AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,14.10.2020
COM(2020) 652 final
2020/0300(COD)
Togra le haghaidh
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,14.10.2020
COM(2020) 652 final
2020/0300(COD)
Togra le haghaidh
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
An 4 Nollaig 2019, d’fhoilsigh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA) a tuarascáil dar teideal “Comhshaol na hEorpa – staid agus forbhreathnú 2020” (SOER) 1 , agus tá ábhar machnaimh i dtorthaí na tuarascála. Ní fhacthas a leithéid de dhúshláin chomhshaoil, aeráide agus inbhuanaitheachta riamh cheana ó thaobh méide agus práinne de, rud lena n‑éilítear gníomhaíocht láithreach agus gníomhaíocht chomhpháirteach mar aon le réitigh shistéamacha. Chuir beartais chomhshaoil an Aontais buntáistí substaintiúla ar fáil le cúpla scór blianta anuas gan aon difear a dhéanamh d’iomaíochas fadtéarmach an Aontais, agus le blianta beaga anuas chuaigh fís uaillmhianach fhadtéarmach, i dteannta spriocanna agus beartais creata straitéisigh, i gcion ar an acquis, rud lenar laghdaíodh go bunúsach na brúnna ar an gcomhshaol. Mar sin féin, fágann caillteanas na bithéagsúlachta agus díghrádú seirbhísí éiceachórais, an t‑athrú aeráide agus a thionchair siúd, agus an úsáid neamh‑inbhuanaithe atáthar a bhaint as acmhainní, truailliú agus na rioscaí gaolmhara do shláinte agus d’fholláine an duine, an dúlra, na n‑éiceachóras, agus don gheilleagar go dteastaíonn gníomhaíocht bhreise chinntitheach san Aontas Eorpach agus ar fud an domhain.
An 11 Nollaig 2019, thug an Coimisiún Eorpach freagra ar na dúshláin sin nuair a ghlac sé leis an gComhaontú Glas don Eoraip 2 – clár oibre uaillmhianach don Aontas Eorpach ionas go mbeidh sé ar an gcéad mhór‑roinn a bheidh aeráidneodrach faoi 2050 agus chun caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú, agus sláinte agus folláine na saoránach a chosaint ar na rioscaí agus na tionchair chomhshaoil. Bunaithe ar shamhail fáis athghiniúnaigh a thugann níos mó ar ais don phláinéad ná mar a thógtar as, tugtar breac‑chuntas ann ar na tosaíochtaí comhshaoil as seo go ceann cúpla bliain agus ar uaillmhian an Aontais a gheilleagar a chlaochlú le haghaidh todhchaí inbhuanaithe, áit nach bhfágfar aon duine chun deiridh, chun na cuspóirí sin a chur i gcrích, ar tacar de bheartais an‑chlaochlaitheach atá ina ndearadh agus spreag sé an tAontas a chuid ceannaireachta a neartú ar an ardán domhanda maidir le saincheisteanna aeráide agus comhshaoil.
I ndiaidh cur agus cúiteamh forleathan maidir leis an Teachtaireacht “Pláinéad Níos Glaine do Chách” 3 , chuir an tAontas Eorpach a straitéis fhadtéarmach faoi Chomhaontú Pháras isteach i mí an Mhárta 2020 faoi bhráid Chreat‑Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide 4 , inar gheall sé a bheith ina gheilleagar aeráidneodrach faoi 2050. Bheartaigh an Coimisiún an sprioc sin a chumhdach sa Dlí Aeráide Eorpach 5 . Ghlac an Coimisiún Eorpach roinnt tionscnaimh nua straitéiseacha freisin, go háirithe Plean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach le haghaidh Eoraip atá glan agus iomaíoch 6 , Straitéis Bithéagsúlachta le haghaidh 2030 7 agus Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc 8 .
Ghlac an tAontas Eorpach le freagairt chuimsitheach freisin ar ghéarchéim an choróinvíris, rud atá ag luí go trom ar bheatha agus ar shlite beatha daoine agus a bhfuil dúshláin thar cuimse cruthaithe aige don chinnteoireacht, agus cúlú trom eacnamaíochta ag cur leis an bhfadhb. Tarraingítear aird i bPlean Téarnaimh an Aontais Eorpaigh don Chéad Ghlúin Eile a mhol an Coimisiún Eorpach an 27 Bealtaine 2020 agus a d’fhormhuinigh cruinniú Urghnách den Chomhairle Eorpach i mí Iúil 2020 ar stádas an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip mar straitéis nua fáis don Eoraip agus a ról ó thaobh téarnamh inbhuanaithe agus mear a bhaint amach chomh maith le tuarthacht fhadtéarmach a áirithiú ar an gcosán chun na haeráidneodrachta, agus aistriú ceart cóir sa deireadh thiar, nach bhfágann aon duine chun deiridh. Tacóidh an 8ú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil, lena fhís fhadtéarmach agus na cuspóirí tosaíochta don chomhshaol a roinneann sé leis an gComhaontú Glas, le tiomantas coiteann an Aontais don téarnamh glas.
Thug cláir gníomhaíochta comhshaoil treoir d’fhorbairt bheartas comhshaoil an Aontais ó thús na 1970idí. Rachaidh an Seachtú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil (an 7ú CGC) in éag an 31 Nollaig 2020 agus éilíonn Airteagal 4 (3) den Chlár ar an gCoimisiún, más iomchuí, togra a thíolacadh le haghaidh an Ochtú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil (an 8ú CGC) ar bhonn caoithiúil d’fhonn bearna a sheachaint idir an 7ú agus an 8ú CGC. Fógraíodh leis an gComhaontú Glas don Eoraip go rabhthas tar éis clár gníomhaíochta comhshaoil nua a ghlacadh.
Tá iarrtha ag an gComhairle, ag Parlaimint na hEorpa agus ag Coiste na Réigiún ar an gCoimisiún togra le haghaidh an 8ú CGC a thíolacadh faoi thús 2020 ar a dhéanaí.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
Tá an togra seo le haghaidh Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clár nua Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030 bunaithe ar Airteagal 192 (3) CFAE. D’fhonn úinéireacht an Chláir seo a áirithiú agus ionas go mbeidh an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit in ann a chuspóirí tosaíochta a bhaint amach, leagtar amach sa togra seo le haghaidh Cinnidh creat cumasúcháin ina dtacaítear leis an méid atá bainte amach leis na cuspóirí tosaíochta agus lena n‑áirithítear go dtomhaistear an dul chun cinn i dtreo na gcuspóirí ar bhonn rialta.
Ní féidir leis na Ballstáit amháin cuspóirí an togra seo le haghaidh Cinnidh a bhaint amach. Ó tharla gur réimse inniúlachta roinnte é an beartas comhshaoil agus aeráide san Aontas Eorpach agus gur beartas díláraithe é, tá úinéireacht chomhpháirteach chuspóirí an Chláir a chruthú i measc na dtrí institiúid uile san Aontas Eorpach agus na mBallstát ar cheann de chuspóirí an Chláir seo, chun creat tuartha agus treoir i dtreo gníomhaíochta a sholáthar do chinnteoirí agus do gheallsealbhóirí eile – lena n‑áirítear réigiúin agus cathracha, gnólachtaí, comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus saoránaigh aonair.
3.TORTHAÍ NA MEASTÓIREACHTAÍ AGUS NA gCOMHAIRLIÚCHÁN LE GEALLSEALBHÓIRÍ
An 15 Bealtaine 2019, d’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil maidir leis an meastóireacht a rinneadh ar an 7ú CGC 9 . Bhí próiseas forleathan comhairliúcháin ann sular foilsíodh an tuarascáil i rith 2018 agus mar chuid de sin bhí comhairliúchán poiblí oscailte ann, comhairliúchán inar díríodh ar na Ballstáit agus ar na geallsealbhóirí chomh maith i rith dhá cheardlann phoiblí.
Tugadh le fios sa mheastóireacht go mbreathnaítear tríd is tríd ar an 7ú CGC mar uirlis straitéiseach éifeachtach ardleibhéil a threoraíonn beartas comhshaoil. Dar le cuid mhaith, feidhmíonn CGC freisin mar uirlis phleanála, lena dtugtar leanúnachas sa bheartas comhshaoil – lena n‑áirítear lena fhís fhadtéarmach, cuntasacht agus tuarthacht do ghníomhaíochtaí an Choimisiúin Eorpaigh, chomh maith leis an tionchar dearfach atá aige ar phríomhshruthú agus sruthlíniú an bheartais comhshaoil. Measadh tríd is tríd go bhfuil cuspóirí tosaíochta an 7ú CGC fós bailí, go háirithe a fhís le haghaidh 2050.
An 22 Samhain 2017, d’fhoilsigh Parlaimint na hEorpa measúnú cur chun feidhme maidir leis an 7ú CGC 10 , agus ina dhiaidh sin foilsíodh tuarascáil maidir lena chur chun feidhm an 6 Márta 2018 agus rún 11 an 17 Aibreán 2018.
An 31 Iúil 2018, d’fhoilsigh Coiste Eorpach na Réigiún staidéar maidir leis an ngné áitiúil agus réigiúnach den 8ú CGC 12 , agus lean Tuairim é 13 , a glacadh an 7 Feabhra 2019.
An 11–12 Meitheamh 2019, ag leanúint na gcainteanna a bhí ar siúl ag an gComhairle Comhshaoil Neamhfhoirmiúil an 29 agus an 30 Deireadh Fómhair 2018 in Graz (an Ostair), cuireadh Ceardlann ar an gClár Gníomhaíochta Comhshaoil sa Todhchaí ar bun in Hainburg (an Ostair). An 4 Deireadh Fómhair 2019, ghlac an Chomhairle le Conclúidí maidir leis “An 8ú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil – Ag Aisiompú na dTreochtaí le Chéile” 14 faoi Uachtaránacht na Fionlainne ar an gComhairle.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Forbraíodh an Togra seo le haghaidh Cinnidh de réir thogra an Choimisiúin le haghaidh Chreat Airgeadais Ilbhliantúil an Aontais Eorpaigh 2021–2027. Cuimsítear meabhrán airgeadais sa togra ina dtugtar isteach an gá atá le hacmhainní breise sa Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA) agus sa Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) chun tacaíocht a thabhairt do chreat nua faireacháin, tomhais agus tuairiscithe an Chláir seo.
Tá rannpháirtíocht na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil (EEA) agus na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (ECHA) fíorthábhachtach don obair sin agus chun cuspóirí an 8ú CGC a bhaint amach. Áireofar leis an gcreat nua faireacháin agus tuairiscithe atá beartaithe don 8ú CGC, a mhéid is féidir é, uirlisí agus táscairí faireacháin atá ann cheana atá bunaithe go príomha ar staidreamh agus ar shonraí Eorpacha ó EEA agus ECHA, rud lena seachnaítear dá bhrí sin dúbailt oibre agus a chuireann teorainn leis an ualach riaracháin a thitfidh ar na Ballstáit. Ciallaíonn sé sin go gcuirtear cúraimí breise ar iontaoibh na ngníomhaireachtaí sin ionas gur féidir leo rannchuidiú go hiomlán le baint amach na dtosaíochtaí agus go mbeidh siad in ann na coinníollacha cumasúcháin a leagtar amach in Airteagail 3 agus 4 den Chlár seo a chruthú.
5.EILIMINTÍ EILE
Míniúchán ar fhorálacha sonracha an togra:
Is é aidhm uileghabhálach an 8ú CGC dlús a chur faoin aistriú a dhéanfaidh an tAontas chuig geilleagar ciorclach agus glan a bheidh aeráidneodrach agus a bheidh tíosach ar acmhainní agus go ndéanfar é sin ar bhealach cóir cuimsithe agus go mbainfear amach cuspóirí comhshaoil Chlár Oibre na Náisiún Aontaithe 2030 agus a Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, ag formhuiniú go hiomlán na gcuspóirí comhshaoil agus aeráide sa Chomhaontas Glas don Eoraip.
