AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,9.12.2020
COM(2020) 791 final
2020/0350(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1862 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla a mhéid a bhaineann le iontráil foláireamh ag Europol
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Is ar an leibhéal trasteorainneach a fheidhmíonn an choireacht agus an sceimhlitheoireacht, mar a bhaineann coirpigh agus sceimhlitheoirí leas as na buntáistí atá ann de bharr an domhandaithe agus na soghluaisteachta. Dá bhrí sin, tá an fhaisnéis a chomhroinneann tríú tíortha leis an Aontas maidir le gníomhaíocht choiriúil agus sceimhlitheoireachta ag éirí níos ábhartha do shlándáil inmheánach an Aontais, ag teorainn sheachtrach an Aontais chomh maith le laistigh de chríoch an Aontais. Mar sin féin, tá teorainneacha ann faoi láthair i dtaca le faisnéis arna fáil ó thríú tír a chomhroinnt maidir le daoine a bhfuil drochamhras ann go ndearna siad cionta coiriúla nó sceimhlitheoireachta nó daoine a ciontaíodh i gcionta den sórt sin laistigh den Aontas. Go sonrach, tá teorainneacha ann maidir le faisnéis arna fáil ó thríú tír a chomhroinnt le hoifigigh thosaigh sna Ballstáit (póilíní agus gardaí teorann) nuair is gá agus san áit ar gá í. Is amhlaidh atá i gcás faisnéis arna comhroinnt ag eagraíochtaí idirnáisiúnta le Europol.
Mar shampla, tagann an fhadhb sin chun cinn i gcomhthéacs na n‑iarrachtaí leanúnacha chun trodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta a bhrath. Luaitear i dtuarascáil Europol maidir le Staid agus Treochtaí na Sceimhlitheoireachta, mí an Mheithimh 2020, cé go gcreidtear gur maraíodh nó gur coimeádadh go leor trodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta i gcampaí coinneála nó dídeanaithe in oirthuaisceart na Siria, go bhfuil líon substaintiúil trodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta fós ann nach bhfuil tásc orthu. De réir na tuarascála, mar thoradh ar an anord agus ar easpa faisnéise ón limistéar coinbhleachta, tá an fhaisnéis atá ar fáil do na Ballstáit maidir le trodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta teoranta agus do-infhíoraithe. Ar an gcaoi chéanna, aithnítear i gConclúidí mhí an Mheithimh 2020 ón gComhairle maidir le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais i ndáil leis an sceimhlitheoireacht agus an t‑antoisceachas foréigneach a chosc agus a chomhrac go mbeidh ‘trodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta ina mórdhúshlán coiteann slándála fós sna blianta atá le teacht’, agus iarrtar sna Conclúidí sin comhroinnt faisnéise agus comhar feabhsaithe prapúil idir na Ballstáit, le Europol agus le gníomhaithe ábhartha eile de chuid an Aontais. Mar sin féin, ní théann an fhaisnéis a chuireann Europol isteach ina chórais faisnéise chuig úsáideoirí deiridh ar an gcaoi chéanna le faisnéis a chuireann na Ballstáit ar fáil do Chóras Faisnéise Schengen (SIS), go háirithe an toradh ar a anailís féin ar shonraí arna bhfáil ó thríú tír.
Measann Europol go bhfuil faisnéis faoi thart ar 1000 trodaí eachtracha sceimhlitheoireachta nach den Aontas iad arna soláthar ag tríú tíortha iontaofa do Europol agus do Bhallstáit aonair nach bhfuil curtha isteach in SIS faoi láthair. Ina cháil mar an bunachar sonraí um chomhroinnt faisnéise is mó a úsáidtear san Aontas, cuireann SIS rochtain dhíreach ar fáil i bhfíor-am d’oifigigh thosaigh, rochtain ar fholáirimh maidir le daoine agus ábhair, lena n‑áirítear foláirimh maidir le daoine atá faoi dhrochamhras agus maidir le coirpigh. In éagmais foláirimh in SIS maidir leis na 1000 trodaí eachtracha sceimhlitheoireachta nach den Aontas iad, tá baol ann nach mbraithfidh na gardaí teorann iad agus iad ag iarraidh teacht isteach san Aontas nó nuair a dhéanfaidh póilíní seiceáil orthu laistigh de chríoch an Aontais. Is bearna slándála shuntasach é sin.
I ndáil leis sin, i gConclúidí mhí an Mheithimh 2018 ón gComhairle maidir le comhar agus úsáid SIS a neartú chun dul i ngleic leo siúd a bhíonn páirteach sa sceimhlitheoireacht nó i ngníomhaíochtaí a bhaineann leis an sceimhlitheoireacht, meabhraíodh an gá atá ann chun ‘a áirithiú go ndéanfaí faisnéis maidir le trodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta a uaslódáil chuig na córais agus na hardáin Eorpacha ar bhonn comhleanúnach córasach’. Rinne an Chomhairle tagairt do ‘chur chuige tríchisealach um chomhroinnt faisnéise maidir le trodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta trí úsáid chomhsheasmhach agus an úsáid is fearr a bhaint as SIS agus as sonraí Europol a ndéanann Europol próiseáil orthu chun tras‑seiceáil agus anailís a dhéanamh sna tionscadail ábhartha anailíse.’ Ní bhíonn Ballstáit in ann faisnéis ó thríú tíortha nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta maidir le trodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta a iontráil in SIS i gcónaí chun í a chur ar fáil d’oifigigh thosaigh i mBallstáit eile, áfach. Ar an gcéad dul síos, ní chomhroinneann roinnt tríú tíortha sonraí maidir le daoine atá faoi dhrochamhras agus maidir le coirpigh ach amháin le Europol agus b’fhéidir le roinnt Ballstát. Ar an dara dul síos, fiú má fhaigheann Ballstát an fhaisnéis maidir le daoine atá faoi dhrochamhras agus maidir le coirpigh go díreach ón tríú tír nó trí Europol, d’fhéadfadh sé nach mbeadh sé in ann foláireamh a eisiúint maidir leis an duine lena mbaineann de bharr srianta sa dlí náisiúnta (e.g. an gá le nasc a bhunú le dlínse náisiúnta). Ar an tríú dul síos, d’fhéadfadh sé nach mbeadh sé d’acmhainn ag an mBallstát anailís leormhaith a dhéanamh ar an bhfaisnéis a fhaightear agus í a fhíorú. Fágann sin go mbíonn bearna idir an fhaisnéis a chuireann tríú tíortha ar fáil do Europol agus do na Ballstáit maidir le daoine atá faoi dhrochamhras agus maidir le coirpigh, agus an fhaisnéis sin a bheith ar fáil d’oifigigh thosaigh nuair is gá agus san áit ar gá í.
Maidir le réiteach a d’fhéadfadh a bheith ann ar leibhéal an Aontais, glactar leis go forleathan go bhfuil faisnéis luachmhar ag Europol maidir le daoine atá faoi dhrochamhras agus maidir le coirpigh arna fáil ó thríú tíortha agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta. Tar éis do Europol anailís a dhéanamh ar fhaisnéis arna fáil ó thríú tíortha agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta maidir le daoine atá faoi dhrochamhras agus maidir le coirpigh, lena n‑áirítear trí chros‑seiceáil a dhéanamh leis an bhfaisnéis atá ina chuid bunachar sonraí cheana féin chun cruinneas na faisnéise a dheimhniú agus chun í a chomhlánú le sonraí eile, ní mór do Europol toradh a chuid anailíse a chur ar fáil do na Ballstáit uile. Chuige sin, baineann Europol úsáid as a chórais faisnéise chun anailís ar fhaisnéis arna fáil ó thríú tír maidir le daoine atá faoi dhrochamhras agus maidir le coirpigh a chur ar fáil do na Ballstáit. Ina theannta sin, déanfaidh Europol faisnéis arna fáil ó thríú tír a iontráil ar liosta faire an Chórais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) maidir le náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ón gceanglas víosa a bheith ina seilbh acu nuair a thrasnaíonn siad teorainneacha seachtracha an Aontais. Tacóidh an liosta faire leis na Ballstáit agus measúnú á dhéanamh acu an bhfuil riosca slándála i gceist le duine a dhéanann iarratas ar údarú taistil.
I dtaobh faisnéis atá ag Europol arna fáil ó thríú tír maidir le daoine atá faoi dhrochamhras agus maidir le coirpigh, áfach, ní féidir le Europol an fhaisnéis sin a chur ar fáil go díreach agus i bhfíor-am d’oifigigh thosaigh sna Ballstáit. Níl rochtain láithreach ag oifigigh thosaigh ar chórais faisnéise Europol ná ar na sonraí arna n‑iontráil ag Europol ar liosta faire ETIAS. Tacaíonn córais faisnéise Europol leis an obair a dhéanann imscrúdaitheoirí, oifigigh faisnéise coiriúla agus anailísithe sna Ballstáit. Cé gur faoi gach Ballstát atá sé cinneadh a dhéanamh cé na húdaráis inniúla náisiúnta a bhfuil cead acu oibriú i gcomhar go díreach le Europol, is iondúil nach féidir le hoifigigh thosaigh rochtain a fháil ar chórais faisnéise Europol.
Cé go bhfuil Europol in ann daoine atá in SIS a sheiceáil, agus ó mhí an Mhárta 2021 ar aghaidh, cuirfear ar an eolas é faoi amais ar fholáirimh a bhaineann leis an sceimhlitheoireacht arna n‑eisiúint ag Ballstáit eile, ní féidir le Europol foláirimh a eisiúint in SIS, arb é an bunachar sonraí um chomhroinnt faisnéise is mó a úsáidtear san Aontas agus a bhfuil rochtain dhíreach ag gardaí teorann agus ag póilíní air. Dá bhrí sin, i dtaca le faisnéis ríthábhachtach arna fáil ó thríú tír atá ag Europol maidir le daoine atá faoi dhrochamhras agus maidir le coirpigh, d’fhéadfadh sé nach sroichfeadh an fhaisnéis sin na húsáideoirí deiridh ar an leibhéal náisiúnta nuair is gá agus san áit ar gá í. Áirítear leis sin anailís Europol ar shonraí arna bhfáil ó thríú tíortha agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta maidir le trodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta, ach freisin maidir le daoine a bhfuil baint acu leis an gcoireacht eagraithe (e.g. gáinneáil ar dhrugaí) nó leis an gcoireacht thromchúiseach (e.g. mí‑úsáid ghnéasach leanaí).
Tá difríocht mhór idir an fhor-rochtain atá ag córais faisnéise Europol agus atá ag SIS, rud a léiríonn difríochtaí na gcóras sin maidir le cuspóir.
|
|
Córas Faisnéise Europol
|
Córas Faisnéise Schengen
|
|
Úsáideoirí
|
8 587 n‑úsáideoir
(deireadh 2019)
|
Gach oifigeach tosaigh sna Ballstáit (gardaí teorann agus póilíní)
|
|
Líon na seiceálacha (in 2019)
|
5.4 milliún
|
6.6 billiún
|
Chun aghaidh a thabhairt ar an mbearna slándála sin, is é is cuspóir don togra seo catagóir nua foláirimh a bhunú le haghaidh Europol go sonrach, chun faisnéis a chur ar fáil go díreach agus i bhfíor-am d’oifigigh thosaigh. Chuige sin, is gá leasú a dhéanamh ar Rialachán (AE) 2016/794 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus ar Rialachán (AE) 2018/1862 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla araon. Ar chúiseanna na geoiméadrachta athraithí, agus Ballstáit éagsúla ann a ghlacann páirt sa dá Rialachán sin, cuirtear na leasuithe i láthair in dhá thogra ar leith, ach tá nasc loighciúil eatarthu.
Baineann an togra seo leis an leasú ar Rialachán (AE) 2018/1862. Tá sé beartaithe leis an togra seo é a chur ar a chumas do Europol ‘foláirimh faisnéise’ a eisiúint maidir le daoine atá faoi dhrochamhras agus maidir le coirpigh mar chatagóir nua foláirimh in SIS, le húsáid go heisiach ag Europol i gcásanna agus imthosca sonracha dea-shainithe. Is athrú tábhachtach paraidíme é sin le haghaidh SIS, ós rud é, go dtí seo, nárbh fhéidir ach leis na Ballstáit sonraí a iontráil, a nuashonrú agus a scriosadh in SIS agus go raibh rochtain ‘inléite amháin’ ag Europol, rochtain a chumhdaigh gach catagóir foláirimh. Bheadh Europol in ann foláirimh a eisiúint ar bhonn a chuid anailíse ar fhaisnéis arna fáil ó thríú tír nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, faoi raon feidhme na gcoireanna a thagann faoi shainordú Europol, ar foláirimh iad maidir le náisiúnaigh tríú tír nach tairbhithe cearta saorghluaiseachta iad, agus maidir leis na daoine sin amháin.
Is é is cuspóir don chatagóir nua foláirimh, i gcás ‘amais’, go gcuirfeadh an foláireamh an t‑oifigeach tosaigh ar an eolas go bhfuil drochamhras ann go bhfuil an duine lena mbaineann bainteach le cion coiriúil a bhfuil Europol inniúil ina leith. Mar bheart atá le déanamh, dhéanfaí a thuairisciú do Europol (tríd an mBiúró SIRENE náisiúnta) gur aimsíodh an duine agus an áit, an t‑am agus an chúis a bhí leis an tseiceáil. Thar an tuairisciú sin, ní bheadh aon oibleagáid eile ar an mBallstát inar tharla an ‘t‑amas’. Mar sin féin, bheadh an Ballstát a dhéanann an foláireamh a fhorghníomhú in ann a chinneadh, ar bhonn cás ar chás, lena n‑áirítear bunaithe ar an bhfaisnéis chúlra arna fáil ó Europol, an gá tuilleadh beart a dhéanamh maidir leis an duine sin faoin dlí náisiúnta agus de lánrogha an Bhallstáit sin.
Ós rud é go n‑áirítear próiseáil sonraí pearsanta le malartú faisnéise ó thríú tíortha nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta maidir le daoine atá faoi dhrochamhras agus maidir le coirpigh, sa mheasúnú ar na roghanna beartais chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb a sainaithníodh, cuirtear san áireamh go hiomlán an oibleagáid maidir le cearta bunúsacha a urramú agus go háirithe an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana agus le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an togra seo nasctha go dlúth le beartais eile de chuid an Aontais agus comhlánaíonn sé iad, eadhon:
(1)an tslándáil inmheánach, go háirithe an ‘pacáiste bearta frithsceimhlitheoireachta’ a bhfuil an togra seo mar chuid de;
(2)cosaint sonraí a mhéid a áirithíonn an togra seo cosaint na gceart bunúsach atá ag daoine aonair a ndéantar a sonraí pearsanta a phróiseáil in SIS;
(3)beartais sheachtracha an Aontais, go háirithe obair thoscaireachtaí an Aontais agus an beartas frithsceimhlitheoireachta/slándála i dtríú tíortha.
