An Bhruiséil,22.10.2020

COM(2020) 666 final

2020/0301(NLE)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena socraítear do 2021 agus 2022 na deiseanna iascaireachta le haghaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais maidir le stoic éisc dhomhainfharraige áirithe


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

1.1.Forais agus cuspóirí an togra

1.1.1.Comhthéacs ginearálta

Ó bhí 2003 ann, tá iascaireacht ar speicis dhomhainfharraige á rialú san Aontas Eorpach ó thaobh Gabhálacha Iomlána Incheadaithe (TACanna) in aghaidh speiceas agus limistéar, agus ó thaobh na huasacmhainne iascaireachta atá ceadaithe san Atlantach Thoir Thuaidh. Le haghaidh 2019 agus 2020, leagadh síos na gabhálacha iomlána a cheadaítear i leith speicis dhomhainfharraige áirithe i Rialachán (AE) Uimh. 2018/2025 ón gComhairle lena socraíodh do 2019 agus 2020 na deiseanna iascaireachta le haghaidh soithí de chuid an Aontais maidir le stoic éisc dhomhainfharraige áirithe 1 .

Is faoi inniúlacht eisiach an Aontais atá socrú agus comhroinnt na ndeiseanna iascaireachta sin. In Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, leagtar amach na hoibleagáidí a bhaineann le saothrú inbhuanaithe na mbeo-acmhainní uisceacha. Go háirithe, in Airteagal 2(2) den Rialachán sin, leagtar síos cur chuige réamhchúraim i leith bainistiú iascach (mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(8) de) agus foráiltear go ndíreoidh an Comhbheartas Iascaigh ar uastáirgeacht inbhuanaithe a athbhunú agus a choinneáil ar bun. Ina theannta sin, i gcomhréir le hAirteagal 16(4) den Rialachán sin, ní mór deiseanna iascaireachta a shocrú i gcomhréir le cuspóirí Airteagal 2(2).

Mar sin féin, baineann sé freisin le deiseanna iascaireachta a eascraíonn ó chomhairliúcháin iltaobhacha nó déthaobhacha maidir le hiascaigh. Cuirtear toradh na gcomhairliúchán sin chun feidhme trí fhoráil a dhéanamh maidir le cionroinnt inmheánach idir na Ballstáit atá bunaithe ar phrionsabal na cobhsaíochta coibhneasta.

An idirthréimhse a leagtar amach sa chomhaontú um tharraingt siar idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, rachaidh an idirthréimhse sin in éag ag deireadh na bliana 2020 i ndiaidh é a bheith sonraithe ag an Ríocht Aontaithe nach bhfuil leas aici i leith síneadh a chur leis. Dá bhrí sin, na stoic ar ina leith is gá don Choimisiún dul i gcomhairliúchán leis an Ríocht Aontaithe maidir le scaireanna cuótaí le haghaidh deiseanna iascaireachta do na blianta 2021 agus 2022, léirítear na stoic sin mar pro memoria fad agus atá an chaibidlíocht fós ar siúl maidir le comhar i leith na stoc sin, lena n‑áirítear deiseanna iascaireachta, scaireanna cuótaí agus rochtain ar uiscí na Ríochta Aontaithe.

Maidir le stoic chomhroinnte nó deiseanna iascaireachta eile arna malartú le tríú tíortha, ní bheidh na figiúirí ar fáil go dtí go gcuirfear na comhairliúcháin leis na tríú tíortha sin i gcrích. Nuair a thabharfar na comhairliúcháin sin i gcrích, cuirfear páipéir leathoifigiúla leis an togra seo.

Ina theannta sin, ba cheart deiseanna iascaireachta domhainfharraige a shocrú i gcomhréir le comhaontuithe idirnáisiúnta, lena n‑áirítear inter alia comhaontú 1995 na Náisiún Aontaithe i ndáil le caomhnú agus le bainistiú stoc éisc traslimistéir agus stoc éisc mór-imirceach (“Comhaontú 1995 NA maidir le Stoic Éisc”). Go háirithe, tá sé tábhachtach a bheith cúramach nuair is éiginnte, neamhiontaofa nó neamhleor an fhaisnéis atá ann. De bhun Airteagal 6(2) de Chomhaontú 1995 NA maidir le stoic éisc, má tá faisnéis eolaíoch leormhaith in easnamh, ní féidir an t‑easnamh sin a bheith ina leithscéal chun glacadh na mbeart caomhnaithe agus bainistithe a chur ar athló nó a sheachaint. Na TACanna seo atá beartaithe, tá siad i gcomhréir le Treoirlínte Idirnáisiúnta 2008 maidir le Bainistiú Iascach Domhainfharraige ar an Mórmhuir de chuid Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe, treoirlínte arna ndeimhniú ag Rúin leantacha le linn Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe (Rún 61/105 in 2007, Rún 64/72 in 2009 agus an ceann is déanaí, Rún 70/235 in 2015).

1.1.2.An oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír arna tabhairt isteach ag Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013

An oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír arna bunú ag bun‑Rialachán an Chomhbheartais Iascaigh (CBI), tugadh isteach ina chéimeanna í ó 2015 go 2019. Ón 1 Eanáir 2019 ar aghaidh, is faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír atá na stoic uile faoi theorainneacha gabhála. D’fhéadfadh sé go mbeadh eisceachtaí áirithe i bhfeidhm maidir leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír. Ar bhonn na moltaí comhpháirteacha a chuir na Ballstáit isteach, ghlac an Coimisiún Rialacháin Tharmligthe ina leagtar síos pleananna sonracha maidir le hábhar muirí aischurtha lena gceadaítear cainníochtaí teoranta ábhair mhuirí aischurtha ar bhonn díolúintí de minimis nó ardmharthanais.

Ó tugadh isteach an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, agus i gcomhréir le hAirteagal 16(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, is gá a léiriú sna deiseanna iascaireachta atá beartaithe an t‑athrú ón méid a thugtar i dtír chuig an méid a ghabhtar agus a chur san áireamh nach gceadaítear ábhar muirí aischurtha a thuilleadh. Déantar an méid sin ar bhonn na comhairle eolaíche a fuarthas maidir le stoic éisc sna hiascaigh dá dtagraítear in Airteagal 15(1) de bhun‑Rialachán CBI. Chomh maith leis sin, ba cheart na deiseanna iascaireachta a shocrú i gcomhréir le forálacha ábhartha eile, i.e. Airteagal 16(1) (a thagraíonn do phrionsabal na cobhsaíochta coibhneasta) agus Airteagal 16(4) (a thagraíonn do chuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh agus do na rialacha dá bhforáiltear i bpleananna ilbhliantúla).