Airteagal 1
Tá an togra reatha ann chun comhleanúnachas agus sineirgí a mhéadú idir gníomhaíochtaí thar gach leibhéal rialachais tríd an dul chun cinn i dtreo cuspóirí comhshaoil agus aeráide a thomhas ar bhealach comhtháite. Ag teacht le mionn ‘na neamhdhíobhála’ sa Chomhaontú Glas don Eoraip, tacaítear le laghdú a chur ar an mbrú atá ar an gcomhshaol agus ar an aeráid agus an cur chuige comhtháite maidir le forbairt agus cur chun feidhme beartas a neartú, go háirithe tríd an inbhuanaitheacht a phríomhshruthú i ngach tionscnamh agus tionscadal ábhartha ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 2
Tá an tAontas agus a Bhallstáit freagrach i gcomhpháirt as na spriocanna agus na cuspóirí comhshaoil agus iad siúd a bhaineann leis an aeráid a bhaint amach agus éilítear gníomh ó gach duine lena mbaineann, rialtais ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, ó chomhpháirtithe sóisialta, an tsochaí shibhialta, saoránaigh agus gnólachtaí.
Leagtar síos in Airteagal 2 na cuspóirí tosaíochta téamacha i gcomhthéacs cuspóir fadtéarmach le haghaidh 2050 “Muid ag maireachtáil go maith, faoi shrianta ár bpláinéid”, atá bunaithe cheana féin sa 7ú CGC.
Airteagal 3
Cuirtear béim sa Chomhaontú Glas don Eoraip ar an ngá atá lena áirithiú go ndéantar beartais agus reachtaíocht a fhorfheidhmiú agus a sholáthar go héifeachtach.
Tá an bunús in Airteagal 3 le haghaidh tuiscint agus tiomantas comhpháirteach maidir leis na coinníollacha cumasúcháin a éilítear chun na cuspóirí tosaíochta téamacha sin a bhaint amach, rud lena n‑áirithítear dá réir sin comhleanúnachas i gcur chun feidhme ag an leibhéal iomchuí. D’fhógair an Coimisiún go gcuirfidh sé feabhas ar an gcaoi a dtéann na treoirlínte rialacháin níos fearr agus a uirlisí tacaíochta i ngleic le saincheisteanna inbhuanaitheachta agus nuálaíochta, agus é mar chuspóir go bhfreastalóidh gach tionscnamh de chuid an Aontais Eorpaigh ar mhionn glas ‘na neamhdhíobhála’.
Airteagal 4
Cé go n‑éilítear le hionstraimí reachtacha comhshaoil aonair go ndéanfadh na Ballstáit tuairisciú rialta ar bheartais chomhshaoil shonracha, ní bheartaítear aon chreat cuimsitheach i ndlí an Aontais Eorpaigh chun cur chuige comhordaithe a áirithiú maidir le baint amach chuspóirí comhshaoil uile an Aontais. Fógraíodh sa Chomhaontú Glas don Eoraip go mbeidh sásra nua faireacháin sa Chlár Gníomhaíochta Comhshaoil nua d’fhonn a áirithiú go mbeidh an tAontas fós ar an mbóthar ceart chun a chuspóirí comhshaoil a bhaint amach.
Ba cheart don chreat faireacháin sin don 8ú CGC a bheith gan dochar do na huirlisí tuairiscithe agus rialachais atá ann cheana maidir leis an gcomhshaol agus an aeráid, lena n‑áirítear iad sin a bhaineann le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide.
–Dul chun cinn a thomhas i dtreo cuspóirí comhshaoil agus aeráide i gcomhthéacs níos leithne na hinbhuanaitheachta, na folláine agus na hathléimneachta
Má táthar chun tomhas a dhéanamh ar dhul chun cinn an Aontais agus a chuid Ballstát i dtreo Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2030 na Náisiún Aontaithe a bhaint amach, beidh gá le creat comhtháite le haghaidh cuspóirí comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha. Tá éileamh déanta ag an gComhairle 15 agus ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 16 go dtomhaisfí feidhmíocht eacnamaíoch agus dul chun cinn sa tsochaí “thar an olltáirgeacht intíre (OTI)” agus go mbogfaí i dtreo úsáid a bhaint as ‘folláine’ mar threoir i gcomhair beartais, rud a dtacaíonn an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (OECD) leis chomh maith 17 . D’eagraigh Feisirí Pharlaimint na hEorpa an Chomhdháil Iarfháis 2018 18 in éineacht le geallsealbhóirí.
Sa chomhthéacs sin, soláthróidh an creat faireacháin don 8ú CGC an t‑ionchur comhshaoil agus aeráide d’iarrachtaí foriomlána an Aontais chun an dul chun cinn a thomhas i dtreo na hinbhuanaitheachta, na folláine agus na hathléimneachta, lena n‑áirítear athléimneacht i dtaca le tubaistí; ba cheart dó cinnteoirí agus geallsealbhóirí a chur ar an eolas má tá an tAontas agus na Ballstáit ar an mbóthar ceart chun claochlú sistéamach a bhaint amach.
Ba cheart féachaint ar bhunú an chreata faireacháin don 8ú CGC freisin i gcomhthéacs feidhmeanna eile rialachais agus faireacháin, go háirithe an Seimeastar Eorpach, Tuarascáil Faireacháin Eurostat ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus an Tuarascáil Bhliantúil um Fhadbhreathnaitheacht Straitéiseach, mar a bhforbrófar freisin na sonraí atá ar fáil agus a n‑úsáidfear na táscairí is ábhartha maidir leis na cuspóirí beartais faoi seach. Cé go bhfreastalaíonn na huirlisí rialachais agus faireacháin sin ar aidhmeanna difriúla, ba cheart iad a idirnascadh le chéile níos mó ná riamh chun a gcomhleanúnachas a fheabhsú tuilleadh.
–I dtreo tacar táscairí ceannlíne don 8ú CGC
Rinne an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil faireachán ar an Seachtú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil, agus d’fhoilsigh sí tuarascálacha táscairí comhshaoil ar bhonn bliantúil 19 . Forbraíodh scórchlár de bheagnach 30 táscaire chun faireachán a dhéanamh ar na cuspóirí tosaíochta sa 7ú CGC.
Ba cheart go dtabharfaí léiriú ar a chuspóirí nua tosaíochta sa chreat faireacháin don 8ú CGC. Ba cheart go gcuimseofaí líon teoranta príomhtháscairí ann le haghaidh cumarsáid ardleibhéil, ina n‑insítear scéal leanúnach maidir le staid an chomhshaoil, na príomhbhrúnna agus éifeachtacht ár bhfreagartha. Ba cheart do na táscairí sin a bheith ábhartha freisin do na spriocanna foriomlána maidir le folláine agus athléimneacht ár ngeilleagar agus ár sochaithe a mhéadú.
Le linn do na táscairí ceannlíne don 8ú CGC a bheith á roghnú cuirfear sruthanna oibre leanúnaí san áireamh chun an faireachán ar bhithéagsúlacht, ar an ngeilleagar ciorclach agus ar thruailliú nialasach a fheabhsú, agus é mar aidhm iad go léir a thabhairt chun críche faoi 2021/22, chomh maith le huirlisí faireacháin eile ina gcumhdófar beartas comhshaoil agus aeráide, lena n‑áirítear Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide. Ba cheart dó tógáil ar na sonraí atá ar fáil sna Ballstáit agus ar leibhéal an Aontais, go háirithe iad sin atá á bhfeidhmiú ag an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil chomh maith leis an gCóras Staidrimh Eorpach.
Tabharfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán tacaíocht don Choimisiún chun an fháil atá ar shonraí agus ábharthacht na sonraí a fheabhsú. Áirítear air sin bearnaí i dtáscairí a dhúnadh, ach go háirithe faireachán ar bheartas a bhaineann leis an uaillmhian maidir le truailliú nialasach agus na naisc idir beartais chomhshaoil, beartais shóisialta agus beartais sláinte.
Ach a mbunófar an creat faireacháin don 8ú CGC gheobhaidh sé tacaíocht ó bhunachar sonraí nua de tháscairí comhshaoil – leabharlann táscairí ar líne atá inrochtana go héasca lena gcruthófar achoimre iomlán agus struchtúrach ar an gcúpla céad táscaire comhshaoil atá ann cheana.
–Teorainneacha Pláinéadacha
Mar chuid den phróiseas chun creat faireacháin a fhorbairt don 8ú CGC cuirfear deis ar fáil chun iniúchadh a dhéanamh ar an bhféidearthacht maidir leis an sruth oibre leanúnaí in Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin, sa Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus in áiteanna eile ar na teorainneacha pláinéadacha (e.g. úsáid fionnuisce, athrú ar úsáid na talún, aigéadú an aigéin) agus ar lorg tomhaltais an Aontais, lena n‑áirítear dífhoraoisiú agus díghrádú foraoisí i dtríú tíortha.
Cé go dtugann an eolaíocht maidir leis an aeráid agus go háirithe obair an Phainéil Idirnáisiúnta ar Athrú Aeráide sonraí agus faisnéis iontaofa maidir le leibhéal na n‑astaíochtaí gás ceaptha teasa atá comhoiriúnach le cuspóir Chomhaontú Pháras chun an méadú domhanda ar an teocht a choimeád go maith faoi bhun 2 °C agus iarrachtaí a dhéanamh é a theorannú go 1.5 °C i gcomparáid le leibhéil réamhthionsclaíocha, tá an obair maidir le teorainneacha pláinéadacha eile fós idir lámha. Tá sé tábhachtach obair den sórt sin a bhrú chun cinn chun cinnteoirí agus geallsealbhóirí a chur ar an eolas faoi cibé an bhfuil beartais chomhshaoil sách uaillmhianach chun an Eoraip a choimeád laistigh de spás sábháilte oibriúcháin an phláinéid 20 .
–Próiseas comhairliúcháin maidir le táscairí ceannlíne an 8ú CGC
Seolfaidh an Coimisiún próiseas leathan comhairliúcháin le hinstitiúidí eile an Aontais Eorpaigh, leis na Ballstáit agus le geallsealbhóirí chun creat faireacháin cuimsitheach a dhearadh don 8ú CGC, bunaithe ar dhoiciméad comhairleach ina bhfuil breac‑chuntas ar an modheolaíocht atá beartaithe agus ar na céimeanna a bheidh le glacadh.
Bunaithe ar na comhairliúcháin sin, tá sé i gceist ag an gCoimisiún tacar táscairí ceannlíne don 8ú CGC a thíolacadh faoi dheireadh 2021.
Déanfar comhordú daingean ar an nós imeachta leis na sruthanna oibre leanúnaí a fógraíodh sa Chomhaontú Glas don Eoraip chun na creataí faireacháin don gheilleagar ciorclach, don bhithéagsúlacht agus do thruailliú nialasach a dhearadh nó a athbhreithniú, d’fhonn comhleanúnachas foriomlán a áirithiú agus chun an t‑ualach riaracháin a laghdú.
Airteagal 5 – Meastóireacht
Déantar a fhoráil le hAirteagal 5 go ndéanfar meastóireacht ar an 8ú CGC in 2029, sula rachaidh sé in éag faoi dheireadh 2030.
2020/0300 (COD)
Togra le haghaidh
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(3) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta 21 ,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 22 ,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Ag teacht le hAirteagal 192(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, sholáthair cláir ghinearálta gníomhaíochta comhshaoil an creat le haghaidh ghníomhaíocht an Aontais i réimse an chomhshaoil agus na haeráide ó 1973 i leith.
(2)Cinneadh Uimh. 1386/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 23 lenar bunaíodh an 7ú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil (an 7ú CGC), ina leagtar síos clár oibre an Aontais maidir leis an gcomhshaol go dtí an 31 Nollaig 2020 chomh maith le fís fhadtéarmach le haghaidh 2050.
