An Bhruiséil,4.12.2020

COM(2020) 792 final

2020/0351(NLE)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/123 maidir le deiseanna iascaireachta le haghaidh trosc Ioruach in 2020


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Mar a tharlaíonn gach bliain, socraíonn an Chomhairle TAC tosaigh i mí Dheireadh Fómhair le haghaidh iascach na dtrosc Ioruach a thosaíonn an 1 Samhain. I mbliana, áfach, ní chumhdaíonn an TAC tosaigh ach an tréimhse ón 1 Samhain 2020 go dtí an 31 Nollaig 2020 go dtí go bhfaighfear toradh ar na comhairliúcháin le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad. Léirítear san fhaisnéis is déanaí nach leor leibhéal TAC atá socraithe agus gur cheart é a choigeartú dá bhrí sin.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Bunaíonn an togra cuótaí ar na leibhéil atá i gcomhréir le cuspóirí Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá na bearta atá beartaithe i gcomhréir le cuspóirí agus rialacha an Chomhbheartais Iascaigh agus tá siad comhsheasmhach le beartas an Aontais maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Airteagal 43(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Tagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 3(1)(d) CFAE. Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.

Comhréireacht

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta ar na cúiseanna seo a leanas.

Is comhbheartas é an Comhbheartas Iascaigh. De réir Airteagal 43(3) CFAE, tá de dhualgas ar an gComhairle na bearta maidir le socrú agus leithdháileadh deiseanna iascaireachta a ghlacadh.

Rogha ionstraime

An ionstraim atá beartaithe: Rialachán.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Tugtar san áireamh sa togra an t‑aiseolas ó na páirtithe leasmhara, ó Chomhairlí Comhairleacha, ó na riaracháin náisiúnta, ó eagraíochtaí iascairí agus ó eagraíochtaí neamhrialtasacha.

Bailiú agus úsáid saineolais

Tá an Togra bunaithe ar chomhairle eolaíoch na Comhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES).

Measúnú tionchair

Cuireann Airteagal 43(3) den Chonradh teorainn le raon feidhme an rialacháin maidir le deiseanna iascaireachta.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Neamhbhainteach.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleachtaí ag an togra maidir le buiséad an Aontais Eorpaigh.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle go ndéantar faireachán ar úsáid na ndeiseanna iascaireachta i bhfoirm TACanna agus chuótaí.

Míniúchán mionsonraithe ar fhoráil shonrach an togra

Leis an leasú atá beartaithe, féachtar le Rialachán (AE) 2020/123 ón gComhairle a mhodhnú chun an TAC tosaigh a socraíodh trí bhíthin Rialachán (AE) 2020/1579 maidir le trosc Ioruach le haghaidh na tréimhse ón 1 Samhain 2020 go dtí an 31 Nollaig 2020 a choigeartú.

Socraítear an TAC le haghaidh trosc Ioruach sa Rialachan maidir le deiseanna iascaireachta lena gcumhdaítear an tAtlantach agus an Mhuir Thuaidh. De thairbhe go maireann an t‑iascach ón 1 Samhain go dtí an 31 Deireadh Fómhair don bhliain ina dhiaidh sin, áfach, socraítear TAC tosaigh, ar chúiseanna ama, trí bhíthin an rialacháin lena socraítear deiseanna iascaireachta do Mhuir Bhailt, Rialachán a ghlactar i mí Dheireadh Fómhair. Coigeartaítear an TAC ina dhiaidh sin nuair a ghlactar an Rialachan maidir le deiseanna iascaireachta lena gcumhdaítear an tAtlantach agus an Mhuir Thuaidh, TAC lena bhféadfar freisin na heilimintí féideartha a thiocfaidh as comhairliúcháin an Aontais Eorpaigh leis an Iorua a chomhtháthú.