Dá bhrí sin, ionas go gcuirfear san áireamh cur i bhfeidhm iomlán na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír, molann an Coimisiún TACanna a shocrú ar bhonn na comhairle maidir le gabhálacha seachas ar bhonn na comhairle a úsáideadh roimhe seo maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír. Sna cuótaí atá beartaithe ag an Aontas, cuirtear san áireamh go dtarlóidh méid teoranta ábhair mhuirí aischurtha ar bhonn díolúintí seanbhunaithe, agus sa chaoi sin, ní thabharfar i dtír na gabhálacha sin ná ní ríomhfar iad in aghaidh na gcuótaí. Dá bhrí sin, asbhainfear na méideanna sin de chuótaí an Aontais.

1.1.3.Forálacha atá ann cheana i réimse an togra

Leagtar síos na forálacha atá ann cheana i réimse an togra i Rialachán (AE) Uimh. 2018/2025 ón gComhairle agus is infheidhme iad go dtí an 31 Nollaig 2020. Ina theannta sin, i Rialachán (AE) Uimh. 2016/2336 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, leagtar síos coinníollacha sonracha maidir le hiascaireacht a dhéanamh ar stoic dhomhainfharraige san Atlantach Thoir Thuaidh.

Plean Bainistíochta Uiscí an Iarthair (Rialachán (AE) 2019/472) a chumhdaíonn cuid de na stoic atá faoi réir an rialacháin seo, tá feidhm aige i dtaca leis na speicis seo a leanas:

An gránádóir cruinnsocach i bhfolimistéir 6, 7 agus 5b de chuid na Comhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES),

An scabaird dhubh i bhfolimistéir 1, 2, 4, 6–8, 10 agus 14, agus i ranna 3a, 5a, 5b, 9a agus 12b ICES, agus

An deargán i bhfolimistéar 9 de chuid ICES

1.1.4.Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá na bearta atá beartaithe ceaptha i gcomhréir le cuspóirí agus rialacha an Chomhbheartais Iascaigh agus tá siad comhsheasmhach le beartas an Aontais um fhorbairt inbhuanaithe, go háirithe Rialachán (AE) Uimh. 2016/2336 lena mbunaítear coinníollacha sonracha maidir le hiascaireacht a dhéanamh ar stoic dhomhainfharraige san Atlantach Thoir Thuaidh.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

2.1.Bunús dlí

Faoi Airteagal 43(3) den Chonradh um Fheidhmiú an Aontais Eorpach (CFAE), bunaítear go nglacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, na bearta “maidir le deiseanna iascaireachta a shocrú agus a chionroinnt”. Tá an togra seo teoranta do shocrú agus do chionroinnt na ndeiseanna iascaireachta maille leis na coinníollacha a bhfuil nasc feidhmiúil acu le húsáid na ndeiseanna iascaireachta sin.

Dá bhrí sin, leagtar amach sa togra seo, trí Rialachán ón gComhairle, na teorainneacha gabhála do chabhlaigh iascaireachta an Aontais maidir leis na speicis dhomhainfharraige ar mó a luach tráchtála in uiscí an Aontais agus in uiscí idirnáisiúnta an Atlantaigh Thoir Thuaidh, ionas go mbainfear amach cuspóir an Chomhbheartas Iascaigh maidir lena áirithiú go bhfuil iascaigh ar leibhéil atá inbhuanaithe go heacnamaíoch, go sóisialta agus ó thaobh an chomhshaoil de. Tagann an togra seo faoi inniúlacht eisiach an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 3(1)(d) CFAE. Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta maidir leis.

2.2.Comhréireacht

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta ar an gcúis seo a leanas: is comhbheartas é an Comhbheartas Iascaigh. De réir Airteagal 43(3) CFAE, tá sé de dhualgas ar an gComhairle na bearta a ghlacadh maidir le socrú agus cionroinnt na ndeiseanna iascaireachta.

Ag féachaint d’Airteagal 16(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, is faoi na Ballstáit atá sé deiseanna iascaireachta a chionroinnt i measc na réigiún nó na n‑oibreoirí, nuair nach bhfuil na deiseanna sin faoi réir córas lamháltas iascaireachta inaistrithe, i gcomhréir le hAirteagal 16(7) agus leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 17. Dá bhrí sin, tá neart solúbthachta ag na Ballstáit maidir le cinntí a bhaineann le samhail shóisialta/eacnamaíoch dá rogha féin a ghlacadh chun leas a bhaint as na deiseanna iascaireachta atá cionroinnte orthu.

3.TORTHAÍ Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

3.1.Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Cuireadh an togra seo le chéile ar bhonn na bprionsabal agus na treorach a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘i dtreo iascaireacht níos inbhuanaithe san Aontas Eorpach’: staid na himeartha agus treoshuíomhanna le haghaidh 2021 2 . I gcomhthéacs na Teachtaireachta sin, rinne an Coimisiún comhairliúchán leathan le páirtithe leasmhara, an tsochaí shibhialta, na Ballstáit agus an pobal i gcoitinne 3 .

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní bheidh aon impleachtaí airgeadais ag an togra seo do na Ballstáit. Glacann an Chomhairle an Rialachán seo gach dhá bhliain agus tá na hacmhainní poiblí agus príobháideacha chun é a chur chun feidhme i bhfeidhm cheana féin.