Ina theannta sin, tá an togra seo nasctha go dlúth le reachtaíocht de chuid an Aontais atá ann cheana agus comhlánaíonn sé an reachtaíocht sin, eadhon reachtaíocht maidir leis na nithe seo a leanas:
(4)Europol a mhéid a dheonaíonn an togra seo cearta breise do Europol chun sonraí a phróiseáil agus a mhalartú in SIS, de réir a shainordaithe;
(5)bainistiú na dteorainneacha seachtracha: comhlánaíonn an togra an prionsabal i gCód Teorainneacha Schengen, eadhon seiceálacha córasacha a dhéanamh ar gach taistealaí sna bunachair sonraí ábhartha, ar dhul isteach i limistéar Schengen agus ar imeacht uaidh, de réir mar a bunaíodh mar fhreagairt ar fheiniméan na dtrodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta;
(6)an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) trína ndéantar foráil maidir le measúnú slándála críochnúil ar náisiúnaigh tríú tír a bheartaíonn taisteal a dhéanamh san Aontas, lena n‑áirítear seiceáil in SIS;
(7)an Córas Faisnéise Víosaí (VIS), lena n‑áirítear seiceáil in SIS ar náisiúnaigh tríú tír a dhéanann iarratas ar víosa.
Ina theannta sin, áirítear sa togra leasuithe breise ar Rialachán (AE) 2018/1862 chun a fhorálacha a bhaineann le cosaint sonraí, go háirithe an ceart chun rochtain a fháil ar shonraí míchruinne, chun iad a cheartú agus chun sonraí atá á stóráil go neamhdhleathach a léirscriosadh, agus a fhorálacha a bhaineann le leigheasanna agus dliteanas, chun na forálacha sin a ailíniú le Rialacháin (AE) 2016/794 agus (AE) 2018/1725 sa mhéid go bhfuil gá leis na hailínithe sin mar gheall ar an gcatagóir nua foláirimh atá le hiontráil ag Europol.
Ar deireadh, mar thoradh ar an togra seo, beidh gá measúnú a dhéanamh ar reachtaíocht an Aontais maidir le ETIAS agus VIS araon chun a chinneadh ar cheart, mar chuid den réamh‑mheasúnú slándála, an catagóir nua foláirimh SIS a áireamh mar chuid den uathphróiseáil a dhéanann ETIAS agus VIS. Ní féidir an measúnú sin a dhéanamh ag an gcéim seo, ós rud é go bhfuil na rialacháin maidir le ETIAS agus VIS á gcaibidliú faoi láthair i bParlaimint na hEorpa agus sa Chomhairle. Tíolacfaidh an Coimisiún leasuithe iarmhartacha ar gach ceann de na hionstraimí sin tar éis an chaibidlíocht a thabhairt i gcrích.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Leis an togra seo leasaítear Rialachán (AE) 2018/1862 agus úsáidtear ceann dá bhunúis dlí, eadhon Airteagal 88(2)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), mar bhunús dlí. Déantar tagairt in Airteagal 88 de CFAE do shainordú Europol agus i bpointe (2)(a) den Airteagal sin déantar tagairt shonrach do bhailiú, stóráil, próiseáil, anailísiú agus malartú faisnéise, go háirithe faisnéis arna cur ar aghaidh ag údaráis na mBallstát nó ag tríú tíortha nó comhlachtaí.
•Geoiméadracht athraitheach
Cuireann an togra seo le forálacha acquis Schengen a bhaineann le comhar póilíneachta agus le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla. Dá bhrí sin, ní mór na hiarmhairtí seo a leanas a chur san áireamh i ndáil leis na prótacail agus leis na comhaontuithe éagsúla le tíortha comhlachaithe:
An Danmhairg: i gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal le CAE agus le CFAE, ní bheidh an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuirfidh an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.
Éire: tá Éire rannpháirteach sa Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Phrótacal Uimh. 19 atá i gceangal le CAE agus le CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Chinneadh 2002/192/CE ón gComhairle agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1745 ón gComhairle.
An Íoslainn agus an Iorua: is é a bheidh sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (G), de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle.
An Eilvéis: is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (G), de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/149/CGB ón gComhairle.
Lichtinstéin: is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (G), de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/349/AE ón gComhairle.
An Bhulgáir agus an Rómáin: is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 4(2) d’Ionstraim Aontachais 2005, agus ba cheart é a léamh i gcomhar le Cinntí 2010/365/AE agus (AE) 2018/934 ón gComhairle.
An Chróit: is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 4(2) d’Ionstraim Aontachais 2011, agus ba cheart é a léamh i gcomhar le Cinneadh (AE) 2017/733 ón gComhairle.
•Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)
De réir phrionsabal na coimhdeachta atá leagtha síos in Airteagal 5(3) de CAE, níor cheart gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais ach amháin sa chás nach bhféadfaidh na Ballstáit na haidhmeanna atá beartaithe a bhaint amach go leormhaith ina n‑aonar agus dá bhrí sin, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta atá beartaithe, gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais.
Leis an togra seo forbrófar an SIS atá ann cheana, córas atá i bhfeidhm ó bhí 1995 ann, agus cuirfear leis. Rinneadh ionstraimí an Aontais a chur in ionad an chreata bunaidh idir-rialtasaigh an 9 Aibreán 2013 [Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle]. An 28 Samhain 2018, glacadh trí Rialachán nua maidir le SIS: Rialachán (AE) 2018/1860 maidir le húsáid SIS i réimse an fhillte, Rialachán (AE) 2018/1861 maidir le húsáid SIS i réimse na dteorainneacha agus Rialachán (AE) 2018/1862 maidir le húsáid SIS i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla. Leis na Rialacháin sin, an creat dlíthiúil a bhí ann roimhe sin agus lena rialaítear SIS, déanfar é a aisghairm ag deireadh 2021 agus gabhfaidh na Rialacháin ionad an chreata sin.
Rinneadh anailís choimhdeachta iomlán ar ócáidí roimhe seo; tá an tionscnamh seo dírithe ar chatagóir nua foláirimh a thabhairt isteach atá le hiontráil in SIS ag Europol, trí Rialachán (AE) 2018/1862 a leasú.
Ní féidir an leibhéal suntasach malartaithe faisnéise idir na Ballstáit agus Europol trí SIS a bhaint amach trí réitigh dhíláraithe. De bharr scála, éifeachtaí agus thionchair an ghnímh, is fearr is féidir an togra seo a bhaint amach ar leibhéal an Aontais. Cuimsíonn cuspóirí an togra seo, inter alia, na ceanglais nós imeachta agus na ceanglais dhlíthiúla atá ar Europol foláirimh a iontráil in SIS chomh maith le ceanglais theicniúla atá ar Europol comhéadan teicniúil a chur ar bun trínar féidir leis foláirimh a iontráil, a nuashonrú agus a scriosadh.
Mura dtugtar aghaidh ar na srianta atá ann i láthair na huaire maidir le SIS, tá baol ann gur iomaí deiseanna a chaillfear chun éifeachtúlacht agus breisluach AE a uasmhéadú agus go mbeidh laigí ann a chuirfidh bac ar obair na n‑údarás inniúil.
•Comhréireacht
De réir phrionsabal na comhréireachta a leagtar síos in Airteagal 5(4) de CAE, ní mór cineál agus déine birt ar leith a bheith ag freagairt do chineál agus do dhéine na faidhbe a sainaithníodh. Éilíonn gach fadhb a dtugtar aghaidh air sa tionscnamh seo, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, tacaíocht ar leibhéal an Aontais do na Ballstáit chun dul i ngleic leis na fadhbanna sin go héifeachtach:
Is ionann an tionscnamh atá beartaithe agus leasú ar SIS i ndáil le comhar póilíneachta agus comhar breithiúnach in ábhair choiriúla. I dtéarmaí an chirt i leith sonraí pearsanta a chosaint, comhlíonann an togra seo prionsabal na comhréireachta ós rud é go ndéantar foráil leis maidir le nósanna imeachta agus coimircí sonracha agus foláirimh á n‑iontráil ag Europol, chomh maith le rialacha sonracha i ndáil le scriosadh foláireamh agus ós rud é nach n‑éilítear leis sonraí a bhailiú agus a stóráil ar feadh tréimhse is faide ná mar atá fíor-riachtanach chun ligean don chóras feidhmiú agus a chuspóirí a ghnóthú. Ní bheidh sna foláirimh SIS a dhéanfaidh Europol a iontráil ach na sonraí is gá chun duine a shainaithint. Déantar na sonraí breise eile go léir a chur ar fáil trí Bhiúrónna SIRENE, rud a chumasaíonn malartú faisnéise forlíontaí. Sa bhreis air sin, déantar foráil leis an togra maidir le cur chun feidhme na gcoimircí agus na sásraí uile is gá chun cearta bunúsacha na ndaoine is ábhar do na sonraí a chosaint go héifeachtach, go háirithe sonraí faoina saol príobháideach agus sonraí pearsanta a chosaint.
Tá an beart atá beartaithe comhréireach sa mhéid agus nach dtéann sé thar a bhfuil riachtanach maidir le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais chun na cuspóirí sainithe a bhaint amach. Is ‘rogha deiridh’ a bheidh san fholáireamh a chuirfidh Europol isteach sa chás i nach mbeidh na Ballstáit in ann, nó sa chás nach mbeidh sé beartaithe acu, foláirimh a iontráil maidir leis an duine lena mbaineann, rogha nach féidir dul ina mhuinín ach amháin nuair is gá agus is comhréireach an foláireamh á iontráil. Beidh an ghníomhaíocht atá le déanamh teoranta d’fhaisnéis a chur ar fáil maidir le háit agus am na seiceála ónar tháinig an t‑amas ar fholáireamh Europol.
•An rogha ionstraime
Beidh an t‑athbhreithniú atá beartaithe i bhfoirm Rialachán lena leasófar Rialachán (AE) 2018/1862 chun catagóir nua foláirimh a thabhairt isteach atá le hiontráil in SIS ag Europol. Is é Airteagal 88(2), pointe (a) de CFAE bunús dlí an togra seo, arb é bunús dlí Rialachán (AE) 2018/1862 é freisin, Rialachán a ndéanfaidh an togra leasú air.
Ní mór Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a roghnú mar go bhfuil na forálacha le bheith ina gceangal agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát agus maidir le Europol. Leis an togra seo, cuirfear le córas láraithe atá ann cheana, ar córas é trína n‑oibríonn na Ballstáit i gcomhar le chéile agus óna dteastaíonn ailtireacht choiteann agus rialacha oibriúcháin ceangailteacha.
Éilíonn an bunús dlí go n‑úsáidfear an gnáthnós imeachta reachtach.
Thairis sin, déantar foráil leis an togra maidir le rialacha atá infheidhme go díreach agus lena gcumasaítear do dhaoine is ábhar do na sonraí rochtain a fháil ar a gcuid sonraí féin agus ar leigheasanna gan aon ghá le tuilleadh beart cur chun feidhme ina leith sin. Dá dhroim sin, is é Rialachán an t‑aon ionstraim dlí is féidir a roghnú.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Chun a áirithiú go ndéantar leas ginearálta an phobail a mheas go cuí i gcur chuige an Choimisiúin maidir le sainordú Europol a neartú, lena n‑áirítear an cúram foláirimh a iontráil in SIS, rinne seirbhísí an Choimisiúin geallsealbhóirí ábhartha a shainaithint agus chuaigh siad i gcomhairle leo agus an tionscnamh seo á ullmhú. D’iarr seirbhísí an Choimisiúin tuairimí ó réimse leathan saineolaithe ábhair, údaráis náisiúnta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus ó dhaoine den phobal maidir lena n‑ionchais agus lena n‑imní i ndáil le feabhas a chur ar chumas Europol tacú leis na Ballstáit an choireacht a chosc agus a imscrúdú go héifeachtach.
Le linn an phróisis comhairliúcháin, chuir seirbhísí an Choimisiúin modhanna agus foirmeacha éagsúla comhairliúcháin i bhfeidhm. Áiríodh leo siúd:
·an comhairliúchán ar an Measúnú ar Thionchair Tionscanta, inar iarradh tuairimí ó na geallsealbhóirí go léir;
·comhairliúchán spriocdhírithe le geallsealbhóirí trí bhíthin ceistneora;
·agallaimh le saineolaithe; agus
·ceardlanna téamacha spriocdhírithe le geallsealbhóirí inar díríodh ar shaineolaithe ábhair, lena n‑áirítear cleachtóirí ar an leibhéal náisiúnta. Agus gnéithe teicniúla agus sainiúlachtaí an ábhair á gcur san áireamh, dhírigh seirbhísí an Choimisiúin ar chomhairliúcháin spriocdhírithe, agus thug siad aghaidh ar raon leathan geallsealbhóirí ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais.
Bhí éagsúlacht na bpeirspictíochtaí luachmhar ó thaobh tacú leis an gCoimisiún chun a áirithiú go dtugtar aghaidh lena thionscnamh ar riachtanais raon leathan geallsealbhóirí agus go gcuirtear san áireamh ann na hábhair imní atá acu. Thairis sin, chuir sé ar a chumas don Choimisiún sonraí, fíricí agus tuairimí riachtanacha agus ríthábhachtacha a bhailiú maidir le hábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht, comhleanúnachas agus breisluach AE an tionscnaimh seo.
Agus paindéim COVID‑19, na srianta a bhaineann léi agus an gan a bheith in ann idirghníomhú leis na geallsealbhóirí ábhartha i suíomhanna fisiceacha á gcur san áireamh, díríodh sna gníomhaíochtaí comhairliúcháin ar roghanna malartacha is infheidhme amhail suirbhéanna ar líne, agallaimh ghutháin leathstruchtúrtha agus cruinnithe físchomhdhála.
Tríd is tríd, tacaíonn na geallsealbhóirí le sainordú dlíthiúil Europol a neartú chun tacú leis na Ballstáit an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chosc agus a chomhrac.
Rinneadh torthaí na ngníomhaíochtaí comhairliúcháin a ionchorprú sa mheasúnú tionchair agus in ullmhú an tionscnaimh.
•Measúnú tionchair
I gcomhréir le ceanglais maidir le Rialáil Níos Fearr, ullmhaíodh Measúnú Tionchair a ghabhann leis an togra le haghaidh Rialachán maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2016/794. Sa tuarascáil sin, rinneadh measúnú ar an tsaincheist maidir le catagóir nua foláirimh a thabhairt isteach in SIS go heisiach le haghaidh Europol, lena léirítear ról agus inniúlachtaí Europol, chomh maith leis na coimircí riachtanacha.
Rinneadh roinnt roghanna beartais reachtaigh a mheas. Rinneadh measúnú iomlán ar na roghanna beartais seo a leanas:
·Rogha beartais 1: Europol a chumasú chun foláirimh maidir le ‘seiceáil dhiscréideach’ a eisiúint in SIS;
·Rogha beartais 2: catagóir nua foláirimh a thabhairt isteach in SIS a bheidh le húsáid ag Europol go heisiach.
Tar éis measúnú mionsonraithe a dhéanamh ar thionchar na roghanna beartais sin, thángthas ar an gconclúid gurb í an rogha bheartais tosaíochta rogha 2. Léirítear an rogha bheartais tosaíochta seo sa tionscnamh seo.
Freagraíonn an rogha bheartais tosaíochta, rogha beartais 2, go héifeachtach do na fadhbanna a sainaithníodh agus chuirfeadh sí le cumas Europol a chuid anailíse ar fhaisnéis arna fáil ó thríú tír maidir le daoine atá faoi dhrochamhras agus maidir le coirpigh a chur ar fáil d’oifigigh thosaigh.
