacnamaíoch arís. Dá bhrí sin, sraitheanna sliotán atá leithroinnte as an nua ar aeriompróir den chéad uair, i.e. sraitheanna sliotán nach bhfuil an t‑aeriompróir ina dteideal de thoradh cearta marthanachta a bheith faighte aige, níor cheart iad a chumhdach leis an díolúine ós rud é go gcuirfeadh na haeriompróirí sin isteach ar na sliotáin bhreise sin agus é ar eolas acu go raibh an t‑éileamh ar aerthaisteal íseal de bharr phaindéim COVID-19 agus go bhfuil na sraitheanna sliotán foluiteacha díolmhaithe ón ngnáthchur i bhfeidhm na rialach ‘úsáid é nó caill é’. Dá bhrí sin, ní mór d’aeriompróirí a bhfaighidh sraitheanna sliotán den chineál sin den chéad uair ar a laghad 80 % de na sraitheanna sliotán nua-leithroinnte sin a úsáid chun tosaíocht a fháil don chéad tréimhse sceidealaithe choibhéiseach eile. Comhfhreagraíonn an cur chuige sin don chomhaontú deonach idir aerfoirt, aeriompróirí agus comhordaitheoirí sliotán maidir le hoibriú an tarscaoilte reatha sliotán le haghaidh shéasúr sceidealaithe gheimhreadh 2020/2021 agus níos faide anonn 2 .

Ba cheart go leanfadh an riail ‘úsáid é nó caill é’ (i.e. an ceanglas maidir le 80 % ar a laghad den tsraith sliotán a úsáid) d’fheidhm a bheith aici i gcás malartuithe sliotán faoi mhír 1(c) d’Airteagal 8a, i gcás ina mbeidh aon chúiteamh airgeadais nó cúiteamh eile ag gabháil leis an malartú. Is é is aidhm dó sin cosc a chur le luach saothair luach bunúsach na díolúine a íoc. Os a choinne sin, le malartuithe gan cúiteamh airgeadais nó cúiteamh eile, a dhéantar chun tráthúlacht a fheabhsú, mar shampla, ní chuirfí srian ar an díolúine a chur i bhfeidhm maidir leis na sliotáin lena mbaineann. Bheadh an rud céanna i bhfeidhm, mar shampla, ar shliotáin a aistríodh mar thoradh ar chinntí a rinne údaráis phoiblí faoin dlí iomaíochta náisiúnta nó faoi dhlí iomaíochta an Aontais (cf. Airteagal 8b den Rialachán maidir le Sliotáin).

Áirítear sa mholadh sprioc-am d’aeriompróirí sliotáin nach bhfuil ag teastáil a thabhairt ar ais don chomhordaitheoir má tá siad chun tairbhigh den díolúine. Le sprioc-am trí seachtaine roimh dháta sceidealaithe na n‑oibríochtaí le haghaidh an sliotáin sin, beidh aerfoirt agus soláthraithe eile seirbhísí aerfoirt in ann infheictheacht a bheith acu maidir leis an méid acmhainne is gá agus maidir le méid na n‑oibríochtaí a bhfuiltear ag súil leo chun a áirithiú go gcuirfidh siad bonneagar, saoráidí agus foireann leordhóthanach ar fáil. Foráiltear leis sin d’aeriompróirí eile freisin meastachán a dhéanamh ar an acmhainn aerfoirt atá ar fáil, más rud é gur mian leo í a úsáid chun eitiltí a oibriú. Dá luaithe a chuirtear na sliotáin ar fáil lena n‑ath‑leithroinnt, is é is dóichí go mbeidh aeriompróirí eile in ann iad a úsáid. Cumhdaítear leis na rialacha atá beartaithe leis seo ath‑leithroinnt ar bhonn sealadach ar feadh an tséasúir atá i gceist (gan cearta marthanachta a thabhairt don iompróir a ndearnadh na sliotáin sin a ath‑leithroinnt air) nó ar bhonn buan, is é sin i gcás nach mbeartaíonn an t‑aeriompróir a chuir na sliotáin ar ais sa chomhthiomsú, na sliotáin a úsáid sa chéad tréimhse sceidealaithe choibhéiseach eile. Sa chás sin, ba cheart tosaíocht a thabhairt d’aeriompróirí a d’úsáid cúig shliotán den sórt sin ar a laghad, thar iompróirí is iarratasóirí eile agus iontrálaithe nua, ar tosaíocht é maidir le bunsraith sliotán iomlán na n‑iompróirí a scaoil iad sa chomhthiomsú.

Is gá freisin soiléiriú a dhéanamh ar na cúinsí faoina bhféadfadh na comhordaitheoirí sliotáin a tharraingt siar ó aeriompróirí. Nuair a chinneann comhordaitheoir, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil dó, gur scoir aeriompróir dá oibríochtaí ag aerfort agus nach bhfuil sé in ann na sliotáin atá leithroinnte air a oibriú a thuilleadh, ba cheart na sliotáin atá i dtrácht a chur ar ais láithreach sa chomhthiomsú agus iad a chur ar fáil lena n‑ath‑leithroinnt ar aeriompróirí eile, rud a ciallaíonn go gcaillfidh an aerlíne atá ag fágáil an aerfoirt cearta stairiúla ar na sliotáin.

Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil faoi láthair ó Eurocontrol, tá sé réasúnta glacadh leis go leanfaidh an staid reatha, lena mbaineann titim eisceachtúil ar an éileamh, go dtí tús thréimhse sceidealaithe shamhradh 2021 ar a laghad. I bhfianaise na héiginnteachta, d’fhéadfadh sé freisin go mairfeadh an tréimhse éilimh fíor-íseal go dtí tréimhse sceidealaithe gheimhreadh 2024/2025 ar a laghad, agus an tréimhse sin san áireamh, de réir tuar ó aeriompróirí agus ó chomhlachais aerfort, amhail ACI-Europe agus IATA.

Dá bhrí sin, faoi na cúinsí sin, ba cheart an Rialachán maidir le Sliotáin a leasú chun cosaint bhreise a thabhairt do chearta marthanachta aeriompróirí sna sraitheanna sliotán sin nár úsáideadh ag an ngnáthráta 80 % le linn na tréimhse ina ndearna paindéim COVID-19 dochar don mhargadh eitlíochta. Chuirfí síneadh séasúir eile leis an díolúine sliotán thar an síneadh dá bhforáiltear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1477 ón gCoimisiún, agus chumhdófaí, dá bhrí sin, an tréimhse ón 28 Márta 2021 go dtí an 30 Deireadh Fómhair 2021. Laghdódh díolúine den chineál sin an ráta úsáide sliotán ó 80 % go 40 %. Ina theannta sin, leis an leasú sin, thabharfaí cumhachtaí tarmligthe don Choimisiún an díolúine sliotán a shíneadh tuilleadh thar shéasúr sceidealaithe shamhradh 2021 agus, ina theannta sin, an ráta úsáide sliotán a choigeartú tuilleadh ar bhonn táscairí éagsúla amhail sonraí aerthráchta iarbhír agus tuartha, lódfachtóirí agus úsáid flíteanna. Ghlacfadh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe, i gcás inar gá, chun an ráta úsáide sliotán a choigeartú, le haghaidh aon tréimhse sceidealaithe ó gheimhreadh 2021/2022 suas go dtí geimhreadh 2024/2025, agus geimhreadh 2024/2025 sin san áireamh.