5.EILIMINTÍ EILE

5.1.Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Maidir leis na stoic uile a chumhdaítear sa togra seo, ní leor an fhaisnéis atá ar fáil chun go mbeadh eolaithe in ann measúnú iomlán a dhéanamh ar stádas na stoc ó thaobh líon na n‑iasc atá iontu ná ó thaobh básmhaireacht iascaireachta. Tá roinnt cúiseanna leis sin: speicis an‑fhadsaolach a fhásann go mall is minic a bhíonn sna speicis sin, rud a fhágann go bhfuil sé fíordheacair struchtúr an stoic a rangú ó thaobh aoise de agus measúnú a dhéanamh ar thionchar na hiascaireachta ar an stoc trí fhéachaint ar athruithe i bhfad an éisc nó i struchtúr aoise an éisc a ghabhtar. Ní heol cé chomh minic agus a shaolaítear iasc óg sna stoic. Tá na stoic scaipthe go forleathan i ndoimhneacht na farraige agus is deacair an doimhneacht sin a scrúdú ar chúiseanna praiticiúla. Is minic nach bhfuil sonraí ó shuirbhéanna eolaíocha ar fáil de thoradh laghdú ar thábhacht tráchtála na stoc sin, nó is minic nach gcuimsíonn na suirbhéanna sin an limistéar ar fad a bhfuil an stoc le fáil ann. Uaireanta ní dhírítear na gníomhaíochtaí iascaireachta ar na speicis sin ach go páirteach agus tá stair measartha gearr ag cuid de na hiascaigh.

Tá na teorainneacha gabhála atá beartaithe ag teacht leis na prionsabail a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún a luaitear thuas maidir le Comhairliúchán ar Dheiseanna Iascaireachta le haghaidh 2021. Sa Teachtaireacht sin, leagtar amach tuairimí an Choimisiúin maidir leis an gcaoi ar féidir deiseanna iascaireachta a shocrú, agus comhlíontar na rialacha sin i gcás na n‑iontrálacha faoi TACanna agus an togra seo á chur le chéile. Tá an méid seo a leanas sa togra seo:

·Ag cur san áireamh, más ábhartha, an oibleagáid maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír.

·Má chuirtear comhairle eolaíoch tháscach ar fáil atá bunaithe ar anailís cháilíochtúil ar an bhfaisnéis atá ann (fiú más neamhiomlán an fhaisnéis sin nó má tá breithiúnas saineolach ag baint léi), ba cheart cinntí faoi TACanna a dhéanamh ar bhonn na comhairle sin. Ba cheart TACanna le haghaidh stoic atá comhroinnte le tríú tíortha a shocrú mar “pm” (pro memoria) go dtí go gcomhaontófar na deiseanna iascaireachta leis na tríú tíortha sin. Sa togra seo, tá trí TAC lena mbaineann laghduithe le haghaidh 2021 agus thar-rolladh le haghaidh 2022. TAC tarmligthe don Phortaingéil atá i gceann amháin de na stoic.

·Ó tharla go bhfuil drochbhail bhitheolaíoch ar stoic na siorcanna domhainfharraige, ba cheart a n‑iascaireacht a thoirmeasc fós.

·Maidir le hiascaireacht a dhéanamh ar ghainneacháin fhlannbhuí, nó iad a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír, ba cheart na gníomhaíochtaí sin a thoirmeasc fós. Tá an stoc ídithe agus níl sé á athshlánú. Tugann ICES dá aire nach bhfuil aon iascaireacht spriocdhírithe de chuid an Aontais san Atlantach Thoir Thuaidh ó bhí 2010 ann.

5.2.Na leibhéil TAC atá beartaithe agus míniúchán

Nuair a glacadh Plean Bainistíochta Uiscí an Iarthair, thug an Coimisiún ráiteas, i gcás ina molfaidh an Coimisiún TACanna a shocrú a imeoidh níos mó ná 20% ón leibhéal TAC a bhí ar bun roimhe sin, go liostófar na cásanna sin i meabhrán míniúcháin an Togra ón gCoimisiún, agus, más iomchuí, tabharfar na bunchúiseanna atá leis na héagsúlachtaí idir TACanna. Chinn an Coimisiún forléargas dá leithéid a chur ar fáil i gcás gach TAC a liostaítear ina thogra.


·

TAC

Ainm an Limistéir Farraige

TAC atá beartaithe le haghaidh 2021

TAC atá beartaithe le haghaidh 2022

Athrú ar TAC ó 2020 atá beartaithe

Míniúchán

An scabaird dhubh in uiscí an Aontais agus in uiscí idirnáisiúnta i limistéir 8, 9 agus 10

Bá na Bioscáine, Uiscí na Portaingéile, Meánna na nAsór

2113

2113

-25 %

Molann an Coimisiún an TAC seo a laghdú de réir na comhairle eolaíche atá ann. Mar sin féin, níor laghdaíodh an togra le haghaidh fholimistéar 10 ach go dtí 29 t amháin seachas an 280 a mhol ICES chun an glacadh le linn 2019 a léiriú.

An gránádóir cruinnsocach in 3

Skagerrak agus Kattegat

5

5

-90 %

Is TAC foghabhála é seo a bhfuil comhairle ghabhála 0 ag baint leis. Molann an Coimisiún an cuóta foghabhála a laghdú chun bheith ag teacht leis an gcomhairle eolaíoch toisc gur lú an riosca go gcruthófaí éifeacht an tachtspeicis ná mar a measadh roimhe seo.

2020/0301 (NLE)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena socraítear do 2021 agus 2022 na deiseanna iascaireachta le haghaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais maidir le stoic éisc dhomhainfharraige áirithe

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Foráiltear le hAirteagal 43(3) den Chonradh go nglacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, bearta maidir le deiseanna iascaireachta a shocrú agus a chionroinnt.

(2)Ceanglaítear, le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 4 , go gcuirtear san áireamh, agus bearta caomhnaithe á nglacadh, an chomhairle eolaíoch, theicniúil agus eacnamaíoch atá ar fáil, lena náirítear, más ábhartha, tuarascálacha arna dtarraingt suas ag an gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (STECF).