(3)I meastóireacht an Choimisiúin maidir leis an 7ú CGC 24 , Baineadh de thátal as an eolas go bhfuil a fhís agus a chuspóirí tosaíochta le haghaidh 2050 fós bailí; gur chuidigh sé chun gníomhaíocht níos intuartha, níos tapúla agus níos comhordaithe a chur ar fáil i mbeartas comhshaoil; agus gur chuidigh a struchtúr agus a chreat cumasúcháin chun sineirgí a chruthú, rud a d’fhág go bhfuil an beartas comhshaoil níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla anois dá bharr. Ina theannta sin, baineadh de thátal as sa mheastóireacht gur réamh‑mheasadh sa 7ú CGC Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe trína áitiú go bhfuil fás eacnamaíoch agus folláine shóisialta ag brath ar bhonn acmhainní nádúrtha sláintiúil, agus éascaíodh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach. Chuir sé ar chumas an Aontais labhairt d'aon ghuth amháin freisin ar an ardán domhanda maidir le saincheisteanna aeráide agus comhshaoil. Sa mheastóireacht a rinne an Coimisiún ar an 7ú CGC, is den tátal a bhain sé as an eolas nár leor an dul chun cinn i gcosaint an dúlra agus na sláinte ná i gcomhtháthú na mbeartas.
(4)De réir thuarascáil na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil ‘Comhshaol na hEorpa – staid agus forbhreathnú 2020, Eolas ar mhaithe leis an aistriú chuig Eoraip inbhuanaithe’ (‘SOER 2020’), léiríonn 2020 deis shainiúil don Aontas ceannaireacht a thaispeáint maidir leis an inbhuanaitheacht agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin inbhuanaitheachta is práinní óna dteastaíonn réitigh shistéamacha. Mar a luadh in SOER 2020, ní fhacthas a leithéid d’athruithe san aeráid dhomhanda agus sna héiceachórais mar atá feicthe ó na 1950idí ar feadh blianta fada go dtí an mhílaois. Tá méadú faoi thrí ar dhaonra an domhain ó 1950, agus tá méadú faoi cheathair ar an daonra atá ag cur fúthu sna cathracha. Leis an tsamhail fáis reatha, meastar go dtiocfaidh méadú breise ar na brúnna ar an gcomhshaol, rud a chruthóidh éifeachtaí díobhálacha díreacha agus indíreacha do shláinte agus d’fholláine an duine. Is fíor sin ach go háirithe i gcás na n‑earnálacha is mó a mbíonn tionchar acu ar an gcomhshaol – earnálacha an bhia, na soghluaisteachta, an fhuinnimh chomh maith le bonneagar agus foirgnimh.
(5)Thug an Coimisiún Eorpach freagra ar na dúshláin a sainaithníodh in SOER 2020 nuair a ghlac sé an Comhaontú Glas don Eoraip 25 : straitéis nua fáis don aistriú dúbailte glas agus digiteach lena mbeartaítear sochaí chothrom rathúil a dhéanamh den Aontas, sochaí ina mbeidh geilleagar is neodrach aeráid, is tíosach ar acmhainní agus is iomaíoch. Le Rialachán (AE) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 26 cumhdaítear sa dlí sprioc an Aontais maidir le neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050.
(6)Tá an Comhaontú Glas don Eoraip mar bhonn agus mar thaca le Plean Téarnaimh an Aontais Eorpaigh don Chéad Ghlúin Eile ina gcuirtear chun cinn na hinfheistíochtaí i bpríomhearnálacha glasa atá riachtanach chun athléimneacht a thógáil, agus chun fás agus poist a chruthú i sochaí chothrom chuimsitheach. Tá an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a chumhachtóidh téarnamh eacnamaíoch an Aontais ó ghéarchéim an choróinvíris, mar aon le buiséad an Aontais le haghaidh 2021–2027, bunaithe freisin ar na cuspóirí beartais a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip. Ina theannta sin, ba cheart do gach tionscnamh faoi Phlean Téarnaimh an Aontais Eorpaigh don Chéad Ghlúin eile urraim a bheith aige do mhionn “na neamhdhíobhála” atá sa Chomhaontú Glas don Eoraip.
(7)Thug cláir gníomhaíochta comhshaoil treoir d’fhorbairt bheartas comhshaoil an Aontais ó thús na 1970idí. Rachaidh an 7ú CGC in éag an 31 Nollaig 2020 agus éilíonn Airteagal 4 (3) den Chlár ar an gCoimisiún, más iomchuí, togra a thíolacadh le haghaidh an Ochtú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil (8ú CGC) ar bhonn tráthúil d’fhonn bearna a sheachaint idir an 7ú agus an 8ú CGC. Fógraíodh leis an gComhaontú Glas don Eoraip go rabhthas tar éis clár gníomhaíochta comhshaoil nua a ghlacadh.
(8)Ba cheart don 8ú CGC tacú leis na cuspóirí atá sa Chomhaontú Glas don Eoraip maidir leis an gcomhshaol agus leis an aeráid de réir an chuspóra fhadtéarmaigh “maireachtáil go maith, faoi shrianta ár bpláinéid” faoi 2050, rud atá bunaithe cheana féin sa 7ú CGC. Ba cheart dó rannchuidiú chun Clár Oibre 2030 na Náisiúnta Aontaithe agus a Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach.
(9)Ba cheart don 8ú CGC dlús a chur faoin aistriú chuig geilleagar athghiniúnach a thugann níos mó ar ais don phláinéad ná mar a thógann sé as. Aithnítear le samhail fáis athghiniúnaigh go bhfuil folláine agus rathúnas ár sochaithe ag brath ar aeráid chobhsaí, ar thimpeallacht shláintiúil agus ar éiceachórais a mbeidh rath orthu, éiceachórais a sholáthraíonn spás oibríochta sábháilte dár ngeilleagair. De réir mar a leanann an daonra domhanda agus an t‑éileamh atá ar acmhainní nádúrtha ag fás, ba cheart don ghníomhaíocht eacnamaíoch forbairt ar bhealach nach ndéanann aon díobháil ach, ina choinne sin , a aisiompaíonn an t‑athrú aeráide agus an díghrádú comhshaoil, a íoslaghdaíonn an truailliú agus a mbíonn caipiteal nádúrtha á chothú agus á shaibhriú dá bharr, agus a áiritheoidh dá bhrí sin go mbeidh flúirse acmhainní in‑athnuaite agus neamh‑in‑athnuaite ar fáil. Tríd an nuálaíocht leanúnach, an dul in oiriúint do dhúshláin nua agus an chomhchruthaitheacht, neartaíonn an geilleagar athghiniúnach, an athléimneacht agus tugann sé cosaint d’fholláine na glúine seo agus na nglún atá romhainn.
(10)Sa 8ú CGC, ba cheart cuspóirí tosaíochta téamacha a leagan amach i réimse na neodrachta aeráide, san oiriúnú don athrú aeráide, i gcosaint agus in athchóiriú na bithéagsúlachta, sa gheilleagar ciorclach, san uaillmhian maidir le truailliú nialasach, agus i laghdú an bhrú a chuireann an táirgeadh agus an tomhaltas ar an gcomhshaol. Mar aon leis sin, ba cheart dó na coinníollacha cumasúcháin a shainaithint d’fhonn na cuspóirí tosaíochta fadtéarmacha agus téamacha a bhaint amach do gach duine lena mbaineann.
(11)Toisc dílárú mór ar an mbeartas comhshaoil, is ar leibhéil éagsúla rialachais ba cheart an ghníomhaíocht maidir le comhlíonadh chuspóirí tosaíochta an 8ú CGC a ghlacadh i.e. ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, agus cur chuige comhoibritheach a ghlacadh maidir le rialachas il‑leibhéil. Ba cheart an cur chuige comhtháite maidir le forbairt agus cur chun feidhme beartais a neartú d’fhonn na sineirgí idir cuspóirí eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta a neartú, agus an aird chuí á tabhairt san am céanna ar an trádmhalartú a d’fhéadfadh a bheith ann agus ar na riachtanais atá ag grúpaí leochaileacha. Rud eile fós, is rud tábhachtach atá sa rannpháirtíocht thrédhearcach le gníomhairí neamhrialtasacha chun rathúlacht an 8ú CGC a áirithiú i gcomhlíonadh a gcuid cuspóirí beartais.
(12)Tá comhar feabhsaithe le tíortha comhpháirtíochta, dea‑rialachas comhshaoil domhanda chomh maith le sineirgí idir beartais inmheánacha agus sheachtracha an Aontais lárnach chun cuspóirí comhshaoil agus aeráide an Aontais a bhaint amach.
(13)Ba cheart don Choimisiún Eorpach measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn a dhéanfaidh an tAontas agus na Ballstáit maidir le cuspóirí tosaíochta an 8ú CGC a bhaint amach i gcomhthéacs an aistrithe i dtreo inbhuanaitheacht, folláine agus athléimneacht níos mó. Sin rud atá ag teacht le héilimh na Comhairle 27 agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 28 , is é sin go dtomhaisfí feidhmíocht eacnamaíoch agus dul chun cinn na sochaí “thar an olltáirgeacht intíre (OTI)”, agus go ngluaisfí i dtreo úsáid folláine mar threoir i gcomhair beartais, rud a dtacaíonn an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (OECD) leis chomh maith 29 .
(14)Ba cheart don mheasúnú ar an dul chun cinn i dtreo chuspóirí tosaíochta an 8ú CGC na forbairtí is déanaí maidir leis an bhfáil atá ar shonraí agus ar tháscairí a léiriú chomh maith le hábharthacht na sonraí agus na dtáscairí sin. Ba cheart dó a bheith comhsheasmhach agus gan dochar d’uirlisí faireacháin nó rialachais ina gcumhdaítear gnéithe níos sonraithe den bheartas comhshaoil agus aeráide, amhail Rialachán 1999/2018 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle go háirithe 30 , an tAthbhreithniú um Chur Chun Feidhme Comhshaoil nó na huirlisí faireacháin a bhaineann leis an ngeilleagar ciorclach, an truailliú nialasach, an bhithéagsúlacht, an t‑aer, an t‑uisce, an ithir, dramhaíl, nó aon bheartais comhshaoil eile. Mar aon le huirlisí eile a úsáidtear sa Seimeastar Eorpach, Faireachán Eurostat ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus Tuarascáil um Fhadbhreathnaitheacht Straitéiseach an Choimisiúin 31 , bheadh sé ina chuid de shraith uirlisí faireacháin agus rialachais idirnasctha comhtháite.
(15)Ba cheart don Choimisiún agus do EEA agus do ghníomhaireachtaí ábhartha eile na sonraí agus na táscairí a sholáthair na Ballstáit a rochtain agus a athúsáid i gcomhréir leis na gníomhartha dlí is infheidhme san Aontas. Ina theannta sin, ba cheart úsáid a bhaint as foinsí eile sonraí, amhail sonraí satailíte agus faisnéis phróiseáilte ó Chlár an Aontais um Fhaire agus um Fhaireachán na Cruinne (Copernicus), an Córas Eorpach Faisnéise maidir le Dóiteáin Foraoise agus an Córas Eorpach maidir le Feasacht Tuile, nó ardáin sonraí amhail an Líonra Breathnóireachta agus Sonraí Muirí Eorpach nó an tArdán Faisnéise maidir le Faireachán ar Cheimiceáin. Ach uirlisí digiteacha nua‑aimseartha agus intleacht shaorga a chur i bhfeidhm, beifear in ann na sonraí a bhainistiú agus a anailísiú ar bhealach éifeachtach, rud a laghdóidh dá réir an t‑ualach riaracháin agus a mhéadóidh an tráthúlacht agus an cháilíocht san am céanna.
(16)Ina theannta sin, i gcomhréir leis an gceanglas a leagtar amach i dTreoir 2003/4/CE, i dTreoir 2007/2/CE agus i dTreoir 2019/1024/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na sonraí, an fhaisnéis agus na táscairí ábhartha chun an 8ú CGC a fhaire agus a chur chun feidhme ar fáil gan srian, go mbeidh siad neamh‑idirdhealaitheach, go mbeidh rochtain oscailte orthu, go mbeidh siad leordhóthanach, ar chaighdeán ard, cothrom le dáta, éasca le húsáid agus go mbeidh fáil orthu go héasca ar líne.
(17)D’fhonn cuspóirí beartais an 8ú CGC a bhaint amach, ba cheart go mbeadh an inniúlacht chuí agus dóthain acmhainní ag EEA agus ECHA chun bonn eolais agus bonn fianaise fónta, inrochtana agus trédhearcach a áirithiú chun tacú le cur chun feidhme na dtosaíochtaí straitéiseacha sa Chomhaontú Glas don Eoraip agus sa mheasúnú ar dhul chun cinn faoin gclár.