Dá bhrí sin, socraíodh TAC tosaigh le haghaidh trosc Ioruach i
Rialachán (AE) 2020/1579 ón gComhairle an 29 Deireadh Fómhair 2020 lena socraítear le haghaidh 2021 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc agus grúpaí stoc éisc is infheidhme i Muir Bhailt agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/123 maidir le deiseanna iascaireachta áirithe in uiscí eile. Bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is déanaí atá ar fáil ón gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES), bheadh TAC an Aontais le haghaidh trosc Ioruach ar feadh dhá mhí dhéag faoi raon 140 000 tona. I mbliana, áfach, socraíodh TAC tosaigh le haghaidh trosc Ioruach ag 30 000 tona chun an tréimhse ón 1 Samhain 2020 go dtí an 31 Nollaig 2020 a chumhdach go dtí go bhfaighfear toradh ar na comhairliúcháin le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad.

Idir an dá linn, áfach, san fhaisnéis is déanaí arna soláthar ag an Danmhairg, arb í an geallsealbhóir cuótaí eisiach, nach mór, san iascach trosc Ioruach, léirítear nach leor an TAC tosaigh i bhfianaise na gníomhaíochta iascaireachta a mheastar a bheidh ann go dtí deireadh na bliana. Ag brath ar na blianta, maireann an príomhshéasúr iascaireachta ó mí Mheán Fómhair go dtí mí Eanáir, príomhshéasúr a mbíonn buaicphointe aige ó mhí Dheireadh Fómhair go dtí mí na Nollag. Léirítear sna sonraí iascaireachta is déanaí arna gcur isteach go ngabhtar thart ar 3 700 tona i mí Mheán Fómhair agus os cionn 21 000 tona i mí Dheireadh Fómhair. Tá an Danmhairg ag súil go mbeidh leibhéal na ngabhálacha i mí na Samhna agus i mí na Nollag ar a laghad cosúil le leibhéal na ngabhálacha i mí Dheireadh Fómhair. Dá bhrí sin, ba cheart an TAC le haghaidh trosc Ioruach a shocraítear i Rialachán (AE) 2020/123 ón gComhairle a mhéadú chun go bhféadfaidh an t‑iascach leanúint de bheith ag feidhmiú go dtí deireadh na bliana agus comhairle ICES maidir le gabhálacha a urramú go hiomlán ag an am céanna.

Comhairliúchán leis an Ríocht Aontaithe

Toisc go bhfuil an rialachán seo le glacadh le linn na hidirthréimhse dá bhforáiltear sa Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 130(1) den Chomhaontú sin.

2020/0351 (NLE)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/123 maidir le deiseanna iascaireachta le haghaidh trosc Ioruach in 2020

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Socraítear le Rialachán (AE) 2020/123 1 ón gComhairle le haghaidh 2020 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic áirithe éisc agus le haghaidh grúpaí de stoic éisc is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad. I measc rialacháin eile, shocraigh an Rialachán sin deiseanna iascaireachta go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2020 le haghaidh trosc Ioruach agus foghabhálacha gaolmhara i Roinn 3a d’uiscí na Comhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) agus uiscí an Aontais de Roinn 2a ICES agus i bhfolimistéar 4 ICES.

(2)Le Rialachán (AE) 2020/1579 ón gComhairle 2 , i measc rialacháin eile, leasaítear Rialachán (AE) 2020/123 chun deiseanna iascaireachta tosaigh lena gcumhdaítear an tréimhse ón 1 Samhain 2020 go dtí an 31 Nollaig 2020 a shocrú maidir leis an iascach a luaitear thuas.

(3)De dheasca nach gcumhdaíonn na deiseanna iascaireachta ach dhá mhí den bhliain iascaireachta, socraíodh iad i bhfad faoi bhun chomhairle na ngabhálacha arna soláthar ag ICES.