(3)Tá sé de dhualgas ar an gComhairle bearta a ghlacadh maidir le deiseanna iascaireachta a shocrú agus a chionroinnt, lena náirítear coinníollacha áirithe a bhfuil nasc feidhmiúil acu leis sin, de réir mar is iomchuí. Ba cheart na deiseanna iascaireachta a chionroinnt ar na Ballstáit sa tslí go náiritheofar do na Ballstáit cobhsaíocht choibhneasta ina gcuid gníomhaíochtaí iascaireachta maidir le gach stoc nó iascach agus ag féachaint do chuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh (‘CBI’) a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

(4)Ba cheart na gabhálacha iomlána incheadaithe (‘TACanna’) a shocrú ar bhonn na comhairle eolaíche atá ar fáil 5 agus aird á tabhairt ar ghnéithe bitheolaíocha agus socheacnamaíocha maille le cóir chothrom idir earnálacha iascaireachta a áirithiú, agus i bhfianaise na dtuairimí a cuireadh in iúl le linn an chomhairliúcháin le páirtithe leasmhara, go háirithe na comhairlí comhairleacha lena mbaineann.

(5)Maidir le stoic nach bhfuil sonraí leordhóthanacha nó iontaofa ar fáil ina leith chun meastacháin ar a méid a sholáthar, ba cheart, le bearta bainistíochta agus leibhéil TAC, cloí leis an gcur chuige réamhchúraim i leith bainistiú iascach mar a shainmhínítear é i bpointe (8) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, agus fachtóirí stocshonracha á gcur san áireamh san am céanna, lena náirítear, go háirithe, an fhaisnéis atá ar fáil faoi threochtaí stoc agus gnéithe d’iascaigh mheasctha.

(6)I gcás nach gcionroinntear TAC a bhaineann le stoc ach ar aon Bhallstát amháin, is iomchuí a thabhairt de chumhacht don Bhallstát sin, i gcomhréir le hAirteagal 2(1) den Chonradh, leibhéal an TAC sin a chinneadh. Ba cheart forálacha a dhéanamh chun a áirithiú go ngníomhóidh an Ballstát lena mbaineann, agus leibhéal an TAC sin á shocrú aige, ar bhealach a bheidh go hiomlán comhsheasmhach le prionsabail agus le rialacha an Chomhbheartais Iascaigh (CBI).

(7)Le haghaidh TACanna áirithe, tá cuótaí comhroinnte ar fáil do na Ballstáit nár cionroinneadh cuóta orthu, i.e. ‘Eile’. Má tá leas bainte ag Ballstáit as an gcuóta comhroinnte sin, féadfaidh siad cuóta dá gcuid féin a fháil tráth níos déanaí, trí chuóta a mhalartú mar shampla. Nuair a thuairisceoidh siad gabhálacha don Choimisiúin, ba cheart do na Ballstáit an tidirdhealú a dhéanamh idir na gabhálacha atá le ríomh in aghaidh a gcuóta féin agus na gabhálacha sin, laistigh den TAC céanna, atá le ríomh in aghaidh an chuóta chomhroinnte. Chun foráil a dhéanamh maidir leis an idirdhealú sin, ba cheart cód tuairiscithe ar leith a thabhairt isteach.

(8)Le Rialachán (CE) Uimh. 847/96 6 ón gComhairle, tugadh coinníollacha breise isteach maidir le TACanna a bhainistiú ó bhliain go bliain, lena náirítear, faoi Airteagail 3 agus 4 den Rialachán sin, forálacha solúbthachta le haghaidh TACanna réamhchúraim agus TACanna anailíseacha. Faoi Airteagal 2 den Rialachán sin, bíonn sé le cinneadh ag an gComhairle, agus TACanna á socrú aici, cé na stoic nach mbeidh feidhm ag Airteagail 3 nó 4 den Rialachán sin maidir leo, agus an cinneadh sin a dhéanamh go háirithe ar bhonn stádas bitheolaíoch na stoc. In 2014, tugadh sásra solúbthachta ó bhliain go bliain breise isteach le hAirteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir le gach stoc atá faoi réir oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír. Dá bhrí sin, d’fhonn solúbthacht iomarcach a sheachaint a bhainfeadh an bonn de phrionsabal shaothrú céillí freagrach na nacmhainní bitheolaíocha muirí, rud a chuirfeadh bac ar ghnóthú chuspóirí CBI agus a chuirfeadh meath ar stádas bitheolaíoch na stoc, ba cheart a leagan síos nach mbeidh feidhm ag Airteagail 3 agus 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 maidir le TACanna anailíseacha ach amháin i gcás nach mbaintear leas as an tsolúbthacht ó bhliain go bliain dá bhforáiltear in Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

(9)I gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, tá feidhm iomlán ag an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír ón 1 Eanáir 2019 ar aghaidh agus ba cheart gach speiceas atá faoi réir teorainneacha gabhála a thabhairt i dtír. Foráiltear, le hAirteagal 16(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, nuair atá feidhm ag an oibleagáid maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír i ndáil le stoc éisc áirithe, go dtabharfar aird, agus na deiseanna iascaireachta á socrú, ar an athrú ó na deiseanna iascaireachta a bhaineann le gabhálacha a thabhairt i dtír chuig na deiseanna iascaireachta a bhaineann leis na gabhálacha. Ar bhonn na moltaí comhpháirteacha a chuir na Ballstáit isteach agus i gcomhréir le hAirteagal 15 den Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus le hAirteagal 13 den Rialachán (AE) Uimh. 2019/472, ghlac an Coimisiún roinnt Rialacháin tarmligthe lena leagtar síos na sonraí, i bhfoirm pleananna ar leith maidir le hábhar muirí aischurtha, a bhaineann le cur chun feidhme na hoibleagáide maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír.

(10)Leis na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic na speiceas a thagann faoin oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, ba cheart a chur san áireamh nach gceadaítear, i prionsabal, ábhar muirí a aischur a thuilleadh. Dá bhrí sin, ba cheart na deiseanna iascaireachta a bheith bunaithe ar an bhfigiúr a mholtar le haghaidh gabhálacha iomlána, an figiúr sin arna chur ar fáil ag an gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) (seachas an figiúr a mholtar le haghaidh gabhálacha inmhianaithe). Na méideanna a bhféadfar, mar eisceacht, leanúint de bheith á naischur le linn oibriú na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír, ba cheart iad a asbhaint ón bhfigiúr sin a mholtar le haghaidh gabhálacha iomlána.