(18)D’fhonn na cuspóirí beartais atá ag athrú agus an dul chun cinn atá déanta go dtí seo a chur san áireamh, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an 8ú CGC in 2029.
(19)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Chinnidh seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí an chláir gníomhaíochta atá beartaithe, de bharr gur ar leibhéal an Aontais is fearr is féidir a ngnóthú , féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Cinneadh seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 – Ábhar
1.Leagtar amach clár gníomhaíochta ginearálta i réimse an chomhshaoil sa chinneadh seo le haghaidh na tréimhse dar críoch an 31 Nollaig 2030 (‘an 8ú CGC’). Leagtar síos a chuid cuspóirí beartais ann, sainaithnítear coinníollacha cumasúcháin lena mbaint amach agus leagtar creat amach chun barúil a thabhairt faoi cé acu an bhfuil an tAontas agus a chuid Ballstát ar an mbóthar ceart chun na cuspóirí beartais sin a chomhlíonadh nó nach bhfuil.
2.Tá sé d'aidhm ag an 8ú CGC dlús a chur faoin aistriú chuig geilleagar ciorclach agus glan a bheidh aeráidneodrach agus a bheidh tíosach ar acmhainní agus go ndéanfar é sin ar bhealach cuimsitheach cóir, agus lena bhformhuinítear na cuspóirí comhshaoil agus aeráide sa Chomhaontú Glas don Eoraip agus ina thionscnaimh.
3.Is é an 8ú CGC an bunús chun na cuspóirí comhshaoil agus aeráide atá sainithe faoi Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe a bhaint amach agus cuimsítear ina Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus ina chreat faireacháin an chuid d’iarrachtaí an Aontais Eorpaigh a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid chun an dul chun cinn i dtreo breis inbhuanaitheachta a thomhas, lena n‑áirítear an neodracht aeráide agus éifeachtúlacht acmhainní, folláine agus athléimneacht.
Airteagal 2 – Cuspóirí tosaíochta
1.Is cuspóir tosaíochta fadtéarmach le haghaidh 2050 san 8ú CGC an saol a bheith ar a mian ag na saoránaigh, faoi shrianta an phláinéid i ngeilleagar athghiniúnach, áit nach gcuirtear aon ní amú, nach dtáirgtear aon ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa agus áit ina ndéantar fás eacnamaíoch a scaradh go hiomlán ó úsáid acmhainní agus díghrádú an chomhshaoil. Tá timpeallacht shláintiúil mar bhonn agus mar thaca le folláine saoránach, bíonn rath faoin mbithéagsúlacht agus tugtar cosaint don chaipiteal nádúrtha, déantar é a athchóiriú agus bíonn meas air ar bhealaí lena bhfeabhsaítear an athléimneacht i leith an athraithe aeráide agus rioscaí eile comhshaoil. Leagann an tAontas síos an luas chun rathúnas na glúine seo agus na nglún atá romhainn a áirithiú ar fud an domhain.
2.Tá na sé chuspóir tosaíochta théamacha seo a leanas sa 8ú CGC:
(a)laghdú dochúlaithe agus de réir a chéile ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus feabhsú ar aistriú linnte nádúrtha agus linnte eile san Aontas chun sprioc 2030 maidir leis an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a ghnóthú agus neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050 faoi mar a leagtar síos i Rialachán (AE) …/… 32 ;
(b)dul chun cinn leanúnach ar an acmhainneacht oiriúnaitheachta a fheabhsú, athléimneacht a neartú agus leochaileacht i leith an athraithe aeráide a laghdú;
(c)oibriú i dtreo samhla fáis athghiniúnaigh a thugann níos mó ar ais don phláinéad ná mar a thógann sé as, an fás eacnamaíoch a scaradh go hiomlán ó úsáid acmhainní agus díghrádú an chomhshaoil, agus dlús a chur faoin aistriú chuig geilleagar ciorclach;
(d)iarracht a dhéanamh chun an uaillmhian maidir le truailliú nialasach a lorg le haghaidh timpeallacht saor ó thocsainí, lena n‑áirítear le haghaidh aeir, uisce agus ithreach, agus sláinte agus folláine na saoránach a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol;
(e)an bhithéagsúlacht a chosaint, a chaomhnú agus a athchóiriú agus an caipiteal nádúrtha a fheabhsú, go háirithe an t‑aer, an t‑uisce, an ithir, agus éiceachórais foraoise, fionnuisce, bhogaigh agus mhuirí;
(f)inbhuanaitheacht chomhshaoil a chur chun cinn agus na príomhbhrúnna ar an gcomhshaol agus ar an aeráid a bhaineann le táirgeadh agus tomhaltas a laghdú, go háirithe i réimsí fuinnimh, na forbartha tionsclaíche, foirgneamh agus bonneagair, soghluaisteachta agus an chórais bia.
Airteagal 3 – Coinníollacha a chumasú d’fhonn cuspóirí tosaíochta an chláir seo a bhaint amach
1.Beidh na nithe seo a leanas ag teastáil chun cuspóirí beartais an 8ú CGC a bhaint amach:
(a)cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais maidir leis an gcomhshaol agus an aeráid a áirithiú agus féachaint leis an scoth a bhaint amach i bhfeidhmíocht chomhshaoil ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil lena n‑áirítear trí inniúlacht riaracháin agus dearbhú comhlíontachta iomchuí a sholáthar, mar a leagtar amach san Athbhreithniú um Chur Chun Feidhme Comhshaoil, chomh maith le dlús a chur le ghníomhaíocht i gcoinne na coireachta comhshaoil,
(b)an cur chuige comhtháite maidir le forbairt agus cur chun feidhme beartais a neartú, go háirithe tríd an méid seo a leanas:
–na cuspóirí tosaíochta a leagtar amach in Airteagal 2 a phríomhshruthú i ngach straitéis, tionscnamh reachtach agus neamhreachtach, clár, infheistíocht agus tionscadal ábhartha ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil ionas nach ndéanfaidh siad féin ná a gcur chun feidhme díobháil d’aon cheann de na cuspóirí tosaíochta a leagtar amach in Airteagal 2;
–na sochair atá le baint as cur chun feidhme Threoir 2014/52/AE 33 agus Threoir 2001/42/CE 34 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a uasmhéadú;
–aird ar leith a thabhairt ar shineirgí agus ar thrádmhalartuithe ionchasacha idir cuspóirí eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta d’fhonn riachtanais saoránach maidir le cothú, tithíocht agus soghluaisteacht a chomhlíonadh ar bhealach inbhuanaithe nach bhfágfaidh aon duine chun deiridh;
–meastóireacht rialta a dhéanamh ar bheartais atá ann cheana agus measúnuithe tionchair a ullmhú le haghaidh tionscnaimh nua, measúnaithe a bheidh bunaithe ar chomhairliúcháin fhorleathana ina leantar nósanna imeachta atá cuntasach, cuimsitheach, treoraithe agus simplí le cur chun feidhme, agus a thugann an aird chuí ar na tionchair réamh‑mheasta ar an gcomhshaol agus ar an aeráid;
(c)an inbhuanaitheacht chomhshaoil agus aeráide a chomhtháthú go héifeachtach sa Seimeastar Eorpach de rialachas eacnamaíoch, lena n‑áirítear sna Cláir Athchóirithe Náisiúnta agus sna Pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta;
(d)infheistíochtaí inbhuanaithe ó fhoinsí poiblí agus príobháideacha a shlógadh, lena n‑áirítear na cistí agus na hionstraimí atá ar fáil faoi bhuiséad an Aontais, tríd an mBanc Eorpach Infheistíochta agus ar an leibhéal náisiúnta;
(e)fóirdheontais atá díobhálach don chomhshaol a chéimniú amach ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, agus an leas is fearr á bhaint as ionstraimí margaidh‑bhunaithe agus uirlisí buiséadaithe glasa, lena n‑áirítear iad sin a theastaíonn chun aistriú atá cothrom go sóisialta a áirithiú, agus tacú le gnólachtaí agus le geallsealbhóirí eile chun cleachtais chuntasaíochta chaighdeánaithe don chaipiteal nádúrtha a fhorbairt;
(f)a áirithiú go mbeidh beartais agus gníomhaíocht chomhshaoil bunaithe ar an eolas eolaíochta is fearr atá ar fáil agus an bonn eolais comhshaoil agus an glacadh atá leis a neartú, lena n‑áirítear trí thaighde, nuálaíocht, scileanna glasa a chothú, agus cuntasaíocht chomhshaoil agus éiceachórais a fhorbairt tuilleadh;
(g)leas a bhaint as an gcumas atá ag teicneolaíochtaí digiteacha agus sonraí chun tacú leis an mbeartas comhshaoil agus a lorg comhshaoil a íoslaghdú san am céanna;
(h)úsáid iomlán a bhaint as réitigh atá bunaithe ar an dúlra agus as an nuálaíocht shóisialta;
(i)caighdeáin arda a chur i bhfeidhm go héifeachtach i gcomhair trédhearcachta, rannpháirtíocht phoiblí agus rochtain ar an gceartas i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún maidir le rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht agus rochtain ar an gceartas i ngnóthaí comhshaoil (Coinbhinsiún Aarhus) 35 ;
(j)na sonraí agus an fhianaise atá nasctha le cur chun feidhme an 8ú CGC a chur ar fáil go poiblí agus iad a bheith inrochtana go héasca, gan dochar do na forálacha maidir le rúndacht i reachtaíocht a bhaineann le fearainn go sonrach;
(k)tacú leis an nglacadh coiteann atá leis an cuspóirí tosaíochta a leagtar síos in Airteagal 2, a áirithiú go mbeidh comhleanúnachas idir an cur chuige inmheánach agus seachtrach agus gníomhaíocht chomhordaithe, go háirithe maidir leis na nithe seo a leanas:
–oibriú le tíortha comhpháirtíochta maidir le gníomhaíocht aeráide agus chomhshaoil, agus iad a spreagadh agus tacú leo chun rialacha sna réimsí sin a ghlacadh agus a chur chun feidhme, rialacha atá chomh huaillmhianach céanna leo sin atá ag an Aontas, agus a áirithiú go gcomhlíonann gach táirge a chuirtear ar mhargadh an Aontais ceanglais ábhartha an Aontais ina n‑iomláine ag teacht le gealltanais idirnáisiúnta an Aontais;
–an comhar le rialtais, le gnólachtaí agus leis an tsochaí shibhialta a fheabhsú i dtríú tíortha agus in eagraíochtaí idirnáisiúnta chun comhpháirtíochtaí agus comhghuaillíochtaí a chruthú maidir le cosaint an chomhshaoil agus maidir le comhar comhshaoil a chur chun cinn in G7 agus G20;
–cur chun feidhme Chomhaontú Pháras, an Choinbhinsiúin maidir le hÉagsúlacht Bithéagsúlachta agus comhaontuithe comhshaoil iltaobhacha eile de chuid an Aontais agus a chomhpháirtithe a neartú, lena n‑áirítear trí thrédhearcacht agus cuntasacht a mhéadú i dtaca le dul chun cinn ar na gealltanais a rinneadh faoi na comhaontuithe sin;
–rialachas comhshaoil idirnáisiúnta a neartú trí bhearnaí atá fós ann a dhúnadh agus an urraim atá do phrionsabail chomhshaoil idirnáisiúnta aitheanta a neartú agus a chur i bhfeidhm;
–a áirithiú go gcuirtear Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe chun cinn i gcúnamh airgeadais an Aontais agus na mBallstát do thríú tíortha.
2.Má táthar chun na cuspóirí beartais sa 8ú CGC a bhaint amach caithfear tacaíocht leathan a thabhairt trí shaoránaigh, comhpháirtithe sóisialta agus geallsealbhóirí eile a bheith rannpháirteach, agus comhar a spreagadh i bhforbairt agus i gcur chun feidhme straitéisí, beartas nó reachtaíochta a bhaineann leis an 8ú CGC i measc údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, i gceantair uirbeacha agus i gceantair thuaithe.
