AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,9.12.2020
COM(2020) 796 final
2020/0349(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794, a mhéid a bhaineann le comhar Europol le páirtithe príobháideacha, an phróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta chun tacú le himscrúduithe coiriúla, agus ról Europol maidir le taighde agus nuálaíocht
{SEC(2020) 545 final} - {SWD(2020) 543 final} - {SWD(2020) 544 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Tá tírdhreach slándála a bhíonn ag síorathrú os comhair na hEorpa, tráth atá bagairtí slándála ag forbairt agus ag éirí níos casta. Baineann coirpigh leas as na buntáistí a bhaineann leis an gclaochlú digiteach, teicneolaíochtaí nua, domhandú agus soghluaisteacht, lena n‑áirítear idirnascacht agus doiléire na dteorainneacha idir an domhan fisiceach agus an domhan digiteach. Taispeánann teagmhais a tharla le déanaí arís eile go bhfuil an sceimhlitheoireacht fós ina bagairt shuntasach ar shaoirse agus ar shlí mhaireachtála an Aontais Eorpaigh agus na saoránach. Cuireann géarchéim COVID‑19 leis sin, toisc gur thapaigh coirpigh deiseanna chun úsáid a bhaint as an ngéarchéim trí mhodhanna oibríochta a oiriúnú nó gníomhaíochtaí nua coiriúla a fhorbairt. Cé nach bhfuil tionchar foriomlán ghéarchéim COVID‑19 ar an tslándáil soiléir go fóill, meastar go múnlóidh sé tírdhreach na coireachta tromchúisí agus eagraithe san Aontas sa mheántéarma agus san fhadtéarma.
Éilíonn na bagairtí slándála sin atá ag teacht chun cinn tacaíocht éifeachtach ar leibhéal an Aontais d’obair na n‑údarás náisiúnta forfheidhmithe dlí. Scaipeann na bagairtí sin thar theorainneacha, baineann siad le héagsúlacht coireanna a n‑éascaíonn siad iad, agus tagann siad chun cinn i ngrúpaí coireachta eagraithe ilchoireachta a théann i mbun réimse leathan gníomhaíochtaí coiriúla. Toisc nach leor gníomhaíocht ar an leibhéal náisiúnta amháin chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin thrasnáisiúnta slándála sin, tá údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát tar éis úsáid níos mó a bhaint as an tacaíocht agus as an saineolas a thairgeann Europol, gníomhaireacht an Aontais um chomhar i bhforfheidhmiú an dlí, chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht
a chomhrac
. Is é Europol croílár na tacaíochta ar leibhéal an Aontais do na Ballstáit chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac. Tugann an ghníomhaireacht tacaíocht agus saineolas d’údaráis náisiúnta forfheidhmithe dlí chun an choireacht thromchúiseach a dhéanann difear do dhá Bhallstát nó níos mó, an sceimhlitheoireacht agus saghsanna eile coireachta a dhochraíonn leas coiteann atá ina ábhar do bheartas de chuid an Aontais, a chosc agus a chomhrac. Ó cuireadh Rialachán Europol 2016 i bhfeidhm, tá athrú mór tagtha ar thábhacht oibríochtúil chúraimí na gníomhaireachta. Mar shampla, tá méadú faoi chúig tagtha ar an tacaíocht oibríochtúil a sholáthraíonn Lárionad Frithsceimhlitheoireachta na hEorpa de chuid Europol le blianta beaga anuas (ó 127 gcás oibríochtúla ar tacaíodh leo in 2016 go 632 chás in 2019). Tá an Lárionad páirteach anois i mbeagnach gach imscrúdú mór frithsceimhlitheoireachta san Aontas.
Tá bagairt na sceimhlitheoireachta san Eoraip fós ard. I ndearbhú comhpháirteach Airí Gnóthaí Baile an Aontais an 13 Samhain 2020 maidir leis na hionsaithe sceimhlitheoireachta a rinneadh le déanaí san Eoraip, d’iarr Airí “ar an gCoimisiún togra a thíolacadh lena leasófar sainordú Europol a mbeidh bunús láidir dlí leis chun tacair mhóra sonraí a láimhseáil. Is den bhuntábhacht Europol agus go háirithe Lárionad Frithsceimhlitheoireachta na hEorpa chun tacú go héifeachtach leis na Ballstáit agus iad i mbun coireanna sceimhlitheoireachta a chosc agus a ionchúiseamh, agus ní mór iad a neartú.”
Athraítear leis an timpeallacht bagartha an cineál tacaíochta ó Europol a theastaíonn ó na Ballstáit agus a bhfuil súil acu léi chun saoránaigh a choimeád slán, ar bhealach nach raibh coinne leis nuair a rinne na comhreachtóirí idirbheartaíocht ar shainordú reatha Europol. Aithníonn Conclúidí na Comhairle i mí na Nollag 2019 “an riachtanas práinneach oibríochtúil atá ann do Europol sonraí a iarraidh agus a fháil go díreach ó pháirtithe príobháideacha”, agus iarrtar ar an gCoimisiún smaoineamh ar an sceideal don athbhreithniú ar Rialachán Europol a oiriúnú “i bhfianaise nach mór do lucht forfheidhmithe an dlí Eorpaigh aghaidh a thabhairt ar fhorbairtí leanúnacha teicneolaíochta”. Tá géarghá sóisialta le coireanna tromchúiseacha a ullmhaítear nó a dhéantar agus ina n‑úsáidtear seirbhísí trasteorann a thairgeann páirtithe príobháideacha a chomhrac, go háirithe cibearchoireacht. Cé go dtugann an pacáiste r-fhianaise aghaidh ar an dúshlán seo go pointe áirithe, tá cásanna ann mar a bhfuil gá le tacaíocht Europol chun na bagairtí a bhaineann le cibearchoireacht agus coireanna cibearchumasaithe a chomhrac go héifeachtach, go háirithe nuair a bhíonn páirtithe príobháideacha ag iarraidh coireanna den sórt sin a thuairisciú.
Iarrtar i Rún ó Pharlaimint na hEorpa i mí Iúil 2020 freisin go dtreiseofaí Europol, agus deirtear “gur cheart go mbeadh sé ina thosaíocht neartú a dhéanamh ar chumas Europol tionscnamh imscrúduithe trasteorann a iarraidh, go háirithe i gcásanna ionsaithe tromchúiseacha in aghaidh sceithirí agus iriseoirí iniúchacha ag a bhfuil ról fíor-riachtanach maidir le héilliú, calaois, míbhainistíocht agus éagóiritheoireacht eile sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha a nochtadh."
I bhfianaise an tírdhreacha slándála atá ag athrú, ní mór go mbeadh na cumais agus na huirlisí ag Europol chun tacú go héifeachtach leis na Ballstáit chun coireacht thromchúiseach agus sceimhlitheoireacht a chomhrac. Mar fhreagairt ar riachtanais phráinneacha oibríochtúla, agus glaonna ó na comhreachtóirí ar thacaíocht níos láidre ó Europol, fógraíodh le Clár Oibre an Choimisiúin le haghaidh 2020 tionscnamh reachtach chun “sainordú Europol a neartú chun comhar oibríochtúil póilíní a threisiú”. Is príomhghníomhaíocht é freisin de Straitéis Aontais Slándála an Aontais, mí Iúil 2020. I gcomhréir leis an nglao ó na Treoirlínte Polaitiúla chun “gach iarracht a dhéanamh chun ár saoránaigh a chosaint”, tugann an tionscnamh reachtach seo aghaidh ar na réimsí sin ar iarr na páirtithe leasmhara tacaíocht threisithe ó Europol ina leith chun cabhrú leis na Ballstáit saoránaigh a choinneáil slán.
Chuige sin, féachann an togra seo le sainordú Europol a neartú laistigh de mhisean agus cúraimí na gníomhaireachta mar a leagtar síos sa Chonradh, go háirithe trí na nithe seo a leanas:
·a chur ar a chumas do Europol dul i gcomhar go héifeachtach le páirtithe príobháideacha, aghaidh a thabhairt ar an easpa comhar éifeachtach idir páirtithe príobháideacha agus údaráis forfheidhmithe dlí chun an úsáid a bhaineann coirpigh as seirbhísí trasteorann, mar shampla, seirbhísí cumarsáide, baincéireachta nó iompair, a chomhrac;
·a chur ar a chumas do Europol tacú go héifeachtach leis na Ballstáit agus a n‑imscrúduithe leis an anailís ar thacair mhóra chasta sonraí, agus aghaidh a thabhairt ar an dúshlán mórshonraí atá ann d’údaráis forfheidhmithe dlí;
·ról Europol maidir le taighde agus nuálaíocht a neartú, agus aghaidh a thabhairt ar bhearnaí atá ábhartha maidir le forfheidhmiú an dlí;
·comhar Europol le tríú tíortha a neartú i gcásanna ar leith agus ar bhonn cás ar chás chun coireanna a thagann faoi raon feidhme chuspóirí Europol a chosc agus a chomhrac;
·a shoiléiriú go bhféadfaidh Europol, i gcásanna ar leith ina measann Europol gur cheart imscrúdú coiriúil a thionscnamh, a iarraidh ar údaráis inniúla Ballstáit imscrúdú a thionscnamh, a chur i gcrích nó a chomhordú maidir le coir a dhochraíonn leas coiteann atá ina ábhar do bheartas de chuid an Aontais, gan an ceanglas go mbeadh gné trasteorann leis an gcoir lena mbaineann;
·comhar Europol le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) a neartú;
·an creat cosanta sonraí is infheidhme maidir le Europol a neartú tuilleadh;
·formhaoirseacht pharlaiminteach agus cuntasacht Europol a neartú tuilleadh.
Tá an tionscnamh reachtach seo nasctha le togra reachtach lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1862 maidir le Córas Faisnéise Schengen (CFS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus breithiúnais i ngnóthaí coiriúla chun é a chur ar a chumas do Europol sonraí a iontráil in CFS. Faoi réir comhairliúcháin leis na Ballstáit, chuirfeadh sé seo ar a chumas do Europol sonraí a iontráil in CFS faoi rannpháirtíocht amhrasach náisiúnaigh tríú tír i gcion a bhfuil Europol inniúil ina leith.
Tá an tionscnamh reachtach seo mar chuid de phacáiste beart a thíolaic an Coimisiún an 9 Nollaig 2020 chun freagairt an Aontais ar bhagairt na sceimhlitheoireachta a threisiú.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Cuirtear san áireamh leis an tionscnamh reachtach seo raon leathan beartas de chuid an Aontais i réimse na slándála inmheánaí a glacadh nó a seoladh ó tháinig Rialachán Europol 2016 i bhfeidhm.
Maidir le comhar le páirtithe príobháideacha, cuirtear san áireamh leis an tionscnamh reachtach seo na tionscnaimh ghaolmhara chun ábhar sceimhlitheoireachta ar líne a bhaint agus rochtain trasteorann ar fhianaise leictreonach a fheabhsú. A luaithe a ghlacfaí é, agus bunaithe ar thograí an Choimisiúin, sholáthródh an pacáiste r-fhianaise Orduithe Eorpacha chun Fianaise Leictreonach a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Eorpacha um Chaomhnú d’údaráis náisiúnta forfheidhmithe dlí agus d’údaráis bhreithiúnacha chun fianaise dhigiteach a fháil ó sholáthraithe seirbhíse d’imscrúduithe coiriúla, beag beann ar an mBallstát ina bhfuil an soláthraí bunaithe nó ina stóráiltear an fhaisnéis.
Maidir le teorainneacha i gcomhroinnt faisnéise a fuarthas ó thríú tír faoi dhaoine faoi dhrochamhras agus coirpigh, cuirtear san áireamh leis an measúnú ar roghanna chun an chomhroinnt faisnéise sin a neartú an obair leanúnach i dtreo idir-inoibritheacht chórais faisnéise an Aontais maidir le bainistíocht slándála, teorainneacha agus imirce agus creat dlíthiúil an Aontais maidir le córais mhórscála TF. Áirítear leis sin córais faisnéise de chuid an Aontais atá ann cheana nó atá beartaithe, eadhon Córas Faisnéise Schengen, córas dul isteach/imeachta an Aontais,, an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil, agus an t‑uasghrádú atá beartaithe ar an gCóras Faisnéise Víosaí agus ar chóras Eurodac.
Cuirtear san áireamh leis an tionscnamh reachtach seo freisin comhar Europol le comhlachtaí nó gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, go háirithe Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, Eurojust mar ghníomhaireacht an Aontais um chomhar ceartais choiriúil, ENISA mar an Ghníomhaireacht Eorpach um Chibearshlándáil, an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF), agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex).
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Cuirtear san áireamh leis an tionscnamh reachtach seo freisin beartais ábhartha eile de chuid an Aontais a glacadh nó a seoladh ó tháinig Rialachán Europol i bhfeidhm.
Tugtar aird iomlán leis an tionscnamh reachtach seo ar reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir le cosaint sonraí (féach roinn 3 thíos ar chearta bunúsacha).
Maidir leis an nuálaíocht, cuirtear san áireamh leis an tionscnamh reachtach seo maoiniú a bhaineann le slándáil an Aontais faoi Fís 2020, an Ciste Slándála Inmheánaí, Fís Eorpach atá beartaithe agus an clár don Eoraip dhigiteach atá beartaithe. Cuirtear san áireamh leis freisin an straitéis Eorpach maidir le sonraí agus an Páipéar Bán maidir leis an Intleacht Shaorga mar na chéad cholúin de straitéis nua dhigiteach an Choimisiúin, chomh maith leis an obair leanúnach mar ullmhúchán le haghaidh spásanna coitinne sonraí Eorpacha a rialú.
Maidir le comhar Europol le tríú tíortha, cuirtear san áireamh leis an tionscnamh reachtach seo beartais sheachtracha an Aontais, go háirithe obair thoscaireachtaí an Aontais agus saineolaithe frithsceimhlitheoireachta/slándála i dtríú tíortha agus misin agus oibríochtaí comhbheartais slándála agus cosanta.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é Airteagal 88 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) bunús dlí an tionscnaimh reachtaigh. Sonraítear in Airteagal 88(1) CFAE go mbeidh de chúram ag Europol tacú agus treisiú le gníomhaíocht údaráis phóilíneachta na mBallstát agus le seirbhísí eile forfheidhmithe dlí agus lena gcomhar frithpháirteach d'fhonn an choireacht thromchúiseach a dhéanann difear do dhá Bhallstát nó níos mó, an sceimhlitheoireacht agus saghsanna eile coireachta a dhochraíonn leas coiteann atá ina ábhar do bheartas de chuid an Aontais a chosc agus a chomhrac. Déantar foráil leis go ndéanfar Europol a rialú le Rialachán a ghlacfar i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach.
•Coimhdeacht
De réir phrionsabal na coimhdeachta a leagtar síos in Airteagal 5(3) CAE, níor cheart go gníomhófar ar leibhéal an Aontais ach amháin nuair nach féidir leis na Ballstáit na haidhmeanna a bheartaítear a ghnóthú go leordhóthanach ar a gconlán féin agus gur féidir dá bhrí sin, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta arna beartú, na haidhmeanna sin a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais.
Tá na Ballstáit freagrach as an smacht reachta a chaomhnú agus as an tslándáil inmheánach a choimirciú. Go deimhin, urramóidh an tAontas feidhmeanna sár-riachtanacha stáit na mBallstát, lena n‑áirítear an smacht reachta a chaomhnú agus an tslándáil inmheánach a choimirciú. Mar is minic go mbíonn an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht de chineál trasnáisiúnta, ní féidir le gníomhaíocht ar leibhéal náisiúnta amháin iad a chomhrac go héifeachtach. Sin an fáth a roghnaíonn na Ballstáit oibriú le chéile faoi chuimsiú an Aontais chun dul i ngleic leis na bagairtí a bhaineann leis an gcoireacht thromchúiseach agus leis an sceimhlitheoireacht. Féachfaidh siad lena ngníomhaíocht forfheidhmithe dlí a chomhordú agus dul i gcomhar chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin comhroinnte slándála. Cinneann siad acmhainní a chomhthiomsú ag leibhéal an Aontais agus saineolas a chomhroinnt. Mar ghníomhaireacht an Aontais um chomhar i bhforfheidhmiú an dlí, is léiriú láidir é Europol ar an iarracht seo atá ar bun ag na Ballstáit chun a gcuid saoránach a choinneáil slán ach oibriú le chéile. Soláthraíonn Europol creat do na Ballstáit chun an ghníomhaíocht forfheidhmithe dlí a chomhordú. Úsáideann na Ballstáit a n‑oifigeach idirchaidrimh ag Europol agus an cainéal malairte faisnéise a sholáthraíonn an ghníomhaireacht chun faisnéis a mhalartú agus dul i gcomhar in imscrúduithe coiriúla. Déanann na Ballstáit acmhainní a chomhthiomsú ach a chur de chúram ar Europol a bhfaisnéis a phróiseáil ina bhunachair sonraí agus anailís chomhpháirteach a sholáthar. Úsáideann siad an saineolas atá ag fás a thugann Europol le chéile ar ghnéithe éagsúla den phóilíneacht. Mar thoradh air sin, is é Europol an chuid is infheicthe agus is éifeachtaí de thacaíocht ar leibhéal an Aontais d’údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát.
Éilíonn bagairtí slándála atá ag teacht chun cinn, agus a spreagtar leis an mbealach a mbaineann coirpigh leas as na buntáistí a bhaineann leis an gclaochlú digiteach agus le teicneolaíochtaí nua, tacaíocht éifeachtach ar leibhéal an Aontais d’obair na n‑údarás náisiúnta forfheidhmithe dlí freisin. Tá difríochtaí ann ar ndóigh sa bhealach a dtugann na Ballstáit aonair, a réigiúin agus a bpobail áitiúla aghaidh ar chineálacha sonracha coireachta. Sin an fáth ar féidir lena n‑údaráis forfheidhmithe dlí a roghnú cá háit le tacaíocht ar leibhéal an Aontais a lorg ó Europol agus na comhthionscnaimh chun páirt a ghlacadh iontu. In aon chás, tá na bagairtí slándála céanna atá ag teacht chun cinn os comhair údaráis forfheidhmithe dlí ar fud na mBallstát, na réigiún agus na leibhéal áitiúil go léir. Dá réir sin, tá gá le gníomhaíocht ón Aontas chun méadú a chur ar an tacaíocht a thugtar do na Ballstáit chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac d’fhonn coinneáil suas leis na bagairtí sin.
Go deimhin, ní bheadh na Ballstáit in ann dul i ngleic go héifeachtach astu féin leis na dúshláin uile a dtugann an togra seo aghaidh orthu:
·Maidir leis an easpa comhar éifeachtach idir páirtithe príobháideacha agus údaráis forfheidhmithe dlí chun an mhí‑úsáid a bhaineann coirpigh as seirbhísí trasteorann a chomhrac, ní féidir le húdaráis náisiúnta tacair ildlínse nó neamh‑inchurtha sonraí a anailísiú go héifeachtach astu féin, toisc go bhfuil sé an‑dian ó thaobh acmhainní de tacair mhóra sonraí a chíoradh chun na sonraí atá ábhartha don dlínse nó do na dlínsí cuí a shainaithint, go háirithe nuair nár aithníodh na Ballstáit lena mbaineann fós. De rogha air sin, má fhaigheann na húdaráis náisiúnta forfheidhmithe dlí tacair níos lú sonraí atá dírithe ar a ndlínse féin, ní fhaigheann siad an léargas iomlán ar an bhfaisnéis. Ina theannta sin, ní féidir leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na fadhbanna sin trí chomhar idir-rialtasach, lena ndéanfadh Ballstát na bunaíochta na sonraí a fháil, a anailísiú agus a dháileadh ansin ar na Ballstáit lena mbaineann. Ní hamháin go mbeadh impleachtaí díréireacha acmhainní i gceist leis sin do Bhallstáit na bunaíochta, ach bheadh deacrachtaí dlí ann freisin i gcásanna mar nach bhfuil aon nasc nó mar a bhfuil nasc teoranta ag an ngníomhaíocht choiriúil le dlínse an Bhallstáit sin.
·Maidir leis an dúshlán mórshonraí d’fhorfheidhmiú an dlí, ní féidir leis na Ballstáit naisc thrasteorann den sórt sin a bhrath trí anailís a dhéanamh astu féin ar na tacair mhóra sonraí ar leibhéal náisiúnta, toisc nach bhfuil na sonraí comhfhreagracha acu maidir le coireanna eile agus coirpigh i mBallstáit eile. Thairis sin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh na huirlisí TF, an saineolas ná na hacmhainní riachtanacha ag roinnt Ballstát chun tacair mhóra chasta sonraí a anailísiú i gcónaí.
·Maidir le bearnaí sa taighde agus sa nuálaíocht atá ábhartha maidir le forfheidhmiú an dlí, níl gach Ballstát in ann leas iomlán a bhaint as na deiseanna a bhaineann le teicneolaíochtaí nua chun an choireacht agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac, ná na dúshláin a eascraíonn as an úsáid a bhaineann coirpigh agus sceimhlitheoirí as na teicneolaíochtaí sin a shárú, i bhfianaise na hinfheistíochta, na n‑acmhainní agus na scileanna a theastaíonn chuige sin.
·Maidir le teorainneacha sa chomhar i bhforfheidhmiú an dlí le tríú tíortha, d’fhéadfadh sé go mbeadh ról lárnach ag Europol sa chomhar le tríú tíortha a leathnú chun an choireacht agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus comhleanúnachas le beartais sheachtracha agus uirlisí an Aontais á áirithiú ag an am céanna.
·Maidir le coireanna a dhochraíonn leas coiteann atá ina ábhar do bheartas de chuid an Aontais, d’fhéadfadh sé go mbeadh tacaíocht de dhíth ar Bhallstát chun coireanna den sórt sin a imscrúdú go héifeachtach.
•Comhréireacht
De réir phrionsabal na comhréireachta a leagtar síos in Airteagal 5(4) CAE, is gá cineál agus déine birt ar leith a mheaitseáil leis an bhfadhb shainaitheanta. Éilíonn gach fadhb a dtugtar aghaidh uirthi sa tionscnamh reachtach seo, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, tacaíocht ar leibhéal an Aontais do na Ballstáit chun dul i ngleic go héifeachtach leis na fadhbanna seo a leanas:
·Maidir leis an easpa comhar éifeachtach idir páirtithe príobháideacha agus údaráis forfheidhmithe dlí chun na dúshláin a eascraíonn as an úsáid a bhaineann coirpigh as seirbhísí trasteorann, mar shampla, seirbhísí cumarsáide, baincéireachta nó iompair a chomhrac, is féidir dul i ngleic leis na fadhbanna sin ar bhealach níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla ar leibhéal an Aontais ná ar leibhéal náisiúnta, ach tacair ildlínse nó neamh‑inchurtha sonraí a anailísiú ar leibhéal an Aontais chun na sonraí atá ábhartha do gach Ballstát faoi seach lena mbaineann a shainaithint, agus cainéal a chruthú ar leibhéal an Aontais d’iarrataí ina bhfuil sonraí pearsanta chuig páirtithe príobháideacha.
·Maidir leis an dúshlán mórshonraí d’fhorfheidhmiú an dlí, is féidir dul i ngleic leis na fadhbanna sin ar bhealach níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla ar leibhéal an Aontais ná ar an leibhéal náisiúnta, ach cúnamh a thabhairt do na Ballstáit tacair mhóra chasta sonraí a phróiseáil chun tacú lena n‑imscrúduithe coiriúla lena mbaineann leideanna trasteorann. D’áireofaí leis sin teicnící fóiréinsice digití chun an fhaisnéis is gá a shainaithint agus naisc le coireanna agus coirpigh i mBallstáit eile a bhrath.
·Maidir le bearnaí sa taighde agus sa nuálaíocht atá ábhartha d’fhorfheidhmiú an dlí, agus i bhfianaise na n‑infheistíochtaí suntasacha teicniúla agus airgeadais a éilítear, is féidir dul i ngleic leis na fadhbanna sin ar bhealach níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla ar leibhéal an Aontais ná ar an leibhéal náisiúnta, ach sineirgí a chruthú agus barainneachtaí scála a bhaint amach. Chun go dtabharfar an breisluach is mó i dtéarmaí mhaoiniú an Aontais don taighde slándála, is gá an bhearna sa chomhordú ar riachtanais taighde agus nuálaíochta ó thaobh fhorfheidhmiú an dlí a dhúnadh. Thairis sin, bíonn an nuálaíocht agus forbairt teicneolaíochtaí nua ag brath go minic ar líon mór sonraí a bheith ar fáil, rud is féidir a bhaint amach níos fearr ar leibhéal an Aontais. Ach cur chun cinn a dhéanamh ar fhorbairt uirlisí de chuid an Aontais chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac, cuirtear san áireamh le cur chuige an Aontais i leith na nuálaíochta an ghné thrasteorann a ghabhann le cuid mhór de bhagairtí slándála an lae inniu, chomh maith leis an ngá atá le comhar trasteorann i measc údaráis forfheidhmithe dlí chun dul i ngleic leis na bagairtí sin.
·Maidir le neamhchinnteachtaí a bhaineann leis an úsáid a bhaineann Europol as sásraí chun sonraí pearsanta a mhalartú le tríú tíortha, is féidir aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar leibhéal an Aontais ar na teorainneacha i Rialachán (AE) 2016/794, a d’fhéadfadh cosc a chur ar chomhar éifeachtach le tríú tíortha.
·A mhéid a bhaineann le coireanna a dhochraíonn leas coiteann atá ina ábhar do bheartas de chuid an Aontais, d’fhéadfadh sé go mbeadh tacaíocht ar leibhéal an Aontais de dhíth chun coireanna den sórt sin a imscrúdú go héifeachtach.
Mar ghníomhaireacht an Aontais um chomhar i bhforfheidhmiú an dlí, bheadh Europol i riocht maith chun an tacaíocht sin a sholáthar ar leibhéal an Aontais. Go deimhin, tá sé cruthaithe ag Europol go bhfuil sé an‑éifeachtach maidir le tacaíocht a thabhairt d’údaráis náisiúnta forfheidhmithe dlí chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac. Léirigh an comhairliúchán a rinneadh le páirtithe leasmhara agus an measúnú tionchair á ullmhú go raibh leibhéal sástachta an‑ard ann i dtaobh Europol. Tá sineirgí agus barainneachtaí scála soiléire ann do na Ballstáit a eascraíonn, mar shampla, as próiseáil chomhpháirteach faisnéise a dhéanann Europol, nó as an saineolas a dhéanann na Lárionaid sainfheidhme a chomhthiomsú agus a thairiscint do na Ballstáit. Tá na Ballstáit ag súil leis an leibhéal céanna tacaíochta ó Europol maidir le bagairtí slándála atá ag teacht chun cinn agus tá an tacaíocht sin ag teastáil uathu ó thaobh na n‑oibríochtaí de.
Ní ghlacann comhar i bhforfheidhmiú an dlí ar leibhéal an Aontais trí Europol ionad beartas náisiúnta éagsúla maidir le slándáil inmheánach agus ní féidir leis ionad obair na n‑údarás náisiúnta forfheidhmithe dlí a ghlacadh. Ní dhéantar aon difear leis an tacaíocht seo ar leibhéal an Aontais do chórais dlí agus traidisiúin na mBallstát, mar a aithnítear sna Conarthaí.
•An rogha ionstraime
Ós rud é go leagtar amach sainordú Europol i Rialachán (AE) 2016/794, ní mó do neartú shainordú Europol a bheith i bhfoirm Rialacháin.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Chun a áirithiú go ndéantar an leas poiblí ginearálta a mheas i gceart i gcur chuige an Choimisiúin maidir le sainordú Europol a neartú, shainaithin seirbhísí an Choimisiúin páirtithe leasmhara ábhartha agus chuaigh siad i gcomhairle leo le linn an tionscnamh reachtach seo a ullmhú. Lorg seirbhísí an Choimisiúin tuairimí ó raon leathan saineolaithe ábhair, údaráis náisiúnta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus ó bhaill an phobail faoi na hionchais agus na hábhair imní a bhí acu maidir le cumais Europol a fheabhsú chun tacú leis na Ballstáit an choireacht a chosc agus a imscrúdú go héifeachtach.
Le linn an phróisis comhairliúcháin, chuir seirbhísí an Choimisiúin modhanna agus cineálacha éagsúla comhairliúcháin i bhfeidhm. Áirítear na nithe seo a leanas leo:
·an comhairliúchán ar an Measúnú ar Thionchar Tionscanta, lenar lorgaíodh tuairimí ó na páirtithe leasmhara go léir;
·comhairliúchán dírithe ar na páirtithe leasmhara trí cheistneoir;
·agallaimh le saineolaithe; agus
·ceardlanna dírithe téamacha le páirtithe leasmhara inar díríodh ar shaineolaithe ábhair, lena n‑áirítear cleachtóirí ar an leibhéal náisiúnta. Agus mionsonraí teicniúla agus sainiúlachtaí an ábhair á gcur san áireamh, dhírigh seirbhísí an Choimisiúin ar chomhairliúcháin spriocdhírithe, lenar tugadh aghaidh ar raon leathan páirtithe leasmhara ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais.