(4)Is iondúil a mhaireann an séasúr iascaireachta le haghaidh trosc Ioruach ó mhí Mheán Fómhair go dtí mí Eanáir, séasúr a mbíonn buaicphointe aige ó mí Dheireadh Fómhair go dtí mí na Nollag. Léirítear sna sonraí is déanaí a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin gur gabhadh os cionn 21 000 tona trosc Ioruach i mí Dheireadh Fómhair. Trí na huimhreacha sin a eachtarshuí de réir na bpátrún gabhála stairiúil san iascach trosc Ioruach, léirítear nach leor na deiseanna iascaireachta sin chun gníomhaíocht iascaireachta a chumhdach go dtí deireadh na bliana. Is iomchuí, dá bhrí sin, na deiseanna iascaireachta tosaigh sin a choigeartú de réir na meastachán is déanaí, agus fanacht go hiomlán i gcomhréir le comhairle ICES ag an am céanna.

(5)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2020/123 a leasú dá réir.

(6)De bharr go gcumhdaíonn na deiseanna iascaireachta tosaigh sin an tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2020, ba cheart an rialachán seo a theacht i bhfeidhm láithreach tar éis a fhoilsithe.

(7)Chuathas i gcomhairle leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 130(1) den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 2020/123

Leasaítear Rialachán (AE) 2020/123 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus an dáta cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2020.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Rialachán (AE) 2020/123 ón gComhairle an 27 Eanáir 2020 lena socraítear do 2020 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L 25, 30.1.2020, lch. 1).
(2)    Rialachán (AE) 2020/1579 ón gComhairle an 29 Deireadh Fómhair 2020 lena socraítear le haghaidh 2021 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme i Muir Bhailt agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/123 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta áirithe in uiscí eile (IO L 362, 30.10.2020, lch. 3).

An Bhruiséil,4.12.2020

COM(2020) 792 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle

lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/123 maidir le deiseanna iascaireachta le haghaidh trosc Ioruach in 2020


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn IA a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/123, cuirtear an méid seo a leanas in ionad 'trosc Ioruach agus foghabhálacha gaolmhara’ i ‘limistéar 3a ICES agus uiscí an Aontais in 2a agus 4’, sa tábla a bhaineann leis an speiceas:

Speiceas:

trosc Ioruach agus foghabhálacha gaolmhara

Limistéar:

3a; Uiscí an Aontais in 2a agus 4

 

Trisopterus esmarki

 

 

(NOP/2A3A4.)

 

 

Tréimhse ama

1/11/2019 – 31/10/2020

1/11/2020 – 31/12/2020

 

TAC Anailíseach

 

an Danmhairg

72 433

(*)(***)

49 953

(*)(******)

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

an Ghearmáin

14

(*)(**)(***)

10

(*)(**)(******)

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

An Ísiltír

53

(*)(**)(***)

37

(*)(**)(******)

an tAontas

72 500

(*)(***)

50 000

(*)(******)

an Iorua

14 500

(****)

pm

Oileáin Fharó

5 000

(*****)

pm

TAC

Ní bhaineann sé le hábhar 

Ní bhaineann sé le hábhar

 

 

 

 

 

(*)

Féadfaidh suas le 5 % den chuóta a bheith ina fhoghabhálacha cadóg agus faoitíní (OT2/* 2A3A4). Foghabhálacha cadóg agus faoitíní arna gcomhaireamh in aghaidh an chuóta de bhun na forála seo agus foghabhálacha speiceas arna gcomhaireamh in aghaidh an chuóta de bhun Airteagal 15(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní rachaidh siad, i dteannta a chéile, thar 9 % den chuóta.

(**)

Ní fhéadfar an cuóta a iascach ach in uiscí an Aontais i limistéir 2a, 3a agus 4 ICES.

(***)

Ní fhéadfar cuóta an Aontais a iascach ach ón 1 Samhain 2019 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2020.

(****)

Bainfear úsáid as greille shórtála.

(*****)

Bainfear úsáid as greille shórtála. Áirítear leis seo uasmhéid 15 % d’fhoghabhálacha dosheachanta (NOP/*2A3A4), nach mór a chomhaireamh in aghaidh an chuóta seo.

(******)

Féadfar cuóta an Aontais a iascach ón 1 Samhain 2020 go dtí an 31 Nollaig 2020.