Déantar an próiseas leithroinnte sliotán i bhfad roimh an tréimhse sceidealaithe lena mbaineann. Dá bhrí sin, bheadh ar aeriompróirí, ar aerfoirt agus ar sholáthraithe seirbhíse eile a bheith ar an eolas in am trátha faoi na rialacha is infheidhme maidir le tréimhse áirithe sceidealaithe. Ar an gcaoi chéanna, tabharfar na sliotáin nach bhfuil sé i gceist acu a úsáid ar ais don chomhordaitheoir go luath má tá siad ar an eolas faoi na rialacha sin go luath. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún na gníomhartha tarmligthe ábhartha a ghlacadh sula dtabharfar an próiseas leithroinnte sliotán i gcrích.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Leis an Rialachán maidir le Sliotáin, tugtar díolúine d’aeriompróirí ó na rialacha maidir le húsáid sliotán a mbaineann fadhbanna leo faoi láthair d’aeriompróirí i ngeall ar phaindéim COVID-19. Leis an Rialachán maidir le Sliotáin, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh nach féidir leo ach an tréimhse sin a leasú a bhfuil feidhm ag an tarscaoileadh reatha lena linn. Is é an toradh a bhíonn ar thréimhsí sínte díolúine ó na rialacha maidir le húsáid sliotán saobhadh ar an iomaíocht a mbíonn tionchar aige ar nascacht paisinéirí, ar fhostaíocht agus ar cháilíocht na bpost in earnáil na heitlíochta, cruthaíonn na tréimhsí sin fadhbanna sonracha d’aerfoirt agus do sholáthraithe seirbhíse. An tráth céanna, dá dtiontófaí siar go tobann ar an ngnáthriail ‘úsáid é nó caill é’, bheadh an baol ann go mbeadh ualach breise airgeadais ar aeriompróirí, agus d’fhéadfadh éifeacht dhíobhálach neamhbheartaithe a bheith aige sin ar an gcomhshaol, is é sin aeriompróirí ag oibriú eitiltí atá folamh nó eitiltí atá beagnach folamh chun na sliotáin aerfoirt fholuiteacha a choinneáil ar bun, agus chun na críche sin amháin. Ba cheart an Rialachán maidir le Sliotáin a leasú dá réir sin chun éifeachtaí ghéarchéim COVID-19 a mhaolú, chun deimhneacht dhlíthiúil a chur ar fáil d’aeriompróirí agus chun aontas an chórais Eorpaigh maidir le leithroinnt sliotán a choimeád ar bun.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Braitheann feidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh ó thaobh eitlíochta agus seirbhísí gaolmhara de ar fheidhmíocht eacnamaíoch na n‑aeriompróirí agus ar chodanna eile den earnáil eitlíochta, lena n‑áirítear aerfoirt agus soláthraithe seirbhísí eile. Tá na hiarmhairtí diúltacha eacnamaíocha a bhaineann le paindéim COVID-19 ag cur sláinte airgeadais na n‑aeriompróirí i mbaol agus tá éifeachtaí diúltacha tromchúiseacha aici ar an gcóras aeriompair agus ar an ngeilleagar ina iomláine. Dá bhrí sin, tá an leasú ar an Rialachán maidir le Sliotáin ríthábhachtach. Thairis sin, tá sé comhsheasmhach le beartas aeráide an Aontais toisc ní chuireann sé dreasacht ar aeriompróirí eitiltí folmha nó beagnach folamh a oibriú nach n‑oibrítear ach chun sliotáin fholuiteacha aerfoirt a choinneáil.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 100(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh bunús dlí an togra. Tugann an tAirteagal sin an bunús dlí chun an reachtaíocht iomchuí uile maidir le haeriompair a ghlacadh agus tá sé ina bhunús dlí don Rialachán maidir le Sliotán agus do na leasuithe air.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra a bhaint amach go leordhóthanach ós rud é nach gceadaítear do na Ballstáit, leis an Rialachán maidir le Sliotáin, ceangal a chur ar chomhordaitheoirí coinníollacha a fhorchur maidir le díolúine sliotán, ná an ráta úsáide sliotán a athrú mar fhreagairt ar leibhéil athraitheacha tráchta. Ní féidir leis an Aontas an cuspóir sin a bhaint amach ach amháin trí leasú a dhéanamh ar an Rialachán maidir le Sliotáin.

Comhréireacht

Ní théann an togra thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir a bhaint amach maidir le tionchar eacnamaíoch phaindéim COVID-19 a mhaolú ó thaobh oibriú an Rialacháin maidir le Sliotáin. Tá cothromaíocht bainte amach sa togra idir an gá atá ann díolúine a thabhairt d’aerlínte ón riail ‘úsáid é nó caill é’ mar fhreagairt ar éileamh íseal ar aerthaisteal mar thoradh ar phaindéim COVID-19 agus an gá atá ann filleadh ar ghnáthchur i bhfeidhm na rialacha maidir le leithroinnt sliotán i gcomhréir leis na leibhéil aerthráchta a aisghabháil. Áirítear sa togra freisin roinnt beart atá ar son na hiomaíochta chun aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí diúltacha neamhbheartaithe áirithe a thagann ón tarscaoileadh sliotán atá ann faoi láthair.