•Cearta bunúsacha
Cuireann an togra seo catagóir nua foláirimh, atá le hiontráil ag Europol, le córas atá ann cheana, agus dá bhrí sin cuireann sé le coimircí tábhachtacha éifeachtacha atá curtha ar bun cheana féin. Mar sin féin, ós rud é go ndéanfaidh an córas sonraí a phróiseáil chun críche nua, d’fhéadfadh tionchar a bheith ar chearta bunúsacha an duine aonair. Rinneadh breithniú críochnúil orthu sin, agus tá coimircí breise curtha i bhfeidhm chun srian a chur le próiseáil sonraí ag Europol chun nach rachfar thar an méid a bhfuil géarghá leis agus thar an méid is gá ó thaobh cúrsaí oibríochtúla de.
Leagtar amach tréimhsí ama soiléire maidir le hathbhreithniú sonraí sa togra seo i ndáil leis an gcatagóir nua foláirimh. Is é aon bhliain amháin ar a mhéad atá socraithe don tréimhse athbhreithnithe, arb í an tréimhse athbhreithnithe is giorra a chuirtear i bhfeidhm in SIS. Tugtar aitheantas sainráite do chearta daoine aonair maidir le rochtain a fháil ar shonraí a bhaineann leo, iad a cheartú agus léirscriosadh a iarraidh i gcomhréir lena gcearta bunúsacha, agus déantar foráil shainráite i leith na nithe sin.
Rannchuideoidh forbairt agus éifeachtacht leantach SIS le slándáil daoine sa tsochaí.
Leis an togra, ráthaítear ceart an duine is ábhar do na sonraí ar leigheasanna éifeachtacha atá ar fáil chun cur i gcoinne aon chinneadh agus áireofar leo sin, in aon chás, leigheas éifeachtach os comhair cúirte nó binse i gcomhréir le hAirteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Cuireann an togra seo le raon feidhme an SIS atá i bhfeidhm faoi láthair trí chatagóir nua foláirimh a thabhairt isteach le haghaidh Europol.
Léiríonn an ráiteas airgeadais a ghabhann leis an togra seo na hathruithe is gá maidir le bunú na catagóire nua foláirimh sin in SIS Láir ag eu-LISA, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh atá freagrach as SIS Láir a bhainistiú agus a fhorbairt. Ar bhonn measúnaithe ar na gnéithe éagsúla den obair a éilíonn eu-LISA i ndáil le SIS Láir, beidh gá le méid iomlán EUR 1,820,000 milliún le haghaidh na tréimhse 2021-2022 don Rialachán atá beartaithe.
Beidh tionchar ag an togra freisin ar na Ballstáit, mar go gcuirtear de cheangal orthu a gcórais náisiúnta a thabhairt cothrom le dáta, córais atá nasctha le SIS Láir, ionas go mbeidh siad in ann foláireamh Europol a thaispeáint dá n‑úsáideoirí deiridh. Na costais a bhaineann le forbairt na gcóras náisiúnta atá nasctha le SIS Láir, tá siad le cumhdach faoi na hacmhainní atá ar fáil do na Ballstáit faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil nua le haghaidh 2021-2027 chun SIS a fhorbairt agus a chothabháil.
Ina theannta sin, cuirfidh an togra de cheangal ar Europol comhéadan teicniúil a chur ar bun chun sonraí a iontráil, a nuashonrú agus a scriosadh in SIS Láir. Na costais a bhaineann le cur ar bun an chomhéadain sin ag Europol, cumhdaítear na costais sin faoin ráiteas airgeadais a ghabhann leis an togra chun Rialachán Europol a leasú.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Ar bhonn Rialachán (AE) 2018/1862, déanfaidh an Coimisiún, na Ballstáit agus eu-LISA athbhreithniú agus faireachán go tráthrialta ar úsáid SIS chun a áirithiú go leanann sé de bheith ag feidhmiú go héifeachtach agus go héifeachtúil.
Gheobhaidh an Coimisiún cúnamh ó Choiste SIS-SIRENE (oiliúint póilíní) i ndáil le bearta teicniúla agus oibríochtúla a thuairiscítear sa togra a chur chun feidhme, trí leasú a dhéanamh ar na Cinntí Cur Chun Feidhme ábhartha ón gCoimisiún.
Déantar foráil in Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2018/1862 go ndéanfaidh an Coimisiún meastóireacht gach cúig bliana ar a laghad ar an úsáid a bhaineann Europol, Eurojust agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta as SIS. Cumhdófar sa mheastóireacht sin nósanna imeachta Europol maidir le sonraí a iontráil in SIS. Beidh ar Europol obair leantach leormhaith a áirithiú maidir leis na torthaí agus na moltaí a eascraíonn as an meastóireacht. Cuirfear tuarascáil maidir le torthaí na meastóireachta agus an obair leantach a dhéanfar uirthi chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.
Ina theannta sin, áirítear i Rialachán (AE) 2018/1862 forálacha in Airteagal 74(9) maidir le próiseas foirmiúil tráthrialta athbhreithniúcháin agus meastóireachta a bheidh infheidhme freisin maidir leis an gcatagóir nua foláirimh a thugtar isteach leis an leasú seo.
Tá sé de cheangal ar an gCoimisiún meastóireacht fhoriomlán a dhéanamh ar SIS agus ar an malartú faisnéise idir na Ballstáit gach ceithre bliana agus an mheastóireacht sin a chomhroinnt leis an bParlaimint agus leis an gComhairle. Tríd an meastóireacht sin:
·scrúdófar na torthaí a baineadh amach de réir na gcuspóirí;
·measfar an bhfuil an bhunréasúnaíocht leis an gcóras bailí fós;
·déanfar an chaoi ina bhfuil an Rialachán á chur i bhfeidhm ar an lárchóras a scrúdú;
·déanfar meastóireacht ar shlándáil an lárchórais;
·scrúdófar na himpleachtaí a bhaineann le feidhmiú an chórais sa todhchaí.
Tá sé de cheangal ar eu-LISA tuairisciú a dhéanamh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, gach dhá bhliain, maidir le feidhmiú teicniúil SIS, lena n‑áirítear staid slándála SIS, maidir leis an mbonneagar cumarsáide atá ann mar thaca dó, agus maidir le malartú déthaobhach agus iltaobhach faisnéise forlíontaí idir na Ballstáit, chomh maith leis an gCóras uathoibrithe um Shainaithint Méarlorg.
Tá sé de chúram ar eu-LISA freisin staidreamh a sholáthar ar bhonn laethúil, míosúil agus bliantúil faoi úsáid SIS, rud a áirithíonn faireachán leanúnach ar an gcóras agus ar fheidhmiú an chórais de réir na gcuspóirí.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Tá sé beartaithe leis an togra seo é a chur ar a chumas do Europol ‘foláirimh faisnéise’ a eisiúint maidir le daoine atá faoi dhrochamhras agus maidir le coirpigh mar chatagóir nua foláirimh in SIS, le húsáid go heisiach ag Europol i gcásanna agus imthosca sonracha dea-shainithe. Bheadh Europol in ann na foláirimh sin a eisiúint ar bhonn a chuid anailíse ar fhaisnéis arna fáil ó thríú tír nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, agus faoi raon feidhme na gcoireanna a bhfuil Europol inniúil ina leith, ar foláirimh iad maidir le náisiúnaigh tríú tír agus maidir leis na daoine sin amháin. Cuireann an cuspóir sonrach seo srian le comhroinnt faisnéise arna fáil ó thríú tír a maidir le daoine atá faoi dhrochamhras agus maidir le coirpigh.
Is é is cuspóir don chatagóir nua foláirimh, i gcás ‘amais’, go gcuirfeadh an foláireamh in iúl don oifigeach tosaigh go bhfuil faisnéis maidir leis an duine sin ag Europol. Go sonrach, thabharfaí an foláireamh le fios go bhfuil faisnéis ag Europol lena dtugtar forais lena mheas go bhfuil sé ar intinn ag an duine sin aon cheann de na coireanna a bhfuil Europol inniúil ina leith a dhéanamh nó go bhfuil aon cheann de na coireanna sin á dhéanamh aige, nó go bhfuil measúnú foriomlán a rinneadh ar an duine sin ina chúis lena chreidiúint go bhféadfadh sé go ndéanfadh an duine sin ceann de na cionta sin amach anseo.
Leagtar amach sa togra forálacha mionsonraithe maidir leis na ceanglais nós imeachta a bhfuil sé de cheangal ar Europol iad a chomhlíonadh sula ndéanfar foláireamh a iontráil in SIS. Áirithítear leis na céimeanna nós imeachta sin dlíthiúlacht iontráil an fholáirimh chomh maith le tosaíocht na bhfoláireamh a dhéanann na Ballstáit a iontráil agus áirítear leo go gcuirtear aon agóid ó na Ballstáit san áireamh.
Ar an gcéad dul síos, déanfaidh Europol anailís ar an bhfaisnéis arna fáil ó thríú tíortha nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, e.g. trína seiceáil i gcomparáid le faisnéis eile atá ar fáil, chun a cruinneas a fhíorú agus chun an pictiúr faisnéise a chomhlánú. Más gá, beidh ar Europol tuilleadh faisnéise a mhalartú leis an tríú tír nó leis an eagraíocht idirnáisiúnta. Ina theannta sin, ní mór do Europol a mheasúnú ar gá an foláireamh a iontráil chun a chuspóirí a ghnóthú mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/794 iad.
Ar an dara dul síos, ní mór do Europol a sheiceáil nach bhfuil aon fholáireamh in SIS cheana maidir leis an duine céanna.
Ar an tríú dul síos, ní mór do Europol an fhaisnéis arna bailiú faoin duine lena mbaineann a chomhroinnt leis na Ballstáit uile agus dul i mbun comhairliúcháin roimh ré chun a dheimhniú nach bhfuil sé ar intinn ag aon Bhallstát an foláireamh a iontráil iad féin bunaithe ar an bhfaisnéis arna bailiú ag Europol, agus chun a dheimhniú nach ndéanann na Ballstáit agóid i gcoinne iontráil an fholáirimh ag Europol. Áirithítear leis na forálacha sin, má mheasann Ballstát go bhfuil a dhóthain faisnéise agus foras aige chun ceanglais Rialachán (AE) 2018/1862 a chomhlíonadh agus chun a fhorálacha náisiúnta a chomhlíonadh maidir leis an bhfoláireamh a iontráil iad féin, go mbeidh an deis acu é sin a dhéanamh agus go mbeidh tosaíocht ag an bhfoláireamh sin. Sa chás sin, tá an deis ag na Ballstáit an chatagóir ábhartha foláirimh atá ar fáil dóibh a chinneadh, bunaithe ar Rialachán (AE) 2018/1862, agus an foláireamh a eisiúint. Ina theannta sin, tá an deis ag na Ballstáit agóid a dhéanamh i gcoinne iontráil an fholáirimh ag Europol, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, go háirithe más rud é go gceanglaítear amhlaidh lena shlándáil náisiúnta, nó nuair is móide go mbeadh an foláireamh ina bhaol d’fhiosrúcháin, imscrúduithe nó nósanna imeachta oifigiúla nó dlíthiúla, nó má fhaigheann siad faisnéis nua faoin duine is ábhar don fholáireamh lena n‑athraítear measúnú an cháis.
Chun a áirithiú go ndéanfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí faireachán ar chosaint sonraí, coinneoidh Europol taifid mhionsonraithe a bhaineann le hiontráil an fholáirimh in SIS agus leis na forais atá leis an iontráil sin lenar féidir comhlíonadh na gceanglas substainteacha agus na gceanglas nós imeachta a fhíorú.
Ar deireadh, cuirfidh Europol gach Ballstát ar an eolas faoi iontráil an fholáirimh in SIS trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú.
Sa bhreis air sin, déanann an togra oibleagáidí agus ceanglais Europol a ailíniú le hoibleagáidí agus ceanglais an Bhallstáit eisiúna agus foláirimh á n‑iontráil in SIS. Baineann na ceanglais sin leis an méid seo a leanas: catagóirí sonraí, comhréireacht, inneachar íosta sonraí chun foláireamh a iontráil, iontráil sonraí bithmhéadracha, rialacha ginearálta maidir le próiseáil sonraí, cáilíocht na sonraí atá in SIS, chomh maith le rialacha maidir le hidirdhealú idir daoine a bhfuil saintréithe comhchosúla acu, goid chéannachta agus naisc.
Mar bheart atá le déanamh, cheanglófaí ar an oifigeach tosaigh an ‘t‑amas’ a thuairisciú láithreach do Bhiúró náisiúnta SIRENE, agus rachadh an Biúró i dteagmháil le Europol ina dhiaidh sin. Ní thuairisceodh an t‑oifigeach tosaigh ach gur aimsíodh an duine is ábhar d’fholáireamh agus chuirfeadh sé in iúl an áit, an t‑am agus an chúis a bhí leis an tseiceáil a rinneadh. Thar an oibleagáid tuairiscithe sin mar bheart neamh‑chomhéigneach, ní bheadh aon oibleagáid eile ar an mBallstát inar tharla an ‘t‑amas’. Leis an ‘bhfoláireamh faisnéise’, ní chuirfí d’oibleagáid ar oifigigh thosaigh na mBallstát seiceáil dhiscréideach a dhéanamh ar an duine is ábhar don fholáireamh ná tacar faisnéise mionsonraithe a bhailiú má thagann siad air ag an teorainn sheachtrach nó laistigh de chríoch an Aontais. Ina ionad sin, bheadh saoirse ag an mBallstát a dhéanann an foláireamh a fhorghníomhú a chinneadh, ar bhonn cás ar chás, lena n‑áirítear bunaithe ar an bhfaisnéis chúlra arna fáil ó Europol, an gá tuilleadh beart a dhéanamh maidir leis an duine lena mbaineann. Dhéanfaí na bearta breise sin faoin dlí náisiúnta agus faoi réir lánrogha an Bhallstáit.
Ar an gcaoi chéanna le catagóirí eile foláirimh, sainítear sa togra an tréimhse athbhreithnithe le haghaidh foláirimh arna n‑iontráil ag Europol chomh maith leis na rialacha maidir le scriosadh foláireamh, rialacha atá sonrach don chineál sin foláirimh. Mar riail ghinearálta, níor cheart foláireamh a choimeád ach amháin ar feadh an ama is gá chun an chríoch ar chuici a iontráladh an foláireamh a bhaint amach. Ba cheart foláireamh arna iontráil ag Europol in SIS a scriosadh go háirithe mura dtagann an duine is ábhar don fholáireamh faoi raon feidhme na catagóire foláirimh sin a thuilleadh, má dhéanann Ballstát agóid i gcoinne iontráil an fholáirimh, má dhéanann Ballstát foláireamh eile a iontráil in SIS, nó má thagann Europol ar an eolas go raibh an fhaisnéis a fuarthas ón tríú tír nó ón eagraíocht idirnáisiúnta mícheart nó go ndearnadh í a chur in iúl do Europol chun críoch neamhdhleathach, mar shampla más rud é gur ar chúiseanna polaitiúla a spreagadh an fhaisnéis maidir leis an duine a chomhroinnt.
Áirítear sa togra leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/1862 chun a fhorálacha a bhaineann le cosaint sonraí, go háirithe an ceart chun rochtain a fháil ar shonraí míchruinne, chun iad a cheartú agus chun sonraí atá á stóráil go neamhdhleathach a léirscriosadh, agus a fhorálacha a bhaineann le leigheasanna agus dliteanas, chun na forálacha sin a ailíniú le Rialacháin (AE) 2016/794 agus (AE) 2018/1725 sa mhéid go bhfuil gá leis na hailínithe sin mar gheall ar an gcatagóir nua foláirimh atá le hiontráil ag Europol.