Bhí an éagsúlacht sna peirspictíochtaí luachmhar chun tacú leis an gCoimisiún a áirithiú go dtugtar aghaidh leis an tionscnamh reachtach ar riachtanais raon leathan páirtithe leasmhara agus gur cuireadh na hábhair imní atá acu san áireamh leis freisin. Thairis sin, chuir sé ar a chumas don Choimisiún sonraí, fíorais agus tuairimí is fíor-riachtanach agus is gá a bhailiú maidir le hábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht, comhleanúnachas agus breisluach AE an tionscnaimh reachtaigh seo.
Agus paindéim Covid‑19 agus na srianta lena mbaineann agus an t‑éagumas chun idirghníomhú le páirtithe leasmhara ábhartha i suíomhanna fisiceacha á gcur san áireamh, díríodh leis na gníomhaíochtaí comhairliúcháin ar roghanna malartacha is infheidhme, mar shampla, suirbhéanna ar líne, agallaimh leathstruchtúrtha teileafóin, chomh maith le cruinnithe trí fhíschomhdháil.
Tríd is tríd, tacaíonn páirtithe leasmhara le sainordú dlíthiúil Europol a neartú chun tacú leis na Ballstáit coireacht thromchúiseach agus sceimhlitheoireacht a chosc agus a chomhrac. Thacaigh na Ballstáit leis na roghanna beartais tosaíochta go sainráite i bhfóraim éagsúla na Comhairle agus i nDearbhú Airí Gnóthaí Baile an Aontais i mí Dheireadh Fómhair 2020 (‘Deich bpointe maidir le Todhchaí Europol’) freisin. Ag an am céanna, tuigeann na Ballstáit an tábhacht a bhaineann leis an gceannasacht náisiúnta i réimse an fhorfheidhmithe dlí ó thaobh oibríochtaí agus nósanna imeachta de. Thacaigh Parlaimint na hEorpa le ról láidir do Europol, agus í ag meabhrú i Rún ó Pharlaimint na hEorpa i mí Iúil 2020 “gur cheart go mbeadh dlúthbhaint idir sainordú neartaithe agus grinnscrúdú leormhaith parlaiminteach”. Meastar go n‑éileoidh Parlaimint na hEorpa bonn cirt mionsonraithe maidir lena riachtanaí atá aon chumais nua próiseála sonraí a bheadh ag Europol, chomh maith le bearta láidre coimirce maidir le cosaint sonraí. Go deimhin, léiríodh sna díospóireachtaí leis na páirtithe leasmhara go léir an tábhacht a bhaineann le coimircí iomchuí a sholáthar chun cearta bunúsacha a áirithiú, agus an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint go háirithe.
Ionchorpraíodh torthaí na ngníomhaíochtaí comhairliúcháin le linn an mheasúnaithe tionchair agus an tionscnamh reachtach a ullmhú.
•Saineolas a bhailiú agus a úsáid
Rinne an Coimisiún conradh le sainchomhairleoir seachtrach chun staidéar a dhéanamh ar an gcleachtas maidir le malairtí díreacha sonraí pearsanta idir Europol agus páirtithe príobháideacha. Rinneadh an obair ar an staidéar idir mí Mheán Fómhair 2019 agus mí Lúnasa 2020, agus bhí taighde deisce i gceist leis mar aon le comhairliúcháin le páirtithe leasmhara trí agallaimh scóipe, ceistneoirí spriocdhírithe, suirbhé, agallaimh leathstruchtúrtha, agus ceardlann a úsáid. Tá torthaí an staidéar ar fáil ar líne.
•Measúnú tionchair
I gcomhréir leis an mbeartas “Rialáil Níos Fearr”, rinne an Coimisiún measúnú tionchair.
Breithníodh roinnt roghanna reachtacha agus neamhreachtacha beartais. Tar éis réamhroghnú a dhéanamh mar ar cuireadh roinnt roghanna as an áireamh, rinneadh measúnú go mion ar na roghanna beartais seo a leanas:
(1)Roghanna beartais lena dtugtar aghaidh ar chuspóir I: comhar éifeachtach idir páirtithe príobháideacha agus údaráis forfheidhmithe dlí
·rogha beartais 1: cead a thabhairt do Europol sonraí a fhaightear go díreach ó pháirtithe príobháideacha a phróiseáil
·rogha beartais 2: cead a thabhairt do Europol sonraí pearsanta a mhalartú le páirtithe príobháideacha chun dlínse a bhunú
·rogha beartais 3: cead a thabhairt do Europol bunachair sonraí arna mbainistiú ag páirtithe príobháideacha a cheadú go díreach
(2)Roghanna beartais lena dtugtar aghaidh ar chuspóir II: tacair mhóra chasta sonraí a anailísiú d’fhonn naisc trasteorann a bhrath
·rogha beartais 4: a chur ar a chumas do Europol anailís a dhéanamh ar thacair mhóra chasta sonraí
·rogha beartais 5: catagóir nua ábhar sonraí a thabhairt isteach (daoine nach mbaineann le coir) ar féidir le Europol a sonraí a phróiseáil
(3)Roghanna beartais lena dtugtar aghaidh ar chuspóir III: teicneolaíochtaí nua a úsáid chun an dlí a fhorfheidhmiú
·rogha beartais 6: tacaíocht Europol do chlár taighde slándála an Aontais, an tsaotharlann nuálaíochta ag Europol, agus tacaíocht Europol do mhol nuálaíochta an Aontais a rialáil
·rogha beartais 7: a chur ar a chumas do Europol sonraí pearsanta a phróiseáil chun críche nuálaíochta i réimsí atá ábhartha dá thacaíocht d’fhorfheidhmiú an dlí
Ina theannta sin, rinneadh anailís in iarscríbhinní ar leithligh a ghabhann leis an measúnú tionchair ar na roghanna beartais seo a leanas lena bhfreagraítear do ghlaonna ó na comhreachtóirí ar ról Europol a threisiú agus ar rogha beartais níos lú iad mar gheall ar shrianta dlíthiúla, i bhfianaise a n‑ábharthachta agus ar mhaithe leis an iomláine:
·rogha beartais 8: a chur ar a chumas do Europol foláirimh ‘seiceáil dhiscréideach’ a eisiúint i gCóras Faisnéise Schengen
·rogha beartais 9: catagóir nua foláirimh a thabhairt isteach i gCóras Faisnéise Schengen le húsáid go heisiach ag Europol
·rogha beartais 10: athbhreithniú spriocdhírithe ar na forálacha maidir le féinmheasúnú ar leibhéal leordhóthanach na gcoimircí
·rogha beartais 11: athbhreithniú spriocdhírithe lena n‑ailínítear an fhoráil maidir le sonraí pearsanta a aistriú i gcásanna ar leith le foráil na Treorach Póilíneachta maidir le Forfheidhmiú an Dlí maidir le Cosaint Sonraí
·rogha beartais 12: dea-chleachtas agus treoir a lorg maidir le forálacha Rialachán Europol a chur i bhfeidhm
·rogha beartais 13: neartú a dhéanamh ar an sásra chun tionscnamh imscrúduithe a iarraidh
·rogha beartais 14: a chur ar a chumas do Europol tionscnamh imscrúduithe coiriúla a iarraidh i gcásanna nach ndéanann difear ach do Bhallstát amháin a bhaineann le saghsanna coireachta a dhochraíonn leas coiteann atá ina ábhar do bheartas de chuid an Aontais, gan an ceanglas go mbeadh gné thrasteorann leis an gcoir lena mbaineann
Tar éis measúnú mionsonraithe a dhéanamh ar thionchar na roghanna beartais go léir, is éard atá sa phacáiste de roghanna beartais tosaíochta rogha beartais 2, rogha beartais 4, rogha beartais 7, rogha beartais 9, rogha beartais 11, rogha beartais 12 agus rogha beartais 14. Léirítear na roghanna beartais tosaíochta sin sa tionscnamh reachtach seo.
D’fhreagrófaí go héifeachtach leis an bpacáiste de roghanna beartais tosaíochta (rogha beartais 2, rogha beartais 4 agus rogha beartais 7, rogha beartais 9, rogha beartais 11, rogha beartais 12 agus rogha beartais 14) do na fadhbanna a sainaithníodh agus thabharfaí uirlisí láidre agus cumais do Europol chun an tacaíocht a thugann sé do na Ballstáit a mhéadú chun bagairtí atá ag teacht chun cinn a chomhrac agus cearta bunúsacha á gcomhlíonadh go hiomlán.
Ó thaobh na sochaí agus an gheilleagair de, is iad na saoránaigh tairbhithe deiridh na roghanna tosaíochta go léir, agus bainfidh siad leas díreach agus indíreach as rátaí níos ísle coireachta, damáistí laghdaithe eacnamaíocha agus níos lú costas a bhaineann le slándáil. Maidir le héifeachtúlacht, is iad na príomhthairbhithe údaráis náisiúnta forfheidhmithe dlí. Ba cheart do na roghanna tosaíochta barainneachtaí suntasacha scála a chruthú ar leibhéal an Aontais, toisc go n‑aistreofar leo tascanna, ar féidir iad a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtaí ar leibhéal an Aontais, ón leibhéal náisiúnta go dtí Europol. Déantar foráil leis na roghanna beartais tosaíochta do réitigh éifeachtacha ar dhúshláin nár mhór aghaidh a thabhairt orthu ar chostais níos airde d’uireasa na roghanna, trí 27 réiteach náisiúnta aonair, nó ar dhúshláin nach bhféadfaí aghaidh a thabhairt orthu ar an leibhéal náisiúnta ar chor ar bith toisc gur dúshláin thrasnáisiúnta iad.
•Cearta bunúsacha
I bhfianaise a thábhachtaí agus atá sonraí pearsanta a phróiseáil in obair an fhorfheidhmithe dlí go ginearálta, agus sna gníomhaíochtaí tacaíochta a sholáthraíonn Europol go háirithe, dírítear leis an tionscnamh seo ar an ngá atá lena áirithiú go gcomhlíontar na cearta bunúsacha mar a chumhdaítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha go hiomlán, go háirithe an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint agus an ceart ar mheas ar an saol príobháideach.
Toisc go mbaineann na fadhbanna, na cuspóirí agus na roghanna beartais a dtugtar aghaidh orthu sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis seo beagnach ar fad le sonraí pearsanta a phróiseáil, ní mór aon teorannú a thiocfaidh as sin ar fheidhmiú an chirt bhunúsaigh maidir le sonraí pearsanta a chosaint a theorannú don mhéid is gá agus is comhréireach. D’fhéadfadh sé go ndéanfaí difear do chearta bunúsacha eile freisin, mar shampla, an ceart bunúsach ar neamh‑idirdhealú i gcomhthéacs an taighde agus na nuálaíochta. Bunaítear an breithniú críochnúil ar chearta bunúsacha sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis seo, agus ar an gceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint agus ar an gceart ar mheas ar an saol príobháideach go háirithe, ar mheasúnú mionsonraithe ar roghanna beartais i dtéarmaí a dteorainneacha ar fheidhmiú na gceart bunúsach a leagtar amach in iarscríbhinn 5 den measúnú tionchair a ghabhann leis seo.
Cuirtear i bhfeidhm leis an measúnú ar chearta bunúsacha in iarscríbhinn 5 den mheasúnú tionchair a ghabhann leis seo treoir oibríochtúil ón gCoimisiún maidir le cearta bunúsacha a chur san áireamh i measúnuithe tionchair de chuid an Choimisiúin , an lámhleabhar ón nGníomhaireacht um Chearta Bunúsacha maidir leis an gCairt um Chearta Bunúsacha a chur i bhfeidhm, agus an treoraíocht arna soláthar ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí maidir le riachtanas agus comhréireacht a mheas. Bunaithe ar an treoraíocht sin, iarscríbhinn 5 den mheasúnú tionchair a ghabhann leis seo maidir le cearta bunúsacha:
·déantar cur síos ar na roghanna beartais a cuireadh as an áireamh ag céim luath mar gheall ar an drochthionchar tromchúiseach a bheadh acu ar chearta bunúsacha;
·leagtar amach measúnú céim ar chéim ar riachtanas agus ar chomhréireacht;
·tugtar breac-chuntas ar na roghanna beartais a diúltaíodh má tá rogha ar fáil nach bhfuil chomh sáiteach ach atá chomh héifeachtach céanna; agus
·déantar foráil freisin do liosta iomlán de bhearta mionsonraithe coimirce maidir leis na roghanna beartais sin nuair is gá teorannú ar fheidhmiú na gceart bunúsach, de dheasca nach bhfuil rogha ann nach bhfuil chomh sáiteach ach atá chomh héifeachtach céanna freisin.
Thairis sin, soláthraítear i gcaibidil 8 den mheasúnú tionchair a ghabhann leis seo measúnú ar thionchar carnach na roghanna beartais tosaíochta ar chearta bunúsacha.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Bheadh tionchar ag an tionscnamh reachtach seo ar bhuiséad agus ar riachtanais foirne Europol. Meastar go mbeadh gá le buiséad breise de thart ar EUR 180 milliún agus tuairim agus 160 post breise don tréimhse iomlán CAI lena áirithiú go mbeadh na hacmhainní is gá ag Europol chun a shainordú athbhreithnithe a fhorfheidhmiú. Dá bhrí sin, d’éileofaí treisiú breise airgeadais agus foirne le cúraimí nua Europol a mholtar sa tionscnamh reachtach seo i gcomparáid leis na hacmhainní a cuireadh in áirithe sa togra ón gCoimisiún i mí na Bealtaine 2020 don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027, ina mbeartaítear le haghaidh méadú 2 % in aghaidh na bliana ar ranníocaíocht an Aontais le Europol. Tá na meastacháin sin mar aon leis an mbuiséad foriomlán agus líon na bpost faoi réir thoradh na caibidlíochta ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027. Ba cheart go ndéanfadh an ranníocaíocht sin riachtanais acmhainní Europol a chobhsú thar thréimhse an ráitis airgeadais reachtaigh. De bharr an tionscnaimh reachtaigh seo freisin, beidh na Ballstáit in ann ranníocaíocht a dhéanamh go díreach le buiséad Europol, i gcás inar gá agus mar a n‑éilítear le cúraimí atá ann cheana nó cúraimí nua.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Is trí na sásraí is infheidhme faoi Rialachán Europol atá ann cheana a dhéanfaí an faireachán agus an mheastóireacht ar shainordú treisithe Europol den chuid is mó. Foráiltear le hAirteagal 68 do mheastóireacht lena ndéantar measúnú ar thionchar, ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht Europol agus a cleachtas oibre go háirithe agus lena bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann struchtúr, oibríocht, réimse gníomhaíochta agus cúraimí Europol a mhodhnú, agus ar na himpleachtaí airgeadais a ghabhfadh le haon mhodhnú den sórt sin. De bhreis ar an meastóireacht sin, tarraingeoidh an Coimisiún sonraí tríd an ionadaíocht atá aige i gcruinnithe Bhord Bainistíochta Europol agus tríd an maoirseacht a dhéanfaidh sé, in éineacht leis na Ballstáit, ar obair Europol (Airteagal 11).
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Beartaítear na cúraimí nua seo a leanas do Europol leis an tionscnamh reachtach seo:
·A chur ar a chumas do Europol dul i gcomhar go héifeachtach le páirtithe príobháideacha: leagtar amach sa tionscnamh reachtach rialacha do Europol chun sonraí pearsanta a mhalartú le páirtithe príobháideacha agus na sonraí sin a anailísiú d’fhonn na Ballstáit uile lena mbaineann a shainaithint agus an fhaisnéis is gá a sholáthar dóibh chun a ndlínse a bhunú, agus freisin maidir le hábhar sceimhlitheoireachta ar líne. Chuige sin, ba cheart do Europol a bheith in ann sonraí pearsanta a fháil ó pháirtithe príobháideacha, na páirtithe príobháideacha sin a chur ar an eolas faoi fhaisnéis atá in easnamh, agus a iarraidh ar na Ballstáit a iarraidh ar pháirtithe príobháideacha eile tuilleadh faisnéis bhreise a roinnt. Tugann na rialacha sin isteach freisin an fhéidearthacht go ngníomhódh Europol mar chainéal teicniúil le haghaidh malartuithe idir na Ballstáit agus páirtithe príobháideacha. Freagraíonn na forais nua dhlíthiúla sin do na fadhbanna a bhíonn ag páirtithe príobháideacha agus ag údaráis forfheidhmithe dlí agus iad ag dul i gcomhar maidir le coireanna ina bhfuil an ciontóir, na híospartaigh agus an bonneagar ábhartha TF faoi níos mó ná dlínse amháin san Aontas agus níos faide i gcéin, agus chuirfí ar a chumas do Europol tacú le húdaráis forfheidhmithe dlí san idirghníomhaíocht le páirtithe príobháideacha maidir le hábhar sceimhlitheoireachta a bhaint ón idirlíon agus saincheisteanna ábhartha eile. [Airteagal 26]
·A chur ar a chumas do Europol sonraí pearsanta a mhalartú le páirtithe príobháideacha maidir le freagairt i gcás géarchéime: Leagtar amach leis an tionscnamh reachtach rialacha le haghaidh Europol chun tacú leis na Ballstáit cosc a chur ar ábhar sceimhlitheoireachta a bhaineann le fíortheagmhais atá fós sa siúl nó a tharla le déanaí ina dtaispeántar díobháil á déanamh don bheatha nó do shláine choirp, nó ina n‑iarrtar go ndéanfaí díobháil don bheatha nó do shláine choirp go luath, a scaipeadh ar mhórscála trí ardáin ar líne. Chuige sin, cuirfear ar a chumas do Europol sonraí príobháideacha a mhalartú le páirtithe príobháideacha, lena n‑áirítear haiseanna, seoltaí IP nó URLanna a bhaineann le hábhar den sórt sin. [Airteagal 26a]
·A chur ar a chumas do Europol tacair mhóra chasta sonraí a phróiseáil: Leagtar amach leis an tionscnamh reachtach rialacha le haghaidh Europol chun a fhíorú go gcomhlíonann sonraí pearsanta a fhaightear i gcomhthéacs coireanna a chosc agus a chomhrac a thagann faoi raon feidhme chuspóirí Europol na catagóirí ábhar sonraí a bhféadfadh an Ghníomhaireacht a sonraí a phróiseáil. Chuige sin, thabharfadh an tionscnamh reachtach isteach deis chun réamh-anailís a dhéanamh ar shonraí pearsanta a fhaightear chun a chinneadh cibé acu a thagann nó nach dtagann na sonraí sin faoi na catagóirí ábhar sonraí agus chun na críche sin amháin. Beartaíonn an Coimisiún na forais nua dhlíthiúla sin tar éis an anailís a rinne sé ar an gCinneadh ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí maidir le “dúshlán mórshonraí Europol”. [Airteagal 18(5a)]
·A chur ar a chumas do Europol tacú go héifeachtach le himscrúduithe coiriúla sna Ballstáit nó atá ar bun ag OIPE ach anailís a dhéanamh ar thacair mhóra chasta sonraí: Leagtar amach leis an tionscnamh reachtach rialacha nua chun a chur ar a chumas do Europol, i gcásanna a bhfuil bonn cirt leo nuair is gá tacú go héifeachtach le himscrúdú coiriúil ar leith i mBallstát nó atá ar bun ag OIPE, sonraí a fuair na húdaráis náisiúnta nó OIPE i gcomhthéacs an imscrúdaithe choiriúil sin a phróiseáil i gcomhréir le ceanglais nós imeachta agus coimircí is infheidhme faoin dlí náisiúnta coiriúil. Chuige sin, agus i gcás ina n‑iarrann Ballstát nó OIPE tacaíocht anailíseach ar Europol d’imscrúdú coiriúil ar leith, thabharfaí deis leis an tionscnamh reachtach do Europol na sonraí go léir atá i gcáschomhad imscrúdaithe a sholáthraíonn an Ballstát nó OIPE a phróiseáil le haghaidh an imscrúdaithe sin chomh fada agus a thacaíonn Europol leis an imscrúdú coiriúil ar leith sin. D’fhéadfadh sé go n‑áireofaí leis sin faisnéis arna soláthar ag tríú tír iontaofa i gcomhthéacs imscrúdú coiriúil ar leith, ar an gcoinníoll go bhfuil an fhaisnéis sin riachtanach le haghaidh thacaíocht Europol don imscrúdú coiriúil ar leith i mBallstát. Thairis sin, déantar foráil leis an tionscnamh reachtach go bhféadfadh Ballstát nó OIPE a iarraidh ar Europol an cáschomhad imscrúdaithe agus toradh na hanailíse oibríochtúla a stóráil chun fírinneacht, iontaofacht agus inrianaitheacht an phróisis faisnéise coiriúla a áirithiú agus chun na críche sin amháin, ach amháin fad is a bhíonn na himeachtaí breithiúnacha a bhaineann leis an imscrúdú coiriúil sin ar siúl i mBallstát. Beartaíonn an Coimisiún na forais nua dhlíthiúla sin tar éis an anailís a rinne sé ar an gCinneadh ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí maidir le “dúshlán mórshonraí Europol”. [Airteagal 18a]
·Ról Europol maidir le taighde agus nuálaíochta neartú: (a) Cúnamh a thabhairt don Choimisiún príomhthéamaí taighde a shainaithint, agus cláir réime an Aontais um thaighde agus um nuálaíocht atá ábhartha do chuspóirí Europol a tharraingt suas agus a chur chun feidhme. [Airteagal 4(4A)] (b) Tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit maidir le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn a úsáid chun coireanna a thagann faoi raon feidhme chuspóirí Europol a chosc agus a chomhrac, agus gníomhaíochtaí nuálacha a chur chun feidhme lena n‑áirítear sonraí pearsanta a phróiseáil i gcás inar gá. [Airteagal 33a] (c) Tacú le scagadh a dhéanamh ar infheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a bhaineann le gnóthais a sholáthraíonn teicneolaíochtaí atá in úsáid nó atá á bhforbairt ag Europol nó ag na Ballstáit chun coireanna a thagann faoi raon feidhme chuspóirí Europol a chosc agus a imscrúdú. [Airteagal 4(4b)]
·A chur ar a chumas do Europol sonraí a iontráil i gCóras Faisnéise Schengen, faoi réir comhairliúchán leis na Ballstáit, maidir le rannpháirtíocht amhrasta náisiúnaigh tríú tír i gcion a bhfuil Europol inniúil ina leith. [Airteagal 4(1)(r)]
·Comhar Europol le tríú tíortha a neartú chun coireanna a thagann faoi raon feidhme chuspóirí Europol a chosc agus a chomhrac: Déantar foráil leis an tionscnamh reachtach go bhféadfadh Stiúrthóir Feidhmiúcháin Europol catagóirí aistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tíortha a údarú i gcásanna ar leith agus ar bhonn cás ar chás, i gcás ina mbeadh gá le catagóirí aistrithe den sórt sin. Airteagal 25(5)
·Comhar Europol le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) a neartú, i gcomhréir leis na rialacha maidir le sonraí pearsanta a tharchur chuig comhlachtaí an Aontais is infheidhme maidir le Europol. [Airteagal 20a]
·Comhar Europol leis an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) a neartú, chun calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhochraíonn leasanna airgeadais an Aontais a bhrath, i gcomhréir leis na rialacha maidir le sonraí pearsanta a tharchur chuig comhlachtaí an Aontais is infheidhme maidir le Europol. [Airteagal 21(8)]
·Anailís oibríochtúil chomhpháirteach idir Europol agus na Ballstáit in imscrúduithe ar leith a chumasú. [Airteagal 20(2a)]
·Formhaoirseacht pharlaiminteach agus cuntasacht Europol a neartú tuilleadh ach oibleagáidí nua tuairiscithe le haghaidh Europol a thabhairt isteach sa Ghrúpa um Ghrinnscrúdú Parlaiminteach Comhpháirteach. [Airteagal 51]
Chun an creat cosanta sonraí is infheidhme maidir le Europol a neartú tuilleadh, déantar na nithe seo a leanas leis an tionscnamh reachtach seo:
·beartaítear go mbeidh feidhm ag Airteagal 3 ar shainmhínithe agus ag Caibidil IX de Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta oibríochtúla a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais maidir le Europol, cé go mbeidh feidhm ag caibidlí eile de Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le Europol a mhéid a bhaineann le sonraí pearsanta riaracháin. [Airteagal 27a]
·ailínítear an fhoclaíocht maidir le catagóirí speisialta sonraí pearsanta (sonraí íogaire) a phróiseáil ach sonraí bithmhéadracha a chur le liosta na gcatagóirí speisialta sonraí. [Airteagal 30]
·tugtar isteach foráil nua maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil le haghaidh taighde agus nuálaíochta chun aird chuí a thabhairt ar an ról níos láidre a bheidh ag Europol sna réimsí sin agus an tionchar a bheidh aige sin ar shonraí pearsanta a phróiseáil agus foráil a dhéanamh do choimircí breise. [Airteagal 33a]
·tugtar isteach foráil nua maidir le taifid a choimeád ar chatagóirí gníomhaíochtaí próiseála sonraí chun an cleachtas reatha a léiriú. [Airteagal 39a]
·tugtar cuntas níos mine ar ainmniú, ar phost agus ar chúraimí Oifigeach Cosanta Sonraí Europol chun tábhacht na feidhme sin a chur i dtábhacht, i gcomhréir leis an gcur chuige a glacadh le linn nuachóiriú acquis cosanta sonraí an Aontais, lenar tugadh isteach feidhm an Oifigigh Cosanta Sonraí mar chuid ríthábhachtach d’ailtireacht cosanta sonraí an Aontais. [Airteagail 41a go c]
Foráiltear leis an tionscnamh reachtach seo freisin do na soiléirithe dlíthiúla seo a leanas agus do na cúraimí atá ar Europol cheana a chódú:
·Tacaítear le haonaid speisialta idirghabhála na mBallstát trí líonra ATLAS mar ardán comhair na 38 n‑aonad speisialta idirghabhála de chuid na mBallstát agus na dtíortha lena mbaineann. [Airteagal 4(1)(h)]
·Tacaítear leis na Ballstáit ach freagairt na n‑údarás forfheidhmithe dlí ar chibearshlándáil a chomhordú. [Airteagal 4(1)(m)]
·Tacaítear leis na Ballstáit in imscrúduithe in aghaidh coirpigh ardriosca. [Airteagal 4(1)(q)]
·Tacaítear leis an sásra meastóireachta agus faireacháin le saineolas, anailís, tuarascálacha agus faisnéis eile atá ábhartha chun cur i bhfeidhm acquis Schengen mar a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle a fhíorú. [Airteagal 4(1)(s)]
·Éascaítear freagairt chomhordaithe, chomhleanúnach, ildisciplíneach agus ilghníomhaireachta ar bhagairtí tromchúiseacha coireachta agus tacaítear léi freisin tríd an Ardán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla. [Airteagal 4(2)]
·Tacaítear leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit measúnuithe éifeachtacha riosca a dhéanamh ach measúnuithe anailíse bagairtí a sholáthar dóibh a bhunaítear ar an bhfaisnéis atá ag Europol maidir le feiniméin agus treochtaí coireachta. [Airteagal 4(3)]
·Soiléirítear go bhféadfaidh foireann Europol tacaíocht oibríochtúil a sholáthar d’údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát ar an talamh in oibríochtaí agus in imscrúduithe. [Airteagal 4(5)]
·Soiléirítear go bhféadfaidh Europol freisin, i gcásanna ar leith ina measann Europol gur cheart imscrúdú coiriúil a thionscnamh, a iarraidh ar údaráis inniúla Ballstáit imscrúdú a thionscnamh, a chur i gcrích nó a chomhordú maidir le coir a dhéanann difear do leas coiteann a chumhdaíonn beartas de chuid an Aontais, gan an ceanglas go mbeadh gné thrasteorann leis an gcoir lena mbaineann. Airteagal 6(1)
·Tacaítear leis na Ballstáit an pobal a chur ar an eolas maidir le daoine aonair a bhfuiltear sa tóir orthu faoi dhlí náisiúnta i ndáil le cion coiriúil a bhfuil Europol inniúil ina leith, trí shuíomh gréasáin Europol maidir leis na héalaithigh is mó a bhfuil tóir orthu san Eoraip. [Airteagal 18(f)]
·Soiléirítear go bhféadfaidh na Ballstáit toradh na hanailíse oibríochtúla agus fóiréinsí a sholáthraíonn Europol a chur ar fáil dá n‑údaráis ábhartha, lena n‑áirítear ionchúisitheoirí agus cúirteanna coiriúla, ar feadh saolré iomlán imeachtaí coiriúla, i gcomhréir leis na srianta úsáide is infheidhme agus an dlí náisiúnta nós imeachta coiriúil. [Airteagal 20(3)]
·Soiléirítear go bhféadfaidh foireann Europol fianaise, a cuireadh in iúl dóibh le linn dóibh a bheith ag comhlíonadh a ndualgas nó ag feidhmiú a ngníomhaíochtaí, a thabhairt in imeachtaí breithiúnacha sna Ballstáit. [Airteagal 20(5)]
2020/0349 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794, a mhéid a bhaineann le comhar Europol le páirtithe príobháideacha, an phróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta chun tacú le himscrúduithe coiriúla, agus ról Europol maidir le taighde agus nuálaíocht
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 88 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Bunaíodh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) le Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun tacú agus chun treisiú le gníomhaíocht údaráis inniúla na mBallstát agus lena gcomhar frithpháirteach d'fhonn an choireacht thromchúiseach a dhéanann difear do dhá Bhallstát nó níos mó, an sceimhlitheoireacht agus saghsanna eile coireachta a dhochraíonn leas coiteann a chumhdaíonn beartas de chuid an Aontais, a chosc agus a chomhrac.
(2)An tírdhreach slándála atá os comhair na hEorpa amach, is tírdhreach í a bhíonn ag síorathrú , tráth atá bagairtí slándála ag forbairt agus ag éirí níos casta. Baineann coirpigh agus sceimhlitheoirí leas as na buntáistí a bhaineann leis an gclaochlú digiteach agus le teicneolaíochtaí nua, lena n‑áirítear idirnascacht agus doiléire na dteorainneacha idir an domhan fisiceach agus an domhan digiteach. Chuir géarchéim COVID‑19 leis sin, toisc gur thapaigh coirpigh deiseanna chun úsáid a bhaint as an ngéarchéim trí mhodhanna oibríochta a oiriúnú nó gníomhaíochtaí nua coiriúla a fhorbairt. Tá an sceimhlitheoireacht fós ina bagairt shuntasach ar shaoirse agus ar shlí mhaireachtála an Aontais agus na saoránach.
(3)Scaipeann na bagairtí sin thar theorainneacha, baineann siad le héagsúlacht coireanna a éascaíonn siad, agus tagann siad chun cinn i ngrúpaí coireachta eagraithe ilchoireachta a théann i mbun réimse leathan gníomhaíochtaí coiriúla. Toisc nach leor gníomhaíocht ar an leibhéal náisiúnta amháin chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin thrasnáisiúnta slándála sin, tá údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát tar éis úsáid níos mó a bhaint as an tacaíocht agus as an saineolas a thairgeann Europol, chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac. Ó tháinig Rialachán (AE) 2016/794 i bhfeidhm, tá athrú substaintiúil tar éis teacht ar thábhacht oibríochtúil chúraimí Europol. Athraítear leis an timpeallacht bagartha nuaí an tacaíocht ó Europol a theastaíonn ó na Ballstáit agus a bhfuil súil acu léi chun saoránaigh a choimeád slán.
(4)De réir mar a thugann an Eoraip aghaidh ar bhagairtí atá ag dul i méid ó ghrúpaí coireachta eagraithe agus ó ionsaithe sceimhlitheoireachta, ní mór don fhreagairt éifeachtach forfheidhmithe dlí a áireamh go mbeidh fáil ar aonaid idirghabhála speisialta dea-oilte idir-inoibritheacha atá speisialaithe i gcásanna géarchéime a rialú. San Aontas, téann na haonaid forfheidhmithe dlí i gcomhar ar bhonn Chinneadh 2008/617 ón gComhairle. Ba cheart do Europol a bheith in ann tacaíocht a sholáthar do na haonaid speisialta idirghabhála sin, lena n‑áirítear trí thacaíocht oibríochtúil, theicniúil agus airgeadais a sholáthar.
(5)Le blianta beaga anuas, dhírigh cibirionsaithe ar mhórscála ar eintitis phoiblí agus phríobháideacha araon thar go leor dlínsí san Aontas agus níos faide i gcéin, agus rinneadh difear d’earnálacha éagsúla lena n‑áirítear seirbhísí iompair, sláinte agus airgeadais. Ní féidir an chibearchoireacht agus an chibearshlándáil a dheighilt óna chéile i dtimpeallacht idirnasctha. Tacaítear le gníomhaíochtaí den sórt sin a chosc, a imscrúdú agus a ionchúiseamh trí chomhordú agus comhoibriú idir gníomhaithe ábhartha, lena n‑áirítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (‘ENISA’), údaráis inniúla maidir le slándáil na líonra agus córas faisnéise (‘údaráis NIS’) mar a shainítear le Treoir (AE) 2016/1148, údaráis forfheidhmithe dlí agus páirtithe príobháideacha. D’fhonn an comhar éifeachtach idir na gníomhaithe ábhartha uile ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta ar chibirionsaithe agus bagairtí slándála a áirithiú, ba cheart do Europol dul i gcomhar le ENISA ach faisnéis a mhalartú agus tacaíocht anailíseach a sholáthar.
(6)Tá ról ceannasach ag coirpigh ardriosca i líonraí coiriúla agus tá ardriosca coireachta tromchúisí do shlándáil inmheánach an Aontais ag baint leo. Chun grúpaí coireachta eagraithe ardriosca agus a bpríomhbhaill a chomhrac, ba cheart do Europol a bheith in ann tacú leis na Ballstáit chun a bhfreagairt imscrúdaithe a dhíriú ar na daoine sin, a ngníomhaíochtaí coiriúla agus baill na líonraí coiriúla a shainaithint.
(7)Na bagairtí a bhaineann leis an gcoireacht thromchúiseach, is bagairtí iad a éilíonn freagairt chomhordaithe, chomhleanúnach, ildisciplíneach agus ilghníomhaireachta. Ba cheart do Europol a bheith in ann a leithéid de thionscnaimh slándála faoi stiúir faisnéise a bhfuil na Ballstáit i gceannas orthu a éascú agus tacú leo chun bagairtí tromchúiseacha coireachta a shainaithint, a chur in ord tosaíochta agus aghaidh a thabhairt orthu, mar shampla, an tArdán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla. Ba cheart do Europol a bheith in ann tacaíocht riaracháin, lóistíochta, airgeadais agus oibríochta a sholáthar do ghníomhaíochtaí den sórt sin, agus tacaíocht a thabhairt do thosaíochtaí leathana a shainaithint agus spriocanna straitéiseacha cothrománacha a chur chun feidhme chun an choireacht thromchúiseach a chomhrac.
(8)Is uirlis riachtanach é Córas Faisnéise Schengen (CFS) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i réimse an chomhair póilíneachta agus breithiúnais i ngnóthaí coiriúla chun leibhéal ard slándála a choinneáil ar bun laistigh de réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais. Is mol é Europol le haghaidh malartú faisnéise, mol a fhaigheann faisnéis luachmhar agus a choinníonn ó thríú tíortha agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta í faoi dhaoine a bhfuil amhras ann ina leith go bhfuil siad ag gabháil do choireanna a thagann faoi raon feidhme shainordú Europol. Tar éis dó dul i gcomhairle leis na Ballstáit, ba cheart do Europol a bheith in ann sonraí faoi na daoine sin a iontráil in CFS chun iad a chur ar fáil go díreach agus i bhfíor-am d’úsáideoirí deiridh CFS.
(9)Tá ról tábhachtach ag EUROPOL maidir le tacaíocht a thabhairt don sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen mar a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle a fhíorú. I bhfianaise an ghá atá le slándáil inmheánach an Aontais a threisiú, ba cheart do Europol saineolas, anailís, tuarascálacha agus faisnéis ábhartha eile atá aige a úsáid chun cuidiú leis an bpróiseas measúnaithe agus faireachán ar fad, idir an ríomhchlárú, cuairteanna ar an láthair agus bearta leantacha. Ba cheart do Europol cabhrú freisin leis na huirlisí meastóireachta agus faireacháin a fhorbairt agus a nuashonrú.
(10)Is gné riachtanach den fhadbhreathnaitheacht iad measúnuithe riosca chun treochtaí nua a réamh‑mheas agus chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí nua maidir leis an gcoireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht. Chun tacú leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit measúnuithe éifeachtacha riosca a dhéanamh, ba cheart do Europol measúnuithe anailíse bagairtí a sholáthar a bhunaítear ar an bhfaisnéis atá aige maidir le feiniméin agus treochtaí coireachta, gan dochar d’fhorálacha dlí an Aontais maidir le bainistíocht riosca custaim.
(11)Chun cuidiú le cistiú an Aontais le haghaidh taighde faoin tslándáil a acmhainneacht ar fad a fhorbairt agus aghaidh a thabhairt ar riachtanais an fhorfheidhmithe dlí, ba cheart do Europol cúnamh a thabhairt don Choimisiún príomhthéamaí taighde a shainaithint, agus cláir réime an Aontais um thaighde agus um nuálaíocht atá ábhartha do chuspóirí Europol a tharraingt suas agus a chur chun feidhme. Nuair a thugann Europol cúnamh don Choimisiún príomhthéamaí taighde a shainaithint, agus clár réime de chuid an Aontais a tharraingt suas agus a chur chun feidhme, níor cheart dó cistiú a fháil ón gclár sin i gcomhréir leis an bprionsabal coinbhleachta leasa.
(12)Is féidir leis an Aontas agus leis na Ballstáit bearta sriantacha a bhaineann le hinfheistíocht dhíreach coigríche a ghlacadh ar fhorais na slándála nó an oird phoiblí. Chuige sin, cuirtear creat ar bun le Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh lena gcuirtear modh ar fáil do na Ballstáit agus don Choimisiún chun aghaidh a thabhairt go cuimsitheach ar rioscaí don tslándáil agus don ord poiblí. Mar chuid den mheasúnú ar na himpleachtaí a mbeifear ag súil leo don tslándáil nó don ord poiblí, ba cheart do Europol tacú le scagadh ar chásanna sonracha d’infheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a bhaineann le gnóthais a sholáthraíonn teicneolaíochtaí atá in úsáid nó atá á bhforbairt ag Europol nó ag na Ballstáit chun coireanna a chosc agus a imscrúdú.
(13)Soláthraíonn Europol saineolas speisialaithe chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac. Arna iarraidh sin ag Ballstát, ba cheart d’fhoireann Europol a bheith in ann tacaíocht oibríochtúil a sholáthar d’údaráis forfheidhmithe dlí an Bhallstáit sin ar an talamh in oibríochtaí agus in imscrúduithe, go háirithe trí mhalartú faisnéise trasteorann a éascú agus tacaíocht fhóiréinseach agus theicniúil a sholáthar in oibríochtaí agus in imscrúduithe, lena n‑áirítear i gcomhthéacs foirne comhpháirteacha imscrúdaithe. Arna iarraidh sin ag Ballstát, ba cheart d’fhoireann Europol a bheith i dteideal a bheith i láthair nuair a dhéantar bearta imscrúdaithe sa Bhallstát sin agus cuidiú leis na bearta imscrúdaitheacha sin a ghlacadh. Níor cheart go mbeadh sé de chumhacht ag foireann Europol bearta imscrúdaitheacha a dhéanamh.
(14)Ar cheann de chuspóirí Europol tá tacú agus treisiú le gníomhaíocht údaráis inniúla na mBallstát agus lena gcomhar frithpháirteach d’fhonn saghsanna coireachta a dhochraíonn leas coiteann atá ina ábhar do bheartas de chuid an Aontais a chosc agus a chomhrac. Chun an tacaíocht sin a neartú, ba cheart do Europol a bheith in ann a iarraidh ar údaráis inniúla Ballstáit imscrúdú a thionscnamh, a chur i gcrích nó a chomhordú maidir le coir a dhochraíonn leas coiteann atá ina ábhar do bheartas de chuid an Aontais, fiú nuair nach de chineál trasteorann an choir lena mbaineann. Ba cheart do Europol Eurojust a chur ar an eolas faoi iarrataí den sórt sin.
(15)Ach céannacht agus sonraí pearsanta áirithe daoine atá faoi drochamhras nó daoine ciontaithe, a bhfuiltear sa tóir orthu bunaithe ar chinneadh breithiúnach Ballstáit, a fhoilsiú, méadaítear an seans go ndéanfar daoine aonair den sórt sin a aimsiú agus a ghabháil. Chun tacú leis na Ballstáit leis an gcúram sin, ba cheart do Europol a bheith in ann faisnéis a fhoilsiú ar an suíomh gréasáin maidir leis na héalaithigh is mó a bhfuil tóir orthu san Eoraip mar gheall ar chionta coiriúla a bhfuil Europol inniúil ina leith, agus soláthar faisnéise ón bpobal i dtaca leis na daoine sin a éascú.
(16)Chun a áirithiú go dteorannaítear an phróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta do na catagóirí ábhar sonraí is féidir a phróiseáil faoin Rialachán seo, ba cheart do Europol a bheith in ann a fhíorú go gcomhfhreagraíonn sonraí pearsanta a fhaightear i gcomhthéacs coireanna a chosc agus a chomhrac a thagann faoi raon feidhme chuspóirí Europol do cheann de na catagóirí ábhar sonraí sin. Chuige sin, ba cheart do Europol a bheith in ann réamh‑anailís a dhéanamh ar shonraí pearsanta a fhaightear chun a chinneadh cibé acu a thagann nó nach dtagann na sonraí sin faoi na catagóirí ábhar sonraí sin agus chun na críche sin amháin. Chuige sin, ba cheart do Europol a bheith in ann na sonraí a scagadh ach iad a sheiceáil in aghaidh sonraí atá i seilbh Europol cheana féin. Ba cheart réamh‑anailís den sórt sin a dhéanamh sula ndéanann Europol sonraí a phróiseáil le haghaidh cros‑seiceála, anailís straitéiseach, anailís oibríochtúil nó malartú faisnéise. Má léirítear leis an réamh‑anailís nach dtagann sonraí pearsanta faoi na catagóirí ábhar sonraí a bhféadfar a sonraí a phróiseáil faoin Rialachán seo, ba cheart do Europol na sonraí sin a scriosadh.
(17)Tá na sonraí a bhailítear in imscrúduithe coiriúla ag dul i méid agus tá siad níos casta anois. Cuireann na Ballstáit tacair mhóra chasta sonraí faoi bhráid Europol, agus iarrtar anailís oibríochtúil Europol chun naisc le coireanna agus coirpigh eile i mBallstáit eile agus lasmuigh den Aontas a bhrath. Ní féidir leis na Ballstáit naisc thrasteorann den sórt sin a bhrath trí anailís a dhéanamh astu féin ar na sonraí. Ba cheart do Europol a bheith in ann tacú le himscrúduithe coiriúla na mBallstát ach tacair mhóra chasta sonraí a phróiseáil chun naisc thrasteorann den sórt sin a bhrath i gcás ina gcomhlíontar na diancheanglais a leagtar amach sa Rialachán seo. I gcás inar gá chun tacú go héifeachtach le himscrúdú coiriúil ar leith i mBallstát, ba cheart do Europol a bheith in ann próiseáil a dhéanamh ar na tacair sonraí sin a fuair údaráis náisiúnta i gcomhthéacs an imscrúdaithe choiriúil sin i gcomhréir le ceanglais nós imeachta agus coimircí is infheidhme faoin dlí náisiúnta coiriúil agus a chuirtear faoi bhráid Europol ina dhiaidh sin. I gcás ina soláthraíonn Ballstát cáschomhad imscrúdaithe do Europol agus mar a n‑iarrtar tacaíocht ar Europol i dtaobh imscrúdú coiriúil ar leith, ba cheart do Europol a bheith in ann na sonraí ar fad sa chomhad sin a phróiseáil chomh fada agus a thacaíonn sé leis an imscrúdú coiriúil ar leith sin. Ba cheart do Europol a bheith in ann próiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta is gá don tacaíocht a thugann sé d’imscrúdú coiriúil ar leith i mBallstát má thagann na sonraí sin ó thríú tír, ar choinníoll go bhfuil an tríú tír faoi réir cinneadh ón gCoimisiún lena gcinntear go n‑áirithíonn an tír leibhéal leordhóthanach cosanta sonraí (‘cinneadh leordhóthanachta’), nó, in éagmais cinneadh leordhóthanachta, comhaontú idirnáisiúnta a thugann an tAontas chun críche de bhun Airteagal 218 CFAE, nó comhaontú comhair, lena gceadaítear malartú sonraí pearsanta a thugtar chun críche idir Europol agus an tríú tír sin roimh theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/794, agus ar choinníoll go bhfuair an tríú tír na sonraí i gcomhthéacs imscrúdú coiriúil i gcomhréir leis na ceanglais nós imeachta agus na coimircí is infheidhme faoin dlí náisiúnta coiriúil.
(18)Chun a áirithiú go bhfuil aon phróiseáil a dhéantar ar shonraí riachtanach agus comhréireach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíontar an dlí náisiúnta agus dlí an Aontais nuair a chuireann siad cáschomhad imscrúdaithe faoi bhráid Europol. Ba cheart do Europol a fhíorú, chun tacú le himscrúdú coiriúil ar leith, cibé acu is gá agus is comhréireach nó nach gá agus nach comhréireach sonraí pearsanta a phróiseáil a d’fhéadfadh sé nach dtiocfaidís faoi na catagóirí ábhar sonraí a bhféadtar a sonraí a phróiseáil go ginearálta faoi Iarscríbhinn II de Rialachán (AE) 2016/794. Ba cheart do Europol an measúnú sin a dhoiciméadú. Ba cheart do Europol sonraí den sórt sin a stóráil deighilte go feidhmiúil ó shonraí eile agus níor cheart iad a phróiseáil ach i gcás inar gá don tacaíocht d’imscrúdú coiriúil ar leith, mar shampla i gcás leide nua.
(19)Chun a áirithiú gur féidir le Ballstát tuarascálacha Europol a úsáid mar chuid d’imeachtaí breithiúnacha tar éis imscrúdú coiriúil, ba cheart do Europol a bheith in ann an cáschomhad imscrúdaithe lena mbaineann a stóráil arna iarraidh sin ag an mBallstát sin chun críche fírinneacht, iontaofacht agus inrianaitheacht phróiseas na faisnéise coiriúla a áirithiú. Ba cheart do Europol sonraí den sórt sin a stóráil ar leithligh ach amháin fad is a bhíonn na himeachtaí breithiúnacha a bhaineann leis an imscrúdú coiriúil sin ar siúl sa Bhallstát. Is gá rochtain údarás inniúil breithiúnach a áirithiú chomh maith leis na cearta chun cosanta, go háirithe ceart daoine atá faoi drochamhras nó daoine cúisithe nó a ndlíodóirí rochtain a fháil ar ábhair an cháis.
(20)Éilítear dlúthchomhar idir údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát lena mbaineann i gcásanna trasteorann a bhfuil an choireacht thromchúiseach nó an sceimhlitheoireacht i gceist leo. Soláthraíonn Europol uirlisí chun tacú le comhar den sórt sin in imscrúduithe, go háirithe tríd an malartú faisnéise. Chun an comhar sin a fheabhsú tuilleadh in imscrúduithe ar leith trí anailís oibríochtúil chomhpháirteach, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann ligean do Bhallstáit eile an fhaisnéis a thug siad do Europol a rochtain go díreach, gan dochar d'aon srianta a chuireann siad ar an rochtain ar an bhfaisnéis sin. Ba cheart aon phróiseáil a dhéanann na Ballstáit ar shonraí pearsanta in anailís oibríochtúil chomhpháirteach a dhéanamh i gcomhréir leis na rialacha agus na coimircí a leagtar amach sa Rialachán seo.
(21)Soláthraíonn Europol tacaíocht oibríochtúil d’imscrúduithe coiriúla údaráis inniúla na mBallstát, go háirithe trí anailís oibríochtúil agus fhóiréinseach a sholáthar. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann torthaí na ngníomhaíochtaí sin a chur ar fáil dá n‑údaráis ábhartha eile, lena n‑áirítear ionchúisitheoirí agus cúirteanna coiriúla, ar feadh shaolré foriomlán imeachtaí coiriúla]. Chuige sin, ba cheart a chur ar a gcumas d’fhoireann Europol fianaise, a cuireadh in iúl dóibh le linn dóibh a bheith ag comhlíonadh a ndualgas nó ag feidhmiú a ngníomhaíochtaí, a thabhairt in imeachtaí breithiúnacha, gan dochar do na srianta úsáide is infheidhme agus an dlí náisiúnta nós imeachta coiriúil.
(22)Ba cheart do Europol agus d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) a cuireadh ar bun le Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle, socruithe riachtanacha a chur i bhfeidhm chun a gcomhar oibríochtúil a bharrfheabhsú, agus a gcúraimí agus a gcuid sainorduithe féin á gcur san áireamh. Ba cheart do Europol oibriú i ndlúthchomhar le OIPE agus tacú go gníomhach le himscrúduithe agus le hionchúisimh OIPE arna iarraidh sin dó, lena n‑áirítear trí thacaíocht anailíseach a sholáthar agus faisnéis ábhartha a mhalartú, agus ba cheart do Europol dul i gcomhar leis, ón nóiméad a thuairiscítear cion amhrasta do OIPE go dtí an nóiméad a chinneann sé cibé acu ba cheart an cás a ionchúiseamh nó a dhiúscairt ar bhealach eile. Ba cheart do Europol, gan moill mhíchuí, aon iompar coiriúil a chur in iúl do OIPE a mbeadh OIPE in ann a inniúlacht a fheidhmiú ina leith. Chun comhar oibríochtúil idir Europol agus OIPE a fheabhsú, ba cheart do Europol é a chur ar a chumas do OIPE, ar bhonn córas “amas a fháil/gan amas a fháil”, rochtain a fháil ar shonraí atá ag Europol, i gcomhréir leis na coimircí agus na ráthaíochtaí cosanta dlí dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Ba cheart go mbeadh feidhm ag na rialacha maidir le tarchur chuig comhlachtaí an Aontais a leagtar amach sa Rialachán seo maidir le comhar Europol le OIPE. Ba cheart do Europol a bheith in ann tacú le imscrúduithe coiriúla a dhéanann OIPE ach anailís a dhéanamh ar thacair mhóra chasta sonraí.
(23)Ba cheart do Europol oibriú i ndlúthchomhar leis an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise chun calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhochraíonn leasanna airgeadais an Aontais a bhrath. Chuige sin, ba cheart do Europol aon fhaisnéis a bhféadfadh OLAF a inniúlacht a fheidhmiú ina leith a tharchur chuig OLAF gan mhoill. Ba cheart go mbeadh feidhm ag na rialacha maidir le tarchur chuig comhlachtaí an Aontais a leagtar amach sa Rialachán seo maidir le comhar Europol le OLAF.
(24)Is minic go mbíonn naisc thar chríoch an Aontais ag an gcoireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht. Is féidir le Europol sonraí pearsanta a mhalartú le tríú tíortha ach cosaint príobháideachais agus cearta agus saoirsí bunúsacha na n‑ábhar sonraí a chosaint. Chun treisiú a dhéanamh ar an gcomhar le tríú tíortha maidir le coireanna a thagann faoi raon feidhme chuspóirí Europol a chosc agus a chomhrac, ba cheart ligean do Stiúrthóir Feidhmiúcháin Europol catagóirí aistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tíortha a údarú i gcásanna ar leith agus ar bhonn cás ar chás, i gcás ina mbeadh gá le grúpa aistrithe den sórt sin a bhaineann le cás sonrach agus ina gcomhlíonann siad ceanglais uile an Rialacháin seo.
(25)Chun tacú leis na Ballstáit dul i gcomhar le páirtithe príobháideacha a sholáthraíonn seirbhísí trasteorann i gcás ina bhfuil faisnéis atá ábhartha chun an choireacht a chosc agus a chomhrac ag na páirtithe príobháideacha sin, ba cheart do Europol a bheith in ann sonraí pearsanta a fháil, agus in imthosca sonracha, sonraí pearsanta a mhalartú le páirtithe príobháideacha.
(26)Baineann coirpigh úsáid níos mó agus níos mó as seirbhísí trasteorann páirtithe príobháideacha chun cumarsáid agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha a dhéanamh. Baineann ciontóirí gnéis mí‑úsáid as leanaí agus roinneann siad pictiúir agus físeáin ar fud an domhain ach ardáin ar líne ar an idirlíon a úsáid. Baineann sceimhlitheoirí mí‑úsáid as seirbhísí trasteorann a thairgeann soláthraithe seirbhíse ar líne chun saorálaithe a earcú, ionsaithe a phleanáil agus a chomhordú, agus bolscaireacht a scaipeadh. Déanann cibearchoirpigh brabús as digitiú na sochaithe ach úsáid a bhaint as an bhfioscaireacht agus as an innealtóireacht shóisialta chun cineálacha eile cibearchoireachta a dhéanamh, mar shampla camscéimeanna ar líne, ionsaithe bogearraí éirice nó calaois íocaíochta. Mar thoradh ar an úsáid mhéadaithe a bhaineann coirpigh as seirbhísí ar líne, tá líon na sonraí pearsanta atá ag páirtithe príobháideacha a d’fhéadfadh a bheith ábhartha d’imscrúduithe coiriúla ag dul i méid.
(27)I bhfianaise go bhfeidhmíonn an t‑idirlíon beag beann ar theorainneacha, is minic is féidir na seirbhísí sin a sholáthar ó áit ar bith ar domhan. Mar thoradh air sin, d’fhéadfadh íospartaigh, déantóirí coire, agus an bonneagar digiteach ina stóráiltear na sonraí pearsanta agus an soláthraí seirbhíse a sholáthraíonn an tseirbhís go léir a bheith faoi réir dlínsí náisiúnta éagsúla, laistigh den Aontas agus níos faide i gcéin. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh tacair sonraí ag páirtithe príobháideacha atá ábhartha maidir le forfheidhmiú an dlí agus ina bhfuil sonraí pearsanta a bhfuil naisc acu le roinnt dlínsí chomh maith le sonraí pearsanta nach féidir a chur i leith aon dlínse ar leith go héasca. Bíonn sé deacair ar údaráis náisiúnta anailís éifeachtach a dhéanamh ar thacair ildlínse nó neamh‑inchurtha sonraí den sórt sin trí réitigh náisiúnta. Nuair a chinneann páirtithe príobháideacha na sonraí a roinnt go dleathach agus go deonach le húdaráis forfheidhmithe dlí, níl aon phointe teagmhála amháin acu faoi láthair lenar féidir leo tacair sonraí den sórt sin a roinnt ar leibhéal an Aontais. Thairis sin, bíonn deacrachtaí ag páirtithe príobháideacha nuair a fhaigheann siad iarrataí iolracha ó údaráis forfheidhmithe dlí i dtíortha éagsúla.
(28)Chun a áirithiú go bhfuil pointe teagmhála ag páirtithe príobháideacha ar leibhéal an Aontais chun tacair sonraí ildlínse nó tacair sonraí nach bhféadfaí a chur go héasca i leith dlínse sonrach amháin nó roinnt dlínsí sonracha a roinnt go dleathach, ba cheart do Europol a bheith in ann sonraí pearsanta a fháil go díreach ó phríobháideach páirtithe.
(29)Chun a áirithiú go bhfaigheann na Ballstáit an fhaisnéis ábhartha is gá go tapa chun imscrúduithe a thionscnamh lena ndéantar an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chosc agus a chomhrac, ba cheart do Europol a bheith in ann tacair sonraí den sórt sin a phróiseáil agus a anailísiú chun na Ballstáit ábhartha a shainaithint agus an fhaisnéis agus an anailís is gá chun na coireanna sin a imscrúdú faoina ndlínsí féin a chur ar aghaidh chuig na húdaráis náisiúnta forfheidhmithe dlí lena mbaineann.
(30)Chun a áirithiú gur féidir leis na húdaráis náisiúnta forfheidhmithe dlí ábhartha uile a shainaithint, ba cheart do Europol a bheith in ann páirtithe príobháideacha a chur ar an eolas nuair nach leor an fhaisnéis a fhaightear uathu chun é a chur ar a chumas do Europol na húdaráis forfheidhmithe dlí lena mbaineann a shainaithint. Chuirfeadh sé sin ar a gcumas do pháirtithe príobháideacha a roinn faisnéis le Europol cinneadh a dhéanamh cibé acu atá nó nach bhfuil sé chun a leasa féin faisnéis bhreise a roinnt le Europol agus cibé acu is féidir nó nach féidir leo déanamh amhlaidh go dleathach. Chuige sin, is féidir le Europol páirtithe príobháideacha a chur ar an eolas faoi fhaisnéis atá in easnamh, a mhéid is gá sin chun na húdaráis forfheidhmithe dlí ábhartha a shainaithint. Ba cheart go mbeadh feidhm ag coimircí speisialta maidir le haistrithe den sórt sin go háirithe mura bhfuil an páirtí príobháideach lena mbaineann bunaithe laistigh den Aontas ná i dtríú tír a bhfuil comhaontú comhair ag Europol léi lena gceadófar malartú sonraí pearsanta, nó a bhfuil comhaontú idirnáisiúnta tugtha chun críche ag an Aontas léi de bhun Airteagal 218 CFAE lena bhforáiltear do choimircí iomchuí, nó atá faoi réir cinneadh leordhóthanachta ón gCoimisiún, lena gcinntear go n‑áirithíonn an tríú tír lena mbaineann leibhéal leordhóthanach cosanta sonraí.