An rogha ionstraime

Chun a cuspóir a bhaint amach, ní mór feidhm dhíreach ghinearálta a bheith ag an ionstraim dlí, mar atá ag an Rialachán maidir le Sliotáin. Rialachán is ea an ionstraim iomchuí dlí dá bhrí sin.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Le hAirteagal 10a(4) den Rialachán maidir le Sliotáin, arna leasú le Rialachán (AE) 2020/459, ceanglaíodh ar an gCoimisiún tuarascáil achomair ar staid an aerthráchta a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 15 Meán Fómhair 2020. Chun sonraí agus faisnéis eile a bhailiú, bhí seirbhísí an Choimisiúin i dteagmháil go rialta le haeriompróirí, le haerfoirt, le comhordaitheoirí sliotán aerfoirt, agus lena gcomhlachais chun faireachán a dhéanamh ar an staid athraitheach san aerthrácht, chun measúnú a dhéanamh ar thionchar phaindéim COVID-19 ar éileamh ar aeriompar agus ar leibhéal an aerthráchta, agus chun éifeachtacht an tarscaoilte sliotán a chinneadh. Sa tuarascáil a foilsíodh an 14 Meán Fómhair 2020, déantar measúnú ar chur chun feidhme an tarscaoilte sliotán agus sainaithnítear easnaimh áirithe. Níor dhearnadh meastóireacht faoi na rialacha maidir le rialáil níos fearr mar gheall ar an bpráinn a bhaineann le rialacha a ghlacadh lena gcuirfí díolúine leordhóthanach ar fáil d’iompróirí in am trátha ón riail ‘úsáid é nó caill é’, i bhfianaise iarmhairtí leanúnacha phaindéim COVID-19 ar an aerthrácht.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Ó tharla gur cás chomh práinneach é, ní dhearnadh comhairliúchán foirmiúil leis na páirtithe leasmhara. D‘fhoilsigh an Coimisiún Treochlár le haghaidh aiseolais agus comhairliúchán poiblí maidir leis an tairseach um rialáil níos fearr agus d’fhéadfadh páirtithe leasmhara freagra a thabhairt uirthi ón 1 go dtí an 28 Meán Fómhair 2020. Mar gheall ar an a phráinne atá an cheist, giorraíodh an comhairliúchán ón tréimhse 12 seachtaine a bhíonn ann go minic go 4 seachtaine. Seoladh comhairliúchán spriocdhírithe agus iarrataí ar shonraí le linn an fhráma ama chéanna freisin.

Bailiú agus úsáid saineolais

Faoi mar a míníodh cheana, ní raibh bailiú saineolais leathnaithe indéanta mar gheall ar phráinn an cháis. Sin ráite, tá leas bainte ag an gCoimisiún as taithí a fuarthas tríd an Rialachán maidir le Sliotáin a chur i bhfeidhm agus trí leasuithe air lena n‑áiríodh comhairliúcháin le saineolaithe.

Measúnú tionchair

Mar gheall ar an bpráinn a bhaineann leis an gcás, ní dhearnadh measúnú tionchair faoi rialacha rialála níos fearr fós. Tá doiciméad inmheánach oibre ag gabháil leis an togra. Léirítear ann na hiarmhairtí a bhaineann le cur i bhfeidhm na rialach ‘úsáid é nó caill é’ le linn phaindéim COVID-19, faisnéis maidir le hoibriú an tarscaoilte sliotán ó tháinig sé i bhfeidhm, agus cuirtear síos ann ar na heasnaimh a tháinig chun cinn sa mhargadh eitlíochta. Ina theannta sin, pléitear sa doiciméad sin deireadh a chur de réir a chéile le díolúine ó shliotáin a bheadh nasctha le hathspreagadh an aerthráchta de réir a chéile. Cuirtear i láthair sa doiciméad an bealach is fearr chun dul chun cinn a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh agus déantar measúnú sa ann freisin ar na hiarmhairtí is dócha a bheidh aige.

Cearta bunúsacha

Neamhbhainteach.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Neamhbhainteach.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Ba cheart don Choimisiún leanúint d’fhorbairt phaindéim COVID-19 agus an tionchar atá aici ar an aeriompar a leanúint. Faoi mar atá faoi Rialachán (AE) 2020/459, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh lena gcuirfear síneadh leis na tréimhsí ama lena mbaineann an beart, agus chun coigeartú a dhéanamh ar an gceanglas íosta úsáide, de réir mar is gá.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Cuirtear sainmhíniú sealadach nua le hAirteagal 2 den Rialachán maidir le Sliotáin le haghaidh ‘iontrálaithe nua’ chun go mbeidh níos mó aeriompróirí incháilithe mar iontrálaithe nua agus chun sliotáin a fháil ón gcomhthiomsú, rud a fhágfaidh go mbeidh níos mó iomaíochta ag aerfoirt i bhfianaise an ráta úsáide laghdaithe, rud a fhágann gur fusa do na hiompróirí reatha ag an aerfort a gcuid sliotán a choinneáil.

Ina theannta sin, cuirtear isteach sainmhíniú nua ar ‘pharaiméadair chomhordaithe COVID-19’ agus cuirtear mír 6a isteach in Airteagal 8 chun aghaidh a thabhairt ar an bhféidearthacht go bhféadfadh an acmhainn atá ar fáil ag an aerfort sin a laghdú trí bhearta sláintíochta sonracha ag aerfort mar thoradh ar phaindéim COVID-19, rud a chiallaíonn nach féidir gach sliotán a oibriú ag na tráthanna ar leithroinneadh iad ina leith. Ba cheart do na comhordaitheoirí a bheith in ann na sliotáin leithroinnte nó na sliotáin iarrtha nach féidir freastal orthu a athsceidealú nó a chur ar ceal tar éis dóibh an méid sin a phlé leis na haeriompróirí lena mbaineann. Tá plé á dhéanamh ag comhlachais aeriompróirí, comhlachais aerfort agus comhlachais comhordaitheoirí sliotán ar conas is fearr aghaidh a thabhairt ar na cásanna sin agus leasanna éagsúla gnó á gcur san áireamh. Ba cheart do chomhordaitheoirí na dea-chleachtais sin a chur san áireamh, i bhfoirm treoirlínte tionsclaíocha nó rialacha áitiúla, má tá siad i gcomhréir le prionsabail na trédhearcachta agus an neamh‑idirdhealaithe agus mura gcuireann siad amhras ar neamhspleáchas an chomhordaitheora.

I gcás ina bhfuil sliotáin curtha ar fáil ag iompróirí a bhfuil cearta stairiúla acu ar na sraitheanna sliotán ábhartha le linn tréimhse sceidealaithe áirithe, is dócha go gcuirfidh na hiompróirí a d’úsáid na sliotáin sin le húsáid éifeachtúil na sraitheanna sliotán ábhartha i dtréimhsí sceidealaithe ina dhiaidh sin. Dá bhrí sin, cuirtear mír 2a nua le hAirteagal 8, lena dtugtar tosaíocht d’aeriompróirí den sórt sin chun an tsraith i dtrácht a leithroinnt sa chéad tréimhse sceidealaithe choibhéiseach eile, ar choinníoll nach n‑iarrann an t‑aeriompróir a raibh cearta stairiúla aige sa tsraith ar leith i dtosach iad agus go raibh cúig cinn de na sliotáin atá sa tsraith á n‑oibriú ag an aeriompróir is iarratasóir. Chun ilroinnt acmhainne aerfort agus sceideal aerfort a sheachaint, ba cheart an tsraith iomlán ar cuid di na sliotáin oibrithe a bheith leithroinnte ar an aeriompróir a fhaigheann tosaíocht. I gcás gur bhain níos mó ná aeriompróir amháin úsáid as sliotáin den tsraith chéanna, tabharfar tosaíocht don iompróir a d’úsáid an líon is airde sliotán.