2020/0350 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1862 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla a mhéid a bhaineann le iontráil foláireamh ag Europol
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 88(2), pointe (a) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Is éard atá i gCóras Faisnéise Schengen (‘SIS’) uirlis fhíor-riachtanach le haghaidh ardleibhéal slándála a choimeád ar bun laistigh de limistéar saoirse, slándála agus ceartais an Aontais trí thacú le comhar oibríochtúil idir na húdaráis inniúla náisiúnta, go háirithe gardaí teorann, na póilíní, údaráis chustaim, údaráis inimirce agus údaráis atá freagrach as cionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh nó atá freagrach as pionóis choiriúla a fhorghníomhú. Is é Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an bunús dlí le haghaidh SIS i ndáil le hábhair a thagann faoi raon feidhme Chuid a Trí, Teideal V, Caibidlí 4 agus 5 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).
(2)Cuirtear foláirimh maidir le daoine agus ábhair arna n‑iontráil in SIS ar fáil i bhfíor-am d’úsáideoirí deiridh uile údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát a úsáideann SIS de bhun Rialachán (AE) 2018/1862. I bhfoláirimh SIS, is féidir faisnéis a fháil maidir le duine áirithe nó maidir le hábhar áirithe chomh maith le treoracha do na húdaráis inniúla maidir lena bhfuil le déanamh nuair a aimsítear an duine nó an t‑ábhar.
(3)Tá ról tábhachtach ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), arna bunú le Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le húsáid SIS agus maidir le malartú faisnéise forlíontaí leis na Ballstáit i dtaca le foláirimh SIS. Mar sin féin, de réir na rialacha atá ann cheana, is iad údaráis inniúla na mBallstát amháin ar féidir leo foláirimh a eisiúint in SIS.
(4)Ós rud é go bhfuil an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht ag éirí níos domhandaithe de réir a chéile de bharr an tsoghluaisteacht a bheith ag dul i méid, is ag dul i méid, dá réir sin, ó thaobh shlándáil an Aontais, atá ábharthacht na faisnéise a fhaigheann tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, eagraíochtaí amhail Eagraíocht Idirnáisiúnta na bPóilíní Coireachta agus an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta. Ba cheart go gcuirfeadh an fhaisnéis sin leis na hiarrachtaí cuimsitheacha chun slándáil inmheánach a áirithiú san Aontas Eorpach. Is le Europol amháin a chomhroinntear cuid den fhaisnéis sin. Cé go bhfuil faisnéis luachmhar ag Europol a fhaightear ó chomhpháirtithe seachtracha maidir le mórchoirpigh agus sceimhlitheoirí, ní féidir leis foláirimh a eisiúint in SIS. Ní i gcónaí a bhíonn na Ballstáit in ann foláirimh a eisiúint in SIS ar bhonn na faisnéise sin.
(5)Chun an bhearna a líonadh i dtaca le comhroinnt faisnéise maidir leis an gcoireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht, go háirithe maidir le trodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta – trodaithe a bhfuil faireachán ar a ngluaiseachtaí ríthábhachtach – is gá a áirithiú go mbeidh Europol in ann an fhaisnéis sin a chur ar fáil go díreach agus i bhfíor-am d’oifigigh thosaigh sna Ballstáit.
(6)Ba cheart, dá bhrí sin, Europol a údarú chun foláirimh a iontráil in SIS de bhun Rialachán (AE) 2018/1862, agus, san am céanna, lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha agus do rialacha cosanta sonraí.
(7)Chuige sin, ba cheart catagóir shonrach foláirimh a chruthú in SIS a bheadh le heisiúint ag Europol go heisiach, chun a chur in iúl d’úsáideoirí deiridh atá i mbun cuardaigh in SIS go bhfuil drochamhras ann go bhfuil an duine lena mbaineann bainteach le cion coiriúil a bhfuil Europol inniúil ina leith, agus chun gur féidir le Europol deimhniú a fháil gur aimsíodh an duine atá faoi réir an fholáirimh.
(8)Chun a mheasúnú an bhfuil cás nithiúil leordhóthanach, ábhartha agus tábhachtach go leor le gur gá foláireamh a iontráil in SIS, agus chun iontaofacht fhoinse na faisnéise agus cruinneas na faisnéise maidir leis an duine lena mbaineann a dheimhniú, ba cheart do Europol measúnú aonair mionsonraithe a dhéanamh ar gach cás lena n‑áirítear comhairliúcháin bhreise leis an tríú tír nó leis an eagraíocht idirnáisiúnta a chomhroinn na sonraí faoin duine lena mbaineann, chomh maith le hanailís bhreise a dhéanamh ar an gcás, go háirithe trí chros‑seiceáil a dhéanamh leis an bhfaisnéis atá aige cheana ina chuid bunachar sonraí, chun cruinneas na faisnéise a dheimhniú agus chun í a chomhlánú le sonraí eile ar bhonn a chuid bunachar sonraí féin. Ba cheart a áireamh sa mheasúnú mionsonraithe aonair an anailís i dtaobh an bhfuil forais leordhóthanacha ann lena mheas go ndearna an duine cion coiriúil a bhfuil Europol inniúil ina leith nó go raibh sé páirteach ann, nó go ndéanfaidh sé cion coiriúil a bhfuil Europol inniúil ina leith.
(9)Níor cheart do Europol a bheith in ann foláireamh a iontráil in SIS ach amháin le haghaidh daoine nach ábhar d’fholáireamh SIS atá eisithe ag Ballstát cheana. Ba cheart réamhchoinníoll eile a bheith ann maidir le foláireamh den sórt sin a chruthú, eadhon nach ndéanann na Ballstáit agóid i gcoinne eisiúint an fholáirimh in SIS. Dá bhrí sin, is gá rialacha a bhunú maidir le hoibleagáidí Europol roimh sonraí a iontráil in SIS, go háirithe an oibleagáid i dtaca leis na Ballstáit a cheadú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a iarraidh go scriosfadh Europol foláireamh, go háirithe má fhaigheann siad faisnéis nua maidir leis an duine is ábhar don fholáireamh, más rud é go n‑éilíonn a slándáil náisiúnta amhlaidh nó nuair is móide go mbeadh an foláireamh ina bhaol d’fhiosrúcháin, imscrúduithe nó nósanna imeachta oifigiúla nó dlíthiúla.
(10)Ba cheart do Europol taifid a choimeád ar an measúnú aonair ar gach cás, agus ba cheart na forais atá ann chun an foláireamh a iontráil a bheith san áireamh sna taifid sin chun dlíthiúlacht na próiseála sonraí a fhíorú, chun féinfhaireachán a dhéanamh agus chun sláine agus slándáil cheart sonraí a áirithiú. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794, ba cheart do Europol comhoibriú leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus na taifid sin a chur ar fáil arna iarraidh sin, ionas gur féidir iad a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar oibríochtaí próiseála.
(11)Is gá rialacha a sholáthar maidir le scriosadh na bhfoláireamh a dhéanann Europol a iontráil in SIS. Níor cheart foláireamh a choimeád ach amháin ar feadh an ama is gá chun an chríoch ar chuici a iontráladh an foláireamh a bhaint amach. Is iomchuí, dá bhrí sin, critéir mhionsonraithe a leagan amach chun a chinneadh cén uair ba cheart an foláireamh a scriosadh. Ba cheart foláireamh arna iontráil ag Europol in SIS a scriosadh go háirithe má dhéanann Ballstát agóid, má dhéanann Ballstát foláireamh eile a iontráil in SIS, nó má thagann Europol ar an eolas go raibh an fhaisnéis a fuarthas ón tríú tír nó ón eagraíocht idirnáisiúnta mícheart nó go ndearnadh í a chur in iúl do Europol chun críoch neamhdhleathach, mar shampla más rud é gur ar chúiseanna polaitiúla a spreagadh an fhaisnéis maidir leis an duine a chomhroinnt.
(12)Na ceanglais agus na hoibleagáidí is infheidhme maidir leis na Ballstáit de bhun Rialachán (AE) 2018/1862 nuair a dhéanann siad foláirimh a iontráil in SIS, ba cheart na ceanglais agus na hoibleagáidí céanna a bheith ina gceangal ar Europol maidir le foláirimh a iontráil in SIS. Go háirithe, ba cheart do Europol comhchaighdeáin, prótacail agus nósanna imeachta teicniúla a chomhlíonadh, ar nithe iad a bunaíodh chun comhoiriúnacht a chomhéadain theicniúil le SIS Láir a áirithiú ar mhaithe le tarchur pras éifeachtach sonraí. Maidir le ceanglais i ndáil le rialacha ginearálta próiseála sonraí, le comhréireacht, le cáilíocht sonraí, le slándáil sonraí, le tuairisciú agus oibleagáidí a bhaineann le bailiú staidreamh is infheidhme maidir le foláirimh a iontráil in SIS ag na Ballstáit, ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais sin ar Europol chomh maith.
(13)Ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2016/794 ar phróiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag Europol le linn dó a fhreagrachtaí faoin Rialachán seo a chomhall. Ba cheart don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí iniúchtaí tréimhsiúla a dhéanamh ar phróiseáil sonraí Europol a bhaineann le SIS agus ar an malartú faisnéise forlíontaí.
(14)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit féin cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach, eadhon bunú agus rialáil catagóire sonraí foláirimh arna eisiúint ag Europol in SIS chun faisnéis a mhalartú maidir le daoine ar bagairt iad ar shlándáil inmheánach an Aontais, ach ina ionad sin, i ngeall ar chineál na gcuspóirí sin gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.
(15)Urramaíonn an Rialachán seo cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, urramaíonn an Rialachán seo, cosaint sonraí pearsanta go hiomlán i gcomhréir le hAirteagal 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus, ag an am céanna, leis an Rialachán, féachtar le timpeallacht shábháilte a áirithiú do gach duine a chónaíonn ar chríoch an Aontais.
(16)I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.
(17)Tá Éire rannpháirteach sa Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Phrótacal Uimh. 19 atá i gceangal le CAE agus le CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Chinneadh 2002/192/CE ón gComhairle agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1745 ón gComhairle..
(18)Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe G de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle.
(19)Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe G de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/149/CGB ón gComhairle.
(20)Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (G), de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/349/AE ón gComhairle.
(21)Maidir leis an mBulgáir agus leis an Rómáin, is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 4(2) d’Ionstraim Aontachais 2005, agus ba cheart é a léamh i gcomhar le Cinntí 2010/365/AE agus (AE) 2018/934 ón gComhairle.
(22)Maidir leis an gCróit, is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 4(2) d’Ionstraim Aontachais 2011 agus ba cheart é a léamh i gcomhar le Cinneadh (AE) 2017/733 ón gComhairle.
(23)Maidir leis an gCipir, is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(2) d’Ionstraim Aontachais 2003 [cuir leis seo an Cinneadh ón gComhairle a dhéanfar sa deireadh thiar].
(24)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 41(2) de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(25)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 2018/1862 a leasú dá réir sin,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/1862
(1)In Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2.
Ina theannta sin, leagtar síos leis an Rialachán seo forálacha maidir le hailtireacht theicniúil SIS, maidir le freagrachtaí na mBallstát, freagrachtaí Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí agus freagrachtaí Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), maidir le próiseáil sonraí, maidir le cearta na ndaoine lena mbaineann agus maidir le dliteanas.’
(2)In Airteagal 3, cuirtear an pointe seo a leanas leis:
‘(22)
ciallaíonn ‘náisiúnach tríú tír’ aon duine nach saoránach den Aontas é de réir bhrí Airteagal 20(1) CFAE, seachas daoine a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta laistigh den Aontas acu i gcomhréir le Treoir 2004/38/CE nó le comhaontú idir an tAontas, nó idir an tAontas agus a Bhallstáit, de pháirt, agus tríú tír, den pháirt eile;’
(3)Leasaítear Airteagal 24 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1.
I gcás ina measfaidh Ballstát, maidir le héifeacht a thabhairt d’fholáireamh a iontráiltear i gcomhréir le hAirteagail 26, 32, 36 nó 37a, go bhfuil an foláireamh sin ar neamhréir lena dhlí náisiúnta, lena oibleagáidí idirnáisiúnta nó le leasanna riachtanacha náisiúnta, féadfaidh sé a cheangal go gcuirfear bratach leis an bhfoláireamh á chur in iúl nach ndéanfar an ghníomhaíocht, atá le cur i gcrích ar bhonn an fholáirimh, ar a chríoch. Déanfaidh Biúró SIRENE an Bhallstáit eisiúna bratacha a chur le foláirimh a iontráiltear i gcomhréir le hAirteagal 26, 32 nó le 36, agus déanfaidh Europol bratacha a chur le foláirimh a iontráiltear i gcomhréir le hAirteagal 37a.’
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
‘3.
Más rud é, i gcásanna fíorphráinneacha agus fíorthromchúiseacha, go n‑iarrann Ballstát eisiúna nó Europol go ndéanfar an ghníomhaíocht a fhorghníomhú, déanfaidh an Ballstát forghníomhaitheach scrúdú i dtaobh an bhfuil sé in ann an bhratach a cuireadh leis i ngeall ar iarraidh uaidh féin, an bhratach sin a tharraingt siar. Má tá an Ballstát forghníomhaitheach in ann an méid sin a dhéanamh, déanfaidh sé na bearta is gá lena áirithiú gur féidir an ghníomhaíocht a dhéanamh láithreach.’
(4)Cuirtear an Chaibidil IXa seo a leanas isteach:
‘CAIBIDIL IXa
Foláirimh arna n‑iontráil ag Europol maidir le daoine ar díol spéise iad
Airteagal 37a
Cuspóirí agus coinníollacha a ghabhann le heisiúint foláireamh
1.
Féadfaidh Europol foláirimh maidir le daoine a iontráil in SIS chun úsáideoirí deiridh atá i mbun cuardaigh in SIS a chur ar an eolas faoi rannpháirtíocht amhrasta na ndaoine sin i gcion coiriúil a bhfuil Europol inniúil ina leith i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán (AE) 2016/794, agus chun faisnéis a fháil i gcomhréir le hAirteagal 37b den Rialachán seo lena gcuirtear in iúl gur aimsíodh an duine lena mbaineann.
2.
Ní fhéadfaidh Europol foláireamh a iontráil in SIS maidir le daoine ar náisiúnaigh tríú tír iad ar bhonn faisnéise a fhaightear ó thríú tír nó ó eagraíocht idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 17(1)(b) de Rialachán (AE) 2016/794 ach amháin i gcás ina mbaineann an fhaisnéis le ceann amháin díobh seo a leanas:
(c)daoine a bhfuil drochamhras ann go ndearna siad cion coiriúil nó gur ghlac siad páirt i gcion coiriúil, ar cion coiriúil é a bhfuil Europol inniúil ina leith i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán (AE) 2016/794, nó daoine a ciontaíodh i gcion den sórt sin;
(d)daoine a bhfuil táscairí fíriciúla nó forais réasúnacha ann ina leith chun a chreidiúint go ndéanfaidh siad cionta coiriúla a bhfuil Europol inniúil ina leith i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán (AE) 2016/794.
3.