(31)Féadfaidh na Ballstáit, tríú tíortha, eagraíochtaí idirnáisiúnta, lena n‑áirítear Eagraíocht Idirnáisiúnta na bPóilíní Coireachta (Interpol), nó páirtithe príobháideacha tacair sonraí ildlínse nó tacair sonraí nach féidir a chur i leith dlínse sonrach amháin nó roinnt dlínsí sonracha a roinnt le Europol, i gcás ina bhfuil naisc le sonraí pearsanta atá ag páirtithe príobháideacha sna tacair sonraí sin. Nuair is gá faisnéis bhreise a fháil ó pháirtithe príobháideacha den sórt sin chun na Ballstáit ábhartha uile lena mbaineann a shainaithint, ba cheart do Europol a bheith in ann a iarraidh ar na Ballstáit, trína n‑aonaid náisiúnta, a iarraidh ar pháirtithe príobháideacha atá bunaithe nó a bhfuil ionadaí dlíthiúil acu ar a gcríoch sonraí pearsanta a roinnt le Europol i gcomhréir le dlíthe is infheidhme na mBallstát sin. In a lán cásanna, d’fhéadfadh sé nach mbeadh na Ballstáit sin in ann nasc a bhunú lena ndlínse seachas go bhfuil an páirtí príobháideach ag a bhfuil na sonraí ábhartha bunaithe faoina ndlínse. Beag beann ar a ndlínse maidir leis an ngníomhaíocht shonrach choiriúil faoi réir na hiarrata, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, dá bhrí sin, gur féidir leis na húdaráis náisiúnta inniúla sonraí pearsanta a fháil ó pháirtithe príobháideacha chun críche an fhaisnéis is gá a sholáthar do Europol atá riachtanach chun a chuid cuspóirí a chomhlíonadh, i gcomhréir iomlán le ráthaíochtaí nós imeachta faoin dlí náisiúnta.
(32)Chun a áirithiú nach gcoimeádann Europol na sonraí níos faide ná mar is gá chun na Ballstáit lena mbaineann a shainaithint, ba cheart go mbeadh feidhm ag teorainneacha ama maidir leis an stóráil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta. A luaithe a bheidh gach bealach atá ar fáil do Europol chun na Ballstáit uile lena mbaineann a shainaithint úsáidte aige, agus nach féidir a bheith ag súil leis go réasúnach go n‑aithneofar Ballstáit eile lena mbaineann, ní gá agus ní comhréireach a thuilleadh na sonraí pearsanta sin a stóráil chun na Ballstáit lena mbaineann a shainaithint. Ba cheart do Europol na sonraí pearsanta a scriosadh laistigh de 4 mhí tar éis an tarchur deireanach a dhéanamh, ach amháin má chuireann aonad náisiúnta, pointe teagmhála nó údarás lena mbaineann na sonraí pearsanta isteach arís mar a sonraí chuig Europol laistigh den tréimhse sin. Má bhí na sonraí pearsanta a chuirtear isteach arís mar chuid de thacar níos mó sonraí pearsanta, níor cheart do Europol na sonraí pearsanta a choimeád ach amháin má chuir, agus a mhéid a chuir, aonad náisiúnta, pointe teagmhála nó údarás lena mbaineann isteach iad.
(33)Níor cheart go ndéanfadh aon chomhar idir Europol agus páirtithe príobháideacha gníomhaíochtaí na nAonad um Fhaisnéis Airgeadais (‘AFAnna’) a dhúbailt ná cur isteach orthu, agus níor cheart go mbainfeadh sé ach le faisnéis nach bhfuil le soláthar cheana do AFAnna i gcomhréir le Treoir 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ba cheart do Europol leanúint den chomhar le AFAnna go háirithe trí na haonaid náisiúnta.
(34)Ba cheart do Europol a bheith in ann an tacaíocht is gá a sholáthar d’údaráis náisiúnta forfheidhmithe dlí chun idirghníomhú le páirtithe príobháideacha, go háirithe tríd an mbonneagar is gá a sholáthar le haghaidh idirghníomhaíocht den sórt sin, mar shampla, nuair a tharchuireann údaráis náisiúnta ábhar sceimhlitheoireachta ar líne chuig soláthraithe seirbhíse ar líne nó nuair a mhalartaíonn siad faisnéis le páirtithe príobháideacha i gcomhthéacs cibirionsaithe. Mar a n‑úsáideann na Ballstáit bonneagar Europol le malartú a dhéanamh ar shonraí pearsanta a bhaineann le coireanna atá lasmuigh de raon feidhme chuspóirí Europol, níor cheart go mbeadh rochtain ag Europol ar na sonraí sin.
(35)Tionscnaítear le hionsaithe sceimhlitheoireachta scaipeadh mórscála trí ardáin ar líne d’ábhar sceimhlitheoireachta ina dtaispeántar díobháil á déanamh don bheatha nó do shláine choirp, nó ina n‑iarrtar go ndéanfaí díobháil don bheatha nó do shláine choirp go luath. Chun a áirithiú gur féidir leis na Ballstáit cosc a chur le hábhar den sórt sin a scaipeadh i gcomhthéacs cásanna éigeandála den sórt sin a eascraíonn as fíortheagmhais atá fós sa siúl nó a tharla le déanaí, ba cheart do Europol a bheith in ann sonraí pearsanta a mhalartú le páirtithe príobháideacha, lena n‑áirítear haiseanna, seoltaí IP agus URLanna a bhaineann le hábhar den sórt sin, atá riachtanach chun tacú leis na Ballstáit cosc a chur ar an ábhar a scaipeadh, go háirithe nuair is é is aidhm nó is éifeacht don ábhar daonra a imeaglú go tromchúiseach, agus nuair atá féidearthacht réamh‑mheasta ann le haghaidh iolrú easpónantúil agus mearscaipeadh ar fud roinnt soláthraithe seirbhíse ar líne.
(36)Leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle rialacha maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais ach ní raibh feidhm aige maidir le Europol. Chun cosaint aonfhoirmeach chomhsheasmhach daoine nádúrtha a áirithiú maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil, ba cheart Rialachán (AE) 2018/1725 a chur i bhfeidhm maidir le Europol i gcomhréir le hAirteagal 2(2) den Rialachán sin, agus ba cheart é a chomhlánú le forálacha sonracha maidir leis na hoibríochtaí sonracha próiseála ba cheart do Europol a dhéanamh chun a chúraimí a chur i gcrích.
(37)I bhfianaise na ndúshlán a eascraíonn as an úsáid a bhaineann coirpigh as teicneolaíochtaí nua do shlándáil an Aontais, éilítear ar údaráis forfheidhmithe dlí a inniúlachtaí teicneolaíochta a neartú. Chuige sin, ba cheart do Europol tacú leis na Ballstáit maidir le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn a úsáid chun coireanna a thagann faoi raon feidhme chuspóirí Europol a chosc agus a chomhrac. D’fhonn cineálacha cur chuige nua a fhiosrú agus réitigh theicneolaíochta choiteanna a fhorbairt do na Ballstáit chun coireanna a thagann faoi chuimsiú chuspóirí Europol a chosc agus a chomhrac, ba cheart do Europol a bheith in ann gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a chur chun feidhme maidir le gnóthaí atá cumhdaithe ag an Rialachán seo, lena n‑áirítear sonraí pearsanta a phróiseáil i gcás inar gá agus meas iomlán ar chearta bunúsacha á áirithiú ag an am céanna. Níor cheart go nglacfaí leis na forálacha le haghaidh uirlisí nua a fhorbairt ag Europol mar bhunús dlí chun iad a imscaradh ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta.
(38)Ba cheart go mbeadh príomhról ag Europol maidir cuidiú leis na Ballstáit chun réitigh theicneolaíochta nua a fhorbairt bunaithe ar intleacht shaorga, rud a bheadh chun leasa na n‑údarás forfheidhmithe dlí náisiúnta ar fud an Aontais. Ba cheart go mbeadh príomhról ag Europol maidir le hintleacht shaorga a chur chun cinn atá eiticiúil, iontaofa agus dírithe ar an duine agus atá faoi réir ag cosaintí i dtéarmaí slándála, sábháilteachta agus ceart bunúsach.
(39)Ba cheart do Europol an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a chur ar an eolas sula seolann sé na tionscadail taighde agus nuálaíochta dá chuid lena mbaineann próiseáil sonraí pearsanta. Maidir le gach tionscadal agus roimh an bpróiseáil, ba cheart do Europol measúnú a dhéanamh ar thionchar na n‑oibríochtaí próiseála atá réamh‑mheasta ar chosaint sonraí pearsanta agus ar chearta bunúsacha eile, lena n‑áirítear aon chlaonadh sa toradh. Ba cheart go mbeadh measúnú san áireamh leis sin ar oiriúnacht na sonraí pearsanta atá le próiseáil le haghaidh shainchuspóir an tionscadail. Lena leithéid de mheasúnú dhéanfaí ról maoirseachta an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí a éascú, lena n‑áirítear cur i bhfeidhm na gcumhachtaí ceartaitheacha dá chuid faoin Rialachán seo a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le cosc ar phróiseáil freisin. Ba cheart go mbeadh forbairt uirlisí nua ag Europol gan dochar don bhunús dlí, lena n‑áirítear an bonn le haghaidh na sonraí pearsanta atá i gceist a phróiseáil, a bheadh de dhíth ina dhiaidh sin chun iad a imscaradh ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta.
(40)D’fhonn uirlisí breise agus cumais bhreise a sholáthar do Europol ní mór maoirseacht dhaonlathach agus cuntasacht Europol a threisiú. Is ionann grinnscrúdú comhpháirteach parlaiminteach agus gné thábhachtach den fhaireachán polaitiúil ar ghníomhaíochtaí Europol. D’fhonn faireachán polaitiúil éifeachtach a chumasú ar an mbealach a gcuireann Europol uirlisí breise agus cumais bhreise i bhfeidhm, ba cheart do Europol faisnéis bhliantúil a sholáthar do Chomh‑ghrúpa Grinnscrúdaithe na Parlaiminte maidir le húsáid na n‑uirlisí agus na gcumas sin agus na torthaí lena mbaineann.
(41)Cuireann seirbhísí Europol breisluach ar fáil do na Ballstáit agus do thríú tíortha. Áirítear leis sin na Ballstáit nach mbíonn rannpháirteach i mbearta de bhun Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Is féidir leis na Ballstáit agus le tríú tíortha cur le buiséad Europol bunaithe ar chomhaontuithe ar leith. Dá bhrí sin ba cheart go mbeadh Europol in ann ranníocaíochtaí a fháil ó na Ballstáit agus ó thríú tíortha ar bhonn na gcomhaontuithe airgeadais faoi chuimsiú na gcuspóirí agus na gcúraimí dá chuid.
(42)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, is é sin tacú agus treisiú le gníomhaíocht sheirbhísí forfheidhmithe dlí na mBallstát agus a gcomhar frithpháirteach maidir le coireacht thromchúiseach a théann i bhfeidhm ar dhá Bhallstát nó níos mó a chosc agus a chomhrac, mar aon le sceimhlitheoireacht agus cineálacha coireachta a dhochraíonn comhleas atá clúdaithe ag beartas an Aontais, a ghnóthú go leordhóthanach mar gheall ar ghné thrasteorann na coireachta tromchúisí agus na sceimhlitheoireachta agus an gá le freagairt chomhordaithe do bhagairtí slándála gaolmhara, agus gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.
(43)[I gcomhréir le hAirteagal 3 den Phrótacal (Uimh. 21) maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá fógra tugtha ag Éirinn gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.] NÓ [I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.]
(44)I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.
(45)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, i gcomhréir le hAirteagal 41(2) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus thug sé tuairim an [...].
(46)Leis an Rialachán seo tugtar aird ar na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail atá aitheanta go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint agus an ceart chun príobháideachta mar a chosnaítear le hAirteagail 8 agus 7 den Chairt, chomh maith le hAirteagal 16 CFAE. I bhfianaise a thábhachtaí agus atá sonraí pearsanta a phróiseáil in obair an fhorfheidhmithe dlí go ginearálta, agus sa tacaíocht a sholáthraíonn Europol go háirithe, tá cosaintí éifeachtacha san áireamh leis an Rialachán seo chun a chinntiú go gcomhlíontar go hiomlán cearta bunúsacha de réir mar atá cumhdaithe sa Chairt um Chearta Bunúsacha. Tá aon phróiseáil ar shonraí pearsanta faoin Rialachán seo teoranta do mhéid atá riachtanach agus comhréireach go docht, agus faoi réir coinníollacha soiléire, ceanglais dhochta agus maoirseacht éifeachtach ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.
(47)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2016/794 a leasú dá réir sin,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) 2016/794 mar a leanas:
(1)
Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
(a) scriostar pointí (h) go (k) agus pointí (m), (n) agus (o);
(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (p):
“(p)
ciallaíonn ‘sonraí pearsanta riaracháin’ na sonraí pearsanta go léir a phróiseálann Europol seachas sonraí oibríochtúla;”;
(c) cuirtear pointe (q) seo a leanas leis:
“(q)
ciallaíonn ‘cáschomhad imscrúdaitheach’ tacar sonraí nó tacair sonraí iomadúla a fuair Ballstát, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) nó tríú tír i gcomhthéacs imscrúdú coiriúil leanúnach, i gcomhréir le riachtanais agus cosaintí nós imeachta faoin dlí coiriúil náisiúnta infheidhme, agus a chuirtear faoi bhráid Europol mar thaca leis an imscrúdú coiriúil sin.”
(2)
Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:
(a) leasaítear mír 1 mar a leanas:
(i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):
“(h)
tacú le gníomhaíochtaí malartaithe faisnéise trasteorann, oibríochtaí trasteorann agus imscrúduithe trasteorann na mBallstát, agus le foirne imscrúdaithe comhpháirteacha agus le haonaid idirghabhála speisialta chomh maith, lena n‑áirítear trí thacaíocht oibríochtúil, theicniúil agus airgeadais a sholáthar;”;
(ii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (j):
“(j)
comhoibriú leis na comhlachtaí Aontais a bunaíodh ar bhonn Theideal V CFAE agus le OLAF agus le GESLF, go háirithe trí mhalartuithe faisnéise agus trí thacaíocht anailíseach sna réimsí a thagann laistigh dá n‑inniúlacht a chur ar fáil dóibh;”;
(iii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (m):
“(m)
tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát d'fhonn na saghsanna coireachta a liostaítear in Iarscríbhinn I a chosc agus a chomhrac, ar coireanna iad a éascaítear, a chuirtear chun cinn nó a dhéantar trí úsáid a bhaint as an idirlíon, lena n‑áirítear, i gcomhar leis na Ballstáit, freagairt na n‑údarás forfheidhmithe dlí a chomhordú do chibirionsaithe, ábhar sceimhlitheoireachta ar líne a bhaint agus ábhar ar an idirlíon a atreorú, lena n‑éascaítear, lena gcuirtear chun cinn nó lena ndéantar na saghsanna sin coireachta, chuig na soláthróirí seirbhísí ar líne lena mbaineann chun go ndéanfaidh siad iad a mheas, go deonach, maidir le comhoiriúnacht an ábhair ar an idirlíon a chuirtear ar aghaidh chucu lena dtéarmaí agus lena gcoinníollacha féin;”;
(iv) cuirtear pointí (q) agus (r) seo a leanas leis:
“(q)
tacú leis na Ballstáit daoine a shainaithint arb ionann a rannpháirteachas i gcoireanna atá faoi chuimsiú shainchúram Europol, de réir mar a liostaítear in Iarscríbhinn I, agus ardriosca slándála, agus imscrúduithe comhpháirteacha, comhordaithe agus tosaíochta a éascú;
(r)
sonraí a chur isteach i gCóras Faisnéise Schengen, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán seo, agus faoi údarú ó Stiúrthóir Feidhmiúcháin Europol, maidir le rannpháirteachas amhrasta náisiúnaigh ó thríú tír i gcoir a bhfuil inniúlacht ag Europol ina leith agus ar a bhfuil sé eolach ar bhonn na faisnéise a fhaightear ó thríú tíortha nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta laistigh de chiall Airteagal 17(1)(b);
(s)
tacaíocht a sholáthar do chur i bhfeidhm an tsásra measúnaithe agus faireacháin faoi Rialachán (AE) Uimh 1053/2013 faoi chuimsiú chuspóirí Europol de réir mar a leagtar amach in Airteagal 3;
(t)
faireachán réamhghníomhach a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta agus páirt a ghlacadh iontu atá ábhartha do bhaint amach na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3, tacú le gníomhaíochtaí gaolmhara na mBallstát, agus na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta dá chuid a chur i bhfeidhm maidir le gnóthaí a chumhdaítear ag an Rialachán seo, lena n‑áirítear forbairt, oiliúint, tástáil agus bailíochtú algartam le haghaidh uirlisí a fhorbairt.
(u)
tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát chun scaipeadh ábhair ar líne a bhaineann le sceimhlitheoireacht nó le hantoisceachas foréigneach i gcásanna éigeandála a chosc, a eascraíonn as teagmhas leanúnach nó úrnua sa saol réadúil, lena léirítear díobháil don bheatha nó do shláine fhisiceach nó lena n‑iarrtar díobháil don bheatha nó do shláine fhisiceach go luath, nó atá dírithe ar imeagla thromchúiseach a chur ar an daonra nó a bhfuil an éifeacht sin aige, agus nuair atá poitéinseal réamh‑mheasta ann le haghaidh iolrú agus cúrsaíocht víreasach easpónantúil ar fud soláthraithe seirbhíse ar líne iolracha.
_____________
* Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus breithiúnais i ngnóthaí coiriúla, lena leasaítear Cinneadh 2007/533/JHA ón gComhairle, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (IO L 312, 7.12.2018, lch. 56).”;
(b) i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:
“Cuideoidh Europol freisin leis na tosaíochtaí sin a chur chun feidhme go hoibríochtúil, go suntasach ar an Ardán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla, lena n‑áirítear trí thacaíocht riaracháin, lóistíochtúil, airgeadais agus oibríochtúil a éascú agus a sholáthar do ghníomhaíochtaí oibríochtúla agus straitéiseacha a stiúrann na Ballstáit.”;
(c) i mír 3, cuirtear an abairt seo a leanas léi:
“Soláthróidh Europol anailís um measúnú bagairtí freisin chun tacú leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit measúnuithe riosca a dhéanamh.”;
(d) cuirtear mír 4a agus mír 4b seo a leanas isteach:
“4a.
Cuideoidh Europol leis an gCoimisiún chun príomhthéamaí taighde a shainaithint, agus cláir réime an Aontais um ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta atá ábhartha do na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach a tharraingt suas agus a chur chun feidhme. Nuair a chuidíonn Europol leis an gCoimisiún chun príomhthéamaí taighde a shainaithint, agus clár réime an Aontais a tharraingt suas agus a chur chun feidhme, ní bhfaighidh an Ghníomhaireacht maoiniú ón gclár sin.
4b.
Tacóidh Europol le cásanna sainiúla d’infheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontais a scagadh faoi Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* a bhaineann le gnóthais a sholáthraíonn teicneolaíochtaí atá in úsáid nó atá á bhforbairt ag Europol nó ag na Ballstáit chun coireanna a chosc agus a imscrúdú a chumhdaítear ag Airteagal 3 maidir leis na himpleachtaí do shlándáil lena bhfuiltear ag súil.
____________
* Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena gcuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh (IO L 79I , 21.3.2019, lch. 1).”
(e) i mír 5, cuirtear an abairt seo a leanas léi:
“Féadfaidh foireann Europol cuidiú le húdaráis inniúla na mBallstát, arna iarraidh sin dóibh agus i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, chun bearta imscrúdaitheacha a dhéanamh.”
(3)
in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
“1.
I gcásanna ar leith ina measann Europol gur cheart imscrúdú coiriúil a thionscnamh maidir le coir a thagann faoi raon feidhme na gcuspóirí dá chuid, iarrfaidh sé ar údaráis inniúla an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann, trí na haonaid náisiúnta, imscrúdú coiriúil den sórt sin a thionscnamh, a chur i gcrích nó a chomhordú.”
(4)
In Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:
“8.
Áiritheoidh na Ballstáit go ligtear do na haonaid faisnéise airgeadais dá gcuid a bunaíodh de bhun Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* comhoibriú le Europol i gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir (AE) 2019/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**, go háirithe tríd an aonad náisiúnta dá gcuid maidir le faisnéis agus anailísí airgeadais, laistigh de theorainneacha a sainordaithe agus a n‑inniúlachta.
__________________
* Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).
** Treoir (AE) 2019/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha lena n‑éascaítear úsáid faisnéise airgeadais agus faisnéise eile chun coireanna coiriúla áirithe a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 2000/642/JHA ón gComhairle (IO L 186, 11.7.2019, lch. 122).”
(5)
Leasaítear Airteagal 18 mar a leanas:
(a) leasaítear mír 2 mar a leanas:
(i) cuirtear na focail seo a leanas in ionad phointe (d):
“(d)
malartú faisnéise a éascú idir na Ballstáit, Europol, comhlachtaí eile an Aontais, tríú tíortha, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus páirtithe príobháideacha;”
(ii), cuirtear pointí (e) agus (f) seo a leanas léi:
“(e)
taighde agus nuálaíocht maidir le gnóthaí a chumhdaítear ag an Rialachán seo maidir le forbairt, oiliúint, tástáil agus bailíochtú algartam le haghaidh uirlisí a fhorbairt;
(f)
tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit chun an pobal a chur ar an eolas maidir le daoine atá faoi amhras nó daoine ciontaithe a bhfuiltear sa tóir orthu bunaithe ar chinneadh breithiúnach a bhaineann le cion coiriúil a bhfuil inniúlacht ag Europol ina leith, agus soláthar faisnéise ón bpobal a éascú i dtaca leis na daoine sin.”
(b) cuirtear mír 3a seo a leanas isteach:
“3a.
Déanfar sonraí pearsanta a phróiseáil chun críche taighde agus nuálaíochta dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 2 trí bhíthin thionscadail taighde agus nuálaíochta Europol lena mbaineann cuspóirí, fad agus raon feidhme a leagtar amach go soiléir maidir leis an bpróiseáil sonraí pearsanta atá i gceist, a mbeidh na cosaintí sainiúla breise a leagtar amach in Airteagal 33a infheidhme ina leith.”
(c) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
“5.
Gan dochar d’Airteagal 8(4) agus d’Airteagal 18a, tá catagóirí na sonraí pearsanta agus catagóirí na n‑ábhar sonraí ar féidir a gcuid sonraí a bhailiú agus a phróiseáil le haghaidh gach rúin dá dtagraítear i mír 2 liostaithe in Iarscríbhinn II.”
(d) cuirtear mír 5a seo a leanas isteach:
“5a.
Sula ndéantar sonraí a phróiseáil faoi mhír 2 den Airteagal seo, féadfaidh Europol sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhonn sealadach a fhaightear de bhun Airteagal 17(1) agus (2) chun a chinneadh cibé acu an gcomhlíontar nó nach gcomhlíontar riachtanais mhír 5 den Airteagal seo, lena n‑áirítear na sonraí a sheiceáil i gcoinne na sonraí uile a phróiseálann Europol cheana féin i gcomhréir le mír 5.
Déanfaidh an Bord Bainistíochta, ag gníomhú dó ar mholadh ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus tar éis dul i gcomhairle le MECS, na coinníollacha a bhaineann le próiseáil na sonraí sin a shonrú a thuilleadh.
Ní féidir le Europol sonraí a phróiseáil de bhun na míre seo ach le haghaidh tréimhse nach mó ná bliain amháin, nó i gcásanna lena mbaineann bonn cirt le haghaidh tréimhse níos faide le húdarú roimh ré ó MECS, i gcás inar gá chun críche an Airteagail seo. Nuair a léirítear le toradh na próiseála nach gcomhlíontar riachtanais mhír 5 den Airteagal seo leis na sonraí pearsanta, scriosfaidh Europol na sonraí sin agus cuirfidh sé soláthraí na sonraí ar an eolas dá réir sin.”
(6)
Cuirtear Airteagal 18a seo a leanas isteach:
“Airteagal 18a
Próiseáil faisnéise mar thaca le himscrúdú coiriúil
1.
I gcás inar gá é chun tacú le himscrúdú coiriúil sainiúil, féadfaidh Europol sonraí pearsanta a phróiseáil lasmuigh de chatagóirí na n‑ábhar sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II sna cásanna a leanas:
(a) soláthraíonn Ballstát nó Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh comhad cáis imscrúdaithigh do Europol de bhun phointe (a) d’Airteagal 17(1) chun críche anailís oibríochtúil mar thaca leis an imscrúdú coiriúil sainiúil sin laistigh de shainordú Europol de bhun phointe (c) d’Airteagal 18(2); agus
(b) measann Europol nach féidir an anailís oibríochtúil a dhéanamh ar an gcomhad cáis imscrúdaithigh gan sonraí pearsanta a phróiseáil nach gcomhlíontar riachtanais Airteagal 18(5) leo. Déanfar an measúnú sin a thaifeadadh.
2.
Is féidir le Europol sonraí pearsanta a phróiseáil atá i gcás imscrúdaitheach chomh fada agus a thacaítear leis an imscrúdú coiriúil sainiúil leanúnach dá ndearna an Ballstát nó OIPE an comhad cáis imscrúdaithigh a sholáthar i gcomhréir le mír 1, agus gan ach le haghaidh an imscrúdú sin a thacú.
Déanfaidh an Bord Bainistíochta, ag gníomhú dó ar mholadh ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus tar éis dul i gcomhairle le MECS, na coinníollacha a bhaineann le próiseáil na sonraí sin a shonrú a thuilleadh.
Gan dochar do phróiseáil sonraí faoi Airteagal 18(5)a, déanfar sonraí pearsanta lasmuigh de chatagóirí na n‑ábhar sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II a scaradh go feidhmiúil ó na sonraí eile agus ní féidir iad a rochtain ach i gcás inar gá é chun tacú leis an imscrúdú coiriúil sainiúil dá ndearnadh iad a sholáthar.
3.
Arna iarraidh sin don Bhallstát nó do OIPE a chuir cáschomhad imscrúdaitheach ar fáil do Europol de bhun mhír 1, is féidir le Europol an cáschomhad imscrúdaitheach sin agus toradh na hanailíse oibríochtúla dá chuid a stóráil níos faide ná an tréimhse stórála a leagtar amach i mír 2, chun críche fírinneacht, iontaofacht agus inrianaitheacht phróiseas na faisnéise coiriúla a áirithiú agus chun na críche sin amháin, agus gan ach le haghaidh na tréimhse agus a bhíonn na himeachtaí breithiúnacha a bhaineann leis an imscrúdú coiriúil sin ar siúl sa Bhallstát sin.
Is féidir leis an mBallstát a iarraidh go ndéanfaidh Europol an cáschomhad imscrúdaitheach sin agus toradh na hanailíse oibríochtúla dá chuid a stóráil níos faide ná an tréimhse stórála a leagtar amach i mír 2, chun críche fírinneacht, iontaofacht agus inrianaitheacht phróiseas na faisnéise coiriúla a áirithiú, agus gan ach le haghaidh na tréimhse agus a bhíonn na himeachtaí breithiúnacha tar éis imscrúdú coiriúil gaolmhar ar siúl sa Bhallstát sin.
Déanfaidh an Bord Bainistíochta, ag gníomhú dó ar mholadh ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus tar éis dul i gcomhairle le MECS, na coinníollacha a bhaineann le próiseáil na sonraí sin a shonrú a thuilleadh. Déanfar a leithéid de shonraí pearsanta a scaradh go feidhmiúil ó shonraí eile agus ní féidir iad a rochtain ach i gcás inar gá chun fírinneacht, iontaofacht agus inrianaitheacht phróiseas na faisnéise coiriúla a áirithiú.
4.
Beidh míreanna 1 go 3 infheidhme freisin nuair a fhaigheann Europol sonraí pearsanta ó thríú tír lena bhfuil comhaontú a tugadh i gcrích ar bhonn Airteagal 23 de Chinneadh 2009/371/CGB i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 25(1) den Rialachán seo nó ar bhonn Airteagal 218 CFAE i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 25(1) den Rialachán seo, nó atá ina ábhar de chinneadh leordhóthanachta dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 25(1) den Rialachán seo agus nuair a chuireann a leithéid de thríú tír cáschomhad imscrúdaitheach ar fáil do Europol le haghaidh anailís oibríochtúil lena dtacaítear leis an imscrúdú coiriúil sainiúil i mBallstát nó i mBallstáit lena dtacaíonn Europol. Nuair a chuireann tríú tír cáschomhad imscrúdaitheach ar fáil do Europol, cuirfear é sin in iúl do MECS. Deimhneoidh Europol nach bhfuil méid na sonraí pearsanta díréireach go soiléir maidir leis an imscrúdú sainiúil i mBallstát lena dtacaíonn Europol, agus nach bhfuil gnéithe oibiachtúla ar bith ann lena dtugtar le fios go bhfuair an tríú tír an cáschomhad agus cearta bunúsacha á sárú go soiléir aige. Nuair a thagann Europol, nó MECS, ar an tuairim go bhfuil comharthaí tosaigh ann go bhfuil a leithéid de shonraí díréireach nó go bhfuarthas iad agus cearta bunúsacha á sárú, ní dhéanfaidh Europol iad a phróiseáil. Ní féidir le Europol sonraí a rochtain a phróiseáiltear de bhun na míre seo ach i gcás inar gá sin chun tacú leis an imscrúdú coiriúil sainiúil i mBallstát nó i mBallstáit. Ní dhéanfar iad a chomhroinnt ach amháin laistigh den Aontas.”;
(7)
Leasaítear Airteagal 20 mar a leanas:
(a) cuirtear mír 2a seo a leanas isteach:
“2a.