(11)Ba cheart na deiseanna iascaireachta a shocrú i gcomhréir le comhaontaithe agus prionsabail idirnáisiúnta, amhail comhaontú 1995 na Náisiún Aontaithe i ndáil le caomhnú agus le bainistiú stoc éisc traslimistéir agus stoc éisc mór-imirceach 7 , agus na prionsabail bhainistíochta mhionsonraithe a leagtar síos i dTreoirlínte Idirnáisiúnta 2008 maidir le Bainistiú Iascach Domhainfharraige ar an Mórmhuir de chuid Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe, na prionsabail sin a shonraíonn gur cheart go háirithe don rialaitheoir a bheith níos cúramaí nuair is éiginnte, neamhiontaofa nó neamhleor an fhaisnéis atá ann. Má tá faisnéis eolaíoch leormhaith in easnamh, níor cheart é sin a úsáid mar leithscéal chun glacadh na mbeart caomhnaithe agus bainistithe a chur ar athló nó a sheachaint.

(12)I gcás nach gcionroinntear TAC a bhaineann le stoc áirithe ach ar aon Bhallstát amháin, is iomchuí a thabhairt de chumhacht don Bhallstát sin, i gcomhréir le hAirteagal 2(1) den Chonradh, leibhéal an TAC sin a chinneadh. Ba cheart forálacha a dhéanamh chun a áirithiú go ngníomhóidh an Ballstát lena mbaineann, agus leibhéal an TAC sin á shocrú aige, ar bhealach atá go hiomlán comhsheasmhach le prionsabail agus le rialacha an Chomhbheartais Iascaigh (CBI).

(13)Déantar gabhálacha deargán i limistéir an Choiste Iascaigh um an Atlantach Thoir Láir (CECAF) agus an Choimisiúin Ghinearálta Iascaigh don Mheánmhuir (GFCM), atá críochantacht le folimistéar 9 de chuid ICES. Ós rud é gur neamhiomlán sonraí ICES le haghaidh na limistéar cóngarach sin, ba cheart raon feidhme TAC a theorannú d’fholimistéar 9 de chuid ICES.

(14)Molann ICES gan gabhálacha gainneachán flannbhuí a dhéanamh go dtí 2024. Is iomchuí go leanfar den toirmeasc ar iascaireacht an speicis sin nó é a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír toisc go bhfuil an stoc ídithe agus níl sé á athshlánú. Tugann ICES dá aire nach bhfuil aon iascaireacht spriocdhírithe de chuid an Aontais ar an ngainneachán flannbhuí san Atlantach Thoir Thuaidh ó bhí 2010 ann.

(15)Molann ICES go ndéanfar básmhaireacht iascaireachta na siorcanna domhainfharraige a íoslaghdú. Is speicis fhadsaolacha a bhfuil rátaí síolraithe ísle acu iad na siorcanna domhainfharraige, agus rinneadh róshaothrú orthu go tapa. Ba cheart mar sin leanúint de shrian iomlán a chur le deiseanna iascaireachta i gcás speiceas den chineál sin trí bhíthin toirmeasc ginearálta ar iascaireacht na speiceas sin.

(16)Chun briseadh i ngníomhaíochtaí iascaireachta a sheachaint agus chun slí bheatha iascairí an Aontais a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2021. Chun a áirithiú go mbeidh na Ballstáit in ann an Rialachán seo a chur i bhfeidhm go tráthúil, ba cheart dó teacht i bhfeidhm díreach tar éis a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1
Ábhar

Leis an Rialachán seo, socraítear do na blianta 2021 agus 2022, na deiseanna iascaireachta bliantúla atá ar fáil do shoithí an Aontais maidir le stoic éisc de speicis dhomhainfharraige áirithe in uiscí an Aontais agus in uiscí áirithe nach den Aontas iad, ina bhfuil gá le teorainneacha gabhála.

Airteagal 2
Sainmhínithe

1.Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Sa bhreis air sin, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)is é is brí le ‘gabháil iomlán incheadaithe’ (TAC):

(i) in iascaigh atá faoi réir na díolúine ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír dá dtagraítear in Airteagal 15(4) go (7) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, an chainníocht éisc a fhéadfar a thabhairt i dtír as gach stoc gach bliain;

(ii) i ngach iascach eile, an chainníocht éisc a fhéadfar a ghabháil as gach stoc gach bliain;

(b)ciallaíonn ‘cuóta’ cion de TAC a chionroinntear ar an Aontas nó ar Bhallstát;

(c)ciallaíonn ‘uiscí idirnáisiúnta’ uiscí atá lasmuigh de cheannasacht nó de dhlínse aon Stáit;

(d)ciallaíonn ‘measúnú anailíseach’ meastóireachtaí cainníochtúla ar threochtaí i stoc ar leith, bunaithe ar shonraí maidir le bitheolaíocht agus saothrú an stoic sin, ar léirigh athbhreithniú eolaíoch na sonraí sin a bheith de cháilíocht leormhaith chun comhairle eolaíoch a sholáthar i ndáil le roghanna maidir le gabhálacha amach anseo;

(e)is iad ‘limistéir na Comhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara’ (‘limistéir ICES’) na limistéir gheografacha a shonraítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 218/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 8 ;

(f)is iad ‘limistéir an Choiste Iascaigh um an Atlantach Thoir Láir’ (limistéir CECAF) na limistéir gheografacha a shonraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 216/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 9 ;

(g)ciallaíonn ‘siorcanna domhainfharraige’ na speicis a liostaítear i bPointe 2 de Chuid 1 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3
TACanna agus cionrannta

Leagtar amach san Iarscríbhinn TACanna le haghaidh speicis dhomhainfharraige a ghabhann soithí iascaireachta de chuid an Aontais in uiscí an Aontais nó in uiscí áirithe nach den Aontas iad agus leagtar amach cionroinnt na TACanna sin i measc na mBallstát maille leis na coinníollacha a bhfuil nasc feidhmiúil acu leis an gcionroinnt sin, más iomchuí.