Ní fhéadfaidh Europol foláireamh a iontráil in SIS ach amháin tar éis dó a áirithiú go ndearnadh an méid seo uile a leanas:
(e)deimhníodh in anailís ar na sonraí arna gcur ar fáil i gcomhréir le mír 2 iontaofacht fhoinse na faisnéise agus cruinneas na faisnéise maidir leis an duine lena mbaineann, rud a chumasódh do Europol a chinneadh go dtiocfadh an duine sin faoi raon feidhme mhír 2, i gcás inar gá, tar éis tuilleadh malartuithe faisnéise a dhéanamh leis an soláthraí sonraí i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) 2016/794;
(f)deimhníodh le fíorú gur gá an foláireamh a iontráil chun cuspóirí Europol a bhaint amach mar a leagtar síos in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2016/794 iad;
(g)níor nochtadh le cuardach in SIS, a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 48 den Rialachán seo, go bhfuil foláireamh ann maidir leis an duine lena mbaineann;
(h)deimhníodh an méid seo a leanas i gcomhairliúchán ina ndearnadh faisnéis maidir leis an duine lena mbaineann a chomhroinnt leis na Ballstáit atá rannpháirteach i Rialachán (AE) 2016/794 i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán sin:
(i)
níor chuir Ballstát in iúl go raibh sé beartaithe aige foláireamh a iontráil in SIS maidir leis an duine lena mbaineann;
(ii) níor chuir Ballstát aon agóid réasúnaithe in iúl i ndáil le hiontráil foláirimh a raibh sé beartaithe a chur isteach in SIS maidir leis an duine lena mbaineann.
4.
Coinneoidh Europol taifid mhionsonraithe a bhaineann le hiontráil an fholáirimh in SIS agus leis na forais atá ann leis an iontráil sin chun a cheadú go bhfíorófar comhlíonadh na gceanglas substainteach agus na gceanglas nós imeachta a leagtar síos i míreanna 1, 2 agus 3. Beidh na taifid sin ar fáil don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí arna iarraidh sin.
5.
Cuirfidh Europol gach Ballstát ar an eolas faoi iontráil an fholáirimh in SIS trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú i gcomhréir le hAirteagal 8 den Rialachán seo.
6.
Na ceanglais agus na hoibleagáidí is infheidhme maidir leis an mBallstát eisiúna in Airteagail 20, 21, 22, 42, 56, 59, 61, 62 agus 63, beidh feidhm acu maidir le Europol agus sonraí á bpróiseáil in SIS aige.
Airteagal 37b
Forghníomhú na gníomhaíochta ar bhonn foláirimh
1.
I gcás amais ar fholáireamh arna iontráil ag Europol, déanfaidh an Ballstát forghníomhaitheach an méid seo a leanas:
(a)an fhaisnéis seo a leanas a bhailiú agus a chur in iúl:
(i) gur aimsíodh an duine is ábhar d’fholáireamh;
(ii) áit agus am na seiceála agus an chúis a bhí léi;
(b)a chinneadh an gá aon bhearta breise a dhéanamh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
2.
Déanfaidh an Ballstát forghníomhaitheach an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1(a) a chur in iúl do Europol trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú.’
(5)Leasaítear Airteagal 48 mar a leanas:
(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:
‘Sonraí a chur isteach agus a phróiseáil in SIS ag Europol’
(j)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1.
Beidh an ceart ag Europol, i gcás inar gá sin chun a shainordú a chomhlíonadh, chun rochtain a fháil ar shonraí in SIS agus cuardach a dhéanamh sna sonraí sin, agus chun foláirimh a iontráil, a thabhairt cothrom le dáta agus a scriosadh de bhun Airteagal 37a den Rialachán seo. Déanfaidh Europol sonraí SIS a iontráil, a nuashonrú, a scriosadh agus a chuardach trí bhíthin comhéadan teicniúil tiomnaithe. Déanfaidh Europol an comhéadan teicniúil a chur ar bun agus a chothabháil i gcomhréir leis na comhchaighdeáin, na prótacail agus na nósanna imeachta teicniúla a shainítear in Airteagal 9 den Rialachán seo agus ceadófar leis an gcomhéadan nasc díreach le SIS Láir.
Déanfaidh Europol faisnéis fhorlíontach a mhalartú i gcomhréir le forálacha Lámhleabhar SIRENE. Chuige sin, áiritheoidh Europol go mbeidh fáil ar fhaisnéis fhorlíontach a bhaineann lena chuid foláirimh féin 24 uair an chloig in aghaidh an lae, 7 lá na seachtaine.’
(k)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
‘4.
An úsáid a bhaineann Europol as faisnéis a fhaightear ó chuardach in SIS nó ó phróiseáil faisnéise forlíontaí, beidh sí faoi réir thoiliú an Bhallstáit a chuir an fhaisnéis ar fáil ina cháil mar Bhallstát eisiúna nó mar Bhallstát forghníomhaitheach. Má cheadaíonn an Ballstát an fhaisnéis sin a úsáid, déanfar láimhseáil na faisnéise sin ag Europol a rialú le Rialachán (AE) 2016/794. Is le toiliú ón mBallstát a chuir an fhaisnéis ar fáil agus leis an toiliú sin amháin a fhéadfaidh Europol an fhaisnéis sin a chur in iúl do thríú tíortha nó do thríú comhlachtaí agus i gcomhlíonadh iomlán dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí.’
(d)
cuirtear an mhír 7a seo a leanas isteach:
‘7a.
Déanfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí iniúchadh ar ghníomhaíochtaí próiseála sonraí Europol faoin Rialachán seo gach ceithre bliana ar a laghad i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta idirnáisiúnta.’
(6)Leasaítear Airteagal 53 mar a leanas:
(a)cuirtear an mhír 5a seo a leanas isteach:
‘5a.
Féadfaidh Europol foláireamh a iontráil maidir le duine chun críocha Airteagal 37a (1) ar feadh tréimhse aon bhliana amháin. Déanfaidh Europol athbhreithniú ar an ngá atá leis an bhfoláireamh a choinneáil laistigh den tréimhse sin. Déanfaidh Europol, i gcás inarb iomchuí, tréimhsí athbhreithnithe níos giorra a shocrú.’
(b)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 6, 7 agus 8:
‘6.
Laistigh den tréimhse athbhreithnithe dá dtagraítear i míreanna 2, 3, 4, 5 agus 5a, féadfaidh an Ballstát eisiúna agus, i gcás sonraí pearsanta arna n‑iontráil in SIS de bhun Airteagal 37a den Rialachán seo, Europol, tar éis measúnú cuimsitheach aonair a dhéanfar a thaifeadadh, féadfaidh sé a chinneadh an foláireamh maidir le duine a choinneáil go ceann tréimhse níos faide ná an tréimhse athbhreithnithe, más gá sin agus má tá sin comhréireach chun na gcríoch ar chucu a iontráladh an foláireamh. Sna cásanna sin, beidh feidhm ag míreanna 2, 3, 4, 5 nó 5a den Airteagal seo maidir leis an síneadh freisin. Déanfar aon síneadh den sórt sin a chur in iúl do CS-SIS.’
‘7.
Déanfar foláirimh maidir le daoine a scriosadh go huathoibríoch tar éis don tréimhse athbhreithnithe dá dtagraítear i míreanna 2, 3, 4, 5 agus 5a a dhul in éag, ach amháin i gcás ina gcuirfidh an Ballstát eisiúna CS-SIS ar an eolas maidir le síneadh de bhun mhír 6 den Airteagal seo nó i gcás, maidir le foláirimh arna n‑iontráil in SIS de bhun Airteagal 37a den Rialachán seo, inarb é Europol a dhéanfaidh amhlaidh. Cuirfidh CS-CIS an Ballstát eisiúna agus Europol ar an eolas maidir le scriosadh sceidealta sonraí as an gcóras ceithre mhí roimh ré.’
‘8.
Coimeádfaidh na Ballstáit agus Europol staidreamh faoin líon foláireamh maidir le daoine a gcuirtear síneadh leis an tréimhse choinneála ina leith i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo agus déanfaidh siad na staidreamh a tharchur chuig na húdaráis mhaoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 69, arna iarraidh sin dóibh.’
(7)In Airteagal 55, cuirtear isteach an mhír 6a seo a leanas:
‘6a.
Déanfar foláirimh maidir le daoine arna n‑iontráil ag Europol de bhun Airteagal 37a a scriosadh de bharr na nithe seo a leanas:
(b)dul in éag an fholáirimh i gcomhréir le hAirteagal 53;
(c)cinneadh ó Europol na foláirimh a scriosadh, go háirithe má fhaigheann Europol amach tar éis dó an foláirimh a iontráil go raibh an fhaisnéis a fuarthas faoi Airteagal 37a (2) mícheart nó gur cuireadh in iúl do Europol í chun críoch neamhdhleathach, nó má fhaigheann Europol amach nó má chuireann Ballstát ar an eolas é nach dtagann an duine is ábhar don fholáireamh faoi raon feidhme Airteagal 37a(2) a thuilleadh;
(d)fógra chuig Europol ó Bhallstát, trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú, go bhfuil sé ar tí foláireamh a iontráil nó gur iontráil sé foláireamh maidir leis an duine is ábhar don fholáireamh a d’eisigh Europol;
(e)fógra maidir lena agóid réasúnaithe i gcoinne an fholáirimh chuig Europol ó Bhallstát atá rannpháirteach i Rialachán (AE) 2016/794 i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán sin.’
(8)Leasaítear Airteagal 56 mar a leanas:
(f)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1.
Ní dhéanfaidh na Ballstáit na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 20 a phróiseáil ach amháin chun na gcríoch a leagtar síos maidir le gach catagóir foláirimh dá dtagraítear in Airteagail 26, 32, 34, 36, 37a, 38 agus 40.’
(g)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
‘5.
Maidir leis na foláirimh a leagtar síos in Airteagail 26, 32, 34, 36, 37a, 38 agus 40 den Rialachán seo, aon phróiseáil a dhéantar ar fhaisnéis in SIS chun críoch seachas na críocha ar chucu a iontráladh í, ní mór í a nascadh le cás sonrach agus ní mór údar a bheith léi a bhaineann leis an ngá le gar-bhagairt thromchúiseach ar an mbeartas poiblí agus ar an tslándáil phoiblí a chosc, ar fhorais thromchúiseacha slándála náisiúnta nó chun coir thromchúiseach a chosc. Gheofar údarú roimh ré ón mBallstát eisiúna nó ó Europol más rud é gur iontráladh na sonraí de bhun Airteagal 37a den Rialachán seo chun na críche sin.’
(9)In Airteagal 61, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:
‘1.
I gcás inar léir, nuair a iontráiltear foláireamh nua, go bhfuil foláireamh maidir le duine áirithe in SIS cheana ina bhfuil an eilimint chéanna tuairisce aitheantais, beidh feidhm ag an nós imeachta seo a leanas: déanfaidh Biúró SIRENE teagmháil laistigh de 12 uair an chloig leis an mBallstát eisiúna nó, más rud é gur iontráladh an foláireamh de bhun Airteagal 37a den Rialachán seo, Europol trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú chun a chros‑seiceáil an mbaineann an foláireamh leis an duine céanna nó nach mbaineann.’
‘2.
I gcás ina nochtfar leis an gcros‑seiceáil gur mar a chéile ábhar an fholáirimh nua agus an duine is ábhar don foláireamh a iontráladh in SIS cheana, déanfaidh Biúró SIRENE an Bhallstát eisiúna an nós imeachta maidir le hiontráil ilfholáireamh dá dtagraítear in Airteagal 23 a chur i bhfeidhm. De mhaolú air sin, scriosfaidh Europol an foláireamh a d’iontráil sé dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 55(6a).’
(10)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 67:
Airteagal 67
Ceart chun rochtain a fháil ar shonraí míchruinne agus chun iad a cheartú, agus chun sonraí atá á stóráil go neamhdhleathach a léirscriosadh
(8)Beidh daoine is ábhar do na sonraí in ann a gcuid ceart a fheidhmiú, cearta a leagtar síos in Airteagail 15, 16 agus 17 de Rialacháin (AE) 2016/679, sna forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 14 agus Airteagal 16(1) agus (2) de Threoir (AE) 2016/680 agus i gCaibidil IX de Rialachán (AE) 2018/1725.
(9)Ní fhéadfaidh Ballstát seachas an Ballstát eisiúna faisnéis a chur ar fáil don duine is ábhar do na sonraí, faisnéis maidir le haon cheann de phointí sonraí pearsanta an duine is ábhar do na sonraí a bhfuil próiseáil á déanamh air, ach amháin má thugann sé deis ar dtús don Bhallstát eisiúna chun a sheasamh a lua. Más rud é gur iontráil Europol na sonraí pearsanta in SIS, déanfaidh an Ballstát a fuair an iarraidh an iarraidh sin a chur faoi bhráid Europol gan mhoill, agus in aon chás laistigh de chúig lá ón iarraidh a fháil, agus déanfaidh Europol an iarraidh a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794 agus Rialachán (AE) 2018/1725. Má fhaigheann Europol iarraidh a bhaineann le sonraí pearsanta arna n‑iontráil in SIS ag Ballstát, déanfaidh Europol an iarraidh a tharchur chuig an mBallstát eisiúna gan mhoill, agus in aon chás laistigh de chúig lá ón iarraidh a fháil. Déanfar an chumarsáid idir na Ballstáit sin agus idir na Ballstáit agus Europol trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú.
(10)Is Ballstát, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, lena n‑áirítear dlí lena dtrasuitear Treoir (AE) 2016/680 agus, i gcás sonraí pearsanta arna n‑iontráil in SIS faoi Airteagal 37a den Rialachán seo, Europol a dhéanfaidh cinneadh gan faisnéis a chur ar fáil don duine is ábhar do na sonraí, go hiomlán nó go páirteach, i gcomhréir le Caibidil IX de Rialachán (AE) 2018/1725, a mhéid atá, agus ar feadh cibé tréimhse a bhfuil, srian iomlán nó páirteach den sórt sin ina bheart riachtanach comhréireach i sochaí dhaonlathach, agus aird chuí á tabhairt ar chearta bunúsacha agus leasanna dlisteanacha an duine is ábhar do na sonraí lena mbaineann, chun an méid seo a leanas a bhaint amach:
(a)bac ar fhiosrúcháin, imscrúduithe nó nósanna imeachta oifigiúla nó dlíthiúla a sheachaint;
(b)dochar do chosc, do bhrath, d’imscrúdú nó d’ionchúiseamh cionta coiriúla nó d’fhorghníomhú pionós coiriúil a sheachaint;
(c)an tslándáil phoiblí a chosaint;
(d)an tslándáil náisiúnta a chosaint; nó
(e)cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint.
I gcásanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh an Ballstát nó, i gcás sonraí pearsanta arna n‑iontráil in SIS de bhun Airteagal 37a den Rialachán seo, Europol an duine is ábhar do na sonraí ar an eolas i scríbhinn, gan moill mhíchuí, faoi dhiúltú nó srianadh rochtana agus faoi na fáthanna a bhí leis an gcinneadh sin. Féadfar an fhaisnéis sin a fhágáil ar lár i gcás ina mbainfeadh soláthar na faisnéise sin an bonn d’aon cheann de na forais a leagtar amach i bpointí (a) go (e) den chéad fhomhír seo. Is é an Ballstát nó, i gcás sonraí pearsanta arna n‑iontráil in SIS de bhun Airteagal 37a den Rialachán seo, Europol a dhéanfaidh an duine is ábhar do na sonraí a chur ar an eolas faoin bhféidearthacht gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta nó leigheas breithiúnach a lorg.
Déanfaidh an Ballstát nó, i gcás sonraí pearsanta arna n‑iontráil in SIS de bhun Airteagal 37a den Rialachán seo, Europol na cúiseanna fíorasacha nó dlí ar a bhfuil an cinneadh gan faisnéis a chur ar fáil don duine is ábhar do na sonraí bunaithe a dhoiciméadú. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil do na húdaráis mhaoirseachta inniúla. Sna cásanna sin, féadfar an duine is ábhar do na sonraí a chearta a fheidhmiú trí na bhíthin na n‑údarás maoirseachta inniúla.