Cuirtear pointe (e) nua le hAirteagal 10(4) chun aghaidh a thabhairt ar chás ina mbíonn tionchar suntasach ag bearta arna nglacadh ag na húdaráis phoiblí ar chumas paisinéirí eitilt ar bhealaí áirithe chun scaipeadh phaindéim COVID-19 a shrianadh (e.g. srianta ar chearta tráchta, ar phaisinéirí agus/nó ar chriú, dúnadh teorann), tar éis an próiseas leithroinnte sliotán a chur i gcrích do shéasúr atá le teacht. Sna cásanna sin, féadfar díolúine a thabhairt d’aeriompróirí ó chur i bhfeidhm na rialach 'úsáid é nó caill é' (mar a leasaíodh). Tá an buntáiste sin srianta, áfach, chun aon éifeachtaí neamhbheartaithe a sheachaint (chun mionsonraí a fháil féach na ceithre fhomhír nua a cuireadh le hAirteagal 10(4)).

Modhnaítear Airteagal 10ú ar bhealaí éagsúla. Cuireadh síneadh le tréimhse an tarscaoilte reatha in Airteagal 10a (arna achtú i Rialachán (AE) 2020/459 i Márta 2020) le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1477 a glacadh an 14 Deireadh Fómhair 2020, go dtí an 27 Márta 2021. Le linn na tréimhse sin, ní mór do na comhordaitheoirí, le haghaidh an mheasúnaithe ar chearta tosaíochta, a mheas gur oibríodh na sliotáin a leithroinneadh don tréimhse ón 1 Márta 2020 go dtí an 27 Márta 2021 ag an aeriompróir ar leithroinneadh air ar dtús iad. Coinnítear tréimhse díolúine bhreise maidir leis na sliotáin a úsáidtear idir an Aontas agus an tSín nó idir an Aontas agus Hong Cong (ón 23 Eanáir 2020).

Sonraítear i mír 2a nua d’Airteagal 10a atá beartaithe go mbeidh, i gcás sraith sliotán a leithroinneadh don tréimhse ón 28 Márta 2021 go dtí an 30 Deireadh Fómhair 2021, go mbeidh aeriompróirí i dteideal na sraitheanna céanna sliotán sa chéad tréimhse sceidealaithe choibhéiseach eile, i gcás inar úsáid siad 40 % de na shliotáin sa tsraith sin.

Le pointe (a) de mhír 3a nua d’Airteagal 10a, cuirtear srian ar raon feidhme na díolúine is infheidhme maidir le sliotáin a leithroinntear faoi Airteagal 10(2) den Rialachán maidir le Sliotáin. Moltar nach mbeidh na sliotáin a chomhdhéanann sraith agus a leithroinneadh as an nua don tréimhse sceidealaithe lena mbaineann incháilithe don díolúine agus ní mór iad a oibriú i gcomhréir leis an ráta úsáide sliotán 80 % don iompróir a oibríonn iad chun bheith i dteideal na sraithe céanna sa chéad tréimhse sceidealaithe choibhéiseach eile.

Eisiatar ón díolúine le pointe (b) d’Airteagal 10a(3a) na sliotáin sin a malartaíodh in éineacht le cúiteamh airgeadais nó cúiteamh eile. Tá sé sin tábhachtach chun a áirithiú nach n‑áireofar luach na díolúine in aon trádáil thánaisteach nó léasú sliotán chuig aeriompróir eile. Níl aon éifeacht chúlghabhálach ag an bhforáil seo, is é sin le rá, na sliotáin a trádáladh agus a d’oibrigh an t‑aeriompróir ‘is ceannaitheoir’ le héifeacht ón tréimhse sceidealaithe choibhéiseach roimhe sin (nó níos luaithe), tá siad incháilithe don díolúine.

Cuirtear mír 7 nua isteach in Airteagal 10a ionas nach mór d’aeriompróir nach bhfuil sé beartaithe aige sliotán a úsáid an mhír sin a chur ar fáil d’aeriompróir eile lena ath‑leithroinnt go sealadach ar aeriompróirí eile tráth nach déanaí ná trí seachtaine roimh an dáta a bhfuil sé beartaithe an sliotán a oibriú. Tá sé seo chun cabhrú le hiompróirí eile ar mian leo na sliotáin sin a oibriú ar bhonn ad hoc. Ba cheart am leordhóthanach a bheith ag na haeriompróirí eile sin chun a n‑oibríochtaí a phleanáil agus chun a áirithiú freisin go mbeidh fógra roimh ré ag paisinéirí, aerfoirt agus soláthraithe seirbhíse aerfoirt d’oibríochtaí pleanáilte aeriompróirí.

Le mír 4 d’Airteagal 10a tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun síneadh breise a chur leis an tréimhse a mbeidh feidhm ag an díolúine lena linn mura réitítear paindéim COVID-19 agus má leanann sí de thionchar diúltach a bheith aici ar earnáil an aeriompair, lena n‑áirítear ar chearta stairiúla marthanachta. Tugtar de chumhacht don Choimisiún freisin an ráta úsáide a leasú de réir fhorbairt na leibhéal tráchta. Mar gheall ar cé chomh tapa agus atá an ráig leata, ba cheart gníomhartha tarmligthe a ghlacadh tríd an nós imeachta práinne.

Cuirtear fomhír nua le hAirteagal 14(5) lena bhforáiltear córas smachtbhannaí agus beart i gcás nach gcomhlíontar mír 7 nua d’Airteagal 10a.

Le pointe (c) nua d’Airteagal 14(6), ceadaítear don chomhordaitheoir gníomhaíocht a dhéanamh agus sliotáin a tharraingt siar i gcás ina scoireann aeriompróir d’oibríochtaí ag an aerfort sin. Sna cásanna sin, féadfaidh an comhordaitheoir na sliotáin a tharraingt siar láithreach don chuid sin den tréimhse sceidealaithe atá fágtha, gan fanacht go dtí deireadh na tréimhse sin, agus sliotáin a chur ar fáil lena n‑ath‑leithdháileadh a luaithe is féidir.

2020/0358 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 ón gComhairle maidir le díolúine shealadach ó na rialacha maidir le húsáid sliotán in aerfoirt an Chomhphobail i ngeall ar phaindéim COVID-19

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 3 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 4 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Mar thoradh ar phaindéim COVID-19, tá laghdú géar ar an aerthrácht i ngeall ar an titim shuntasach ar an éileamh agus ar bhearta díreacha atá déanta ag na Ballstáit agus ag tríú tíortha chun an phaindéim a choinneáil faoi smacht. Tá drochthionchar á imirt ar aeriompróirí ón 1 Márta 2020 agus is dócha go leanfar den drochthionchar sin ar aeriompróirí chomh fada le geimhreadh 2024/2025 agus le linn an gheimhridh sin féin.