Airteagal 4 – Creat faireacháin
1.Déanfaidh an Coimisiún, le tacaíocht ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus ón nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, measúnú agus tuairisciú ar dhul chun cinn an Aontais agus na mBallstát maidir leis na cuspóirí beartais a leagtar síos in Airteagal 2 a bhaint amach ar bhonn rialta, agus na coinníollacha cumasúcháin a leagtar síos in Airteagal 3 á gcur san áireamh.
2.Sa mheasúnú dá dtagraítear i mír 1, léireofar na forbairtí is déanaí maidir leis an teacht atá ar shonraí agus ar tháscairí agus ábharthacht na sonraí agus na dtáscairí sin, ag tógáil ar shonraí atá ar fáil sna Ballstáit agus ar leibhéal an Aontais, go háirithe iad sin atá á bhfeidhmiú ag an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus ag an gCóras Staidrimh Eorpach. Beidh an measúnú sin gan dochar do chreataí agus do chleachtaí faireacháin, tuairiscithe agus rialachais atá ann cheana ina gcumhdaítear beartas comhshaoil agus aeráide.
3.Tabharfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán tacaíocht don Choimisiún chun an fháil atá ar shonraí agus ar eolas agus ábharthacht na sonraí agus an eolais sin a fheabhsú, go háirithe trí na rudaí seo a leanas a dhéanamh:
(a)fianaise agus sonraí a bhailiú, a phróiseáil agus a thuairisciú le huirlisí digiteacha nua‑aimseartha;
(b)oibriú i dtreo na bearnaí ábhartha i sonraí faireacháin a dhúnadh;
(c)anailísí sistéamacha atá ábhartha do bheartas a sholáthar, agus rannchuidiú chun cuspóirí beartais a chur chun feidhme ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta;
(d)sonraí maidir leis na tionchair chomhshaoil, shóisialta agus eacnamaíocha a chomhtháthú, agus leas iomlán a bhaint as sonraí eile atá ar fáil, amhail iad sin a sholáthraítear trí Copernicus;
(e)rochtain ar shonraí trí chláir an Aontais a fheabhsú tuilleadh;
(f)trédhearcacht agus cuntasacht a áirithiú;
(g)cabhrú leis an tsochaí shibhialta, údaráis phoiblí, saoránaigh, comhpháirtithe sóisialta agus leis an earnáil phoiblí rioscaí aeráide agus comhshaoil a shainaithint agus beart a dhéanamh chun iad a chosc, a mhaolú agus oiriúnú dóibh, agus a gcuid oibre a chothú maidir le bearnaí eolais a dhúnadh.
4.Déanfaidh an Coimisiún imscrúdú go rialta ar riachtanais sonraí agus eolais ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, lena n‑áirítear inniúlacht na Gníomhaireachtaí Eorpaí Comhshaoil agus na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán chun na cúraimí dá dtagraítear i mír 3 a dhéanamh.
Airteagal 5 – Meastóireacht
Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an 8ú CGC faoin 31 Márta 2029. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina mbeidh na príomhthorthaí ón meastóireacht sin, agus beidh togra reachtach ag gabháil léi, má mheasann an Coimisiún gurb iomchuí sin, le haghaidh an chéad chláir gníomhaíochta comhshaoil eile.
Airteagal 6 – Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán An tUachtarán
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH ‘GNÍOMHAIREACHTAÍ’
Ábhar
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH19
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh19
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann19
1.3.Baineann an togra le19
1.4.Cuspóirí19
1.4.1.Cuspóirí ginearálta19
1.4.2.Cuspóirí sonracha19
1.4.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann24
1.5.Forais an togra/tionscnaimh24
1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh24
1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, comhlántachtaí, nó gnóthachain de thoradh comhordú). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn “breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE” an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.25
1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart25
1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile25
1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n-áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh26
1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an tionchar airgeadais a mheastar a bheidh aige27
1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe27
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA28
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe28
2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe28
2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na coinníollacha íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe28
2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú29
2.2.3.Meastachán ar chost-éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas “costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú”) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)29
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc29
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH29
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n-imreofar tionchar29
3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas31
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas31
3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasuithe EEA agus ECHA33
3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar acmhainní daonna EEA agus ECHA34
3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha37
3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe37
3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam37
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH FORLÍONTACH ‘GNÍOMHAIREACHTAÍ’
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030 chun dlús a chur leis an aistriú chuig geilleagar aeráidneodrach, tíosach ar acmhainní agus athghiniúnach
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann
Réimsí beartais: 09 An Comhshaol agus Gníomhú ar son na hAeráide
Gníomhaíochtaí:
09 02 – An Clár don Chomhshaol agus don Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE)
09 10 – An Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil & An Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán
1.3.Baineann an togra le
☑ beart nua
◻ beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 36
☑ síneadh ar bheart atá ann cheana
◻ beart nó bearta a chumasc i dtreo beart eile/beart nua
1.4.Cuspóirí
1.4.1.Cuspóirí ginearálta
Dlús a chur faoin aistriú a dhéanfaidh an tAontas chuig geilleagar aeráidneodrach, glan, a bheidh tíosach ar acmhainní agus athghiniúnach agus é sin a dhéanamh ar bhealach cóir cuimsithe agus cuspóirí comhshaoil Chlár Oibre na Náisiún Aontaithe 2030 agus a Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach, ag formhuiniú go hiomlán na gcuspóirí comhshaoil sa Chomhaontas Glas don Eoraip.
Rannchuidiú le creat faireacháin agus tuairiscithe atá níos comhtháite, atá comhsheasmhach agus ildisciplíneach le haghaidh beartais chomhshaoil agus aeráide, mar fhreagairt iomlán do na cuspóirí i gComhaontú Pháras, na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, agus sa Chomhaontú Glas don Eoraip.
1.4.2.Cuspóirí sonracha
In 2015, bunaíodh comhaontuithe suaitheanta idirnáisiúnta nuair a glacadh le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe agus Comhaontú Pháras (COP21) . Na gealltanais sin agus an fheasacht mhéadaithe maidir leis an bpráinn atá le gleic an athraithe aeráide, an díghrádaithe chomhshaoil agus na rioscaí inbhuanaitheachta, is gealltanais agus feasacht iad a fhágann go bhfuiltear ag éileamh 8ú CGC éifeachtach le haghaidh an Aontais Eorpaigh.
Thíolaic EEA Staid agus Forbhreathnú ar Chomhshaol na hEorpa 2020 (SOER 2020) an 4 Nollaig 2019, agus tuairiscíodh ann ar dhúshláin chomhshaoil, aeráide agus inbhuanaitheachta na hEorpa i láthair na huaire, dúshláin nach bhfacthas riamh cheana ó thaobh scála agus práinne de; Chun na dúshláin sin a shárú, teastaíonn gníomhaíocht láithreach dhírithe agus réitigh shistéamacha phráinneacha. Cé gur shuntasach na buntáistí a bhí le baint as dícheall an Aontais Eorpaigh i réimse na mbeartas le déanaí, tá fadhbanna ann fós chomh fada agus a bhaineann le meath na bithéagsúlachta, le hídiú acmhainní, leis an ngá atá ann dul i ngleic leis an athrú aeráide, mar aon le tionchar an athruithe sin, agus leis na rioscaí do shláinte agus d’fholláine an duine. Chun na bearnaí a laghdú idir staid an chomhshaoil agus na spriocanna comhshaoil go dtí 2030, is rud ábhartha fós díriú ar an cur chun feidhme, rud óna dteastaíonn cistiú, rannpháirtíocht geallsealbhóirí, cur chuige comhoibritheach maidir le rialachas il‑leibhéil, mar aon le bonn láidir eolais. Is gá creata beartais fhadtéarmaigh níos sistéamaí a fhorbairt, nuálaíocht ar mhaithe le hathrú sa tsochaí, infheistíocht a atreorú, agus bainistiú a dhéanamh ar aistriú a bheidh cothrom agus cóir ar bhonn sóisialta.
Fógraíodh an 8ú CGC sa Chomhaontú Glas don Eoraip, comhaontú a tíolacadh an 11 Nollaig 2019, agus tá feidhm chomhlántach ag gabháil leis, rud a chabhróidh chun cur chun feidhme, forghníomhú agus seachadadh éifeachtach na mbeartas agus na reachtaíochta comhshaoil agus aeráide a áirithiú agus áirítear creat nua faireacháin leis. Cuirtear Cinneadh i láthair sa togra seo le haghaidh an 8ú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil go dtí 2030 chun dlús a chur faoin aistriú chuig geilleagar aeráidneodrach, tíosach ar acmhainní agus athghiniúnach, ina ndírítear ar thacaíocht an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip.
Ar cheann de na príomhghníomhaíochtaí a chuimsítear san 8ú CGC, a fógraíodh sa Chomhaontú Glas don Eoraip, tá creat nua faireacháin chun tomhas a dhéanamh ar dhul chun cinn an Aontais Eorpaigh agus a chuid Ballstát ar chur chun feidhme chuspóirí tosaíochta an chláir mar aon lena fhís 2050 chun “maireachtáil go maith, faoi shrianta ár bpláinéid”. Go deimhin, cé go bhfuil cúpla creat faireacháin bunaithe ag an Aontas a thomhaiseann an dul chun cinn i dtreo cuspóirí comhshaoil sonracha atá aontaithe, go dtí seo níor leagadh síos aon chreat cuimsitheach i ndlí an Aontais chun cur chuige comhordaithe a áirithiú maidir le baint amach chuspóirí comhshaoil agus aeráide an Aontais tríd is tríd agus maidir lena rannchuidiú i dtreo na hinbhuanaitheachta, na folláine agus na hathléimneachta. Tá deis ann freisin an faireachán a dhéantar ar bheartais chomhshaoil a nascadh leis na sruthanna oibre leanúnaí san Áireamhán Comhpháirteach, in EEA agus in áiteanna eile ar theorainneacha an phláinéid (e.g. úsáid fionnuisce, athrú ar úsáid na talún, aigéadú an aigéin) agus ar lorg tomhaltais an Aontais.
Beidh an creat nua faireacháin ag tógáil ar na creata faireacháin nó rialachais comhshaoil agus aeráide atá ann cheana, beidh sé gan dochar dóibh agus comhlánóidh sé na creata sin, lena n‑áirítear iad sin a bhaineann le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide agus an tAthbhreithniú um Chur Chun Feidhme Comhshaoil. Beidh sé sin ag teacht go hiomlán leis na sruthanna oibre leanúnaí a leanfaidh na nithe is féidir a sheachadadh sa Chomhaontú Glas don Eoraip, amhail faireachán as an nua a dhéanamh ar Bhithéagsúlacht agus ar Thruailliú Nialasach, chomh maith le faireachán cothrom le dáta ar an nGeilleagar Ciorclach. Dá bhrí sin, an faireachán a dhéanfar ar an 8ú CGC, is rud é a bheidh bunaithe go príomha ar uirlisí sonraí, faireacháin agus tuairiscithe atá ann cheana, ar bhealach lena seachnófar dúbailt na hoibre agus a chuirfidh teorainn leis an ualach riaracháin atá ar na Ballstáit, agus tapófar an deis san am céanna chun bearnaí sna táscairí a dhúnadh (truailliú nialasach agus nasc idir beartas comhshaoil agus sóisialta). Rud is sonraí ná sin, is fothú é ar an méid a tugadh i gcrích faoi na gníomhaíochtaí chun an tuairisciú comhshaoil atá ag dul ar aghaidh cheana féin ó 2017 a chuíchóiriú 37 , rud a chuideoidh dá bhrí sin le teachtaireachtaí comhsheasmhacha a fhorbairt i gcleachtaí éagsúla faireacháin.