Faoi chuimsiú tionscadail anailíse oibríochtúla thiomanta a chur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 18(3), is féidir leis na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir le faisnéis ar féidir le Europol í a chur ar fáil go díreach do na Ballstáit eile chun críche comhoibriú breisithe in imscrúduithe sainiúla, gan dochar do shrianta ar bith in Airteagal 19(2).”;
(b) i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása tosaigh:
“3.
I gcomhréir leis an dlí náisiúnta, beidh rochtain ag na Ballstáit ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 agus i mír 2a, agus déanfaidh siad í a phróiseáil tuilleadh chun cosc a chur ar an méid seo a leanas agus chun an méid seo a leanas a chomhrac, agus chun na críche sin amháin, agus maidir le himeachtaí breithiúnacha a bhaineann leis an méid a leanas:”;
(c) cuirtear mír 5 seo a leanas leis:
“5.
Nuair a ligtear d’fhoireann Europol de réir an dlí náisiúnta fianaise a sholáthar a chuirtear in iúl dóibh le linn dóibh a gcuid dualgas a chomhlíonadh nó a gcuid gníomhaíochtaí a fheidhmiú, ní bheidh ach foireann Europol atá údaraithe ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin chun sin a dhéanamh in ann a leithéid d’fhianaise a thabhairt in imeachtaí breithiúnacha sna Ballstáit.”;
(8)
Cuirtear Airteagal 20a seo a leanas isteach:
“Airteagal 20a
Caidreamh le hOifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Eorpaigh
1.
Déanfaidh Europol caidreamh dlúth a bhunú agus a choimeád le hOifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Eorpaigh (OIPE). Faoi chuimsiú an chaidrimh sin, gníomhóidh Europol agus OIPE laistigh dá n‑údarú agus dá n‑inniúlachtaí féin faoi seach. Chun na críche sin, tabharfaidh siad socrú oibre chun críche lena leagtar amach módúlachtaí an chomhair dá gcuid.
2.
Tacóidh Europol le himscrúduithe agus le hionchúisimh OIPE ar bhonn gníomhach agus comhoibreoidh sé leis, go háirithe trí mhalartuithe faisnéise agus trí thacaíocht anailíseach a chur ar fáil.
3.
Glacfaidh Europol na bearta iomchuí go léir chun cur ar chumas OIPE rochtain dhíreach a fháil ar fhaisnéis a chuirtear ar fáil chun críocha phointí (a), (b) agus (c) d’Airteagal 18(2) ar bhonn córas “amas a fháil/gan amas a fháil”. Gan mír 2 dá chuid san áireamh, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 21.
4.
Gan moill mhíchuí ar bith, cuirfidh Europol aon iompar coiriúil in iúl do OIPE a mbeadh OIPE in ann a hinniúlacht a fheidhmiú ina leith.”
(9)
In Airteagal 21, cuirtear mír 8 seo a leanas leis:
“8.
Má tharlaíonn sé le linn gníomhaíochtaí próiseála faisnéise maidir le himscrúdú aonair nó tionscadal ar leith go sainaithníonn Europol faisnéis atá ábhartha do ghníomhaíocht fhéideartha mhídhleathach a dhochraíonn leas airgeadais an Aontais, soláthraíodh Europol an fhaisnéis sin do OLAF ar a chonlán féin agus gan moill mhíchuí.”
(10)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 24:
“Airteagal 24
Tarchur sonraí pearsanta oibríochtúla chuig institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais
1. Faoi réir aon srianta breise de bhun an Rialacháin seo, go háirithe de bhun Airteagal 19(2) agus (3) agus gan dochar d’Airteagal 67, ní dhéanfaidh Europol sonraí pearsanta oibríochtúla a tharchur chuig institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht eile de chuid an Aontais ach amháin má tá na sonraí riachtanach i gcomhair feidhmiú dlisteanach cúraimí institiúid, chomhlacht, oifig nó ghníomhaireacht eile an Aontais.
2. I gcás ina ndéantar na sonraí pearsanta oibríochtúla a tharchur tar éis iarrata ó institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht eile de chuid an Aontais, beidh freagracht as dlíthiúlacht an tarchuir sin ar an rialaitheoir agus ar an bhfaighteoir araon.
Déanfaidh Europol inniúlacht na hinstitiúide, an chomhlachta, na hoifige nó na gníomhaireachta eile de chuid an Aontais a fhíorú. Má thagann amhras chun cinn maidir le riachtanas tharchur na sonraí pearsanta, lorgóidh Europol tuilleadh faisnéise ón bhfaighteoir.
Áiritheoidh an institiúid, an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht eile de chuid an Aontais a ghlacann na sonraí gur féidir an gá le sonraí pearsanta oibríochtúla a tharchur a fhíorú ina dhiaidh sin.
3. Ní dhéanfaidh an institiúid, an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht eile de chuid an Aontais a ghlacann na sonraí pearsanta oibríochtúla iad a phróiseáil ach amháin chun na críocha dá ndearnadh iad a tharchur.”
(11)
Leasaítear Airteagal 25 mar a leanas:
(a) I mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása tosaigh:
“De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin aistriú sonraí pearsanta nó catagóirí d’aistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tíortha nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta a údarú de réir an cháis más rud é gur fíor an méid seo a leanas maidir leis an aistriú, nó na haistrithe gaolmhara:”;
(b) I mír 8, scriostar an abairt seo a leanas:
“I gcás ina mbunaítear aistriú ar mhír 5, déanfar aistriú den sórt sin a dhoiciméadú agus cuirfear an doiciméadacht ar fáil don MECS arna iarraidh sin. Áireofar sna doiciméid taifead ar dháta agus ar am an aistrithe, agus faisnéis faoin údarás inniúil glactha, faoin mbonn cirt leis an aistriú agus faoi na sonraí pearsanta oibríochtúla a aistríodh.”
(12)
Leasaítear Airteagal 26 mar a leanas:
(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
“2. Féadfaidh Europol sonraí pearsanta a fháil go díreach ó thríú páirtithe agus is féidir leis na sonraí pearsanta sin a phróiseáil i gcomhréir le hAirteagal 18 d’fhonn na haonaid náisiúnta uile lena mbaineann a shainaithint, dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1. Cuirfidh Europol na sonraí pearsanta agus torthaí ábhartha ar bith ar phróiseáil na sonraí sin atá riachtanach chun críche dlínse a shocrú ar aghaidh chuig na haonaid náisiúnta lena mbaineann láithreach bonn. Féadfaidh Europol na sonraí pearsanta agus torthaí ábhartha ar bith ar phróiseáil na sonraí sin atá riachtanach chun críche dlínse a shocrú a chur ar aghaidh i gcomhréir le hAirteagal 25 chuig pointí teagmhála agus chuig údaráis lena mbaineann dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) de mhír 1. A luaithe agus atá na sonraí pearsanta ábhartha sainaitheanta ag Europol agus curtha ar aghaidh aige chuig na haonaid náisiúnta uile lena mbaineann, agus a luaithe agus nach bhfuil sé indéanta aonaid náisiúnta bhreise lena mbaineann a shainaithint, scriosfaidh sé na sonraí, mura gcuireann aonad náisiúnta, pointe teagmhála nó údarás lena mbaineann na sonraí isteach arís chuig Europol i gcomhréir le hAirteagal 19(1) laistigh de 4 mhí tar éis an aistrithe sin.”
(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
“4. Má fhaigheann Europol sonraí pearsanta ó pháirtí príobháideach i dtríú tír, ní fhéadfaidh Europol na sonraí sin a chur ar aghaidh ach chuig Ballstát, nó chuig tríú tír lena mbaineann a ndearnadh comhaontú léi ar bhonn Airteagal 23 de Chinneadh 2009/371/CGB nó ar bhonn Airteagal 218 CFAE nó atá ina hábhar de chinneadh leordhóthanachta dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 25(1) den Rialachán seo. Nuair a chomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach faoi mhíreanna 5 agus 6 d’Airteagal 25, féadfaidh Europol toradh na hanailíse agus an fhíoraithe ar a leithéid de shonraí leis an tríú tír lena mbaineann a aistriú.”
(c) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 5 agus 6:
“5. Féadfaidh Europol sonraí pearsanta a aistriú chuig páirtithe príobháideacha ar bhonn cás ar chás, i gcás ina bhfuil gá leis i ndáiríre, agus faoi réir aon srianta féideartha a shonraítear de bhun Airteagal 19(2) nó (3) agus gan dochar d’Airteagal 67, sna cásanna a leanas:
(a) tá an t‑aistriú gan amhras chun leasanna an ábhair sonraí, agus thoiligh an t‑ábhar sonraí dó; nó
(b) tá géarghá leis an tarchur nó leis an aistriú ar mhaithe le coir atá ar tí a tharlú a chosc, agus sceimhlitheoireacht san áireamh, a bhfuil inniúlacht ag Europol ina leith; nó
(c) tá géarghá le tarchur nó aistriú sonraí pearsanta atá ar fáil go poiblí chun an cúram a leagtar amach i bpointe (m) d’Airteagal 4(1) a chomhlíonadh agus go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(i)
baineann an tarchur agus an t‑aistriú le cás sonrach aonair;
(ii)
níl cearta bunúsacha ná saoirsí bunúsacha na n‑ábhar sonraí lena mbaineann níos tábhachtaí ná leas an phobail a d'éileodh an tarchur nó an t‑aistriú sa chás i dtrácht; nó
(d) tá géarghá le tarchur nó aistriú na sonraí pearsanta ionas gur féidir le Europol an páirtí príobháideach sin a chur ar an eolas nach bhfuil an fhaisnéis a fuarthas imleor chun a chur ar a chumas do Europol na haonaid náisiúnta lena mbaineann a shainaithint, agus comhlíontar na coinníollacha a leanas:
|
(i)
|
déantar an tarchur nó an t‑aistriú tar éis sonraí pearsanta a fháil go díreach ó pháirtí príobháideach i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo;
|
|
(ii)
|
tá nasc soiléir idir an fhaisnéis atá in easnamh, dá bhféadfadh Europol tagairt a dhéanamh sna fógraí sin, agus an fhaisnéis a roinn an páirtí príobháideach sin roimhe seo;
|
|
(iii)
|
tá an fhaisnéis atá in easnamh, dá bhféadfadh Europol tagairt a dhéanamh sna fógraí sin, teoranta go docht don mhéid atá riachtanach do Europol d’fhonn na haonaid náisiúnta lena mbaineann a shainaithint.
|
6. Maidir le pointí (a), (b) agus (c) de mhír 5 den Airteagal seo, mura bhfuil an páirtí príobháideach lena mbaineann bunaithe laistigh den Aontas nó i dtír a bhfuil comhaontú comhair ag Europol léi lena gceadófar malartú sonraí pearsanta, nó a bhfuil comhaontú idirnáisiúnta tugtha chun críche ag an Aontas léi de bhun Airteagal 218 CFAE nó atá faoi réir cinneadh leordhóthanachta dá dtagraítear i pointe (a) d’Airteagal 25(1) den Rialachán seo, ní dhéanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an t‑aistriú a údarú ach amháin má bhaineann na nithe a leanas leis an aistriú:
(a) tá sé riachtanach chun leasanna bunúsacha an ábhair sonraí nó duine eile a chosaint; nó
(b) tá sé riachtanach chun leasanna dlisteanacha ábhair sonraí a chosaint; nó
(c) tá sé fíor-riachtanach chun bagairt thromchúiseach láithreach do shlándáil phoiblí Ballstáit nó tríú tír a chosc; nó
(d) tá sé riachtanach i gcásanna aonair chun cionta coiriúla a bhfuil Europol inniúil ina dtaobh a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh; nó
(e) tá sé riachtanach i gcásanna aonair chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint, ar éilimh iad a bhaineann le cion coiriúil sonrach a bhfuil Europol inniúil ina leith a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh.
Ní dhéanfar sonraí pearsanta a aistriú má chinneann an Stiúrthóir Feidhmiúcháin go bhfuil cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha an ábhair sonraí lena mbaineann níos tábhachtaí ná leas an phobail i dtaca leis an aistriú dá dtagraítear i bpointí (d) agus (e).
Ní bheidh aistrithe córasach, ollmhór ná struchtúrach.”
(d) cuirtear mír 6a agus mír 6b seo a leanas isteach:
“6a.Is féidir le Europol iarraidh ar Bhallstáit, trí na haonaid náisiúnta dá gcuid, sonraí pearsanta a fháil ó pháirtithe príobháideacha, atá bunaithe ina gcríoch nó a bhfuil ionadaí dlíthiúil acu ina gcríoch, faoi na dlíthe is infheidhme dá gcuid, chun críche iad a chomhroinnt le Europol, ar an gcoinníoll go mbeidh na sonraí pearsanta arna n‑iarraidh teoranta go docht don mhéid atá riachtanach do Europol d’fhonn na haonaid náisiúnta lena mbaineann a shainaithint.
Beag beann ar a ndlínse ar an gcoir sainiúil a bhfuil Europol ag iarraidh na haonaid náisiúnta lena mbaineann a shainaithint ina leith, áiritheoidh na Ballstáit gur féidir lena n‑údaráis náisiúnta inniúla a leithéid d’iarrataí a phróiseáil go dleathach i gcomhréir lena ndlíthe náisiúnta chun críche an fhaisnéis riachtanach a sholáthar do Europol ionas gur féidir leis a chuspóirí a chomhlíonadh.
6b.Féadtar bonneagar Europol a úsáid le haghaidh malartuithe idir údaráis inniúla na mBallstát agus páirtithe príobháideacha i gcomhréir le dlíthe náisiúnta gach Ballstáit faoi seach. I gcásanna ina n‑úsáideann na Ballstáit an bonneagar sin le haghaidh malartú sonraí pearsanta a bhaineann le coireanna atá lasmuigh de raon feidhme chuspóirí Europol, ní bheidh rochtain ag Europol ar na sonraí sin.”
(e) scriostar míreanna 9 agus 10;
(13) cuirtear Airteagal 26a seo a leanas isteach:
“Airteagal 26a
Malartuithe sonraí pearsanta le páirtithe príobháideacha i gcásanna géarchéime
1. Féadfaidh Europol sonraí pearsanta a fháil go díreach ó thríú páirtithe agus is féidir leis na sonraí pearsanta sin a phróiseáil i gcomhréir le hAirteagal 18 d’fhonn scaipeadh ábhair ar líne a chosc a bhaineann le sceimhlitheoireacht nó le hantoisceachas foréigneach i gcásanna géarchéime mar a leagtar amach i bpointe (u) d’Airteagal 4(1).
2. Má fhaigheann Europol sonraí pearsanta ó pháirtí príobháideach i dtríú tír, ní fhéadfaidh Europol na sonraí sin a chur ar aghaidh ach chuig Ballstát, nó chuig tríú tír lena mbaineann a ndearnadh comhaontú léi ar bhonn Airteagal 23 de Chinneadh 2009/371/CGB nó ar bhonn Airteagal 218 CFAE nó atá ina hábhar de chinneadh leordhóthanachta dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 25(1) den Rialachán seo. Nuair a chomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach faoi mhíreanna 5 agus 6 d’Airteagal 25, féadfaidh Europol toradh na hanailíse agus an fhíoraithe ar a leithéid de shonraí leis an tríú tír lena mbaineann a aistriú.
3. Féadfaidh Europol sonraí pearsanta a tharchur nó a aistriú chuig páirtithe príobháideacha, ar bhonn cás ar chás, faoi réir aon srianta féideartha a shonraítear de bhun Airteagal 19(2) nó (3) agus gan dochar d’Airteagal 67, nuair atá géarghá le tarchur nó aistriú a leithéid de shonraí d’fhonn scaipeadh ábhair ar líne a chosc a bhaineann le sceimhlitheoireacht nó le hantoisceachas foréigneach i gcásanna géarchéime mar a leagtar amach i bpointe (u) d’Airteagal 4(1), agus nuair nach ngabhtar treis le cearta bunúsacha nó le saoirsí na n‑ábhar sonraí lena mbaineann ar leas an phobail lena n‑éilítear an tarchur nó an t‑aistriú sa chás atá i gceist.
4. Mura bhfuil an páirtí príobháideach lena mbaineann bunaithe laistigh den Aontas nó i dtír a bhfuil comhaontú comhair ag Europol léi lena gceadófar malartú sonraí pearsanta, a bhfuil comhaontú idirnáisiúnta tugtha chun críche ag an Aontas léi de bhun Airteagal 218 CFAE nó atá faoi réir cinneadh leordhóthanachta dá dtagraítear i pointe (a) d’Airteagal 25(1) den Rialachán seo, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an t‑aistriú a údarú.
5. Is féidir le Europol iarraidh ar na Ballstáit, trí na haonaid náisiúnta dá gcuid, sonraí pearsanta a fháil ó pháirtithe príobháideacha, atá bunaithe ina gcríoch nó a bhfuil ionadaí dlíthiúil acu ina gcríoch, faoi na dlíthe is infheidhme dá gcuid, chun críche iad a chomhroinnt le Europol, ar an gcoinníoll go mbeidh na sonraí pearsanta arna n‑iarraidh teoranta go docht don mhéid atá riachtanach do Europol d’fhonn scaipeadh ábhair ar líne a chosc a bhaineann le sceimhlitheoireacht nó le hantoisceachas foréigneach mar a leagtar amach i bpointe (u) d’Airteagal 4(1). Beag beann ar a ndlínse maidir le scaipeadh an ábhair a n‑iarrann Europol na sonraí pearsanta ina leith, áiritheoidh Ballstáit gur féidir leis na húdaráis náisiúnta inniúla a leithéid d’iarrataí a phróiseáil go dleathach i gcomhréir lena ndlíthe náisiúnta chun críche an fhaisnéis riachtanach a sholáthar do Europol ionas gur féidir leis a chuspóirí a chomhlíonadh.
6. Áiritheoidh Europol go ndéanfar taifid mhionsonraithe de gach aistriú de shonraí pearsanta mar aon leis na forais a bhí le haistrithe den sórt sin a thaifeadadh i gcomhréir leis an Rialachán seo agus go gcuirfear in iúl iad do MECS, arna iarraidh sin, de bhun Airteagal 40.
7. Má dhéantar dochar leis na sonraí pearsanta a fhaightear nó a bheidh le haistriú do leasanna Ballstáit, cuirfidh Europol aonad náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann ar an eolas láithreach bonn.”
(14)
cuirtear Airteagal 27a seo a leanas isteach:
“Airteagal 27a
Próiseáil sonraí pearsanta ag Europol
1. Beidh feidhm ag an Rialachán seo, ag Airteagal 3 agus ag Caibidil IX de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* maidir le próiseáil sonraí pearsanta oibríochtúla ag Europol.
Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2018/1725, gan Caibidil IX dá chuid san áireamh, maidir le próiseáil sonraí pearsanta riaracháin ag Europol.
2. Maidir leis na tagairtí do ‘rialacha cosanta sonraí is infheidhme’, sa rialachán seo, tuigfear gur tagairtí iad do na forálacha a leagtar amach sa Rialachán seo agus i Rialachán (AE) 2018/1725.
3. Tuigfear gurb ionann tagairtí do ‘shonraí pearsanta’ sa Rialachán seo agus tagairtí do ‘shonraí pearsanta oibríochtúla’, mura léirítear a mhalairt.
4. Déanfaidh Europol na teorainneacha ama maidir le stóráil sonraí pearsanta riaracháin a chinneadh sna rialacha nós imeachta dá chuid.
____________
* Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).”
(15)
Scriostar Airteagal 28;
(16)
Leasaítear Airteagal 30 mar a leanas:
(a) i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:
“2. Ní cheadófar próiseáil sonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibríocha nó trí mheáin eile, lena nochtfar tionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creidimh reiligiúnacha nó fealsúnachta, nó ballraíocht i gceardchumann ná próiseáil sonraí géiniteacha agus sonraí bithmhéadracha chun críche duine nádúrtha a shainaithint go sainiúil ná próiseáil sonraí a bhaineann le sláinte nó le saol gnéis nó le claonadh gnéis an duine, ach amháin i gcás ina bhfuil sé riachtanach i ndáiríre agus comhréireach chun coireacht a thagann laistigh de chuspóirí Europol a chosc nó a chomhrac agus má fhorlíonann na sonraí sin sonraí pearsanta eile atá próiseáilte ag Europol.”;
(b) i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:
“Is ag Europol amháin a bheidh rochtain dhíreach ar shonraí pearsanta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, ach amháin na cásanna a shonraítear in Airteagal 20 (2a).”
(c) scriostar mír 4;
(d) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
“5. Ní tharchuirfear sonraí pearsanta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 chuig na Ballstáit, chuig comhlachtaí de chuid an Aontais, chuig tríú tíortha ná chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta ach amháin má tá a leithéid de tharchur nó d’aistriú riachtanach i ndáiríre agus comhréireach i gcásanna aonair a bhaineann le coireacht a thagann laistigh de chuspóirí Europol agus i gcomhréir le Caibidil V.”;
(17)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 32:
“Airteagal 32
Slándáil na próiseála
Déanfaidh Europol agus na Ballstáit sásraí a bhunú chun a áirithiú go dtabharfar aghaidh ar na bearta slándála dá dtagraítear in Airteagal 91 de Rialachán (AE) 2018/1725 ar fud theorainneacha na gcóras faisnéise.”;
(18)
Scriostar Airteagal 33;
(19)
cuirtear Airteagal 33a seo a leanas isteach:
“Airteagal 33a
Próiseáil sonraí pearsanta le haghaidh taighde agus nuálaíochta
1.
Maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar trí bhíthin thionscadail taighde agus nuálaíochta Europol dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 18(2), beidh na cosaintí a leanas infheidhme:
(a)beidh tionscadal ar bith faoi réir ag údarú roimh ré ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, bunaithe ar chur síos ar an ngníomhaíocht próiseála atá réamh‑mheasta lena leagtar amach an riachtanas le próiseáil sonraí dá leithéid, amhail le haghaidh réitigh nuálacha a iniúchadh nó a thástáil agus cruinneas thorthaí an tionscadail a áirithiú, ar chur síos ar na sonraí pearsanta atá le próiseáil, ar chur síos ar an tréimhse choinneála agus ar na coinníollacha le haghaidh na sonraí pearsanta a rochtain, ar mheasúnacht tionchair um chosaint sonraí maidir leis na rioscaí do chearta agus do shaoirsí uile na n‑ábhar sonraí, lena n‑áirítear claontacht ar bith maidir leis an toradh, agus na bearta atá réamh‑mheasta chun tabhairt faoi na rioscaí sin;
(b)(b) cuirfear an Bord Bainistíochta agus MECS ar an eolas roimh sheoladh an tionscadail; (c) déanfar sonraí pearsanta ar bith a bheidh le próiseáil i gcomhthéacs an tionscadail a chóipeáil go sealadach chuig timpeallacht próiseála sonraí scoite, ar leith, faoi chosaint laistigh de Europol agus an t‑aon chuspóir amháin ann an tionscadal sin a chur chun feidhme agus ní bheidh rochtain ar na sonraí sin ach ag foireann údaraithe Europol;
(c)(d) ní dhéanfaidh páirtithe eile aon sonraí pearsanta a phróiseáiltear i gcomhthéacs an tionscadail a tharchur ná a aistriú ná ní bheidh rochtain acu orthu ar shlí eile;
(d)(e) ní bheidh bearta ná cinntí a théann i gcion ar na hábhair sonraí ina dtoradh ar aon phróiseáil ar shonraí pearsanta i gcomhthéacs an tionscadail;
(e)(f) déanfar sonraí pearsanta ar bith a phróiseáiltear i gcomhthéacs an tionscadail a scriosadh a luaithe agus a bheidh an tionscadal críochnaithe nó nuair a bheidh deireadh na tréimhse coinneála bainte amach ag na sonraí pearsanta i gcomhréir le hAirteagal 31;
(f)(g) coimeádfar logaí ar phróiseáil na sonraí pearsanta i gcomhthéacs an tionscadail i rith thréimhse an tionscadail agus ar feadh 1 bhliain tar éis chríochnú an tionscadail, chun críche cruinneas thoradh na próiseála sonraí a dheimhniú amháin agus le haghaidh trátha nach faide ná mar atá riachtanach chun na críche sin.
3.
Coinneoidh Europol tuairisc iomlán agus mionsonraithe ar an bpróiseas agus ar an réasúnaíocht taobh thiar den oiliúint, den tástáil agus den bhailíochtú algartam d’fhonn follasacht a áirithiú agus le haghaidh cruinneas na dtorthaí a dheimhniú.”;
(20) Leasaítear Airteagal 34 mar a leanas:
(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
“1. I gcás sárú i ndáil le sonraí pearsanta, tabharfaidh Europol fógra maidir leis an sárú sin gan moill mhíchuí d’údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 7(5), agus do sholáthraí na sonraí lena mbaineann chomh maith mura bhfuil drochsheans ann go mbeidh riosca do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha mar gheall ar an sárú i ndáil le sonraí pearsanta.”;
(b) scriostar mír 3;
(21)
Leasaítear Airteagal 35 mar a leanas:
(a) scriostar míreanna 1 agus 2;
(b) i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:
“Gan dochar d’Airteagal 93 de Rialachán 2018/1725, mura bhfuil sonraí teagmhála an ábhair sonraí lena mbaineann ag Europol, iarrfaidh sé ar sholáthraí na sonraí an sárú i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí lena mbaineann agus Europol a chur ar an eolas faoin gcinneadh a glacadh.“;
(b)scriostar míreanna 4 agus 5.”;
(22) Leasaítear Airteagal 36 mar a leanas:
(a) scriostar míreanna 1 agus 2;
(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
“3. Féadfaidh aon ábhar sonraí ar mian leis nó léi an ceart chun rochtana a fheidhmiú dá dtagraítear in Airteagal 80 de Rialachán (AE) 2018/1725 ar shonraí pearsanta a bhaineann leis an ábhar sonraí sin iarraidh a dhéanamh chuige sin, gan costais iomarcacha a thabhú, chuig an údarás a ceapadh don chuspóir sin sa Bhallstát dá rogha féin, nó chuig Europol. Nuair a dhéantar an iarraidh chuig údarás an Bhallstáit, déanfaidh an t‑údarás sin an iarraidh sin a chur faoi bhráid Europol gan mhoill, agus i gcás ar bith laistigh de mhí amháin óna fháil.”;
(c) scriostar míreanna 6 agus 7 (1)
(23) Leasaítear Airteagal 37 mar a leanas:
(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
“1. Féadfaidh aon ábhar sonraí ar mian leis nó léi an ceart chun sonraí pearsanta a cheartú nó a léirscriosadh nó chun próiseáil a shrianadh dá dtagraítear in Airteagal 82 de Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi iarraidh a dhéanamh chuige sin, tríd an údarás a ceapadh don chuspóir sin sa Bhallstát dá rogha féin, nó chuig Europol. Nuair a dhéantar an iarraidh chuig údarás an Bhallstáit, déanfaidh an t‑údarás sin an iarraidh sin a chur faoi bhráid Europol gan mhoill, agus i gcás ar bith laistigh de mhí amháin óna fháil.”;
(b) scriostar mír 2;
(c) i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:
“Gan dochar d’Airteagal 82(3) de Rialachán 2018/1725, déanfaidh Europol sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 2 a shrianadh seachas iad a léirscriosadh má tá cúiseanna réasúnta ann le creidiúint go bhféadfadh léirscriosadh dochar a dhéanamh do leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí.”;
(d) scriostar míreanna 8 agus 9.”;
(24) cuirtear Airteagal 37a seo a leanas isteach:
“Airteagal 37a
An ceart ar phróiseáil a shrianadh
I gcás ina bhfuil srian curtha le próiseáil na sonraí pearsanta faoi Airteagal 82(3) de Rialachán (AE) 2018/1725, ní dhéanfar na sonraí pearsanta sin a phróiseáil ach amháin chun cearta an ábhair sonraí nó duine nádúrtha nó dlítheanach eile a chosaint nó chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 82(3) den Rialachán sin.”’;
(25)
Leasaítear Airteagal 38 mar a leanas:
(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
“4. Is ar Europol a bheidh an fhreagracht as Rialachán (AE) 2018/1725 a chomhlíonadh maidir le sonraí pearsanta riaracháin agus as an Rialachán seo agus Airteagal 3 agus Caibidil IX de Rialachán (AE) 2018/1725 a chomhlíonadh maidir le sonraí pearsanta oibríochtúla.”;
(b) i mír 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú habairt:
“Áiritheofar slándáil malartuithe den chineál sin i gcomhréir le hAirteagal 91 de Rialachán (AE) 2018/1725”;
(26) Leasaítear Airteagal 39 mar a leanas:
(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
“1. Gan dochar d’Airteagal 90 de Rialachán (AE) 2018/1725, beidh aon chineál nua oibríochtaí próiseála a bheidh le cur chun feidhme faoi réir ag comhairliúchán roimh ré le MECS nuair a dhéanfar catagóirí speisialta sonraí a phróiseáil dá dtagraítear in Airteagal 30(2) den Rialachán seo.”;
(b) scriostar míreanna 2 agus 3;
(27) cuirtear Airteagal 39a seo a leanas isteach:
“Airteagal 39a
Taifid de chatagóirí na ngníomhaíochtaí próiseála
1. Coimeádfaidh Europol taifead de chatagóirí uile na ngníomhaíochtaí próiseála a thagann faoina fhreagracht. Áireofar an fhaisnéis seo a leanas sa taifead sin:
(a) sonraí teagmhála Europol agus ainm agus sonraí teagmhála a Oifigigh Cosanta Sonraí;
(b) cuspóirí na próiseála;
(c) tuairisc ar chatagóirí na n‑ábhar sonraí agus ar chatagóirí na sonraí pearsanta oibríochtúla;
(d) catagóirí na bhfaighteoirí ar nochtadh na sonraí pearsanta dóibh nó a nochtfar na sonraí pearsanta dóibh, lena n‑áirítear faighteoirí i dtríú tíortha nó in eagraíochtaí idirnáisiúnta;
(e) i gcás inarb infheidhme, aistrithe sonraí pearsanta oibríochtúla go tríú tír, go heagraíocht idirnáisiúnta, nó go páirtí príobháideach lena n‑áirítear sainaithint an tríú tír, na heagraíochta idirnáisiúnta, nó an pháirtí phríobháidigh sin;
(f) i gcás inar féidir, na teorainneacha ama atá réamh‑mheasta chun catagóirí éagsúla sonraí a léirscriosadh;
(g) i gcás inar féidir, cur síos ginearálta ar na bearta slándála teicniúla agus eagraíochtúla dá dtagraítear in Airteagal 91 de Rialachán (AE) 2018/1725.
