AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,4.11.2020
COM(2020) 692 final
2020/0313(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle trí Údarú Ginearálta Onnmhairithe ón Aontas a dheonú i gcomhair onnmhairiú earraí dé
x001e
úsáide áirithe ón Aontas chuig Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
An 29 Márta 2017, chuir an Ríocht Aontaithe fógra isteach á rá go raibh rún aici tarraingt siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le hAirteagal 50, tháinig an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe ar chomhaontú trí idirbheartaíocht ina leagtar amach na socruithe maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ag féachaint don chreat don chaidreamh a bheidh eadrainn sa todhchaí (‘Comhaontú um Tharraingt Siar’). De réir théarmaí an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar, ní bheidh an Ríocht Aontaithe ina Ballstát den Aontas Eorpach ón 31 Eanáir 2020 ar aghaidh, agus ní bheidh feidhm a thuilleadh ag dlí príomhúil ná dlí tánaisteach an Aontais maidir leis an Ríocht Aontaithe, tar éis dheireadh na hidirthréimhse an 31 Nollaig 2020.
Is éard a bhunaítear le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle an 5 Bealtaine 2009 (‘an Rialachán’) lena ndéantar córas Comhphobail a chur ar bun chun rialú a dhéanamh ar onnmhairiú, ar aistriú agus ar bhróicéireacht earraí dé‑úsáide agus ar iad a bheith ar idirthuras, córas coiteann rialuithe le haghaidh onnmhairiú ítimí dé‑úsáide, i gcomhréir le gealltanais agus le hoibleagáidí idirnáisiúnta na mBallstát agus an Aontais Eorpaigh (AE). Beidh údarú ag teastáil faoi scáth an Rialacháin chun earraí dé‑úsáide a onnmhairiú chuig tríú tíortha. Féadfaidh an t‑údarú sin a bheith i bhfoirm údaraithe aonair, údaraithe fhoriomláin nó údaraithe ghinearálta.
Chun tacú le hiomaíochas an Aontais agus cothrom iomaíochta a thabhairt d’onnmhaireoirí uile an Aontais, agus chun leibhéal ard slándála maille le comhlíonadh iomlán na n‑oibleagáidí idirnáisiúnta a áirithiú san am céanna, déanfar foráil le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle maidir le ‘Údaruithe Ginearálta onnmhairiúcháin ón Aontas’ i gcomhair onnmhairiú earraí áirithe dé‑úsáide chuig tríú tíortha áirithe faoi choinníollacha áirithe. Go háirithe, déanfar foráil le hIarscríbhinn IIa a ghabhann leis an Rialachán maidir le hÚdarú Ginearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas (‘AE001’) i gcomhair idirbhearta áirithe ar riosca íseal, e.g. onnmhairí chun na hAstráile, go Ceanada, chun na Seapáine, na Nua‑Shéalainne, na hIora, na hEilvéise (lena n‑áirítear Lichtinstéin) agus go Stáit Aontaithe Mheiriceá.
An tarraingt siar a dhéanfaidh an Ríocht Aontaithe ón Aontas, is tarraingt siar í a dhéanfaidh difear do thrádáil earraí dé‑úsáide idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe: de réir Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle, ón 1 Eanáir 2021 ar aghaidh, beidh údarú onnmhairithe ag teastáil i gcomhair onnmhairiú earraí dé‑úsáide ón Aontas Eorpach chuig an Ríocht Aontaithe, údarú a eiseoidh údarás inniúil náisiúnta an Bhallstáit a bhfuil an t‑onnmhaireoir bunaithe ann. Chruthódh sé sin ualach riaracháin suntasach d’údaráis inniúla na mBallstát agus d’onnmhaireoirí an Aontais, ualach a dhéanfadh difear dá n‑iomaíochas.
Dá bhrí sin, chun na rioscaí sin agus chun an tionchar a bheidh ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ar iomaíochas an Aontais a mhaolú, is iomchuí an Ríocht Aontaithe a chur le hIarscríbhinn IIa a ghabhann leis an Rialachán agus, dá bhrí sin, onnmhairí chuig an Ríocht Aontaithe faoi Údarú Ginearálta Onnmhairiúcháin AE001 a rialú. Tá cúiseanna éagsúla ann ar cheart an Ríocht Aontaithe a chur le liosta na dtíortha a áirítear le AE001:
·Tá an Ríocht Aontaithe ina páirtí i gconarthaí idirnáisiúnta ábhartha, agus tá sí ina comhalta i gcórais neamhiomadaithe idirnáisiúnta, agus comhlíonann sí go hiomlán na hoibleagáidí agus na gealltanais a ghabhann leo;
·Cuireann an Ríocht Aontaithe rialuithe comhréireacha agus leordhóthanacha i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar cheisteanna maidir leis an úsáid deiridh atá beartaithe agus leis an riosca a bhaineann le hatreorú i gcomhréir le forálacha agus cuspóirí an Rialacháin seo.