(11)Ach a bhfaightear iarratas ar rochtain, ar cheartú nó ar léirscriosadh, is é an Ballstát nó, i gcás sonraí pearsanta arna n‑iontráiltear in SIS de bhun Airteagal 37a den Rialachán seo, Europol a dhéanfaidh an duine is ábhar do na sonraí a chur ar an eolas gan moill mhíchuí faoin obair leantach a rinneadh maidir le feidhmiú na gceart faoin Airteagal seo agus in aon chás laistigh de mhí amháin ón iarraidh a fháil. Féadfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí eile ar a mhéid nuair is gá, agus castacht agus líon na n‑iarrataí á gcur san áireamh. Is é an Ballstát nó, i gcás sonraí pearsanta arna n‑iontráil in SIS de bhun Airteagal 37a den Rialachán seo, Europol a dhéanfaidh an duine is ábhar do na sonraí a chur ar an eolas faoi aon síneadh den sórt sin, mar aon leis na cúiseanna a bhí leis an moill, laistigh de mhí amháin ón iarraidh a fháil. I gcás ina ndéanfaidh an duine is ábhar do na sonraí an iarraidh i bhfoirm leictreonach, cuirfear an fhaisnéis ar fáil i bhfoirm leictreonach, i gcás inarb indéanta sin, mura rud é go n‑iarrfaidh an duine is ábhar do na sonraí a mhalairt. ’
(11)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 68:
‘Airteagal 68
Leigheasanna
(12)Gan dochar d’fhorálacha Rialachán (AE) 2016/679 agus de Threoir (AE) 2016/680 maidir le réitigh, féadfaidh aon duine caingean a thionscnamh os comhair aon cheann de na húdaráis mhaoirseachta inniúla nó os comhair cúirte, faoi dhlí aon Bhallstáit, chun rochtain a fháil ar fhaisnéis, nó chun faisnéis a cheartú, a léirscriosadh nó seilbh a fháil uirthi, nó chun cúiteamh a fháil i dtaca le foláireamh maidir leis an duine sin.
(13)Gan dochar do na forálacha maidir le leigheasanna i Rialachán (AE) 2018/1725, féadfaidh aon duine gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí chun rochtain a fháil ar fhaisnéis, chun faisnéis a cheartú, a léirscriosadh nó a fháil nó chun cúiteamh a fháil i dtaca le foláireamh a bhaineann leis arna iontráil ag Europol.
(14)Gan dochar d’Airteagal 72, geallann na Ballstáit agus Europol go frithpháirteach cinntí críochnaitheacha a fhorghníomhú arna ndéanamh ag na cúirteanna, údaráis nó comhlachtaí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo.
(15)Déanfaidh na Ballstáit agus Europol tuairisciú bliantúil don Bhord Eorpach um Chosaint Sonraí ar an méid seo a leanas:
(a)an líon iarrataí ar rochtain a cuireadh faoi bhráid an rialaitheora sonraí agus an líon cásanna inar deonaíodh rochtain ar shonraí;
(b)an líon iarrataí ar rochtain a cuireadh faoi bhráid an údaráis maoirseachta agus an líon cásanna inar deonaíodh rochtain ar shonraí;
(c)an líon iarrataí a seoladh chuig an rialaitheoir sonraí maidir le ceartú sonraí míchruinne agus léirscriosadh sonraí arna stóráil go neamhdhleathach agus an líon cásanna inar ceartaíodh nó inar léirscriosadh na sonraí sin;
(d)an líon iarrataí a cuireadh faoi bhráid an údaráis maoirseachta maidir le ceartú sonraí míchruinne agus léirscriosadh sonraí arna stóráil go neamhdhleathach;
(e)an líon imeachtaí cúirte a seoladh;
(f)an líon cásanna inar rialaigh an chúirt i bhfabhar an iarratasóra;
(g)aon bharúil maidir le cásanna a bhaineann le haitheantas frithpháirteach do chinntí críochnaitheacha a dhéanann cúirteanna nó údaráis de chuid Ballstát eile faoi fholáirimh arna n‑iontráil ag an mBallstát eisiúna nó ag Europol.
Déanfar teimpléad le haghaidh an tuairiscithe dá dtagraítear san fhomhír seo a chur san áireamh i Lámhleabhar SIRENE.
(16)Déanfar na tuarascálacha ó na Ballstáit agus ó Europol a chur isteach sa tuarascáil chomhpháirteach dá dtagraítear in Airteagal 71(4).’
(12)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 72:
‘Airteagal 72
Dliteanas
(17)Gan dochar don cheart chun cúiteamh a fháil agus aon dliteanas faoi Rialachán (AE) 2016/679, Treoir (AE) 2016/680, Rialachán (AE) 2018/1725 agus Rialachán (AE) 2016/794:
(a)aon duine nó aon Bhallstát dár bhain damáiste ábhartha nó neamhábhartha de bharr oibríocht phróiseála neamhdhleathach ar shonraí pearsanta trí úsáid a bhaint as N.SIS nó de bharr aon bheart eile nach bhfuil ag luí leis an Rialachán seo a rinne Ballstát, beidh sé i dteideal cúiteamh a fháil ón mBallstát sin;
(b)aon duine nó aon Bhallstát dár bhain damáiste ábhartha nó neamhábhartha de bharr aon bheart a rinne Europol nach bhfuil ag luí leis an Rialachán seo, beidh sé i dteideal cúiteamh a fháil ó Europol;
(c)aon duine nó aon Bhallstát dár bhain damáiste ábhartha nó neamhábhartha de bharr aon bheart a rinne eu-LISA nach bhfuil ag luí leis an Rialachán seo, beidh sé i dteideal cúiteamh a fháil ó eu-LISA.
Beidh an Ballstát sin, Europol nó eu-LISA díolmhaithe óna dhliteanas, go hiomlán nó i bpáirt, má éiríonn leo a chruthú nárbh iad a bhí freagrach as an eachtra ba shiocair leis an damáiste.
(18)Má dhéanann Ballstát nó Europol aon fhaillí i gcomhlíonadh a chuid oibleagáidí faoin Rialachán seo a bheidh ina chúis damáiste do SIS, beidh an Ballstát sin nó Europol faoi dhliteanas i leith an damáiste sin, mura rud é nach ndearna agus a mhéid nach ndearna eu-LISA nó Ballstát eile atá rannpháirteach in SIS bearta réasúnacha chun cosc a chur ar tharlú an damáiste nó chun a thionchar a íoslaghdú.
(19)Is faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit sin a rialálfar éilimh ar chúiteamh a dhéanfar i gcoinne Ballstáit as an damáiste dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2. Is le Rialachán (AE) 2016/794 agus faoi réir na gcoinníollacha dá bhforáiltear sna Conarthaí a rialálfar éilimh ar chúiteamh a dhéanfar i gcoinne Europol as an damáiste dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2. Is faoi réir na gcoinníollacha dá bhforáiltear sna Conarthaí a rialálfar éilimh ar chúiteamh a dhéanfar i gcoinne eu-LISA as an damáiste dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2.’
(13)In Airteagal 74, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
‘3.
Táirgfidh eu-LISA staidreamh ar bhonn laethúil, míosúil agus bliantúil a léireoidh líon na dtaifead in aghaidh na catagóire foláirimh, is é sin an líon iomlán, an líon i ndáil le gach Ballstát ar leith agus an líon i ndáil le Europol. Cuirfidh eu-LISA tuarascálacha bliantúla ar fáil freisin maidir le líon na n‑amas in aghaidh na catagóire foláirimh, an líon uaireanta a cuardaíodh SIS agus an líon uaireanta a fuarthas rochtain ar SIS chun foláireamh a iontráil, a nuashonrú nó a scriosadh, is é sin, an líon iomlán, an líon i ndáil le gach Ballstát ar leith agus an líon i ndáil le Europol. Ní bheidh aon sonraí pearsanta d’aon chineál sa staidreamh a ullmhófar. Foilseofar an tuarascáil bhliantúil staidrimh.’
(14)Cuirtear isteach an mhír 7 seo a leanas in Airteagal 79:
‘7.
Glacfaidh an Coimisiún cinneadh lena socrófar an dáta a thosóidh Europol ag iontráil, ag nuashonrú agus ag scriosadh sonraí atá in SIS de bhun an Rialacháin seo arna leasú le Rialachán [XXX], tar éis a fhíorú gur comhlíonadh na coinníollacha seo a leanas:
(a)rinneadh na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo a leasú a mhéid is gá chun an Rialachán seo arna leasú le Rialachán [XXX] a chur i bhfeidhm;
(b)chuir Europol in iúl don Choimisiún go bhfuil na socruithe nós imeachta agus teicniúla riachtanacha déanta aige chun sonraí SIS a phróiseáil agus chun faisnéis fhorlíontach a mhalartú de bhun an Rialacháin seo arna leasú le Rialachán [XXX];
(c)thug eu-LISA fógra don Choimisiún gur cuireadh na gníomhaíochtaí tástála go léir i gcrích go rathúil maidir le CS-SIS agus maidir leis an idirghníomhaíocht idir CS-SIS agus an comhéadan teicniúil atá ag Europol dá dtagraítear in Airteagal 48(1) den Rialachán seo arna leasú le Rialachán [XXX].
Foilseofar an cinneadh seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.’
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón dáta arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 79(7) de Rialachán (AE) 2018/1862.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
An tUachtarán
An tUachtarán
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH ‘GNÍOMHAIREACHTAÍ’
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra
1.2.An réimse beartais lena mbaineann
1.3.Baineann an togra le
1.4.Cuspóirí
1.5.Forais an togra
1.6.Fad an togra agus an tionchar airgeadais a mheastar a bheidh aige
1.7.Modh bainistíochta atá beartaithe
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA
3.1.Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil agus an líne buiséid ar a n‑imreofar tionchar
3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas
3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH ‘GNÍOMHAIREACHTAÍ’
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra
Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla a mhéid a bhaineann le iontráil foláireamh ag Europol.
1.2.An réimse beartais lena mbaineann
An réimse beartais: Gnóthaí Baile
Gníomhaíocht: An Imirce agus Bainistiú Teorainneacha
Ainmníocht: 11 10 02
1118.0207: Bainistiú teorainneacha – Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (EU-LISA)
1.3.Baineann an togra le
◻ beart nua
◻ beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart
⌧ síneadh ar bheart atá ann cheana
◻ beart nó bearta a chumasc i dtreo beart eile/beart nua
1.4.Cuspóirí
1.4.1.Cuspóirí ginearálta
Mar fhreagairt ar riachtanais oibríochtúla phráinneacha agus ar ghlaonna ó na comhreachtóirí chun tacaíocht níos láidre a thabhairt do Europol, fógraíodh i gClár Oibre an Choimisiúin le haghaidh 2020 tionscnamh reachtach chun ‘sainordú Europol a neartú chun comhar póilíneachta oibríochtúil a threisiú’.
Ceann de ghnéithe an tionscnaimh reachtaigh seo is ea aghaidh a thabhairt ar shrianta Europol maidir le hanailís Europol a chomhroinnt le hoifigigh thosaigh sna Ballstáit, ar anailís é ar shonraí a fhaightear ó thríú tíortha agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta go díreach agus i bhfíor-am. Leis an togra chun leasú a dhéanamh ar Rialachán (AE) 2018/1862 maidir le SIS, rannchuidítear leis an tionscnamh sin trí raon feidhme SIS a leathnú le catagóir nua foláirimh a chruthú, ar catagóir ar leith í a bheidh le húsáid ag Europol chun na sonraí sin a chomhroinnt, faoi choinníollacha dochta, le hoifigigh thosaigh sna Ballstáit.
Is príomhbheart é sin faoi Straitéis an Aontais Eorpaigh um Aontas Slándála, mí Iúil 2020. I gcomhréir leis an nglao ó na Treoirlínte Polaitiúla ‘nuair is í cosaint ár saoránach atá i gceist, ní mór dúinn ár seacht míle dícheall a dhéanamh’, meastar go ndéanfaidh an tionscnamh Europol a threisiú chun cuidiú leis na Ballstáit na saoránaigh a choimeád slán.
Tagann cuspóirí ginearálta an tionscnaimh seo as na spriocanna atá bunaithe sna Conarthaí:
1. tacóidh Europol le gníomhaíocht údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát agus déanfaidh sé an ghníomhaíocht sin a neartú, chomh maith lena gcomhar frithpháirteach maidir leis an gcoireacht thromchúiseach a dhéanann difear do dhá Bhallstát nó níos mó, an sceimhlitheoireacht agus saghsanna eile coireachta a dhéanann difear do leas coiteann arna chumhdach ag beartas de chuid an Aontais, maidir leis an méid sin a chosc agus a chomhrac;
2. tacóidh eu-LISA le Europol agus leis na Ballstáit i dtaca le malartú faisnéise chun an choireacht thromchúiseach nó an sceimhlitheoireacht a chosc.
1.4.2.Cuspóir sonrach
Eascraíonn an cuspóir sonrach as na cuspóirí ginearálta a leagtar amach thuas: ‘toradh na hanailíse a dhéanann Europol ar shonraí a fhaightear ó thríú tíortha a chur ar fáil d’oifigigh thosaigh.’
Is é is aidhm leis seo toradh na hanailíse a dhéanann Europol ar shonraí a fhaightear ó thríú tíortha nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta maidir le daoine atá faoi dhrochamhras agus maidir le coirpigh, toradh na hanailíse sin a chur ar fáil d’oifigigh thosaigh nuair is gá sin.
Is é is bunsprioc leis sin rochtain dhíreach agus i bhfíor-am ar na sonraí sin a thabhairt d’oifigigh thosaigh, chun tacú leo agus iad i mbun a gcúraimí, agus iad ag déanamh seiceáil ar dhuine ag an teorainn sheachtrach nó laistigh de chríoch an Aontais.
1.4.3.Na torthaí agus an tionchar a mheastar a bheidh ann
Rachaidh an togra chun tairbhe go príomha do dhaoine aonair agus don tsochaí i gcoitinne trí fheabhas a chur ar chumas Europol tacú leis na Ballstáit an choireacht a chomhrac agus saoránaigh den Aontas a chosaint. Bainfidh saoránaigh tairbhe dhíreach agus indíreach as rátaí coireachta níos ísle, as dochar eacnamaíoch laghdaithe agus as níos lú costais slándála.
Níl oibleagáidí rialála ar shaoránaigh/tomhaltóirí sa togra, agus ní chruthaíonn sé costais bhreise ina leith sin.
Cruthóidh an togra barainneachtaí scála do chórais riaracháin toisc go n‑aistreoidh sé impleachtaí acmhainní na ngníomhaíochtaí spriocdhírithe ón leibhéal náisiúnta go leibhéal an Aontais. Bainfidh údaráis phoiblí sna Ballstáit tairbhe dhíreach as an togra a bhuí le barainneachtaí scála, rud a fhágfaidh go mbeidh coigilteas ann i gcostais riaracháin.
1.4.4.Táscairí feidhmíochta
Leis na príomhtháscairí seo a leanas, beifear in ann faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar fheidhmíocht na gcuspóirí sonracha:
Cuspóir sonrach: ‘teacht i bhfeidhm fheidhmiúlachtaí nuashonraithe SIS Láir faoi dheireadh 2022’
Táscairí le haghaidh Europol:
- comhéadan teicniúil curtha ar bun chun foláirimh a iontráil, a nuashonrú agus a scriosadh in SIS Láir;
- tástálacha arna n‑eagrú ag eu-LISA curtha i gcrích go rathúil.