2. Is i scríbhinn, lena n‑áirítear i bhfoirm leictreonach, a bheidh na taifid dá dtagraítear i mír 1.
3. Cuirfidh Europol na taifid dá dtagraítear i mír 1 ar fáil do MECS arna iarraidh sin.”;
(28)
Leasaítear Airteagal 40 mar a leanas:
(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:
“Logáil”
(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
“1. Ar aon dul le hAirteagal 88 de Rialachán (AE) 2018/1725, coimeádfaidh Europol logaí dá chuid oibríochtaí próiseála. Ní bheifear in ann na logaí a mhodhnú.”;
(c) i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:
“Gan dochar d’Airteagal 88 de Rialachán (AE) 2018/1725, cuirfear na logaí arna n‑ullmhú de bhun mhír 1 ar fáil, más gá i gcás imscrúdú sonrach a bhaineann le rialacha um chosaint sonraí a chomhlíonadh, don aonad náisiúnta lena mbaineann.”;
(29)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 41:
“Airteagal 41
An tOifigeach Cosanta Sonraí a ainmniú
1.
Ceapfaidh an Bord Bainistíochta Oifigeach Cosanta Sonraí, a bheidh ina bhall foirne nó ina ball foirne a cheapfar go sainiúil chun na críche sin. Gníomhóidh sé nó sí go neamhspleách i bhfeidhmiú a chuid nó a cuid dualgas agus ní féidir leis nó léi treoracha ar bith a ghlacadh.
2.
Roghnófar an tOifigeach Cosanta Sonraí ar bhonn a chuid nó a cuid buanna pearsanta agus gairmiúla agus, go háirithe, ar bhonn an tsaineolais ar chosaint sonraí agus ar chleachtais agus ar bhonn an chumais atá aige nó aici na cúraimí dá chuid nó dá cuid faoin rialachán seo a chomhlíonadh.
3. Ní foláir nó go mbeidh sé ina thoradh ar roghnú an Oifigigh Cosanta Sonraí go mbeadh an baol ann go gcruthófaí coinbhleacht leasa idir dualgais an Oifigigh mar Oifigeach Cosanta Sonraí agus dualgais oifigiúla eile ar bith, go háirithe maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.
4.
Ainmneofar an tOifigeach Cosanta Sonraí le haghaidh téarma 4 bliana agus beidh sé nó sí incháilithe d’athcheapachán. Ní fhéadfaidh an Bord Bainistíochta an tOifigeach Cosanta Sonraí a chur amach as a phost nó as a post mar Oifigeach Cosanta Sonraí ach le cead ó MECS, mura gcomhlíonann sé nó sí a thuilleadh na coinníollacha is gá chun a chuid nó a cuid dualgas a fheidhmiú.
5.
Tar éis a ainmniúcháin nó a hainmniúcháin, cláróidh an Bord Bainistíochta an tOifigeach Cosanta Sonraí leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí
6. Foilseoidh Europol sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí agus cuirfidh sé iad sin in iúl do MECS.”;
(30) cuirtear Airteagal 41a agus Airteagal 41b seo a leanas isteach:
“Airteagal 41a
Post an Oifigigh Cosanta Sonraí
1. Áiritheoidh Europol go bhfuil baint ag an Oifigeach Cosanta Sonraí, go hiomchuí agus go tráthúil, le gach saincheist a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta.
2. Tacóidh Europol leis an Oifigeach Cosanta Sonraí agus na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 41c á gcur i gcrích aige nó aici trí na hacmhainní agus an fhoireann is gá a chur ar fáil chun na cúraimí sin a chur i gcrích agus trí rochtain ar shonraí pearsanta agus ar oibríochtaí próiseála a chur ar fáil, agus chun a shaineolas nó a saineolas a choimeád. An fhoireann ghaolmhar atá ann, is féidir Oifigeach Cosanta Sonraí cúnta a chur sa bhreis léi sa réimse a bhaineann le próiseáil oibríochtúil agus riaracháin sonraí pearsanta.
3. Áiritheoidh Europol nach bhfaighidh an tOifigeach Cosanta Sonraí aon treoir maidir le cur i gcrích na gcúraimí sin. Tuairisceoidh an tOifigeach Cosanta Sonraí go díreach don Bhord Bainistíochta. Ní chuirfidh an Bord Bainistíochta an tOifigeach Cosanta Sonraí as a phost nó as a post ná ní ghearrfar pionós air nó uirthi mar gheall ar a chúraimí nó a cúraimí a chur i gcrích.
4. Féadfaidh ábhair sonraí dul i dteagmháil leis an Oifigeach Cosanta Sonraí maidir le haon saincheist a bhaineann le próiseáil a sonraí pearsanta agus maidir le feidhmiú a gceart faoin Rialachán seo agus faoi Rialachán (AE) 2018/1725. Ní fhulaingeoidh aon duine dochar mar gheall ar ábhar ar a ndírítear aird an Oifigigh Cosanta Sonraí lena líomhnaítear gur tharla sárú ar fhorálacha an Rialacháin seo nó Rialachán (AE) 2018/1725.
5. Glacfaidh an Bord Bainistíochta rialacha feidhmithe breise maidir leis an Oifigeach Cosanta Sonraí. Bainfidh na rialacha cur chun feidhme sin go háirithe leis an nós imeachta roghnúcháin le haghaidh phost an Oifigigh Cosanta Sonraí, lena dhífhostú nó a dífhostú, lena chúraimí nó a cúraimí, lena dhualgais nó lena dualgais agus le cumhachtaí, agus le coimircí maidir le neamhspleáchas an Oifigigh Cosanta Sonraí.
6. Beidh an tOifigeach Cosanta Sonraí agus a chuid nó a cuid foirne faoi cheangal na hoibleagáide maidir le rúndacht i gcomhréir le hAirteagal 67(1).
Airteagal 41b
Cúraimí an Oifigigh Cosanta Sonraí
1.
Beidh na cúraimí seo a leanas go háirithe ag an Oifigeach Cosanta Sonraí maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil:
(a)
a áirithiú ar bhealach neamhspleách go gcomhlíonann Europol forálacha cosanta sonraí an Rialacháin seo agus Rialachán (AE) 2018/1725 agus na forálacha ábhartha um chosaint sonraí i rialacha nós imeachta Europol; áirítear leis sin faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo, Rialachán (AE) 2018/1725, forálacha de chuid an Aontais nó forálacha náisiúnta eile a bhaineann le cosaint sonraí, agus bheartais Europol, maidir le cosaint sonraí pearsanta, lena n‑áirítear freagrachtaí a shannadh, ardú feasachta agus oiliúint a chur ar bhaill foirne a bhfuil baint acu le hoibríochtaí próiseála, agus iniúchtaí gaolmhara.;
b) faisnéis agus comhairle a thabhairt do Europol agus do na baill foirne a phróiseálann sonraí pearsanta faoi na hoibleagáidí dá gcuid de bhun an Rialacháin seo, de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 agus de bhun forálacha eile de chuid an Aontais nó forálacha náisiúnta maidir le cosaint sonraí;
c) comhairle a thabhairt nuair a iarrtar sin maidir leis an measúnú tionchair ar chosaint sonraí agus faireachán a dhéanamh ar a fheidhmíocht de bhun Airteagal 89 de Rialachán (AE) 2018/1725;
d) taifead a choinneáil de sháruithe um chosaint sonraí agus comhairle a chur ar fáil nuair a iarrtar sin i ndáil leis an ngá atá le fógra a thabhairt nó é a chur in iúl gur tharla sárú i ndáil le sonraí pearsanta de bhun Airteagail 92 agus 93 de Rialachán (AE) 2018/1725;
(e) a áirithiú go gcoinnítear taifead faoi aistriú agus faoi fháil sonraí pearsanta i gcomhréir leis an Rialachán seo;
(f) a áirithiú go gcuirfear na hábhair sonraí ar an eolas faoina gcuid ceart faoin Rialachán seo agus faoi Rialachán (AE) 2018/1725 arna iarraidh sin dóibh;
(g) comhoibriú le baill foirne Europol atá freagrach as nósanna imeachta, oiliúint agus comhairle faoi phróiseáil sonraí;
(h) comhoibriú le MECS;
(i) comhoibriú leis na húdaráis inniúla náisiúnta, go háirithe le hOifigigh Cosanta Sonraí cheaptha de chuid údaráis inniúla na mBallstát agus le húdaráis mhaoirseachta náisiúnta maidir le gnóthaí cosanta sonraí i réimse fhorfheidhmiú an dlí;
(j) gníomhú mar phointe teagmhála don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí maidir le saincheisteanna a bhaineann le próiseáil, lena n‑áirítear an réamhchomhairliúchán dá dtagraítear faoi Airteagail 39 agus 90 de Rialachán (AE) 2018/1725, agus chun comhairliúchán a dhéanamh, nuair is iomchuí, maidir le haon ábhar eile;
(k) tuarascáil bhliantúil a ullmhú agus an tuarascáil sin a chur in iúl don Bhord Bainistíochta agus do MECS;
2.
Comhlíonfaidh an tOifigeach Cosanta Sonraí na feidhmeanna dá bhforáiltear ag Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le sonraí pearsanta riaracháin.
3.
I bhfeidhmiú a chuid nó a cuid dualgas, beidh rochtain ag an Oifigeach Cosanta Sonraí agus ag baill foirne Europol a chuidíonn leis an Oifigeach Cosanta Sonraí ar na sonraí go léir a phróiseálann Europol agus ar áitribh uile Europol.
4.
Má mheasann an tOifigeach Cosanta Sonraí nár comhlíonadh forálacha an Rialacháin seo, nó forálacha Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le próiseáil sonraí pearsanta riaracháin nó forálacha an Rialacháin seo nó Airteagal 3 agus Chaibidil IX de Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le próiseáil sonraí pearsanta oibríochtúla, cuirfidh sé nó sí an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar an eolas faoi sin, agus iarrfaidh sé nó sí air nó uirthi an neamhchomhlíonadh a réiteach laistigh de thréimhse shonraithe.
Mura ndéanann an Stiúrthóir Feidhmiúcháin neamhchomhlíonadh na próiseála a réiteach laistigh de thréimhse ama shonraithe, cuirfidh an tOifigeach Cosanta Sonraí an Bord Bainistíochta ar an eolas. Freagróidh an Bord Bainistíochta laistigh de theorainn ama shonraithe arna comhaontú leis an Oifigeach Cosanta Sonraí. Mura ndéanann an Bord Bainistíochta an neamhchomhlíonadh a réiteach laistigh den tréimhse ama shonraithe, cuirfidh an tOifigeach Cosanta Sonraí an t‑ábhar faoi bhráid MECS.”;
(31)
In Airteagal 42, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:
“1. Chun críche an fheidhm maoirseachta dá chuid a fheidhmiú, beidh rochtain ag an údarás maoirseachta náisiúnta, ag áitreabh an aonaid náisiúnta nó na n‑oifigeach idirchaidrimh, ar shonraí a chuireann a Bhallstát faoi bhráid Europol i gcomhréir leis na nósanna imeachta náisiúnta ábhartha agus ar na logaí dá dtagraítear in Airteagal 40.
2. Beidh rochtain ag údaráis mhaoirseachta náisiúnta ar oifigí agus ar dhoiciméid a gcuid oifigeach idirchaidrimh féin faoi seach ag Europol.”;”.
(32)
Leasaítear Airteagal 43 mar a leanas:
(a) i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:
Beidh MECS freagrach as faireachán a dhéanamh ar fhorálacha an Rialacháin seo agus Rialachán (AE) 2018/1725 agus as a áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm iad i ndáil le cearta bunúsacha agus saoirsí daoine nádúrtha a chosaint maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag Europol, agus as comhairle a chur ar Europol agus ar ábhair sonraí maidir le gach ábhar a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta.”;
(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
“5. Déanfaidh MECS tuarascáil bhliantúil a tharraingt suas maidir lena ghníomhaíochtaí nó lena gníomhaíochtaí maoirseachta i ndáil le Europol. Beidh an tuarascáil sin ina cuid de thuarascáil bhliantúil MECS dá dtagraítear in Airteagal 60 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725. Iarrfar ar na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta a gcuid barúlacha a chur in iúl maidir leis an tuarascáil sin, sula ndéanfar cuid de thuarascáil bhliantúil MECS di. Tabharfaidh MECS na barúlacha a dhéanfaidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta san áireamh ina n‑iomláine agus, ar aon chaoi, déanfaidh sé tagairt dóibh sa tuarascáil bhliantúil.
Áireofar sa tuarascáil faisnéis staidrimh maidir le gearáin, fiosrúcháin agus imscrúduithe, agus maidir le haistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tíortha agus chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta, cásanna réamhchomhairliúcháin, agus úsáid na gcumhachtaí a leagtar síos i mír 3.”;
(33)
in Airteagal 44, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
“2.
Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, déanfar maoirseacht chomhordaithe a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 62 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725. Bainfidh MECS úsáid as saineolas agus taithí na n‑údarás maoirseachta náisiúnta agus a chuid nó a cuid dualgas, mar a leagtar amach in Airteagal 43(2) iad, á gcur i gcrích aige nó aici. Agus cigireachtaí comhpháirteacha á ndéanamh acu i dteannta MECS, agus aird chuí á tabhairt do phrionsabal na coimhdeachta agus comhréireachta, beidh cumhachtaí ag comhaltaí agus foireann na n‑údarás maoirseachta náisiúnta atá coibhéiseach leis na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 43(4) agus beidh siad faoi cheangal oibleagáid atá coibhéiseach leis an gceann a leagtar síos in Airteagal 43(6).”;
(34)
Scriostar Airteagail 45 agus 46;
(35)
Leasaítear Airteagal 47 mar a leanas:
(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
“ 1. Beidh sé de cheart ag aon ábhar sonraí gearán a thaisceadh le MECS má mheasann sé nó sí nach bhfuil an Rialachán seo nó Rialachán (AE) 2018/1725 á gcomhlíonadh ag Europol agus iad ag próiseáil a chuid nó a cuid sonraí pearsanta.”; [ní mór dúinn an mhír iomlán a ionadú][“1. nó Rialachán (AE) 2018/ 1725.”
(b) i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:
“I gcás ina mbaineann gearán le cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 36, in Airteagal 37 nó in Airteagal 37a den Rialachán seo nó in Airteagail 80, 81 nó 82 de Rialachán (AE) 2018/1725, rachaidh MECS i gcomhairle le húdaráis mhaoirseachta náisiúnta an Bhallstáit a sholáthair na sonraí nó leis an mBallstát lena mbaineann go díreach.”;”;
(c) cuirtear mír 5 seo a leanas leis:
“5. Cuirfidh MECS an t‑ábhar sonraí ar an eolas faoin dul chun cinn a dhéantar maidir leis an ngearán agus faoi thoradh an ghearáin, mar aon leis an bhféidearthacht leigheas breithiúnach a fháil de bhun Airteagal 48.”;
(36)
Leasaítear Airteagal 50 mar a leanas:
(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:
“An ceart chun cúitimh”;
(b) scriostar mír 1;
(c) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
“2.Maidir le haon díospóid idir Europol agus na Ballstáit maidir leis an bhfreagracht deiridh as cúiteamh arna dhámhachtain do dhuine dá ndearnadh díobháil ábhartha nó neamh‑ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 65 de Rialachán (AE) 2018/1725 agus leis na dlíthe náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 56 de Threoir (AE) 2016/680, déanfar í a atreorú chuig an mBord Bainistíochta a dhéanfaidh cinneadh trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí, gan dochar don cheart chun agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh sin i gcomhréir le hAirteagal 263 CFAE..”;.”
(37)
Leasaítear Airteagal 51 mar a leanas:
(a) i mír 3, cuirtear pointí (f) go (i) seo a leanas léi:
“(f)
faisnéis bhliantúil maidir le líon na gcásanna ina ndearna Europol iarrataí iarchúraim a eisiúint chuig páirtithe príobháideacha nó iarrataí ar a chonlán féin a eisiúint chuig na Ballstáit de bhunaíocht le haghaidh sonraí pearsanta a tharchur i gcomhréir le hAirteagal 26, lena n‑áirítear samplaí sainiúla de chásanna lena dtaispeántar an chúis le riachtanas na n‑iarrataí sin ionas go bhféadfadh Europol a chuspóirí agus a chúraimí a chomhlíonadh;
(g)
faisnéis bhliantúil maidir le líon na gcásanna ina raibh sé riachtanach do Europol sonraí pearsanta a phróiseáil lasmuigh de chatagóirí na n‑ábhar sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II d’fhonn tacú leis na Ballstáit in imscrúdú coiriúil sonrach i gcomhréir le hAirteagal 18a, lena n‑áirítear samplaí de chásanna den sórt sin lenar taispeánadh an chúis le riachtanas phróiseáil na sonraí sin;
(h)
faisnéis bhliantúil maidir le líon na gcásanna ina ndearna Europol foláirimh a eisiúint i gCóras Faisnéise Schengen i gcomhréir le hAirteagal 4(1)(r), agus líon na ‘n‑amas’ arna ghiniúint ag na foláirimh sin, lena n‑áirítear samplaí sainiúla de chásanna lena dtaispeántar an chúis le riachtanas na bhfoláireamh sin ionas gur féidir le Europol a chuspóirí agus a chúraimí a chomhlíonadh;
(i)
faisnéis bhliantúil maidir le líon na dtreoirthionscadal ina ndearna Europol sonraí pearsanta a phróiseáil d’fhonn algartaim a thástáil agus a bhailíochtú agus oiliúint a dhéanamh ina leith chun uirlisí a fhorbairt, lena n‑áirítear uirlisí bunaithe ar Intleacht Shaorga, chun an dlí a fhorfheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 33a, lena n‑áirítear faisnéis maidir le cuspóirí na dtionscadal sin agus na riachtanais um fhorfheidhmiú an dlí a bhféachann na tionscadail sin le haghaidh a thabhairt orthu.”;
(38)
in Airteagal 57, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
“4. Féadfaidh Europol leas a bhaint as cistiú an Aontais i bhfoirm comhaontuithe ranníocaíochta nó comhaontuithe deontais i gcomhréir lena rialacha airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 61 agus le forálacha na n‑ionstraimí ábhartha trína dtacaítear le beartais an Aontais. Féadfar ranníocaíochtaí a fháil ó thíortha a bhfuil comhshocrú ag Europol nó ag an Aontas leo ina ndéantar foráil maidir le ranníocaíochtaí airgeadais chuig Europol a thagann faoi raon feidhme chuspóirí agus chúraimí Europol. Cinnfear méid na ranníocaíochta sa chomhaontú cuí-.”;
(39)
Leasaítear Airteagal 61 mar a leanas:
(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
“1.
Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, glacfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le Europol. Ní imeoidh siad ó Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2019/715 ón gCoimisiún mura rud é go mbeidh gá leis an imeacht sin go sonrach le haghaidh oibriú Europol agus mura mbeidh toiliú tugtha ag an gCoimisiún roimh ré.”
(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:
“2.Féadfaidh Europol deontais a bhaineann le comhlíonadh a chuid cuspóirí agus cúraimí dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4 a dhámhachtain.”;
3. Féadfaidh Europol deontais a dhámhachtain ar Bhallstáit, gan glao ar thograí, maidir le gníomhaíochtaí a dhéanamh a thagann faoi chuspóirí agus chúraimí Europol.”;
(c) cuirtear mír 3a seo a leanas isteach:
“3a. I gcás ina mbeidh údar cuí leis chun críocha oibríochtúla, féadfar na costais infheistíochta iomlána a bhaineann le trealamh, bonneagar nó sócmhainní eile a chumhdach le tacaíocht airgeadais.”;
(40)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 67:
“Airteagal 67
Rialacha slándála maidir le faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh‑rúnaicmithe a chosaint
1. Glacfaidh Europol a chuid rialacha slándála féin a bheidh bunaithe ar na prionsabail agus na rialacha a leagtar síos i rialacha slándála an Choimisiúin chun faisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh (FRAE) agus faisnéis íogair neamh‑rúnaicmithe a chosaint, lena n‑áirítear, inter alia, forálacha maidir le faisnéis den sórt sin a mhalartú le tríú tíortha, agus próiseáil agus stóráil faisnéise den sórt sin mar a leagtar amach i gCinntí (AE, Euratom) 2015/443 (44) agus (AE, Euratom) 2015/444 (45) ón gCoimisiún. Aon socrú riaracháin maidir le malartú faisnéis rún‑aicmithe le húdaráis ábhartha tríú tíre nó, in éagmais comhshocrú den sórt sin, aon eisiúint ad hoc FRAE chuig na húdaráis sin, beidh sé nó sí faoi réir formheas roimh ré ón gCoimisiún.
2. Glacfaidh an Bord Bainistíochta rialacha slándála Europol tar éis formheas ón gCoimisiún. Agus measúnú á dhéanamh aige ar na rialacha slándála atá beartaithe, áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh siad i gcomhréir le Cinntí (AE, Euratom) 2015/443 agus (AE, Euratom) 2015/444.“
(41)
in Airteagal 68, cuirtear isteach mír 3 seo a leanas:
“3.
Déanfaidh an Coimisiún, faoin [3 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, lena ndéanfar measúnú ar na tairbhí oibríochtúla arna mbaint as cur chun feidhme na n‑inniúlachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 18(2)(e) agus (5a), Airteagal 18a, Airteagal 26 agus Airteagal 26a maidir le cuspóirí Europol. Cumhdófar leis an tuarascáil tionchar na n‑inniúlachtaí sin ar shaoirsí agus cearta bunúsacha mar a chumhdaítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha.”.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
1.Airteagal CREAT AN TIONSCNAIMH REACHTAIGH
1.1.Teideal an tionscnaimh reachtaigh
Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2016/794
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann
Réimse beartais: Gnóthaí Baile
Gníomhaíocht: Slándáil
12 10 01 : Europol
1.3.Baineann an togra le
◻ beart nua
◻ beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart
⌧ síneadh ar bheart atá ann cheana
◻ beart nó bearta a chumasc i dtreo beart eile/beart nua
1.4.Cuspóirí
1.4.1.Cuspóirí ginearálta
Mar fhreagairt ar riachtanais phráinneacha oibríochtúla, agus glaonna ó na comhreachtóirí ar thacaíocht níos láidre ó Europol, d’fhógair Clár Oibre an Choimisiúin le haghaidh 2020 tionscnamh reachtach chun “sainordú Europol a neartú chun comhar oibríochtúil póilíní a threisiú”. Is príomhghníomhaíocht é sin de Straitéis Aontais Slándála an Aontais, mí Iúil 2020. I gcomhréir le glao na dTreoirlínte Polaitiúla chun “gach iarracht a dhéanamh chun saoránaigh a chosaint”, táthar ag súil go dtreiseofar Europol leis an tionscnamh chun cuidiú leis na Ballstáit saoránaigh a choimeád slán. Tá an dréacht‑togra ón gCoimisiún ina chuid den phacáiste Frithsceimhlitheoireachta.
Tagann cuspóirí ginearálta an tionscnaimh reachtaigh seo ó na spriocanna atá bunaithe ar an gConradh:
1 go dtacóidh Europol le gníomhaíocht údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát agus lena gcomhar frithpháirteach, agus go dtreiseodh sé iad, d'fhonn an choireacht thromchúiseach a dhéanann difear do dhá Bhallstát nó níos mó, an sceimhlitheoireacht agus cineálacha eile coireachta a dhéanann difear do leas coiteann atá ina ábhar do bheartas de chuid an Aontais a chosc agus a chomhrac;
2 féachaint le hardleibhéal slándála a áirithiú trí bhearta chun an choireacht a chosc agus a chomhrac.
1.4.2.Cuspóirí sonracha
Tagann na cuspóirí sonracha ó na cuspóirí ginearálta a leagtar amach thuas:
- Cuspóir sonrach Uimh. 1: a chur ar a chumas do Europol dul i gcomhar go héifeachtach le páirtithe príobháideacha.
- Cuspóir sonrach Uimh. 2: forfheidhmiú an dlí a chumasú chun tacair mhóra chasta sonraí a anailísiú d’fhonn naisc trasteorann a bhrath, i gcomhréir iomlán leis na cearta bunúsacha
- Cuspóir sonrach Uimh. 3: a chur ar a gcumas do na Ballstáit teicneolaíochtaí nua a úsáid chun an dlí a fhorfheidhmiú
- Cuspóir sonrach Uimh. 4: an toradh ar an anailís a dhéanann Europol ar na sonraí a fhaigheann sé ó thríú tíortha a sholáthar d’oifigigh túslíne.
- Cuspóir sonrach Uimh. 5: comhar Europol le tríú tíortha a éascú
- Cuspóir sonrach Uimh. 6: inniúlacht Europol a neartú chun a iarraidh go dtionscnófar imscrúduithe coiriúla
Cuspóir sonrach Uimh. 1: a chur ar a chumas do Europol dul i gcomhar go héifeachtach le páirtithe príobháideacha
Is é an aidhm go ligfear do Europol sonraí a phróiseáil a fhaigheann sé go díreach ó pháirtithe príobháideacha, sonraí pearsanta a mhalartú le páirtithe príobháideacha chun dlínse a leagan síos, chomh maith le bheith ina chainéal chun iarrataí na mBallstát ina bhfuil sonraí pearsanta a tharchur go dtí páirtithe príobháideacha
Cuspóir sonrach Uimh. 2: forfheidhmiú an dlí a chumasú chun tacair mhóra chasta sonraí a anailísiú d’fhonn naisc trasteorann a bhrath, i gcomhréir iomlán leis na cearta bunúsacha.
Is é an aidhm sainordú Europol a shoiléiriú ar bhealach a chuirfidh ar a chumas do Europol a shainordú a chomhlíonadh agus tacú leis na Ballstáit go héifeachtach. Baineann sé sin le ról Europol mar sholáthraí seirbhíse a láimhseálann sonraí a bhaineann le coireacht ar son na mBallstát. Baineann sé le príomhchúram Europol freisin, i.e. anailís a dhéanamh ar shonraí pearsanta a fhaigheann sé ó na Ballstáit chun coireanna a thagann faoi shainordú Europol a chosc agus a chomhrac. Chun a leithéid a dhéanamh i gcomhréir leis an gceanglas a bhaineann leis na catagóirí ábhar sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Europol, ní mór don ghníomhaireacht a fhíorú ar dtús an dtagann na sonraí a fhaigheann sé ó na Ballstáit faoi réim na gcatagóirí sin. Más amhlaidh, ceadaítear do Europol na sonraí pearsanta a phróiseáil faoina shainordú dlíthiúil, lena n‑áirítear le haghaidh gníomhaíocht choisctheach agus faisnéis choiriúil, fad a áirithítear go gcomhlíontar na cearta bunúsacha go hiomlán.
Cuspóir sonrach Uimh. 3: a chur ar a gcumas do na Ballstáit teicneolaíochtaí nua a úsáid chun an dlí a fhorfheidhmiú.
Ag freagairt do na bearnaí arna n‑aithint ar an leibhéal náisiúnta maidir le nuálaíocht agus taighde is ábhartha d’fhorfheidhmiú an dlí, is é an aidhm a chur ar a chumas do Europol tacaíocht éifeachtach a chur ar fáil do na Ballstáit maidir le teicneolaíochtaí nua a fhorbairt agus a úsáid chun an dlí a fhorfheidhmiú. Ar an gcaoi sin, tacófar le hiarrachtaí chun ceannasacht theicneolaíoch agus uathriail straitéiseach an Aontais i réimse na slándála a neartú.
Cuspóir sonrach Uimh. 4: an toradh ar an anailís a dhéanann Europol ar na sonraí a fhaigheann sé ó thríú tíortha a sholáthar d’oifigigh túslíne
Is é an aidhm an toradh ar an anailís a dhéanann Europol ar na sonraí a fhaigheann sé ó thríú tíortha maidir le daoine faoi dhrochamhras agus coirpigh a sholáthar d’oifigigh túslíne cibé uair agus cibé áite is gá. Is é an sprioc fholuiteach a chur ar a gcumas d’oifigigh túslíne cinntí eolacha a ghlacadh nuair a dhéanann siad seiceáil ar dhuine ag an teorainn sheachtrach nó laistigh den limistéar gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha.