(2)Níl neart ag aeriompróirí ar na cúinsí sin agus dá dheasca sin tá aersheirbhísí curtha ar ceal acu go deonach nó go hainneonach mar fhreagra ar na cúinsí sin. Go háirithe, le cealuithe deonacha, cosnaítear sláinte airgeadais aeriompróirí agus seachnaítear, an tráth céanna, tionchar diúltach comhshaoil eitiltí atá folamh nó beagnach folamh, nach noibrítear ach chun sliotáin na naeriompróirí a choinneáil.

(3)Le figiúirí atá foilsithe ag Eurocontrol, arb é an bainisteoir gréasáin d’fheidhmeanna bainistíochta aerthráchta an aerspáis Eorpaigh aonair, léirítear titim leantach bliain ar bhliain de thart ar 74 % san aerthrácht amhail ó lár mhí an Mheithimh 2020.

(4)I dtéarmaí réamháirithintí atá le teacht atá ar eolas, réamhaisnéisí Eurocontrol agus réamhaisnéisí eipidéimeolaíocha, ní féidir a thuar cathain is dócha a thiocfaidh deireadh leis an tréimhse éilimh fíorlaghdaithe a chruthaigh paindéim COVID-19. De réir na réamhaisnéisí is déanaí ó Eurocontrol, i mí Feabhra 2021 beidh an taerthrácht thart ar leath den leibhéal a bhí ann i mí Feabhra 2020. Braitheann réamhaisnéisí a théann níos faide ná an dáta sin ar roinnt fachtóirí anaithnide, amhail infhaighteacht vacsaín COVID-19. Faoi na cúinsí sin, i gcás aeriompróirí nach núsáideann a gcuid sliotán i gcomhréir leis an ráta úsáide sliotán a leagtar amach i Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 ón gComhairle 5 , níor cheart dóibh an tosaíocht atá acu sa tsraith sliotán a leagtar síos in Airteagal 8(2) agus in Airteagal 10(2) agus a mbainfidís leas as murach sin a chailleadh go huathoibríoch. Ba cheart rialacha sonracha a leagan síos chuige sin.

(5)Leis na rialacha sin ba cheart aghaidh a thabhairt ar na tionchair dhiúltacha a d’fhéadfaí a imirt ar iomaíocht aeriompróirí an tráth céanna. Ba cheart a áirithiú, go háirithe, go gcuirfear ar a gcumas d’aeriompróirí atá toilteanach seirbhísí a sholáthar an toilleadh nár úsáideadh a úsáid agus ionchas ann sliotáin den sórt sin a choinneáil ar bun san fhadtéarma. Leis sin ba cheart dreasachtaí na naeriompróirí chun úsáid a bhaint as acmhainn aerfoirt a choinneáil ar bun, rud a rachadh chun tairbhe do thomhaltóirí.

(6)Is gá, dá bhrí sin, i gcomhréir leis na prionsabail sin agus ar feadh tréimhse theoranta ama, na coinníollacha a shainiú faoina leanfaidh aeriompróirí de bheith i dteideal sraitheanna sliotán faoi Airteagal 8(2) agus Airteagal 10(2), agus is gá ceanglais a leagan síos le haghaidh na naeriompróirí lena mbaineann chun an toilleadh nár úsáideadh a scaoileadh.

(7)Ba cheart an sainmhíniú ar an téarma ‘iontrálaí nua’ a oiriúnú chun críocha na tréimhse lena mbaineann, chun an líon aeriompróirí a d’fhéadfadh cáiliú mar iontrálaithe nua a mhéadú, agus ar an gcaoi sin deis a thabhairt do thuilleadh aeriompróirí a dteastaíonn uathu a gcuid oibríochtaí a bhunú agus a leathnú. Is gá na pribhléidí comhfhreagracha a shrianadh d’fhíoriontrálaithe nua an tráth ceanna, gan iompróirí a áireamh a bhfuil níos mó ná 10 % den líon iomlán sliotán arna leithroinnt in aerfort ar leith ina seilbh acu, in éineacht le haon mháthairchuideachta, nó le fochuideachtaí dá gcuid féin le nó fochuideachtaí de chuid máthairchuideachta.

(8)Le linn na tréimhse ina gcuirfear an díolúine ó na rialacha maidir le húsáid sliotán i bhfeidhm, ba cheart a aithint sa chóras leithroinnte sliotán iarracht na naeriompróirí a d’oibrigh eitiltí agus úsáid á baint acu as sliotáin atá mar chuid de shraith a bhfuil teideal ag aeriompróir eile ina leith faoi Airteagal 8(2) agus Airteagal 10(2), ach a cuireadh ar fáil don chomhordaitheoir sliotán lena hathleithroinnt go sealadach. Dá bhrí sin, ba cheart tosaíocht a thabhairt d’aeriompróirí a d’oibrigh ar a laghad cúig shliotán de shraith maidir le leithroinnt na sraitheanna sin sa chéad tréimhse sceidealaithe choibhéiseach eile ar choinníoll nach niarrfaidh an taeriompróir atá ina dteideal iad faoi Airteagal 8(2) agus Airteagal 10(2).

(9)Trí bhearta sláintíochta sonracha COVID-19 a fhorchur ag aerfoirt, d‘fhéadfaí an toilleadh atá ar fáil a laghdú, rud a d’fhéadfadh a fhágáil gur gá foráil a dhéanamh maidir le paraiméadair shonracha chomhordaithe COVID-19. I gcúinsí den chineál sin, agus chun cur i bhfeidhm cuí na bparaiméadar sin a chumasú, ba cheart na comhordaitheoirí a chumhachtú chun uainiú na sliotán arna leithroinnt ar aeriompróirí faoi Airteagal 8 a oiriúnú nó na sliotáin sin a chur ar ceal don tréimhse sceidealaithe a mbeidh feidhm ag na bearta sláintíochta sonracha COVID-19 lena linn.