Ba cheart don chreat faireacháin úinéireacht agus seachadadh na ngealltanas a áirithiú agus táscairí follasacha, bunaithe ar thorthaí chun an dul chun cinn a thomhas agus tógáil ar chreata faireacháin agus ar uirlisí tuairiscithe atá an cheana, agus a bheith comhsheasmhach leo, creata agus uirlisí a fheidhmíonn an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus a líonra Eionet go háirithe, ach ní go heisiach, agus dúbailt oibre agus ualach riaracháin breise do na Ballstáit agus do chomhlachtaí tuairiscithe eile á seachaint ag an am céanna. Iarrtar freisin ar ECHA rannchuidiú leis an gcleachtadh sin, mar aon le faisnéis a sholáthar i dtaobh le húsáid inbhuanaithe ceimiceán.
D’fhonn an creat faireacháin don 8ú CGC a reáchtáil agus tacú leis, caithfear acmhainní breise a thabhairt don Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA) agus don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA). Ní acmhainní nua iad na hacmhainní sin, ach cuirfear iad ar fáil do na Gníomhaireachtaí amach as an gclár LIFE (a thacaíonn freisin lena bpríomhghníomhaíochtaí), d’fhonn urraim a thabhairt don togra maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil, atá á chaibidliú i láthair na huaire leis an údarás buiséadach. Úsáidfear na hacmhainní chun an fhoireann sna Gníomhaireachtaí a bheidh i mbun oibre ar an gComhaontú Glas don Eoraip a atreisiú agus go háirithe chun tacú leis an obair faireacháin agus thuairiscithe ar an 8ú CGC agus faisnéis a chur leis. Go sonrach:
• An Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA): Beidh obair faireacháin agus thuairiscithe EEA ar bheartais chomhshaoil agus aeráide éagsúla, agus ar an tuarascáil “Staid an Chomhshaoil” (SOER) mar bhunús ag an gcreat faireacháin. Caithfear straitéis nua EEA agus an clár oibre ilbhliantúil agus acmhainní EEA a chur in oiriúint agus a atreisiú chun faireachán dinimiciúil, comhsheasmhach, ilsrathach agus trasnaí a sholáthar, bunaithe ar na foinsí éagsúla faisnéise a chomhtháthú agus tuairisciú a cheadú ar leibhéil éagsúla (náisiúnta, réigiúnach, idirnáisiúnta). Ba cheart don chreat faireacháin a bheith saincheaptha do riachtanais agus ceanglais tuairiscithe shainaitheanta an 8ú CGC, trína mbeifear in ann cumarsáid éifeachtach a dhéanamh maidir leis na dúshláin agus na freagairtí do na saoránaigh agus chun plé polaitiúil Ardleibhéil a éascú i bParlaimint na hEorpa agus sa Chomhairle.
Cé go dtagann an faireachán agus an tuairisciú maidir le “Staid an Chomhshaoil” faoi shainordú reatha Rialachán Bunaidh EEA, cuimseofar leis na cúraimí faireacháin agus tuairiscithe thuas cúraimí breise do EEA agus dá bhrí sin éileofar tuilleadh acmhainní. Tar éis anailís chúramach a rinneadh i gcomhar le EEA chun anailís a dhéanamh ar shineirgí féideartha, ach freisin chun obair sa todhchaí a phleanáil go straitéiseach mar fhreagairt ar na tosaíochtaí sa Chomhaontú Glas don Eoraip, theastódh na poist nua bhreise seo a leanas ó EEA amhail ó 2021 ina gcumhdófaí tréimhse nua an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil (2021–2027):
9bpost TA agus 6 phost CA le haghaidh na gcúraimí agus na ngníomhaíochtaí nua seo a leanas:
Creat faireacháin an Gheilleagair Chiorclaigh a tabhairt cothrom le dáta (tacaíocht don scórchlár CE) agus tacú le tionscnaimh earnála CE (1 TA)
Tuairisciú ar chur chun feidhme gníomhaíochtaí CE, infheistíochtaí inbhuanaithe agus faireachán ar thionchar infheistíochtaí CE de mhaoiniú an Aontais Eorpaigh (1 CA)
Tacú le forbairt straitéis Bithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh agus forbairt creat faireacháin Bithéagsúlachta agus Éiceachóras, agus béim ar réimsí a chumhdófar le tionscnaimh nua (ithir, talamh agus foraoisí) (1 TA, 2 CA)
Faireachán ar shláinte Bithéagsúlachta agus Éiceachóras (agus béim ar an gcomhshaol fionnuisce agus muirí) mar rannchuidiú don Truailliú Nialasach (laghdú ar bhruscar muirí) agus chun timpeallacht neamh‑thocsaineach a thógáil (1 TA)
Anailís chomhtháite ar thionchair an truaillithe ar an gcomhshaol agus ar shláinte agus tuairisciú ar réimsí nua trasnaí (e.g. uisce le hól, athúsáid uisce, SEVESO, mearcair) den uaillmhian sa Chomhaontú Glas maidir le Truailliú Nialasach, i ndlúthchomhar le ECHA agus EFSA (1 TA)
Inniúlacht atreisithe le haghaidh anailís chomhtháite agus measúnuithe ar na réimsí beartais éagsúla sa Chomhaontú Glas (e.g. an bhithéagsúlacht a nascadh leis na tionscnaimh maidir le truailliú nialasach agus ón bhFeirm go dtí an Forc). Baineann sé sin freisin le measúnuithe comhtháite ar an Treoir maidir le Tuilte, Fuíolluisce Uirbeach ach baineann sé freisin leis an Treoir maidir le Níotráití agus an cur chuige éiceachórais‑bhunaithe maidir le fionnuisce agus muirí a chomhtháthú san aistriú eacnamaíoch (Straitéis um Fhás Inbhuanaithe Bliantúil) agus maidir leis an aeráid (1 CA)
An faireachán a dhéantar ar an 8ú CGC agus ar bheartais aeráide sa ré dhigiteach a fheabhsú – leas iomlán a bhaint as sonraí COPERNICUS, comhtháthú na heolaíochta saoránach agus foinsí faisnéise eile le haghaidh faireachán agus cur chun feidhme dinimiciúil comhshaoil – caoithiúlacht an tseachadta, na taispeána agus na rochtana ar fhaisnéis a fheabhsú (2 CA)
An ghné idirnáisiúnta den fhaireachán comhshaoil agus aeráide a neartú, ag tacú le taidhleoireacht agus na caibidlíochtaí maidir leis an gcomhshaol agus leis an aeráid (1 TA)
Beartais agus bearta oiriúnaithe náisiúnta maidir leis an athrú aeráide agus a naisc le cuspóirí eile comhshaoil a fhaire agus a mheas (1 TA)
Tacú leis na Ballstáit chun beartais maolaithe an athraithe aeráide agus a naisc leis an uaillmhian maidir le cáilíocht aeir agus truailliú nialasach a fhaire agus a mheas (1 TA)
Faireachán a dhéanamh ar Shláinte an Duine agus tionchair an athraithe aeráide agus oiriúnú dó trí fhaireachlann fhíorúil ar an aeráid agus ar shláinte i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Ghlais agus an uaillmhian atá ann maidir le truailliú nialasach le haghaidh timpeallacht saor ó tocsainí (1 TA)
Tacaíocht do mhodhanna nua faireacháin le haghaidh fíorthomhaltas breosla agus astaíochtaí ó fheithiclí éadroma agus ó fheithiclí tromshaothair (ó 2022) (1 TA)
Bonnlíne acmhainní daonna sa EEA le haghaidh an togra maidir leis an 8ú CGC
D’fhonn rannchuidiú EEA leis an bhfaireachán agus an tuairisciú faoin 8ú CGC a chomhlíonadh, tá sé ríthábhachtach freisin an leithdháileadh acmhainní a choimeád ó 2021 agus ar feadh na chéad tréimhse eile den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (2021 go 2027), ar leithdháileadh sa bhreis é chun na críche sin idir 2018 agus 2020. Ba cheart don bhonnlíne chun na hacmhainní breise EEA a theastaíonn a ríomh a bheith cothrom dá bhrí sin leis na hacmhainní mar a glacadh i mbuiséad deiridh an Aontais Eorpaigh in 2020 (i.e. 130 post don phlean bunaíochta, 74 CA agus 20 END). Ba cheart go n‑áiritheofaí leis sin go leanfaí do na príomhchúraimí nua a cuireadh leis sa tréimhse 2018–2020 go háirithe:
- An ról cuiditheach atá ag EEA maidir le faireachán, seiceáil, tuairisciú agus scaipeadh faisnéise maidir le príomhghnéithe de chuspóirí an 8ú CGC a bhaineann leis an aeráid, dícharbónú (laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus fuinneamh in‑athnuaite) agus éifeachtúlacht fuinnimh, is ról é a leagtar amach in Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2018/1999 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide. Leithdháileadh trí phost bhreise do ghníomhairí ar conradh (CAnna) agus buiséad ina leith le haghaidh na tréimhse ama go dtí 2020 den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil reatha, agus tugadh le fios nach mbeadh teorainn le tréimhse na bpost sin. Ba cheart na 3 phost sin a choinneáil ar feadh na tréimhse nua den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil, iad a athrú go poist TA, chun freagracht iomlán a ghlacadh as gach cúram breise faoi seach a cuireadh le EEA, agus sin a dhéanamh ar bhonn buan.
- Poist bhreise a bhunú, poist le sannadh don Ghníomhaireacht i rith buiséad 2020 (5 TA agus 2 CA) agus le Rialachán (AE) 2018/956 (2 CA), atá ríthábhachtach chun na beartais reatha chomhshaoil agus aeráide a chur chun feidhme. Cumhdaítear gníomhaíochtaí sna poist sin atá curtha chun feidhme cheana féin (féach thíos), agus is cuid iad de bhonnlíne acmhainní daonna na Gníomhaireachta:
a) Maolú ar an athrú aeráide, LULUCF a chomhtháthú in ardán fardail GHG agus anailís shistéamach ar earnálacha aeráide agus foraoise agus talmhaíochta
b) Anailís shistéamach ar bheartas uisce in aeráid atá ag athrú
c) Anailís chomhtháite ar thionchar eacnamaíoch an aistrithe comhshaoil agus inbhuanaithe agus chóir
d) Uirlisí faireacháin na bithéagsúlachta a nuachóiriú
e) Sonraí Copernicus a chomhtháthú i bhfaireachán agus i dtuairisciú comhshaoil
f) Astaíochtaí CO2 ó thomhaltas feithiclí nua tromshaothair agus ó thomhaltas breoslaí na bhfeithiclí sin a fhaire agus a thuairisciú
• An Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA): Beidh ról tábhachtach ag ECHA i bhforbairt straitéis nua an Aontais Eorpaigh maidir le Ceimiceáin Inbhuanaithe, atá ar na bacáin.
D’fhonn na cúraimí liostaithe a bhaint amach, bheadh na poist nua seo a leanas ag teastáil ó ECHA amhail ó 2020:
1 TA agus 1 CA le haghaidh bainistiú agus comhdhlúthú na mbunachar sonraí agus chun sonraí ceimiceacha a sholáthar d’fhonn na tuarascálacha faoi seach maidir le rioscaí a thiocfaidh chun cinn a chomhlánú agus rannchuidiú le táscairí beartais cheimiceán agus ionchuir eile d’obair EEA.
1.4.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann
Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.
Is é is príomhchuspóir do na ngníomhaíochtaí atá beartaithe creat cuimsitheach faireacháin a chur ar fáil a bheidh oiriúnach don 8ú CGC nua, ach freisin na hidirnaisc agus na sineirgí idir an 8ú CGC agus tionscnaimh ábhartha faoi scáth an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a chur chun cinn. Bheadh an Plean maidir le Geilleagar Ciorclach, an Dlí Aeráide Eorpach ina gcumhdaítear cuspóir aeráidneodrachta 2050, Straitéis Bithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030, an tionscnamh ón bhFeirm go dtí an Forc, ach freisin tionscnaimh atá á n‑ullmhú faoi láthair amhail na tionscnaimh don Uaillmhian maidir le Truailliú Nialasach (ZPAP agus Straitéis Ceimiceán i gcomhair Inbhuanaitheachta), oiriúnach sa chás seo, ar ndóigh.
Soláthróidh an cur chuige nua faireacháin seo, lena gcomhtháthófar an uirlis dhigiteach úrscothach anailísí fianaise‑bhunaithe, tuairisciú dea‑shainithe ar leibhéil agus in earnálacha éagsúla agus tacóidh sé tuilleadh le hoibleagáidí tuairiscithe an Aontais ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus ar an leibhéal idirnáisiúnta.