Cuspóir sonrach Uimh. 5: comhar Europol le tríú tíortha a éascú
Is é an aidhm atá ann comhar oibríochtúil a éascú idir Europol agus tríú tíortha lena n‑áirítear sonraí pearsanta a aistriú i gcás ina bhfuil gá leis sin chun an dlí a fhorfheidhmiú agus i gcomhair shlándáil inmheánach an Aontais Eorpaigh, agus acmhainn iomlán na bhforas dlíthiúil éagsúil le haghaidh aistrithe sonraí á saothrú, fad a áirithítear go gcomhlíonfar ceanglais chosanta sonraí an Aontais go hiomlán. Ar an mbealach sin, beidh Europol ábalta tacú níos fearr le húdaráis náisiúnta um fhorfheidhmiú an dlí trí dhul i gcomhar le tríú tíortha.
Cuspóir sonrach Uimh. 6: inniúlacht Europol a neartú chun a iarraidh go dtionscnófar imscrúduithe coiriúla
Is é an aidhm inniúlacht Europol a neartú chun a iarraidh go dtionscnófar imscrúduithe coiriúla, ar an leibhéal náisiúnta agus ag OIPE araon, agus aird iomlán á tabhairt ar shainphribhléidí na mBallstát maidir leis an ord poiblí a choinneáil agus slándáil inmheánach a chosaint chomh maith le neamhspleáchas OIPE. Agus sin á dhéanamh, mar chuid den chuspóir sin freisin neartófar cumas OIPE chun imscrúduithe agus ionchúisimh choiriúla a thionscnamh agus a stiúradh go héifeachtach maidir le coireanna a thagann faoina dhlínse.
1.4.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann
Sonraigh an tionchar ar cheart a bheith ag an tionscnamh reachtach ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.
Is iad daoine aonair agus an tsochaí i gcoitinne a bhainfidh tairbhe as an togra go príomha, mar cuirfear feabhas ar chumas Europol tacú le Ballstáit chun an choireacht a chomhrac agus saoránaigh an Aontais a chosaint. Bainfidh na saoránaigh tairbhe dhíreach agus indíreach as rátaí níos ísle coireachta, damáistí laghdaithe eacnamaíocha agus níos lú costas a bhaineann le slándáil. Ní chuimsítear oibleagáidí rialála do shaoránaigh/thomhaltóirí sa togra, agus ní chruthófar costais bhreise ina leith sin dá thoradh.
Cruthófar barainneachtaí scála i gcomhair riarachán leis an togra mar aistreoidh sé impleachtaí na ngníomhaíochtaí spriocdhírithe ar acmhainní ón leibhéal náisiúnta go dtí leibhéal an Aontais. Bainfidh údaráis phoiblí sna Ballstáit tairbhe as an togra go díreach a bhuíoch do bharainneachtaí scála lena mbainfear amach coigiltis i gcostais riaracháin.
Beidh tionchar dearfach ag an togra ar an réimse comhshaoil freisin a mhéid a bheidh údaráis um fhorfheidhmiú an dlí ábalta troid in aghaidh coireanna comhshaoil ar bhealach níos éifeachtaí.
1.4.4.Táscairí feidhmíochta
Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.
Beifear ábalta faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus feidhmíocht na gcuspóirí sonracha leis na príomhtháscairí seo a leanas:
Cuspóir sonrach Uimh. 1: a chur ar a chumas do Europol dul i gcomhar go héifeachtach le páirtithe príobháideacha.
-
Líon na ranníocaíochtaí a fuarthas ó pháirtithe príobháideacha
-
Líon na ranníocaíochtaí ó pháirtithe príobháideacha a comhroinneadh leis na Ballstáit lena mbaineann
-
Líon na n‑iarrataí ar Bhallstáit chun sonraí pearsanta a fháil ó pháirtithe príobháideacha
-
Líon na n‑iarrataí chun iarrataí na mBallstát a threorú chuig páirtithe príobháideacha
Cuspóir sonrach Uimh. 2: forfheidhmiú an dlí a chumasú chun tacair mhóra chasta sonraí a anailísiú d’fhonn naisc trasteorann a bhrath, i gcomhréir iomlán leis na cearta bunúsacha
-
Líon na n‑eintiteas ar a ndearnadh cros‑seiceáil chun a fhíorú an mbaineann na sonraí a fuarthas
leis na catagóirí sonracha ábhar sonraí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le
Rialachán Europol
-
Líon na gcásanna ina bhfuarthas líon mór sonraí pearsanta
-
Líon na ‘bhfoláireamh faisnéise’ a d’eisigh Europol
-
Líon na ‘n‑amas’ a gineadh le ‘foláirimh faisnéise’
Cuspóir sonrach Uimh. 3: a chur ar a gcumas do na Ballstáit teicneolaíochtaí nua a úsáid chun an dlí a fhorfheidhmiú
-
An líon sonraí pearsanta a próiseáladh chun críche na nuálaíochta
-
Líon na n‑uirlisí digiteacha a cruthaíodh ar mhaithe le forfheidhmiú an dlí
Cuspóir sonrach Uimh. 4: an toradh ar an anailís a dhéanann Europol ar na sonraí a fhaigheann sé ó thríú tíortha a sholáthar d’oifigigh túslíne
-
Líon na meastóireachtaí Schengen lenar tacaíodh
-
Líon na ‘bhfoláireamh faisnéise’ a d’eisigh Europol
-
Líon na ‘n‑amas’ a gineadh le ‘foláirimh faisnéise’
Cuspóir sonrach Uimh. 5: comhar Europol le tríú tíortha a éascú
-
Líon na gcásanna ina ndearnadh sonraí pearsanta a aistriú faoi réir
cosaintí iomchuí nó le haghaidh cásanna áirithe
Cuspóir sonrach Uimh. 6: inniúlacht Europol a neartú chun a iarraidh go dtionscnófar imscrúduithe coiriúla agus tacaíocht do OIPE
-
An líon iarrataí a rinne Europol chuig na Ballstáit
-
Líon na bhfreagraí dearfacha ó na Ballstáit
-
An líon iarrataí a rinne Europol chuig OIPE
-
An líon ranníocaíochtaí a rinne Europol le OIPE
-
Líon na gcásanna agus imscrúduithe de chuid OIPE lenar tacaíodh
-
Líon na n‑amas i mbunachar sonraí Europol arna nginiúint le faisnéis OIPE
Táscairí a bhfuil baint acu le leasuithe eile lena n‑áirítear cosaint sonraí a ailíniú:-
Líon na n‑imscrúduithe/n‑oibríochtaí idirnáisiúnta lenar tacaíodh (lena n‑áirítear faoi chuimsiú na bhFoirne Comhpháirteacha um Imscrúdú, Tascfhórsaí Oibríochtúla, agus a raibh baint ag tríú páirtithe leo)
-
Líon agus méid na nDeontas Ardluacha agus na nDeontas Íseal‑Luacha
a dámhadh
-
Líon na dteagmhas cosanta sonraí a tuairiscíodh, chomh maith le Cinntí MECS
-
Líon na n‑iarrataí ó dhaoine príobháideacha chuig oifigeach cosanta sonraí Europol
I gcomhréir le hAirteagal 28 de FFR agus chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú, déanann Europol faireachán cheana féin ar an dul chun cinn ó thaobh a chuspóirí a bhaint amach le táscairí feidhmíochta. Tá 35 Phríomhtháscaire Feidhmíochta ag an ngníomhaireacht faoi láthair, arna gcomhlánú a thuilleadh le 60 Táscaire Feidhmíochta Corparáideach. Tuairiscítear na táscairí sin i dTuarascáil Bhliantúil Chomhdhlúite ar Ghníomhaíochtaí Europol, lena n‑áirítear faireachán soiléir a dhéanamh ar an sprioc faoi dheireadh na bliana chomh maith le comparáid leis an mbliain roimhe. Déanfar na táscairí sin a oiriúnú de réir mar is gá tar éis ghlacadh an togra.
Thairis sin, maidir le cuspóir sonrach uimh. 4 go háirithe, lena ndéantar foráil do chatagóir foláirimh CFS nua a thabhairt isteach i gcomhar le eu-LISA, aithnítear na táscairí seo a leanas le haghaidh eu-LISA:
-
Cur i gcrích rathúil na tástála cuimsithí réamhlainseála ar leibhéal Lárnach,
-
Na tástálacha uile le haghaidh Ghníomhaireachtaí agus Chórais Náisiúnta na mBallstát a bheith curtha i gcrích
-
Tástálacha SIRENE a bheith curtha i gcrích don chatagóir nua
1.5.Forais an tionscnaimh reachtaigh
1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh reachtaigh
Beidh gá le bearta teicniúla agus nós imeachta ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal náisiúnta le haghaidh chur chun feidhme céimneach an tionscnaimh reachtaigh, a gcuirfear tús leis nuair a thiocfaidh an reachtaíocht athbhreithnithe i bhfeidhm. Ba cheart na hacmhainní ábhartha – go háirithe acmhainní daonna – a mhéadú ó scála de réir a chéile i gcomhréir leis an éileamh níos mó ar sheirbhísí Europol.
Is iad seo a leanas na príomhcheanglais a leanann theacht i bhfeidhm an togra:
Chun a chur ar a chumas do Europol dul i gcomhar le páirtithe príobháideacha go héifeachtach:
-
Déanfaidh cuideachtaí a gcuid nósanna imeachta a oiriúnú.
-
Comhaontóidh Europol agus na Ballstáit nós imeachta lena n‑áiritheofar go bhfuil iarrataí Europol i gcomhréir leis na gceanglais náisiúnta.
-
Déanfaidh na Ballstáit a nós imeachta náisiúnta a oiriúnú chun a áirithiú gur féidir leo iarrataí náisiúnta a fhorfheidhmiú bunaithe ar an ngá le faisnéis den sórt sin a fháil do Europol.
-
Bunóidh Europol struchtúr TF chun iarrataí na mBallstát a threorú chuig páirtithe príobháideacha.
Forfheidhmiú an dlí a chumasú chun anailís a dhéanamh ar thacair mhóra chasta sonraí d’fhonn naisc trasteorann a bhrath, agus na cearta bunúsacha á gcomhlíonadh go hiomlán
-
Áiritheoidh Europol go gcuirfear an bonneagar agus na saineolaithe is gá ar fáil chun bunachair mhóra chasta sonraí a phróiseáil d’fhonn tacú le himscrúduithe coiriúla sonracha ag na Ballstáit, agus chun bunachair sonraí den sórt sin a choinneáil nuair is gá sin le haghaidh imeachtaí breithiúnacha sna Ballstáit
A chur ar a gcumas do na Ballstáit teicneolaíochtaí nua a úsáid chun an dlí a fhorfheidhmiú
-
Áiritheoidh Europol go gcuirfear an bonneagar is gá ar fáil, lena n‑áirítear an tArdán Díchriptithe, agus inniúlachtaí chun tacú le cur chun feidhme tionscadal nuálaíochta agus chun nósanna imeachta inmheánacha a oiriúnú.
An toradh ar an anailís a dhéanann Europol ar na sonraí a fhaigheann sé ó thríú tíortha a sholáthar d’oifigigh túslíne
-
Déanfaidh na Ballstáit a gcórais náisiúnta agus a sreafaí oibre SIRENE (“Iarraidh ar Fhaisnéis Fhorlíontach ag na Bealaí Isteach Náisiúnta”) a thabhairt cothrom le dáta ionas go bhféadfaí catagóir foláirimh CFS nua a thabhairt isteach.
-
Déanfaidh Europol agus eu-LISA na córais TF a oiriúnú ionas go bhféadfaí catagóir foláirimh CFS nua a thabhairt isteach.
Comhar Europol le tríú tíortha tosaíochta a éascú:
-Cuirfidh na Ballstáit agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí treoraíocht agus dea-chleachtais ar fáil.
-Bainfidh Europol leas éifeachtach as deiseanna chun sonraí pearsanta a mhalartú le tríú tír
Inniúlacht Europol a neartú chun a iarraidh go dtionscnófar imscrúduithe coiriúla:
-Déanfaidh Europol a shocrú oibre (a caibidlíodh nó a cuireadh i gcrích) a ailíniú le OIPE, de réir fhorálacha Rialachán leasaithe Europol
-Déanfaidh Europol cásanna amhrasta CLA a thuairisciú, soláthróidh sé faisnéis ábhartha, tacaíocht ar an láthair, anailís oibríochtúil, saineolas fóiréinseach agus teicniúil agus sainoiliúint, arna iarraidh sin do OIPE.
-Déanfaidh Europol a chuid nósanna imeachta agus sreafaí oibre oibríochtúla agus próiseála sonraí inmheánacha a oiriúnú chun an tacaíocht réamhluaite a chur ar fáil do OIPE.
-Déanfaidh Europol na socruithe TF is gá chun ligean do OIPE rochtain indíreach a fháil ar bhunachar sonraí Europol ar bhonn córas “amas a fháil/gan amas a fháil”. Déanfar coibhéisí lánaimseartha a mhéadú ó scála i mblianta luatha an chur chun feidhme, de réir mar a thiocfaidh méadú ar líon imscrúduithe agus ionchúisimh OIPE.
Tar éis theacht i bhfeidhm di, cuirfear na gníomhaíochtaí chun feidhme de réir a chéile, i gcomhréir leis an méadú a mheastar a thiocfaidh ar shreafaí sonraí, ar éilimh ar sheirbhísí agus gníomhaíochtaí Europol, chomh maith leis an am atá riachtanach chun na hacmhainní nua a ghlacadh.
1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirtíocht an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, éifeachtacht mhéadaithe nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é “breisluach a bhaineann le rannpháirtíocht an Aontais” an luach a bhíonn ann mar thoradh ar idirghabháil ón Aontas ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú astu féin.
Is de chineál trasnáisiúnta iad an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht. Dá bhrí sin, ní féidir le gníomhaíocht ar leibhéal náisiúnta amháin iad a chomhrac go héifeachtach. Sin an fáth a roghnaíonn na Ballstáit oibriú le chéile faoi chuimsiú an Aontais chun dul i ngleic leis na bagairtí a bhaineann leis an gcoireacht thromchúiseach agus leis an sceimhlitheoireacht.
Thairis sin, mar gheall ar bhagairtí slándála atá ag teacht chun cinn, agus a spreagtar leis an gcaoi a mbaineann coirpigh leas as na buntáistí a bhaineann leis an gclaochlú digiteach, domhandú agus soghluaisteacht, tá gá le tacaíocht éifeachtach ar leibhéal an Aontais d’obair na n‑údarás náisiúnta forfheidhmithe dlí freisin. Déantar foráil le gníomhaíocht an Aontais do bhealach éifeachtach agus éifeachtúil chun cur leis an tacaíocht a thugtar do Bhallstáit chun coireacht thromchúiseach agus sceimhlitheoireacht a chomhrac d’fhonn coinneáil suas leis na bagairtí sin.
Cruthófar barainneachtaí suntasacha scála ar leibhéal an Aontais de thoradh an togra, mar aistreofar cúraimí agus seirbhísí leis, ar féidir iad a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtaí ar leibhéal an Aontais, ón leibhéal náisiúnta go dtí Europol. Dá bhrí sin, déantar foráil leis an togra maidir le réitigh éifeachtacha ar dhúshláin nár mhór aghaidh a thabhairt orthu ar chostais níos airde dá uireasa, trí 27 réiteach náisiúnta aonair, nó ar dhúshláin nach bhféadfaí aghaidh a thabhairt orthu ar an leibhéal náisiúnta ar chor ar bith toisc gur dúshláin trasnáisiúnta iad.
1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó eispéiris eile den sórt sin roimhe seo
Díríonn an togra seo ar an ngá le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin slándála thrasnáisiúnta atá ag forbairt i gcónaí in Europol, thar an leibhéal náisiúnta amháin.
Tá tírdhreach slándála a bhíonn ag síorathrú os comhair na hEorpa, tráth atá bagairtí slándála ag forbairt agus ag éirí níos casta. Baineann coirpigh leas as na buntáistí a bhaineann leis an gclaochlú digiteach, teicneolaíochtaí nua, domhandú agus soghluaisteacht, lena n‑áirítear idirnascacht agus doiléire na dteorainneacha idir an domhan fisiceach agus an domhan digiteach. Chuir géarchéim COVID‑19 leis sin, toisc gur thapaigh coirpigh deiseanna go tapa chun leas a bhaint as an ngéarchéim trína modhanna oibríochta a oiriúnú nó gníomhaíochtaí nua coiriúla a fhorbairt.
Éilíonn na bagairtí slándála sin atá ag teacht chun cinn tacaíocht éifeachtach ar leibhéal an Aontais d’obair na n‑údarás náisiúnta forfheidhmithe dlí. Tá údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát tar éis úsáid níos mó a bhaint as an tacaíocht agus as an saineolas a thairgeann Europol, chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac.
Cuireann an togra leis na ceachtanna a foghlaimíodh agus an dul chun cinn a rinneadh ó cuireadh Rialachán Europol 2016 i bhfeidhm freisin, cé go n‑admhaítear go bhfuil athrú suntasach tagtha ar thábhacht oibríochtúil chúraimí na gníomhaireachta cheana féin. Mar gheall ar an timpeallacht bagartha nuaí, tá athrú tagtha ar an gcineál tacaíochta a theastaíonn ó na Ballstáit a fháil ó Europol agus a bhfuil súil acu léi chun saoránaigh a choinneáil slán, ar bhealach nach raibh coinne leis nuair a rinne na comhreachtóirí caibidlíocht ar shainordú reatha Europol.
Léiríodh le hathbhreithnithe a rinneadh ar shainordú Europol cheana féin agus leis an éileamh níos mó ar sheirbhísí ó na Ballstáit nach mór acmhainní leordhóthanacha airgeadais agus daonna a bheith ar fáil chun cúraimí Europol a chomhlíonadh.
1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile
Tá an togra i gcomhréir leis an tírdhreach slándála atá ag athrú, mar áiritheofar leis go mbeidh na cumais agus na huirlisí is gá ag Europol chun tacú go héifeachtach leis na Ballstáit chun coireacht thromchúiseach agus sceimhlitheoireacht a chomhrac. Cuireadh i dtábhacht sa Chumarsáid dar teideal “Europe’s moment: Repair and Prepare for the Next Generation [Deis na hEorpa: Deisiú agus Ullmhú don Chéad Ghlúin Eile] an gá atá le hAontas níos athléimní a fhorbairt mar léirigh géarchéim COVID‑19 “roinnt leochaileachtaí agus méadú suntasach ar choireanna áirithe, ar nós na cibearchoireachat. Léiríonn sé sin an gá le hAontas Slándála an Aontais Eorpaigh a neartú”.
Tá an togra i gcomhréir go hiomlán le Clár Oibre an Choimisiúin le haghaidh 2020 inar fógraíodh tionscnamh reachtach chun “sainordú Europol a neartú chun comhar oibríochtúil póilíní a threisiú”.
Tá neartú shainordú Europol ar cheann de na príomhghníomhaíochtaí a aithníodh i Straitéis an Aontais maidir le Slándáil an Aontais Eorpaigh, mí Iúil 2020. Áiritheofar le Europol níos éifeachtaí go mbeidh an ghníomhaireacht ábalta a chuid cúraimí a chomhlíonadh go hiomlán agus go mbeidh sé ábalta cabhrú chun na tosaíochtaí straitéiseacha i gcomhair an Aontais Slándála a bhaint amach.
I gcomhréir le glao na dTreoirlínte Polaitiúla chun “gach iarracht a dhéanamh chun ár saoránaigh a chosaint”, tugtar aghaidh leis an togra seo ar na réimsí sin ina n‑iarrann páirtithe leasmhara tacaíocht threisithe ó Europol chun cuidiú le Ballstáit saoránaigh a choinneáil slán.
Thairis sin, cuirtear raon tionscnamh de chuid an Choimisiúin san áireamh leis an togra, lena n‑áirítear an tionscnamh reachtach maidir le hábhar sceimhlitheoireachta ar líne a bhaint. Maidir leis an gcuspóir arna mholadh chun an tacaíocht a thugann Europol don nuálaíocht a chur san áireamh, cuirtear an straitéis Eorpach um shonraí agus an Páipéar Bán maidir le hIntleacht Shaorga san áireamh leis chomh maith.
Cruthófar sineirgí leis an togra freisin le gníomhaíochtaí údarás ábhartha ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus go háirithe Eurojust, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus OLAF trí chomhar foriomlán le Europol a neartú, i gcomhréir le sainorduithe agus inniúlachtaí gach comhlachta faoi seach.
1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh
Aithnítear i gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021‑2027 gur gá Europol a threisiú d’fhonn tacaíocht a mhéadú d’údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát in 2021.
Ó 2016 i leith, agus ó dháta an athbhreithnithe deiridh ar shainordú Europol, bhí treocht i dtreo fás easpónantúil i sreafaí sonraí na gníomhaireachta agus san éileamh ar a chuid seirbhísí, as a d’eascair athneartuithe foirne agus buiséid bhliantúil os cionn na leibhéal a réamhshocraíodh ar dtús.
Ós rud é go dtabharfar isteach cúraimí nua tábhachtacha i Rialachán Europol leis an togra agus go ndéanfar cúraimí eile a shoiléiriú, a chódú agus a shonrú, agus go leathnófar leis seo cumais Europol i gcomhthéacs na gconarthaí, dá bhrí sin, ní féidir é a chumhdach le leibhéal seasta acmhainní. Is gá na hacmhainní airgeadais agus daonna a threisiú le haghaidh an togra.
1.6.Fad agus tionchar airgeadais an tionscnaimh reachtaigh
◻ tréimhse theoranta
◻
Togra/tionscnamh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB
◻
Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB
⌧ tréimhse neamhtheoranta
Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh 2022 go dtí 2027
agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.
1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe
◻ Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún trí
◻
na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin
◻ Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit
⌧ Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:
◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);
◻BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;
⌧ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71;
◻ comhlachtaí dlí phoiblí;
◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu a mhéid a gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;
◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;
◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.
Barúlacha
Aithníodh an bhonnlíne le haghaidh ranníocaíocht an Aontais Eorpach le buiséad Europol bunaithe ar Mheabhrán CAI Uimh. 68 agus ar Dhoiciméad Oibre III a ghabhann le Dréacht‑Bhuiséad 2021. Is é an fhaisnéis go bhfuil an LFS seo gan dochar do ghlacadh CAI 2021-2027 agus Bhuiséad 2021.
In éagmais CAI 2021-2027 agus Bhuiséad 2021 vótáilte, ní háirítear le tionchar airgeadais measta an tionscnaimh reachtaigh ach amháin na hacmhainní sin a bhfuil gá leo in éineacht le ranníocaíocht bhonnlíne Europol ón Aontas Eorpach (costais bhreise i gcomparáid leis an mbonnlíne – Meabhrán uimh. 68).
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha a bhaineann leo.
Maidir leis an bhfaireachán agus an tuairisciú a dhéanfar ar an togra, leanfar na prionsabail a leagtar amach i Rialachán Europol, sa Rialachán Airgeadais agus déanfar a leithéid i gcomhréir leis an gCur Chuige Coiteann maidir le gníomhaireachtaí díláraithe.
Ní mór do Europol Doiciméad Clársceidealaithe Aonair a sheoladh chuig an gCoimisiún, Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle go sonrach gach bliain, ina mbíonn cláir oibre bhliantúla agus ilbhliantúla agus clársceidealú acmhainní. Leagfar amach sa Doiciméad na cuspóirí, na torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus na táscairí feidhmíochta chun faireachán a dhéanamh ar ghnóthachtáil na gcuspóirí agus na dtorthaí. Ní mór do Europol Tuarascáil Bhliantúil Chomhdhlúite ar Ghníomhaíochtaí a chur faoi bhráid an bhoird bainistíochta freisin. Go háirithe, áirítear faisnéis leis an tuarascáil sin ar ghnóthachtáil na gcuspóirí agus na dtorthaí a leagtar amach sa Doiciméad Clársceidealaithe Aonair. Ní mór an tuarascáil sin a sheoladh chuig an gCoimisiún, Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle chomh maith.
Thairis sin, mar a léirítear in Airteagal 68 de Rialachán Europol, ní mór don Choimisiún meastóireacht ar Europol a choimisiúnú faoin 1 Bealtaine 2022 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin. Déanfar measúnú leis an meastóireacht sin, go háirithe, ar thionchar, éifeachtacht agus éifeachtúlacht Europol agus a chleachtais oibre. Ní mór na tuarascálacha meastóireachta a chur faoi bhráid an Ghrúpa um Ghrinnscrúdú Parlaiminteach Comhpháirteach, a dhéanann faireachán polaitiúil ar na gníomhaíochtaí a dhéanann Europol agus a mhisean á chomhlíonadh aige, lena n‑áirítear a mhéid a bhaineann le tionchar na ngníomhaíochtaí sin ar chearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha. Cuirtear na tuarascálacha faoi bhráid na Comhairle, na bparlaimintí náisiúnta agus Bhord Bainistíochta Europol freisin. I gcás inarb iomchuí, cuirfear príomhthorthaí na dtuarascálacha meastóireachta ar fáil don phobal.
Chun faireachán rialta a dhéanamh ar sholáthar na faisnéise is gá ag na Ballstáit, cuirfidh Europol tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin, Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus na bparlaimintí náisiúnta go bliantúil freisin maidir leis an bhfaisnéis a sholáthraíonn gach Ballstát i ndáil leis an bhfaisnéis atá riachtanach do Europol chun a chuid cuspóirí a chomhlíonadh, lena n‑áirítear an fhaisnéis a bhaineann le cineálacha coireachta a mheasann an tAontas gur tosaíocht é iad a chosc nó a chomhrac. Tarraingeoidh Europol suas na tuarascálacha ar bhonn na gcritéar meastóireachta cainníochtúil agus cáilíochtúil arna sainiú ag Bord Bainistíochta Europol.
Ar deireadh, áirítear foráil leis an togra seo lena n‑éilítear go ndéanfar measúnú ar an tionchar ar chearta bunúsacha 2 bhliain tar éis a gcur i bhfeidhm.
2.2.Córas bainistithe agus rialaithe
2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na coinníollacha íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe
Ós rud é go mbeidh tionchar ag an togra ar ranníocaíocht bhliantúil an Aontais chuig Europol, cuirfear buiséad an Aontais chun feidhme trí bhainistíocht indíreach.
De bhun phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, cuirfear buiséad Europol chun feidhme i gcomhréir le rialú inmheánach éifeachtach agus éifeachtúil. Dá bhrí sin, tá sé de cheangal ar Europol straitéis rialaithe iomchuí a chur chun feidhme arna comhordú i measc gníomhairí iomchuí a bhfuil baint acu leis an slabhra rialaithe.
Maidir le rialuithe ex-post, tá Europol, mar ghníomhaireacht dhíláraithe, faoi réir an méid seo a leanas go háirithe:
- iniúchadh inmheánach arna dhéanamh ag an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach de chuid an Choimisiúin
- tuarascálacha bliantúla ón gCúirt Iniúchóirí, lena dtugtar ráiteas dearbhaithe maidir le hiontaofacht na gcuntas bliantúil agus dlíthiúlacht agus rialtacht na n‑idirbheart is bun leo
- urscaoileadh bliantúil a dheonaíonn Parlaimint na hEorpa
- imscrúduithe féideartha arna ndéanamh ag OLAF chun a áirithiú, go háirithe, go mbainfear úsáid cheart as na hacmhainní a leithdháiltear ar ghníomhaireachtaí.
Mar Ard‑Stiúrthóireacht comhpháirtíochta Europol, cuirfidh AS um Imirce agus Gnóthaí Baile a Straitéis Rialaithe maidir le gníomhaireachtaí díláraithe chun feidhme d’fhonn tuairisciú iontaofa faoi chuimsiú a Thuarascála Bliantúil ar Ghníomhaíochtaí a áirithiú. Cé go bhfuil gníomhaireachtaí díláraithe iomlán freagrach as a mbuiséad a chur chun feidhme, tá AS um Imirce agus Gnóthaí Baile freagrach as ranníocaíochtaí bliantúla a íoc go tráthrialta arna mbunú ag an Údarás Buiséadach.
Ar deireadh, cuireann an tOmbudsman Eorpach sraith bhreise rialúcháin agus cuntasachta ar fáil ag Europol.
2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánaigh a bunaíodh chun na rioscaí a mhaolú
Aithnítear na rioscaí seo a leanas:
- acmhainní oibríochtúla faoi bhrú de bharr sreafaí sonraí méadaithe agus tírdhreach gníomhaíochtaí coiriúla a bhíonn ag forbairt i gcónaí
- ilroinnt phríomhghnó Europol mar gheall ar líon níos mó cúraimí agus iarrataí
- easpa leibhéil acmhainní airgeadais agus daonna leordhóthanacha chun na riachtanais oibríochtúla a chomhlíonadh
- easpa acmhainní TFC, agus moilleanna ar phríomhfhorbairtí agus nuashonruithe ar an gcóras lárnach dá thoradh
- rioscaí a bhaineann leis an bpróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta agus an gá le meastóireacht rialta a dhéanamh ar chosaintí nós imeachta agus teicniúla, agus iad a oiriúnú, d’fhonn a áirithiú go gcosnófar sonraí pearsanta agus cearta bunúsacha.