Táscairí le haghaidh eu-LISA:
- tástáil chuimsitheach réamhláinseála curtha i gcrích go rathúil ar an leibhéal lárnach;
- tástálacha curtha i gcrích go rathúil le Europol chun sonraí a tharchur chuig SIS Láir agus le córais uile na mBallstát agus na nGníomhaireachtaí;
- tástálacha SIRENE le haghaidh na catagóire nua foláirimh curtha i gcrích go rathúil.
I gcomhréir le hAirteagal 28 den Rialachán Réime Airgeadais agus chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú, déanann eu-LISA faireachán cheana féin ar an dul chun cinn atá déanta i dtaca le gnóthú a chuspóirí trí úsáid a bhaint as táscairí feidhmíochta. Tá 29 bPríomhtháscaire Feidhmíochta Corparáideacha ag an ngníomhaireacht faoi láthair. Tuairiscítear na táscairí sin i dTuarascáil Chomhdhlúite Bhliantúil ar Ghníomhaíochta eu-LISA, táscairí a bhfuil faireachán soiléir ar sprioc dheireadh na bliana san áireamh inti chomh maith le comparáid leis an mbliain roimhe sin. Déanfar na táscairí sin a oiriúnú de réir mar is gá tar éis an togra a ghlacadh.
1.5.Forais an togra/tionscnaimh
1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh
Chun an tionscnamh a chur i bhfeidhm go céimneach, tá gá le bearta nós imeachta agus teicniúla ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, agus ba cheart tús a chur leo nuair a thiocfaidh an reachtaíocht athbhreithnithe i bhfeidhm.
Ba cheart na hacmhainní ábhartha – go háirithe acmhainní daonna – a áirithiú chun tacaíocht a thabhairt do eu-LISA chun rannchuidiú le seirbhísí Europol.
Tar éis theacht i bhfeidhm an togra maidir le tuilleadh forbartha ar SIS Láir ag eu-LISA, is iad seo a leanas na príomhcheanglais:
- catagóir nua foláirimh a fhorbairt agus a chur chun feidhme in SIS Láir i gcomhréir leis na ceanglais a shainítear sa rialachán;
- na sonraíochtaí teicniúla a bhaineann le malartú faisnéise forlíontaí idir Biúrónna SIRENE agus Europol a nuashonrú;
- an fheidhmiúlacht a fhorbairt ionas go mbeidh na Ballstáit agus na Gníomhaireachtaí in ann cuardach a dhéanamh sa Lárchóras ar an gcatagóir foláirimh seo;
- na feidhmiúlachtaí in SIS Láir a bhaineann le tuairisciú agus staidreamh a nuashonrú.
1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais
Is de chineál trasnáisiúnta an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht. Dá bhrí sin, ní féidir le gníomhaíocht ar an leibhéal náisiúnta amháin cur ina gcoinne go héifeachtach. Is é sin an fáth a roghnaíonn na Ballstáit oibriú le chéile laistigh de chreat an Aontais chun dul i ngleic leis na bagairtí a bhaineann leis an gcoireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht.
Cruthóidh an togra barainneachtaí scála nach beag ar leibhéal an Aontais toisc go n‑aistreoidh sé cúraimí agus seirbhísí ón leibhéal náisiúnta go eu-LISA agus Europol, cúraimí agus seirbhísí ar féidir iad a chomhlíonadh ar bhealach níos éifeachtúla ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, déantar foráil sa togra maidir le réitigh éifeachtúla ar dhúshláin nár mhór aghaidh a thabhairt orthu murach é sin ar chostais níos airde trí bhíthin 27 réiteach náisiúnta éagsúla, nó ar dhúshláin nach féidir aghaidh a thabhairt orthu ar an leibhéal náisiúnta ar chor ar bith i bhfianaise a gcineáil thrasnáisiúnta.
1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart
Cuireann an togra leis an ngá atá ann tacú le Europol agus leis na Ballstáit agus aghaidh á tabhairt acu ar dhúshláin slándála trasnáisiúnta shíor-athraitheacha ar leibhéal níos airde ná an leibhéal náisiúnta amháin.
Tá timpeallacht shíorathraitheach slándála roimh an Eoraip, agus tá bagairtí slándála ag teacht chun cinn atá ag éirí níos casta de réir a chéile. Baineann coirpigh leas as na buntáistí a ghabhann leis an gclaochlú digiteach, na teicneolaíochtaí nua, an domhandú agus an tsoghluaisteacht, lena n‑áirítear idirnascacht agus lagú na dteorainneacha idir an saol fisiceach agus an saol digiteach. Chuir géarchéim COVID‑19 leis an méid sin, ar ndóigh, mar thapaigh coirpigh na deiseanna an ghéarchéim a shaothrú trína modhanna oibríochta a oiriúnú nó trí ghníomhaíochtaí coiriúla nua a fhorbairt.
Mar gheall ar na bagairtí slándála sin atá ag teacht chun cinn, tá gá le tacaíocht éifeachtach ar leibhéal an Aontais d’obair na n‑údarás náisiúnta forfheidhmithe dlí. Is minice atá údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát ag baint úsáid as an tacaíocht agus as an saineolas a chuireann Europol ar fáil chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac.
Leis an togra seo freisin cuirtear leis na ceachtanna a foghlaimíodh agus leis an dul chun cinn atá déanta ó tháinig Rialacháin SIS 2018 i bhfeidhm, leis na forbairtí a rinne eu-LISA chun Rialacháin SIS 2018 a chur chun feidhme agus le teacht i bhfeidhm Rialachán eu-LISA 2018, agus aithnítear ag an am céanna gur tháinig athrú substaintiúil cheana féin ar thábhacht oibríochtúil chúraimí na gníomhaireachta. Leis an timpeallacht bhagartha nua, tá athrú tagtha ar an tacaíocht a theastaíonn ó na Ballstáit agus lena bhfuil siad ag súil ó eu-LISA, i measc cúraimí eile freisin, chun tacú le Europol saoránaigh a choimeád slán ar bhealach nach raibh intuartha nuair a rinne na comhreachtóirí sainordú reatha Europol a chaibidliú.
Léirigh an t‑athbhreithniú a rinneadh roimhe seo ar shainordú eu-LISA agus ar an éileamh méadaitheach atá ag na Ballstáit ar sheirbhísí gur gá acmhainní leordhóthanacha airgeadais agus daonna a chur in úsáid chun tacú le cúraimí eu-LISA.
1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile
Is freagairt é an togra seo ar thimpeallacht athraitheach slándála toisc go dtacóidh sé le eu-LISA na cumais agus na huirlisí riachtanacha a thabhairt do Europol chun tacú leis na Ballstáit an choireacht tromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac go héifeachtach. Sa Teachtaireacht dar teideal Europe's moment: Repair and Prepare for the Next Generation [Deis na hEorpa: an damáiste a chur ina cheart agus an todhchaí a ullmhú don chéad ghlúin eile], leagadh béim ar an ngá atá le hAontas níos athléimní a thógáil, mar gur nocht géarchéim COVID‑19 ‘roinnt leochaileachtaí agus méadú nach beag ar choireanna áirithe, amhail an chibearchoireacht. Léiríonn an méid sin gur gá Aontas Slándála an Aontais Eorpaigh a threisiú”.
Tá an togra i gcomhréir go hiomlán le Clár Oibre an Choimisiúin le haghaidh 2020 inar fógraíodh tionscnamh reachtach chun ‘sainordú Europol a neartú chun comhar oibríochtúil póilíneachta a threisiú’. Rannchuideoidh eu-LISA leis an gcuspóir sin trí raon feidhme SIS a leathnú chun go bhféadfaidh Europol catagóir nua foláirimh nua a chruthú, ar catagóir ar leith í.
Tá neartú shainordú Europol ar cheann de na príomhbhearta a sainaithníodh i Straitéis an Aontais Eorpaigh um Aontas Slándála, mí Iúil 2020. Agus Europol níos éifeachtaí ann, áiritheofar go mbeidh an ghníomhaireacht in ann a cúraimí a chomhlíonadh go hiomlán agus go bhféadfaidh sí cúnamh a thabhairt chun tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais Slándála a bhaint amach.
I gcomhréir leis an nglao atá sna Treoirlínte Polaitiúla ‘nuair is í cosaint ár saoránach atá i gceist, ní mór dúinn ár seacht míle dícheall a dhéanamh’, tugtar aghaidh sa togra ar na réimsí sin a n‑iarann páirtithe leasmhara tacaíocht threisithe a thabhairt do Europol ina leith chun cuidiú leis na Ballstáit na saoránaigh a choimeád slán.
1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh
Aithnítear sa togra maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil le haghaidh 2021-2027 gur gá eu-LISA a threisiú chun tacaíocht a mhéadú do bhainistiú éifeachtach teorainneacha na mBallstát in 2021.
Ó bhí 2016 agus an t‑athbhreithniú deireanach ar shainordú eu-LISA ann, tá claonadh chun fáis easpónantúil i sreabha sonraí na gníomhaireachta agus san éileamh atá ar a seirbhísí, rud a fhágann go bhfuil iarrataí ar threisiú buiséid agus foirne os cionn na leibhéal a bhí beartaithe ar dtús.
Ós rud é go dtabharfar isteach leis an togra cúraimí tábhachtacha nua i Rialachán eu-LISA agus go ndéanfar cúraimí eile a shoiléiriú, a chódú agus a mhionsonrú freisin, agus go ndéanfar leis sin cumais eu-LISA a leathnú i gcomhthéacs na gconarthaí, ní féidir, dá bhrí sin, é a chumhdach le leibhéal cobhsaí acmhainní. Ní mór tacú leis an togra trí na hacmhainní airgeadais agus daonna atá le fáil faoi Cheannteideal 4 ‘An Imirce agus Bainistiú Teorainneacha’ de CAI 2021-2027 a threisiú go hiomchuí.
1.6.Fad agus tionchar airgeadais
◻ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta
–◻
Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [DD/MM]YYYY go dtí an [DD/MM]YYYY
–◻
Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB
☒ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta
–Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh 2021 go 2022,
–agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.
1.7.An modh bainistíochta atá beartaithe
◻ Bainistíocht dhíreach a dhéanfaidh an Coimisiún trí
–◻
na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin
◻ Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit
☒ Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:
–◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);
–◻BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;
–☒ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71;
–◻ comhlachtaí dlí phoiblí;
–◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;
–◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;
–◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.
–I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn ‘Nótaí’.
Nótaí
Sainaithníodh an bhonnlíne do ranníocaíocht an Aontais le buiséad eu-LISA ar bhonn Mheabhrán Uimh. 68 de CAI agus ar bhonn Dhoiciméad Oibre III a ghabhann le Dréachtbhuiséad 2021. Tá an fhaisnéis sa suirbhé ar an bhfórsa saothair seo gan dochar do ghlacadh CAI 2021-2027 agus Bhuiséad 2021.
De bhrí nach ndearnadh vótáil ar CAI 2021-2027 agus ar Bhuiséad 2021, ní áirítear sa tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an tionscnamh ach na hacmhainní is gá sa bhreis ar ranníocaíocht bonnlíne an Aontais ó eu-LISA (costais bhreise i gcomparáid leis an mbonnlíne).
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
Déanfar faireachán agus tuairisciú ar an togra de réir na bprionsabal a leagtar amach i Rialachán eu-LISA, sa Rialachán Airgeadais agus i gcomhréir leis an gCur Chuige Coiteann maidir le gníomhaireachtaí díláraithe.
Ní mór do eu-LISA, go háirithe, Doiciméad Clársceidealaithe Aonair a chur chuig an gCoimisiún, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle gach bliain, ina mbeidh cláir oibre ilbhliantúla agus bhliantúla agus clársceidealú acmhainní. Leagtar amach sa Doiciméad na cuspóirí, na torthaí a mheastar a bheidh ann agus na táscairí feidhmíochta chun faireachán a dhéanamh ar ghnóthú na gcuspóirí agus na dtorthaí. Ní mór do eu-LISA Tuarascáil Chomhdhlúite Bhliantúil ar Ghníomhaíochtaí a chur faoi bhráid an bhoird bainistíochta freisin. Áirítear sa tuarascáil sin go háirithe faisnéis maidir le gnóthú na gcuspóirí agus na dtorthaí a leagtar amach sa Doiciméad Clársceidealaithe Aonair. Ní mór an tuarascáil a chur chuig an gCoimisiún, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle freisin.
Thairis sin, mar a leagtar amach in Airteagal 39 de Rialachán eu-LISA, faoin 12 Nollaig 2023, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht, tar éis dul i gcomhairle leis an mbord bainistíochta, i gcomhréir le treoirlínte an Choimisiúin, ar fheidhmíocht na Gníomhaireachta i ndáil lena cuspóirí, a sainordú, a láithreacha agus a cúraimí. Áireofar sa mheastóireacht sin freisin scrúdú ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus ar an tslí a rannchuidíonn an Ghníomhaireacht go héifeachtach le bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF agus le timpeallacht TF atá comhordaithe, costéifeachtach agus comhleanúnach a bhunú ar leibhéal an Aontais sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais, agus ar a mhéid a dhéantar amhlaidh. Sa mheastóireacht sin, déanfar, go háirithe, measúnú maidir leis an riachtanas a d’fhéadfadh a bheith ann sainordú na Gníomhaireachta a mhodhnú agus maidir leis na himpleachtaí airgeadais a bheadh le haon mhodhnú den sórt sin. Féadfaidh an bord bainistíochta moltaí a eisiúint don Choimisiún maidir le leasuithe ar an Rialachán seo.
I gcás ina measfaidh an Coimisiún nach bhfuil údar a thuilleadh ag an nGníomhaireacht leanúint de na cuspóirí, den sainordú agus de na cúraimí atá sannta di, féadfaidh sé a mholadh an Rialachán seo a leasú dá réir nó a aisghairm.
Déanfaidh an Coimisiún torthaí na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1 a thuairisciú do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Bhord Bainistíochta. Cuirfear torthaí na meastóireachta ar fáil don phobal.
Ina theannta sin, maidir le hoibriú SIS, ar bhonn Rialachán (AE) 2018/1862, déanfaidh an Coimisiún, na Ballstáit agus eu-LISA athbhreithniú agus faireachán go tráthrialta ar úsáid SIS chun a áirithiú go leanann sé de bheith ag feidhmiú go héifeachtach agus go héifeachtúil.
Déantar foráil in Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2018/1862 go ndéanfaidh an Coimisiún meastóireacht gach cúig bliana ar a laghad ar an úsáid a bhaineann Europol as SIS. Cumhdófar sa mheastóireacht sin nósanna imeachta Europol maidir le sonraí a iontráil in SIS. Beidh ar Europol obair leantach leormhaith a áirithiú maidir leis na torthaí agus na moltaí a eascraíonn as an meastóireacht. Cuirfear tuarascáil maidir le torthaí na meastóireachta agus an obair leantach a dhéanfar uirthi chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.
Ina theannta sin, áirítear i Rialachán (AE) 2018/1862 forálacha in Airteagal 74(9) maidir le próiseas foirmiúil tráthrialta athbhreithniúcháin agus meastóireachta a bheidh infheidhme freisin maidir leis an gcatagóir nua foláirimh a thugtar isteach leis an leasú seo.