Tá sé mar aidhm ag an gcreat tuairiscithe atá struchtúrtha agus pleanáilte go maith rannchuidiú le measúnú bríoch ar an 8ú CGC, cinnteoirí a chur ar an eolas agus díospóireachtaí Ardleibhéil a spreagadh sa Chomhairle agus i bParlaimint na hEorpa.
Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.
Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a bheartaítear sa togra. D’fhéadfaí iad seo a leanas a chuimsiú leis na táscairí:
- An líon tuarascálacha ar ábhair théamacha (an Geilleagar Ciorclach, an Bhithéagsúlacht, Foraoisí, Talamh, Uisce agus Muirí, Aer, Torann, Dramhaíl, Astaíochtaí, etc.
- An líon tuarascálacha faireacháin chothrománaigh ar an dul chun cinn i gcur chun feidhme an 8ú CGC, na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, EIR agus an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip mar fhreagairt ar na timthriallta Tuairiscithe faoi seach (cuirfear an 3ú timthriall tuairiscithe i gcrích i mí an Mheithimh 2027 sula rachaidh an 8ú CGC in éag).
1.5.Forais an togra/tionscnaimh
1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh
Freagraíonn an togra maidir leis an 8ú CGC d’Airteagal 192(3) den Chonradh agus leanann sé torthaí na meastóireachta le déanaí ar an 7ú CGC.
Déanfaidh an Coimisiún a mhachnamh ar dhul chun cinn i gcomhthéacs na dtrí thimthriall tuairiscithe EIR in 2022, 2024 agus 2027.
I gcomhthéacs an dara timthriall tuairiscithe in 2024 – a bheidh tugtha chun críche in am chun eolas a thabhairt faoin dul chun cinn maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, an 8ú CGC, i dtreo na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus fhís an chláir seo le haghaidh 2050 a chumhdaítear in Airteagal 2 den Chinneadh faoi dheireadh shainordú an Choimisiúin seo – déanfaidh an Coimisiún a mhachnamh agus déanfaidh sé imscrúdú ar an ngá atá le hathbhreithniú a dhéanamh ar thosaíochtaí comhshaoil agus aeráide an Aontais mar a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip iad agus ar na cuspóirí beartais mar a leagtar amach sa Chlár seo iad.
Cuirfear an tríú timthriall tuairiscithe i gcrích faoi mhí an Mheithimh 2027, go maith sula rachaidh an Clár seo in éag.
1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, comhlántachtaí, nó gnóthachain de thoradh comhordú). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn “breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE” an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.
Cúiseanna le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (ex ante):
Tá an gá atá le foráil a dhéanamh maidir le faireachán éifeachtach, comhsheasmhach agus freagrúil ar an 8ú CGC agus ar gach ceann de bheartais chomhshaoil agus aeráide an Aontais Eorpaigh cumhdaithe i gConradh an Aontais.
An breisluach Eorpach a mheastar a ghinfear (ex‑post):
Beidh an creat Faireacháin mar uirlis faireacháin ar Chlár an 8ú CGC agus an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Tacóidh sé lena oibleagáidí tuairiscithe, éascóidh sé díospóireachtaí Ardleibhéil agus rannchuideoidh sé leis an measúnú agus leis an meastóireacht ar an méid a bhainfear amach sa 8ú CGC.
1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart
N/A
1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile
An cuspóir ata leis an togra seo, is cuspóir é atá comhsheasmhach le roinnt beartais agus tionscnaimh leanúnacha eile de chuid an Aontais, beartais agus tionscnaimh a eascraíonn ón gComhaontú Glas don Eoraip. Is iad seo a leanas cuspóirí beartais an 8ú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil:
a) go mbeimid in ann maireachtáil go maith, faoi shrianta éiceolaíochta an phláinéid faoi 2050. Eascraíonn ár rathúnas agus ár dtimpeallacht shláintiúil as geilleagar nuálach ciorclach, áit nach gcuirtear aon rud amú agus áit ina mbainistítear acmhainní nádúrtha ar bhealach inbhuanaithe, agus ina ndéantar an bhithéagsúlacht a chosaint, ina mbíonn meas uirthi agus ina ndéantar í a athchóiriú ar bhealaí a fheabhsaíonn athléimneacht ár sochaí. An geilleagar aeráidneodrach atá againn, is rud é a scaradh go hiomlán ó úsáid na n‑acmhainní, agus sin mar a socraíodh an rithim le haghaidh sochaí dhomhanda shábháilte agus inbhuanaithe;
b) cuspóirí comhshaoil agus aeráide an Aontais a bhaint amach faoi mar a leagtar amach iad sa Chomhaontú Glas don Eoraip d’fhonn Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe maidir le Forbairt Inbhuanaithe a sheachadadh, go háirithe:
- Aeráidneodracht faoi 2050 faoi mar atá cuntas air sa Dlí Aeráide
- Geilleagar aeráidneodrach, glan agus ciorclach
- Caomhnú agus athchóiriú na n‑éiceachóras agus na bithéagsúlachta
- Uaillmhian maidir le truailliú nialasach le haghaidh timpeallacht saor ó tocsainí chun sláinte na saoránach a chosaint;
c) Comhlíonadh iomlán a dhéanamh ar an acquis comhshaoil agus aeráide atá ann;
d) na bearta, na beartais agus an cur chuige a leagtar amach in Airteagal 3 den Chlár seo a chur chun feidhme, trí ní a chuimsíonn le creat cumasúcháin i gcomhair athrú claochlaitheach.
1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh
N/A.
1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an tionchar airgeadais a mheastar a bheidh aige
◻ tréimhse theoranta
–◻ Togra/tionscnamh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB
–◻ Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB
☑ tréimhse neamhtheoranta
–Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh ó 2021
–agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.
1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 38
☑ Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún trí
–◻ na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin
◻ Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit
☑ Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:
◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);
◻ BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;
☑ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71;
◻ comhlachtaí dlí phoiblí;
◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;
◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;
◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.
Nótaí
N/A
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo
Bunaítear Cinneadh leis an togra lena nglactar le 8ú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais. Laistigh den togra le haghaidh an 8ú CGC cuirtear i láthair an gá atá le clár uaillmhianach ina mbeidh foráil le haghaidh faireachán agus tuairisciú rialta ar staid an chomhshaoil agus ar iarrachtaí na mBallstát gníomhaíochtaí comhshaoil agus aeráide a chur chun feidhme (Airteagal 4.1). Feabhsóidh an obair an úsáid a bhaintear as táscairí comhaontaithe ar réimsí comhshaoil agus aeráide éagsúla agus oibreofar ar phrionsabail INSPIRE maidir leis an úsáid a bhaintear as sonraí spásúla agus as faisnéis dhigiteach (COPERNICUS). Beidh tuairisciú comhsheasmhach, ildisciplíneach agus cothrom le dáta mar bhunús chun faisnéis a chur faoi bhráid an phobail agus maidir leis an machnamh a dhéanfar ar an dul chun cinn ar shaincheisteanna aeráide agus comhshaoil. Ina theannta sin, bunaithe ar na tuarascálacha sin, cuirfear plé Ardleibhéil ar siúl, áit ina mbeidh cur agus cúiteamh ag an gComhairle agus ag an bParlaimint maidir le staid an chomhshaoil agus na dúshláin aeráide agus ina ndéanfar measúnú ar chomhleanúnachas bheartais agus ghníomhaíochtaí an Aontais ag dul i ngleic leo agus ag comhlíonadh chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Tá rannpháirtíocht EEA agus ECHA fíorthábhachtach don obair sin. Mar an gcéanna, i gcás Straitéis Bithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh tá an ról atá ag faireachán agus úsáid iomlán a bhaint as faisnéis dhigiteach ríthábhachtach chun faireachán a dhéanamh ar stádas éiceachóras leochaileach agus luachmhar agus ar a gcuid seirbhísí. Soláthraíonn idir‑inoibritheacht na mbunachar sonraí agus na mianadóireachta sonraí as foinsí difriúla faisnéis luachmhar maidir leis na tionchair a bhíonn ag gníomhaíochtaí an duine ar an gcomhshaol agus ar an aeráid. Ní hamháin go dtuairiscítear na tionchair dhiúltacha nuair a dhéantar tuairisciú rialta orthu sin, ach tugtar freagra freisin ar bhearta bainistithe dearfacha agus ar ghníomhaíochtaí cosanta. Ar an gcaoi sin soláthraíonn faireachán agus tuairisciú táscairí maidir le feidhmíocht Chláir, gníomhaíochtaí agus acmhainní airgeadais an Chomhphobail, ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus ar an leibhéal idirnáisiúnta araon.
Beidh feidhm ag gnáthrialacha faireacháin agus tuairiscithe maidir le fóirdheontais an Aontais do ghníomhaireachtaí traidisiúnta.
2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe
2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na coinníollacha íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe
Beidh an Coimisiún i mbun na bainistíochta dírí agus déanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA) agus an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) bainistiú air go hindíreach.
Déanfar imscrúdú i gcomhar leis na comhreachtóirí ar oiriúnacht cur chuige bainistíochta atá go hiomlán indíreach trí dhá Ghníomhaireacht dhíláraithe (nó b’fhéidir tuilleadh) (EEA, ECHA, ach b’fhéidir EFSA freisin).
Maidir leis an straitéis rialaithe, oibríonn na Gníomhaireachtaí Díláraithe uile go dlúth le Seirbhís Iniúchóireachta Inmheánaí an Choimisiúin lena áirithiú go gcomhlíontar na caighdeáin iomchuí i ngach réimse de chreat rialaithe inmheánaigh. Beidh feidhm ag na socruithe sin freisin maidir le ról na nGníomhaireachtaí i ndáil leis an togra reatha.
Ina theannta sin, gach bliain airgeadais, déanann Parlaimint na hEorpa, tar éis moladh ón gComhairle, agus torthaí Chúirt Iniúchóirí na hEorpa á gcur san áireamh, a chinneadh faoi cibé an ndeonófar urscaoileadh ar na Gníomhaireachtaí as an mbuiséad a chur chun feidhme.
2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú
I ndáil le húsáid dhleathach, thíosach, éifeachtúil agus éifeachtach na leithreasaí de bharr na ngníomhaíochtaí atá le déanamh ag EEA agus ECHA i gcomhthéacs an togra seo, ní bheidh rioscaí suntasacha nua mar thoradh ar an togra seo nach gcumhdófaí le creat rialaithe inmheánaigh atá ann cheana féin. Tosóidh na gníomhaíochtaí atá le déanamh i gcomhthéacs an togra seo in 2021, agus leanfar leo ina dhiaidh sin fad a mhairfidh an Creat Airgeadais Ilbhliantúil.
2.2.3.Meastachán ar chost-éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas “costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú”) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)
Soláthraítear córais bainistithe agus rialaithe sna Rialacháin lena rialaítear feidhmiú EEA agus ECHA faoi láthair. Oibríonn na comhlachtaí sin go dlúth le Seirbhís Iniúchóireachta Inmheánaí an Choimisiúin lena áirithiú go gcloítear leis na caighdeáin iomchuí i ngach réimse den chreat rialaithe inmheánaigh.
Gach bliain, deonaíonn Parlaimint na hEorpa, tar éis moladh ón gComhairle, urscaoileadh ar EEA agus ECHA araon chun a mbuiséad a chur chun feidhme.
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.
Chun calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a chomhrac, beidh feidhm gan srian ag forálacha Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna gcur i gcrích ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) maidir le EEA agus ECHA. Tá straitéis thiomnaithe frith‑chalaoise ag EEA agus ECHA agus plean gníomhaíochta dá thoradh sin. Ina theannta sin, leagtar amach sna Rialacháin lena mbunaítear EEA agus ECHA, na forálacha maidir le buiséid agus rialacha airgeadais infheidhmithe EEA agus ECHA a chur chun feidhme agus a rialú, lena n‑áirítear iad sin atá dírithe ar chalaois agus neamhrialtachtaí a chosc.