(10)Na hiarmhairtí diúltacha ó bhearta a d’fhéadfadh údaráis phoiblí a dhéanamh lena gcuirfí srian le taisteal ar gearrfhógra, ní féidir iad a chur i leith aeriompróirí agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a mhaolú. Dá bhrí sin, níor cheart pionós a ghearradh ar aeriompróirí as gan sliotáin a úsáid i gcás ina neascraíonn an neamhúsáid sin as na bearta sriantacha sin nár foilsíodh go fóill tráth leithroinnte na sliotán. Faoi chúinsí den chineál sin, ba cheart d’aeriompróirí leanúint de bheith i dteideal sraith den sórt sin sa chéad séasúr sceidealaithe coibhéiseach eile. D’fhéadfaí a áireamh ar bhearta den sórt sin, mar shampla, diansrianta rialtais a bhaineann le COVID-19 ar an uaslíon paisinéirí atá ag teacht isteach nó ag imeacht ar eitilt shonrach nó trí aerfort ar leith, nó bearta lena mbeadh oibriú aersheirbhíse dodhéanta ar bhonn praiticiúil nó teicniúil trí shrianta a fhorchur ar ghluaiseachtaí foirne aerlíne nó trí shrianta ar sheirbhísí a bheith ar fáil atá fíor-riachtanach chun tacú go díreach le hoibriú aersheirbhíse. Ba cheart díolúine shonrach ó éifeachtaí fhorchur na mbeart sin a shrianadh do dhá thréimhse sceidealaithe as a chéile ar a mhéad.

(11)Ba cheart aeriompróirí a scaoileadh, a mhéid is gá, ó na ceanglais maidir le húsáid sliotán, atá ábhartha don teidlíocht do shliotáin sa tréimhse sceidealaithe choibhéiseach ina dhiaidh sin, le linn tréimhsí ina mbeidh tionchar suntasach ag paindéim COVID-19 ar an éileamh. Leis sin ba cheart é sin a chur ar a gcumas seirbhísí a mhéadú de réir na gcúinsí. Ba cheart an ráta úsáide níos ísle a shocraítear chuige sin an tionchas reatha aerthráchta a chur san áireamh, ar aerthráchta é atá ag 50 % de leibhéil tráchta 2019, agus an neamhchinnteacht a bhaineann le paindéim COVID-19 agus athspreagadh muinín tomhaltóirí agus leibhéal tráchta a chur san áireamh freisin. I bhfianaise an athmhéadaithe ar leibhéil an tráchta ag pointe amháin, áfach, ba cheart go bhféadfar an tíosráta úsáide a leasú trí bhíthin gníomhartha tarmligthe. Ba cheart é a chur ar a gcumas d’aeriompróirí agus comhordaitheoirí na hullmhúcháin is gá a dhéanamh in am trátha, i bhfianaise na gcoinníollacha a bheidh le cur i bhfeidhm maidir le hoibriú sliotán i dtréimhse sceidealaithe ar leith. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún féachaint leis an nGníomh Tarmligthe a ghlacadh a luaithe is féidir agus ba cheart dó gníomhartha den chineál sin a ghlacadh i gcás ar bith roimh an sprioc-am chun sliotáin a thabhairt ar ais mar a leagtar síos in Airteagal 10(3).

(12)Chun íoslaghdú a dhéanamh ar bhacainní iontrála agus chun cosc a chur le tionchar diúltach a bheith ag an díolúine ó na ceanglais ghinearálta maidir le húsáid sliotán ar staid iomaíoch aeriompróirí thar a bhfuil call leis, ba cheart cur i bhfeidhm na díolúine a shrianadh do na sliotáin sin a d’oibrigh an taeriompróir roimhe sin ag na haerfoirt lena mbaineann. Ar an gcaoi chéanna, níor cheart feidhm a bheith ag an díolúine maidir le sliotáin a malartaíodh mar chuid de shocrú tráchtála, as a dtiocfadh cúiteamh airgid nó cúiteamh eile, idir iompróirí nach cuid den ghrúpa céanna iad.

(13)Chun freagairt go solúbtha, i gcás inar gá agus nuair a bheidh údar maith leis, do na dúshláin atá roimh earnáil an aeriompair mar gheall ar phaindéim COVID-19, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 a leasú i leith síneadh a chur le tréimhse chur i bhfeidhm na díolúine ón riail maidir le húsáid sliotán a bheartaítear leis an Rialachán seo. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr 6 . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(14)Ní mór d’aerfoirt, do sholáthraithe seirbhísí aerfoirt agus d’aeriompróirí infheictheacht a bheith acu maidir leis an toilleadh atá ar fáil chun críche pleanáil leordhóthanach. Ba cheart d’aeriompróirí na sliotáin nach bhfuil a núsáid beartaithe a chur ar fáil don chomhordaitheoir chun go bhféadfaí iad a athleithroinnt a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 3 seachtaine roimh an dáta a bheartaítear iad a oibriú. Ba cheart iad a chur faoi réir smachtbhannaí iomchuí nó bearta coibhéiseacha i gcás neamhchomhlíonta.

(15)I gcás ina bhfuil comhordaitheoir sásta gur scoir aeriompróir d’oibríochtaí ag aerfort, ba cheart don chomhordaitheoir na sliotáin a tharraingt siar ón aeriompróir sin láithreach agus iad a chur leis an gcomhthoimsiú lena nathleithroinnt ar iompróirí eile.

(16)I bhfianaise na práinne a bhaineann leis na cúinsí eisceachtúla a bhaineann le paindéim COVID-19 lena dtugtar údar maith don Rialachán seo, meastar gurb iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ón tréimhse 8 seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

(17)I bhfianaise na práinne a bhaineann leis na cúinsí eisceachtúla a bhaineann le paindéim COVID-19 a thugann údar leis na bearta atá molta, meastar gurb iomchuí foráil a dhéanamh maidir le teacht i bhfeidhm láithreach an Rialacháin seo,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CEE) 95/93 mar a leanas:

(1) Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a) cuirtear isteach an pointe (ba) seo a leanas:

‘(ba) le linn na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 10a(2a), ciallóidh 'iontrálaí nua':

(i)    aeriompróir a iarrfaidh, mar chuid de shraith sliotán, sliotán ag aerfort aon lá ar bith, dá mba rud é, i gcás go nglacfaí le hiarraidh an aeriompróra, go mbeadh níos lú ná seacht sliotán ar an iomlán aige ag an aerfort sin an lá sin; nó

(ii)    aeriompróir a iarrfaidh sraith sliotán chun seirbhís sceidealta gan stad a oibriú do phaisinéirí idir dhá aerfort de chuid an Aontais Eorpaigh, i gcás go bhfuil dhá aeriompróir eile ar a mhéid ag oibriú na seirbhíse sceidealta céanna gan stad idir na haerfoirt sin an lá sin, dá mba rud é, i gcás go nglacfaí le hiarraidh an aeriompróra, go mbeadh, ina ainneoin sin, níos lú ná naoi sliotán ag an aeriompróir ag an aerfort sin an lá sin don tseirbhís gan stad sin.

