AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,12.11.2020
COM(2020) 700 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an
Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle
maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE i ndáil le leasú ar Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE
[32015R1222 - Treoirlíne maidir le bainistiú ar phlódú “CM”]
IARSCRÍBHINN
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE
Uimh. […]
an […]
lena leasaítear Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (“Comhaontú LEE”), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Rialachán (AE) 2015/1222 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2015 lena mbunaítear treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus bainistiú ar phlódú, treoirlíne atá le hionchorprú i gComhaontú LEE.
(2)Níl feidhm ag Rialachán (AE) 2015/1222 ón gCoimisiún maidir le córais tarchurtha ar oileáin nach bhfuil nasctha le córais tarchurtha eile trí idirnaisc.
(3)Toisc nach bhfuil córas tarchurtha na hÍoslainne nasctha le córas tarchurtha eile, níor cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE) 2015/1222 ón gCoimisiún maidir leis an Íoslainn.
(4)Níl gréasán tarchurtha leictreachais dá chuid féin ag Lichtinstéin de bharr a laghad agus líon teoranta na dtomhaltóirí leictreachais. Níor cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith ag Rialachán (AE) 2015/1222 ón gCoimisiún maidir le Lichtinstéin.
(5)Le tagairtí d’Oibreoirí Córais Tarchurtha, Oibreoirí Ainmnithe Margaidh Leictreachais, údaráis rialála agus páirtithe leasmhara, ba cheart a thuiscint go gcuimsítear an tOibreoir Córais Tarchurtha, Oibreoirí Ainmnithe Margaidh Leictreachais, údaráis rialála agus páirtithe leasmhara a dhéanann ionadaíocht ar an Iorua.
(6)Tá sé ríthábhachtach go gcuirtear isteach an fhaisnéis riachtanach ar fad gan mhoill nuair a fhorbraítear téarmaí, coinníollacha agus modheolaíochtaí de bhun Rialachán (AE) 2015/1222 ón gCoimisiún go comhpháirteach. Le dlúthchomhar idir Oibreoirí Córais Tarchurtha agus rialtóirí, ba cheart don chomhar sin a áirithiú go gcosnaítear go héifeachtach faisnéis íogair i bpróiseas seo na forbartha téarmaí, coinníollacha agus modheolaíochtaí, is é sin faisnéis amhail faisnéis mhionsonraithe faoi fhostáisiúin leictreachais, suíomh beacht tarchuir faoi thalamh, faisnéis faoi chórais bhainistíochta agus faoi anailís leochaileachta mhionsonraithe ar féidir úsáid a bhaint aisti chun críocha na sabaitéireachta. Chun cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart an leibhéal céanna comhair maidir le malartú faisnéise agus cosaint faisnéise íogaire a bhunú i gcomhar leis an Iorua.
(7)Tá ionchur ó na príomhpháirtithe leasmhara i bhforbairt téarmaí, coinníollacha agus modheolaíochtaí do réigiúin nó do LEE ina iomláine, a d’fhéadfadh teacht chun a bheith ceangailteach trí fhormheas rialála, ríthábhachtach le haghaidh creat rialála trasteorann éifeachtach. Ba cheart, dá bhrí sin, don Oibreoir Córais Tarchurtha agus geallsealbhóirí eile a bheith rannpháirteach sna próisis chun téarmaí, coinníollacha agus modheolaíochtaí a fhorbairt mar a leagtar amach i bhforálacha éagsúla an Rialacháin seo. Ba cheart d’Oibreoirí Córais Tarchurtha agus Oibreoirí Ainmnithe Margaidh Leictreachais de chuid na hIorua a bheith rannpháirteach i gcinnteoireacht geallsealbhóra ar bhealach atá cosúil le hOibreoirí Chóras Tarchurtha agus le hOibreoirí Ainmnithe Margaidh Leictreachais a dhéanann ionadaíocht ar Bhallstát an Aontais Eorpaigh.
(8)Maidir le tograí réigiúnacha nó tograí uile-AE, i gcás ina n-éilítear cinneadh ó níos mó ná údarás rialála amháin chun tograí ó Oibreoirí Córais Tarchurtha nó ó Oibreoirí Ainmnithe Margaidh Leictreachais a fhormheas, ba cheart d’údaráis rialála comhairliúchán agus comhar a dhéanamh le chéile chun teacht ar chomhaontú sula nglacfaidh na húdaráis rialála cinneadh. Ba cheart d’údarás rialála na hIorua a bheith páirteach sa chomhar sin.
(9)De bharr gur glacadh an Rialachán seo ar bhonn Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le coinníollacha le haghaidh rochtain ar an ngréasán do mhalartú trasteorann leictreachais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003, agus maidir leis na téacsanna oiriúnúcháin a ullmhaíodh agus a glacadh faoi Chinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 93/2017 an 5 Bealtaine 2017 maidir le cur chun feidhme Rialachán 714/2009, go háirithe forálacha in Airteagal 1 (1) agus (5) de, lena bhforáiltear maidir le hoiriúnuithe a bhaineann le ról na Gníomhaireachta um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh i gcomhthéacs LEE, tá na téacsanna sin ábhartha le haghaidh chur i bhfeidhm an Rialacháin in LEE, go sonrach Airteagal 9 (11) agus (12).
(10)Ba cheart Iarscríbhinn IV a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 48 (Rialachán (AE) Uimh. 543/2013 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Comhaontú LEE:
’49.
32015 R 1222: Rialachán (AE) 2015/1222 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2015 lena mbunaítear treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus bainistiú ar phlódú (IO L 197, 25.7.2015, lch. 24).
Léifear forálacha an Rialacháin, chun críocha an Chomhaontaithe sin, leis na hoiriúnuithe seo a leanas:
(a)Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an Íoslainn agus le Lichtinstéin.
(b)Cuirfear an méid seo a leanas le hAirteagal 13:
“Féadfaidh comhaontuithe idir Oibreoirí Córais Tarchurtha agus / nó Rialtóirí a áirithiú go gcosnaítear faisnéis rúnda agus íogair go héifeachtach agus go cuidítear lena chinntiú go gcuirtear isteach gan mhoill an fhaisnéis ar fad is gá chun téarmaí, coinníollacha agus modheolaíochtaí coiteanna a fhorbairt”
(c)In Airteagal 9:
(i) Tuigfear le gach tagairt do “dhaonra an Aontais” in Airteagal 9(2)(b), do “dhaonra an réigiúin lena mbaineann” in Airteagal 9(3)(b) agus do “dhaonra na mBallstát rannpháirteach” in Airteagal 9(3), an dara fomhír, go bhfuil daonra na hIorua san áireamh agus cinneadh á dhéanamh ar baineadh amach tairseach an daonra ábhartha le haghaidh tromlach cáilithe a bhaint amach.
(ii) Léifear gach tagairt do “réigiúin ina bhfuil níos mó ná cúig Bhallstát” in Airteagal 9(3), an chéad fhomhír, agus do “réigiúin ina bhfuil cúig Bhallstát nó níos lú” in Airteagal 9(3), an tríú fomhír, mar “réigiúin ina bhfuil níos mó ná ceithre Bhallstát de chuid an Aontais agus an Iorua” nó mar “réigiúin ina bhfuil ceithre Bhallstát de chuid an Aontais agus an Iorua nó níos lú”.
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla iad téacsanna Rialachán (AE) 2015/1222 san Íoslainnis agus san Ioruais, atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an […], nó ar an lá tar éis an fhógra dheireanaigh chuig Comhchoiste LEE faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE, cibé acu dáta is déanaí.
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, […].
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
[…]