Airteagal 4
TACanna a bheidh le cinneadh ag na Ballstáit

1.Is í an Phortaingéil a chinnteoidh TAC le haghaidh na scabairde duibhe i limistéar 34.1.2 de chuid CECAF. Sainaithnítear an stoc seo san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.Maidir leis an TAC sin a bheidh le cinneadh ag an bPortaingéil:

(a)beidh sé comhsheasmhach le prionsabail agus rialacha an Chomhbheartais Iascaigh, go háirithe an prionsabal maidir le saothrú inbhuanaithe an stoic; agus

(b)beidh de thoradh air:

(i)má bhíonn measúnuithe anailíseacha ar fáil, beidh saothrú an stoic comhsheasmhach leis an uastáirgeacht inbhuanaithe ó 2019 amach; agus an dóchúlacht is airde is féidir ann gurb amhlaidh a bheidh;

(ii)mura mbeidh measúnuithe anailíseacha ar fáil nó má bhíonn siad neamhiomlán, beidh saothrú an stoic comhsheasmhach leis an gcur chuige réamhchúraim i leith bainistiú iascach.

3.Faoin 15 Márta gach bliain, cuirfidh an Phortaingéil an fhaisnéis seo a leanas faoi bhráid an Choimisiúin:

(a)TAC arna ghlacadh;

(b)na sonraí arna mbailiú agus arna measúnú ag an bPortaingéil ar ar bunaíodh an TAC sin arna ghlacadh;

(c)na sonraí maidir leis an gcaoi a gcomhlíonann TAC a glacadh mír 2.

Airteagal 5
Forálacha speisialta maidir le cionroinnt na ndeiseanna iascaireachta

1.Beidh cionroinnt na ndeiseanna iascaireachta i measc na mBallstát mar a leagtar amach iad sa Rialachán seo gan dochar do na nithe seo a leanas:

(a)malartuithe arna ndéanamh de bhun Airteagal 16(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(b)asbhaintí agus athchionrannta arna ndéanamh de bhun Airteagal 37 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle 10 ;

(c)athchionrannta arna ndéanamh de bhun Airteagal 12(7) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/2403 11 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

(d)gabhálacha breise arna gceadú faoi Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 agus Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(e)cainníochtaí arna gcoinneáil siar i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 agus Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(f)asbhaintí arna ndéanamh de bhun Airteagail 105, 106 agus 107 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

2.Déantar na stoic atá faoi réir TACanna réamhchúraim nó TACanna anailíseacha a shainaithint san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

3.Seachas i gcás ina sonraítear a mhalairt san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, beidh feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 maidir le stoic atá faoi réir TAC réamhchúraim, agus beidh feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) agus ag Airteagal 4 den Rialachán sin maidir le stoic atá faoi réir TAC anailíseach.

4.Ní bheidh feidhm ag Airteagail 3 agus 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 i gcás ina mbainfidh Ballstát leas as an tsolúbthacht ó bhliain go bliain dá bhforáiltear in Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

Airteagal 6
Coinníollacha maidir le gabhálacha agus foghabhálacha a thabhairt i dtír

Gabhálacha nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a bhunaítear in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní choinneofar ar bord iad ná ní thabharfar i dtír iad ach amháin:

1.má ghabh soithí iad a bhfuil brat Ballstáit ar foluain orthu, a bhfuil cuóta acu agus nach bhfuil an cuóta sin ídithe; nó

2.más cion de chuóta de chuid an Aontais iad nár cionroinneadh de réir cuóta i measc na mBallstát agus nár ídíodh an cuóta sin de chuid an Aontais. 

Airteagal 7
Toirmeasc

Tá toirmeasc ar an méid seo a leanas le haghaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais:

1.iascaireacht a dhéanamh ar ghainneacháin fhlannbhuí (Hoplostethus atlanticus) in uiscí an Aontais nó in uiscí idirnáisiúnta i bhfolimistéir 1 go 10, 12 agus 14 de chuid ICES, agus gainneacháin fhlannbhuí arna ngabháil sna folimistéir sin a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a thabhairt a dtír;

2.iascaireacht a dhéanamh ar shiorcanna domhainfharraige i bhfolimistéir 5 go 9 de chuid ICES, nó in uiscí an Aontais agus in uiscí idirnáisiúnta i bhfolimistéar 10 de chuid ICES, in uiscí idirnáisiúnta i bhfolimistéar 12 de chuid ICES, agus in uiscí an Aontais i limistéir 34.1.1, 34.1.2 agus 34.2 de chuid CECAF, agus siorcanna domhainfharraige arna ngabháil sna limistéir sin a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a athlonnú nó a thabhairt i dtír.

Airteagal 8
Tarchur sonraí

Nuair a chuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin, de bhun Airteagail 33 agus 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, sonraí a bhaineann le cainníochtaí stoc arna ngabháil a thabhairt i dtír , úsáidfidh siad na cóid stoic a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 9
Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Rialachán (AE) Uimh. 2018/2025 ón gComhairle an 17.12.2018 lena socraítear do 2019 agus 2020 na deiseanna iascaireachta i leith stoic áirithe éisc dhomhainfharraige le haghaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais (IO L 325; 20.12.2018, lch. 7).
(2)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ‘i dreo iascaireacht níos inbhuanaithe san Aontas Eorpach - staid na himeartha agus treoshuíomhanna le haghaidh 2021’ (COM(2020) 248).
(3)    https://ec.europa.eu/info/consultations/fishing-opportunities‑2021-under-common‑fisheries-policy_en
(4)    Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2371/2002 agus (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
(5)    http://www.ices.dk/advice/Pages/Latest‑Advice.aspx
(6)    Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle an 6 Bealtaine 1996 lena dtugtar isteach coinníollacha breise le haghaidh bhainistiú bliantúil TACanna agus na gcuótaí (IO L 115, 9.5.1996, lch. 3).
(7)    An Comhaontú maidir le Forálacha Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 i ndáil le Caomhnú agus le Bainistiú Stoc Éisc Traslimistéir agus Stoc Éisc Mór-imirceach a chur chun feidhme (IO L 189, 3.7.1998, lch. 16).
(8)    Rialachán (CE) Uimh. 218/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Ballstáit atá ag iascaireacht san Atlantach thoir thuaidh do thíolacadh staidrimh ar ghabháil ainmniúil (IO L 87, 31.3.2009, lch. 70).
(9)    Rialachán (CE) Uimh. 216/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Ballstáit atá ag iascaireacht i limistéir áirithe seachas i limistéir an Atlantaigh Thuaidh do thíolacadh staidrimh ar ghabháil ainmniúil (IO L 87, 31.3.2009, lch. 1).
(10)    Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe an Aontais d’fhonn comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 847/96, Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002, Rialachán (CE) Uimh. 811/2004, Rialachán (CE) Uimh. 768/2005, Rialachán (CE) Uimh. 2115/2005, Rialachán (CE) Uimh. 2166/2005, Rialachán (CE) Uimh. 388/2006, Rialachán (CE) Uimh. 509/2007, Rialachán (CE) Uimh. 676/2007, Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007, Rialachán (CE) Uimh. 1300/2008, Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93, Rialachán (CE) Uimh. 1627/94 agus Rialachán (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).
(11)    Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le bainistiú inbhuanaithe na gcabhlach iascaireachta seachtrach, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 ón gComhairle (IO L 347, 28.12.2017, lch. 81).

