An Bhruiséil,5.11.2020

COM(2020) 693 final

2018/0089(COD)

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA

de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

maidir leis

an seasamh ón gComhairle maidir le treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a ghlacadh maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus lena n
x001e
aisghairtear Treoir 2009/22/CE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


2018/0089 (COD)

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA


de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh


maidir leis

an seasamh ón gComhairle maidir le treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a ghlacadh maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus lena n‑aisghairtear Treoir 2009/22/CE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

1.Cúlra

An dáta a tíolacadh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (doiciméad COM(2018) 184 final – 2018/0089 (COD):

an 12 Aibreán 2018.

Dáta na tuairime ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa:

Dáta na tuairime ó Choiste Eorpach na Réigiún:

an 20 Meán Fómhair 2018.

an 10 Deireadh Fómhair 2018.

Dáta an tseasaimh ó Pharlaimint na hEorpa, an chéad léamh:

an 26 Márta 2019.

An dáta a tíolacadh an togra leasaithe:

Neamhbhainteach.

An dáta a glacadh an seasamh ón gComhairle:

an 4 Samhain 2020.

2.Cuspóir an togra ón gCoimisiún

Mar chuid den tionscnamh dar teideal ‘Margadh Nua do Thomhaltóirí’, chuir an Coimisiún Eorpach togra nua i láthair le haghaidh Treoir maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus lena n‑aisghairtear Treoir 2009/22/CE.

Is é cuspóir an togra cur leis an leibhéal cosanta do thomhaltóirí agus feabhas a chur ar fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh, trí mhéadú a dhéanamh ar éifeachtacht an nós imeachta urghaire atá ann faoi láthair chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint, agus tríd an nós imeachta sin a chomhlánú le sásra le haghaidh sásamh comhleasanna tomhaltóirí.

Sa togra leagtar amach rialacha lena gcuirtear ar a gcumas d'eintitis cháilithe caingne ionadaíocha a thabhairt atá dírithe ar chomhleasanna tomhaltóirí a chosaint, agus áirithítear san am céanna coimircí iomchuí chun dlíthíocht mhí‑úsáideach a sheachaint. Leis na bearta féideartha atá le lorg laistigh de na caingne ionadaíocha áirítear bearta urghaire chun cleachtas trádálaí a stopadh nó a chosc, má mheastar gur sárú ar dhlí ábhartha de chuid an Aontais é, chomh maith le bearta sásaimh lena soláthrófar leigheas faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta do thomhaltóirí a bhfuil ionadaíocht acu sa chaingean. Déantar foráil sa togra maidir le critéir chomhchuibhithe chun eintitis cháilithe a ainmniú chomh maith le rialacha maidir le cistiú tríú páirtí, cúnamh d’eintitis cháilithe agus a n‑aitheantas frithpháirteach, socraíochtaí, faisnéis do thomhaltóirí agus nochtadh faisnéise agus é d’aidhm aige éifeachtacht an nós imeachta a áirithiú sa chomhthéacs intíre agus trasteorann. Le raon feidhme chur i bhfeidhm an togra cumhdaítear dlí cothrománach tomhaltóirí agus ionstraimí earnáilsonracha an Aontais is ábhartha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint in earnálacha éagsúla amhail seirbhísí airgeadais, fuinneamh, teileachumarsáid, cosaint sonraí, taisteal, an turasóireacht, an tsláinte agus an comhshaol.

3.Tráchtanna maidir leis an seasamh ón gComhairle

I gcomhréir leis an gcomhaontú polaitiúil, leis an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh tugtar isteach roinnt athruithe ar an togra ón gCoimisiún, chun na nithe seo a leanas a dhéanamh go príomha:

·a shoiléiriú go rannchuidíonn cuspóirí na Treorach le feidhmiú an mhargaidh aonair a bhuí le hardleibhéal cosanta tomhaltóirí. Sa chomhthéacs sin, tagraíonn an Treoir chomh maith don chuspóir maidir le rochtain tomhaltóirí ar an gceartas,

·discréid a thabhairt do na Ballstáit i ndáil le hainmniú na n‑eintiteas cáilithe a bheidh in ann caingne ionadaíocha intíre a thabhairt, agus na critéir chomhchuibhithe maidir le hainmniú na n‑eintiteas cáilithe a bheidh in ann caingne trasteorann a thabhairt a neartú san am céanna,

·soiléiriú a thabhairt maidir leis na catagóirí beart atá le lorg ag eintitis cháilithe, na rialacha maidir le rannpháirtíocht tomhaltóirí sa chaingean, comhordú na gcaingne comhuaineacha féideartha, cistiú tríú páirtí, leithdháileadh na gcostas nós imeachta, faisnéis do thomhaltóirí, nochtadh faisnéise agus cúnamh d’eintitis cháilithe,

·an Treoir a bheith bunaithe níos mó ar phrionsabail trí thuilleadh discréide a thabhairt do na Ballstáit maidir le módúlachtaí nós imeachta amhail socraíochtaí, éifeachtaí cinntí deiridh, tréimhsí teorann nó pionóis chun comhtháthú na gcaingne ionadaíocha sna creataí forfheidhmiúcháin náisiúnta a éascú.

·clásal athbhreithnithe a thabhairt isteach maidir leis an bhféidearthacht Ombudsman Eorpach do chaingne ionadaíocha a chruthú,

·tréimhse thrasuí na Treorach a fhadú ó 18 go 24 mhí.

Léirítear go hiomlán leis an seasamh ón gComhairle an comhaontú polaitiúil ar tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle air an 22 Meitheamh 2020. Tá an Coimisiún den tuairim go bhfuil na leasuithe sin ar an togra i gcomhréir lena chuspóirí beartais bunaidh. Dá bhrí sin, is féidir leis an gCoimisiún an seasamh ón gComhairle a fhormhuiniú.

4.Conclúid

Tacaíonn an Coimisiún leis an seasamh ón gComhairle.

Is cloch mhíle thábhachtach a bheidh sa Treoir seo a ghlacadh i dtreo forfheidhmiú éifeachtach ceart tomhaltóirí san Aontas a mhéid a bhaineann le comhleasanna tomhaltóirí. Cuirfidh an Treoir le cothrom iomaíochta le haghaidh trádálaithe atá ag feidhmiú sa mhargadh inmheánach.