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 39
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n-imreofar tionchar
·Línte buiséid atá ann cheana
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
|
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil |
Líne buiséid |
Saghas
|
Ranníocaíocht |
||||
|
Uimhir
|
LD/LN 40 . |
ó thíortha de chuid CSTE 41 |
ó thíortha is iarrthóirí 42 |
ó thríú tíortha |
de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais |
||
|
3 |
09.02.01 An dúlra agus an bhithéagsúlacht |
LD. |
NÍL |
NÍL |
NÍL |
NÍL |
|
|
3 |
09.02.02 Geilleagar ciorclach agus cáilíocht saoil |
LD. |
NÍL |
NÍL |
NÍL |
NÍL |
|
|
3 |
09.02.03 Maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin |
LD. |
NÍL |
NÍL |
NÍL |
NÍL |
|
|
3 |
09.10.02 – An Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil |
LD. |
NÍL |
NÍL |
NÍL |
NÍL |
|
|
3 |
09.10.01 – An Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán |
LD. |
NÍL |
NÍL |
NÍL |
NÍL |
|
3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 43
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
Táthar ag súil go gcoinneofar an neodracht le Ceannteideal 3 agus nach ndéanfaidh an togra seo difear dó. Asbhainfear na hacmhainní riachtanacha le haghaidh EEA agus ECHA trí bhuiséad LIFE de réir scoilt 2/3 de chostais Ard‑Stiúrthóireacht an Chomhshaoil (DG ENV) agus 1/3 de chostais na hArd‑Stiúrthóireachta um Ghníomhú ar son na hAeráide (DG CLIMA) do EEA, agus cumhdóidh Ard‑Stiúrthóireacht an Chomhshaoil na hacmhainní a bheidh ag teastáil do ECHA ina n‑iomláine.
|
Ceannteideal an chreata airgeadais
|
Uimhir |
Ceannteideal 3: Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol |
Praghsanna Tairiseacha
|
DG ENV agus DG CLIMA: <09.02.01, 09.02.02, 09.0203> |
2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
2025 |
2026 |
2027 |
IOMLÁN |
||
|
Laghdú an 09.02.01 – DG ENV |
Gealltanais |
(1a) |
1.385 |
1.405 |
1.428 |
1.450 |
1.474 |
1.496 |
1.522 |
10.160 |
|
Íocaíochtaí |
(2a) |
1.385 |
1.405 |
1.428 |
1.450 |
1.474 |
1.496 |
1.522 |
10.160 |
|
|
Laghdú an 09.02.02 – DG ENV |
Gealltanais |
(1b) |
1.062 |
1.079 |
1.096 |
1.113 |
1.130 |
1.148 |
1.166 |
7.794 |
|
Íocaíochtaí |
(2b) |
1.062 |
1.079 |
1.096 |
1.113 |
1.130 |
1.148 |
1.166 |
7.794 |
|
|
Laghdú an 09.02.03 – DG CLIMA |
Gealltanais |
(1c) |
1.062 |
1.079 |
1.096 |
1.113 |
1.130 |
1.148 |
1.166 |
7.794 |
|
Íocaíochtaí |
(2c) |
1.062 |
1.079 |
1.096 |
1.113 |
1.130 |
1.148 |
1.166 |
7.794 |
|
|
IOMLÁN an laghdaithe sna leithreasuithe i gcomhair oibríochtaí
|
Gealltanais |
=1a+1b +1c |
3.509 |
3.563 |
3.620 |
3.676 |
3.734 |
3.792 |
3.854 |
25.748 |
|
Íocaíochtaí |
=2a+2b+3c |
3.509 |
3.563 |
3.620 |
3.676 |
3.734 |
3.792 |
3.854 |
25.748 |
|
EEA: <09.10.02> |
2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
2025 |
2026 |
2027 |
IOMLÁN |
||
|
Teideal 1: |
Gealltanais |
(1) |
2.462 |
2.511 |
2.562 |
2.613 |
2.665 |
2.718 |
2.773 |
18.304 |
|
Íocaíochtaí |
(2) |
2.462 |
2.511 |
2.562 |
2.613 |
2.665 |
2.718 |
2.773 |
18.304 |
|
|
Teideal 2: |
Gealltanais |
(1a) |
0.225 |
0.225 |
0.225 |
0.225 |
0.225 |
0.225 |
0.225 |
1.575 |
|
Íocaíochtaí |
(2a) |
0.225 |
0.225 |
0.225 |
0.225 |
0.225 |
0.225 |
0.225 |
1.575 |
|
|
Teideal 3: |
Gealltanais |
(3a) |
500 |
500 |
500 |
500 |
500 |
500 |
500 |
3.500 |
|
Íocaíochtaí |
(3b) |
500 |
500 |
500 |
500 |
500 |
500 |
500 |
3.500 |
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
|
Gealltanais |
=1+1a +3a |
3.187 |
3.236 |
3.287 |
3.338 |
3.390 |
3.443 |
3.498 |
23.379 |
|
Íocaíochtaí |
=2+2a +3b |
3.187 |
3.236 |
3.287 |
3.338 |
3.390 |
3.443 |
3.498 |
23.379 |
|
|
|
2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
2025 |
2026 |
2027 |
IOMLÁN |
||
|
Teideal 1: |
Gealltanais |
(1) |
0.272 |
0.277 |
0.283 |
0.288 |
0.294 |
0.300 |
0.306 |
2.019 |
|
Íocaíochtaí |
(2) |
0.272 |
0.277 |
0.283 |
0.288 |
0.294 |
0.300 |
0.306 |
2.019 |
|
|
Teideal 2: |
Gealltanais |
(1a) |
0.050 |
0.050 |
0.050 |
0.050 |
0.050 |
0.050 |
0.050 |
0.350 |
|
Íocaíochtaí |
(2a) |
0.050 |
0.050 |
0.050 |
0.050 |
0.050 |
0.050 |
0.050 |
0.350 |
|
|
Teideal 3: |
Gealltanais |
(3a) |
0.000 |
0.000 |
0.000 |
0.000 |
0.000 |
0.000 |
0.000 |
0.000 |
|
Íocaíochtaí |
(3b) |
0.000 |
0.000 |
0.000 |
0.000 |
0.000 |
0.000 |
0.000 |
0.000 |
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
|
Gealltanais |
=1+1a +3a |
0.322 |
0.327 |
0.333 |
0.338 |
0.344 |
0.350 |
0.356 |
2.369 |
|
Íocaíochtaí |
=2+2a +3b |
0.322 |
0.327 |
0.333 |
0.338 |
0.344 |
0.350 |
0.356 |
2.369 |
3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasuithe EEA agus ECHA
–☑ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
–◻ Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil) i bpraghsanna tairiseacha
|
Sonraigh cuspóirí agus aschuir ⇩ |
2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
2025 |
2026 |
2027 |
IOMLÁN |
||||||||||
|
ASCHUIR |
||||||||||||||||||
|
Saghas 44 |
Meánchostas |
Líon |
Costas |
Líon |
Costas |
Líon |
Costas |
Líon |
Costas |
Líon |
Costas |
Líon |
Costas |
Líon |
Costas |
Líon Iomlán |
Costas iomlán |
|
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 45 … |
||||||||||||||||||
|
- Aschur |
||||||||||||||||||
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1 |
||||||||||||||||||
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2... |
||||||||||||||||||
|
- Aschur |
||||||||||||||||||
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2 |
||||||||||||||||||
|
COSTAS IOMLÁN |
||||||||||||||||||
3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar acmhainní daonna EEA agus ECHA
3.2.3.1.Achoimre
–◻ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin
–☑ Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil) i bpraghsanna tairiseacha
|
EEA & ECHA |
2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
2025 |
2026 |
2027 |
IOMLÁN |
|
Gníomhairí sealadacha (Gráid AD) |
1.993 |
2.033 |
2.074 |
2.115 |
2.158 |
2.201 |
2.245 |
14.820 |
|
Gníomhairí sealadacha (gráid AST) |
||||||||
|
Ball foirne ar conradh |
740 |
755 |
770 |
786 |
801 |
817 |
834 |
5.503 |
|
Saineolaithe Náisiúnta ar Iasacht |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN |
2.734 |
2.778 |
2.844 |
2.901 |
2.959 |
2.018 |
3.087 |
20.323 |
Tugtar faoi deara: Glactar le coigeartú 31.9 % le haghaidh poist EEA (i gCóbanhávan) agus innéacsú tuarastail 2 % do thréimhse iomlán an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil (poist EEA agus ECHA araon).
Riachtanais foirne (FTE):
|
EEA & ECHA |
2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
2025 |
2026 |
2027 |
IOMLÁN |
|
Gníomhairí sealadacha (Gráid AD) EEA=9, ECHA=1 |
10 |
10 |
10 |
10 |
10 |
10 |
10 |
|
|
Gníomhairí sealadacha (gráid AST) |
||||||||
|
Ball foirne ar conradh EEA=6, ECHA=1 |
7 |
7 |
7 |
7 |
7 |
7 |
7 |
|
|
Saineolaithe Náisiúnta ar Iasacht |
||||||||
|
IOMLÁN |
17 |
17 |
17 |
17 |
17 |
17 |
17 |
3.2.3.2.Ceanglais mheasta na n‑acmhainní daonna a mheastar do na (máthair)‑Ard‑Stiúrthóireachtaí
–☑ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna breise.
–◻ Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:
Sloinnfear an meastachán i méideanna iomlána (nó go dtí ionad deachúlach amháin ar a mhéad)
|
2020 |
2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
2025 |
2026 |
2027 |
|||
|
·Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach) |
||||||||||
|
• Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 46 |
||||||||||
|
XX 01 02 01 (AC, END, INT ón “imchlúdach iomlánaíoch”) |
||||||||||
|
XX 01 02 02 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí) |
||||||||||
|
XX 01 04 bb 47 |
- sa Cheanncheathrú
48
|
|||||||||
|
- i dtoscaireachtaí |
||||||||||
|
XX 01 05 02 (AC, END, INT – Taighde indíreach) |
||||||||||
|
10 01 05 02 (AC, END, INT – Taighde díreach) |
||||||||||
|
Línte buiséid eile (sonraigh) |
||||||||||
|
IOMLÁN |
||||||||||
Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.
Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le haghaidh na gníomhaíochta seo, agus go háirithe an creat faireacháin feabhsaithe a chuirfear i bhfeidhm, ó bhaill foirne ó na hArd‑Stiúrthóireachtaí ar sannadh bainistíocht na gníomhaíochta orthu cheana féin agus/nó ar athshannadh a gcúraimí laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht. Más gá, déanfar na riachtanais a mheaitseáil le haon leithdháileadh breise, riachtanais a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nóis imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:
|
Oifigigh agus pearsanra sealadach |
|
|
Pearsanra seachtrach |
Ba cheart tuairisc ar ríomh na gcostas le haghaidh aonad FTE a áireamh in Iarscríbhinn V, alt 3.
3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
–◻ Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil reatha.
–☑ Is éard a bheidh sa togra/tionscnamh ná athshannadh an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil.
–◻ Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil 49 .
Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.
3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
–☑ Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.
–◻ Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir leis an gcómhaoiniú atá measta thíos:
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
2025 |
2026 |
2027 |
Iomlán |
|
|
Xxxxx |
||||||||
|
IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe |
3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
–☑ Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.
–◻ Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:
-ar acmhainní dílse
-ar ioncam eile
-má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Líne buiséid ioncaim: |
Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha |
Tionchar an togra/tionscnaimh 50 |
||||||
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) |
||||
|
Airteagal …………. |
||||||||
I gcás ioncam ilghnéitheach atá ‘sannta’, sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.
Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.
https://www.eesc.europa.eu/en/our-work/opinions-information-reports/opinions/reflection-paper-towards-sustainable-europe-2030 .
Is figiúirí táscacha iad na figiúirí buiséadacha atá tíolactha agus iad gan dochar do na nósanna imeachta buiséadacha tar éis Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2021–2027 a ghlacadh.
Is figiúirí táscacha iad na figiúirí buiséadacha atá tíolactha agus iad gan dochar do na nósanna imeachta buiséadacha tar éis Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2021–2027 a ghlacadh.