An Bhruiséil,22.10.2020

COM(2020) 666 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena socraítear do 2021 agus 2022 na deiseanna iascaireachta le haghaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais maidir le stoic éisc dhomhainfharraige áirithe



IARSCRÍBHINN

Is limistéir ICES iad na limistéir iascaireachta dá dtagraítear san Iarscríbhinn seo, mura sonraítear a mhalairt

CUID 1

Tábla comparáideach de ghnáthainmneacha agus ainmneacha eolaíocha an éisc

1.    Sa liosta a leagtar amach i gCuid 2 den Iarscríbhinn seo, tagraítear do na stoic éisc de réir ord aibítre ainm Laidine an speicis. Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag an tábla comparáideach seo ina liostaítear na hainmneacha Laidine agus na gnáthainmneacha:

Gnáthainm

Cód alpha-3

Ainm eolaíoch

An scabaird dhubh

BSF

Aphanopus carbo

Alfainsíní

ALF

Beryx spp.

An gránádóir cruinnsocach

RNG

Coryphaenoides rupestris

An gránádóir ceanngharbh

RHG

Macrourus berglax

An deargán

SBR

Pagellus bogaraveo

2.    Chun críocha an Rialacháin seo, is é is brí le ‘siorcanna domhainfharraige’:

Gnáthainm

Cód alpha-3

Ainm eolaíoch

Catsúiligh dhomhainmhara

API

Apristurus spp.

An siorc rufach

HXC

Chlamydoselachus anguineus

An siorc slogach

CWO

Centrophorus spp.

An fíogach Portaingéalach

CYO

Centroscymnus coelolepis

An fíogach slim socfhada

CYP

Centroscymnus crepidater

An fíogach dubh

CFB

Centroscyllium fabricii

An fíogach éansocach

DCA

Deania calcea

An siorc eite eitleoige

SCK

Dalatias licha

An lóchrannsiorc mór

ETR

Etmopterus princeps

An siorc slimbhoilg

ETX

Etmopterus spinax

An catsúileach luiche

GAM

Galeus murinus

An siorc liath

SBL

Hexanchus griseus

An garbhshiorc seol‑eiteach

OXN

Oxynotus paradoxus

An fíogach scianfhiacaile

SYR

Scymnodon ringens

An siorc beagcheannach

GSK

Somniosus microcephalus

CUID 2

Deiseanna iascaireachta bliantúla (i dtonaí de mheáchan beo)

Speiceas:

An scabaird dhubh 

Limistéar:

Uiscí an Aontais agus uiscí idirnáisiúnta in 5, 6, 7 agus 12

 

Aphanopus carbo 

(BSF/56712-)

Bliain

2021

2022

TAC réamhchúraim

An Ghearmáin

pm

pm

An Eastóin

pm

pm

Éire

pm

pm

An Spáinn

pm

pm

An Fhrainc

Pm

pm

An Laitvia

pm

pm

An Liotuáin

pm

pm

An Pholainn

pm

pm

Eile

pm(1)

pm

(1)

An tAontas

pm

pm

An Ríocht Aontaithe

pm

pm

TAC

pm

pm

(1)

Le haghaidh foghabhálacha amháin. Ní cheadaítear iascaireacht spriocdhírithe faoin gcuóta seo. Na gabhálacha atá le ríomh in aghaidh an chuóta chomhroinnte seo, déanfar iad a thuairisciú ar leithligh (BSF/56712_AMS).

Speiceas:

An scabaird dhubh 

Limistéar:

Uiscí an Aontais agus uiscí idirnáisiúnta in 8, 9 agus 10

 

Aphanopus carbo 

(BSF/8910-)

Bliain

2021

2022

TAC réamhchúraim

An Spáinn

7

7

An Fhrainc

17

17

An Phortaingéil

2089

2089

An tAontas

2113

2113

TAC

2113

 

2113

 

 

Speiceas:

An scabaird dhubh

Limistéar:

 Uiscí an Aontais agus uiscí idirnáisiúnta in CECAF 34.1.2

 

Aphanopus carbo

(BSF/C3412-)

Bliain

2021

2022

TAC réamhchúraim

Tá feidhm ag Airteagal 4 den Rialachán seo

An Phortaingéil

Fós le socrú

Fós le socrú

An tAontas

Fós le socrú(1)

Fós le socrú(1)

TAC

Fós le socrú(1)

Fós le socrú(1)

 

 

(1)

Socraithe ag an gcainníocht chéanna agus atá i gcuóta na Portaingéile.

Speiceas:

Alfainsíní 

Limistéar:

Uiscí an Aontais agus uiscí idirnáisiúnta in 3, 4, 5, 6, 7, 8, 9, 10, 12 agus 14

 

Beryx spp. 

(ALF/3X14-)

Bliain

2021

2022

TAC réamhchúraim

Éire

pm(1)

pm(1)

An Spáinn

pm(1)

pm(1)

An Fhrainc

pm(1)

pm(1)

An Phortaingéil

pm(1)

pm(1)

An tAontas

pm(1)

pm(1)

An Ríocht Aontaithe

pm(1)

pm(1)

TAC

pm(1)

 

pm(1)

 

 

(1)

Le haghaidh foghabhálacha amháin. Ní cheadaítear iascaireacht spriocdhírithe faoin gcuóta seo.