2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe
2.2.1.An bonn cirt atá leis an modh bainistíochta, le sásra cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na coinníollacha íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe
Ós rud é go bhfuil tionchar ag an togra ar ranníocaíocht bhliantúil an Aontais le eu-LISA, cuirfear buiséad an Aontais chun feidhme trí bhainistíocht indíreach.
De bhun phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, cuirfear buiséad eu-LISA chun feidhme i gcomhréir le rialú inmheánach éifeachtach éifeachtúil. Dá bhrí sin, tá sé de cheangal ar eu-LISA straitéis rialaithe iomchuí a chur chun feidhme arna comhordú idir na gníomhaithe iomchuí a bhíonn bainteach leis an slabhra rialaithe.
Maidir le rialuithe ex post, tá eu-LISA, ina cháil mar ghníomhaireacht dhíláraithe, faoi réir na nithe seo a leanas go háirithe:
- iniúchadh inmheánach arna dhéanamh ag Seirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach an Choimisiúin;
- tuarascálacha bliantúla ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ina dtugtar ráiteas urrúis i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n‑idirbheart is bun leo;
- urscaoileadh bliantúil arna dheonú ag Parlaimint na hEorpa;
- imscrúduithe féideartha a dhéanfaidh OLAF lena chinntiú, go háirithe, go mbainfear an úsáid chuí as na hacmhainní a leithdháiltear ar ghníomhaireachtaí.
Ina cáil mar Ard‑Stiúrthóireacht comhpháirtíochta le eu-LISA, cuirfidh AS HOME a Straitéis Rialaithe maidir le gníomhaireachtaí díláraithe chun feidhme chun tuairisciú iontaofa a áirithiú faoi chuimsiú a Tuarascála Bliantúla ar Ghníomhaíochtaí. Cé go bhfuil freagracht iomlán ar ghníomhaireachtaí díláraithe as a mbuiséad a chur chun feidhme, tá AS HOME freagrach as ranníocaíochtaí bliantúla arna mbunú ag an Údarás Buiséadach a íoc go tráthrialta.
Ar deireadh, cuireann an tOmbudsman Eorpach sraith bhreise rialaithe agus cuntasachta ar fáil maidir le eu-LISA.
2.2.2.Faisnéis maidir leis na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánaigh a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú
Sainaithníodh na rioscaí seo a leanas:
- deacrachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann do eu-LISA maidir le bainistiú a dhéanamh ar na forbairtí a chuirtear i láthair sa togra seo i gcomhthráth le forbairtí eile atá ar siúl (e.g. an Córas Dul Isteach/Imeachta, an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil, agus na huasghráduithe ar SIS, VIS agus Eurodac);
- spleáchais idir na hullmhúcháin atá le déanamh ag eu-LISA maidir le SIS Láir agus na hullmhúcháin atá le déanamh ag Europol maidir le comhéadan teicniúil a chur ar bun chun sonraí a tharchur chuig SIS;
- príomhghnó eu-LISA a ilroinnt mar thoradh ar iolrú cúraimí agus iarrataí;
- gan leibhéil leordhóthanacha acmhainní airgeadais agus daonna a bheith ann chun freastal ar riachtanais oibríochtúla;
- easpa acmhainní TFC, a bheadh moilleanna ar fhorbairtí agus nuashonruithe riachtanacha croíchórais mar thoradh uirthi;
- na rioscaí a bhaineann leis an bpróiseáil sonraí pearsanta a dhéanann eu-LISA agus an gá atá le meastóireacht agus oiriúnú a dhéanamh go tráthrialta ar choimircí nós imeachta agus teicniúla chun cosaint sonraí pearsanta agus ceart bunúsach a áirithiú.
Cuireann eu-LISA Creat Rialaithe Inmheánaigh sonrach chun feidhme atá bunaithe ar Chreat Rialaithe Inmheánaigh an Choimisiúin Eorpaigh. Sa Doiciméad Clársceidealaithe Aonair, ní mór faisnéis a chur ar fáil maidir leis na córais rialaithe inmheánaigh, agus ní mór go mbeidh faisnéis maidir le héifeachtúlacht agus éifeachtacht na gcóras rialaithe inmheánaigh, lena n‑áirítear faisnéis maidir le measúnú riosca, sa Tuarascáil Chomhdhlúite Bhliantúil ar Ghníomhaíochtaí. Tuairiscítear i dTuarascáil Chomhdhlúite Bhliantúil ar Ghníomhaíochtaí 2019 go bhfuil urrús réasúnta ag bainistíocht na Gníomhaireachta go bhfuil rialuithe inmheánacha iomchuí i bhfeidhm agus go bhfuil siad ag feidhmiú de réir mar a bhí beartaithe. Le linn na bliana, rinneadh na rioscaí móra a shainaithint agus a bhainistiú mar is iomchuí. Déantar an t‑urrús sin a dheimhniú tuilleadh le torthaí na n‑iniúchtaí inmheánacha agus seachtracha a rinneadh.
Cuireann Cumas Iniúchóireachta Inmheánaí eu-LISA leibhéal breise maoirseacht ar fáil freisin, ar bhonn plean iniúchóireachta bliantúil agus measúnú rioscaí in eu-LISA á chur san áireamh go háirithe. Cuidíonn an Cumas Iniúchóireachta Inmheánaigh le eu-LISA a chuspóirí a ghnóthú trí chur chuige córasach a bhfuil an‑smacht ag baint leis a thabhairt isteach chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht na bpróiseas bainistíochta riosca, rialaithe agus rialachais, agus trí mholtaí a eisiúint maidir lena bhfeabhsú.
Thairis sin, déanann an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus oifigeach cosanta sonraí eu-LISA (feidhm neamhspleách a ghabhann go díreach le rúnaíocht an bhoird bainistíochta) maoirseacht ar an bpróiseáil sonraí pearsanta a dhéanann eu-LISA.
Ina cháil mar Ard‑Stiúrthóireacht comhpháirtíochta eu-LISA, reáchtálann AS HOME cleachtadh bliantúil i ndáil le bainistíocht riosca chun rioscaí arda a shainaithint agus a mheasúnú, rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann a bhaineann le hoibríochtaí gníomhaireachtaí, lena n‑áirítear eu-LISA. Déantar na rioscaí a mheastar a bheith criticiúil a thuairisciú go bliantúil i bplean bainistíochta AS HOME agus ag gabháil leo, tá plean gníomhaíochta ina luaitear an ghníomhaíocht mhaolaithe.
2.2.3.Meastachán ar chost‑éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)
Déanann an Coimisiún tuairisciú ar an gcóimheas idir ‘costais rialaithe/luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’. Tuairiscítear sa tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí le haghaidh 2019 ó AS HOME cóimheas 0.28 % i ndáil le hEintitis Iontaobhaithe Bainistíochta Indírí agus Gníomhaireachtaí Díláraithe, lena n‑áirítear eu-LISA.
Dheimhnigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa dlíthiúlacht agus rialtacht chuntais bhliantúla eu-LISA le haghaidh 2018, rud a thugann le tuiscint go bhfuil ráta earráide faoi bhun 2 % ann. Níl aon chomhartha ann go rachaidh an ráta earráide in olcas sna blianta amach romhainn.
Thairis sin, foráiltear le hAirteagal 80 de Rialachán Airgeadais eu-LISA go bhféadfaidh an ghníomhaireacht cumas iniúchóireachta inmheánach a chomhroinnt le comhlachtaí eile de chuid an Aontais atá ag feidhmiú sa réimse beartais céanna mura mbeidh an cumas iniúchóireachta inmheánach atá ag comhlacht aonair de chuid an Aontais costéifeachtach.
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
Leagtar amach, inter alia, na bearta a bhaineann le calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a chomhrac in Airteagal 50 de Rialachán eu-LISA agus faoi Theideal X de Rialachán Airgeadais eu-LISA.
Glacfaidh eu-LISA páirt go háirithe i ngníomhaíochtaí coisctheacha i ndáil le calaois ón Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas gan mhoill faoi chásanna ina dtoimhdítear calaois agus neamhrialtachtaí airgeadais eile – i gcomhréir lena straitéis inmheánach frith‑chalaoise.
Thairis sin, ina cháil mar Ard‑Stiúrthóireacht comhpháirtíochta, tá a straitéis frith‑chalaoise féin forbartha agus curtha chun feidhme ag AS HOME ar bhonn na modheolaíochta a chuir OLAF ar fáil. Tagann gníomhaireachtaí díláraithe, lena n‑áirítear Europol, faoi raon feidhme na straitéise. Ba é conclúid na tuarascála bliantúla ar ghníomhaíochtaí le haghaidh 2019 ó AS HOME gur oibrigh na próisis chun calaois a chosc agus a bhrath go sásúil agus gur rannchuidigh siad, dá bhrí sin, leis an urrús maidir leis na cuspóirí rialaithe inmheánaigh a ghnóthú.
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imreofar tionchar
·Línte buiséid atá ann cheana
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
|
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Líne buiséid
|
Saghas
caiteachais
|
Ranníocaíocht
|
|
|
Uimhir
|
LD/LN
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí
|
ó thríú tíortha
|
de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais
|
|
4
|
11 10 02 – Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA)
|
LD
|
NÍL
|
NÍL
|
TÁ
|
NÍL
|
·Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
|
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Líne buiséid
|
Saghas
caiteachais
|
Ranníocaíocht
|
|
|
Uimhir
[Ceannteideal………………………………………]
|
LD/LN
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí
|
ó thríú tíortha
|
de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais
|
|
|
[XX.YY.YY.YY]
|
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil
|
4
|
An imirce agus bainistiú teorainneacha
|
|
eu-LISA: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais
|
|
|
Bliain
2021
|
Bliain
2022
|
Bliain
2023
|
Bliain
2024
|
Bliain
2025
|
Bliain
2026
|
Bliain
2027
|
IOMLÁN
|
|
Teideal 1:
|
Gealltanais
|
(1)
|
0,160
|
0,160
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0,320
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(2)
|
0,160
|
0,160
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0,320
|
|
Teideal 2:
|
Gealltanais
|
(1a)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(2a)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
Teideal 3:
|
Gealltanais
|
(3a)
|
0
|
1,500
|
|
|
|
|
|
1,500
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(3b)
|
0
|
1,500
|
|
|
|
|
|
1,500
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
faoi chomhair eu-LISA
|
Gealltanais
|
=1+1a +3a
|
0,160
|
1,660
|
|
|
|
|
|
1,820
|
|
|
Íocaíochtaí
|
=2+2a
+3b
|
0,160
|
1,660
|
|
|
|
|
|
1,820
|
Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil
|
5
|
"Caiteachas riaracháin"
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
|
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
IOMLÁN
|
|
Ard‑Stiúrthóireacht: <…….>
|
|
• Acmhainní Daonna
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
• Caiteachas riaracháin eile
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN Ard‑Stiúrthóireacht <…….>
|
Leithreasuithe
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
|
|
Bliain
2021
|
Bliain
2022
|
Bliain
2023
|
Bliain
2024
|
Bliain
2025
|
Bliain
2026
|
Bliain
2027
|
IOMLÁN
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Gealltanais
|
0,160
|
1,660
|
|
|
|
|
|
1,820
|
|
|
Íocaíochtaí
|
0,160
|
1,660
|
|
|
|
|
|
1,820
|
3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair eu-LISA
–◻
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
–⌧
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Sonraigh cuspóirí agus aschuir
⇩
|
|
|
Bliain
2021
|
Bliain
2022
|
Bliain
2023
|
Bliain
2024
|
Bliain
2025
|
Bliain
2026
|
Bliain
2027
|
IOMLÁN
|
|
|
ASCHUIR
|
|
|
Saghas
|
Meánchostas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon iomlán
|
Costas iomlán
|
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1Forbairt an Lárchórais
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
1
|
1,500
|
1
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
1
|
1,500
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1
|
|
|
1
|
1,500
|
1
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
1
|
1,500
|
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2 Cothabháil an Lárchórais
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
COSTAS IOMLÁN
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar acmhainní daonna eu-LISA
3.2.3.1.Achoimre
–◻
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin
–⌧
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
Bliain
2021
|
Bliain
2022
|
Bliain
2023
|
Bliain
2024
|
Bliain
2025
|
Bliain
2026
|
Bliain
2027
|
IOMLÁN
|
|
Gníomhairí sealadacha (Gráid AD)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Gníomhairí sealadacha (gráid AST)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Baill foirne ar conradh
|
0,160
|
0,160
|
|
|
|
|
|
0,320
|
|
Saineolaithe Náisiúnta ar Iasacht
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Riachtanais foirne (coibhéis lánaimseartha):
|
|
Bliain
2021
|
Bliain
2022
|
Bliain
2023
|
Bliain
2024
|
Bliain
2025
|
Bliain
2026
|
Bliain
2027
|
IOMLÁN
|
|
Gníomhairí sealadacha (Gráid AD)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Gníomhairí sealadacha (gráid AST)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Baill foirne ar conradh
|
2
|
2
|
|
|
|
|
|
|
|
Saineolaithe Náisiúnta ar Iasacht
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Tá sé beartaithe earcaíocht a dhéanamh in 2021, ionas go mbeidh an fhoireann ar fáil chun tús a chur le forbairt SIS Láir in am trátha d’fhonn cur chun feidhme na catagóire foláirimh nuachruthaithe a áirithiú faoi 2022.
3.2.3.2.Na riachtanais acmhainní daonna a mheastar a bheidh ag an máthair-Ard‑Stiúrthóireacht
–◻
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.
–◻
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:
Sloinnfear an meastachán i méideanna iomlána (nó go dtí ionad deachúlach amháin ar a mhéad)
|
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain N+2
|
Bliain N+3
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
|
·Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 05 01 (Taighde indíreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
10 01 05 01 (Taighde díreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
• Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 02 01 (AC, END, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 02 02 (AC, AL, END, INT agus JPD sna Toscaireachtaí)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 04 bb
|
- sa Cheanncheathrú
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- i dToscaireachtaí
|
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 05 02 (AC, END INT – Taighde indíreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
10 01 05 02 (AC, END, INT – Taighde díreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN
|
|
|
|
|
|
|
|
Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.
Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar athshannadh a gcúraimí laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:
|
Oifigigh agus pearsanra sealadach
|
|
|
Pearsanra seachtrach
|
|
Ba cheart tuairisc ar ríomh na gcostas le haghaidh aonad FTE a áireamh in Iarscríbhinn V, roinn 3.
3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
–⌧
Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.
–◻
Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.
Nótaí:
Tá an togra comhoiriúnach do chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027.
Níl sé beartaithe creat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 a ath‑chlársceidealú ag an gcéim seo; ní fhágann sin, áfach, nach bhféadfaí ath‑chlársceidealú a dhéanamh amach anseo.
Déanfar tionchar buiséadach na n‑acmhainní airgeadais breise le haghaidh eu-LISA a fhritháireamh trí laghdú cúiteach ó chaiteachas cláraithe faoi Cheannteideal 4.
–◻
Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil.
Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.
3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
–Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú ag tríú páirtithe.
–Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh‑mheasta thíos:
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
Iomlán
|
|
Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
|
|
|
3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
–◻
Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.
–◻
Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:
–◻
ar acmhainní dílse
–◻
ar ioncam eile
– ◻ má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Líne buiséid ioncaim:
|
Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha
|
Tionchar an togra/tionscnaimh
|
|
|
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
|
Airteagal ………….
|
|
|
|
|
|
|
|
|
I gcás ioncam ilghnéitheach atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a n‑imreofar tionchar orthu.
Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.