Dá bhrí sin, ní dhéanfaidh sé difear diúltach do shlándáil an Aontais ná don tslándáil idirnáisiúnta an Ríocht Aontaithe a chur le liosta na dtíortha a chumhdaítear le AE001, agus san am céanna, áiritheofar go gcuirfear rialuithe i bhfeidhm go haonfhoirmeach agus go comhsheasmhach ar fud an Aontais agus go soláthrófar cothrom iomaíochta d’onnmhaireoirí an Aontais.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Le córas rialaithe onnmhairí an Aontais Eorpaigh i gcomhair ítimí dé‑úsáide, déantar foráil gur de mheasúnú cás ar chás is gnách do na húdaráis inniúla náisiúnta údarú onnmhairiúcháin a eisiúint. Más ceanglas é údarú sonrach le honnmhairiú a dhéanamh chun na Ríochta Aontaithe, is é is dócha go gcuirfeadh sin ualach mór riaracháin ar onnmhaireoirí agus ar na húdaráis inniúla, agus bheadh baol éagothroime iomaíochta d’onnmhaireoirí laistigh den Bhallstát ann, rud a dhéanfadh difear d’fheidhmiú fónta an mhargaidh inmheánaigh agus an Chomhbheartais Tráchtála. D’fhéadfaí an suaitheadh sin a mhaolú ach an Ríocht Aontaithe a chur le liosta na gceann scríbe a chumhdaítear le AE001. Dá bhrí sin, tá an togra seo i gcomhsheasmhacht leis an gcur chuige ginearálta i leith na mbeart teagmhasach atá ann chun aghaidh a thabhairt ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe gan comhaontú a bheith déanta.
Thairis sin, ós rud é gur ceann scríbe tábhachtach í an Ríocht Aontaithe i gcomhair earraí de‑úsáide agus go bhfuil sí tiomanta na hoibleagáidí agus na gealltanais idirnáisiúnta lena mbaineann a chomhlíonadh agus a áirithiú go hiomlán, beidh sé comhsheasmhach le cuspóirí an Rialacháin seo an Ríocht Aontaithe a chur le liosta na gceann scríbe a chumhdaítear le AE001, beidh sé comhsheasmhach freisin i dtaca leis an tslándáil idirnáisiúnta agus le slándáil an Aontais Eorpaigh agus beidh sé comhsheasmhach chomh maith leis an mbealach a onnmhairítear earraí de‑úsáide go Ballstáit eile (Ballstáit atá i riocht atá inchomparáide leis an Riocht Aontaithe maidir le cuspóirí an Rialacháin) a rialú faoi dhlí an Aontais Eorpaigh.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) is bunús dlí an togra.
•Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)
Ní infheidhme dó seo ós rud é gurb inniúlacht eisiach de chuid an Aontais Eorpaigh atá sa trádáil idirnáisiúnta.
•Comhréireacht
Meastar go bhfuil an Rialachán atá beartaithe comhréireach mar ní chuirfidh sé isteach go míréireach ar an trádáil agus ní chuirfidh sé ualach riaracháin iomarcach ar an onnmhairiú a dhéanann an tAontas Eorpach ar earraí dé‑úsáide chun na Ríochta Aontaithe, agus san am céanna caomhnóidh sé an tslándáil idirnáisiúnta agus slándáil an Aontais Eorpaigh. Ní théann sé thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach, agus seachnaíonn sé gach athrú is leithne ná sin.
•An rogha ionstraime
Tá leasú teoranta sa togra seo chun aghaidh a thabhairt ar chás aonuaire thar a bheith sonrach. Ós rud é go bhfuil liosta na dtríú tíortha a chumhdaítear le AE001 bunaithe leis an Rialachán agus gan é de chumhacht ag an gCoimisiún tíortha eile a chur leis an liosta sin, is cosúil gur rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an t‑aon chineál gnímh reachtaigh leordhóthanaigh atá ann chun aghaidh a thabhairt ar an gcás sin.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Ní infheidhme iad ós cás eisceachtúil uathúil é an cás arb éigean an togra seo a bheartú dá bharr.
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
De dheasca na n‑imthosca sonracha a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas agus de bharr síorathrú a bheith ar imeachtaí an scéil, cuireadh mórshrianta ar an bhféidearthacht tuairimí an phobail a lorg. Mar sin féin, tá na dúshláin a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas agus roinnt réitigh fhéideartha luaite ag páirtithe leasmhara éagsúla agus ionadaithe áirithe ó na Ballstáit.
•Measúnú tionchair
I gcomhréir leis na Treoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr, ní gá measúnú tionchair a dhéanamh, ós rud é gur cás eisceachtúil é. Níl aon rogha eile ann a bhfuil difríocht shubstainteach idir í agus an rogha seo.