Speiceas:

An gránádóir cruinnsocach

Limistéar:

Uiscí an Aontais agus uiscí idirnáisiúnta in 3

 

Coryphaenoides rupestris

 

(RNG/03-)

Bliain

2021

2022

TAC réamhchúraim

An Danmhairg

5

(1)(2)

5

(1)(2)

An Ghearmáin

An tSualainn

0

(1)(2)

0

(1)(2)

An tAontas

5

(1)(2)

5

(1)(2)

TAC

5

(1)(2)

5

(1)(2)

(1)

Ní cheadaítear iascaireacht spriocdhírithe ar an ngránádóir cruinnsocach in 3a .

(2)

Ní cheadaítear iascaireacht spriocdhírithe ar an ngránádóir ceanngharbh. Déanfar foghabhálacha gránádóirí ceanngharbha (RHG/03-) a chomhaireamh in aghaidh an chuóta seo. Ní fhéadfaidh siad dul thar 1 % den chuóta.

Speiceas:

An gránádóir cruinnsocach

Limistéar:

Uiscí an Aontais agus uiscí idirnáisiúnta in 5b, 6 agus 7

 

Coryphaenoides rupestris 

(RNG/5B67-)

Bliain

2021

2022

TAC réamhchúraim

An Ghearmáin

pm

(1)(2)

pm

(1)(2)

An Eastóin

pm

(1)(2)

pm

(1)(2)

Éire

pm

(1)(2)

pm

(1)(2)

An Spáinn

pm

(1)(2)

pm

(1)(2)

An Fhrainc

pm

(1)(2)

pm

(1)(2)

An Liotuáin

pm

(1)(2)

pm

(1)(2)

An Pholainn

pm

(1)(2)

 pm

(1)(2)

Eile

pm

(1)(2) (3)

pm

(1)(2(3)

An tAontas

pm

(1)(2)

pm

(1)(2)

An Ríocht Aontaithe

pm

(1)(2)

pm

(1)(2)

TAC

pm

(1)(2)

pm

(1)(2)

(1)

Féadfar uasmhéid de 10 % de gach cuóta a iascach in uiscí an Aontais agus in uiscí idirnáisiúnta in 8, 9, 10, 12 agus 14 (RNG/*8X14- le haghaidh an ghránádóra chruinnsocaigh; RHG/*8X14- le haghaidh foghabhálacha gránádóirí ceanngharbha).

(2)

Ní cheadaítear iascaireacht spriocdhírithe ar an ngránádóir ceanngharbh. Déanfar foghabhálacha gránádóirí ceanngharbha (RHG/5B67-) a chomhaireamh in aghaidh an chuóta seo. Ní fhéadfaidh siad dul thar 1 % den chuóta.

(3)

Le haghaidh foghabhálacha amháin. Ní cheadaítear iascaireacht spriocdhírithe. Na gabhálacha atá le ríomh in aghaidh an chuóta chomhroinnte seo, déanfar iad a thuairisciú ar leithligh (RNG/5B67_AMS le haghaidh an ghránádóra chruinnsocaigh; RHG/5B67_AMS le haghaidh an ghránádóra cheannghairbh).

.

Speiceas:

An gránádóir cruinnsocach

Limistéar:

Uiscí an Aontais agus uiscí idirnáisiúnta in 8, 9, 10, 12 agus 14

 

Coryphaenoides rupestris 

(RNG/8X14-)

Bliain

2021

2022

TAC réamhchúraim

An Ghearmáin

pm

(1)(2)

pm

(1)(2)

Éire

pm

(1)(2)

pm

(1)(2)

An Spáinn

pm

(1)(2)

pm

(1)(2)

An Fhrainc

pm

(1)(2)

pm

(1)(2)

An Laitvia

pm

(1)(2)

pm

(1)(2)

An Liotuáin

pm

(1)(2)

 pm

(1)(2)

An Pholainn

pm

(1)(2)

pm

(1)(2)

An tAontas

pm

(1)(2)

pm

(1)(2)

An Ríocht Aontaithe

pm

(1)(2)

pm

(1)(2)

TAC

pm

(1)(2)

pm

(1)(2)

(1)

Féadfar uasmhéid de 10 % de gach cuóta a iascach in uiscí an Aontais agus in uiscí idirnáisiúnta in 5b, 6, 7 (RNG/*5B67- le haghaidh an ghránádóra chruinnsocaigh; RHG/*5B67- le haghaidh foghabhálacha gránádóirí ceanngharbha).

(2)

Ní cheadaítear iascaireacht spriocdhírithe ar an ngránádóir ceanngharbh. Déanfar foghabhálacha gránádóirí ceanngharbha (RHG/8X14-) a chomhaireamh in aghaidh an chuóta seo. Ní fhéadfaidh siad dul thar 1 % den chuóta.

Speiceas:

An deargán 

Limistéar:

Uiscí an Aontais agus uiscí idirnáisiúnta in 6, 7 agus 8

 

Pagellus bogaraveo 

(SBR/678-)

Bliain

2021

2022

TAC réamhchúraim

Éire

pm

(1)

pm

(1)

An Spáinn

pm

(1)

pm

(1)

An Fhrainc

pm

(1)

pm

(1)

Eile

pm

(1)

pm

(1)

An tAontas

pm

(1)

pm

(1)

An Ríocht Aontaithe

pm

(1)

pm

(1)

TAC

pm

(1)

pm

(1)

(1)

Le haghaidh foghabhálacha amháin. Ní cheadaítear iascaireacht spriocdhírithe faoin gcuóta seo. Na gabhálacha atá le ríomh in aghaidh an chuóta chomhroinnte seo, déanfar iad a thuairisciú ar leithligh (SBR/678_AMS).

Speiceas:

An deargán 

Limistéar:

Uiscí an Aontais agus uiscí idirnáisiúnta in 9

 

Pagellus bogaraveo 

(SBR/09-)

Bliain

2021

2022

TAC réamhchúraim

An Spáinn

93

93

An Phortaingéil

25

25

An tAontas

118

118

TAC

119

119

Speiceas:

An deargán 

Limistéar:

Uiscí an Aontais agus uiscí idirnáisiúnta in 10

 

Pagellus bogaraveo 

(SBR/10-)

Bliain

2021

2022

TAC réamhchúraim

An Spáinn

pm

pm

An Phortaingéil

pm

pm

An tAontas

pm

pm

An Ríocht Aontaithe

pm

pm

TAC

pm

 

pm