Ní mheasfar gur iontrálaí nua ag an aerfort sin é aeriompróir a bhfuil, i gcomhpháirt lena mháthairchuideachta, lena fhochuideachtaí féin nó le fochuideachtaí na máthairchuideachta, níos mó ná 10 % d'iomlán na sliotán arna leithroinnt an lá i dtrácht in aerfort áirithe aige;’;

(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (m):

‘(m) ciallóidh "paraiméadair an chomhordaithe" an sloinneadh i dtéarmaí oibríochta ar an toilleadh go léir atá ar fáil do leithroinnt sliotán ag aerfort le linn gach tréimhse comhordaithe, a léireoidh na fachtóirí teicniúla, oibríochtúla agus comhshaoil go léir a théann i gcion ar fheidhmíocht bhonneagar an aerfoirt agus ar fheidhmíocht a fhochóras difriúil;’;

(c) cuirtear isteach an pointe (n) seo a leanas:

‘(n) ciallóidh ‘paraiméadair chomhordaithe COVID-19’ paraiméadair chomhordaithe athbhreithnithe a bhfuil laghdú ar an acmhainn aerfoirt atá ar fáil ag aerfort comhordaithe mar thoradh orthu de bharr bearta sonracha sláintíochta arna bhforchur ag na Ballstáit mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19.’;

(2) Leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a) cuirtear isteach an mhír 2a seo a leanas:

‘2a. Le linn na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 10a(2a), déanfar sraith sliotán a chuirfear ar ais sa chomhthiomsú sliotán i gcomhréir le hAirteagal 8(1) ag deireadh na tréimhse sceidealaithe (‘an tréimhse sceidealaithe thagartha’) a leithroinnt, arna iarraidh sin, don chéad tréimhse sceidealaithe choibhéiseach eile, ar aeriompróir a d’oibrigh ar a laghad cúig shliotán den tsraith sin tar éis Airteagal 10ú(7) a chur i bhfeidhm le linn na tréimhse sceidealaithe thagartha.

I gcás ina gcomhlíonann níos mó ná iarratasóir amháin ceanglais na chéad fhomhíre, tabharfar tosaíocht don aeriompróir a bhfuil an líon is mó sliotán sa tsraith sin oibrithe aige.’;

(b) cuirtear isteach an mhír 6a seo a leanas:

‘6a. Laistigh den tréimhse a bhfuil feidhm ag paraiméadair chomhordaithe COVID-19 lena linn agus chun cur i bhfeidhm cuí na bparaiméadar comhordaithe sin a chumasú, féadfaidh an comhordaitheoir uainiú na sliotán iarrtha nó leithroinnte a thagann laistigh den tréimhse a shonraítear i mír 2a d’Airteagal 10ú a leasú nó iad a chur ar ceal tar éis éisteacht a thabhairt don aeriompróir lena mbaineann. Sa chomhthéacs sin, cuirfidh an comhordaitheoir san áireamh rialacha agus treoirlínte breise dá dtagraítear in Airteagal 8(5), faoi na coinníollacha a leagtar amach ann.’;

(3) Leasaítear Airteagal 10(4) mar a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d) imeachtaí breithiúnacha a bhaineann le hAirteagal 9 a chur i bhfeidhm maidir le haerbhealaí a bhfuil oibleagáidí seirbhíse poiblí forchurtha ina leith de réir Airteagal 4 de Rialachán (CEE) Uimh. 2408/92 agus ar a mbeidh, mar thoradh, fionraí shealadach ar aerbhealaí den saghas sin a oibriú;’;

(b) cuirtear an pointe (e) seo a leanas isteach:

‘(e) le linn na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 10a(2a), tar éis an 31 Eanáir i gcás shéasúr an tsamhraidh ina dhiaidh sin nó tar éis an 31 Lúnasa i gcás shéasúr an gheimhridh ina dhiaidh sin, an tabhairt isteach ag údaráis phoiblí de bhearta chun aghaidh a thabhairt ar leathadh phaindéim COVID-19 ag ceann amháin d’aerbhealach ar úsáideadh na sliotáin sin ina leith nó ar beartaíodh iad a úsáid ina leith, ar choinníoll nár foilsíodh na bearta tráth leithroinnte na sraithe sliotán agus ar choinníoll go mbeadh ceachtar de na bearta seo a leanas mar thoradh ar na bearta:

– an teorainn, an t‑aerfort nó an t‑aerspás a dhúnadh i bpáirt nó go hiomlán le linn cuid shubstaintiúil den tréimhse sceidealaithe ábhartha,

– bac mór ar chumas paisinéirí taisteal le hiompróir ar bith ar an aerbhealach díreach sin le linn cuid shubstaintiúil den tréimhse sceidealaithe ábhartha.’

(c) cuirtear isteach na fomhíreanna seo a leanas:

‘Beidh feidhm ag pointe (e) den chéad fhomhír ar feadh na tréimhse a mbeidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear inti lena linn agus go ceann 6 seachtaine bhreise, laistigh de na teorainneacha dá dtagraítear sa tríú fomhír, sa cheathrú fomhír agus sa chúigiú fomhír. Mar sin féin, i gcás ina scoirfidh an beart dá dtagraítear i bpointe (e) d’fheidhm a bheith aige tráth is lú ná 6 seachtaine roimh dheireadh na tréimhse sceidealaithe, ní bheidh feidhm ag pointe (e) maidir lena bhfuil fágtha den tréimhse 6 seachtaine ach i gcás ina n‑úsáidfear na sliotáin sa tréimhse sceidealaithe ina dhiaidh sin don aerbhealach céanna.

Ní bheidh feidhm ag pointe (e) den chéad fhomhír ach amháin maidir le sliotáin arna n‑úsáid do na haerbhealaí dá raibh siad in úsáid cheana féin sular foilsíodh na bearta dá dtagraítear i bpointe (e).

Scoirfidh pointe (e) den chéad fhomhír d’fheidhm a bheith aige i gcás ina n‑athróidh an t‑aeriompróir, agus na sliotáin sin á n‑úsáid aige, chuig aerbhealach nach ndéanann bearta na n‑údarás poiblí difear dó.

Beidh feidhm ag pointe (e) den chéad fhomhír ar feadh dhá thréimhse sceidealaithe chomhleanúnacha ar a mhéad.’;

(4) Leasaítear Airteagal 10a mar a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.    Chun críocha Airteagal 8(2) agus Airteagal 10(2), measfaidh comhordaitheoirí go bhfuil sliotáin a leithroinneadh don tréimhse ón 1 Márta 2020 go dtí an 27 Márta 2021 oibrithe ag an aeriompróir ar leithroinneadh air ar dtús iad.’;

(b) cuirtear isteach an mhír 2a seo a leanas:

‘2a.    I leith na tréimhse ón 28 Márta 2021 go dtí an 30 Deireadh Fómhair 2021 agus chun críocha Airteagal 8(2) agus Airteagal 10(2), má léiríonn an t‑aeriompróir sin go sásúil don chomhordaitheoir gurb é an t‑aeriompróir sin a d'oibrigh an tsraith sliotán i dtrácht, de réir mar a rinne an comhordaitheoir é sin a imréiteach, ar feadh 40 % ar a laghad den am le linn na tréimhse sceidealaithe dá leithroinneadh í, beidh an t‑aeriompróir i dteideal na sraithe céanna sliotán don chéad tréimhse sceidealaithe choibhéiseach eile.

I leith na tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír, 40 % a bheidh sna luachanna céatadáin dá dtagraítear in Airteagal 10(4) agus i bpointe (a) de 14(6).’;

(c) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.    I leith sliotáin a bhfuil dáta acu idir an 9 Aibreán 2020 agus 27 Márta 2021, ní bheidh feidhm ag mír 1 ach amháin i gcás inar thug an t‑aeriompróir na sliotáin ábhartha nár úsáideadh ar ais don chomhordaitheoir lena n‐ath‐leithroinnt ar aeriompróirí eile.’;

(d) cuirtear isteach an mhír 3a seo a leanas:

‘3a.    Ní bheidh feidhm ag mír 2a:

(a)    i leith sraith sliotán arna leithroinnt ar aeriompróir ar feadh tréimhse sceidealaithe ar leith, i gcás nár leithroinneadh an tsraith chéanna sliotán ar an aeriompróir sin don tréimhse sceidealaithe choibhéiseach roimhe sin;

(b)    i leith sraith sliotán a malartaíodh idir aeriompróirí, le héifeacht ón tréimhse sceidealaithe i dtrácht, i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 8a(1) agus i gcás inar áiríodh leis an malartú cúiteamh airgid nó aon chineál cúitimh eile.’;

(e) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.    I gcás ina gcinneann an Coimisiún, ar bhonn sonraí arna bhfoilsiú ag Eurocontrol, arb é atá ann an bainisteoir gréasáin d’fheidhmeanna gréasáin bainistíochta aerthráchta an aerspáis Eorpaigh aonair, go bhfuil an laghdú ar leibhéal an aerthráchta i gcomparáid leis an leibhéal sa tréimhse chomhfhreagrach in 2019 ag leanúint ar aghaidh agus, ar bhonn réamhaisnéisí tráchta ó Eurocontrol, gur dócha go leanfaidh sé ar aghaidh, agus go gcinneann sé freisin, ar bhonn na sonraí eolaíochta is fearr atá ar fáil, gur de thoradh an tionchair atá ag paindéim COVID-19 an staid seo, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 12a chun an tréimhse a shonraítear i mír 2a a leasú dá réir.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 12a chun na luachanna céatadáin dá dtagraítear i mír 2a den Airteagal seo a leasú laistigh de raon idir 0 agus 80 %. Chun na críche sin, déanfaidh an Coimisiún athruithe a tháinig chun cinn ó tháinig Rialachán (AE) [2021/XXX tagairt don Rialachán seo] i bhfeidhm a mheas, ag féachaint do na heilimintí seo a leanas:

(a) sonraí arna bhfoilsiú ag Eurocontrol maidir le leibhéil tráchta agus réamhaisnéisí tráchta;

(b) teacht chun cinn na dtreochtaí aerthráchta le linn na dtréimhsí sceidealaithe, agus an teacht chun cinn sin a tugadh faoi deara ó thosaigh paindéim COVID-19 á chur san áireamh freisin; agus

(c) táscairí a bhaineann leis an éileamh ar aeriompar paisinéirí agus lasta, lena n‑áirítear treochtaí maidir le méid flíteanna, úsáid flíteanna agus lódfhachtóirí.

Glacfar gníomhartha tarmligthe de bhun na míre seo tráth nach déanaí ná an 24 Eanáir le haghaidh na tréimhse sceidealaithe samhraidh ina dhiaidh sin agus tráth nach déanaí ná an 24 Lúnasa le haghaidh na tréimhse sceidealaithe geimhridh ina dhiaidh sin.’;

(f) scriostar mír 5;

(g) cuirtear isteach an mhír 7 seo a leanas:

‘7.    Le linn na tréimhse dá dtagraítear i mír 2a, cuirfidh aeriompróirí aon sliotán nach bhfuil sé beartaithe acu a úsáid ar fáil don chomhordaitheoir lena ath‑leithroinnt ar aeriompróirí eile, tráth nach déanaí ná 3 seachtaine roimh an dáta oibríochta,’;

(5) in Airteagal 12a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.    Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 10a a thabhairt don Choimisiún go dtí an 24 Lúnasa 2024.’;

(6) Leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:

(a) i mír 5, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

‘Déanfaidh na Ballstáit smachtbhannaí éifeachtacha, athchomhairleacha agus comhréireacha nó bearta coibhéiseacha a bhunú agus a chur i bhfeidhm i gcás nach gcomhlíonfaidh aeriompróir Airteagal 10a(7) arís agus arís eile agus d’aon ghnó. Áireofar i smachtbhannaí agus i mbearta den sórt sin an fhéidearthacht tairbhe Airteagal 10ú(2a) a aistarraingt, i gcás ina dtabharfar údar cuí leis an gcás aonair.’;

(b) i mír 6, cuirtear an pointe (c) seo a leanas isteach: ‘(c)    Le linn na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 10a(2a), nuair a chinnfidh comhordaitheoir, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil dó, gur scoir aeriompróir dá oibríochtaí ag aerfort agus nach bhfuil sé in ann na sliotáin atá leithroinnte air a oibriú a thuilleadh, tarraingeoidh an comhordaitheoir an tsraith sliotán sin siar ón aeriompróir sin go ceann na coda sin den tréimhse sceidealaithe atá fágtha agus cuirfidh sé leis an gcomhthiomsú iad, tar éis dó éisteacht a thabhairt don aeriompróir lena mbaineann.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 ón gComhairle an 18 Eanáir 1993 maidir le comhrialacha do leithroinnt sliotán in aerfoirt an Chomhphobail, IO L 14, 22.1.1993, lch. 1.
(2)    Joint agreement of airlines, airports and slot coordinators on conditions that should be applied to an extension of a slot waiver to the full NW2020 season” [Comhaontú comhpháirteach idir aerlínte, aerfoirt agus comhordaitheoirí sliotán maidir leis na coinníollacha ba cheart a chur i bhfeidhm maidir leis an tarscaoileadh sliotán a shíneadh chuig séasúr iomlán NW2020] https://www.euaca.org/up/files/NW20%20EU%20Slot%20Waiver%20-%20Common%20proposal%20airlines%20-%20airports%20-%20slots%20coordinators.pdf
(3)    IO C , , lch. .
(4)    IO C , , lch. .
(5)    Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 ón gComhairle an 18 Eanáir 1993 maidir le comhrialacha do leithroinnt sliotán in aerfoirt an Chomhphobail (IO L 14, 22.1.1993, lch. 1).
(6)    IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.