- spleáchais idir na hullmhúcháin atá le déanamh ag eu-LISA maidir le CFS Láir agus na hullmhúcháin atá le déanamh ag Europol maidir le comhéadan teicniúil a bhunú chun sonraí a tharchur chuig CFS
Cuireann Europol Creat Rialaithe Inmheánaigh sonrach chun feidhme bunaithe ar Chreat Rialaithe Inmheánaigh an Choimisiúin Eorpaigh agus ar chreat rialaithe inmheánaigh comhtháite Bhunchoiste na nEagraíochtaí Urraíochta. Ní mór faisnéis a bheith sa Doiciméad Clársceidealaithe Aonair faoi na córais rialaithe inmheánaigh, agus ní mór faisnéis a bheith sa Tuarascáil Bhliantúil Chomhdhlúite ar Ghníomhaíochtaí faoi éifeachtach agus éifeachtúlacht na gcóras rialaithe inmheánaigh, lena n‑áirítear faisnéis maidir le measúnú riosca. Tuairiscítear i dTuarascáil Bhliantúil Chomhdhlúite ar Ghníomhaíochtaí 2019, bunaithe ar an anailís ar chomhpháirteanna agus prionsabail an rialaithe inmheánaigh a ndearnadh faireachán orthu le linn 2019, agus gnéithe cáilíochtúla agus cainníochtúla araon á n‑úsáid, go meastar gurb ann do Chóras Rialaithe Inmheánaigh Europol agus go bhfuil sé ag feidhmiú ar bhealach comhtháite ar fud na gníomhaireachta.
Cuireann Cumas Iniúchóireachta Inmheánaí Europol leibhéal eile de mhaoirseacht inmheánach ar fáil, ar bhonn plean iniúchóireachta bliantúil lena gcuirtear san áireamh measúnú rioscaí in Europol go háirithe. Cuidíonn an Cumas Iniúchóireachta Inmheánaí le Europol chun a chuspóirí a bhaint amach trí chur chuige córasach agus críochnúil a thabhairt isteach chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht na bpróiseas bainistíochta riosca, rialaithe, agus rialachais, agus trí mholtaí a eisiúint maidir le feabhas a chur orthu.
Thairis sin, déanann MECS agus oifigeach cosanta sonraí Europol (feidhm neamhspleách atá ceangailte go díreach le Rúnaíocht an Bhoird Bainistíochta) maoirsiú ar an bpróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta.
Ar deireadh, mar Ard‑Stiúrthóireacht comhpháirtíochta Europol, reáchtálann AS um Imirce agus Gnóthaí Baile cleachtadh bliantúil um bainistiú riosca chun rioscaí arda féideartha a bhaineann le hoibríochtaí gníomhaireachtaí, lena n‑áirítear Europol, a aithint agus measúnú a dhéanamh orthu. Tuairiscítear na rioscaí a mheastar a bheith criticiúil go bliantúil i bplean bainistíochta AS um Imirce agus Gnóthaí Baile agus bíonn plean gníomhaíochta ag gabháil leo ina luaitear an ghníomhaíocht mhaolaithe.
2.2.3.Meastachán ar chost‑éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas “costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú”) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)
Tuairiscíonn an Coimisiún ar an gcóimheas “costais rialaithe/luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú”. Tuairiscítear i dTuarascáil Bhliantúil ar Ghníomhaíochtaí 2019 AS um Imirce agus Gnóthaí Baile gurb é 0.28 % an cóimheas i ndáil le hEintitis a gCuirtear Bainistíocht Indíreach de Chúram Orthu agus Gníomhaireachtaí Díláraithe, agus Europol san áireamh.
Dheimhnigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa dlíthiúlacht agus rialtacht chuntais bhliantúla Europol le haghaidh 2019, lena dtugtar ráta earráide faoi bhun 2 % le fios. Ní thugann aon ní le fios go n‑éireoidh an ráta earráide sin níos measa sna blianta amach romhainn.
Thairis sin, déantar foráil le hAirteagal 80 de Rialachán Airgeadais Europol maidir leis an bhféidearthacht go gcomhroinnfeadh an ghníomhaireacht cumas iniúchóireachta inmheánaí le comhlachtaí eile an Aontais a fheidhmíonn sa réimse beartais céanna mura bhfuil cumas iniúchóireachta inmheánaí chomhlacht aonair de chuid an Aontais cost‑éifeachtach.
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frith-Chalaoise.
Léirítear na bearta a bhaineann le calaois, éilliú agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac, inter alia, in Airteagal 66 de Rialachán Europol agus faoi Theideal X de Rialachán Airgeadais Europol.
Glacfaidh Europol páirt go háirithe i ngníomhaíochtaí coiscthe calaoise na hOifige Eorpaí Frith‑Chalaoise agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas gan mhoill faoi chásanna toimhdithe de chalaois agus neamhrialtachtaí airgeadais eile – i gcomhréir lena straitéis frith‑chalaoise inmheánach.
Tá sé beartaithe nuashonrú ar straitéis frith‑chalaoise Europol a mholadh lena ghlacadh don Bhord Bainistíochta in 2020.
Thairis sin, mar Ard‑Stiúrthóireacht comhpháirtíochta, tá AS um Imirce agus Gnóthaí Baile tar éis a straitéis frith‑chalaoise féin a fhorbairt agus a chur chun feidhme ar bhonn na modheolaíochta arna soláthar ag OLAF. Tagann gníomhaireachtaí díláraithe, agus Europol san áireamh, faoi raon feidhme na straitéise. Fuarthas i dTuarascáil Bhliantúil ar Ghníomhaíochtaí 2019 na hArd‑Stiúrthóireachta um Imirce agus Gnóthaí Baile gur oibrigh na próisis um chalaois a chosc agus a bhrath ar bhealach sásúil agus dá bhrí sin, gur chabhraigh siad chun dearbhú a thabhairt maidir le gnóthachtáil na gcuspóirí um rialú inmheánach.
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TIONSCNAMH REACHTACH
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imreofar tionchar
Línte buiséid atá ann cheana féin
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
|
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Líne buiséid
|
Saghas
caiteachais
|
Ranníocaíocht
|
|
|
Uimhir
|
LD/LN.
|
ó thíortha CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí
|
ó thríú tíortha
|
de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais
|
|
5
|
12 10 01
|
LD/LN
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
TÁ/NÍL
|
Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
|
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Líne buiséid
|
An cineál
caiteachais
|
Ranníocaíocht
|
|
|
Uimhir
|
LD/LN
|
ó thíortha CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí
|
ó thríú tíortha
|
de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais
|
|
|
[XX.YY.YY.YY]
|
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas
In éagmais CAI 2021-2027 agus Bhuiséad 2021 vótáilte, ní háirítear le tionchar airgeadais measta an tionscnaimh reachtaigh ach amháin na hacmhainní sin a bhfuil gá leo in éineacht le ranníocaíocht bhonnlíne Europol ón Aontas Eorpach (costais bhreise i gcomparáid leis an mbonnlíne – Meabhrán uimh. 68).
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil
|
Uimhir
|
Ceannteideal 5 – Slándáil agus Cosaint
|
|
[Comhlacht]:Europol
|
|
|
Bliain 2022
|
Bliain
2023
|
Bliain
2024
|
Bliain
2025
|
Bliain
2026
|
Bliain
2027
|
IOMLÁN
|
|
Teideal 1:
|
Gealltanais
|
(1)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(2)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Teideal 2:
|
Gealltanais
|
(1a)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(2a)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Teideal 3:
|
Gealltanais
|
(3a)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(3b)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe
i gcomhair Europol
|
Gealltanais
|
=1+1a +3a
|
15 987
|
23 946
|
29 427
|
30 965
|
40 019
|
37 524
|
177 867
|
|
|
Íocaíochtaí
|
=2+2a
+3b
|
15 987
|
23 946
|
29 427
|
30 965
|
40 019
|
37 524
|
177 867
|
Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil
|
5
|
‘Caiteachas riaracháin’
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
|
|
Bliain 2021
|
Bliain 2022
|
Bliain
2023
|
Bliain
2024
|
Bliain
2025
|
Bliain
2026
|
Bliain
2027
|
IOMLÁN
|
|
AS: Imirce agus Gnóthaí Baile
|
|
|
• Acmhainní Daonna
|
0 835
|
0 835
|
0 835
|
0 835
|
0 835
|
0 835
|
0 835
|
5 845
|
|
• Caiteachas riaracháin eile
|
0 268
|
0 518
|
0 268
|
0 518
|
0 268
|
0 518
|
0 268
|
2 626
|
|
IOMLÁN AS um Imirce agus Gnóthaí Baile
|
Leithreasuithe
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
(Iomlán na ngealltanas = Iomlán na n‑íocaíochtaí)
|
1 103
|
1 353
|
1 103
|
1 353
|
1 103
|
1 353
|
1 103
|
8 471
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
|
|
Bliain 2021
|
Bliain 2022
|
Bliain
2023
|
Bliain
2024
|
Bliain
2025
|
Bliain
2026
|
Bliain
2027
|
IOMLÁN
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Gealltanais
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
|
|
|
|
|
|
|
|
3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe Europol
◻
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
⌧
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:
In éagmais CAI 2021-2027 agus Bhuiséad 2021 vótáilte, ní háirítear le tionchar airgeadais measta an tionscnaimh reachtaigh ach amháin na hacmhainní sin a bhfuil gá leo in éineacht le ranníocaíocht bhonnlíne Europol ón Aontas Eorpach (costais bhreise i gcomparáid leis an mbonnlíne – Meabhrán uimh. 68).
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Sonraigh cuspóirí agus aschuir
|
|
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN
|
|
|
|
|
2022
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
|
|
Saghas
|
Meánchostas
|
Uimhir
|
Costas
|
Uimhir
|
Costas
|
Uimhir
|
Costas
|
Uimhir
|
Costas
|
Uimhir
|
Costas
|
Uimhir
|
Costas
|
Uimhir
|
Costas
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
CUSPÓIR SONRACH UIMH. 1
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
A chur ar a chumas do Europol dul i gcomhar go héifeachtach le páirtithe príobháideacha
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
Sonraí pearsanta arna gcur ar aghaidh chuig na Ballstáit lena mbaineann - 75 %
|
|
|
3 453
|
|
5 669
|
|
7 192
|
|
8 172
|
|
9 636
|
|
9 306
|
|
43 428
|
|
- Aschur
|
Europol arna úsáid mar chainéal chun iarrataí na mBallstát a tharchur - 25 %
|
|
|
1 151
|
|
1 890
|
|
2 397
|
|
2 724
|
|
3 212
|
|
3 102
|
|
14 476
|
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1
|
|
4 604
|
|
7 559
|
|
9 589
|
|
10 896
|
|
12 848
|
|
12 409
|
|
57 905
|
|
CUSPÓIR SONRACH UIMH. 2
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Forfheidhmiú an dlí a chumasú chun tacair mhóra chasta sonraí a anailísiú d’fhonn naisc trasteorann a bhrath, i gcomhréir iomlán leis na cearta bunúsacha
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
Tacaíocht arna tabhairt do cháschomhaid imscrúdaitheacha in imscrúduithe atá fós ar siúl - 90 %
|
|
|
0 534
|
|
0 977
|
|
1 272
|
|
1 443
|
|
1 641
|
|
1 774
|
|
7 639
|
|
- Aschur
|
Cáschomhaid imscrúdaitheacha arna stóráil i gcomhair imeachtaí breithiúnacha - 10 %
|
|
|
0 059
|
|
0 109
|
|
0 141
|
|
0 160
|
|
0 182
|
|
0 197
|
|
0 849
|
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2
|
|
0 593
|
|
1 085
|
|
1 413
|
|
1 603
|
|
1 823
|
|
1 971
|
|
8 488
|
|
CUSPÓIR SONRACH UIMH. 3
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
a chur ar a gcumas do na Ballstáit teicneolaíochtaí nua a úsáid chun an dlí a fhorfheidhmiú
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
Tionscadail nuálaíochta arna gcur chun feidhme - 75 %
|
|
|
3 290
|
|
3 470
|
|
6 365
|
|
5 668
|
|
8 206
|
|
7 272
|
|
34 269
|
|
- Aschur
|
Réitigh TF arna dtástáil i dtimpeallacht TF Europol - 25 %
|
|
|
1 097
|
|
1 157
|
|
2 122
|
|
1 889
|
|
2 735
|
|
2 424
|
|
11 423
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
-
|
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 3
|
|
4 387
|
|
4 626
|
|
8 486
|
|
7 557
|
|
10 941
|
|
9 696
|
|
45 693
|
|
CUSPÓIR SONRACH UIMH. 4
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
An toradh ar an anailís a dhéanann Europol ar na sonraí a fhaigheann sé ó thríú tíortha a sholáthar d’oifigigh túslíne
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
Foláirimh i gCóras Faisnéise Schengen arna gcruthú - 50 %
|
|
|
1 526
|
|
2 737
|
|
2 386
|
|
2 592
|
|
3 289
|
|
2 855
|
|
15 385
|
|
- Aschur
|
bearta leantacha arna gcur ar fáil ar bhonn 24/7 do na Ballstáit - 50 %
|
|
|
1 526
|
|
2 737
|
|
2 386
|
|
2 592
|
|
3 289
|
|
2 855
|
|
15 385
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
-
|
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 4
|
|
3 052
|
|
5 474
|
|
4 772
|
|
5 183
|
|
6 579
|
|
5 710
|
|
30 770
|
|
CUSPÓIR SONRACH UIMH. 5
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Comhar Europol le tríú tíortha a éascú
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
Tacaíochta arna thabhairt d’oibríochtaí le tríú tíortha - 75 %
|
|
|
1 147
|
|
1 648
|
|
1 251
|
|
1 307
|
|
1 916
|
|
1 863
|
|
9 132
|
|
- Aschur
|
Faisnéis arna malartú le tríú tíortha - 25 %
|
|
|
0 382
|
|
0 549
|
|
0 417
|
|
0 436
|
|
0 639
|
|
0 621
|
|
3 044
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
-
|
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 5
|
|
1,529
|
|
2 197
|
|
1 668
|
|
1 743
|
|
2 554
|
|
2 484
|
|
12 175
|
|
CUSPÓIR SONRACH UIMH. 6
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Inniúlacht Europol a neartú chun a iarraidh go dtionscnófar imscrúduithe coiriúla
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
Tús arna chur le himscrúduithe coiriúla a iarraidh - 25 %
|
|
|
0 456
|
|
0 751
|
|
0 875
|
|
0 996
|
|
1 318
|
|
1 314
|
|
5 709
|
|
- Aschur
|
Tacaíocht arna tabhairt d’imscrúduithe OIPE - 75 %
|
|
|
1 367
|
|
2 252
|
|
2 624
|
|
2 987
|
|
3 955
|
|
3 941
|
|
17 127
|
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 6
|
|
1 823
|
|
3 003
|
|
3 498
|
|
3 983
|
|
5 274
|
|
5 255
|
|
22 836
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
COSTAIS IOMLÁNA
|
|
15 987
|
|
23 946
|
|
29 427
|
|
30 965
|
|
40 019
|
|
37 524
|
|
177 867
|
3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar acmhainní daonna Europol
3.2.3.1.Achoimre
◻
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin
⌧
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin, mar a mhínítear thíos:
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
Bliain 2022
|
Bliain
2023
|
Bliain
2024
|
Bliain
2025
|
Bliain
2026
|
Bliain
2027
|
IOMLÁN
|
|
Gníomhairí sealadacha - Bonnlíne (Iarratas ar Dhréachtbhuiséad 2021)
|
102 859
|
102 859
|
102 859
|
102 859
|
102 859
|
102 859
|
617 153
|
|
Gníomhairí sealadacha – Breise i gcomparáid leis an mbonnlíne (carnach)
|
5 937
|
14 384
|
19 067
|
22 830
|
25 171
|
26 342
|
113 730
|
|
Gníomhairí sealadacha - IOMLÁN
|
108 796
|
117 242
|
121 925
|
125 688
|
128 030
|
129 201
|
730 883
|
|
Baill foirne ar conradh - Bonnlíne
|
20 962
|
20 962
|
20 962
|
20 962
|
20 962
|
20 962
|
125 772
|
|
Saineolaithe Náisiúnta ar Iasacht - Bonnlíne (Iarratas ar an Dréachtbhuiséad 2021)
|
6 729
|
6 729
|
6 729
|
6 729
|
6 729
|
6 729
|
40 374
|
|
IOMLÁN costais bhreise amháin
|
5 937
|
14 384
|
19 067
|
22 830
|
25 171
|
26 342
|
113 730
|
|
IOMLÁN – lena n‑áirítear an bhonnlíne agus costais bhreise
|
136 487
|
144 933
|
149 616
|
153 379
|
155 721
|
156 892
|
897 029
|
Riachtanais foirne (FTE):
|
|
Bliain 2022
|
Bliain
2023
|
Bliain
2024
|
Bliain
2025
|
Bliain
2026
|
Bliain
2027
|
|
Gníomhairí sealadacha - Bonnlíne (Iarratas ar Dhréachtbhuiséad 2021)
|
615
|
615
|
615
|
615
|
615
|
615
|
|
Gníomhairí sealadacha – Breise i gcomparáid leis an mbonnlíne (carnach)
|
71
|
101
|
127
|
146
|
155
|
160
|
|
Gníomhairí sealadacha – IOMLÁN
|
686
|
716
|
742
|
761
|
770
|
775
|
|
Baill foirne ar conradh
|
235
|
235
|
235
|
235
|
235
|
235
|
|
Saineolaithe Náisiúnta ar Iasacht
|
71
|
71
|
71
|
71
|
71
|
71
|
|
IOMLÁN
|
992
|
1022
|
1048
|
1067
|
1076
|
1081
|
Tá dátaí earcaíochta beartaithe do lár na bliana. Rinneadh na méideanna a oiriúnú dá réir: rinneadh na costais a bhaineann le baill foirne nua a earcú a mheasúnú mar 50 % de na meánchostais sa bhliain inar earcaíodh iad.
Rinneadh na hacmhainní daonna a bhfuil gá leo chun cuspóirí an tsainordaithe nua a chur chun feidhme a mheasúnú i gcomhar le Europol. Cuirtear san áireamh leis na meastacháin an méadú ar an ualach oibre a bhfuiltear ag súil leis de réir mar a bhainfidh na páirtithe leasmhara úsáid níos mó as seirbhísí Europol le himeacht ama, chomh maith leis an am a bheidh ag teastáil ó Europol chun acmhainní a chur i bhfeidhm d’fhonn a áirithiú go mbeidh an ghníomhaireacht ábalta a ranníocaíocht ón Aontas a chur chun feidhme go hiomlán agus leithreasuithe a chur faoi chomhar gealltanas in am trátha.
Ní sé beartaithe in LFS líon na ngníomhairí ar conradh a mhéadú. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún a mholadh go méadófaí líon na ngníomhairí ar conradh ó 191 go dtí 235 agus tacaíocht TF agus riaracháin a chur ar fáil maidir leis na gníomhaíochtaí oibríochtúla. Socrófar uaslíon na ngníomhairí ar conradh ag 235 in 2021 agus ba cheart é a bheith seasmhach ag an leibhéal sin ar feadh CAI 2021-2027 ina iomláine.
Sonraí an mhéadaithe foirne
|
Cuspóir sonrach
|
Baill foirne bhreise
|
Leithdháileadh in Europol
|
|
Cuspóir sonrach Uimh. 1
|
Baill foirne bhreise ag teastáil chun anailís a dhéanamh ar shonraí breise a thagann ó pháirtithe príobháideacha.
Líon measta FTEnna a bhfuil gá leo – FTE breise a cheapfar in aghaidh na bliana (neamhcharnach):
2022: +27; 2023: +13; 2024: +10; 2025: +9; 2026: +1; 2027: +2
|
An Stiúrthóireacht Oibríochtaí:
* Lárionad Cibearchoireachta Europol (EC3)
* Lárionad Frithsceimhlitheoireachta na hEorpa – Oibríochtaí (CT) agus Aonad Atreorúcháin ar Líne an Aontais Eorpaigh (IRU)
An Stiúrthóireacht Inniúlachtaí - TFC
|
|
Cuspóir sonrach Uimh. 2
|
Beidh gá le baill foirne bhreise chun bunachair mhóra chasta sonraí a bhainistiú, a phróiseáil agus anailís a dhéanamh orthu, agus chun córais TF a chothabháil, lena n‑áirítear i gcomhthéacs thimthriall beartais an Aontais le haghaidh coireacht idirnáisiúnta eagraithe agus thromchúiseach agus imscrúduithe maidir le “spriocanna ardluacha”.
Beidh gá le baill foirne bhreise don Fheidhm Cosanta Sonraí freisin chun a áirithiú go ndéanfar sonraí móra casta a phróiseáil i gcomhréir go hiomlán leis na cearta bunúsacha.
Líon measta FTEnna a bhfuil gá leo – FTE breise a cheapfar in aghaidh na bliana (neamhcharnach):
2022: +4; 2023: +2; 2024: +2; 2025: +1; 2026: +1; 2027: +1
|
An Stiúrthóireacht Oibríochtaí - *Lárionad Cibearchoireachta Europol (EC3)
* Lárionad Frithsceimhlitheoireachta na hEorpa – Oibríochtaí (CT) agus Aonad Atreorúcháin ar Líne an Aontais Eorpaigh (IRU)
|
|
Cuspóir sonrach Uimh. 3
|
Beidh gá le baill foirne bhreise chun saotharlann nuálaíochta Europol a reáchtáil, chun tacú le mol nuálaíochta an Aontais Eorpaigh um shlándáil inmheánach, agus chun tacú le bainistiú an taighde slándála.
Líon measta FTEnna a bhfuil gá leo – FTE breise a cheapfar in aghaidh na bliana (neamhcharnach):
2022: +12; 2023: +10; 2024: +5; 2025: +5; 2026: +1; 2027: +0
|
An Stiúrthóireacht Oibríochtaí: Lárionad Cibearchoireachta Europol (EC3)
An Stiúrthóireacht Inniúlachtaí - TFC
An tSaotharlann Nuálaíochta
|
|
Cuspóir sonrach Uimh. 4
|
Beidh gá le baill foirne bhreise chun foláirimh a chruthú i gCóras Faisnéise Schengen agus chun bearta leantacha a chur ar fáil ar bhonn 24/7 do na Ballstáit i gcás amais. Déanfar coibhéisí lánaimseartha a mhéadú ó scála i mblianta luatha an chur chun feidhme, de réir mar a leathnófar úsáideoirí an chórais nua. Tugann an gá le tacaíocht 24/7 le fios go bhfuil gá le hacmhainní daonna (obair shealaíochta ).
Tá gá le baill foirne bhreise chun tacú le meastóireachtaí Schengen freisin.
Líon measta FTEnna a bhfuil gá leo – FTE breise a cheapfar in aghaidh na bliana (neamhcharnach):
2022: +15; 2023: +2; 2024: +5; 2025: +0; 2026: +0; 2027: +0
|
An Stiúrthóireacht Oibríochtaí: *An Lárionad Oibríochtúil (24/7)
* Lárionad Frithsceimhlitheoireachta na hEorpa – Oibríochtaí (CT) agus Aonad Atreorúcháin ar Líne an Aontais Eorpaigh (IRU)
An Stiúrthóireacht Inniúlachtaí – TFC
|
|
Cuspóir sonrach Uimh. 5
|
Beidh gá le baill foirne bhreise chun leas a bhaint as a shásra chun sonraí pearsanta a mhalartú le tríú tíortha i gcás inar gá.
Níl sé beartaithe aon bhaill foirne bhreise a fháil i gcomhair na ngníomhaíochtaí a bhaineann le dea-chleachtais agus treoir.
Líon measta FTEnna a bhfuil gá leo – FTE breise a cheapfar in aghaidh na bliana (neamhcharnach):
2022: +5; 2023: +0; 2024: +2; 2025: +0; 2026: +3; 2027: +0
|
An Stiúrthóireacht Inniúlachtaí - TFC
|
|
Cuspóir sonrach Uimh. 6
|
Beidh gá le baill foirne bhreise chun comhordú a dhéanamh leis na Ballstáit agus chun tacú leis na Ballstáit ina gcuid imscrúduithe (lena n‑áirítear tacaíocht ar an láthair, rochtain ar bhunachair sonraí choiriúla agus uirlisí anailíseacha, anailís oibríochtúil, saineolas fóiréinseach agus teicniúil).
Beidh gá le baill foirne bhreise freisin chun comhordú a dhéanamh le OIPE agus chun tacú go gníomhach le OIPE ina chuid imscrúduithe agus ionchúiseamh.
Líon measta FTEnna a bhfuil gá leo – FTE breise a cheapfar in aghaidh na bliana (neamhcharnach):
2022: +8; 2023: +3; 2024: +2; 2025: +4; 2026: +3; 2027: +2
|
An Stiúrthóireacht Oibríochtaí:
- An Lárionad Eorpach um Choireacht Thromchúiseach agus Eagraithe (ESOCC)
- Lárionad Frithsceimhlitheoireachta na hEorpa – Oibríochtaí (CT)
- An Lárionad Eorpach um Choireacht Airgeadais & Eacnamaíochta (EFECC)
An Stiúrthóireacht Inniúlachtaí - TFC
|
3.2.3.2.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach don mháthair‑Ard‑Stiúrthóireacht
◻
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.
⌧
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:
Sloinnfear an meastachán i méideanna iomlána (nó go dtí ionad deachúlach amháin ar a mhéad)
|
|
Bliain 2022
|
Bliain
2023
|
Bliain
2024
|
Bliain
2025
|
Bliain
2026
|
Bliain
2027
|
|
·Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)
|
5
|
5
|
5
|
5
|
5
|
5
|
|
XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 05 01 (Taighde indíreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
10 01 05 01 (Taighde díreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
• Foireann sheachtrach (i gCoibhéis Lánaimseartha: FTE)
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 02 01 (AC, END, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)
|
1
|
1
|
1
|
1
|
1
|
1
|
|
XX 01 02 02 (AC, AL, END, INT agus JPD sna Toscaireachtaí)
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 04 bb
|
- sa Cheanncheathrú
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- i dToscaireachtaí
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 05 02 (AC, END, INT – Taighde indíreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
10 01 05 02 (AC, END, INT – Taighde díreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh)
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN
|
|
|
|
|
|
|
Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.
Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar athshannadh a gcúraimí laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nóis imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
Tuairisc ar na cúraimí atá le comhlíonadh:
|
Oifigigh agus baill foirne shealadacha
|
Ionadaíocht a dhéanamh ar son an Choimisiúin ar Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta. Tuairim an Choimisiúin a tharraingt suas maidir leis an gclár oibre bliantúil agus faireachán a dhéanamh ar a chur chun feidhme. Faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an bhuiséid. Cabhrú leis an nGníomhaireacht chun a cuid gníomhaíochtaí a fhorbairt i gcomhréir le beartais an Aontais, lena n‑áirítear trí pháirt a ghlacadh i gcruinnithe saineolaithe.
|
|
Baill foirne sheachtracha
|
Tacóidh SNE amháin leis na hoifigigh agus na baill foirne shealadacha i ndáil leis na cúraimí thuas agus tabharfaidh sé cúnamh don Ghníomhaireacht chun a cuid gníomhaíochtaí a fhorbairt i gcomhréir le beartais an Aontais, lena n‑áirítear trí pháirt a ghlacadh i gcruinnithe saineolaithe.
|
Ba cheart tuairisc ar ríomh na gcostas le haghaidh aonaid FTE a áireamh in Iarscríbhinn V, roinn 3.
3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
◻
Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil reatha.
◻
Is éard a bheidh sa togra/tionscnamh ná athshannadh an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil.
Mínigh cén t‑athshannadh a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.
Cuimsítear leis an togra acmhainní airgeadais agus acmhainní daonna breise do Europol i gcomparáid leis an méid atá beartaithe faoi láthair i dtogra CAI (Meabhrán Uimh. 68). Déanfar tionchar buiséadach na n‑acmhainní airgeadais breise do Europol a fhritháireamh le laghdú cúiteach ón gcaiteachas réamhshocraithe faoi Cheannteideal 4.
◻
Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil.
Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.
[…]
3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.
Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir leis an gcómhaoiniú atá measta thíos:
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Iontráil an líon blianta is gá chun tréimhse an tionchair a léiriú (féach pointe 1.6)
|
Iomlán
|
|
Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe arna gcómhaoiniú
|
|
|
|
|
|
|
|
|
3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar ioncam
⌧
Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra/tionscnamh ar ioncam.
◻
Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:
◻
ar acmhainní dílse
◻
ar ioncam eile
◻ má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Líne ioncaim an bhuiséid:
|
Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha
|
Tionchar an togra/tionscnaimh
|
|
|
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Iontráil an líon blianta is gá chun tréimhse an tionchair a léiriú (féach pointe 1.6)
|
|
Airteagal ………….
|
|
|
|
|
|
|
|
|
I gcás ioncam ilghnéitheach atá ‘sannta’, sonraigh na línte buiséid caiteachais dá ndéanfar difear.
Sonraigh an modh chun an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar ioncam a ríomh.