•Cearta bunúsacha
Níl aon tionchar ag an togra seo ar chur i bhfeidhm ná ar chosaint na gceart bunúsach.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
2020/0313 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle trí Údarú Ginearálta Onnmhairithe ón Aontas a dheonú i gcomhair onnmhairiú earraí dé‑úsáide áirithe ón Aontas chuig Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)An 29 Márta 2017, chuir an Ríocht Aontaithe isteach fógra á rá go raibh rún aici tarraingt siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le hAirteagal 50, tháinig an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe ar Chomhaontú um Tharraingt Siar trí idirbheartaíocht. De réir théarmaí an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar, ní bheidh an Ríocht Aontaithe ina Ballstát den Aontas Eorpach ón 31 Eanáir 2020 ar aghaidh, agus ní bheidh feidhm a thuilleadh ag dlí príomhúil ná dlí tánaisteach an Aontais maidir leis an Ríocht Aontaithe, ná ní bheidh feidhm acu inti, tar éis dheireadh na hidirthréimhse an 31 Nollaig 2020.
(2)Le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle, bunaítear córas coiteann chun onnmhairiú earraí dé‑úsáide a rialú, chun slándáil an Aontais agus an tslándáil idirnáisiúnta a chosaint agus chun cothrom iomaíochta a sholáthar d’onnmhaireoirí an Aontais.
(3)Déanfar foráil i Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 maidir le ‘hÚdaruithe Ginearálta onnmhairiúcháin ón Aontas’ lena n‑éascaítear na rialuithe ar onnmhairiú ar riosca íseal earraí dé‑úsáide chuig tríú tíortha áirithe. Faoi láthair, faoi Údarú Ginearálta onnmhairiúcháin ón Aontas Uimh. AE001, cumhdaítear an Astráil, Ceanada, an tSeapáin, an Nua‑Shéalainn, an Iorua, an Eilvéis, lena n‑áirítear Lichtinstéin, agus Stáit Aontaithe Mheiriceá.
(4)Tá an Ríocht Aontaithe ina páirtí i gconarthaí idirnáisiúnta ábhartha agus tá sí ina comhalta i gcórais idirnáisiúnta neamhiomadaithe, comhlíonann sí go hiomlán na hoibleagáidí gaolmhara agus na gealltanais ghaolmhara
(5)Cuireann an Ríocht Aontaithe rialuithe comhréireacha leordhóthanacha i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar cheisteanna maidir leis an úsáid deiridh atá beartaithe agus leis an riosca a bhaineann le hatreorú i gcomhréir le forálacha agus cuspóirí Rialachán (CE) Uimh. 428/2009.
(6)Níor cheart go ndéanfadh sé sin difear diúltach do shlándáil an Aontais ná don tslándáil idirnáisiúnta an Ríocht Aontaithe a chur le liosta na dtíortha a áirítear le AE001.
(7)Ós rud é gur ceann scríbe tábhachtach í an Ríocht Aontaithe i gcomhair earraí dé‑úsáide a tháirgtear san Aontas, is iomchuí an Ríocht Aontaithe a chur le liosta na gceann scríbe a chumhdaítear le hÚdaruithe Ginearálta onnmhairiúcháin ón Aontas Uimh. AE001 chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach agus comhsheasmhach na rialuithe a áirithiú ar fud an Aontais, chun cothrom iomaíochta a chur chun cinn i gcomhair onnmhaireoirí an Aontais agus chun ualach riaracháin breise nach bhfuil gá leis a sheachaint, agus chun slándáil an Aontais agus an tslándáil idirnáisiúnta a chosaint san am céanna.
(8)I bhfianaise na práinne a bhaineann leis na cúinsí eisceachtúla maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach, is gá gur féidir na forálacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo maidir leis an Ríocht Aontaithe a chuimsiú in Údarú Ginearálta onnmhairiúcháin ón Aontas Uimh. AE001 a chur i bhfeidhm go pras. Dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn IIa a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle mar a leanas:
(1)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil ‘Onnmhairí chun na hAstráile, go Ceanada, chun na Seapáine, na Nua‑Shéalainne, na hIora, na hEilvéise, lena n‑áirítear Lichtinstéin, agus go Stáit Aontaithe Mheiriceá’:
‘Onnmhairí chun na hAstráile, go Ceanada, chun na Seapáine, na Nua‑Shéalainne, na hIora, na hEilvéise, lena n‑áirítear Lichtinstéin, na Ríochta Aontaithe agus go Stáit Aontaithe Mheiriceá’;
(2)I gCuid 2, cuirtear an méid seo a leanas isteach i ndiaidh ‘an Eilvéis, lena n‑áirítear Lichtinstéin’:
‘‑ an Ríocht Aontaithe (gan dochar do chur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann i gcomhréir le hIarscríbhinn 2, pointe 47 de Phrótacal IE/NI, lena liostaítear na forálacha de dhlí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 5(4) denChomhaontú um Tharraingt Siar)‘.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán