An Bhruiséil,23.9.2020

COM(2020) 610 final

2020/0279(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le bainistiú tearmainn agus imirce agus lena leasaítear Treoir (CE) 2003/109 ón gComhairle agus an Rialachán (AE) XXX/XXX atá beartaithe [an Ciste Tearmainn agus Imirce]

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SWD(2020) 207 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

1.1.Forais agus cuspóirí an togra

I dTreoirlínte Polaitiúla an Choimisiúin d’fhógair an tUachtarán Ursula von der Leyen Comhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann, lena mbaineann cur chuige cuimsitheach maidir le teorainneacha seachtracha, córais i dtaca le tearmann agus filleadh, limistéar saorghluaiseachta Schengen agus an ghné sheachtrach.

Is é atá sa Chomhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann, chomh maith leis an togra seo le haghaidh Rialachán nua maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce 1 , tús nua maidir leis an imirce atá bunaithe ar chur chuige cuimsitheach i dtaca le bainistiú imirce. Leis an togra seo bunaítear creat coiteann maidir le bainistiú tearmainn agus imirce ar leibhéal an Aontais mar rannchuidiú tábhachtach leis an gcur chuige cuimsitheach agus féachtar leis an mhuinín fhrithpháirteach idir na Ballstáit a chur chun cinn. Bunaithe ar phrionsabail uileghabhálacha na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte córa freagrachta, moltar ceapadh beartas comhtháite sa Chomhaontú Nua, lena dtugtar le chéile beartais sna réimsí seo a leanas; tearmann, imirce, filleadh, cosaint teorainneacha seachtracha, an comhrac i gcoinne smuigleáil imirceach, agus an caidreamh le tríú tíortha tábhachtacha lena léirítear cur chuige uile-rialtais. Aithnítear ann gurb é atá i gcur chuige comhtháite freisin léiriú níos láidre, níos inbhuanaithe, níos nithiúla ar phrionsabail na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte córa freagrachta, cur chuige lena ndéantar an chothromaíocht atá ann a léiriú i gcomhthéacs níos leithne, agus lena ndírítear ar shaincheisteanna eile cé is moite de cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta. Dá bharr sin ba cheart na prionsabail sin a chur i bhfeidhm maidir le bainistiú imirce ina iomláine, idir rochtain ar chosaint náisiúnta a áirithiú, agus aghaidh a thabhairt ar an imirce neamhrialta agus gluaiseachtaí neamhúdaraithe agus eile.

Maidir leis na dúshláin a bhaineann le bainistiú imirce, lena n‑áirítear cothromaíocht idir iarrachtaí chun déileáil le hiarratais ar thearmann a áirithiú agus na daoine a bhfuil cosaint de dhíth orthu a shainaithint go tapa nó na ndaoine nach bhfuil cosaint de dhíth orthu a chur ar ais go héifeachtach, níor cheart é a bheith ar na Ballstáit déileáil leo ina n‑aonar, ach ba cheart don Aontas trí chéile déileáil leo. Ina theannta sin, mar thoradh ar an mbrú atá ar chórais tearmainn na mBallstát, cuirtear ualach trom ar Bhallstáit an chéad teacht isteach agus ar chórais tearmainn na mBallstát eile chomh maith de dheasca gluaiseachtaí neamhúdaraithe. Ní leor an córas imirce atá ann faoi láthair chun aghaidh a thabhairt ar na nithe sin. Go háirithe níl aon sásra dlúthpháirtíochta éifeachtach i bhfeidhm faoi láthair ná rialacha éifeachtúla maidir le freagracht. Dá bhrí sin, tá creat Eorpach ag teastáil lena bhféadfar idirthuilleamaíocht bheartais agus chinntí na mBallstát a bhainistiú. Ní mór staid na himirce atá ag síorathrú a chur san áireamh sa chreat sin, rud a fhágann gurb ann do chastacht mhéadaitheach agus gá níos géire le comhordú.

Féachtar leis an togra seo Rialachán nua maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce a chur in ionad Rialachán Bhaile Átha Cliath atá ann faoi láthair agus athchóiriú ar an gComhchóras Eorpach Tearmainn (CET) a athsheoladh trí chreat coiteann a bhunú a lena rannchuideofar leis an gcur chuige cuimsitheach maidir le bainistiú imirce trí cheapadh beartas comhtháite i réimse an bhainistithe tearmainn agus imirce, lena n‑áirítear a chomhpháirteanna inmheánacha agus seachtracha araon. Leis an gcur chuige nua seo, déanfar an córas atá ann cheana a dhaingniú i gcreat níos leithne lenar féidir cur chuige uile-rialtais a léiriú agus comhleanúnachas agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí agus na mbeart a dhéanann an tAontas agus na Ballstáit a áirithiú. Leis an gcur chuige sin cuirtear san áireamh freisin sásra nua níos cuimsithí le haghaidh na dlúthpháirtíochta chun gnáthfheidhmiú an chórais imirce a áirithiú, mar aon le critéir chuíchóirithe agus sásraí níos éifeachtúla chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

Foráiltear leis an togra seo do shásra nua dlúthpháirtíochta atá solúbtha freagrúil chun gur féidir é a choigeartú sna cásanna éagsúla a eascraíonn as na dúshláin imirce éagsúla atá roimh na Ballstáit, trí bhearta dlúthpháirtíochta a leagan síos as a bhféadfaidh na Ballstáit rogha a dhéanamh rannchuidiú leo. Leis an gcur chuige nua seo maidir le dlúthpháirtíocht, tabharfar tacaíocht leanúnach éagsúil do na Ballstáit atá faoi bhrú nó a bhfuil baol ann go mbeidh siad faoi bhrú agus cuirtear san áireamh próiseas sonrach chun aghaidh a thabhairt ar shainiúlachtaí díbhordála tar éis oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála (SAR). Ina theannta sin, féadfaidh na Ballstáit rannchuidiú deonach a thairiscint aon tráth. Áiritheoidh an Coimisiún comhordú na mbeart sin i gcónaí.

Áirítear freisin sa togra seo forálacha chun filleadh na n‑imirceach neamhrialta a neartú. Chun na críche sin, tugtar isteach leis sásra chun comhar le tríú tíortha a éascú maidir le filleadh agus athligean isteach agus lena gcomhlánaítear an sásra arna bhunú le hAirteagal 25ú de Rialachán (AE) 810/2019 maidir leis an gCód Víosaí 2 . Leis an sásra nua sin, tabharfar an chumhacht don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid na Comhairle ina sainaithnítear bearta éifeachtacha chun an comhar le tríú tíortha a dhreasú agus a fheabhsú chun filleadh agus athligean isteach a éascú, chomh maith le comhar idir na Ballstáit a bhfuil an aidhm chéanna leis, agus aird chuí á tabhairt ar na leasanna foriomlána agus ar an gcaidreamh leis na tríú tíortha lena mbaineann. Beidh an Coimisiún ag brath ar ionchur ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus ó Thoscaireachtaí de chuid an Aontais. Breithneoidh an Coimisiún agus an Chomhairle ansin aon ghníomhaíocht bhreise a bheidh le cur chun feidhme i ndáil leis sin, laistigh de theorainneacha a n‑inniúlachtaí féin. Leis an sásra sin agus Comhordaitheoir nua an Aontais um Fhilleadh, a gheobhaidh tacaíocht ó líonra ionadaithe ardleibhéil, arna bhfógairt sa Chomhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann, rannchuideofar le cur chuige straitéiseach comhordaithe coiteann maidir le filleadh agus athligean isteach i measc na mBallstát, an Choimisiúin agus ghníomhaireachtaí an Aontais.

Thairis sin, áireofar leis na bearta dlúthpháirtíochta deiseanna nua do na Ballstáit cúnamh a thabhairt dá chéile maidir le fillteacha a chur i gcrích, i bhfoirm urraíochta um fhilleadh. Faoin bhfoirm nua birt dlúthpháirtíochta sin, gheallfadh na Ballstáit imircigh neamhrialta a fhilleadh thar ceann Ballstáit eile, agus na gníomhaíochtaí uile is gá a dhéanamh chun na críche sin, go díreach ó chríoch an Bhallstáit is tairbhí (e.g. comhairleoireacht i dtaca le filleadh, idirphlé beartais le tríú tíortha a stiúradh, tacaíocht a chur ar fáil le haghaidh filleadh deonach cuidithe agus ath-lánpháirtithe). Is gníomhaíochtaí breise iad sin anuas ar an méid a dhéanann an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (EBCGA) de bhua a sainordaithe lena n‑áirítear go sonrach bearta nach féidir leis an nGníomhaireacht a chur chun feidhme (e.g. tacaíocht taidhleoireachta a thabhairt don Bhallstát is tairbhí maidir le caidreamh le tríú tíortha). Mar sin féin, i gcás nach bhfuil an filleadh curtha i gcrích laistigh de 8 mí, d’aistreofaí na himircigh neamhrialta chuig críoch an Bhallstáit ina gcuirtear urraíocht ar fáil d’fhonn leanúint de na hiarrachtaí chun na cinntí um fhilleadh a fhorfheidhmiú.

Cuirtear san áireamh freisin leis an gcur chuige nua maidir le bainistiú imirce feabhas a chur ar na rialacha maidir le freagracht as iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú, chun cuidiú le gluaiseachtaí neamhúdaraithe a laghdú ar bhealach comhréireach réasúnach.

Ina theannta sin, bunaítear leis an togra seo creat rialachais atá bunaithe ar straitéisí náisiúnta na mBallstát, lena gcuirfear le Straitéis Eorpach maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce ina leagfar amach an cur chuige straitéiseach maidir le bainistiú tearmainn agus imirce ar leibhéal an Aontais agus maidir le cur chun feidhme beartas tearmainn, imirce agus fillte i gcomhréir leis an gcur chuige cuimsitheach.

Athchóiriú ar an gComhchóras Eorpach Tearmainn (CET)

Déantar forbairt leis an gComhaontú ar na tograí ón gCoimisiún in 2016 agus in 2018 maidir le CET a athchóiriú, agus tugtar isteach leis gnéithe breise nua chun an chothromaíocht is gá a áirithiú le haghaidh creat comhchoiteann ina dtabharfar le chéile gach gné den bheartas tearmainn agus imirce. Seacht dtogra reachtacha a bhí in athchóiriú 2016 a bhí beartaithe: Rialachán athmhúnlaithe Bhaile Átha Cliath 3 , Rialachán athmhúnlaithe Eurodac 4 , an Rialachán lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann 5 , an Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn 6 , an Rialachán Cáilitheachta 7 , an Treoir athmhúnlaithe maidir le Dálaí Glactha 8 agus an Rialachán maidir le Creat Athshocraithe an Aontais 9 . I mí Mheán Fómhair 2018 chuir an Coimisiún togra leasaithe síos maidir leis an Rialachán lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann 10 .

Cé go ndearnadh dul chun cinn nach beag maidir le roinnt de na tograí sin, agus gur tháinig na comhreachtóirí ar chomhaontuithe polaitiúla sealadacha maidir leis na tograí i ndáil leis an Rialachán Cáilitheachta, an Treoir maidir le Dálaí Glactha, an Rialachán maidir le Creat Athlonnaithe an Aontais Eorpaigh, Rialachán Eurodac agus an chéad togra lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, rinneadh dul chun cinn níos lú maidir leis na tograí i ndáil le Rialachán Bhaile Átha Cliath agus an Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn, agus é sin, den chuid is mó, de dheasca éagsúlacht tuairimí sa Chomhairle. Ní raibh tacaíocht leordhóthanach ann ach oiread chun teacht ar chomhaontú maidir le roinnt de na tograí athchóirithe tearmainn lena bhféadfaí dá mbarr teacht ar chomhaontú maidir leis an athchóiriú iomlán.

I dteannta an togra seo, tá togra á chur i láthair ag an gCoimisiún lena leasaítear togra 2016 le haghaidh Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn 11  mar aon leis an togra le haghaidh Rialachán lena dtugtar isteach scagadh 12 ar náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát ag na teorainneacha seachtracha, lena mbunaítear nasc gan uaim idir céimeanna uile an nós imeachta imirce, lena n‑áirítear céim nua réamhdhul isteach chomh maith le náisiúnaigh tríú tír gan ceart chun fanacht san Aontas acu a fhilleadh níos tapa.

Ina theannta sin, tá togra á chur i láthair ag an gCoimisiún lena leasaítear togra 2016 maidir le Rialachán Eurodac a athmhúnlú 13 chun nasc soiléir comhsheasmhach a chur ar bun idir daoine aonair sonracha agus na nósanna imeachta a bhfuil na daoine sin faoina réir chun cúnamh a thabhairt ar bhealach níos fearr le himirce neamhrialta a rialú agus le gluaiseachtaí neamhúdaraithe a bhrath agus chun tacú le cur chun feidhme an tsásra dlúthpháirtíochta nua.

Ar deireadh, tá togra á chur i láthair ag an gCoimisiún le haghaidh Rialachán maidir le bainistiú géarchéimeanna chun na huirlisí is gá a leagan amach chun déileáil le géarchéimeanna agus force majeure. Tá sé d’aidhm ag an ionstraim sin aghaidh a thabhairt ar chásanna eisceachtúla ina mbeidh mórphlódú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát a thiocfaidh isteach go neamhrialta i mBallstát, nó inar gar-bhaol go mbeidh an teacht isteach sin ann, teacht isteach a bheidh ar scála agus de chineál a fhágfaidh córas tearmainn, glactha nó fillte an Bhallstáit neamhfheidhmiúil dá bharr, agus inar baol go mbeadh iarmhairtí tromchúiseacha ann maidir le feidhmiú an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn agus feidhmiú chóras bainistithe imirce an Aontais, nó nach bhféadfar iad a chur i bhfeidhm, agus, san am céanna, foráil maidir le rialacha maolaitheacha i gcásanna force majeure.

1.2.Cuspóirí an togra

Tá cur chuige cuimsitheach ag teastáil maidir le bainistiú imirce chun muinín fhrithpháirteach a chothú idir na Ballstáit, chun comhsheasmhacht chur chuige an Aontais maidir le bainistiú tearmainn agus imirce, cosaint teorainneacha seachtracha agus an caidreamh le tríú tíortha ábhartha a áirithiú, agus san am céanna, a thabhairt ar aird go bhfuil éifeachtacht an chur chuige fhoriomláin sin ag brath ar aghaidh a thabhairt go comhpháirteach agus ar bhealach comhtháite ar gach comhpháirt de. Cuirtear san áireamh ann freisin na breithiúnais a thug an Chúirt Bhreithiúnais le déanaí i gcásanna uamtha C-715/17, C-718/17 agus C-719/17, inar shuigh an Chúirt ‘nach mór, i bprionsabal, na hualaí a chomhroinnt idir na Ballstáit eile go léir, i gcomhréir le prionsabal na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte córa freagrachta idir na Ballstáit, ós rud é, i gcomhréir le hAirteagal 80 CFAE, go rialaítear beartas tearmainn an Aontais leis an bprionsabal sin’.

Bheartaigh an Coimisiún in 2016 córas maidir leis an gcás ina gcinntear ar bhonn ordlathas na gcritéar freagrachta Ballstát a bheith freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, go leanfadh an Ballstát sin de bheith freagrach go buan as scrúdú a dhéanamh ar aon iarratais eile nó uiríll breise a dhéanfadh an t‑iarratasóir céanna. Cuireadh sásra um leithdháileadh ceartaitheach leis an gcóras sin, ar sásra éigeantach uathoibríoch é a ghníomhófaí tráth a mbeadh brú díréireach ar Bhallstát, bunaithe ar eochair thagartha, lena n‑áiritheofaí córas soiléir ceangailteach maidir le comhroinnt freagrachta idir na Ballstáit. Ghlac Parlaimint na hEorpa a sainordú caibidlíochta an 16 Samhain 2017, ina raibh togra chun córas leithdháilte a chur in ionad chritéar an chéad dul isteach agus in ionad an chritéir réamhshocraithe don chéad iarratas ina mbeadh an t‑iarratasóir in ann rogha a dhéanamh lena leithdháileadh ar cheann de na ceithre Bhallstát ina mbeadh an líon iarratais is lú acu. Ar thaobh na Comhairle, ní raibh na Ballstáit in ann teacht ar chomhaontú maidir le cur chuige coiteann agus cuireadh stop leis an gcaibidlíocht.

D’fhonn an dúsháinn atá ann faoi láthair a shárú agus d’fhonn creat daingean níos leithne a chur ar fáil le haghaidh na mbeartas imirce agus tearmainn, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún togra 2016 a tharraingt siar. Maidir le Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013, lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (‘Rialachán Bhaile Átha Cliath III’), leis an togra seo déantar an Rialachán sin a aisghairm agus cuirtear Rialachán nua ina ionad.

Tá sé d’aidhm, go háirithe, ag an togra seo:

·creat coiteann a bhunú lena rannchuideofar leis an gcur chuige cuimsitheach maidir le bainistiú tearmainn agus imirce bunaithe ar phrionsabail an cheaptha beartais chomhtháite agus na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte córa freagrachta;

·a áirithiú go ndéanfar an fhreagracht a chomhroinnt trí bhíthin sásra dlúthpháirtíochta nua trí chóras a chur ar bun chun dlúthpháirtíocht a chur ar fáil ar bhonn leanúnach i ngnáth-amanna agus cúnamh a thabhairt do na Ballstáit trí bhíthin bearta éifeachtacha (athshocrú nó urraíocht ar fhilleadh agus rannchuidithe eile atá dírithe ar acmhainn na mBallstát a neartú i réimse an tearmainn, an ghlactha agus an fhillte agus sa ghné sheachtrach) chun an imirce a bhainistiú go praiticiúil i gcás ina mbíonn brú imirce orthu. Leis an gcur chuige sin cuirtear san áireamh freisin próiseas sonrach le haghaidh dlúthpháirtíocht atá le cur i bhfeidhm maidir le teachtaithe a thabharfar isteach de bharr oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála;

·feabhas a chur ar acmhainn an chórais a chinneadh, go héifeachtúil agus go héifeachtach, cé acu Ballstát atá freagrach as iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú. Go háirithe, chuirfí teorainn le clásail um scor freagrachta agus leis na deiseanna chun freagracht a aistriú idir na Ballstáit i ngeall ar ghníomhaíochtaí an iarratasóra, agus ghiorrófaí go mór na teorainneacha ama le haghaidh iarrataí a sheoladh agus freagraí a ghlacadh, chun a áirithiú go ndéanfaí an Ballstát atá freagrach a chinneadh níos tapa agus, dá bhrí sin, go dtabharfaí rochtain níos tapa ar na nósanna imeachta don iarratasóir;

·dhíspreagfaí mí-úsáid agus choiscfí gluaiseachtaí neamhúdaraithe na n‑iarratasóirí laistigh den Aontas Eorpach, go háirithe trí oibleagáid shoiléir a chur ar iarratasóirí go gcaithfidís an t‑iarratas a dhéanamh i mBallstát an chéad dul isteach nó sa Bhallstát ina bhfuil iarratasóir ag fanacht go dlíthiúil agus fanacht sa Bhallstát sin ar cinneadh gurb é an Ballstát freagrach. Éilítear leis chomh maith iarmhairtí praiticiúla comhréireacha a bheith ann i gcás nach gcloíonn na hiarratasóirí lena n‑oibleagáidí.

1.3.Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an Comhchóras Eorpach Tearmainn bunaithe ar an gcóras lena gcinntear cén Ballstát atá freagrach as iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú. Tá sé idirnasctha go hiomlán le hionstraimí beartais agus dlíthiúla i réimse an tearmainn, go háirithe le nósanna imeachta tearmainn, caighdeáin cháilitheachta daoine aonair le haghaidh cosaint idirnáisiúnta agus dálaí glactha, chomh maith le hathlonnú.

Tá an togra seo comhsheasmhach freisin leis na rialacha maidir le rialú teorann ag na teorainneacha seachtracha a leagtar amach i gCód Teorainneacha Schengen agus leis an togra seo cuirtear leis an gcuspóir bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar theorainneacha seachtracha, ar comhthoradh riachtanach é ar shaorghluaiseacht daoine laistigh den Aontas. Trí raon feidhme na mbeart a leathnú lena dtugtar aghaidh ar dhúshláin imirce, laghdófar a thuilleadh leis an togra an gá le rialuithe teorann ag na teorainneacha inmheánacha a athbhunú.

Ina theannta sin, áirithítear comhsheasmhacht le bainistiú éifeachtach comhtháite teorainneacha san Eoraip ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta mar a shainítear sa Rialachán maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach. Is comhthoradh riachtanach é bainistiú éifeachtach comhtháite teorainneacha san Eoraip ar shaorghluaiseacht daoine laistigh den Aontas agus is gné bhunúsach é de limistéar saoirse, slándála agus ceartais. Is gné lárnach é freisin den togra seo lena chuidítear chomh maith le prionsabal an bheartais chomhtháite a chur chun feidhme chun feabhas a chur ar an gcur chuige cuimsitheach maidir le bainistiú imirce dá bhforáiltear sa togra seo. 

Tá an togra seo i gcomhréir go hiomlán leis an Teachtaireacht i ndáil leis an gComhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann agus leis an Treochlár tionscnamh a ghabhann leis, lena n‑áirítear an togra le haghaidh leasú spriocdhírithe ar an Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn agus an Rialachán lena dtugtar isteach scagadh, lena n‑áirithítear go mbeidh imircigh faoi réir scagadh aitheantais, sláinte agus slándála agus go ndíreofar iad ar nós imeachta fillidh nós imeachta tearmainn, lena n‑áirítear i gcás inarb ábhartha, an nós imeachta maidir le teorainneacha tearmainn nó teorainn fillte a leagtar amach sa togra leasaitheach den Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn. Tá an togra seo chomhsheasamh leis an togra lena leasaítear togra 2016 maidir le Rialachán Eurodac a athmhúnlú 14 .

Tá an togra seo i gcomhréir go hiomlán leis an Treoirphlean Ullmhachta Imirce agus Géarchéime lena gcuirtear creat oibríochtúil ar fáil chun faireachán agus réamhaíocht a dhéanamh ar shreabha imirce agus ar an staid imirce, lena bhforbraítear athléimneacht agus lena n‑eagraítear freagairt chomhordaithe ar ghéarchéim imirce. Go háirithe, baineann an togra lánúsáid as na tuarascálacha a eisítear faoin Treoirphlean agus as gníomhaíochtaí an líonra a bhunaítear faoin Treoirphlean.

Leis an togra déantar creat dlíthiúil agus beartas an Aontais maidir le filleadh a neartú a thuilleadh, trí acmhainn an Aontais gníomhú maidir le comhar le tríú tíortha a threisiú trí shásra lena dtabharfar an chumhacht don Choimisiún bearta a mheas agus a chur chun cinn chun feabhas a chur ar an gcomhar sin, ag dul thar na bearta dá bhforáiltear cheana sa Chód Víosaí.

Áirithítear comhsheasmhacht freisin leis na comhaontuithe polaitiúla sealadacha ar thángthas orthu cheana maidir leis an Rialachán Cáilitheachta, leis an Treoir athmhúnlaithe maidir le dálaí Glactha, leis an Rialachán maidir le Creat Athlonnaithe an Aontais, agus leis an Rialachán lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, a dtacaíonn an Coimisiún go hiomlán leis. Ós rud é go bhfuil na cuspóirí atá mar bhonn leis na tograí sin bailí fós, ba cheart teacht ar chomhaontú maidir leis na tograí sin a luaithe is féidir.

Mar sin féin, ós rud é nár thángthas ar aon chomhaontú maidir leis an togra le haghaidh Rialachán Bhaile Átha Cliath a foilsíodh an 4 Bealtaine 2016, agus ós rud é go gcuirtear san áireamh sa togra sin sásra dlúthpháirtíochta struchtúrtha nua agus go gcuirtear san áireamh leis freisin athruithe eile arna mbeartú in 2016, athruithe lena ndírítear ar na nósanna imeachta as a n‑eascraíonn aistriú Bhaile Átha Cliath a dhéanamh níos éifeachtaí, fógraí faoi ghabháil ar ais agus aistriú freagrachta a theorannú, mar shampla, is gá an togra sin a tharraingt siar.

Ina theannta sin mhol an Coimisiún sásra um athshocrú géarchéime i mí Mheán Fómhair 2015 15 , chun réiteach struchtúrach a cheapadh maidir le déileáil le géarchéimeanna, amhail na géarchéimeanna sa Ghréig agus san Iodáil as ar eascair an dá chinneadh maidir le hathshocrú a ghlac an Chomhairle i mí Mheán Fómhair 2015 16 . Ós rud é go n‑áirítear sa togra le haghaidh Rialachán maidir le Tearmann agus Bainistiú Imirce forálacha maidir le haghaidh a thabhairt ar staid na sreabh imirce trí athshocrú agus urraíocht ar fhilleadh tráth a mbeadh brú imirce ann, agus ós rud é sa togra le haghaidh Rialachán lena dtugtar aghaidh ar ghéarchéimeanna agus ar chásanna force majeure i réimse na himirce agus an tearmainn, go bhforáiltear freisin do rialacha sonracha maidir le hathshocrú agus urraíocht ar fhilleadh chun déileáil go struchtúrach le géarchéimeanna, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an togra le haghaidh sásra athlonnaithe Mheán Fómhair 2015 a tharraingt siar agus an Treoir um Chosaint Shealadach a aisghairm 17 .

1.4.Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra seo comhsheasmhach leis an gcur chuige cuimsitheach fadtéarmach maidir le bainistiú imirce a leagtar amach sa Chomhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann, ina bhfuil beartas imirce a chur i gcroílár an chaidrimh le tríú tíortha; bainistiú na dteorainneacha seachtracha a chomhtháthú i mbeartas bainistithe imirce an Aontais i gcoitinne; nósanna a fhorbairt maidir le tearmann agus filleadh gan uaim atá cothrom éifeachtúil, agus i ndéantar limistéar saorghluaiseachta Schengen a threisiú bunaithe ar mhuinín idir na Ballstáit. Cuid lárnach den chur chuige seo is ea bealaí dlíthiúla chuig an Aontas a chur chun cinn chun daoine ardtallainne a mhealladh chuig margadh saothair an Aontais, agus cosaint a chur ar fáil do na daoine sin atá i ngátar trí athlonnú agus bealaí comhlántacha eile i dtaca le cosaint, agus beartais thiomnaithe a fhorbairt chun cabhrú le lánpháirtiú náisiúnach tríú tíortha i sochaithe na hEorpa.

Trí chreat a chur i bhfeidhm lena dtabharfar aghaidh ar an gcur chuige iomlán maidir le bainistiú imirce trí chomhpháirtíochtaí a fhorbairt le tríú tíortha, leis an Rialachán seo rannchuidítear leis na cuspóirí atá ag an Aontas maidir le beartas seachtrach uaillmhianach agus leathan atá bunaithe ar chomhpháirtíocht le tríú tíortha. Áirithítear leis sin freisin go mbeidh comhsheasmhacht ann le spriocanna daonnúla an Aontais a chuirfear in iúl trí thacaíocht a thabhairt do dhídeanaithe i dtríú tíortha.

Tá an togra seo comhsheasmhach leis an togra maidir le scagadh, agus go háirithe, cuirtear leis na coimircí láidre le haghaidh na gceart bunúsach tríd an sásra faireacháin dá bhforáiltear ann. Sa togra le haghaidh rialachán lena mbunaítear oibleagáid maidir le scagadh ag na teorainneacha seachtracha ar náisiúnaigh tríú tír nach gcomhlíonann, i bprionsabal, coinníollacha dul isteach – tá sásra faireacháin nua beartaithe chun a áirithiú go gcomhlíonfar cearta bunúsacha le linn an scagtha agus go ndéanfar imscrúdú ceart ar aon líomhaintí maidir le sárú na gcearta bunúsach. Is cuid d’fhorálacha rialachais an Rialachán atá beartaithe an faireachán sin ina leagtar amach gur cheart do na Ballstáit torthaí óna sásra faireacháin náisiúnta faoin Rialachán um Scagadh a chomhtháthú ina straitéisí náisiúnta dá bhforáiltear sa Rialachán seo atá beartaithe. Ina theannta sin, áireofar sa Tuarascáil bhliantúil ar Bhainistiú Imirce torthaí an tuairiscithe ar fhaireachán agus molfar feabhsuithe i gcás inarb iomchuí.

Chun tacú le bearta dlúthpháirtíochta atá dírithe ar athshocrú agus ar aistrithe ina dhiaidh sin, chomh maith leis na haistrithe a chumhdaítear leis na nósanna imeachta maidir le freagracht na mBallstát a chinneadh, déantar foráil sa togra seo, atá i gcomhréir go hiomlán le buiséad an Aontais chun na bearta sin a dhreasú agus chun an Rialachán a chur i bhfeidhm go héifeachtúil, maidir le cnapshuimeanna a íoc leis na Ballstáit.

Leis an togra seo déantar na beartais i réimse na slándála a neartú a thuilleadh. Trí rialacha sonracha a leagtar amach sa Rialachán seo, déanfar freagracht as iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú a leagan síos go tapa i gcás inar baol an duine don tslándáil náisiúnta agus don ord poiblí, agus cuirfear cosc ar na daoine sin a aistriú chuig Ballstát eile ina dhiaidh sin. Dá bhrí sin, leis an togra treisítear an cuspóir slándála dá bhforáiltear sa togra le haghaidh Rialachán maidir le Scagadh, faoina mbeidh seiceáil slándála den sórt sin éigeantach.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

2.1.Bunús dlí

Leis an togra seo déantar Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 a aisghairm agus cuirtear Rialachán nua ina ionad agus leathnaítear an raon feidhme chun creat coiteann a chur san áireamh lena gcuirtear leis an gcur chuige cuimsitheach maidir le bainistiú imirce, chomh maith le cur chuige níos leithne i leith na dlúthpháirtíochta a thabhairt isteach, agus ba cheart, dá bhrí sin, é a ghlacadh ar an mbunús dlí iomchuí, is é sin pointe (e) den dara mír d’Airteagal 78 agus pointe (c) d’Airteagal 79 den dara mír den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach.

2.2.Geoiméadracht athraitheach

Tá Éire faoi cheangal Rialachán (AE) 604/2013 tar éis di fógra a thabhairt gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin sin bunaithe ar an bPrótacal maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus le CFAE 18 .

I gcomhréir leis an bPrótacal thuasluaite, féadfaidh Éire cinneadh a dhéanamh gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh an togra seo. Beidh an rogha sin aici freisin tar éis an togra a ghlacadh.

De réir an Phrótacail maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh na mbeart sin ag an gComhairle de bhun Theideal V de CFAE (cé is moite de na ‘bearta lena sainítear na tríú tíortha ar gá víosa a bheith ag a náisiúnaithe ag trasnú teorannacha seachtracha na mBallstát, nó bearta le haghaidh formáid aonfhoirmeach maidir le víosaí’). Mar sin féin, ós rud é go bhfuil Rialachán Bhaile Átha Cliath atá ann faoi láthair á chur i bhfeidhm ag an Danmhairg, ar bhonn comhaontaithe idirnáisiúnta a chuir sí i gcrích le CE in 2006 19 , tabharfaidh sí, i gcomhréir le hAirteagal 3 den Chomhaontú sin, fógra don Choimisiún faoina cinneadh cé acu an gcuirfidh sí Codanna III, V agus VII den Rialacháin leasaithe chun feidhme nó nach gcuirfidh.

2.3.Tionchar an togra ar Bhallstáit nach bhfuil san Aontas ach atá comhlachaithe le córas Bhaile Átha Cliath

I gcomhthráth le comhlachas roinnt tíortha nach Ballstát de chuid an Aontais iad le acquis Schengen, tá roinnt comhaontuithe tugtha i gcrích ag an Aontas lena ndéantar na tíortha sin a chomhlachú freisin le acquis Bhaile Átha Cliath/Eurodac:

– an comhaontú lena ndearnadh an Íoslainn agus an Iorua a chomhlachú, a tugadh i gcrích in 2001;

– an comhaontú lena ndearnadh an Eilvéis a chomhlachú, a tugadh i gcrích an 28 Feabhra 2008;

– an prótacal lena ndearnadh Lichtinstéin a chomhlachú, a tugadh i gcrích an 7 Márta 2011.

Chun cearta agus oibleagáidí a chruthú idir an Danmhairg – atá comhlachaithe le acquis Bhaile Átha Cliath/Eurodac le comhaontú idirnáisiúnta, mar a mhínítear thuas – agus na tíortha comhlachaithe thuasluaite, tugadh dhá ionstraim eile i gcrích idir an tAontas agus na tíortha comhlachaithe sin 20 .

I gcomhréir leis na trí chomhaontú thuasluaite, glacfaidh na tíortha comhlachaithe le acquis Bhaile Átha Cliath/Eurodac agus le forbairt an acquis, gan eisceacht. Ní bheidh siad rannpháirteach i nglacadh aon ghníomh lena leasófar nó lena bhforbrófar acquis Bhaile Átha Cliath (lena n‑áirítear dár bhrí sin an togra seo) ach ní mór dóibh fógra a thabhairt don Choimisiún laistigh de thréimhse shonrach maidir lena gcinneadh ábhar an ghnímh sin a ghlacadh nó gan é a ghlacadh, a luaithe a fhormheasfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle é. Sa chás nach nglacfaidh an Iorua, an Íoslainn, an Eilvéis nó Lichtinstéin le gníomh lena leasófar nó lena bhforbrófar acquis Baile Átha Cliath/Eurodac, cuirfear deireadh leis na comhaontuithe faoi seach, mura gcinnfidh an Comhchoiste/Coiste Measctha arna bhunú ag na comhaontuithe a mhalairt, d’aon toil.

Tá raon feidhme níos leithne ag an Rialachán atá beartaithe thar ábhar na gcomhaontuithe thuasluaite, lena leagtar amach cur chuige cuimsitheach atá bunaithe ar chreat comhchoiteann le haghaidh bainistiú imirce agus, san am céanna, caomhnaítear na príomhfhorálacha a bhaineann le freagracht a chinneadh maidir le scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, atá fós ina gcuid lárnach den Rialachán. Chun a áirithiú go ndéantar na comhaontuithe leis an Danmhairg agus leis na Tíortha Comhlachaithe a chaomhnú, comhaontuithe lena rialaítear a rannpháirtíocht i gcóras Bhaile Átha Cliath, má ghlactar leis an ngníomh seo is faoi cheangal Chodanna III, V agus VII den Rialachán seo, agus na Codanna sin amháin, a bheidh an Danmhairg, an Iorua, an Íoslainn, an Eilvéis agus Lichtinstéin.

2.4.An Choimhdeacht

Le Teideal V de CFAE maidir leis an Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais, tugtar cumhachtaí áirithe don Aontas Eorpach i leith na gcúrsaí sin. Ní mór na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, i.e. murar féidir, agus a mhéid nach féidir, leis na Ballstáit cuspóirí na gníomhaíochta atá beartaithe a ghnóthú go leordhóthanach agus dá bhrí sin, gur fearr is féidir leis an Aontas Eorpach iad a ghnóthú de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta atá beartaithe.

Leis an togra seo déantar na rialacha atá ann faoi láthair agus a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 a chuíchóiriú agus is é is aidhm dó cur chun feidhme ceart na rialacha sin a áirithiú, ar rialacha iad lena gcuirfear teorainn le gluaiseachtaí neamhúdaraithe náisiúnach tríú tír idir na Ballstáit, ceisteanna ar saincheisteanna trasteorann iad de réir cineáil. Déantar na rialacha sin a chomhlánú le sásra nua dlúthpháirtíochta chun córas a chur ar bun chun aghaidh a thabhairt ar chásanna ina mbeidh na Ballstáit faoi bhrú imirce. Foráiltear leis an gcur chuige sin freisin go n‑áireofar bearta dlúthpháirtíochta a chuirfear i bhfeidhm i gcás teachtaithe a thabharfar isteach tar éis oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála chun tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit a bheidh ag déileáil leis na dúshláin a bhaineann leis na teachtaithe sin.

Tá gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais ag teastáil chun na cuspóirí sin a ghnóthú ós rud é gur de chineál trasteorann iad. Is léir nach leor bearta a ghlacfadh Ballstáit aonair chun fhreagairt go sásúil don ghá le cur chuige coiteann an Aontais i leith fadhb choiteann.

2.5.Comhréireacht

I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ní théann an Rialachán seo níos faide ná mar is gá chun a chuspóirí a ghnóthú.

A mhéid a bhaineann leis an gcur chuige cuimsitheach atá bunaithe ar chreat comhchoiteann, bunaítear leis an Rialachán seo príomhphrionsabail an chur chuige sin a mbeidh struchtúr faireacháin agus rialachais mar bhonn taca leis chun a chur chun feidhme a áirithiú. Trí phrionsabail an cheaptha beartais chomhtháite agus trí na prionsabail sin a bhaineann le dlúthpháirtíocht agus an chomhroinnt chóir freagrachta, tá sé ar leas coiteann na mBallstát cur chun feidhme comhleanúnach bhainistiú na himirce a áirithiú ar leibhéal an Aontais. Ní théann na forálacha seo thar a bhfuil riachtanach chun an scéal a leigheas go héifeachtach.

A mhéid a bhaineann le cuíchóiriú a dhéanamh ar na rialacha maidir leis an Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a chinneadh, níl sna hathruithe atá beartaithe ach a bhfuil riachtanach chun go bhfeidhmeodh an córas go héifeachtach maidir le rochtain níos praise a thabhairt d’iarratasóirí ar an nós imeachta lena ndeonaítear cosaint idirnáisiúnta agus maidir leis an acmhainn atá ag córais riaracháin na mBallstát an córas a chur i bhfeidhm.

A mhéid a bhaineann le sásra nua dlúthpháirtíochta a thabhairt isteach, ní dhéantar foráil i Rialachán (AE) Uimh. 604/2013, san fhoirm ina bhfuil sé faoi láthair, maidir le huirlisí chun aghaidh a thabhairt ar staideanna ina bhfuil brú imirce ar Bhallstáit. Ina theannta sin, sa Rialachán atá ann faoi láthair ní thugtar aghaidh ar an staid shonrach a bhaineann le teachtaithe a thugtar isteach tar éis oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála. Féachtar leis an mbearna sin a líonadh trí bhíthin na bhforálacha maidir le dlúthpháirtíocht. Ní théann na forálacha seo thar a bhfuil riachtanach chun an scéal a leigheas go héifeachtach.

2.6.An rogha ionstraime

Ós rud é gur le Rialachán a bunaíodh sásra Bhaile Átha Cliath atá ann faoi láthair, is leis an ionstraim chéanna a chuirfear ar bun cur chuige cuimsitheach bunaithe ar chreat comhchoiteann le haghaidh bainistiú éifeachtach imirce, lena ndéanfar shásra Bhaile Átha Cliath,a chuíchóiriú agus lena ndéanfar é a chomhlánú le sásra dlúthpháirtíochta.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Eolas a bhailiú maidir leis an reachtaíocht atá ann cheana a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm

3.1.Ceapadh beartas atá bunaithe ar fhianaise

Rinne an Coimisiún anailís ar an staid agus tá torthaí na hanailíse sin le fáil ar bhealach níos mionsonraithe sa Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis an gComhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann agus sna tograí reachtacha agus neamhreachtacha atá ann. Cuirtear i dtábhacht sa doiciméad na forbairtí is déanaí i réimse an bhainistithe imirce agus cuirtear i bhfios go láidir gur príomhghnéithe de thús nua iad athchóiriú an chórais lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta agus an bealach nua comhroinnte ualaigh.

Cuirtear i dtábhacht san anailís, cé go bhfuil laghdú as cuimse 92 % tagtha ar líon na n‑imirceach neamhrialta san Aontas ó ba ghéire an ghéarchéim in 2015 i leith, go bhfuil roinnt dúshlán struchtúrach fós ann a chuireann brú ar chórais tearmainn, ghlactha agus fillte na mBallstát. Áirítear leis sin cion méadaitheach na n‑iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta, nach fíoréileamh an t‑éileamh a bhíonn acu, iarratasóirí nach dócha go bhfaighidh siad cosaint san Aontas, an t‑ualach riaracháin méadaithe atá ann dá dheasca, an mhoill a chuirtear dá dheasca ar chosaint a dheonú do dhaoine a bhfuil fíorghá acu leis an gcosaint chomh maith, agus gluaisteacht ar aghaidh leanúnach imirceach laistigh den Aontas. Thairis sin, maidir leis na dúshláin roimh údaráis na mBallstát chun sábháilteacht iarratasóirí agus sábháilteacht a bhfoirne a áirithiú le linn ghéarchéim COVID-19, caithfear aird a thabhairt ar na dúshláin sin freisin.

Cé go bhfuil laghdú tagtha le himeacht ama ar líon na n‑imirceach neamhrialta, tháinig méadú ar chion na n‑imirceach a thagann ó thíortha dar lú ná 20 % an ráta aitheantais, ó chion 13 % in 2015 go cion 55 % in 2018. San am céanna, tháinig méadú freisin ar chion na gcásanna casta, cásanna lena n‑éilítear breis acmhainní lena bpróiseáil, ós rud é gurb iad meascán náisiúnach a mbíonn rátaí aitheantais éagsúla acu a thagann isteach anois in ionad, go páirteach, náisiúnach a raibh riachtanais shoiléire acu maidir le cosaint idirnáisiúnta agus a bhíodh ag teacht isteach in 2015-2016. Thairis sin, d’ainneoin an laghdú ar líon na n‑imirceach neamhrialta atá ann ar fud an Aontais, tá an líon iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ag dul i méid i gcónaí, agus tá sé anois ceithre huaire níos mó ná líon na ndaoine atá ag teacht isteach. Is léir ón méid sin go bhfuil iarratasóirí ann nach ndearna iarratas sa chéad Bhallstát a shroich siad, go bhfuil daoine ann a rinne roinnt iarratas ar chosaint idirnáisiúnta laistigh den Aontas, agus gur gá córas Bhaile Átha Cliath atá ann faoi láthair a athchóiriú. Ar deireadh, is ann fós do na dúshláin a bhaineann le díbhordáil tar éis oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála. In 2019 rinneadh leath na n‑imirceach neamhrialta ar muir a dhíbhordáil tar éis oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, rud a chuir brú ar leith ar Bhallstáit áirithe de dheasca an tsuímh gheografaigh atá acu agus dá dheasca sin amháin.

Maidir le náisiúnaigh tríú tír a ndiúltaítear dá n‑iarratais ar chosaint idirnáisiúnta, timpeall 370,000 duine san Aontas gach bliain 21 , sonraítear a thuilleadh san anailís nach mór díriú ar dhéileáil leis na daoine sin tríd an nós imeachta maidir le filleadh. De réir na staitisticí atá ar fáil don Choimisiún, is é atá sa mhéid sin thart ar 80 % de líon iomlán na gcinntí um fhilleadh a eisítear gach bliain 22 . De dheasca an mhéadaithe atá ag teacht ar chion na n‑iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta nach dócha go bhfaighidh siad an chosaint sin san Aontas, tá ualach méadaithe ann ní hamháin ó thaobh na hiarratais a phróiseáil, ach filleadh imirceach neamhrialta nach ndearna iarratas ar chosaint idirnáisiúnta riamh nó ar diúltaíodh dá n‑iarratais, lena n‑áirítear iarratais a diúltaíodh toisc gur léir go raibh siad gan bhunús nó go raibh siad neamh-inghlactha. Agus ar ndóigh, déantar difear don luas lena ndeonaítear stádas do dhaoine a bhfuil fíorghá acu le cosaint idirnáisiúnta.

Cuirtear i dtábhacht san anailís go bhfuil laigí struchtúracha tábhachtacha agus easnaimh thábhachtacha i gceapadh agus i gcur chun feidhme an bheartais Eorpaigh um thearmann agus imirce. Den chuid is mó níl córais tearmainn agus fillte na mBallstát comhchuibhithe fós, agus dá dheasca sin cruthaítear éagsúlachtaí sna caighdeáin chosanta, neamhéifeachtúlachtaí sna nósanna imeachta agus spreagtar gluaiseachtaí neamhúdaraithe imirceach ar fud na hEorpa chun dálaí glactha agus ionchais níos fearr a lorg maidir lena bhfanacht, rud fhágann éifeachtaí neamh-inmhianaithe ar limistéar Schengen. Is féidir bainistiú imirce a mheas tríd an bpeirspictíocht a bhaineann le réimsí éagsúla beartais, agus a gcuspóirí féin agus a ngníomhaithe féin ag gach ceann acu. Féachtar le gach réimse beartais le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin aonair, gan an chaoi a ndéanfar sin a oiriúnú do chreat foriomlán an bhainistithe imirce a chur san áireamh ná an chaoi a ndéanfar sin a oiriúnú don chreat cuimsitheach is gá chun leas a bhaint as córas dea-bhainistithe. Ar an iomlán, aithnítear sa pháipéar fianaise go bhfuil easpa ceaptha beartais chomhtháite ann lena dtabharfaí beartais éagsúla le chéile in aon bheartas comhleanúnach.

Cuirtear i dtábhacht freisin, sa pháipéar fianaise, i dtaca le heaspa córais inbhuanaithe a d’oibreodh do na Ballstáit uile, go mbeadh iarmhairtí ag an méid sin maidir leis an bhféidearthacht go n‑áiritheofaí imoibríocht láithreach agus iarbhír do thosca seachtracha. Is é sin nach bhfuil aon sásra struchtúrtha dlúthpháirtíochta i gcóras Bhaile Átha Cliath atá ann faoi láthair nó in CET i gcoitinne, cé go bhféadfadh éagsúlacht mhór brú a bheith ar Bhallstáit aonair, brú a d’fhéadfadh athrú agus aistriú go tobann agus ar bhealach dothuartha.

Ina theannta sin, in éagmais chur chuige comhleanúnach an Aontais maidir leis an nasc idir deireadh a chur le fanacht dhlíthiúil mar gheall ar chinneadh diúltach maidir le tearmann ag tús na nósanna imeachta maidir le filleadh lena n‑áirítear athligean isteach chuig tríú tíortha a iarraidh, laghdaítear éifeachtacht an chórais bhainistithe imirce ina iomláine. Ina theannta sin, tá sonraí neamhleor ann nó sonraí neamhiontaofa, nó ní bhaintear leas éifeachtúil as na foinsí sonraí chun léargas iomlán a fháil. Ba ghann na sonraí cainníochtúla a chuir na Ballstáit ar fáil i mí Eanáir 2020 maidir le dlús na ngluaiseachtaí neamhúdaraithe a breathnaíodh ina dtír; san fhaisnéis a chuir naoi mBallstát déag ar fáil léiríodh líon na n‑iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a fuarthas, chomh maith le líon na n‑iarratas isteach/amach ar aistriú Bhaile Átha Cliath i gcásanna áirithe.

Ní féidir aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin ach amháin trí chóras tearmainn agus imirce na hEorpa a dhéanamh níos éifeachtúla, níos cuimsithí agus níos inbhuanaithe trí fhéachaint ar bhainistiú imirce an Aontais mar thaca beartas idirnasctha bunaithe ar cheapadh beartais agus rialacha comhtháite, ina ndéanfar, le héifeachtacht agus le heasnaimh gach páirt ar leith, difear don chóras ina iomláine.

Ina theannta sin, léirítear san anailís go bhfuil gá le coincheap dlúthpháirtíochta níos leithne. Ba cheart coincheap na dlúthpháirtíochta sin a bheith de chineál éigeantach chun go mbeifí in ann freagairt go hintuartha agus go héifeachtach don athrú atá ag teacht ar an staid ina bhfuil sciar méadaitheach sreabha imirce measctha ag teacht chuig an Aontas, agus chun comhroinnt chothrom na freagrachta a áirithiú i gcomhréir leis an gConradh. Is gá na Ballstáit uile a bheith ag tacú le chéile, ní hamháin i bhfoirm athshocraithe iarratasóirí nach bhfuil sa nós imeachta teorann ach i gcásanna áirithe grúpaí eile freisin, amhail iarratasóirí atá sa nós imeachta teorann agus ar tairbhithe cosanta idirnáisiúnta iad freisin. Ina theannta sin, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit tairbhe a bhaint as an ndlúthpháirtíocht i réimse an fhillte ionas go mbeidís in ann sciar méadaitheach na sreabh imirce measctha a bhainistiú ar bhealach níos fearr. Tugtar le tuiscint freisin leis an bhfianaise maidir leis an dlúthpháirtíocht i bhfoirm rannchuidiú fothaithe acmhainneachta agus i réimsí eile tacaíochta, go bhfuil an tacaíocht sin éifeachtach chun cuidiú le Ballstát a bhfuil brú air. Leis na ceachtanna a foghlaimíodh ó scéimeanna dlúthpháirtíochta a bhí ann roimhe seo agus atá ar siúl faoi láthair, léirítear gur cheart dlúthpháirtíocht a bheith ar fáil ar bhonn leanúnach i gcomhthéacs díbhordála tar éis oibríochtaí SAR. Cuirtear i bhfios go láidir sa pháipéar fianaise freisin go n‑eascraíonn brú imirce ó thosca éagsúla agus gur cheart é a mheas de réir roinnt critéar, a théann thar réimse an tearmainn chuig staid imirce na mBallstát, agus chuig staid imirce an Aontais ina iomláine (measúnú iomlánaíoch cáilíochtúil).

Ina theannta sin, i gcásanna áirithe, léirítear go bhfuil éifeachtacht leis an tacaíocht a thugtar d’fheidhmiú cuí na gcóras tearmainn, glactha agus fillte le bainistiú teorainneacha chomh maith. Maidir le tacaíocht fhrithpháirteach na mBallstát agus tacaíocht ar leibhéal an Aontais chun an caidreamh le tríú tíortha áirithe a fheabhsú agus a threisiú, go háirithe maidir le hathligean isteach, d’fhéadfadh an tacaíocht sin a bheith ina fhíorchúnamh do roinnt Ballstát i gcásanna áirithe.

Ar deireadh, cuirtear i dtábhacht sa pháipéar fianaise an gá atá le rialacha simplithe níos éifeachtúla le haghaidh an nós imeachta lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta. Maidir leis na dúshláin sin a bhaineann le rialacha chóras Bhaile Átha Cliath atá ann faoi láthair maidir le freagracht, tugtar aghaidh orthu trí roinnt beart sa togra nua. Moladh cuid acu sin cheana féin in 2016, agus tá cuid acu bunaithe ar rialacha Bhaile Átha Cliath atá ann faoi láthair.

Ní mór freagrachtaí na mBallstát maidir leis an imirce a choigeartú freisin chun an staid nua a chur san áireamh agus chun na freagrachtaí sin a chomhroinnt go cóir, i bhfianaise an chreata níos leithne maidir le bainistiú imirce. Tá gá le rialacha comhchoiteanna maidir le conas sreabha imirce measctha a láimhseáil, ar theacht dóibh nó nuair a ghabhtar náisiúnaigh tríú tír a sheachain na seiceálacha ag teorainneacha seachtracha, chun a gcéannacht a shuí, agus chun seiceálacha sláinte agus slándála a dhéanamh, ag cur leis na cleachtais a forbraíodh cheana mar chuid de chur chuige na dteophointí. Ba cheart tuilleadh tacaíochta fairsinge a bheith ann ó ghníomhaireachtaí an Aontais agus trí mhaoiniú an Aontais chun cuidiú leis na Ballstáit na rannchuidithe dlúthpháirtíochta a chur ar fáil a mbeidh orthu a chur ar fáil agus chun a bhfreagrachtaí éagsúla maidir le sreabha imirce a bhainistiú.

3.2.Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Tar éis ghealltanas an Choimisiúin a fógraíodh sa Chlár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce, choimisiúnaigh sé staidéir sheachtracha ar mheastóireacht chóras Bhaile Átha Cliath in 2016 23 . Sa mheastóireacht sin, rinneadh éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhréireacht agus breisluach Rialachán Bhaile Átha Cliath III a mheasúnú. Scrúdaíodh ann a mhéid ar thug an Rialachán aghaidh ar a chuspóirí, riachtanais bheartais níos leithne an Aontais, mar aon le riachtanais na bpáirtithe leasmhara lena mbaineann 24 . Áiríodh leis an measúnú sin dianstaidéar ar chur chun feidhme praiticiúil Rialachán Bhaile Átha Cliath III sna Ballstáit 25 . Tá achoimre ar na príomhthorthaí thíos, agus leagtar amach iad go mionsonraithe sa Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis an gComhaontú Nua agus sna moltaí a ghabhann leis. Ina theannta sin, d’iarr Parlaimint na hEorpa ar an gComhairle Eorpach um Dhídeanaithe agus um Dheoraithe (ECRE) staidéar a dhéanamh ar ‘Rialachán Bhaile Átha Cliath maidir le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta’ 26 i mí Feabhra 2020.

Ábharthacht Rialachán Bhaile Átha Cliath III 

acquis tearmainn an Aontais bunaithe ar an gcóras lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta agus is bailí fós a chuspóirí. A fhad agus is ann do chórais tearmainn náisiúnta ar leith laistigh den Aontas, is gá ionstraim de chuid an Aontais Eorpaigh a bheith ann lena mbunófar critéir agus sásra chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach. Ina éagmais sin, bheadh ar na Ballstáit brath ar chomhaontuithe ad hoc mar a bhí sular bunaíodh córas Bhaile Átha Cliath, rud a d’fhágfadh an-deacracht acu agus iad ag féachaint lena chinneadh cé acu Ballstát a bheadh freagrach. Bhí sé de thátal sa mheastóireacht nach raibh an éifeacht fhoriomlán chéanna ag ionstraim náisiúnta ná ionstraim dhéthaobhach, rud a d’fhéadfadh a fhágáil nach dtabharfaí aghaidh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a thiocfadh idir dhá dhlínse náisiúnta. Cuireadh tuairimí éagsúla in iúl maidir le tionchar iarmhír an Rialacháin, ar rialachán é ar cheart a áirithiú ann rochtain phras a bheith ag an iarratasóir ar na nósanna imeachta tearmainn agus a mbeidh de thoradh air straitéis fhadtéarmach a bhunú lena ndíspreagfar iarratais iolracha. Thabharfadh leis sin tuilleadh éifeachtúlachta don chóras tearmainn trí mhí-úsáid an chórais a chosc agus na costais fhoriomlána a laghdú.

Deimhnítear freisin sa staidéar a rinne Parlaimint na hEorpa le déanaí go bhfuil gá le córas ina bhfuil Ballstát amháin freagrach as iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú ar bhonn critéar comhchoiteann agus ceanglais fianaise gaolmhara, in ainneoin na laigí atá ann faoi láthair.

Cur chun feidhme an Rialacháin 

Easpa cur chun feidhme comhsheasmhach agus ceart ar fud na mBallstát, is é an fhadhb is mó a cuireadh i dtábhacht sa staidéar seachtrach a choimisiúnaigh an Coimisiún, fadhb a dheimhnigh na Ballstáit freisin agus na páirtithe leasmhara sna comhairliúcháin a reáchtáladh ó ghlac an Coimisiún a thogra in 2016. Bhí de thátal freisin ann go raibh roinnt easnamh ar dhearadh Rialachán Bhaile Átha Cliath III a d’fhág gur dheacra príomhchuspóirí an rialacháin a ghnóthú. Ní chuirtear san áireamh in ordlathas na gcritéar a leagtar amach i Rialachán Bhaile Átha Cliath III na dúshláin roimh chórais imirce na mBallstát, ná níl sé d’aidhm aige cothromaíocht iarrachtaí a bhaint amach. Fágann an modh atá ann leis an bhfreagracht a leithdháileadh go mbíonn moill ar rochtain a thabhairt ar an nós imeachta tearmainn. Faoin gcóras atá ann faoi láthair d’fhéadfadh iarratasóir a bheith ag fanacht suas le 10 mí (i gcás ‘iarratas ar ghabháil ar ais’) nó 11 mhí (i gcás ‘iarratas ar ghabháil ar láimh’) sula gcuirfí tús leis an nós imeachta maidir le hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú. An aidhm atá ag an gcóras rochtain phras a thabhairt don iarratasóir ar an nós imeachta tearmainn a áirithiú, cuirtear bac ar an aidhm sin a bhaint amach. Ina theannta sin, leanann iarratais iolracha ar chosaint idirnáisiúnta de bheith ina bhfadhb san Aontas. In 2019 bhí iarratas seolta cheana ag 32 % de na hiarratasóirí i mBallstáit eile. Tugtar le tuiscint leis sin gur beag an difear a rinneadh leis an Rialachán do ghnóthú an chuspóra maidir le cosc a chur ar iarratasóirí iarratais iolracha a dhéanamh, agus, ar an gcaoi sin, an líon gluaiseachtaí neamhúdaraithe a laghdú.

Is léir freisin nár ceapadh Rialachán Bhaile Átha Cliath III chun déileáil le cásanna brú imirce nó leis an gcomhroinnt chóir freagrachta ar fud na mBallstát. Agus ní chuirtear san áireamh ann staid an bhainistithe imirce ar shreabha imirce measctha agus an brú a chuirtear leis na sreabha sin ar chórais imirce na mBallstát.

3.3.Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Fágann an t‑iomrá polaitiúil ar an imirce le blianta beaga anuas agus an chaibidlíocht maidir le tograí 2016 go bhfuil díospóireacht bhríomhar mhionsonraithe déanta cheana ar na saincheisteanna a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Ina theannta sin, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, leis na Ballstáit, agus le páirtithe leasmhara roinnt uaireanta chun a dtuairimí sin a fháil faoin gComhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann.

Díríodh aird ar leith ar an rannpháirtíocht le Parlaimint na hEorpa, ina ndearnadh tábhacht an chur chuige iomlánaíoch maidir le beartas tearmainn agus imirce inbhuanaithe a chur in iúl go mion minic. Tugadh tacaíocht freisin don ghá le cur chuige iomlánaíoch i leith na himirce sna páipéir sheasaimh a chur roinnt grúpaí polaitiúla i láthair i bParlaimint na hEorpa agus rinneadh glao ginearálta na tograí imirce agus tearmainn a thabhairt i gcrích go pras. Tá an tuairim curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa gur cheart go gcuirfí san áireamh, i gcur chuige iomlánaíoch i leith na himirce, gné sheachtrach an Aontais, an cumas dul i ngleic le bunchúiseanna na himirce agus comhpháirtíochtaí nua a fhorbairt le tríú tíortha, sásra cuardaigh agus tarrthála atá cobhsaí, agus tacú le hathlonnaithe, bealaí dlíthiúla agus bearta lánpháirtithe.

D’iarr Parlaimint na hEorpa freisin go mbeadh córas dlúthpháirtíochta éigeantaí ann lena n‑áirítear athshocrú agus an gá atá le réitigh fhadtéarmacha agus dlúthpháirtíocht láidir maidir le bearta tearmainn. Tháinig an méid sin chun cinn freisin i gcomhthéacs phaindéim an choróinvíris, chun géarchéimeanna daonnúla a sheachaint.

Tá an Coimisiún tar éis dul i mbun idirphlé leanúnach leis na Ballstáit uile roimh sheoladh an Chomhaontaithe Nua maidir le hImirce agus Tearmann, agus ina dhiaidh sin i rith ullmhúchán an Chomhaontaithe. Thuig na Ballstáit an gá atá le dul chun cinn maidir leis na laigí sa chóras atá ann faoi láthair a réiteach, an gá atá le córas nua comhroinnte córa freagrachta lena mbeadh oibleagáid ar na Ballstáit uile rannchuidiú, an gá atá le cosaint láidir teorann, agus an tábhacht a bhaineann le gné sheachtrach na himirce agus feabhas a chur ar fhillteacha. Ba dhíol sásaimh, tríd is tríd, rún an Choimisiúin teacht ar chineálacha nua dlúthpháirtíochta, mar shampla trí urraíocht le haghaidh filleadh, le linn chéim an chomhairliúcháin.

I gcomhthráth leis an méid sin, tá díospóireachtaí straitéiseacha agus teicniúla araon tionólta ag Uachtaránacht na Rómáine, na Fionlainne, na Cróite agus na Gearmáine, i dtaca le todhchaí gnéithe ar leith den bheartas imirce, a chuir a thuilleadh béime ar na pointí sin.

Faoi chuimsiú roinnt fóram de chuid na Comhairle a eagraíodh faoi Uachtaránacht na Fionlainne, lena n‑áirítear comhdháil Tampere 2.0 a tionóladh an 24-25 Deireadh Fómhair 2019 i Heilsincí agus Fóram Salzburg a tionóladh i Vín an 6-7 Samhain 2019, ba mhór ag na Ballstáit rún an Choimisiúin Eorpaigh athchóiriú Bhaile Átha Cliath a athsheoladh chun teacht ar chineálacha nua dlúthpháirtíochta lenar féidir leis na Ballstáit uile rannchuidiú go fónta. Chuir na Ballstáit i dtábhacht gur cheart bearta dlúthpháirtíochta a bheith ag gabháil bonn ar bhonn le bearta um fhreagracht. Thairis sin, chuir siad i dtábhacht an géarghá atá le dul i ngleic le gluaiseachtaí neamhúdaraithe laistigh den Aontas Eorpach chomh maith le filleadh a fhorfheidhmiú dóibhsean nach bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu.

Chuir an Coimisiún go leor moltaí san áireamh freisin ó údaráis náisiúnta agus áitiúla 27 , eagraíochtaí neamhrialtasacha, agus idirnáisiúnta, mar shampla Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (UNHCR) 28 , an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce (IOM) 29 , mar aon le meithleacha machnaimh agus lucht acadúil, maidir leis an gcaoi le tús nua a shamhlú agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann faoi láthair i leith na himirce i gcomhréir le caighdeáin um chearta an duine. Ina dtuairim siúd, leis an tús nua ar an athchóiriú ba cheart rialacha áirithe maidir le freagracht a chinneadh a athbhreithniú, agus foráil a dhéanamh maidir le sásra dlúthpháirtíochta éigeantaí lena n‑áireofaí do dhaoine a ndearnadh iad a dhíbhordáil de bhun oibríocht chuardaigh agus tarrthála. Molann eagraíochtaí neamhrialtasacha freisin tuiscint choiteann ar an bhfreagracht i measc na mBallstát agus d’iarr siad go gcuirfí san áireamh i rialacha athbhreithnithe Bhaile Átha Cliath sásra le haghaidh athshocrú níos buaine 30 .

Tá an Coimisiún tar éis tuairimí na bpáirtithe leasmhara a chur san áireamh freisin gur gá cur chuige cuimsitheach a fhorbairt i leith bainistiú imirce trí bhíthin cur chuige iomlánaíoch i leith na himirce agus an tearmainn. Chuir na páirtithe leasmhara ar chuathas i gcomhairle leo a dtuairimí in iúl faoin mbealach le prionsabal na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte córa freagrachta a mhionsaothrú go nua, agus tríd is tríd, ba mhór acu rún an Choimisiúin athchóiriú Rialachán Bhaile Átha Cliath a athsheoladh chun teacht ar chineálacha nua dlúthpháirtíochta.

Ina theannta sin thionóil an Coimisinéir Johansson, roinnt uaireanta, comhairliúcháin spriocdhírithe le heagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta, le heagraíochtaí neamhrialtasacha áitiúla ábhartha sna Ballstáit mar aon le comhpháirtithe sóisialta agus eacnamaíocha. Sa phróiseas comhairliúcháin sin, díríodh i moltaí sonracha ar chur chuige coiteann maidir le caighdeáin a bhaineann go sonrach le leanaí de bhun Theachtaireacht 2017 maidir le hImircigh ar Leanaí iad 31 agus an gá atá le córas a fhorbairt atá cóir agus lena n‑áiritheofar go ndéanfar cearta bunúsacha a chosaint.

Chuir an Coimisiún san áireamh freisin rannchuidiú agus staidéir Ghréasán Imirce na hEorpa 32 , a seoladh ar a thionscnamh féin agus a rinne roinnt staidéar speisialaithe agus cuardaigh ad hoc le blianta beaga anuas.

3.4.Cearta bunúsacha

Tá an togra seo i lán-chomhréir le cearta bunúsacha agus prionsabail ghinearálta an Aontais agus an dlí idirnáisiúnta, agus urramaítear iad leis.

Go háirithe, trí eolas a choinneáil le hiarratasóirí tearmainn ar bhonn níos fearr faoi chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus faoi na cearta agus na hoibleagáidí a bhaineann leo féin dá bhun, is fearr a bheidh siad in ann a gcearta a chosaint agus ina theannta sin, cuideoidh sé le líon na ngluaiseachtaí neamhúdaraithe a laghdú mar gur mó an fonn a bheidh ar iarrthóirí tearmainn comhoibriú leis an gcóras. Méadófar éifeachtacht an chirt chun leigheas breithiúnach trí raon feidhme an achomhairc a shonrú agus an cuspóirí a leagan amach do chúirteanna nó do bhinsí chun cinntí a dhéanamh laistigh de theorainn ama chomhchuibhithe. Ní mór iarraidh ar éifeacht fionraíochta a chinneadh laistigh de theorainn ama chomhchuibhithe.

Neartófar an ceart chun saoirse agus saorghluaiseachta trí na teorainneacha ama ar ceadmhach duine a choinneáil i gcás eisceachtúil, arna fhorordú faoin Rialachán, a ghiorrú ach sin a bheith i gcomhréir le prionsabal an riachtanais agus le prionsabal na comhréireachta.

Treiseofar an urraim don saol príobháideach agus do shaol an teaghlaigh, go háirithe trí raon feidhme an Rialacháin a mhéadú agus siblíní a áireamh chomh maith le teaghlaigh a bhunófar i dtír idirthurais.

Rinneadh cearta mionaoiseach gan tionlacan a neartú freisin trí shainmhíniú níos fearr a thabhairt ar chur chun feidhme phrionsabal sin sárleasanna an linbh, agus trí shásra a leagan amach lenar féidir cinneadh maidir le sárleasanna an linbh a dhéanamh i ngach cás ina bhféadfadh sé go ndéanfaí an mionaoiseach a aistriú. An teorainn ama le haghaidh iarraidh ar ghabháil ar láimh a sheoladh, cuireadh sin in oiriúint freisin chun castacht na gcásanna a bhaineann le lorg agus athaontú teaghlaigh a chur san áireamh. Rinneadh cuíchóiriú ar na rialacha a bhaineann le fianaise chun cinneadh mear maidir le freagracht a áirithiú agus an ceart fanacht le chéile mar theaghlach a neartú níos mó. Ar an gcuma chéanna, caithfear tús áite a thabhairt i gcónaí d’athshocrú mionaoiseach neamhthionlactha agus gheobhaidh na Ballstáit dreasacht airgeadais níos airde ina leith sin i bhfoirm ranníocaíochta.

Chun gluaiseachtaí neamhúdaraithe a chosc, cuireann an togra teorann leis an gceart chun dálaí glactha ábhartha sa Bhallstát ina bhfuil ceanglas ar an iarratasóir a bheith i láthair, cé is moite den oibleagáid ar gach Ballstát caighdeán maireachtála a áirithiú i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n‑áirítear Cairt an Aontais, agus le hoibleagáidí idirnáisiúnta.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Is é EUR 1 113.500 milliún iomlán na n‑acmhainní airgeadais a mheastar a theastóidh chun an togra seo a chur chun feidhme sa tréimhse 2021-2027. Chumhdófaí sa mhéid sin na costais oibríochtúla lena n‑áirítear na costais aistrithe i bhfoirm cnapshuimeanna le haghaidh aistrithe faoin Rialachán beartaithe seo agus le haghaidh aistrithe i dtaca le hathshocrú i gcomhthéacs na bhforálacha dlúthpháirtíochta, a bhaineann le hathshocrú iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta, tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta agus náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach. Déantar foráil maidir le dreasachtaí airgeadais níos airde chun mionaoisigh neamhthionlactha a athshocrú.

Tá na riachtanais airgeadais comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha agus beidh úsáid ionstraimí speisialta mar a shainmhínítear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle i gceist freisin 33 .

5.MÍNIÚ MIONSONRAITHE AR FHORÁLACHA SONRACHA AN TOGRA

Leis an Rialachán seo, leagtar amach creat coiteann a fhéachann lena aithint nár cheart go mbeadh teacht neamhrialta na n‑imirceach isteach san Aontas ina dhúshlán ar chóir do na Ballstáit aonair tabhairt faoi go leithleach, ach gur chóir don Aontas ina iomláine tabhairt faoi. Leis an Rialachán cuidítear leis an gcur chuige cuimsitheach trí cheapadh beartas comhtháite a chur chun cinn laistigh dá raon feidhme.

Coimeádtar sa togra an nasc idir freagracht na mBallstát i réimse an tearmainn agus urramú a n‑oibleagáidí na teorainneacha seachtracha a chosaint, agus oibleagáidí idirnáisiúnta á gcur san áireamh maidir le hoibríochtaí cuardaigh agus tarrthála a chur i gcrích, faoi réir na n‑eisceachtaí sin a dearadh chun saol an teaghlaigh agus sárleasanna an linbh a choimirciú. Coimeádtar, ar an iomlán, na critéir atá ann faoi láthair maidir le freagracht a chinneadh, ach moltar roinnt athruithe spriocdhírithe, go háirithe an teaghlach a neartú tríd an sainmhíniú atá ar an teaghlach a leathnú, freagracht Bhallstáit i ndiaidh oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála a shoiléiriú, agus critéar nua a thabhairt isteach a bhaineann le seilbh dioplómaí oideachais.

Is é aidhm na bpríomhleasuithe éifeachtúlacht an chórais a fheabhsú trí fhreagracht Ballstáit faoi leith as iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a threisiú, ón am a chinnteofar gurb ar an mBallstát sin atá an fhreagracht. Ar an láimh eile, is aidhm do na leasuithe teorainn a chur le gluaiseachtaí neamhúdaraithe, go háirithe trí rialacha ar leith maidir le scor nó bogadh freagrachta i measc na mBallstát a scriosadh.

Tá cur chuige nua i leith na dlúthpháirtíochta curtha leis an gcóras, bunaithe ar chreat lenar féidir measúnú a dhéanamh ar an gcás sna Ballstáit agus san Aontas san fhíor-am. Ina theannta sin, leagtar amach rialacha nós imeachta chun athshocrú agus urraíocht le haghaidh filleadh a éascú mar mhodh dlúthpháirtíochta.

5.1.Creat coiteann a leagan amach bunaithe ar an gcur chuige cuimsitheach i leith bainistiú imirce

Chun an creat coiteann a chur chun feidhme, leagtar amach sa togra roinnt prionsabal ar cheart dóibh cur chun feidhme bainistithe imirce a threorú lena n‑áirítear an gá atá le ceapadh beartas comhtháite, agus prionsabal na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte córa freagrachta a áirithiú. Leagtar amach struchtúr rialachais ina mbeidh straitéisí náisiúnta i bhfeidhm ag na Ballstáit maidir le cur chun feidhme an chreata sin, lena n‑áirítear straitéisí maidir le pleanáil theagmhasach chun iomarca brú imirce a chosc agus maidir le faireachán ar chearta bunúsacha.

Cuideoidh na straitéisí sin le Straitéis Eorpach nua maidir le cur chun feidhme na ngnéithe difriúla lena gcumhdaítear an cur chuige cuimsitheach agus leagfar amach leo an cur chuige straitéiseach i leith bainistiú imirce ar leibhéal an Aontais, rud a chumasóidh dearcadh forásach ar na rioscaí agus na deiseanna atá i mbainistiú imirce agus conas is fearr plé leo. Foilseoidh an Coimisiún tuarascáil ar Bhainistiú Imirce go bliantúil ina mbeidh réamh-mheastachán gearrthéarmach ar staid na himirce agus í ag forbairt, tuarascáil lena bhféadfar freagairt phrapúil a thabhairt ar threochtaí athraitheacha imirce agus lena bhféadfar freagairtí a thabhairt ar thorthaí an chreata faireacháin. Déanfar an creat sin a chomhlánú le córas ina ndéanfar faireachán rialta ar staid na himirce trí thuairisciú staide ón gCoimisiún. Tacófar leis an obair sin leis na gníomhaíochtaí faoin Treoirphlean Ullmhachta an Imirce agus Géarchéimeanna, go háirithe na gníomhaíochtaí faireacháin agus tuairiscithe a thugtar ann.

5.2.Sásra dlúthpháirtíochta

·Bearta dlúthpháirtíochta a mbeidh oibleagáid ar na Ballstáit a áirithiú i gcásanna ina mbeidh brú imirce

Cuirtear sásra nua i bhfeidhm lena mbeifear ábalta dlúthpháirtíocht a bhaint amach a bheidh in ann aghaidh a thabhairt ar bhrú imirce. Tá an sásra dlúthpháirtíochta solúbtha ina dhearadh ionas go bhféadfar é a chur i bhfeidhm i gcásanna ina mbeidh sreabha agus réaltachtaí imirce difriúla. Is éard atá sa rannchuidiú dlúthpháirtíochta, a mbeidh oibleagáid ar na Ballstáit a chur ar fáil, athshocrú nó urraíocht le haghaidh filleadh, agus tá an deis ann freisin rannchuidiú le bearta arb aidhm dóibh acmhainn na mBallstát i réimse an tearmainn, an ghlactha agus an fhillidh, agus sa ghné sheachtrach, a neartú. Cuirfear oibleagáid rannchuidithe ar na Ballstáit trí sciar arna ríomh ar bhonn scála dáilte bunaithe 50 % ar olltáirgeacht intíre agus 50 % ar dhaonra. Áireofar sciar an Bhallstáit is tairbhí sa scála dáilte chun a áirithiú go bhfuil éifeacht á tabhairt ag na Ballstáit uile do phrionsabal na comhroinnte córa freagrachta.

Athshocrú

Áirítear i raon feidhme beartaithe an athshocraithe iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta nach bhfuil faoi réir an nós imeachta teorann de bhun Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn]. Aon nasc fiúntach idir an duine atá le hathshocrú agus Ballstát an athshocraithe, tá sé ionsuite mar eilimint nós imeachta. I gcásanna ina mbeidh brú imirce, cuirfear tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta san áireamh in athshocrú i gcomhair suas le 3 bliana ón uair a deonaíodh cosaint idirnáisiúnta do na daoine sin.

Urraíocht le haghaidh filleadh

Leis an Rialachán atá beartaithe, áirítear an fhéidearthacht do na Ballstáit an rannchuidiú dlúthpháirtíochta a sholáthar trí urraíocht le haghaidh filleadh. Faoin urraíocht le haghaidh filleadh, gabhann an Ballstát air féin tacú le Ballstát atá faoi bhrú imirce trí na gníomhaíochtaí is gá a chur i gcrích chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach agus a shainaithnítear ar leithligh a chur ar ais ó chríoch Bhallstáit atá ag baint tairbhe as beart dlúthpháirtíochta éigeantach, agus na Ballstáit i ndlúthchomhar lena chéile. Chun na críche sin, dhéanfadh an Ballstát is urraitheoir comhairle a chur ar fáil i dtaca le filleadh agus ath-lánpháirtiú, mar shampla, do náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach, cabhrú le filleadh deonach agus ath-lánpháirtiú na n‑imirceach neamhrialta agus clár agus acmhainní an tríú tír á n‑úsáid acu, an t‑idirphlé le tríú tíortha maidir le beartas a thionscnamh, agus tacú leis, chun athligean isteach na n‑imirceach neamhrialta, atá i láthair sa Bhallstát is tairbhí, a éascú, agus doiciméad taistil bailí a áirithiú. Ar a shon sin, mura n‑éireodh leis na hiarrachtaí sin tar éis 8 mí, dhéanfadh an Ballstát is urraitheoir na daoine lena mbaineann a aistriú agus leanfadh lena chuid iarrachtaí iad a fhilleadh i gcomhréir leis an Treoir um Fhilleadh 2008/115/AE 34 .

Na gníomhaíochtaí a chumhdaítear leurraíocht ar fhilleadh, is gníomhaíochtaí iad de bhreis na gníomhaíochtaí a dhéanann an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cóstan, agus áirítear iontu go sonrach gníomhaíochtaí nach féidir leis an nGníomhaireacht a chur chun feidhme de bhua a shainordaithe (e.g., tacaíocht taidhleoireachta a thairiscint don Bhallstát is tairbhí i gcaidrimh le tríú tíortha). I gcás ina dtugann Ballstáit le fios go ndéanfaidh siad urraíocht ar fhilleadh, cuirfidh siad in iúl freisin cé na tríú tíortha a bhfuil siad toilteanach tacú leis an bhfilleadh ina leith: tá an méid sin amhlaidh chun a áirithiú go n‑úsáidtear urraíocht chun náisiúnaigh tríú tír a fhilleadh go tíortha ar féidir leis na Ballstáit lena mbaineann luach breise a sholáthar dóibh.

·Bearta dlúthpháirtíochta i ndiaidh díbhordálacha de bharr oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála

Leagfar amach sa Tuarascáil ar Bhainistiú Imirce na réamh-mheastacháin ghearrthéarmacha ar gach bealach imirce ina ndéantar díbhordáil i ndiaidh oibríochtaí den sórt sin, agus leagfar amach chomh maith an fhreagairt dlúthpháirtíochta a mbeadh gá léi chun rannchuidiú le riachtanais Bhallstát na díbhordála, riachtanais a bhaineann le hathshocrú iarratasóirí lasmuigh den nós imeachta teorann nó le riachtanais acmhainne na mBallstát lena mbaineann. Léireofar sa tuarascáil freisin an sciar de bhearta dlúthpháirtíochta is gá do gach Ballstát agus sonrófar líon iomlán na náisiúnach tríú tír a chumhdófar leis na bearta dlúthpháirtíochta. Tabharfaidh na Ballstáit eile le fios ansin cén cineál beart dlúthpháirtíochta is mian leo a ghlacadh, bíodh sin trí athshocrú iarratasóirí nó bearta i réimse na hacmhainne nó tríd an ngné sheachtrach.

I gcás inar leordhóthanach an rannchuidiú ó na Ballstáit, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena mbunófar comhthiomsú dlúthpháirtíochta arb aidhm dó tacaíocht a thabhairt do Bhallstát na díbhordála in aghaidh na ndúshlán atá roimhe.

I gcás nach leordhóthanach an méid a léireoidh na Ballstáit i dtaca leis na riachtanais a shainaithnítear sa Tuarascáil ar Bhainistiú Imirce, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena leagfar amach sciar gach Ballstáit de réir an scála dáilte le haghaidh athshocrú. I gcás ina thugann Ballstáit le fios gur mian leo bearta a dhéanamh i réimse na hacmhainne nó sa ghné sheachtrach, bunóidh an Coimisiún na bearta sa ghníomh cur chun feidhme. Má tharlaíonn sé, áfach, i dtaca le líon na ndaoine nach mór a athshocrú, gur mó ná 30 % iad sin de thásca na mBallstát maidir le bearta a dhéanamh i réimse na hacmhainne nó sa ghné sheachtrach, áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh ar na Ballstáit sin leath dá sciar a thabhairt mar ranníocaíocht ar an athshocrú. Sna cásanna sin, féadfaidh na Ballstáit a bheartú rannchuidiú trí urraíocht le haghaidh filleadh.

Agus díbhordálacha ag tarlú i rith na bliana úsáidfidh an Coimisiún an comhthiomsú agus ullmhóidh sé liostaí de na daoine a bheidh le hathshocrú sna Ballstáit is rannchuiditheoir ó gach díbhordáil nó gach grúpa díbhordála. I gcás inar baol nach leordhóthanach an comhthiomsú dlúthpháirtíochta mar gheall ar líon na ndíbhordálacha, leasóidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme, agus leis sin leagfar amach bearta breise réamh-mheasta le haghaidh athshocrú do na Ballstáit ar leith is tairbhí, ar cheart uasteorainn 50 % den mhéid a leagtar amach sna gníomhartha cur chun feidhme a chur leo. Ina theannta sin, i gcás inar baola go mbeidh an Ballstát faoi bhrú imirce, féadfar a chomhthiomsú dlúthpháirtíochta a úsáid chun daoine a athshocrú go tapa go dtí go nglacfar an gníomh cur chun feidhme dá bhforáiltear le haghaidh cásanna ina mbeidh brú. Féadfar comhthiomsú Ballstát eile a úsáid chuige sin chomh maith ar choinníoll nach gcuirfidh sé feidhmiú a gcomhthiomsaithe sin i mbaol.

I gcás ina n‑aithneofar sa Tuarascáil ar Bhainistiú Imirce go bhfuil dúshláin faoi leith ann do na Ballstáit mar gheall ar náisiúnaigh tríú tír a bheith i láthair ar a gcríoch ar iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta iad agus iad leochaileach, féadfar an comhthiomsú dlúthpháirtíochta a úsáid freisin chun na daoine sin a athshocrú go tapa, gan beann ar an mbealach ar thrasnaigh siad na teorainneacha seachtracha.

Dlúthpháirtíocht éigeantach i gcásanna ina mbeidh brú imirce

Measúnú ar bhrú imirce agus ar an bhfreagairt dlúthpháirtíochta

I gcás ina gcuirfidh Ballstát an Coimisiún ar an eolas go measann sé go bhfuil sé faoi bhrú, lena n‑áirítear riosca brú mar thoradh ar líon mór daoine ag teacht isteach, lena n‑áirítear cásanna ina dtagann an líon mór sin ó oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, déanfaidh an Coimisiún an cás a mheasúnú agus an staid ghinearálta sa Bhallstáit áirithe sin á cur san áireamh, ar bhonn roinnt critéar agus ar bhonn na faisnéise a bheidh ar fáil, lena n‑áirítear an fhaisnéis a bhaileofar faoin Treoirphlean Ullmhachta agus Géarchéimeanna maidir le hImirce. I gcás ina léireofar sa mheasúnú go bhfuil Ballstát faoi bhrú imirce, déanfaidh an Coimisiún riachtanais fhoriomlána an Bhallstát a shainaithint agus léireoidh sé na bearta iomchuí is gá chun aghaidh a thabhairt ar an gcás, agus rannchuideoidh na Ballstáit eile ar fad trí bhearta athshocraithe nó urraíocht ar fhilleadh nó meascán de na bearta sin. I gcás inar Ballstát is tairbhí an Ballstát féin, ní bheidh aon cheangal air rannchuidiú leis an dlúthpháirtíocht. Léireoidh na Ballstáit sna Pleananna Freagartha Dlúthpháirtíochta, a chuirtear chuig an gCoimisiún, an cineál rannchuidithe a chuirfidh siad ar fáil.

Anuas air sin, i gcás ina léirítear sa tuarascáil ar bhrú imirce gur gá bearta dlúthpháirtíochta eile arb aidhm dóibh acmhainn na mBallstát i réimse an tearmainn, an ghlactha nó an fhillidh a neartú, nó gur gá bearta sa ghné sheachtrach chun aghaidh a thabhairt ar shreabha imirce, féadfaidh na Ballstáit is rannchuiditheoir na mbeart sin a léiriú ina bPleananna Freagartha Dlúthpháirtíochta in ionad athshocrú nó urraíocht le haghaidh filleadh. D’fhéadfadh na bearta sin a bheith i bhfoirmeacha éagsúla, mar shampla cúnamh chun acmhainneacht ghlactha fheabhsaithe a chur ar bun, lena n‑áirítear bonneagar nó córais eile chun dálaí glactha iarrthóirí tearmainn a fheabhsú. D’fhéadfaí a áirithiú leis sin freisin maoiniú dírithe ar an gcás tearmainn agus imirce i dtríú tír ar leith a bhainistiú a bhfuil sreabha imirce áirithe ag teacht uaithi chuig Ballstát. I réimse an fhillidh, d’fhéadfaí a áireamh leis na bearta sin, mar shampla, an cúnamh airgeadais nó cúnamh eile atá dírithe ar bhonneagar agus áiseanna, a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil chun forfheidhmiú fillteacha a fheabhsú nó chun ábhar nó modhanna iompair a sholáthar le haghaidh oibríochtaí a chur i gcrích. Sonrófar na rannchuidithe sin sa ghníomh cur chun feidhme, i gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil siad comhréireach le sciar an Bhallstáit agus i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach sa Chiste Tearmainn agus Imirce.

Má tharlaíonn sé, áfach, i dtaca le líon na ndaoine nach mór a athshocrú nó atá faoi réir urraíocht le haghaidh filleadh, gur mó ná 30 % iad de thásca na mBallstát maidir le bearta a dhéanamh i réimse na hacmhainne nó sa ghné sheachtrach, áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh ar na Ballstáit sin leath dá sciar a thabhairt mar ranníocaíocht ar na bearta sin.

Féadfaidh Ballstát laghdú ar a sciar a iarraidh freisin i gcás inar féidir leis a thaispeáint go raibh sé freagrach as níos mó ná dhá oiread mheán an Aontais per capita d’iarratais ar chosaint idirnáisiúnta le linn na 5 bliana roimhe sin, agus féadfaidh sé a iarraidh go ndéanfaí 10 % dá sciar a asbhaint. Déanfar an asbhaint a dháileadh go comhréireach ansin ar na Ballstáit eile.

Gníomhartha cur chun feidhme ón gCoimisiúin maidir le bearta dlúthpháirtíochta

Faoi cheann dhá sheachtain ó thíolacadh na bPleananna Freagartha Dlúthpháirtíochta, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena leagfar amach na bearta dlúthpháirtíochta a bheidh le déanamh ag na Ballstáit ar mhaithe leis an mBallstát atá faoi bhrú imirce.

Leagfar amach sa ghníomh cur chun feidhme líon iomlán na ndaoine a bheidh le hathshocrú agus/nó faoi réir urraíocht ar fhilleadh, agus cuirfear san áireamh acmhainn agus riachtanais an Bhallstáit is tairbhí, i réimse an tearmainn agus an fhillidh, a shainaithneofar sa mheasúnú agus sonrófar sciar gach Ballstáit ar bhonn scála dáilte a choigeartofar i gcomhréir leis na hiarrataí ó Bhallstáit a bhfuil sé léirithe acu go bhfuil siad incháilithe le haghaidh asbhainte. Ba cheart go sonrófaí ann freisin na bearta i réimse na forbartha acmhainne, na tacaíochta oibríochtúla, nó bearta sa ghné sheachtrach a bheidh le glacadh ag Ballstát is rannchuiditheoir in áit athshocrú nó urraíocht ar filleadh.

Glacfar an gníomh cur chun feidhme de réir Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, trína dtugtar de chumhacht don Choimisiún, ar mhórfhorais phráinne a bhfuil údar cuí leo de dheasca chás an bhrú imirce sa Bhallstát is tairbhí, gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh, gníomhartha a fhanfaidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse nach faide ná bliain amháin.

·Forálacha ginearálta maidir le Dlúthpháirtíocht

Fóram Dlúthpháirtíochta

I gcásanna ina mbeidh brú imirce, nuair nach mbeidh na ranníocaíochtaí dlúthpháirtíochta a léireoidh ag na Ballstáit sna Pleananna Freagartha Dlúthpháirtíochta ag teacht leis na riachtanais a shainaithneofar sa mheasúnú ar bhrú imirce, tionólfaidh an Coimisiún an Fóram Dlúthpháirtíochta a thabharfaidh deis do na Ballstáit catagóir a gcuid ranníocaíochtaí a choigeartú ina bPleananna Freagartha Dlúthpháirtíochta.

I gcás nach leor na ranníocaíochtaí dlúthpháirtíochta réamh-mheasta chun feidhmiú éifeachtúil na tacaíochta dlúthpháirtíochta a áirithiú le haghaidh díbhordálacha i ndiaidh oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, tionólfaidh an Coimisiún an Fóram Dlúthpháirtíochta sula nglacfaidh sé an gníomh cur chun feidhme breise dá bhforáiltear san Airteagal sin.

Cineálacha eile dlúthpháirtíochta

Féadfaidh Ballstát tacaíocht dlúthpháirtíochta dheonach a iarraidh aon uair ar Bhallstáit eile. Féadfaidh aon Bhallstát ranníocaíochtaí deonacha a dhéanamh ar mhaithe leis an mBallstát sin, lena n‑áirítear trí bhíthin iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a athshocrú faoi réir an nós imeachta i gcomhréir le Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn] nó ar mhaithe le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach. Ina theannta sin, féadfaidh na Ballstáit ranníocaíochtaí a dhéanamh ar bhonn deonach arb aidhm dóibh acmhainn na mBallstát a neartú i réimse an tearmainn, an ghlactha agus an fhillidh, agus sa ghné sheachtrach. Na Ballstáit a bhfuil ranníocaíocht déanta acu nó a bhfuil sé i gceist acu ranníocaíocht a dhéanamh le bearta dlúthpháirtíochta, cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas tríd an bPlean Tacaíochta Dlúthpháirtíochta atá i gceangal leis an togra seo a thíolacadh. I gcás ina mbeidh na ranníocaíochtaí deonacha sin ag teacht leis na bearta a leagtar amach i ngníomh cur chun feidhme maidir le brú imirce, bainfear leibhéal na ranníocaíochtaí a dhéanann na Ballstáit ón sciar a léireofar sa ghníomh cur chun feidhme.

Nós imeachta um athshocrú

Leis an Rialachán atá beartaithe leagfar amach na nósanna imeachta a bheidh le leanúint roimh an athshocrú agus ina dhiaidh mar aon le hoibleagáidí an Bhallstáit is tairbhí agus Bhallstát an athshocraithe araon. Áirítear in oibleagáidí an Bhallstáit is tairbhí forálacha a bhaineann le sainaithint agus clárú na ndaoine lena mbaineann chun críche athshocraithe agus an oibleagáid a áirithiú nach baol é an duine lena mbaineann don tslándáil náisiúnta nó don ord poiblí. I gcás ina gcinnfidh an Ballstát is tairbhí gur baol slándála den sórt sin é an duine lena mbaineann, ní dhéanfar an duine sin a athshocrú. I gcás inar iarratasóir an duine atá le hathshocrú, ní mór don Bhallstát is tairbhí a mheasúnú go príomha freisin nach féidir gurb é féin a chinnfear mar an Ballstát atá freagrach de bhun na gcritéar a bhaineann le hathaontú teaghlaigh nó cónaí/víosa sula gcuirtear an nós imeachta um athshocrú i bhfeidhm, ó bheadh nasc láidir idir na daoine sin agus an Ballstát is tairbhí agus nár cheart iad a athshocrú in áit éigin eile. Áirítear ar oibleagáidí Bhallstát an athshocraithe an oibleagáid duine nach baol é don tslándáil náisiúnta ná don ord poiblí a athshocrú, agus, i gcás inar iarratasóir an duine sin, an nós imeachta lena gcinnfear an Ballstát atá freagrach a chur i gcrích i gcás nach ndearnadh é sin sa Bhallstát is tairbhí. I gcás inar tairbhí de chosaint idirnáisiúnta an duine, ní mór do Bhallstát an athshocraithe an stádas faoi seach a dheonaíonn an Ballstát is tairbhí a dheonú go huathoibríoch, chun a áirithiú go gcoimeádfaidh an tairbhí a stádas agus a chearta comhfhreagracha in ainneoin go n‑athshocraítear go Ballstát eile é.

Nós imeachta um urraíocht ar fhilleadh

Ballstát a gheallann urraíocht ar fhilleadh a sholáthar, ní mór dó dul i dteagmháil agus dlúthchomhordú a dhéanamh leis an mBallstát is tairbhí chun na bearta tacaíochta sonracha a chinneadh, bearta is gá chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach agus a shainaithnítear ar leithligh a fhilleadh ó chríoch an Bhallstáit is tairbhí. Bunaithe ar thoradh an chomhordaithe idir na Ballstáit lena mbaineann, ba é an Ballstát is urraitheoir a ghlacfadh na bearta is gá arb aidhm dóibh nósanna imeachta um fhilleadh a éascú agus a chur i gcrích ar bhealach rathúil, mar shampla trí thacaíocht a sholáthar le haghaidh filleadh deonach cuidithe agus ath-lánpháirtiú, idirphlé beartais le tríú tíortha ar leith a stiúradh nó tacú leis, sainaithint agus seachadadh doiciméad taistil bailí a áirithiú nó na socruithe praiticiúla le haghaidh oibríochtaí um fhilleadh, cuir i gcás cairteitiltí nó eitiltí sceidealaithe, a eagrú. Ag an bpointe sin, beidh an Ballstát is tairbhí freagrach mar sin féin as nósanna imeachta um fhilleadh a chur i gcrích (e.g. an cinneadh um fhilleadh, nó achomhairc, a eisiúint) i ndáil leis na daoine lena mbaineann agus déanfaidh sé an Treoir um Fhilleadh a chur i bhfeidhm.

Chuirfeadh na Ballstáit is urraitheoirí na bearta tacaíochta i bhfeidhm le linn tréimhse réamhshocraithe ama, arna shocrú ag 8 mí. Thosódh an tréimhse sin an lá a ghlacfadh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme maidir le dlúthpháirtíocht i gcásanna brú imirce. Mura mbeadh na náisiúnaigh tríú tír a ndéanfaí urraíocht orthu fós faoi réir cinneadh um fhilleadh tráth a nglacfaí an gníomh cur chun feidhme, dhéanfaí an tréimhse a chomhaireamh ag tosú ón uair a d’eiseofaí na cinntí um fhilleadh nó, i gcás ina ndéanfadh na daoine iarratas ar thearmann, nach raibh an rath orthu agus a fuair cinntí um fhilleadh mar thoradh, dhéanfaí í a chomhaireamh ón uair nach mbeadh an ceart níos mó ag na náisiúnaigh tríú tír fanacht sa tír agus nach ligfí dóibh fanacht.

I gcás nár éirigh leis na Ballstáit lena mbaineann, d’ainneoin a n‑iarrachtaí comhpháirteacha, fillteacha a chur i gcrích go rathúil, d’aistreofaí na náisiúnaigh tríú tír go críoch an Bhallstáit is urraitheoir ar dhul in éag na tréimhse 8 mí. Chun na críche sin, bheadh feidhm mutatis mutandis ag an nós imeachta a thuairiscítear sa roinn roimhe seo.

·Tacaíocht airgeadais

Foráiltear sa togra maidir le dreasachtaí airgeadais le haghaidh athshocrú. Tabharfar ranníocaíocht airgeadais EUR 10,000 i leith gach duine a athshocrófar (lena n‑áirítear urraíocht le haghaidh filleadh leantach mura raibh rath ar an bhfilleadh). EUR 12,000 a bheidh sa ranníocaíocht i gcás inar mionaoiseach neamhthionlactha an duine a athshocrófar. Anuas air sin, tabharfar ranníocaíocht airgeadais EUR 500 chun costais aistrithe daoine a chumhdach i dtaca le hathshocrú agus leis na nósanna imeachta a leagtar amach sa Rialachán seo.

·Leasuithe ar ionstraimí reachtacha eile

Áirítear sa togra leasú ar Rialachán (AE) XXX/XXX [Ciste Tearmainn agus Imirce] chun na forálacha airgeadais a thabhairt isteach ar a bhfuil an Rialachán beartaithe seo bunaithe.

Áirítear chomh maith sa togra leasú ar Threoir 2003/109/CE (Treoir um Chónaí Fadtéarmach). Maidir leis na daoine a bhfuil cosaint de dhíth orthu, beidh an t‑ionchas go mbeifear in ann stádas cónaitheora fadtéarmach a fháil i dtréimhse ama níos giorra ina chéim mhór i dtreo tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta a lánpháirtiú sa Bhallstát cónaithe. Ba cheart do thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta a bheith in ann stádas cónaitheora fadtéarmach a fháil sa Bhallstát a dheonaigh cosaint idirnáisiúnta dóibh tar éis trí bliana de chónaí leanúnach dlíthiúil sa Bhallstát sin, agus go n‑áiritheofaí le haghaidh na gcoinníollacha eile chun an stádas a fháil, go mbeidh tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta faoi réir na gcoinníollacha céanna agus a bheidh náisiúnaigh eile tríú tír.

5.3.An nós imeachta lena gcinnfear freagracht a chuíchóiriú agus a éifeachtúlacht a fheabhsú

D’fhonn a áirithiú go bhfeidhmeoidh an nós imeachta, lena gcinnfear cé atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, go rianúil agus ar mhodh inbhuanaithe, go n‑éireoidh leis rochtain thapa a thabhairt ar an nós imeachta scrúdúcháin agus ar chosaint do na daoine atá ina chall, agus go ndíspreagfar gluaiseachtaí neamhúdaraithe, moltar roinnt athruithe ar an gcóras, mar atá:

·An oibleagáid ar an iarratasóir iarratas a dhéanamh i mBallstát na chéadiontrála neamhrialta nó, i gcás gur dlíthiúil dó a bheith ann, sa Bhallstát sin ina bhfuil sé tráth déanta an iarratais, mar a moladh in 2016. Ní mór don iarratasóir ansin a bheith i láthair sa Bhallstát sin le linn nós imeachta an chinnidh, agus sa Bhallstát atá freagrach tar éis an chinnidh sin. Féachtar, leis sin, leis an sreabha a bhainistiú ar mhodh ordúil ionas gur féidir an Ballstát atá freagrach a chinneadh, agus dá réir sin rochtain níos tapa ar an nós imeachta maidir le cosaint idirnáisiúnta a dheonú, agus gluaiseachtaí neamhúdaraithe a dhíspreagadh. Trí bhíthin an leasaithe seo, soiléirítear nach bhfuil sé de cheart ag an iarratasóir Ballstát an iarratais a roghnú, ná an Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas a roghnú ach oiread. I gcás nach gcomhlíontar an oibleagáid sin, ní bheidh an t‑iarratasóir i dteideal cearta glactha ábhartha ach san áit sin a gceanglaítear air a bheith i láthair ann.

·Cuirtear daoine ar ar deonaíodh cosaint láithreach de bhun Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialacháin lena dtugtar aghaidh ar ghéarchéimeanna agus force majeure i réimse an tearmainn agus na himirce] san áireamh sa sainmhíniú ar iarratasóir chun a áirithiú, cé go bhfuil a n‑iarratais ar feitheamh (ar fionraí), nach scaoiltear an Ballstát a dheonaigh an stádas cosanta óna oibleagáid an Ballstát atá freagrach as an iarratas a scrúdú a chinneadh agus na critéir agus na sásraí a leagtar amach sa Rialachán seo a urramú. I gcás ina gcinnfear gur Ballstát eile é an Ballstát atá freagrach, ba cheart deireadh a theacht leis an gcosaint láithreach tráth a gcuirtear an t‑aistriú i gcrích. I gcás ina n‑aistreodh na daoine lena mbaineann go Ballstáit eile agus ina ndéanfaidís iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ann, bheadh an oibleagáid freisin ar an mBallstát atá freagrach iad a ghabháil ar ais de bhun na nósanna imeachta a leagtar amach sa Rialachán seo.

·Mar a moladh in 2016, sula gcuirtear i bhfeidhm an critéar lena gcinnfear an Ballstát atá freagrach, tugtar isteach leis an Rialachán oibleagáid ar Bhallstáit a áirithiú nach baol é an duine do shlándáil náisiúnta ná d’ord poiblí Ballstáit sula gcuirtear aistriú i gcrích. Tá feidhm ag an oibleagáid sin maidir le haon duine atá faoi réir na nósanna imeachta a leagtar amach sa Rialachán, cé nach raibh an duine sin faoi réir scagtha nó ar aon chúis eile nach ndearnadh seiceálacha slándála air. Is faoin gcéad Bhallstát inar cláraíodh an t‑iarratas a mheasúnú an bhfuil forais réasúnacha ann lena mheas gur baol an t‑iarratasóir do shlándáil náisiúnta nó d’ord poiblí Ballstáit sula gcuirtear an critéar freagrachta i bhfeidhm. Má léirítear sa mheasúnú gur baol slándála atá san iarratasóir, beidh an Ballstát sin ar an mBallstát atá freagrach. Sa chás gur baol slándála é an duine lena mbaineann tar éis don fhreagracht a bheith cinnte cheana, féadfaidh an t‑aistriú tarlú, ar choinníoll go n‑urramaítear an nós imeachta sonrach lena dtagraítear don mhalartú faisnéise a bhaineann leis an tslándáil.

·Cuirtear leis an gceanglas comhair atá ar iarratasóirí d’fhonn a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis go léir is gá ag na húdaráis lena gcinnfear an Ballstát atá freagrach agus cibé atá an t‑iarratasóir incháilithe le haghaidh cosaint idirnáisiúnta nó nach bhfuil, agus chun imchéimniú na rialacha, go háirithe éalú, a chosc. Leagtar amach sa Rialachán oibleagáidí comhréireacha atá ar na hiarratasóirí i dtaca leis na heilimintí agus an fhaisnéis sin go léir is ábhartha don chinneadh maidir le cé acu Ballstát atá freagrach a chur ar fáil go prap, agus i dtaca leis an gcomhoibriú le húdaráis inniúla na mBallstát. Luaitear go sonrach freisin go bhfuil oibleagáid ar an iarratasóir a bheith i láthair, agus ar fáil do na húdaráis sa Bhallstát ábhartha, agus nach mór dó an cinneadh aistrithe a urramú. I gcás nach gcomhlíonann an t‑iarratasóir a chuid oibleagáidí dlíthiúla, beidh iarmhairtí nós imeachta comhréireacha aige sin don duine sin e.g. toirmeasc ar ghlacadh le faisnéis a tíolacadh rómhall, nuair nach raibh bonn cirt leis an rómhoill sin.

·Leathnaítear, leis an Rialachán seo, raon feidhme na faisnéise nach mór a chur ar fáil don iarratasóir. Maidir leis an agallamh pearsanta, is é a chuspóir sin an nós imeachta lena gcinntear an Ballstát atá freagrach a éascú trí chúnamh a thabhairt leis an bhfaisnéis riachtanach ar fad a chruinniú. Ach ní ceadmhach go gcuirfí moill dá bharr ar an nós imeachta i gcás ina n‑éalaíonn an t‑iarratasóir tar nó i gcás nár cuireadh dóthain faisnéise ar fáil roimhe sin.

·An riail sin gur ar bhonn na staide ina raibh cúrsaí nuair a cláraíodh an t‑iarratas leis an mBallstát den chéad uair a chinnfear na critéir, beidh feidhm aici i dtaca le gach critéar, lena n‑áirítear na critéir um baill teaghlaigh agus mionaoisigh. Trí bhíthin scoithdháta soiléir faoi nach mór faisnéis ábhartha a sholáthar, beifear in ann measúnú agus cinneadh a dhéanamh go tapa.

·Déantar sa Rialachán an sainmhíniú leathnaithe a moladh in 2016, ar an té is ball teaghlaigh ann, a choinneáil ar dhá bhealach: (1) áirítear feasta siblíní an iarratasóra agus (2) áirítear feasta baill teaghlaigh ar tháinig ann dóibh ó fhágáil na tíre tionscnaimh agus roimh theacht isteach ar chríoch an Bhallstáit. Catagóir spriocdhírithe, ach catagóir thábhachtach, iad siblíní mar gur furasta go leor an gaol a chruthú agus a sheiceáil, rud a fhágann nach móide go ndéanfar an córas a mhí-úsáid. An leathnú raoin sin, faoina n‑áirítear feasta teaghlaigh a bunaíodh le linn an idirthurais, is léiriú é ar rud atá tagtha sa saol le deireanas i dtaca leis an imirce i.e. gur minic fuireach fada á dhéanamh ag dídeanaithe lasmuigh dá dtír thionscnaimh, lena n‑áirítear i gcampaí dídeanaithe, roimh theacht go dtí an tAontas Eorpach dóibh. Tá sé d’aidhm ag na leathnuithe spriocdhírithe sin ar shainmhíniú an teaghlaigh nasc fiúntach a sholáthar idir an duine lena mbaineann agus an Ballstát atá freagrach, ag cur san áireamh chomh maith na himpleachtaí níos leithne do na teaghlaigh lena mbaineann; meastar freisin, dá bhrí sin, go laghdófar an riosca atá ann go dtarlóidh gluaiseachtaí neamhúdaraithe nó go n‑éalóidh daoine a chuimsítear sna rialacha leathnaithe.

·Cuirtear níos mó solúbthachta leis na rialacha maidir leis an bhfianaise is gá chun freagracht a bhunú, go háirithe chun athaontú teaghlaigh éifeachtúil a éascú. Soiléirítear sna rialacha nár cheart gá a bheith le cruthúnas foirmiúil, cosúil le fianaise dhoiciméadach agus tástáil DNA, i gcásanna ina bhfuil an fhianaise imthoisceach comhleanúnach, infhíoraithe agus mionsonraithe go leor chun teacht ar chinneadh maidir le freagracht.

·Moltar roinnt modhnuithe chun na critéir freagrachta a leagtar amach in Airteagail 19, 21 agus 22 a chuíchóiriú agus a neartú. Chun cobhsaíocht an chórais a fheabhsú, soiléirítear in Airteagal 19 na critéir freagrachta maidir le víosaí agus doiciméid chónaithe, agus cuirtear síneadh 3 bliana faoi seach lena gcur i bhfeidhm. Sa tslí chéanna, an clásal lena mbeartófaí scor freagrachta dhá mhí dhéag tar éis dul isteach neamhrialta, cuirtear síneadh leis an gclásal sin go dtí 3 bliana in Airteagal 21 maidir le dul isteach neamhrialta, agus scriostar an clásal faoi fhanacht neamhdhleathach ó tharla gur chasta an fhoráil sin a chur i bhfeidhm sa chleachtas toisc a dheacra a bheadh sé an cruthúnas is gá a sholáthar. I dtaca leis na critéir um dhul isteach faoi tharscaoileadh víosa, scriostar freisin an eisceacht a bhaineann le dul isteach sna Ballstáit sin ina bhfuil tarscaoileadh déanta ar an ngá go mbeadh víosa ina sheilbh ag duine, i gcomhréir leis an gcur chuige sin faoinar cheart, de ghnáthchleachtas, do Bhallstát an chéad dul isteach a bheith freagrach agus d’fhonn cosc a chur, tar éis an dul isteach, ar ghluaiseachtaí neamhúdaraithe.

·Ina theannta sin, cuirtear critéar nua isteach a bhaineann le seilbh dioplóma nó cáilíocht arna n‑eisiúint ag institiúid oideachais bunaithe ag Ballstát, chun a áirithiú gur féidir le hiarratasóir a iarratas a bheith scrúdaithe ag Ballstát lena bhfuil nasc fiúntach aige. Ba cheart go mbeadh an dioplóma nó an cháilíocht sin ar leibhéal atá cothrom, ar a laghad, le hoideachas meánscoile coibhéiseach le leibhéal 2 den Aicmiú Idirnáisiúnta Caighdeánach ar an Oideachas, oibrithe ag bunaíocht oideachais nó ag institiúid ardoideachais a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2016/801 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 35 , i gcomhréir le dlí náisiúnta nó cleachtas riaracháin na mBallstát.

·Bunaítear leis an Rialachán seo teorainneacha ama giorraithe le haghaidh chéimeanna éagsúla an nós imeachta, chun dlús a chur le nós imeachta an chinnidh chun rochtain níos tapúla a thabhairt don iarratasóir ar an nós imeachta tearmainn. Baineann seo leis na teorainneacha ama a leagtar amach chun iarraidh ar ghabháil ar láimh a chur isteach agus a fhreagairt, cé is moite de mhionaoisigh neamhthionlactha, chun fógra maidir le gabháil ar ais a dhéanamh, agus chun cinneadh aistrithe a dhéanamh.

·Ní fhágfaidh dul in éag na sprioc-amanna go mbogfar an fhreagracht ó Bhallstát amháin go chéile ach i gcásanna áirithe. Tá an chuma ar an scéal go raibh bogadh den chineál sin ina spreagadh leis na rialacha a shárú agus bac a chur ar an nós imeachta. Scriosadh dá bhrí sin na rialacha is cúis le bogadh na freagrachta i gcás ina bhfuil an teorainn ama chun fógra faoi ghabháil ar ais dulta in éag, mar aon leis na rialacha is cúis le scor nó bogadh freagrachta mar gheall ar iompar an iarratasóra. Má éalaíonn an t‑iarratasóir ó Bhallstát, chun aistriú go dtí an Ballstát atá freagrach a sheachaint, féadfaidh Ballstát an aistrithe an t‑am a bheidh fágtha den teorainn ama 6 mhí a úsáid chun an t‑aistriú a chur i gcrích ón bpointe a mbeidh an t‑iarratasóir ar fáil arís do na húdaráis.

·Mar a moladh in 2016, rinneadh fógraí simplí faoi ghabháil ar ais de na hiarrataí ar ghabháil ar ais, ós rud é gur léir ón amas Eurodac an Ballstát a bheidh freagrach. Tabharfar an deis anois don Bhallstát a gheobhaidh an fógra agóid a dhéanamh i gcoinne an fhógra ar na forais go bhfuil feidhm ag na rialacha teoranta maidir le bogadh agus scor freagrachta, i.e. i gcás nár aistrigh Ballstát eile an duine go dtí an Ballstát atá freagrach in am, gur chuir an Ballstát sin an clásail lánroghnacha i bhfeidhm, nó gur fhág an duine lena mbaineann críoch na mBallstát i gcomhréir le cinneadh um fhilleadh. Uirlis nach beag a tábhacht a bheidh san uirlis seo le dul i ngleic le gluaiseachtaí neamhúdaraithe i bhfianaise gur flúirsí faoi láthair líon na n‑iarrataí ar ghabháil ar ais ná na n‑iarrataí ar ghabháil ar láimh.

·Táthar tar éis oibleagáid bhreise a chur ar an mBallstát atá freagrach tairbhí den chosaint idirnáisiúnta nó duine athlonnaithe a ghabháil ar ais i gcás ina ndearna an duine sin iarratas i mBallstát eile nó i gcás ina bhfuil sé i mBallstát eile go neamhrialta. Tabharfaidh an oibleagáid seo do na Ballstáit an uirlis dhlíthiúil sin is gá chun aistrithe ar ais a chur i bhfeidhm, rud atá den tábhacht sin agus gluaiseachtaí neamhúdaraithe á dteorannú.

·Rinneadh na rialacha maidir le leigheasanna a oiriúnú chun dlús nach beag a chur leis an nós imeachta achomhairc agus é a chomhchuibhiú. Mar aon le soiléiriú a dhéanamh ar cheart an iarratasóra éifeacht fionraíochta a iarraidh i dtaca le cinneadh aistrithe le linn achomhairc nó athbhreithnithe, leagtar síos leis an togra teorainn ama shonrach ghearr do na cúirteanna nó na binsí chun na cinntí sin a ghlacadh.

·Leasaítear an nós imeachta idir-réitigh, nár úsáideadh, mar shásra réitithe díospóide, ar bhonn foirmiúil ó rinneadh foráil dó (i riocht a bhí beagán difriúil áfach) i gCoinbhinsiún Bhaile Átha Cliath 1990, chun é a dhéanamh níos oibríochtúla agus chun a úsáid a éascú.

·Gabhfaidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (nuabhunaithe) ar láimh na cuspóirí atá ag an sásra reatha don réamhrabhadh agus don ullmhacht, mar a leagtar amach go háirithe i gCaibidil 5 (faireachán agus measúnú) agus i gCaibidil 6 (cúnamh oibríochtúil agus teicniúil) den togra maidir le Gníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh don Tearmann. Déantar sa Rialachán seo scriosadh an tsásra sin, a moladh in 2016, a choinneáil.

·Tá líonra d’aonaid fhreagracha á chur ar bun agus á éascú ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann chun comhar praiticiúil agus comhroinnt faisnéise a fheabhsú i dtaca le gach a mbaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena n‑áirítear forbairt a dhéanamh ar uirlisí praiticiúla agus ar threoir phraiticiúil.

·I dtaca le mionaoisigh gan tionlacan, soiléirítear sa togra gurb é an Ballstát sin inar thaisc an mionaoiseach an t‑iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a bheidh freagrach ach amháin i gcás ina léirítear nach chun leasa an linbh gurb amhlaidh a bheadh. Trí bhíthin na rialach seo, beifear in ann cinneadh thapa a dhéanamh i dtaobh an Bhallstáit atá freagrach agus rochtain thapa ar an nós imeachta a thabhairt don ghrúpa iarrthóirí leochaileacha sin agus déanfar sin chomh maith i bhfianaise na dteorainneacha ama giorraithe a bheartaítear.

·Glactar an fhoráil maidir le ráthaíochtaí i dtaobh mionaoiseach gan tionlacan chun go mbeidh an measúnú ar leas an linbh níos oibríochtúla. Dá réir sin, sula n‑aistreofar mionaoiseach gan tionlacan chuig Ballstát eile, áiritheoidh Ballstát an aistrithe go nglacfaidh an Ballstát eile sin, gan mhoill, gach beart is gá de réir an Rialacháin maidir leis an nós imeachta tearmainn agus de réir na Treorach maidir le Coinníollacha Glactha. Leagtar amach freisin sa Rialachán nach mór, sula gcinntear mionaoiseach gan tionlacan a aistriú, go ndéanfadh foireann atá oilte ar an gcúram measúnú ar leas an linbh, gan mhoill.

2020/0279 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le bainistiú tearmainn agus imirce agus lena leasaítear Treoir (CE) 2003/109 ón gComhairle agus an Rialachán (AE) XXX/XXX atá beartaithe [an Ciste Tearmainn agus Imirce]

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 78(2)(e) agus Airteagal 79(2)(a),(b) agus (c) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 36 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 37 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Agus limistéar saoirse, slándála agus ceartais á chomhdhéanamh aige, ba cheart don Aontas a áirithiú nach mbeidh rialuithe teorann inmheánaí ann do dhaoine agus ba cheart dó comhbheartas a bhunú maidir le tearmann, inimirce agus teorainneacha seachtracha an Aontais a bhainistiú, a bheadh bunaithe ar an dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit agus lena dtabharfaí cothrom na Féinne do náisiúnaigh tríú tír.

(2)Chuige sin, d’fhonn an mhuinín fhrithpháirteach idir na Ballstáit a neartú tá cur chuige cuimsitheach ag teastáil lenar cheart beartas a thabhairt le chéile maidir leis na réimsí bainistithe tearmainn agus imirce agus i dtreo an chaidrimh le tríú tíortha ábhartha, agus aitheantas á thabhairt go bhfuil éifeachtacht an chur chuige sin ag brath ar aghaidh a thabhairt go comhpháirteach agus ar bhealach comhtháite ar gach comhpháirt de.

(3)Ba cheart an Rialachán seo a bheith ina rannchuidiú leis an gcur chuige cuimsitheach sin trí chreat comhchoiteann a leagan amach le haghaidh ghníomhaíochtaí an Aontais agus na mBallstát i réimse na mbeartas maidir le bainistiú tearmainn agus imirce, trí phrionsabal na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte córa freagrachta a léiriú go mion i gcomhréir le hAirteagal 80 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit na bearta uile is gá a dhéanamh, inter alia, chun rochtain ar chosaint idirnáisiúnta agus ar dhálaí glactha leordhóthanacha a sholáthar dóibhsean atá i ngátar, chun cur i bhfeidhm éifeachtach na rialacha maidir leis an mBallstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a chumasú, chun náisiúnaigh tríú tír atá i láthair go neamhdhleathach a fhilleadh, chun imirce neamhrialta agus gluaiseachtaí neamhúdaraithe eatarthu a chosc, agus chun tacaíocht a thabhairt do Bhallstáit eile i bhfoirm ranníocaíochtaí dlúthpháirtíochta, mar an rannchuidiú dá gcuid leis an gcur chuige cuimsitheach.

(4)Ba cheart don chreat comhchoiteann bainistiú an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn agus bainistiú an bheartais imirce a thabhairt le chéile. Ba cheart é a bheith mar chuspóir leis an mbeartas imirce a áirithiú go ndéanfar sreabha imirce a bhainistiú go héifeachtúil, go gcaithfear go cothrom le náisiúnaigh tríú tír atá ina gcónaí go dlíthiúil sna Ballstáit, go ndéanfar imirce neamhdhleathach agus smuigleáil imirceach a chosc agus go ndéanfar bearta feabhsaithe chun iad a chomhrac.

(5)Teastaíonn an creat comhchoiteann chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar an bhfeiniméan ina dtagann meascán daoine isteach a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth ar chuid acu agus nach bhfuil ar a thuilleadh díbh, feiniméan atá ag dul i méid, agus mar aitheantas nár cheart go mbeadh ar na Ballstáit aonair dul i ngleic leis an dúshlán a bhaineann le himircigh a bheith ag teacht isteach san Aontas go neamhrialta ach gur cheart go mbeadh ar an Aontas ina iomláine dul i ngleic leis. Chun a áirithiú go mbeidh na huirlisí is gá ag na Ballstáit chun an dúshlán sin a bhainistiú go héifeachtach, ba cheart d’imircigh neamhrialta, chomh maith le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta, teacht faoi réim raon feidhme an Rialacháin seo freisin. Ba cheart tairbhithe cosanta idirnáisiúnta agus daoine a ligtear isteach nó daoine athlonnaithe, chomh maith le daoine dá dtugtar cosaint láithreach, a áireamh i raon feidhme an Rialacháin seo freisin.

(6)Chun léiriú a thabhairt ar an gcur chuige uile-rialtais agus chun comhleanúnachas agus éifeachtacht a áirithiú sna gníomhaíochtaí agus sna bearta a ghlacann an tAontas agus a chuid Ballstát, ag gníomhú dóibh laistigh dá ninniúlachtaí faoi seach, tá gá le ceapadh beartas atá comhtháite sa réimse bainistithe tearmainn agus imirce, lena náirítear a chomhpháirteanna inmheánacha agus seachtracha araon, ar cuid den chur chuige cuimsitheach é.

(7)Ba cheart acmhainní daonna agus airgeadais leordhóthanacha agus bonneagar leordhóthanach a bheith ag na Ballstáit chun beartais maidir le bainistiú tearmainn agus imirce a chur chun feidhme go héifeachtach agus ba cheart dóibh comhordú iomchuí a áirithiú idir na húdaráis náisiúnta ábhartha agus le húdaráis náisiúnta na mBallstát eile chomh maith.

(8)Agus cur chuige straitéiseach á ghlacadh aige, ba cheart don Choimisiún Straitéis Eorpach um Bainistiú Tearmainn agus Imirce a ghlacadh maidir le beartais maidir le bainistiú tearmainn agus imirce a chur chun feidhme. Ba cheart don Straitéis a bheith bunaithe ar thuarascálacha agus anailísí ábhartha a dhéanfaidh gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus ar straitéisí náisiúnta na mBallstát.

(9)I straitéisí náisiúnta na mBallstát ba cheart go náireofaí faisnéis maidir le pleanáil theagmhasach agus cur chun feidhme phrionsabail an cheaptha beartas atá comhtháite agus phrionsabail na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte córa freagrachta sa Rialachán seo agus oibleagáidí dlíthiúla a eascraíonn as sin ar an leibhéal náisiúnta.

(10)D’fhonn a áirithiú go mbeidh córas éifeachtach faireacháin i bhfeidhm chun cur i bhfeidhm an acquis tearmainn a áirithiú, ba cheart torthaí an fhaireacháin a dhéanfaidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus Frontex agus torthaí an fhaireacháin a dhéanfar i gcomhréir le Rialachán Uimh. 1053/2013 ón gComhairle, chomh maith leosan a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán um Scagadh], a chur san áireamh sna straitéisí sin freisin.

(11)Ag tabhairt ar aird a thábhachtaí atá sé a áirithiú go bhfuil an tAontas réidh le coigeartú, agus in ann chuige, le haghaidh réadúlachtaí an bhainistithe tearmainn agus imirce, a bhíonn ag forbairt agus ag athrú, ba cheart don Choimisiún Tuarascáil ar Bhainistiú Imirce a ghlacadh go bliantúil, tuarascáil ina leagfaí amach an éabhlóid is dócha a thiocfaidh ar staid na himirce agus ullmhacht an Aontais agus na mBallstát freagairt di agus iad féin a oiriúnú di. Ba cheart torthaí an tuairiscithe ar fhaireachán dá bhforáiltear sna straitéisí náisiúnta a chun san áireamh sa Tuarascáil freisin agus ba cheart feabhsuithe a mholadh i gcás inar léir go bhfuil laigí ann.

(12)Chun a áirithiú go mbeidh na huirlisí is gá ann chun cuidiú leis na Ballstáit agus iad ag déileáil leis na dúshláin a d’fhéadfadh teacht chun cinn de bharr náisiúnaigh tríú tír ar iarratasóirí leochaileacha ar chosaint idirnáisiúnta iad a bheith i láthair ina gcríoch, is cuma cén dóigh a dtáinig siad thar na teorainneacha seachtracha, ba cheart a léiriú sa Tuarascáil freisin má bhíonn ar na Ballstáit i gceist aghaidh a thabhairt ar na dhúshláin sin. Ba cheart do na Ballstáit sin a bheith in ann brath ar an ‘gcomhthiomsú dlúthpháirtíochta’ chun daoine leochaileacha a athshocrú.

(13)Chun an creat comhchoiteann a chur chun feidhme go héifeachtach agus chun bearnaí a shainaithint, chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin agus chun méadú ar bhrú imirce a chosc, ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar staid na himirce agus tuairisciú a dhéanamh uirthi go tráthrialta.

(14)Is gné fhíor-riachtanach de bhainistiú tearmainn agus imirce san Aontas é beartas éifeachtach um fhilleadh, lenar cheart, maidir leosan nach bhfuil ceart fanachta acu i gcríoch an Aontais, a bheith orthu filleadh. Ós rud é go bhféadfaí a mheas go bhfuil sciar suntasach d’iarratais ar chosaint idirnáisiúnta gan bhunús, is gá éifeachtacht an bheartais um fhilleadh a neartú. Trí éifeachtúlacht na bhfillteacha a fheabhsú agus trí na bearnaí idir nósanna imeachta um thearmann agus um fhilleadh a laghdú, laghdófaí ar an mbrú ar an gcóras tearmainn, rud a d’éascódh cur i bhfeidhm na rialacha maidir leis an mBallstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar na hiarratais sin a chinneadh mar aon le cur le rochtain éifeachtach ar chosaint idirnáisiúnta dóibhsean a bhfuil sí de dhíth orthu.

(15)Chun an comhar le tríú tíortha sa réimse a bhaineann le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh agus a athligean isteach, ní mór sásra nua a fhorbairt, lena náirítear gach beartas agus uirlis ábhartha de chuid an Aontais, chun feabhas a chur ar chomhordú na ngníomhaíochtaí éagsúla a fhéadfaidh an tAontas agus na Ballstáit a dhéanamh i réimsí beartais éagsúla seachas an imirce. Leis an sásra sin ba cheart cur leis an anailís a dhéantar i gcomhréir le Rialachán (AE) 810/2019 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 38 nó le haon fhaisnéis eile atá ar fáil, agus ba cheart caidreamh foriomlán an Aontais leis an tríú tír a chur san áireamh. Ba cheart an sásra sin a bheith ina thaca le hurraíocht ar an bhfilleadh a chur chun feidhme freisin.

(16)Chun comhroinnt chóir freagrachta agus cothromaíocht iarrachta idir na Ballstáit a áirithiú, ba cheart sásra dlúthpháirtíochta a bhunú a bheidh éifeachtach agus lena náiritheofar go mbeidh rochtain thapa ag iarratasóirí ar na nósanna imeachta um chosaint idirnáisiúnta a dheonú. Ba cheart don sásra sin foráil a dhéanamh maidir le cineálacha éagsúla beart dlúthpháirtíochta agus ba cheart go mbeadh sé solúbtha agus ábalta ar oiriúnú le haghaidh chineál athraitheach na ndúshlán imirce a dtugann na Ballstáit aghaidh orthu.

(17)Ós rud é gur gá feidhmiú rianúil an tsásra dlúthpháirtíochta a bhunaítear leis an Rialachán seo a áirithiú, ba cheart don Choimisiún Fóram Dlúthpháirtíochta a mbeidh na hionadaithe ar gach Ballstát ina mbaill de a bhunú agus a thionól.

(18)I bhfianaise shaintréithe sonracha na ndíbhordálacha a tharlaíonn i gcomhthéacs oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála a dhéanann na Ballstáit nó eagraíochtaí príobháideacha i gcomhthéacs na himirce, pé acu faoi threoir ó Bhallstáit nó go huathrialach é, ba cheart foráil a dhéanamh leis an Rialachán seo maidir le próiseas sonrach is infheidhme maidir le daoine a dhíbhordáiltear tar éis na noibríochtaí sin gan beann ar bhrú imirce a bheith ann nó gan a bheith.

(19)I bhfianaise chineál athfhillteach na ndíbhordálacha ó oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála ar na bealaí imirce éagsúla, ba cheart a leagan amach sa Tuarascáil bhliantúil ar Bhainistiú Imirce na réamh-mheastacháin ghearrthéarmacha ar dhíbhordálacha a bhfuil coinne leo le haghaidh na noibríochtaí sin agus an fhreagairt dlúthpháirtíochta a bheadh ag teastáil chun rannchuidiú le riachtanais na mBallstát díbhordála. Ba cheart don Choimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófar comhthiomsú de bhearta dlúthpháirtíochta (‘an comhthiomsú dlúthpháirtíochta’) d’fhonn cúnamh a thabhairt don Bhallstát díbhordála aghaidh a thabhairt ar dhúshláin na ndíbhordálacha sin. Ba cheart d’iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta nach bhfuil faoi réir an nóis imeachta teorann a bheith san áireamh maidir leis na bearta sin, nó le bearta i réimse an neartaithe inniúlachta i réimse an tearmainn, an ghlactha agus an fhillte, nó le tacaíocht oibríochtúil, nó le bearta sa ghné sheachtrach.

(20)Chun freagairt phrapúil a thabhairt ar an staid shonrach tar éis díbhordálacha ó oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, ba cheart don Choimisiún, le cúnamh ó Ghníomhaireachtaí de chuid an Aontais, éascú a dhéanamh ar athshuíomh tráthúil na niarratasóirí incháilithe ar chosaint idirnáisiúnta nach bhfuil faoi réir an nóis imeachta teorann. Faoi chomhordú an Choimisiúin, ba cheart do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta liosta na ndaoine atá incháilithe le hathshuíomh a tharraingt suas agus dáileadh na ndaoine sin i measc na mBallstát is rannchuidithe á léiriú.

(21)Ba cheart daoine a dhíbhordálfar a dháileadh ar na Ballstáit ar bhealach comhréireach.

(22)Ba cheart ranníocaíocht fhoriomlán gach Ballstáit leis an gcomhthiomsú dlúthpháirtíochta a chinneadh le sonrúcháin ó na Ballstáit maidir leis na bearta lenar mian leo rannchuidiú. I gcás nach bhfuil ranníocaíochtaí na mBallstát leordhóthanach chun foráil a dhéanamh maidir le freagairt dlúthpháirtíochta inbhuanaithe, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar amach líon iomlán na náisiúnach tríú tír a chumhdófar le hathshocrú agus an sciar den líon a dháilfear ar gach Ballstát a ríomhfar de réir eochair leithdháilte bunaithe ar dhaonra agus ar olltáirgeacht intíre gach Ballstáit. Maidir le líon iomlán na ndaoine athlonnaithe arna shainaithint sa Tuarascáil ar Bhainistiú Imirce, i gcás ina mbeadh gannchion níos mó ná 30 % díobh ann de réir na dtásc ó na Ballstáit maidir le bearta a dhéanamh i réimse na hacmhainne nó sa ghné sheachtrach, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann ranníocaíochtaí na mBallstát sin a choigeartú agus ina dhiaidh sin ba cheart do na Ballstáit sin leath dá sciar arna shainaithint de réir na heochrach leithdháilte a thabhairt trí mheán an athshocraithe nó, nuair a thugtar sin le fios, le hurraíocht ar an bhfilleadh.

(23)Chun a áirithiú go mbeidh bearta tacaíochta ar fáil i gcónaí chun aghaidh a thabhairt ar staid shonrach na ndíbhordálacha ó oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme leasaithe a ghlacadh lena nimreofaí méadú 50 % ar líon iomlán na ranníocaíochtaí i gcás ina nídeofaí le líon na ndíbhordálacha tar éis oibríocht chuardaigh agus tarrthála 80 % de linnte comhthiomsaithe dlúthpháirtíochta na mBallstát is tairbhithe.

(24)Leis an sásra dlúthpháirtíochta ba cheart aghaidh a thabhairt freisin ar chásanna ina mbeadh brú imirce ann, go háirithe i gcás na mBallstát sin atá faoi lé bhrú imirce nó gur dóchúil iad a bheith faoi lé bhrú imirce de bharr an tsuímh gheografaigh atá acu. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a ghlacadh ina sainaithneofaí an bhfuil Ballstát faoi bhrú imirce agus ina leagfaí amach na bearta lena bhféadfaí tacú leis an mBallstát sin agus aghaidh á tabhairt aige ar staid an bhrú imirce.

(25)Agus measúnú á dhéanamh aige an bhfuil Ballstát faoi bhrú imirce, ba cheart don Choimisiún, bunaithe ar mheasúnú cáilíochtúil leathan, raon leathan fachtóirí a chur san áireamh, lena náirítear líon na niarratasóirí ar thearmann, trasnuithe teorann neamhrialta, cinntí um fhilleadh a eisíodh agus a forfheidhmíodh, agus an caidreamh le tríú tíortha ábhartha. Ba cheart an fhreagairt dlúthpháirtíochta a cheapadh ar bhonn cás ar chás chun go mbeadh sí saincheaptha maidir le riachtanais an Bhallstáit atá i gceist.

(26)Níor cheart ach daoine ar dóchúla go bhfuil ceart fanachta san Aontas acu a athshuíomh. Dá bhrí sin, ba cheart an raon feidhme maidir leis na hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a athshocrú a bheith teoranta dóibh siúd nach bhfuil faoi réir an nóis imeachta teorann a leagtar amach i Rialachán (AE) XXX/XXX [An Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn].

(27)Ba cheart bearta a chur san áireamh sa sásra dlúthpháirtíochta maidir le comhroinnt chóir freagrachta agus cothromaíocht iarrachta idir na Ballstáit i réimse an fhillte a chur chun cinn freisin. Trí urraíocht ar an bhfilleadh, ba cheart do Bhallstát a bheith tiomanta tacú le Ballstát atá faoi bhrú imirce agus é i mbun na ngníomhaíochtaí is gá a dhéanamh chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh, i bhfianaise gurb é an Ballstát is tairbhí a leanfaidh de bheith freagrach as an bhfilleadh a chur i gcrích fad atá na daoine i láthair ina chríoch. I gcás nach raibh rath ar na gníomhaíochtaí sin tar éis tréimhse 8 mí, ba cheart do na Ballstáit is urraitheoirí na daoine sin a aistriú i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach sa Rialachán seo agus ba cheart dóibh Treoir 2008/115/CE a chur i bhfeidhm; más ábhartha, féadfaidh na Ballstáit aitheantas a thabhairt don chinneadh um fhilleadh arna eisiúint ag an mBallstát is tairbhí agus Treoir 2001/40 39 ón gComhairle á cur i bhfeidhm. Ba cheart d’urraíocht ar an bhfilleadh a bheith ina cuid de chóras coiteann an Aontais maidir le filleadh, lena náirítear an tacaíocht oibríochtúil a sholáthraítear tríd an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus cur i bhfeidhm an tsásra dlúthpháirtíochta chun comhar éifeachtach le tríú tíortha i réimse an fhillte agus an athligean isteach a chur chun cinn.

(28)Ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt faoi na cineálacha ranníocaíochta dlúthpháirtíochta a dhéanfaidh siad trí phlean freagartha dlúthpháirtíochta a chur i gcrích. I gcás ina bhfuil an Ballstát féin ina Bhallstát is tairbhí, níor cheart dó a bheith faoi oibleagáid ranníocaíochtaí dlúthpháirtíochta a thabhairt do na Ballstáit eile. An tráth céanna, i gcás inar thabhaigh Ballstát ualach trom imirce sna blianta roimhe sin, de bharr líon ard iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ba cheart do Bhallstát a bheith in ann laghdú ar a sciar den ranníocaíocht dlúthpháirtíochta do na Ballstáit atá faoi bhrú imirce a iarraidh i gcás inarb í urraíocht ar an athshocrú nó ar an bhfilleadh atá sa ranníocaíocht sin. Ba cheart an laghdú sin a roinnt go comhréireach ar na Ballstáit eile a dhéanann na bearta sin.

(29)Sa Tuarascáil ar Bhainistiú Imirce, i gcás ina sainaithnítear riachtanais i mBallstát atá faoi bhrú imirce i réimse na mbeart inniúlachta maidir le tearmann, glacadh agus filleadh nó sa ghné sheachtrach, ba cheart go mbeadh na Ballstáit is ranníocóirí in ann ranníocaíochtaí a thabhairt i leith na riachtanas sin seachas urraíocht ar an athshocrú nó ar an bhfilleadh. Chun a áirithiú go mbeidh na ranníocaíochtaí sin i gcomhréir le sciar an Bhallstáit is ranníocóir, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann na ranníocaíochtaí sin a mhéadú nó a laghdú leis an ngníomh cur chun feidhme. Líon riachtanach na ndaoine atá le hathshuíomh nó atá faoi réir urraíocht ar an bhfilleadh, i gcás ina mbeadh gannchion níos mó ná 30 % díobh ann mar thoradh ar na tásca ó na Ballstáit maidir le bearta a dhéanamh i réimse na hacmhainne nó sa ghné sheachtrach, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann ranníocaíochtaí na mBallstát sin a choigeartú chun a áirithiú go dtugann siad leath dá sciar d’urraíocht ar an athshocrú nó ar an bhfilleadh.

(30)Chun freagairt dlúthpháirtíochta chuimsitheach éifeachtach a áirithiú agus chun soiléireacht a thabhairt do na Ballstát a fhaigheann tacaíocht, ba cheart don Choimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena sonrófar na ranníocaíochtaí atá le déanamh ag gach Ballstát. Ba cheart do na ranníocaíochtaí sin a bheith bunaithe i gcónaí ar na cineálacha ranníocaíochta a léirigh an Ballstát lena mbaineann sa phlean um fhreagairt dlúthpháirtíochta, ach amháin sa chás nár chuir an Ballstát sin plean isteach. Sna cásanna sin, ba cheart don Choimisiún na bearta a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme le haghaidh an Bhallstáit lena mbaineann a chinneadh.

(31)Ba cheart eochair leithdháilte bunaithe ar mhéid dhaonra agus gheilleagar na mBallstát a chur i bhfeidhm mar phointe tagartha le haghaidh oibriú an tsásra dlúthpháirtíochta, agus ranníocaíocht fhoriomlán gach Ballstáit á cinneadh dá réir.

(32)Ba cheart do Bhallstát a bheith in ann bearta eile dlúthpháirtíochta a dhéanamh, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin ag Ballstát eile, ar bhonn deonach chun cuidiú leis an mBallstát sin aghaidh a thabhairt ar an staid imirce nó brú imirce a chosc. Sna ranníocaíochtaí sin ba cheart bearta a áireamh atá dírithe ar inniúlacht an Bhallstáit atá faoi bhrú a neartú nó ar an bhfreagairt ar threochtaí imirce tríd an gcomhar le tríú tíortha. Ina theannta sin, ba cheart athshocrú na náisiúnach tríú tír atá faoi réir an nóis imeachta teorann chomh maith le hathshuíomh na náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a áireamh ar na bearta dlúthpháirtíochta sin. Chun dlúthpháirtíocht dheonach a dhreasú, i gcás ina ndéanann na Ballstáit ranníocaíochtaí deonacha i bhfoirm urraíocht ar an athshocrú nó ar an bhfilleadh, ba cheart na ranníocaíochtaí sin a chur san áireamh sa ghníomh cur chun feidhme dá bhforáiltear i ndáil le staideanna brú imirce.

(33)Cruthaíodh an Comhchóras Eorpach Tearmainn (CET) go forchéimnitheach mar limistéar comhchoiteann cosanta atá bunaithe ar chur i bhfeidhm iomlán cuimsitheach Choinbhinsiún na Ginéive i dtaobh Stádas Dídeanaithe an 28 Iúil 1951, arna fhorlíonadh le Prótacal Nua-Eabhrac an 31 Eanáir 1967 (‘Coinbhinsiún na Ginéive’), á áirithiú ar an dóigh sin nach seolfar aon duine ar ais chuig géarleanúint, i gcomhréir le prionsabal an non-refoulement. I dtaca leis seo, agus gan difear a dhéanamh do na critéir freagrachta a leagtar síos sa Rialachán seo, meastar gur tíortha sábháilte do náisiúnaigh tríú tír iad na Ballstáit toisc prionsabal an non-refoulement a bheith á urramú acu uile.

(34)Is iomchuí modh soiléir inoibrithe a bheith ar áireamh sa Chomhchóras Eorpach Tearmainn 40 chun a chinneadh cén Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta. Ba cheart an modh sin a bheith bunaithe ar chritéir atá oibiachtúil agus cothrom ó thaobh na mBallstát agus na ndaoine lena mbaineann de araon. Ba cheart, go háirithe, é a bheith indéanta dá thairbhe a chinneadh go tapa cén Ballstát atá freagrach, d’fhonn rochtain éifeachtach ar na nósanna imeachta chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus chun nach ndéanfar dochar don chuspóir iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a phróiseáil go tapa.

(35)Ba cheart an Rialachán seo a bheith bunaithe ar na prionsabail is bun le Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 41 , agus prionsabal na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte córa freagrachta á fhorbairt ag an am céanna mar chuid den chreat comhchoiteann. Chun na críche sin, ba cheart do shásra nua dlúthpháirtíochta ullmhacht neartaithe a éascú sna Ballstáit d’fhonn an imirce a bhainistiú, d’fhonn aghaidh a thabhairt ar staideanna ina mbíonn brú imirce roimh na Ballstáit agus d’fhonn tacaíocht dlúthpháirtíochta rialta a éascú i measc na mBallstát.

(36)Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le hiarratasóirí ar chosaint choimhdeach agus daoine atá i dteideal cosaint choimhdeach d’fhonn cóir chomhionann do gach iarratasóir ar cosaint idirnáisiúnta agus gach tairbhí cosanta idirnáisiúnta a áirithiú, agus d’fhonn comhsheasmhacht le acquis reatha an Aontais maidir le tearmann a áirithiú, go háirithe maidir le Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán Cáilitheachta].

(37)Ba cheart leanúint de dhaoine dá ndeonaítear cosaint láithreach de bhun Rialachán (AE) XXX/XXX [An Rialachán lena dtugtar aghaidh ar staideanna géarchéime agus force majeure i réimse an tearmainn agus na himirce] a mheas mar iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta, i bhfianaise a niarratais ar chosaint idirnáisiúnta atá ar feitheamh (arna chur ar fionraí) de réir bhrí Rialachán (AE) XXX/XXX [An Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn]. Mar sin, ba cheart iad a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus ba cheart iad a mheas mar iarratasóirí chun na critéir agus na sásraí a chur i bhfeidhm lena gcinntear cén Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar a niarratais ar chosaint idirnáisiúnta nó an nós imeachta maidir le hathshocrú faoi mar a leagtar amach é sa Rialachán seo.

(38)Chun teorainn a chur le gluaiseachtaí neamhúdaraithe agus, maidir le tairbhithe cosanta idirnáisiúnta a théann isteach i gcríoch Ballstáit eile seachas an Ballstát atá freagrach gan na coinníollacha fanachta sa Bhallstát eile sin a chomhlíonadh, chun a áirithiú go mbeidh na huirlisí is gá ag na Ballstáit chun a naistriú chuig an mBallstát atá freagrach a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le tairbhithe cosanta idirnáisiúnta freisin. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le daoine a athlonnaítear nó a ligtear isteach ag Ballstát i gcomhréir le Rialachán (AE) XXX/XXX [An Rialachán maidir le Creat Athlonnaithe an Aontais] nó le daoine dá ndeonaítear cosaint idirnáisiúnta nó stádas daonnúil faoi scéim náisiúnta athlonnaithe.

(39)An tráth céanna, agus i bhfianaise a thábhachtaí atá sé lánpháirtiú tairbhithe cosanta idirnáisiúnta sa Bhallstát cónaithe a éascú, ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht stádas cónaitheora fadtéarmach a bhaint amach laistigh de thréimhse ama níos giorra. Ba cheart do thairbhithe cosanta idirnáisiúnta a bheith in ann stádas cónaitheora fadtéarmach a bhaint amach sa Bhallstát a dheonaigh cosaint idirnáisiúnta dóibh tar éis trí bliana de chónaí dleathach leanúnach sa Bhallstát sin. A mhéid a bhaineann le coinníollacha eile chun an stádas a bhaint amach, maidir leis na coinníollacha a chomhlíonann náisiúnaigh eile tríú tír, ba cheart dualgas a bheith ar thairbhithe cosanta idirnáisiúnta na coinníollacha céanna a chomhlíonadh. Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2003/109/CE 42 ón gComhairle a leasú dá réir sin.

(40)Ar chúiseanna éifeachtúlachta agus deimhneachta dlíthiúla, tá sé fíor-riachtanach go mbunófar an Rialachán ar an bprionsabal nach ndéantar freagracht a chinneadh ach an taon uair amháin, ach amháin i gcás inar fhág an duine lena mbaineann críoch na mBallstát i gcomhréir le cinneadh um fhilleadh nó le hordú aistrithe.

(41)Treoir XXX/XXX/AE [Na Treoracha maidir le Dálaí Glactha] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 43 maidir leis an nós imeachta chun an Ballstát atá freagrach a chinneadh faoi mar a rialaítear faoin Rialachán seo, ba cheart go mbeadh feidhm aici faoi réir na dteorainneacha a bhaineann leis an Treoir sin a chur i bhfeidhm.

(42)Ba cheart go mbeadh feidhm ag Rialachán (AE) XXX/XXX [An Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 44 sa bhreis air sin agus gan dochar do na forálacha maidir le coimircí nós imeachta a rialaítear faoin Rialachán seo, faoi réir na dteorainneacha a bhaineann leis an Treoir sin a chur i bhfeidhm.

(43)I gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh 1989 agus le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ba cheart do shárleasanna an linbh a bheith ina bpríomhthosaíocht ag na Ballstáit agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm. Agus measúnú á dhéanamh ar shárleasanna an linbh, ba cheart do na Ballstáit, go háirithe, aird chuí a thabhairt ar fholláine agus forbairt shóisialta an mhionaoisigh, tosca sábháilteachta agus slándála agus tuairimí an mhionaoisigh i gcomhréir le haois agus aibíocht an mhionaoisigh sin, lena náirítear a chúlra. Ina theannta sin, ba cheart ráthaíochtaí sonracha nós imeachta a leagan síos le haghaidh mionaoisigh de bharr na leochaileachta sonraí a bhaineann leo.

(44)I gcomhréir leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ba cheart don mheas ar shaol an teaghlaigh a bheith ina phríomhthosaíocht ag na Ballstáit agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm.

(45)Chun féachaint chuige go mbeidh cosc ar dhaoine gur rioscaí slándála iad a aistriú ó Bhallstát go Ballstát, ní mór a áirithiú nach gcuirfidh an Ballstát ina gclárófar an tiarratas den chéad uair na critéir freagrachta i bhfeidhm ná nach gcuirfidh an Ballstát is tairbhí an nós imeachta um athshocrú i bhfeidhm i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ann a mheas go bhfuil an duine lena mbaineann contúirteach maidir leis an tslándáil náisiúnta nó leis an ord poiblí.

(46)Mar thoradh ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta ó bhaill aon teaghlaigh amháin a bheith á bpróiseáil le chéile ag Ballstát amháin, ba cheart a bheith in ann a áirithiú go scrúdófar na hiarratais go críochnúil, go mbeidh na cinntí a dhéanfar ina leith comhsheasmhach agus nach scarfar baill aon teaghlaigh amháin óna chéile.

(47)Ba cheart siblíní an iarratasóra a chuimsiú sa sainmhíniú ar bhall teaghlaigh sa Rialachán seo. Tá sé ríthábhachtach siblíní a athaontú chun an dóchúlacht gur féidir iarratasóirí a imeascadh a fheabhsú agus gluaiseachtaí neamhúdaraithe á laghdú dá bharr sin. Ba cheart fíorthreochtaí imirce an ama i láthair a chur san áireamh i raon feidhme an tsainmhínithe ar bhall teaghlaigh freisin, is é sin gur minic a shroicheann iarratasóirí críoch na mBallstát tar éis dóibh tréimhse fhada a chaitheamh faoi bhealach. Teaghlaigh a bunaíodh lasmuigh den tír tionscnaimh ach sular baineadh amach críoch an Bhallstáit, ba cheart iad a chuimsiú sa sainmhíniú dá bhrí sin. Tríd an leathnú teoranta spriocdhírithe sin ar raon feidhme an tsainmhínithe, meastar go laghdófar an dreasacht atá ann d’iarrthóirí áirithe tearmainn gluaiseachtaí neamhúdaraithe a dhéanamh laistigh den Aontas.

(48)D’fhonn a áirithiú go nurramófar ina iomláine prionsabal aontachta an aonaid teaghlaigh agus d’fhonn sárleasanna an linbh a áirithiú, ba cheart an gaol cleithiúnachta idir an tiarratasóir agus a leanbh, a shiblín nó a thuismitheoir mar gheall ar thoircheas nó máithreachas, sláinte nó seanaois an iarratasóra a bheith ina chritéar freagrachta ceangailteach. Nuair is mionaoiseach neamhthionlactha an tiarratasóir, ba cheart ball teaghlaigh nó gaol atá in ann aire a thabhairt dó agus atá i láthair ar chríoch Ballstáit eile a bheith ina chritéar freagrachta ceangailteach freisin. D’fhonn gluaiseachtaí neamhúdaraithe mionaoiseach neamhthionlactha a dhíspreagadh, gluaiseachtaí nach chun a leasa iad, nuair nach bhfuil ball den teaghlach ná gaol i láthair is é an Ballstát ba cheart a bheith freagrach an Ballstát inar cláraíodh iarratas an mhionaoisigh neamhthionlactha ar chosaint idirnáisiúnta den chéad uair, ach amháin i gcás ina léirítear nach bhfuil sé sin chun sárleasanna an linbh. Roimh dó mionaoiseach neamhthionlactha a aistriú chuig Ballstát eile, ba cheart don Bhallstát a dhéanann an taistriú a áirithiú go ndéanfaidh an Ballstát sin gach beart is iomchuí agus is gá chun cosaint leordhóthanach an linbh a áirithiú, agus, go háirithe, chun go ndéanfar ionadaí nó ionadaithe a cheapadh go pras a mbeidh sé de chúram air nó orthu urraim na gceart ar fad a bhfuil an leanbh ina dteideal a chosaint. Sula ndéanfar cinneadh mionaoiseach neamhthionlactha a aistriú, ba cheart d’oifigigh a bhfuil na cáilíochtaí agus an saineolas is gá acu measúnú a dhéanamh ar leas an mhionaoisigh.

(49)Leis na rialacha maidir le fianaise ba cheart athaontú teaghlaigh níos tapúla ná mar a bhí ann go dtí seo a cheadú. Mar sin, ní mór a shoiléiriú nár cheart gá a bheith le cruthúnas foirmiúil, cosúil le fianaise dhoiciméadach agus tástáil UDS, i gcásanna ina bhfuil an fhianaise imthoisceach comhleanúnach, infhíoraithe agus mionsonraithe go leor chun freagracht a chinneadh maidir le scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

(50)I gcás ina bhfuil dioplóma nó cáilíocht eile ag daoine, ba cheart don Bhallstát inar eisíodh an dioplóma a bheith freagrach as scrúdú a dhéanamh ar a niarratas. D’áiritheodh sé sin go scrúdófaí go tapa an tiarratas sa Bhallstát lena bhfuil naisc fhóinteacha ag an iarratasóir bunaithe ar an dioplóma sin.

(51)I bhfianaise gur cheart do Bhallstát leanúint de bheith freagrach as duine a chuaigh isteach ina chríoch go neamhrialta, is gá freisin an cás ina dtéann an duine isteach sa chríoch tar éis oibríocht chuardaigh agus tarrthála a áireamh. Ba cheart maolú ar an gcritéar freagrachta sin a leagan síos i gcás inar athshocraigh Ballstát daoine tar éis dóibh dul thar theorainn sheachtrach Bhallstáit eile go neamhrialta nó tar éis oibríocht chuardaigh agus tarrthála. I gcás mar sin, ba cheart do Bhallstát an athshocraithe a bheith freagrach as má dhéanann an duine iarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

(52)Ba cheart d’aon Bhallstát a bheith in ann maolú ar na critéir fhreagrachta, go háirithe ar fhorais dhaonchairdiúla agus atruacha, d’fhonn daoine den teaghlach, gaolta nó aon bhall eile teaghlaigh a thabhairt le chéile chun scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a cláraíodh leis nó le Ballstát eile, fiú mura bhfuil freagracht air an scrúdú sin a dhéanamh faoi na critéir cheangailteacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

(53)Chun a áirithiú go nurramófar na nósanna imeachta a leagtar amach sa Rialachán seo agus chun bacainní ar chur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin seo a chosc, go háirithe chun éalú agus gluaiseachtaí neamhúdaraithe idir na Ballstáit a sheachaint, is gá oibleagáidí soiléire a bhunú nach mór don iarratasóir a chomhlíonadh i gcomhthéacs an nóis imeachta, nósanna imeachta ar cheart é a chur ar an eolas ina dtaobh go hiomchuí agus go tráthúil. I gcás ina ndéanann sé sárú ar na hoibleagáidí dlíthiúla sin ba cheart iarmhairtí nós imeachta iomchuí comhréireacha a bheith mar thoradh air sin le haghaidh an iarratasóra agus iarmhairtí iomchuí comhréireacha i dtéarmaí dhálaí a ghlactha. I gcomhréir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ba cheart don Bhallstát ina bhfuil an tiarratasóir i láthair a áirithiú i gcás ar bith go riarfar ar riachtanais ábhartha láithreacha an duine sin.

(54)Chun teorainn a chur leis an bhféidearthacht go dtarlódh scor freagrachta nó aistriú freagrachta chuig Ballstát eile mar thoradh ar iompraíocht iarratasóra, ba cheart rialacha a scriosadh lena gceadaítear scor freagrachta nó aistriú freagrachta i gcás ina bhfágann an duine críoch na mBallstát ar feadh tréimhse trí mhí ar a laghad i rith scrúdaithe ar an iarratas nó i gcás ina néalaíonn sé chun aistriú chuig an mBallstát atá freagrach a sheachaint ar feadh tréimhse ocht mí dhéag ar a laghad. Chun cur in aghaidh dul timpeall ar na rialacha nó bac a chur ar nós imeachta, ba cheart an taistriú freagrachta a scriosadh freisin i gcás nach nurramaíonn an Ballstát a thugann fógra an teorainn ama maidir le fógra faoi ghabháil ar ais a sheoladh. I gcásanna ina ndeachaigh duine isteach i mBallstát go neamhrialta gan iarratas a dhéanamh ar thearmann, chun dreasú breise a thabhairt do dhaoine na rialacha a chomhlíonadh agus iarratas a dhéanamh i mBallstát an chéad dul isteach agus dá réir sin chun teorainn a chur le gluaiseachtaí neamhúdaraithe agus feabhas a chur ar éifeachtúlacht fhoriomlán an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn ba cheart síneadh a chur leis an tréimhse ar ina diaidh a dtiocfaidh deireadh le freagracht an Bhallstáit sin agus a mbeidh an fhreagracht ar Bhallstát eile ina ndearna an duine sin iarratas ina dhiaidh sin.

(55)Ba cheart agallamh pearsanta leis an iarratasóir a eagrú chun go bhféadfaí a chinneadh cén Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta mura rud é go ndearna an tiarratasóir éalú, mura ndearna sé freastal ar an agallamh gan cúiseanna a bhfuil údar leo nó mura leor an fhaisnéis atá curtha ar fáil ag an iarratasóir chun an Ballstát freagrach a chinneadh. A luaithe a chláraítear an tiarratas ar chosaint idirnáisiúnta, ba cheart an tiarratasóir a chur ar an eolas go háirithe go bhfuil an Rialachán seo i bhfeidhm, go bhfuil an cinneadh maidir leis an mBallstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar a iarratas ar chosaint idirnáisiúnta bunaithe ar chritéir oibiachtúla, faoina chearta chomh maith leis na hoibleagáidí atá air faoin Rialachán seo, agus faoi na hiarmhairtí a bhaineann lena neamhchomhlíonadh.

(56)Chun cosaint éifeachtach chearta na ndaoine lena mbaineann a áirithiú, ba cheart coimircí dlíthiúla agus an ceart chun leigheas éifeachtach i ndáil le cinntí a bhaineann le haistrithe chuig an mBallstát atá freagrach a bhunú, i gcomhréir, go háirithe, le hAirteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Chun a áirithiú go nurramófar an dlí idirnáisiúnta, ba cheart an scrúdú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus an scrúdú ar an staid dhlíthiúil agus fhíorasach sa Bhallstát a naistrítear an tiarratasóir chuige araon a chumhdach le leigheas éifeachtach ar chinntí den sórt sin. Ba cheart raon feidhme an leighis éifeachtaigh a bheith teoranta do mheasúnú a dhéanamh ar an mbaol go sárófaí na cearta bunúsacha atá ag iarratasóirí maidir leis an saol teaghlaigh a urramú, cearta an linbh, nó an toirmeasc ar íde atá mídhaonna agus táireach.

(57)Chun cur i bhfeidhm rianúil an Rialacháin seo a éascú, i ngach cás ba cheart do na Ballstáit a chur in iúl in Eurodac cén Ballstát atá freagrach tar éis dóibh na nósanna imeachta lena gcinntear cén Ballstát atá freagrach a thabhairt chun críche, lena náirítear na cásanna ina neascraíonn an fhreagracht nuair nach ndéantar na teorainneacha ama a urramú maidir le hiarrataí ar ghabháil ar láimh a sheoladh nó freagra a thabhairt orthu, na cásanna ina ndéantar aistriú, agus cásanna ina dtugtar an fhreagracht don Bhallstát ina ndearnadh an tiarratas den chéad uair nó ina bhfuil sé dodhéanta an taistriú chuig an mBallstát atá freagrach go príomha a dhéanamh de bharr easnaimh chórasacha as a neascródh an baol go gcaithfí leo ar bhealach mídhaonna nó táireach agus go gcinntear Ballstát eile le bheith freagrach dá dheasca sin.

(58)Na sprioc-amanna maidir le hiarratais ar fhreagracht a dhéanamh nó a fhreagairt agus fógraí faoi ghabháil ar ais a thabhairt, chomh maith le hachomhairc a dhéanamh nó cinneadh a dhéanamh fúthu, ba cheart iad a shruthlíniú nó a ghiorrú d’fhonn a áirithiú go gcinnfear go pras cé aige atá an fhreagracht.

(59)Maidir le coinneáil iarratasóirí, ba cheart é a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an bprionsabal foluiteach nár cheart duine a bheith faoi choinneáil ar an gcúis amháin go bhfuil cosaint idirnáisiúnta á lorg. Ba cheart aon tréimhse choinneála a bheith chomh gearr agus is féidir agus ba cheart di a bheith faoi réir phrionsabail an riachtanais agus na comhréireachta, rud a áiritheoidh nach núsáidfear an choinneáil ach mar rogha dheiridh. Ba cheart, go háirithe, go mbeadh coinneáil iarratasóirí i gcomhréir le hAirteagal 31 de Choinbhinsiún na Ginéive. Maidir leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear leis an Rialacháin seo i dtaca le duine faoi choinneáil, ba cheart iad a chur i bhfeidhm mar thosaíocht, agus laistigh de na sprioc-amanna is giorra is féidir. Maidir leis na ráthaíochtaí ginearálta lena rialaítear an choinneáil, agus maidir le dálaí na coinneála, ba cheart do na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, forálacha Threoir XXX/XXX/AE [Na Treoracha maidir le Dálaí Glactha] a chur i bhfeidhm freisin i gcás daoine a choinnítear ar bhonn an Rialacháin seo.

(60)Nuair a bhíonn easnaimh i gcórais tearmainn nó nuair a theipeann orthu, go minic agus brú faoi leith ag cur leis an bhfadhb, is féidir feidhmiú rianúil an chórais a cuireadh ar bun faoin Rialachán seo a chur i gcontúirt, agus mar thoradh air sin d’fhéadfadh sé go sárófaí cearta na niarratasóirí mar a leagtar amach iad in acquis tearmainn an Aontais agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, cearta idirnáisiúnta eile an duine agus cearta dídeanaithe.

(61)I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1560/2003 45 ón gCoimisiún, féadfar aistrithe chuig an mBallstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a dhéanamh ar bhonn deonach, trí bhíthin imeachta faoi mhaoirseacht nó faoi choimhdeacht. Ba cheart do na Ballstáit aistrithe deonacha a chur chun cinn trí fhaisnéis leordhóthanach a chur ar fáil don duine lena mbaineann agus ba cheart dóibh a áirithiú go ndéantar aistrithe faoi mhaoirseacht nó faoi choimhdeacht ar bhealach daonnachtúil, agus cearta bunúsacha agus dínit an duine á gcomhlíonadh go hiomlán agus le hurraim ar dhínit an duine, chomh maith le sárleasanna an linbh, agus lánaird á tabhairt ar fhorbairtí sa chásdlí ábhartha, go háirithe maidir le haistrithe ar fhorais dhaonnúla.

(62)Chun nós imeachta um athshocrú atá soiléir agus éifeachtúil a áirithiú, ba cheart rialacha sonracha a leagan amach maidir le Ballstát ar tairbhí agus rannpháirtí é. Na rialacha agus na coimircí a bhaineann le haistrithe agus a leagtar amach sa Rialachán seo, ba cheart go mbeadh feidhm acu maidir le haistrithe ar mhaithe le hathshocrú ach amháin i gcás nach mbaineann siad le hábhar le haghaidh an nóis imeachta sin.

(63)Chun tacú le Ballstáit a thugann faoi athshocrú mar bheart dlúthpháirtíochta, ba cheart tacaíocht airgeadais a sholáthar ó bhuiséad an Aontais. Chun na Ballstáit a dhreasú chun tosaíocht a thabhairt d’athshocrú mionaoiseach neamhthionlactha, ba cheart ranníocaíocht dreasachta níos airde a sholáthar.

(64)Is féidir cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a éascú, agus cur lena éifeachtacht, le socruithe déthaobhacha idir na Ballstáit chun cumarsáid idir ranna inniúla a fheabhsú, teorainneacha ama le haghaidh nósanna imeachta a laghdú nó próiseáil iarrataí ar ghabháil ar láimh nó fógraí faoi ghabháil ar ais a shimpliú, nó nósanna imeachta chun aistrithe a chur i gcrích a bhunú.

(65)Ba cheart leanúnachas a áirithiú idir an córas a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 lena gcinntear cén Ballstát atá freagrach agus an córas a bhunaítear leis an Rialachán seo. Ar an gcuma chéanna, ba cheart comhsheasmhacht a áirithiú idir an Rialachán seo agus Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán Eurodac].

(66)Ba cheart do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann líonra d’údaráis inniúla na mBallstát a bhunú agus a éascú chun comhar praiticiúil agus comhroinnt faisnéise a fheabhsú i dtaca le gach a mbaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena náirítear forbairt a dhéanamh ar uirlisí praiticiúla agus ar threoraíocht phraiticiúil.

(67)Ba cheart d’fheidhmiú chóras Eurodac, faoi mar a bunaíodh é le Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán Eurodac], cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a éascú.

(68)Ba cheart d’fheidhmiú an Chórais Faisnéise Víosaí, faoi mar a bunaíodh é le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 46 , agus go háirithe cur chun feidhme Airteagail 21 agus 22 de, cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a éascú.

(69)Maidir leis an dóigh a gcaitear le daoine a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, tá na Ballstáit faoi cheangal ag na hoibleagáidí atá orthu faoi ionstraimí dlí idirnáisiúnta, lena náirítear cásdlí ábhartha na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine.

(70)Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 47 maidir le sonraí pearsanta a phróiseálann na Ballstáit faoin Rialachán seo. Ba cheart do na Ballstáit bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla a chur chun feidhme le háirithiú agus le bheith in ann a léiriú go ndéantar an phróiseáil i gcomhréir leis an Rialachán sin agus leis na forálacha lena sonraítear na ceanglais dá cuid atá sa Rialachán seo. Ba cheart slándáil na sonraí pearsanta a phróiseálfar faoin Rialachán seo a áirithiú leis na bearta sin go háirithe, agus cuirfear cosc ar leithligh ar rochtain neamhdhleathach nó neamhúdaraithe ar shonraí pearsanta a próiseáladh agus ar athrú nó ar chailleadh na sonraí sin. Ba cheart don údarás inniúil maoirseachta nó do na húdaráis inniúla maoirseachta i ngach Ballstát faireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht phróiseáil na sonraí pearsanta a dhéanann na húdaráis lena mbaineann, lena náirítear an tarchur chuig na húdaráis atá inniúil maidir le seiceálacha slándála a dhéanamh.

(71)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 48 .

(72)Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun foirm chaighdeánach a ghlacadh chun faisnéis ábhartha maidir le mionaoisigh neamhthionlactha a mhalartú; chun coinníollacha aonfhoirmeacha a ghlacadh chun comhairliúchán a dhéanamh maidir le faisnéis faoi mhionaoisigh agus faoi chleithiúnaithe agus chun í a mhalartú; chun coinníollacha aonfhoirmeacha a ghlacadh maidir le hiarrataí ar ghabháil ar láimh agus fógraí maidir le gabháil ar ais a ullmhú agus a chur isteach; chun dhá liosta d’eilimintí ábhartha cruthúnais agus fianaise imthoiscí a ghlacadh, agus chun athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh orthu; chun laissez passer a ghlacadh; chun coinníollacha aonfhoirmeacha a ghlacadh chun comhairliúchán a dhéanamh maidir le faisnéis faoi aistrithe agus chun í a mhalartú; chun foirm chaighdeánach a ghlacadh chun sonraí a mhalartú roimh aistriú; chun teastas sláinte coitianta a ghlacadh; chun dálaí aonfhoirmeacha agus socruithe praiticiúla a ghlacadh maidir le faisnéis faoi shonraí sláinte an duine roimh aistriú, agus chun bealaí sábháilte tarchuir leictreonaigh a ghlacadh chun iarrataí a tharchur.

(73)Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme ar infheidhme láithreach iad a ghlacadh ar mhórfhorais phráinne a bhfuil údar cuí leo agus atá ann mar gheall ar bhrú imirce a bheith i mBallstát.

(74)Chun go bhféadfaí foráil a dhéanamh maidir le rialacha forlíontacha, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith baill teaghlaigh nó gaolta mionaoisigh neamhthionlactha a shainaithint; na critéir lena ndéantar a shuíomh gurb ann do naisc theaghlaigh chruthaithe; na critéir nach mór a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar inniúlacht an duine mhuinteartha aire a thabhairt don mhionaoiseach neamhthionlactha i gcásanna ina bhfuil cónaí ar bhaill teaghlaigh, siblíní nó gaolta an mhionaoisigh neamhthionlactha i níos mó na an taon Bhallstát amháin; na heilimintí chun nasc spleáchais a mheasúnú; na critéir nach mór a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar inniúlacht an duine aire a thabhairt don chleithiúnach agus na gnéithe nach mór a chur san áireamh chun éagumas taistil ar feadh tréimhse shuntasach ama a mheasúnú. Agus a chumhachtaí á bhfeidhmiú aige chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, ní sháróidh an Coimisiún raon feidhme leas an linbh dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(75)Tá roinnt leasuithe substainteacha le déanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 604/2013. Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart an Rialachán sin a aisghairm.

(76)Is gá go ndéanfaí meastóireacht air go tráthrialta chun go mbeadh monatóireacht éifeachtúil á déanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(77)Urramaítear na cearta bunúsacha leis an Rialachán seo agus urramaítear, go háirithe, na prionsabail a admhaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Féachann an Rialachán seo, go háirithe, le hurramú iomlán an chirt chun tearmainn a ráthaítear le hAirteagal 18 den Chairt a áirithiú mar aon leis na cearta a aithnítear faoi Airteagail 1, 4, 7, 24 agus 47 de. Ba cheart, dá bhrí sin, an Rialachán seo a chur i bhfeidhm dá réir sin.

(78)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach, eadhon critéir agus sásraí a bhunú chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an mBallstát atá freagrach as iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a thaisctear i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát a scrúdú agus sásra dlúthpháirtíochta a bhunú chun tacú leis na Ballstáit agus aghaidh á tabhairt acu ar chás ina bhfuil brú imirce, agus gur fearr is féidir dá bhrí sin, de bharr scála agus éifeachtaí an Rialacháin seo, é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(79)I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é gur leasuithe iad Codanna III, V agus VII den Rialachán seo de réir bhrí Airteagal 3 den Chomhaontú a tugadh i gcrích idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht na Danmhairge maidir leis na critéir agus na sásraí lena gcinntear an Stát a bheidh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar thearmann arna taisceadh sa Danmhairg nó in aon Bhallstát eile de chuid an Aontais Eorpaigh agus maidir le córas ‘Eurodac’ chun méarloirg a chur i gcomparáid lena chéile ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach Choinbhinsiún Bhaile Átha Cliath 49 , ní mór don Danmhairg fógra a thabhairt don Choimisiún faoina cinneadh maidir lena bhfuil sna leasuithe sin a chur chun feidhme nó gan é a chur chun feidhme an tráth a ghlacfar na leasuithe nó laistigh de 30 lá ina dhiaidh sin.

(80)[I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá fógra tugtha ag Éirinn gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo]

(81)[I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.]

(82)A mhéid a bhaineann leis an Íoslainn agus an Iorua, is reachtaíocht nua iad Codanna III, V agus VII den Rialachán seo i réimse atá cumhdaithe ag ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an gComhaontú a thug an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua i gcrích maidir leis na critéir agus na sásraí lena gcinntear an Stát a bheidh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar thearmann arna taisceadh i mBallstát nó san Íoslainn nó san Iorua 50 .

(83)A mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, is gníomhartha nó bearta iad Codanna III, V agus VII den Rialachán seo lena leasaítear nó lena bhforbraítear forálacha Airteagal 1 den Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis na critéir agus na sásraí lena gcinntear an Stát a bheidh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar thearmann arna taisceadh i mBallstát nó san Eilvéis 51 .

(84)A mhéid a bhaineann le Lichtinstéin, is gníomhartha nó bearta iad Codanna III, V agus VII den Rialachán seo lena leasaítear nó lena bhforbraítear forálacha Airteagal 1 den Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis na critéir agus na sásraí lena gcinntear an Stát a bheidh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar thearmann arna taisceadh i mBallstát nó san Eilvéis dá dtagraíonn Airteagal 3 den Phrótacal idir an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis na critéir agus na sásraí lena gcinntear an Stát a bheidh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar thearmann arna taisceadh i mBallstát nó san Eilvéis 52 .

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CUID I

RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Aidhm agus ábhar

I gcomhréir le prionsabal na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte córa freagrachta, agus leis an gcuspóir iontaoibh fhrithpháirteach a neartú, déantar an méid seo a leanas leis an Rialachán seo:

(a)leagtar amach creat coiteann chun an tearmann agus an imirce a bhainistiú san Aontas;

(b)bunaítear sásra dlúthpháirtíochta;

(c)leagtar síos na critéir agus na sásraí lena ndéantar cinneadh maidir le cé acu Ballstát atá freagrach as iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo:

(a)ciallaíonn ‘náisiúnach tríú tír’ aon duine nach saoránach den Aontas é de réir bhrí Airteagal 20(1) den Chonradh agus agus ar duine é nach bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta aige faoi dhlí an Aontais mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5) de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 53 ;

(b)ciallaíonn ‘iarratas ar chosaint idirnáisiúnta’ nó ‘iarratas’ iarraidh ar chosaint a chuireann náisiúnach tríú tír nó duine gan stát faoi bhráid Ballstáit, ar féidir a thuiscint uaidh go bhfuil stádas dídeanaí nó stádas cosanta coimhdí á lorg aige;

(c)ciallaíonn ‘iarratasóir’ náisiúnach tríú tír nó duine gan stát a bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta déanta aige nach bhfuil cinneadh déanta ina leith, nó a bhfuil cinneadh déanta ina leith agus atá faoi réir leighis nó is féidir é a bheith fós faoi réir leighis sa Bhallstát lena mbaineann, gan beann ar cibé acu go bhfuil sé de cheart ag an iarratasóir fanacht nó go bhfuil cead aige fanacht i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX [An Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn], lena náirítear duine ar tugadh cosaint dó láithreach de bhun Rialachán (AE) XXX/XXX [An Rialachán lena dtugtar aghaidh ar ghéarchéimeanna ar chásanna force majeure i réimse an tearmainn agus na himire];

(d)ciallaíonn ‘scrúdú ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta’ scrúdú ar inghlacthacht nó ar thuillteanais iarratais ar chosaint idirnáisiúnta i gcomhréir le Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn] agus Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX [an Rialachán Cáilitheachta], cé is moite de nósanna imeachta chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(e)ciallaíonn ‘iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar’ iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar go sainráite nó go hintuigthe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX [an Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn];

(f)ciallaíonn ‘tairbhí cosanta idirnáisiúnta’ náisiúnach tríú tír nó duine gan stát ar tugadh cosaint idirnáisiúnta dó mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) XXX/XXX [An Rialachán Cáilitheachta];

(g)ciallaíonn ‘baill teaghlaigh’, a mhéid gurb ann cheana don teaghlach sin nó sular shroich an tiarratasóir nó an ball teaghlaigh críoch na mBallstát, na baill seo a leanas de theaghlach an iarratasóra atá i láthair ar chríoch na mBallstát:

(i)céile an iarratasóra nó a chomhpháirtí neamhphósta, a bhfuil caidreamh seasmhach eatarthu, i gcás ina ndéileáiltear i ndlí nó i gcleachtas an Bhallstáit lena mbaineann le lánúineacha neamhphósta ar bhealach is inchomparáide leis an mbealach ina ndéileáiltear le lánúineacha pósta faoina dhlí maidir le náisiúnaigh tríú tír,

(ii)leanaí mionaoiseacha na lánúineacha dá dtagraítear sa chéad fhleasc, nó an iarratasóra, ar choinníoll nach bhfuil siad pósta agus is cuma ar rugadh nó nach rugadh iad de phósadh nó is cuma ar uchtaíodh iad mar a shainmhínítear faoin dlí náisiúnta,

(iii)i gcás inar mionaoiseach é an tiarratasóir agus nach bhfuil sé pósta, an tathair, an mháthair nó duine fásta eile atá freagrach as an iarratasóir, cibé acu de réir dhlí nó de réir chleachtas an Bhallstáit ina bhfuil an duine fásta sin i láthair,

(iv)i gcás inar mionaoiseach é tairbhí na cosanta idirnáisiúnta agus nach bhfuil sé pósta, an tathair, an mháthair nó duine fásta eile atá freagrach as an tairbhí, cibé acu de réir dhlí nó de réir chleachtas an Bhallstáit ina bhfuil an tairbhí i láthair,

(v)siblíní an iarratasóra;

(h)ciallaíonn ‘gaol’ aintín fhásta nó uncail fásta an iarratasóra nó seantuismitheoir an iarratasóra atá i láthair i gcríoch an Bhallstáit is cuma ar rugadh nó nach rugadh an tiarratasóir de phósadh nó is cuma ar uchtaíodh é mar a shainítear faoin dlí náisiúnta;

(i)ciallaíonn ‘mionaoiseach’ náisiúnach tríú tír nó duine gan stát atá faoi bhun 18 mbliana d’aois;

(j)ciallaíonn ‘mionaoiseach neamhthionlactha’ mionaoiseach a shroicheann críoch na mBallstát gan tionlacan duine fhásta atá freagrach as, de réir dhlí nó de réir chleachtas náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann, agus fad nach dtógtar faoi chúram an duine fhásta sin an mionaoiseach neamhthionlactha; cuirtear san áireamh mionaoisigh a fhágtar i riocht neamhthionlactha tar éis dó teacht isteach i gcríoch na mBallstát;

(k)ciallaíonn ‘ionadaí’ duine nó eagraíocht a cheapann na comhlachtaí inniúla chun cúnamh a thabhairt do mhionaoiseach neamhthionlactha agus chun ionadaíocht a dhéanamh air i nósanna imeachta dá bhforáiltear sa Rialachán seo d’fhonn sárleasanna an mhionaoisigh a áirithiú agus inniúlacht dhlíthiúil a fheidhmiú don mhionaoiseach más gá;

(l)ciallaíonn ‘doiciméad cónaithe’ aon údarú a eisíonn údaráis Ballstáit lena núdaraítear do náisiúnach tríú tír nó do dhuine gan stát fanacht ina chríoch, agus lena náirítear na doiciméid lena dtugtar bunús leis an údarú sin fanacht sa chríoch faoi shocruithe sealadacha cosanta nó go dtí nach mbeidh feidhm a thuilleadh ag na cúinsí a chuireann bac ar ordú aistrithe a chur i gcrích, cé is moite de víosaí agus d’údaruithe cónaithe a eisítear le linn na tréimhse is gá chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach mar a leagtar síos sa Rialachán seo nó le linn an scrúdaithe ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta nó ar iarratas ar chead cónaithe;

(m)ciallaíonn ‘víosa’ údarú nó cinneadh Ballstáit atá riachtanach chun idirthuras a dhéanamh tríd an mBallstát sin nó chun teacht isteach sa Bhallstát sin nó i roinnt Ballstát ar feadh tréimhse beartaithe fanachta, lena náirítear:

(i)údarú nó cinneadh, a eisítear i gcomhréir lena dhlí náisiúnta nó le dlí an Aontais, atá riachtanach chun dul isteach sa Bhallstát sin ar feadh tréimhse beartaithe fanachta níos faide ná 90 lá,

(ii)údarú nó cinneadh, a eisítear i gcomhréir lena dhlí náisiúnta nó le dlí an Aontais, atá riachtanach chun idirthuras a dhéanamh tríd an mBallstát sin nó chun teacht isteach sa Bhallstát sin ar feadh tréimhse beartaithe fanachta nach mó ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá,

(iii)údarú nó cinneadh atá bailí le haghaidh idirthurais trí na limistéir idirthurais idirnáisiúnta in aerfort amháin nó níos mó d’aerfoirt na mBallstát;

(n)ciallaíonn ‘dioplóma nó cáilíocht’ dioplóma nó cáilíocht a fhaightear tar éis tréimhse staidéir trí mhí ar a laghad i gclár aitheanta oideachais nó gairmoiliúna stát nó réigiúnach atá coibhéiseach ar a laghad le leibhéal 2 den Aicmiú Idirnáisiúnta Caighdeánach ar an Oideachas, arna oibriú ag bunaíocht oideachais i gcomhréir le dlí náisiúnta nó cleachtas riaracháin na mBallstát;

(o)ciallaíonn ‘institiúid oideachais’ aon chineál bunaíochta oideachais nó gairmoiliúna poiblí nó príobháidí atá bunaithe i mBallstát agus atá aitheanta ag an mBallstát sin nó a mheastar amhlaidh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó a naithnítear a cúrsaí staidéir nó oiliúna i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó le cleachtas riaracháin náisiúnta;

(p)ciallaíonn ‘éalú’ gníomh arb é nach bhfanann iarratasóir ar fáil do na húdaráis inniúla riaracháin nó bhreithiúnacha, is é sin críoch an Bhallstáit a fhágáil gan údarú ó na húdaráis inniúla ar chúiseanna a bhfuil neart ag an iarratasóir orthu;

(q)ciallaíonn ‘riosca éalaithe’ go bhfuil cúiseanna agus imthosca sonracha ann i gcás aonair, atá bunaithe ar chritéir oibiachtúla a shainítear sa dlí náisiúnta chun a chreidiúint go néalódh iarratasóir atá faoi réir nós imeachta aistrithe;

(r)ciallaíonn ‘Ballstát is tairbhí’ an Ballstát is tairbhí de na bearta dlúthpháirtíochta i gcásanna brú imirce nó díbhordála tar éis oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála mar a leagtar amach i gCaibidil I-III de Chuid IV den Rialachán seo;

(s)ciallaíonn ‘Ballstát is rannchuiditheoir’ Ballstát a rannchuidíonn leis na bearta dlúthpháirtíochta nó a bhfuil oibleagáid air rannchuidiú leis na bearta dlúthpháirtíochta le Ballstát is tairbhí a leagtar amach i gCaibidil I-III de Chuid IV den Rialachán seo;

(t)ciallaíonn ‘an Ballstát urraíochta’ Ballstát a thugann gealltanas i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh chun leasa Ballstáit eile, lena soláthraítear an urraíocht um fhilleadh dá dtagraítear in Airteagal 55 den Rialachán seo;

(u)ciallaíonn ‘athshocrú’ náisiúnach tríú tír nó duine gan stát a aistriú ó chríoch an Bhallstáit is tairbhí chuig críoch an Bhallstáit is rannchuiditheoir;

(v)ciallaíonn ‘oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála’ oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála dá dtagraítear sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Cuardach agus Tarrtháil ar Muir, 1979, arna nglacadh in Hamburg na Gearmáine an 27 Aibreán 1979;

(w)ciallaíonn ‘brú imirce’ cás ina bhfuil líon mór náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát ag teacht isteach, nó cás inar baol go mbeadh an teacht isteach sin ann, lena náirítear an cás sin ina neascraíonn an brú sin as teacht isteach tar éis oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, de dheasca shuíomh geografach Ballstáit agus na bhforbairtí sonracha i dtríú tíortha lena spreagtar gluaiseachtaí imirce lena gcuirtear ualach fiú ar chórais tearmainn agus ghlactha atá ullmhaithe go maith agus a dteastaíonn gníomhaíocht láithreach ina leith;

(x)ciallaíonn ‘duine athlonnaithe nó ligthe isteach’ duine a bhfuil glactha leis ag Ballstát lena ligean isteach de bhun Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX [an Rialachán maidir le Creat Athlonnaithe an Aontais] nó faoi scéim náisiúnta athlonnaithe lasmuigh de chreat an Rialacháin sin;

(y)ciallaíonn ‘Gníomhaireacht um Thearmann’ Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann arna bunú le Rialachán (AE) XXX/XXX [Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann];

(z)ciallaíonn ‘cinneadh um fhilleadh’ cinneadh nó gníomh riaracháin nó breithiúnach ina sonraítear nó ina ndearbhaítear fanacht náisiúnaigh tríú tír a bheith neamhdhleathach agus lena bhforchuirtear nó lena sonraítear oibleagáid maidir le filleadh, oibleagáid lena nurramaítear Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 54 ;

(aa)ciallaíonn ‘náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach’ náisiúnach tríú tír nach gcomhlíonann, nó nach gcomhlíonann a thuilleadh, na coinníollacha dul isteach a leagtar amach in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2016/399 nó coinníollacha eile a bhaineann le teacht isteach, fanacht nó cónaí i mBallstát.

CUID II

CREAT COITEANN MAIDIR LE BAINISTIÚ TEARMAINN AGUS IMIRCE

Airteagal 3

Cur chuige cuimsitheach maidir le bainistiú tearmainn agus imirce

Déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit bearta i réimse an bhainistithe tearmainn agus imirce ar bhonn cur chuige chuimsithigh. Leis an gcur chuige cuimsitheach sin, tabharfar aghaidh ar na bealaí imirce ina n‑iomláine a dhéanann difear do bhainistiú tearmainn agus imirce agus beidh na comhpháirteanna seo a leanas ann:

(a)comhpháirtíochtaí agus dlúthchomhar le tríú tíortha ábhartha a bhfuil tairbhe fhrithpháirteach ag baint leo, lena náirítear bealaí dlíthiúla le haghaidh náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu agus na náisiúnaigh tríú tír sin a ligtear isteach chun cónaí go dleathach ar bhealach eile sna Ballstáit, lena dtugtar aghaidh ar bhunchúiseanna na himirce neamhrialta, lena dtugtar tacaíocht do chomhpháirtithe a bhfuil líon mór imirceach agus dídeanaithe a nóstáil acu, imircigh agus dídeanaithe a bhfuil cosaint de dhíth orthu, agus comhpháirtíochtaí agus dlúthchomhar lena ndéanfar inniúlachtaí tríú tíortha maidir le bainistiú teorann, tearmainn agus imirce a fhorbairt, lena ndéanfar imirce neamhrialta agus smuigleáil imirceach a chosc agus a chomhrac, agus lena ndéanfar an comhar maidir le hathligean isteach a fheabhsú;

(b)dlúthchomhar agus comhpháirtíocht fhrithpháirteach idir institiúidí agus comhlachtaí an Aontais, na Ballstáit agus eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(c)an comhbheartas víosaí a chur chun feidhme go hiomlán;

(d)an imirce neamhrialta a bhainistiú go héifeachtach agus í a chosc;

(e)teorainneacha seachtracha an Aontais a bhainistiú go héifeachtach, bunaithe ar bhainistiú comhtháite teorainneacha na hEorpa;

(f)na hoibleagáidí a leagtar síos sa dlí idirnáisiúnta agus sa dlí Eorpach maidir le daoine a tarrtháladh ar muir, na hoibleagáidí sin a lánurramú;

(g)rochtain ar nósanna imeachta chun cosaint idirnáisiúnta ar chríoch an Aontais a dheonú agus a tharraingt siar, agus aitheantas a thabhairt do náisiúnaigh tríú tír nó do dhaoine gan stát mar dhídeanaithe nó mar thairbhithe cosanta coimhdí;

(h)cinneadh maidir leis an mBallstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, bunaithe ar fhreagracht chomhroinnte agus ar rialacha agus ar shásraí dlúthpháirtíochta;

(i)rochtain le haghaidh iarratasóirí ar dhálaí glactha leordhóthanacha;

(j)filleadh náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a bhainistiú go héifeachtach;

(k)bearta éifeachtacha chun dreasachtaí a chur ar fáil le haghaidh imeascadh tairbhithe cosanta idirnáisiúnta, agus tacaíocht a chur ar fáil ina leith, sa Bhallstát;

(l)bearta atá dírithe ar chúiseanna cumasúcháin na himirce neamhrialta chuig an Aontas agus fanacht neamhdhleathach ann a laghdú agus dul i ngleic leo, lena náirítear fostaíocht neamhdhleathach;

(m)uirlisí oibríochtúla arna mbunú ar leibhéal an Aontais a chur in úsáid agus leas iomlán a bhaint astu, go háirithe an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, an Ghníomhaireacht um Thearmann, EU-LISA agus Europol, chomh maith le córais mhórscála Teicneolaíochta Faisnéise an Aontais;

(n)cuirfear an Creat Eorpach um ullmhacht agus bhainistiú géarchéime chun feidhme go hiomlán.

Airteagal 4

Prionsabal an cheaptha beartas comhtháite

1.Déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit comhleanúnachas beartas bainistithe tearmainn agus imirce a áirithiú, lena náirítear comhpháirteanna inmheánacha agus seachtracha na mbeartas sin.

2.Beidh an tAontas agus na Ballstáit freagrach as beartais bhainistithe tearmainn agus imirce a chur chun feidhme agus iad ag gníomhú dóibh faoi chuimsiú a ninniúlachtaí féin.

3.Le tacaíocht ó Ghníomhaireachtaí an Aontais, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé d’acmhainn acu beartais bhainistithe tearmainn agus imirce a chur chun feidhme go héifeachtach agus an cur chuige cuimsitheach dá dtagraítear in Airteagal 3 a chur san áireamh, lena náirítear na hacmhainní daonna agus airgeadais agus an bonneagar is gá.

Airteagal 5

Prionsabal na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte córa freagrachta

1.Agus a noibleagáidí á gcur chun feidhme ag na Ballstáit, urramóidh siad prionsabal na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte agus cuirfidh siad san áireamh an leas coiteann maidir le feidhmiú éifeachtach bheartais bhainistithe tearmainn agus imirce an Aontais. Déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)córais náisiúnta bhainistithe tearmainn agus imirce a bhunú lena dtabharfar rochtain ar nósanna imeachta cosanta idirnáisiúnta, an chosaint sin a dheonú do na daoine sin atá i ngátar agus filleadh na ndaoine sin atá ag fanacht go neamhdhleathach a áirithiú;

(b)na bearta uile is gá agus is iomchuí chun imirce neamhrialta chuig críocha na mBallstát a laghdú agus a chosc, i ndlúthchomhar agus i gcomhpháirtíocht leis na tríú tíortha lena mbaineann, lena náirítear a mhéid a bhaineann le smuigleáil imirceach a chosc agus a chomhrac;

(c)na rialacha maidir le cinneadh a dhéanamh cé acu Ballstát atá freagrach as iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú a chur i bhfeidhm go cuí agus go gasta agus, i gcás inar gá, an taistriú chuig an mBallstát freagrach de bhun Chaibidil I-VI de Chuid III a chur i gcrích;

(d)tacaíocht a chur ar fáil do Bhallstáit eile i bhfoirm ranníocaíochtaí dlúthpháirtíochta ar bhonn na riachtanas a leagtar i gCaibidil I-III de Chuid IV;

(e)na bearta réasúnta comhréireacha a ghlacadh chun gluaiseachtaí neamhúdaraithe idir na Ballstáit a chosc agus a cheartú.

2.Maidir le tacaíocht oibríochtúil agus airgeadais ón Aontas le haghaidh chur chun feidhme na noibleagáidí, cuirfear ar fáil é i gcomhréir le Rialachán (AE) XXX/XXX [an Ciste Tearmainn agus Imirce] agus Rialachán (AE) XXX/XXX [an Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha].

Airteagal 6

Rialachas agus faireachán ar staid na himirce

1.Glacfaidh an Coimisiún Straitéis Eorpach um Bainistiú Tearmainn agus Imirce lena leagtar amach an cur chuige straitéiseach maidir le bainistiú tearmainn agus imirce ar leibhéal an Aontais agus maidir le cur chun feidhme beartas bainistithe tearmainn agus imirce i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach sa chuid seo. Tarchuirfidh an Coimisiún an Straitéis chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

2.Maidir leis an Straitéis Eorpach um Bainistiú Tearmainn agus Imirce, cuirfear an méid seo a leanas san áireamh:

(a)straitéisí náisiúnta na mBallstát dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo;

(b)faisnéis a bhaileoidh an Coimisiún faoi Mholadh Uimh. XXX ón gCoimisiún maidir le Sásra Aontais um Ullmhacht Imirce agus Bainistiú Géarchéimeanna dá ngairtear an Treoirphlean Ullmhachta Imirce agus Géarchéime anseo feasta; na tuarascálacha a eiseofar faoi chuimsiú an chreata sin, chomh maith le gníomhaíochtaí an Ghréasáin um Ullmhacht maidir leis an Imirce agus an Bainistiú Géarchéime;

(c)tuarascálacha ábhartha agus anailísí ábhartha ó ghníomhaireachtaí an Aontais;

(d)faisnéis a bhaileofar le linn meastóireachtaí a dhéanfar le sásra meastóireachta agus faireacháin Schengen i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 55 .

3.Beidh straitéisí náisiúnta i bhfeidhm sna Ballstáit chun inniúlacht leordhóthanach a áirithiú le haghaidh cur chun feidhme córais bhainistithe tearmainn agus imirce éifeachtaigh i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach sa Chuid seo. Áireofar ar na straitéisí sin pleanáil theagmhasach ar an leibhéal náisiúnta, agus cuirfear san áireamh an phleanáil theagmhasach de bhun Rialachán (AE) XXX/XXX[Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann], Rialachán (AE) 2019/1896 56 (an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta) agus Treoir XXX/XXX/AE [an Treoir maidir le Dálaí Glactha] agus tuarascálacha an Choimisiúin a eiseofar faoi chuimsiú chreat an Treoirphlean Ullmhachta Imirce agus Géarchéime. Áireofar ar na straitéisí náisiúnta sin faisnéis faoin gcaoi a bhfuil na prionsabail a leagtar amach sa Chuid sin, agus na hoibleagáidí dlíthiúla a eascraíonn as sin ar an leibhéal náisiúnta, á gcur chun feidhme ag an mBallstát. Cuirfear san áireamh iontu sin straitéisí ábhartha eile agus bearta tacaíochta atá ann cheana faoi Rialachán (AE) XXX/XXX [an Ciste Tearmainn agus Imirce] agus Rialachán (AE) XXX/XXX [Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann] go sonrach, agus beidh siad comhsheasmhach comhlántach le straitéisí náisiúnta maidir le bainistiú comhtháite ar theorainneacha arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 8(6) de Rialachán (AE) 2019/1896. Maidir le torthaí fhaireacháin na meastóireachta a chuirtear i gcrích ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, i gcomhréir le Rialachán Uimh. 1053/2013 ón gComhairle agus torthaí an fhaireacháin a chuirtear i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán um Scagadh], ba cheart iad a chur san áireamh sna straitéisí sin.

4.Glacfaidh an Coimisiún Tuarascáil ar Bhainistiú Imirce gach bliain ina leagfar amach forbairt réamh-mheasta staid na himirce agus ullmhacht an Aontais agus na mBallstát. I gcás sreabha imirce a spreagtar le hoibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit lena mbaineann agus leagfar amach sa Tuarascáil an líon iomlán díbhordála réamh-mheasta sa ghearrthéarma agus an fhreagairt dlúthpháirtíochta a mbeadh gá léi chun rannchuidiú le riachtanais na mBallstát díbhordála trí athshocrú agus bearta i réimse na forbartha inniúlachta, tacaíocht oibríochtúil agus bearta i réimse na gné seachtraí. Léireofar sa Tuarascáil chomh maith an bhfuil dúshláin acmhainneachta roimh Bhallstáit áirithe mar gheall ar náisiúnaigh tríú tír leochaileacha a bheith i láthair agus áireofar sa Tuarascáil torthaí an tuairiscithe ar fhaireachán a liostaítear i mír 3 lena náirítear an fhaisnéis a bhaileofar faoi chuimsiú chreat an Treoirphlean Ullmhachta Imirce agus Géarchéime agus molfar feabhsuithe i gcás inarb iomchuí.

5.Bunóidh na Ballstáit na straitéisí náisiúnta faoin [bliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] ar a dhéanaí. Glacfar an chéad Straitéis Eorpach um Bainistiú Tearmainn agus Imirce faoin [18 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] ar a dhéanaí agus an Chéad Tuarascáil ar Bhainistiú Imirce faoin [bliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] ar a dhéanaí.

6.Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar staid na himirce agus cuirfidh sé faisnéis ar fáil ina leith trí thuarascálacha rialta bunaithe ar shonraí agus ar fhaisnéis ardcháilíochta a chuirfidh na Ballstáit, an tSeirbhís Gníomhaíochta Seachtraí, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, Europol agus an Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha ar fáil agus go háirithe an fhaisnéis a bhailítear faoi chuimsiú an Treoirphlean Ullmhachta Imirce agus Géarchéime agus a Ghréasán.

Airteagal 7

Comhar le tríú tíortha chun filleadh agus athligean isteach a éascú

1.Más rud é, ar bhonn na hanailíse a chuirtear i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 25a(2) nó (4) de Rialachán (AE) Uimh 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 57 nó le haon fhaisnéis eile atá ar fáil, go measann an Coimisiún nach bhfuil tríú tír ag comhoibriú go leordhóthanach maidir le hathligean isteach náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach, agus gan dochar d’Airteagal 25(a)(5) den Rialachán sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid na Comhairle lena náirítear, i gcás inarb iomchuí, sainaithint aon bheart a d’fhéadfaí a dhéanamh chun feabhas a chur ar chomhar an tríú tír sin maidir le hathligean isteach, agus caidreamh foriomlán an Aontais leis an tríú tír á chur san áireamh.

2.I gcás ina mheasann an Coimisiún gurb iomchuí sin, sainaithneoidh sé freisin ina thuarascáil bearta dírithe ar chomhar idir na Ballstáit a chur chun cinn chun filleadh náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a éascú.

3.Ar bhonn na tuarascála dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún agus an Chomhairle, laistigh dá ninniúlachtaí féin, na bearta iomchuí a mheas agus caidreamh foriomlán an Aontais leis an tríú tír sin a chur san áireamh.

4.Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas go tráthrialta faoi chur chun feidhme an Airteagail seo.

CUID III

CRITÉIR AGUS SÁSRAÍ CHUN A CHINNEADH CÉ ACU BALLSTÁT ATÁ FREAGRACH

CAIBIDIL I

PRIONSABAIL AGUS COIMIRCÍ GINEARÁLTA

Airteagal 8

Rochtain ar an nós imeachta chun iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú

1.Déanfaidh na Ballstáit scrúdú ar aon iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a chuireann náisiúnach tríú tír nó duine gan stát isteach ar chríoch aon Bhallstáit acu, lena náirítear ag an teorainn nó sna limistéir idirthurais. Déanfaidh Ballstát amháin scrúdú ar an iarratas, ar Ballstát é a thabharfar le fios sna critéir a leagtar amach i gCaibidil II de Chuid III go mbeidh sé freagrach.

2.I gcás nach féidir an Ballstát freagrach a ainmniú ar bhonn na gcritéar a liostaítear sa Rialachán seo, beidh an chéad Bhallstát ar cláraíodh an tiarratas ar chosaint idirnáisiúnta ann freagrach as scrúdú a dhéanamh air.

3.Más rud é ach nach féidir le Ballstát iarratasóir a aistriú chuig an mBallstát a ainmníodh mar phríomh-Bhallstát atá freagrach toisc go bhfuil forais shuntasacha ann lena chreidiúint go bhfuil lochtanna córasacha sa nós imeachta tearmainn agus sna dálaí glactha i gcás iarratasóirí sa Bhallstát sin, agus dá bharr sin go bhféadfaí caitheamh leo ar bhealach mídhaonna nó táireach de réir bhrí Airteagal 4 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, leanfaidh an Ballstát a mbeidh an cinneadh á dhéanamh aige de scrúdú a dhéanamh ar na critéir a leagtar amach i gCaibidil II de Chuid III lena shuí an bhféadfar Ballstát freagrach eile a ainmniú.

Más rud é nach féidir le Ballstát an t‑aistriú a dhéanamh, de bhun na chéad fomhíre, chuig aon Bhallstát a ainmnítear ar bhonn na gcritéar a leagtar amach i gCaibidil II de Chuid III ná chuig an gcéad Bhallstát inar cláraíodh an t‑iarratas, is é an Ballstát sin a bheidh ina Bhallstát freagrach.

4.Más rud é nach ndéantar seiceáil slándála dá bhforáiltear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán um Scagadh], scrúdóidh an chéad Bhallstát ina chláraítear an tiarratas ar chosaint idirnáisiúnta an ann d’fhorais réasúnacha chun a mheas gur baol atá san iarratasóir do shlándáil náisiúnta nó d’ord poiblí an Bhallstáit sin a luaithe is féidir tar éis chlárú an iarratais, sula gcuirfear i bhfeidhm na critéir chun an Ballstát freagrach a chinneadh de bhun Chaibidil II nó de bhun na gclásal a leagtar amach i gCaibidil III de Chuid III.

Más rud go ndéantar seiceáil slándála dá bhforáiltear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán um Scagadh], ach go bhfuil cúiseanna a bhfuil údar maith leo ag an gcéad Bhallstát ina chláraítear an t‑iarratas ar chosaint idirnáisiúnta chun a scrúdú an ann d’fhorais réasúnacha chun a mheas gur baol atá san iarratasóir do shlándáil náisiúnta nó d’ord poiblí an Bhallstáit sin, déanfaidh an Ballstát sin an scrúdú sin a luaithe is féidir tar éis chlárú an iarratais, sula gcuirfear i bhfeidhm na critéir chun an Ballstát freagrach a chinneadh de bhun Chaibidil II nó de bhun na gclásal a leagtar amach i gCaibidil III de Chuid III.

Más rud é sa tseiceáil slándála a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán um Scagadh], nó i gcomhréir leis an gcéad fhomhír agus leis an dara fomhír den mhír seo, go léirítear gurb ann d’fhorais réasúnacha chun a mheas gur baol atá san iarratasóir do shlándáil náisiúnta nó d’ord poiblí an Bhallstáit sin a bhfuil an tseiceáil slándála a déanamh aige, is é an Ballstát sin a bheidh ina Bhallstát freagrach.

5.Coinneoidh gach Ballstát an ceart chun iarratasóir a chur go tríú tír shábháilte, faoi réir na rialacha agus na gcoimircí a leagtar síos i Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn].

Airteagal 9

Oibleagáidí an iarratasóra

1.I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag náisiúnach tríú tír nó duine gan stát iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a dhéanamh, déanfar an tiarratas agus clárófar é i mBallstát na chéad iontrála.

2.De mhaolú ar mhír 1, i gcás ina bhfuil cead cónaithe bailí nó víosa bhailí ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát, déanfar an tiarratas agus clárófar é sa Bhallstát inar eisíodh an cead cónaithe nó an víosa sin.

I gcás ina bhfuil cead cónaithe imithe in éag nó víosa imithe in éag ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát, agus go bhfuil sé beartaithe aige iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta, déanfar an t‑iarratas agus clárófar é sa Bhallstát ina bhfuil sé i láthair.

3.Comhoibreoidh an tiarratasóir go hiomlán le húdaráis inniúla na mBallstát i dtaca leis na hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo, go háirithe maidir leis na heilimintí uile agus an fhaisnéis uile atá ar fáil dó, nó atá ábhartha, a chur isteach chun cé acu Ballstát atá freagrach a chinneadh, a luaithe is féidir nó le linn an agallaimh ar a dhéanaí dá dtagraítear in Airteagal 12. I gcás nach bhfuil an tiarratasóir in ann an fhianaise sin a chur isteach tráth an agallaimh chun bunús a thabhairt leis na heilimintí agus an fhaisnéis a chuirtear ar fáil, féadfaidh an túdarás inniúil teorainn ama a shocrú laistigh den tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 29(1) maidir leis an bhfianaise sin a chur isteach.

4.Ceanglófar ar an iarratasóir a bheith i láthair:

(a)sa Bhallstát dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 go dtí go gcinnfear cé acu Ballstát atá freagrach agus, i gcás inarb infheidhme, go dtí go gcuirfear an nós imeachta aistrithe chun feidhme;

(b)sa Bhallstát freagrach;

(c)i mBallstát an athshocraithe tar éis aistriú de bhun Airteagal 57(9).

5.I gcás ina dtugtar fógra faoi chinneadh aistrithe don iarratasóir i gcomhréir le hAirteagal 32(2) agus le hAirteagal 57(8), déanfaidh an tiarratasóir de réir an chinnidh sin.

Airteagal 10

Iarmhairtí a leanann neamhchomhlíonadh

1.Ní bheidh an tiarratasóir i dteideal na ndálaí glactha a leagtar amach in Airteagail 15 go 17 de Threoir XXX/XXX/AE [an Treoir maidir le Dálaí Glactha] de bhun Airteagal 17a den Treoir sin in aon Bhallstát seachas an Ballstát a gceanglaítear air a bheith i láthair ann de bhun Airteagal 9(4) den Rialachán seo ón uair a thugtar fógra dó faoi chinneadh é a aistriú go dtí an Ballstát freagrach, ar choinníoll gur cuireadh an tiarratasóir sin ar an eolas faoin iarmhairt sin de bhun Airteagal 8(2) pointe (b) de Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán um Scagadh]. Ní dhéanfar dochar leis sin don ghá atá ann caighdeán maireachtála i gcomhréir le dlí an Aontais a áirithiú, lena náirítear Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus oibleagáidí idirnáisiúnta.

2.Maidir le heilimintí agus faisnéis ábhartha chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach, a chuirtear isteach tar éis don teorainn ama dá dtagraítear in Airteagal 9(3), ní chuirfidh na húdaráis inniúla san áireamh iad.

Airteagal 11

Ceart chun faisnéise

1.A luaithe is féidir nó tráth a chlárófar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i mBallstát, cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit sin in iúl don iarratasóir maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus maidir leis na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 9 mar aon leis na hiarmhairtí a bhaineann le neamhchomhlíonadh a leagtar amach in Airteagal 10, agus cuirfidh siad in iúl dó go háirithe:

(a)nach gcuimsítear sa cheart chun iarratas a dhéanamh ar cosaint idirnáisiúnta rogha an iarratasóra i ndáil leis an mBallstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta nó Ballstát an athshocraithe;

(b)oibleagáidí an Rialacháin seo agus na hiarmhairtí a bhaineann le hiarratas eile a dhéanamh i mBallstát eile chomh maith leis na hiarmhairtí a bhaineann le fágáil an Bhallstáit ina gceanglaítear air a bheith i láthair ann de bhun Airteagal 9(4), go háirithe nach mbeidh an tiarratasóir i dteideal ach na dálaí glactha a leagtar amach in Airteagal 10(1);

(c)na critéir agus na nósanna imeachta i dtaca leis an mBallstát freagrach a chinneadh, ordlathas na gcritéar sin i gcéimeanna éagsúla, an nós imeachta agus an fad a mhairfidh siad;

(d)maidir le haidhm don agallamh pearsanta de bhun Airteagal 12 agus maidir leis an oibleagáid faisnéis a chur isteach, agus bunús a thabhairt léi, ó bhéal nó trí dhoiciméid faisnéise a chur isteach a luaithe is féidir sa nós imeachta, aon fhaisnéis ábhartha lena bhféadfaí cabhrú a chruthú gurbh ann do bhaill teaghlaigh, gaolta nó d’aon bhaill teaghlaigh eile sna Ballstáit, lena náirítear an bealach inar féidir leis an iarratasóir faisnéis den sórt sin a chur isteach, chomh maith le haon chabhair ar féidir leis an mBallstát a chur ar fáil maidir le baill teaghlaigh nó gaolta a chuardach;

(e)maidir leis an oibleagáid atá ar an iarratasóir, aon fhaisnéis ábhartha a nochtadh lena bhféadfaí a chruthú gurbh ann roimh ré d’aon chead cónaithe, aon víosa nó aon dioplóma oideachais; a luaithe is féidir le linn an nós imeachta;

(f)go bhféadfaí agóid a dhéanamh i gcoinne cinnidh aistrithe laistigh den teorainn ama a leagtar amach in Airteagal 33(2) agus go bhfuil raon feidhme na hagóide sin teoranta mar a leagtar síos in Airteagal 33(1);

(g)maidir leis an gceart go ndeonófar cúnamh dlí saor in aisce, má iarrtar sin, i gcás nach bhféadfaidh an duine lena mbaineann íoc as na costais lena mbaineann;

(h)go ndéanfaidh údaráis inniúla na mBallstát agus an Ghníomhaireacht um Thearmann sonraí pearsanta an iarratasóra a phróiseáil lena náirítear chun a shonraí pearsanta a mhalartú chun a chuid oibleagáidí a eascróidh as an Rialachán a chur chun feidhme agus chuige sin amháin;

(i)maidir le catagóirí na sonraí pearsanta lena mbaineann;

(j)go bhfuil ceart rochtana aige ar shonraí a bhaineann leis, agus an ceart a iarraidh go gceartófar na sonraí sin más sonraí míchruinne iad nó go scriosfar iad más rud é go próiseáiltear go neamhdhleathach iad, chomh maith leis na nósanna imeachta chun na cearta sin a fheidhmiú lena náirítear sonraí teagmhála na núdarás dá dtagraítear in Airteagal 41 agus sonraí teagmhála na núdarás náisiúnta cosanta sonraí atá freagrach as éisteacht le héilimh a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta, agus sonraí teagmhála an oifigigh cosanta sonraí;

(k)i gcás mionaoisigh neamhthionlactha, maidir le ról agus freagrachtaí an ionadaí agus an nós imeachta chun gearáin a dhéanamh i gcoinne ionadaí i modh rúin agus sábháilteachta agus lánurraim á tabhairt do cheart éisteachta an linbh ina leith sin;

(l)i gcás inarb infheidhme, maidir leis an nós imeachta um athshocrú a leagtar amach in Airteagail 57 agus 58.

2.Cuirfear an teolas dá dtagraítear i mír 1 ar fáil i scríbhinn i dteanga a thuigeann an tiarratasóir nó a cheaptar le réasún go bhfuil an tiarratasóir in ann í a thuiscint. Chun na críche sin úsáidfidh na Ballstáit an tábhar faisnéise coiteann a tharraingeofar suas i dteanga shoiléir shimplí de bhun mhír 3.

I gcás inar gá, chun go dtuigfidh an t‑iarratasóir i gceart í, cuirfear an fhaisnéis ar fáil ó bhéal i gcás inarb iomchuí maidir leis an agallamh pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 12.

3.Déanfaidh an Ghníomhaireacht um Thearmainn, i ndlúthchomhar leis na gníomhaireachtaí náisiúnta freagracha, ábhar faisnéise coiteann a tharraingt suas, mar aon le bileog shonrach do mhionaoisigh neamhthionlactha ina mbeidh ar an laghad an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1. Áireofar freisin leis an ábhar faisnéise coiteann sin faisnéis maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán Eurodac] agus, go háirithe, an cuspóir atá le próiseáil shonraí an iarratasóra laistigh de Eurodac. Déanfar an tábhar faisnéise coiteann a tharraingt suas ar bhealach a chuirfidh ar chumas na mBallstát é a chomhlánú le faisnéis bhreise is sonrach do Bhallstát ar leith.

Airteagal 12

Agallamh pearsanta

1.D’fhonn an próiseas chun cé acu Ballstát atá freagrach a chinneadh a éascú, déanfaidh an Ballstát a mbeidh an cinneadh á dhéanamh aige agallamh pearsanta leis an iarratasóir. Leis an agallamh, cinnteofar go dtuigfidh an tiarratasóir i gceart an fhaisnéis a seoladh chuige i gcomhréir le hAirteagal 11.

2.Féadfar an tagallamh pearsanta a fhágáil ar lár más rud é:

(a)gur éalaigh an tiarratasóir;

(b)nár fhreastail an tiarratasóir ar an agallamh pearsanta agus nár thug sé cúiseanna réasúnaithe lena neamhláithreacht;

(c)tar éis don iarratasóir an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 11 a fháil, go mbeidh faisnéis ábhartha curtha ar fáil cheana féin aige ionas go bhféadfar a chinneadh, trí bhealaí eile, cé acu Ballstát atá freagrach. Maidir leis an mBallstát a fhágfaidh an tagallamh ar lár, tabharfaidh an Ballstát sin an deis don iarratasóir an fhaisnéis bhreise uile atá ábhartha a chur i láthair chun a chinneadh i gceart cé acu Ballstát atá freagrach laistigh den tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 29(1).

3.Déanfar an tagallamh pearsanta go tráthúil agus, in aon chás, sula ndéanfar aon iarraidh ar ghabháil ar láimh de bhun Airteagal 29.

4.Déanfar an tagallamh pearsanta i dteanga a thuigeann an tiarratasóir nó a cheaptar le réasún go bhfuil an tiarratasóir in ann í a thuiscint agus ina bhfuil sé in ann cumarsáid a dhéanamh. Foireann atá oilte agus cáilithe go hiomchuí faoin dlí náisiúnta a chuirfidh agallamh ar mhionaoisigh neamhthionlactha ar bhealach lena dtacaítear do leanaí, i láthair an ionadaí agus, i gcás inarb infheidhme, i láthair chomhairleoir dlí an mhionaoisigh. Is gcás inar gá, beidh na Ballstáit in ann dul ar iontaoibh ateangaire, agus i gcás inarb iomchuí, ar iontaoibh idirghabhálaí chultúrtha a bheidh in ann cumarsáid chuí a áirithiú idir an tiarratasóir agus an duine a dhéanfaidh an tagallamh pearsanta. Féadfaidh an tiarratasóir a iarraidh go ndéanfaí ball foirne den ghnéas céanna é a chur faoi agallamh agus cúnamh a fháil uaidh.

5.Déanfar an tagallamh pearsanta faoi dhálaí a áiritheoidh rúndacht chuí. Duine a bheidh cáilithe faoin dlí náisiúnta a chuirfidh agallamh ar an iarratasóir. Maidir le hiarratasóirí a shainaithnítear go bhfuil sainráthaíochtaí nós imeachta de dhíth orthu de bhun Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX [an Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn], tabharfar tacaíocht leordhóthanach dóibh chun na dálaí is gá a chruthú chun na heilimintí uile a chur i láthair go héifeachtach lena bhféadfar a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach.

6.Cuirfidh an Ballstát a dhéanfaidh an tagallamh pearsanta achoimre i scríbhinn de ina mbeidh, ar a laghad, an phríomhfhaisnéis a thug an tiarratasóir san agallamh. Déanfar an achoimre sin i bhfoirm tuairisce nó i bhfoirm chaighdeánach. Áiritheoidh an Ballstát go mbeidh rochtain thráthúil ar an achoimre ag an iarratasóir nó ag comhairleoir a dhéanann ionadaíocht ar an iarratasóir.

Airteagal 13

Ráthaíochtaí do mhionaoisigh

1.Tabharfaidh na Ballstáit tús áite do shárleasanna an linbh maidir le gach nós imeachta dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

2.Áiritheoidh gach Ballstát ina bhfuil mionaoiseach neamhthionlactha i láthair go ndéanfar ionadaíocht air nó go dtabharfaidh ionadaí cúnamh dó i ndáil leis na nósanna imeachta ábhartha dá bhforáiltear sa Rialachán. Beidh na cáilíochtaí, an oiliúint agus an saineolas ag an ionadaí lena áirithiú go gcuirfear sárleasanna an mhionaoisigh san áireamh le linn na nósanna imeachta a chuirfear i gcrích faoin Rialachán seo. Beidh rochtain ag an ionadaí sin ar ábhar na ndoiciméad ábhartha i gcomhad an iarratasóra lena náirítear an tábhar fianaise sonraí le haghaidh mhionaoisigh neamhthionlactha.

I gcás ina gceapfar eagraíocht mar ionadaí, ainmneoidh sí duine le bheith freagrach as a cuid dualgas a chomhlíonadh i ndáil leis an mionaoiseach. Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir leis an duine sin.

Maidir leis an ionadaí dá bhforáiltear sa chéad fhomhír, is féidir gurb é an duine nó an eagraíocht chéanna dá bhforáiltear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn].

3.Beidh ionadaí an mhionaoisigh neamhthionlactha rannpháirteach sa phróiseas lena shuitear an Ballstát freagrach faoin rialachán seo. Cabhróidh an tionadaí leis an mionaoiseach neamhthionlactha faisnéis a chur ar fáil atá ábhartha don mheasúnú ar a shárleasanna i gcomhréir le mír 4, lena náirítear feidhmiú an chirt éisteachta, agus tacóidh an tionadaí le caidreamh an mhionaoisigh neamhthionlactha le gníomhaithe eile, eagraíochtaí cuardaigh teaghlaigh mar shampla, i gcás inarb iomchuí chun na críche sin.

4.Agus sárleasanna an linbh á measúnú, oibreoidh na Ballstáit i ndlúthchomhar le chéile, agus go háirithe, tabharfaidh siad aird chuí ar na fachtóirí seo a leanas:

(a)féidearthachtaí maidir le teaghlaigh a athaontú;

(b)folláine agus forbairt shóisialta an mhionaoisigh, agus cúlra an mhionaoisigh á chur san áireamh go háirithe;

(c)cúinsí sábháilteachta agus slándála, go háirithe i gcás ina bhfuil riosca ann gur íospartach aon chineál foréigin agus dúshaothraithe é an mionaoiseach, lena náirítear gáinneáil ar dhaoine;

(d)tuairimí an mhionaoisigh, i gcomhréir lena aois agus lena aibíocht;

(e)i gcás inar mionaoiseach neamhthionlactha é an tiarratasóir, an fhaisnéis a chuireann an tionadaí ar fáil sa Bhallstát ina bhfuil an mionaoiseach neamhthionlactha i láthair.

5.Sula naistrítear mionaoiseach neamhthionlactha go dtí an Ballstát freagrach nó, i gcás inarb infheidhme, go dtí Ballstát an athshocraithe, áiritheoidh an Ballstát a dhéanfaidh an taistriú go ndéanfaidh an Ballstát freagrach nó Ballstát an athshocraithe na bearta dá dtagraítear in Airteagail 14 agus 23 de Threoir XXX/XXX/EU [an Treoir maidir le Dálaí Glactha] agus in Airteagal 22 de Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn] gan mhoill. Sula ndéanfar cinneadh mionaoiseach neamhthionlactha a aistriú déanfar measúnú ar a shárleasanna. Beadh an measúnú bunaithe ar na fachtóirí a liostaítear i mír 4 agus luafar go soiléir sa chinneadh aistrithe conclúidí an mheasúnaithe ar na fachtóirí sin. Is oifigigh a bhfuil na cáilíochtaí agus an saineolas is gá acu chun deimhin a dhéanamh de go gcuirfear sárleasanna an mhionaoisigh san áireamh a dhéanfaidh an measúnú agus déanfar go pras é.

6.Chun Airteagal 15 a chur i bhfeidhm, déanfaidh an Ballstát ina chláraítear iarratas an mionaoisigh neamhthionlactha ar chosaint idirnáisiúnta, a luaithe is féidir, beart iomchuí chun baill teaghlaigh nó gaolta an mhionaoisigh neamhthionlactha ar chríoch na mBallstát a shainaithint, agus sárleasanna an linbh a chosaint san am céanna.

Chuige sin, féadfaidh an Ballstát sin cúnamh a lorg ó eagraíochtaí idirnáisiúnta nó ó eagraíochtaí ábhartha eile, agus féadfaidh sé rochtain an mhionaoisigh ar sheirbhísí cuardaigh na n‑eagraíochtaí sin a éascú.

Beidh oiliúint iomchuí i dtaca le sainriachtanais mionaoiseach ar fhoireann na n‑údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 41, a bheidh ag déileáil le hiarrataí maidir le mionaoisigh neamhthionlactha, agus cuirfear an oiliúint sin orthu ar bhonn leanúnach.

7.D’fhonn an gníomh iomchuí a éascú chun baill teaghlaigh nó gaolta an mhionaoisigh neamhthionlactha atá ina chónaí i gcríoch Bhallstáit eile de bhun mhír 6, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena náirítear foirm chaighdeánach chun faisnéis iomchuí a mhalartú idir Ballstáit. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 67(2).

CAIBIDIL II

CRITÉIR CHUN A CHINNEADH CÉ ACU BALLSTÁT ATÁ FREAGRACH

Airteagal 14

Ordlathas na gcritéar

1.Cuirfear na critéir chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach i bhfeidhm san ord ina leagtar síos sa Chaibidil seo iad.

2.Déanfar an Ballstát freagrach a chinneadh i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos sa Chaibidil seo bunaithe ar bhonn na staide tráth a ndéanfar an tiarratas ar chosaint idirnáisiúnta i mBallstát a chlárú den chéad uair.

Airteagal 15

Mionaoisigh neamhthionlactha

1.I gcás inar mionaoiseach neamhthionlactha é an tiarratasóir, ní bheidh feidhm ach ag na critéir a leagtar amach san Airteagal seo, san ord ina leagtar amach iad i míreanna 2 go 5.

2.Is é an Ballstát a bheidh freagrach an Ballstát ina mbeidh ball teaghlaigh an mhionaoisigh neamhthionlactha i láthair go dleathach, mura léirítear nach chun sárleasanna an mhionaoisigh é. I gcás inar mionaoiseach pósta é an tiarratasóir ach nach mbeidh a chéile i láthair ar chríoch na mBallstát, is é an Ballstát freagrach an Ballstát ina bhfuil athair, máthair nó duine fásta eile a bheidh freagrach as an mionaoiseach i gcomhréir le dlí nó i gcomhréir le cleachtas an Bhallstáit sin, nó ina bhfuil siblín i láthair go dleathach.

3.I gcás ina bhfuil gaol leis an iarratasóir i láthair go dleathach i mBallstát eile agus nuair a shuitear de bhun scrúdú indibhidiúil go bhfuil an gaol sin in ann aire a thabhairt dó, déanfaidh an Ballstát sin an mionaoiseach a athaontú leis an ngaol, agus is é a bheidh ina Bhallstát freagrach, mura léirítear nach chun sárleasanna an mhionaoisigh é sin.

4.I gcás ina ball teaghlaigh, nó gaol dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3, ag fanacht i níos mó ná Ballstát amháin, déanfar cinneadh cé acu Ballstát atá freagrach bunaithe ar shárleasanna an mhionaoisigh neamhthionlactha.

5.I gcás nach bhfuil ball teaghlaigh nó gaol dá dtagraítear i mír 2 agus 3 i láthair, is é an Ballstát inar cláraíodh iarratas an mhionaoisigh neamhthionlactha ar chosaint idirnáisiúnta den chéad uair an Ballstát freagrach, mura léirítear nach chun sárleasanna an mhionaoisigh é seo.

6.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 68 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)baill teaghlaigh nó gaolta mionaoiseach neamhthionlactha a shainaithint;

(b)na critéir chun a chruthú gurb ann do naisc theaghlaigh;

(c)na critéir chun measúnú a dhéanamh ar chumas an ghaoil aire a thabhairt don mhionaoiseach neamhthionlactha, lena nairítear i gcásanna ina bhfuil cónaí ar bhaill teaghlaigh, siblíní nó gaolta an mhionaoisigh neamhthionlactha i mBallstát amháin nó níos mó.

Agus a chumhachtaí á bhfeidhmiú ag an gCoimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, ní sháróidh sé raon feidhme shárleasanna an linbh dá bhforáiltear faoi Airteagal 13(4).

7.Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, coinníollacha aonfhoirmeacha a bhunú don chomhairliúchán agus chun faisnéis a mhalartú idir na Ballstáit. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 67(2).

Airteagal 16

Baill teaghlaigh ar daoine iad a bhaineann tairbhe as cosaint idirnáisiúnta

Má bhíonn ball teaghlaigh ag an iarratasóir ar tugadh cead dó cónaí mar thairbhí cosanta idirnáisiúnta i mBallstát, beidh an Ballstát sin freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, ar choinníoll gur chuir na daoine lena mbaineann a mian in iúl i scríbhinn.

Airteagal 17

Baill teaghlaigh is iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta

I gcás ina bhfuil ball teaghlaigh ag an iarratasóir i mBallstát agus nach bhfuil iarratas an bhaill sin ar chosaint idirnáisiúnta sa Bhallstát sin fós faoi réir céad chinnidh maidir leis an tsubstaint, beidh an Ballstát sin freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, ar choinníoll gur chuir na daoine lena mbaineann a mian in iúl i scríbhinn.

Airteagal 18

Nós imeachta teaghlaigh

I gcás ina gcuireann roinnt ball teaghlaigh iarratais ar chosaint idirnáisiúnta isteach in aon Bhallstát amháin ag an am céanna, nó ar dhátaí sách gar dá chéile chun go bhféadfaí na nósanna imeachta chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach a chur i gcrích le cheile, agus i gcás ina scartar óna chéile iad mar thoradh ar chur i bhfeidhm na gcritéar a leagtar síos sa Rialachán seo, déanfar an Ballstát atá freagrach a chinneadh de réir an mhéid seo a leanas:

(a)an fhreagracht as scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta na mball teaghlaigh uile, beidh an fhreagracht sin ar an mBallstát sin a léireofar leis na critéir gurb é atá freagrach as an líon is mó acu a ghabháil ar láimh;

(b)sa chás nach féidir é sin a dhéanamh, beidh freagracht ar an mBallstát a léireofar leis na critéir gurb é atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas an duine is sine acu.

Airteagal 19

Eisiúint doiciméad cónaithe nó víosaí

1.I gcás ina mbeidh doiciméad cónaithe atá bailí ina sheilbh ag an iarratasóir, beidh an Ballstát a d’eisigh an doiciméad sin freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

2.I gcás ina mbeidh víosa bhailí ag an iarratasóir, beidh an Ballstát a d’eisigh an víosa sin freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, ach amháin i gcás ina neisítear an víosa thar ceann Ballstáit eile faoi shocrú maidir le hionadaíocht dá bhforáiltear in Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009. Sa chás sin, beidh an Ballstát a ndéanfar ionadaíocht air freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

3.I gcás ina bhfuil níos mó ná doiciméad cónaithe amháin nó níos mó ná víosa amháin atá bailí, a d’eisigh Ballstáit éagsúla, ina sheilbh ag an iarratasóir glacfaidh na Ballstáit freagracht as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta san ord seo a leanas:

(a)an Ballstát a d’eisigh an doiciméad cónaithe a thugann ceart don tréimhse chónaithe is faide nó, i gcás inarb ionann na tréimhsí bailíochta, an Ballstát a d’eisigh an doiciméad cónaithe ag a bhfuil an dáta éaga is déanaí;

(b)i gcás inar víosaí d’aon chineál amháin iad, an Ballstát a d’eisigh an víosa ag a bhfuil an dáta éaga is déanaí;

(c)i gcás inar cineálacha éagsúla víosaí iad, an Ballstát a d’eisigh an víosa ag a bhfuil an tréimhse bailíochta is faide, nó, i gcás inarb ionann na tréimhsí bailíochta, an Ballstát a d’eisigh an víosa ag a bhfuil an dáta éaga is déanaí.

4.I gcás ina bhfuil doiciméad cónaithe amháin nó níos mó nó víosa amháin nó níos mó ag iarratasóir, doiciméad nó víosa a d’imigh in éag níos lú ná trí bliana sular cláraíodh an tiarratas, beidh feidhm ag míreanna 1, 2 agus 3.

5.Ní chuirfear cosc le freagracht a chur ar an mBallstát a eisíonn doiciméad cónaithe nó víosa bunaithe ar chéannacht bhréagach nó ghlactha nó ar thaisceadh doiciméad a bhí góchumtha, bréagach nó neamhbhailí. Mar sin féin, ní bheidh an Ballstát a eiseoidh an doiciméad cónaithe nó an víosa freagrach más féidir leis a shuí go ndearnadh calaois tar éis don doiciméad nó don víosa a bheith eisithe.

Airteagal 20

Dioplómaí nó cáilíochtaí eile

1.Más rud é go bhfuil dioplóma nó cáilíocht ag an iarratasóir a d’eisigh bunaíocht oideachais atá bunaithe i mBallstát agus gur cláraíodh an tiarratas ar chosaint idirnáisiúnta tar éis don iarratasóir críoch na mBallstát a fhágáil i ndiaidh dó a chuid staidéir a cuir i gcrích, beidh an Ballstát ina bhfuil an bhunaíocht oideachais sin bunaithe freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

2.Más rud go bhfuil níos mó ná dioplóma nó cáilíocht amháin ag an iarratasóir, a d’eisigh bunaíochtaí oideachais i mBallstáit éagsúla, is é an Ballstát a d’eisigh an dioplóma nó an cháilíocht tar éis na tréimhse staidéir is faide a ghabhfaidh chuige féin an fhreagracht as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, nó i gcás inarb ionann na tréimhsí staidéir, is é an Ballstát ina bhfuarthas an dioplóma nó an cháilíocht is déanaí a ghabhfaidh chuige féin an fhreagracht sin.

Airteagal 21

Iontráil

1.I gcás ina suífear, ar bhonn cruthúnais nó ar bhonn fianaise imthoiscí mar a thuairiscítear sa dá liosta dá dtagraítear in Airteagal 30(4) den Rialachán seo, lena náirítear na sonraí dá dtagraítear i Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán Eurodac], go bhfuil iarrthóir tar éis an teorainn a thrasnú go neamhrialta isteach i mBallstát, bíodh an modh trasnaithe ar tír, ar muir nó san aer, tar éis dó teacht ó thríú thír, beidh an chéad Bhallstát a ndeachaigh sé isteach ann sa chaoi sin freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta. Scoirfear den fhreagracht sin má chláraítear an tiarratas níos mó ná 3 bliana tar éis an dáta ar tharla an trasnú teorann sin.

2.Beidh feidhm ag an riail a leagtar amach i mír 1 chomh maith i gcás ina ndíbhordáiltear an tiarratasóir ar an gcríoch tar éis oibríochta cuardaigh agus tarrthála.

3.Ní bheidh feidhm ag mír 1 ná ag mír 2 más féidir a shuíomh, ar bhonn cruthúnais nó fianaise imthoiscí mar dá dtuairiscítear sa dá liosta dá dtagraítear in Airteagal 30(4) den Rialachán seo, lena náirítear na sonraí dá dtagraítear i Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán Eurodac], gur athshocraíodh an tiarratasóir de bhun Airteagal 57 den Rialachán seo chuig Ballstát eile tar éis dó an teorainn a thrasnú. Sa chás sin, beidh an Ballstát eile sin freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

Airteagal 22

Iontráil a bhfuil gá le víosa tarscaoilte ina leith

Má théann náisiúnach tríú tír nó duine gan stát isteach i gcríoch Ballstáit trí Bhallstát ina dtarscaoiltear an gá víosa a bheith aige, beidh an Ballstát sin freagrach as scrúdú a dhéanamh ar a iarratas ar chosaint idirnáisiúnta. Scoirfear den fhreagracht sin má chláraítear an t‑iarratas níos mó ná trí bliana tar éis an dáta ar thrasnaigh an duine sin an teorainn.

Airteagal 23

Iarratas i limistéar idirthurais idirnáisiúnta aerfoirt

I gcás ina ndéanfaidh náisiúnach tríú tír nó duine gan stát iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i limistéar idirthurais idirnáisiúnta aerfoirt Ballstáit, beidh an Ballstát sin freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas. 

CAIBIDIL III

CLEITHIÚNAITHE AGUS CLÁSAIL LÁNROGHNACHA

Airteagal 24

Cleithiúnaithe

1.I gcás ina mbeidh iarratasóir, mar gheall ar thoircheas nó leanbh nuabheirthe, breoiteacht thromchúiseach, míchumas trom, tráma trom nó seanaois, ag brath ar chúnamh óna leanbh nó óna thuismitheoir nó óna tuismitheoir atá ina chónaí nó go dleathach i gceann de na Ballstáit, nó i gcás ina mbeidh a leanbh nó a thuismitheoir atá ina chónaí nó go dleathach i gceann de na Ballstáit ag brath ar chúnamh an iarratasóra, de ghnáth coinneoidh an Ballstát an tiarratasóir agus an leanbh nó an tuismitheoir sin le chéile nó déanfar iad a athaontú ar choinníoll go raibh naisc teaghlaigh eatarthu sular shroich an tiarratasóir críoch na mBallstát, go bhfuil an leanbh, an tuismitheoir nó an tiarratasóir in ann aire a thabhairt don chleithiúnach agus gur chuir na daoine lena mbaineann a mian in iúl i scríbhinn.

I gcás inar cosúil go bhfuil an leanbh nó an tuismitheoir ina chónaí go dleathach ar chríoch an Bhallstáit ina bhfuil an cleithiúnaí, déanfaidh an Ballstát sin a fhíorú cé acu is féidir leis an leanbh nó an tuismitheoir aire a thabhairt don chleithiúnaí nó nach féidir, sula ndéanann sé iarraidh ar ghabháil ar láimh de bhun Airteagal 29.

2.I gcás ina mbeidh an leanbh nó an tuismitheoir dá dtagraítear i mír 1 ina chónaí go dleathach i mBallstát eile seachas an ceann ina mbeidh an tiarratasóir i láthair, is é an Ballstát atá freagrach an ceann ina mbeidh an leanbh nó an tuismitheoir i láthair go dleathach ach amháin má chuireann sláinte an iarratasóra cosc air nó uirthi taisteal go dtí an Ballstát sin ar feadh tréimhse ama nach beag. I gcás den sórt sin, is é an Ballstát atá freagrach an Ballstát ina mbeidh an tiarratasóir i láthair. Ní bheidh an Ballstát sin faoi réir na hoibleagáide leanbh nó tuismitheoir an iarratasóra a thabhairt chuig a chríoch.

3.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 68 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)na gnéithe a chuirfear san áireamh chun an nasc cleithiúnais a mheasúnú;

(b)na critéir chun naisc chruthaithe theaghlaigh a bhunú;

(c)na critéir chun inniúlacht an duine lena mbaineann in aire a thabhairt don chleithiúnaí a mheasúnú;

(d)na gnéithe a chuirfear san áireamh chun éagumas taistil ar feadh tréimhse ama nach beag a mheasúnú.

4.Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, coinníollacha aonfhoirmeacha a bhunú maidir leis an gcomhairliúchán agus le faisnéis a mhalartú idir na Ballstáit. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 67(2).

Airteagal 25

Clásail lánroghnacha

1.De mhaolú ar Airteagal 8(1), féadfaidh gach Ballstát a chinneadh scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a chláróidh náisiúnach tríú tír nó duine gan stát a chlárú leis, fiú mura mbeidh sé freagrach as scrúdú a dhéanamh de réir na gcritéar a leagtar síos sa Rialachán seo.

2.Féadfaidh an Ballstát ina gclárófar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta agus a bheidh i mbun an phróisis chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach, nó féadfaidh an Ballstát atá freagrach, tráth ar bith sula ndéanfar an chéad chinneadh maidir le substaint, iarraidh ar Bhallstát eile iarratasóir a ghabháil ar láimh chun aon bhaill teaghlaigh a thabhairt le chéile, ar chúiseanna daonchairdiúla bunaithe go háirithe ar chúinsí a bhaineann le cúrsaí teaghlaigh nó ar chúinsí cultúrtha, fiú i gcás nach bhfuil an Ballstát eile sin freagrach faoi na critéir a leagtar síos in Airteagail 15 go 18 agus Airteagal 24. Cuirfidh na daoine lena mbaineann a dtoiliú in iúl i scríbhinn.

Maidir leis an ábhar is gá chun go bhféadfaidh an Ballstát iarrtha an cás a mheasúnú a bheidh i seilbh an Bhallstáit iarrthaigh, beidh gach den ábhar sin san iarraidh ar ghabháil ar láimh.

Déanfaidh an Ballstát iarrtha gach seiceáil is gá chun na forais dhaonchairdiúla a luafar a scrúdú, agus tabharfaidh sé freagra don Bhallstát a rinne an iarraidh laistigh de dhá mhí ón iarraidh a fháil ag baint úsáid as an ngréasán cumarsáide leictreonaí a bunaíodh faoi Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1560/2003. Luafaidh aon fhreagra lena ndiúltófar an iarraidh na cúiseanna ar a mbeidh an diúltú bunaithe.

CAIBIDIL IV

OIBLEAGÁIDÍ AN BHALLSTÁIT ATÁ FREAGRACH

Airteagal 26

Oibleagáidí an Bhallstáit atá freagrach

1.Beidh sé d’oibleagáid ar an mBallstát atá freagrach faoin Rialachán seo:

(a)iarratasóir ar cláraíodh a iarratas i mBallstát eile a ghabháil ar láimh, faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 29, 30 agus 35;

(b)iarratasóir nó náisiúnach tríú tír nó duine gan stát ar cuireadh in iúl gurb é an Ballstát sin atá freagrach as, faoi Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) XXX/XXX (Rialachán Eurodac), a ghabháil ar ais, faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 31 agus 35 den Rialachán seo;

(c)tairbhí cosanta idirnáisiúnta ar cuireadh in iúl gurb é an Ballstát sin atá freagrach as, faoi Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) XXX/XXX (Rialachán Eurodac), a ghabháil ar ais, faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 31 agus 35 den Rialachán seo;

(d)duine a athlonnaíodh nó a ligeadh isteach a ghabháil ar ais, faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 31 agus 35 den Rialachán seo, ar duine é a rinne iarratas ar chosaint idirnáisiúnta nó atá ag fanacht go neamhrialta i mBallstát eile seachas an Ballstát a chinn é a ligean isteach i gcomhréir le Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán maidir le Creat Athlonnaithe an Aontais] nó a dheonaigh cosaint idirnáisiúnta nó stádas daonnúil don duine sin faoi scéim náisiúnta athlonnaithe.

2.Chun críocha an Rialacháin seo, ní fhéadfar idirdhealú a dhéanamh idir cás mionaoisigh a bheidh i dtionlacan an iarratasóra agus a chomhlíonfaidh an sainmhíniú ar bhall teaghlaigh, agus cás an iarratasóra féin, agus is faoin mBallstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta an bhaill teaghlaigh sin an mionaoiseach a ghabháil ar láimh nó a ghabháil ar ais, fiú murar iarratasóir an mionaoiseach é féin, ach amháin i gcás ina léirítear nach é sin leas an mhionaoisigh. Cuirfear an prionsabal céanna i bhfeidhm maidir le leanaí a bhéarfar tar éis don iarratasóir críoch na mBallstát a bhaint amach, gan aon ghá le nós imeachta nua a thionscnamh chun iad a ghabháil ar láimh.

3.Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b), déanfaidh an Ballstát atá freagrach an scrúdú ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, nó cuirfidh sé an scrúdú sin i gcrích de bhun Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn].

Airteagal 27

Scor na bhfreagrachtaí

1.I gcás ina neiseoidh Ballstát doiciméad cónaithe don iarratasóir, ina gcinnfidh sé Airteagal 25 a chur i bhfeidhm, nó i gcás nach naistreoidh sé an duine lena mbaineann chuig an mBallstát atá freagrach laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach in Airteagal 35, is é an Ballstát sin a bheidh ina Bhallstát freagrach agus déanfar na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 26 a aistriú chuig an mBallstát sin. I gcás inarb infheidhme, an Ballstát a bheidh i mbun an nós imeachta chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach nó, an Ballstát ar iarradh air an tiarratasóir a ghabháil ar láimh nó a bhfuil fógra faoi ghabháil ar ais faighte aige déanfaidh sé an Ballstát a bhí freagrach roimhe a chur ar an eolas, ag baint úsáid as an ngréasán cumarsáide leictreonaí a bunaíodh faoi Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1560/2003.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír más rud é go ndeonaítear cosaint idirnáisiúnta roimhe sin don duine ag an mBallstát atá freagrach.

Déanfaidh an Ballstát a thagann chun bheith freagrach de bhun na chéad fhomhíre den Airteagal seo a chur in iúl gurb eisean an Ballstát atá freagrach de bhun Airteagal 11(3) de Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán Eurodac].

2.Tiocfaidh deireadh leis an oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 26(1), pointe (b), den Rialachán seo náisiúnach tríú tír nó duine gan stát a ghabháil ar ais i gcás inar féidir a shuí, ar bhonn an tacar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 11(2)(c) de Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán Eurodac] a bheith nuashonraithe, go bhfuil críoch na mBallstát fágtha ag an duine lena mbaineann, ar bhonn éigeantach nó deonach, i gcomhréir le cinneadh um fhilleadh nó ordú aistrithe a eisítear tar éis aistarraingt nó diúltú an iarratais.

Maidir le hiarratas a chlárófar tar éis aistriú a chur i gcrích, measfar gur iarratas nua a bheidh ann, chun críoch an Rialacháin seo, as a n‑eascróidh nós imeachta nua chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach.

CAIBIDIL V

NÓSANNA IMEACHTA

ROINN I

Tús a chur leis an nós imeachta

Airteagal 28

Tús a chur leis an nós imeachta

1.An Ballstát ina chláraítear an tiarratas ar chosaint idirnáisiúnta ar dtús de bhun Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn] nó, i gcás inarb infheidhme, Ballstát an athshocraithe, cuirfidh sé tús gan mhoill leis an bpróiseas lena gcinnfear cé acu Ballstát atá freagrach.

2.An Ballstát inar chláraítear an tiarratas ar dtús nó, i gcás inarb infheidhme, Ballstát an athshocraithe, leanfaidh sé den phróiseas lena gcinnfear cé acu Ballstát atá freagrach i gcás ina bhfágann an tiarratasóir críoch an Bhallstáit sin gan údarú a fháil nó nach bhfuil sé ar fáil ar chúis eile d’údaráis inniúla an Bhallstáit sin.

3.An Ballstát a bhfuil an próiseas curtha i gcrích aige lena gcinnfear cé acu Ballstát atá freagrach, nó an Ballstát atá tar éis teacht chun bheith freagrach de bhun Airteagal 8(4) den Rialachán, cuirfidh sé an méid seo a leanas in iúl gan mhoill in Eurodac de bhun Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán Eurodac]:

(a)a chuid freagrachta de bhun Airteagal 8(2);

(b)a chuid freagrachta de bhun Airteagal 8(4);

(c)a chuid freagrachta de dheasca nár chloígh sé leis na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 29;

(d)freagracht an Bhallstáit a bhfuil iarraidh glactha aige an tiarratasóir a ghabháil ar láimh de bhun Airteagal 30.

Beidh feidhm ag na nósanna imeachta i mír 4 go dtí go gcuirfear an méid sin in iúl.

4.An Ballstát lena chláraítear an tiarratas sin ar an gcéad dul síos, gabhfaidh sé ar ais iarratasóir a bheidh i láthair i mBallstát eile gan doiciméad cónaithe a bheith aige nó a dhéanfaidh iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ann le linn an phróisis chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach, faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 31 agus 35.

I dtaca leis an mBallstát a chinnfidh cé acu Ballstát atá freagrach, tiocfaidh deireadh leis an oibleagáid thuasluaite i gcás inar féidir leis an mBallstát atá i mbun an chinnidh sin a shuí go bhfuil doiciméad cónaithe faighte ag an iarratasóir ó Bhallstát eile.

5.Iarratasóir atá i láthair i mBallstát gan doiciméad cónaithe nó a dhéanann iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ann tar éis do Bhallstát eile athshocrú an duine lena mbaineann a dheimhniú de bhun Airteagal 57(7), agus sula ndéantar an taistriú go dtí an Ballstát sin de bhun Airteagal 57(9), déanfaidh Ballstát an athshocraithe an tiarratasóir sin a ghabháil ar ais, faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 31 agus 35.

ROINN II

Nósanna imeachta maidir le hiarrataí ar ghabháil ar láimh

Airteagal 29

Iarraidh ar ghabháil ar láimh a thíolacadh

1.Má mheasann Ballstát ina ndéantar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta go bhfuil Ballstát eile freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas, iarrfaidh sé gan mhoill agus ar aon nós laistigh de dhá mhí ón dáta a chláraítear an tiarratas, iarrfaidh sé ar an mBallstát eile sin an tiarratasóir a ghabháil ar láimh.

D’ainneoin na chéad fhomhíre, i gcás amas Eurodac i leith sonraí a taifeadadh de bhun Airteagail 13 agus 14a de Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán Eurodac] nó i gcás amas VIS i leith sonraí a taifeadadh de bhun Airteagal 21 de Rialachán (CE) 767/2008, seolfar an iarraidh ar ghabháil ar láimh laistigh de mhí amháin ón amas sin a fháil.

I gcás nach ndéanfar iarraidh ar iarratasóir a ghabháil ar láimh laistigh de na tréimhsí a leagtar síos sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír, beidh freagracht as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ar an mBallstát inar cláraíodh an t‑iarratas.

I gcás inar mionaoiseach neamhthionlactha an t‑iarratasóir, féadfaidh an Ballstát a mbeidh an cinneadh á dhéanamh aige, má mheasann sé gur chun leasa an mhionaoisigh é, leanúint den nós imeachta lena gcinnfear cé acu Ballstát atá freagrach agus iarraidh ar Bhallstát eile an t‑iarratasóir a ghabháil ar láimh in ainneoin dhul in éag na dteorainneacha ama a leagtar amach sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír.

2.Féadfaidh an Ballstát a rinne an iarraidh freagra práinneach a iarraidh i gcás ina chláraítearh an tiarratas ar chosaint idirnáisiúnta tar éis cinneadh a bheith eisithe inar diúltaíodh don chead isteach nó tar éis cinneadh um fhilleadh a bheith eisithe.

Cuirfidh an iarraidh in iúl na cúiseanna a bhfuil gá le freagra práinneach agus an tréimhse ina mbeifear ag súil le freagra. Seachtain ar a laghad a bheidh sa tréimhse sin.

3.Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, déanfar an iarraidh go ndéanfaidh Ballstát eile gabháil ar láimh trí úsáid a bhaint as foirm chaighdeánach agus trí chruthúnas nó fianaise imthoisceach mar a shainmhínítear iad sa dá liosta dá dtagraítear in Airteagal 30(4) agus/nó trí eilimintí ábhartha ó ráiteas an iarratasóra a chur san áireamh, ní a chuirfidh ar chumas údarás an Bhallstáit iarrtha a dheimhniú an bhfuil sé freagrach ar bhonn na gcritéar a leagtar síos sa Rialachán seo.

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, coinníollacha aonfhoirmeacha a ghlacadh maidir le hiarrataí ar ghabháil ar láimh a ullmhú agus a thíolacadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 67(2).

Airteagal 30

Freagra a thabhairt ar iarraidh ar ghabháil ar láimh

1.Déanfaidh an Ballstát iarrtha na seiceálacha is gá, agus tabharfaidh sé cinneadh maidir leis an iarraidh ar iarratasóir a ghabháil ar láimh laistigh de mhí amháin ón iarraidh a fháil.

2.D’ainneoin na chéad fhomhíre, i gcás amas Eurodac i leith sonraí a taifeadadh de bhun Airteagail 13 agus 14a de Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán Eurodac] nó i gcás amas VIS i leith sonraí a taifeadadh de bhun Airteagal 21(2) de Rialachán (CE) 767/2008, déanfaidh an Ballstát iarrtha cinneadh i ndáil leis an iarraidh laistigh de dhá sheachtain ón iarratas a fháil.

3.Le linn an nós imeachta chun cinneadh a ghlacadh maidir leis an mBallstát atá freagrach, bainfear úsáid as eilimintí cruthúnais agus fianaise imthoiscí.

4.Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, dhá liosta ina léireofar na heilimintí cruthúnais agus fianaise imthoiscí ábhartha a shuí agus a athbhreithniú go tréimhsiúil i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) den mhír seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 67(2).

(a)Cruthúnas:

(i)tagraíonn sé seo do chruthúnas foirmiúil lena nglactar cinneadh maidir le freagracht de bhun an Rialacháin seo, fad nach mbréagnaíonn cruthúnas dá mhalairt é;

(ii)cuirfidh na Ballstáit múnlaí de na cineálacha éagsúla doiciméad riaracháin ar fáil don Choiste dá bhforáiltear in Airteagal 67, i gcomhréir leis an tíopeolaíocht a leagtar síos sa liosta cruthúnas foirmiúil;

(b)Fianaise imthoisceach:

(i)tagraíonn sé seo d’eilimintí táscacha a fhéadfaidh a bheith leordhóthanach de réir an luacha fianaise a thugtar dóibh, cé go bhféadfaí iad a bhréagnú;

(ii)déanfar a luach fianaise, i ndáil le freagracht as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, a mheasúnú de réir gach cáis ar leith.

5.Níor cheart go rachadh an ceanglas cruthúnais thar a bhfuil riachtanach chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gceart.

6.Admhóidh an Ballstát iarrtha a fhreagracht má tá an fhianaise imthoisceach soiléir, infhíoraithe agus mionsonraithe go leor chun freagracht a shuí.

7.I gcás ina niarrann an Ballstát iarrthach freagra práinneach de bhun Airteagal 29(2), tabharfaidh an Ballstát iarrtha freagra laistigh den tréimhse iarrtha nó, ina éagmais sin, laistigh de choicís ón iarraidh a fháil.

8.I gcás nach ndéanfaidh an Ballstát agóid i gcoinne na hiarrata laistigh den tréimhse míosa a leagtar amach i mír 1 trí fhreagra a thabhairt ina bhfuil cúiseanna iomlána mionsonraithe, nó nuair is infheidhme laistigh den tréimhse dhá sheachtain a leagtar amach i míreanna 2 agus 7, is ionann sin agus glacadh leis an iarraidh, agus gabhfaidh oibleagáid leis an duine a ghabháil ar láimh, lena náirítear an oibleagáid socruithe cuí a dhéanamh maidir le teacht an duine sin.

ROINN III

Nósanna imeachta maidir le fógraí faoi ghabháil ar ais

Airteagal 31

Fógra faoi ghabháil ar ais a thíolacadh

1.I gcás dá dtagraítear in Airteagal 26(1), pointe (b), (c) nó (d) tabharfaidh an Ballstát ina bhfuil an duine i láthair fógra faoi ghabháil ar ais gan mhoill agus ar aon nós laistigh de choicís tar éis dó an tamas Eurodac a fháil.

2.Tabharfar fógra ar ghabháil ar ais trí úsáid a bhaint as foirm chaighdeánach agus áireofar ann cruthúnas nó fianaise imthoisceach mar a thuairiscítear sa dá liosta a luaitear in Airteagal 30(4) agus/nó eilimintí ábhartha ó ráitis an duine lena mbaineann.

3.Déanfaidh an Ballstát a fhaigheann an fógra a dheimhniú leis an mBallstát a thug an fógra, laistigh de sheachtain amháin, go bhfuil sé faighte aige, agus beidh feidhm leis sin ach amháin i gcás inar féidir leis an mBallstát a fhaigheann an fógra a léiriú laistigh den teorainn ama sin go bhfuil deireadh lena fhreagracht de bhun Airteagal 27.

4.Is ionann neamhghníomh laistigh den tréimhse seachtaine a leagtar amach i mír 3 agus deimhniú go bhfuarthas an fógra.

5.Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, coinníollacha aonfhoirmeacha a ghlacadh maidir le fógraí ar ghabháil ar láimh a ullmhú agus a thíolacadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 67(2).

ROINN IV

Coimircí nós imeachta

Airteagal 32

Fógra a thabhairt faoi chinneadh aistrithe

1.An Ballstát a mbeidh an cinneadh á dhéanamh aige, ar glacadh lena iarraidh dá dtagraítear in Airteagal 26(1)(a), pointe (a) an tiarratasóir a ghabháil ar láimh, nó a thug fógra dá dtagraítear in Airteagal 26(1), pointe (b), (c) agus (d) faoi dhaoine a ghabháil ar ais, déanfaidh sé cinneadh aistrithe ar a dhéanaí laistigh de sheachtain amháin dá fhógra a bheith glactha.

2.I gcás ina nglacfaidh an Ballstát iarrtha iarratasóir a ghabháil ar láimh nó duine dá dtagraítear in Airteagal 26(1), pointe (b), (c) nó (d) a ghabháil ar ais, déanfaidh an Ballstát iarrthach, nó a thug an fógra, fógra a thabhairt don duine lena mbaineann, i scríbhinn agus gan mhoill, faoin gcinneadh é a aistriú chuig an mBallstát atá freagrach agus, i gcás inarb infheidhme, faoin gcinneadh gan a iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú.

3.Más rud é go mbeidh comhairleoir dlí nó comhairleoir eile mar ionadaí ag an duine lena mbaineann, féadfaidh na Ballstáit a roghnú fógra a thabhairt don chomhairleoir dlí sin faoin gcinneadh seachas don duine lena mbaineann agus, i gcás inarb infheidhme, an duine lena mbaineann a chur ar an eolas faoin gcinneadh.

4.Beidh sa chinneadh dá dtagraítear i mír 1 faisnéis faoi na leigheasanna dlí atá ar fáil, lena náirítear faisnéis faoin gceart chun iarratas a dhéanamh ar éifeacht fionraíochta, agus faoi shonraí ar na teorainneacha ama is infheidhme maidir leis na leigheasanna sin a lorg agus an taistriú a dhéanamh agus beidh, más gá, faisnéis ann ar an áit a gceanglaítear ar an duine lena mbaineann a bheith i láthair, agus an dáta, má bhíonn an duine sin ag taisteal go dtí an Ballstát atá freagrach, as a acmhainní féin.

Áiritheoidh na Ballstáit, go ndéanfar faisnéis faoi dhaoine nó faoi eintitis a d’fhéadfadh cúnamh dlí a chur ar fáil don duine lena mbaineann, a chur in iúl don duine lena mbaineann in éineacht leis an gcinneadh dá dtagraítear i mír 1, i gcás nach mbeidh an fhaisnéis sin curtha in iúl cheana.

5.Nuair nach bhfaighidh an duine lena mbaineann cúnamh nó ionadaíocht ó chomhairleoir dlí nó ó chomhairleoir eile, cuirfidh na Ballstáit é ar an eolas faoi phríomheilimintí an chinnidh, ina náireofar i gcónaí faisnéis faoi na leigheasanna dlí a bheidh ar fáil agus ar na teorainneacha ama is infheidhme chun na réitigh sin a lorg, agus cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil i dteanga a thuigfidh an duine lena mbaineann nó a gceaptar le réasún go bhfuil an tiarratasóir in ann í a thuiscint.

Airteagal 33

Leigheasanna

1.Beidh an ceart ag an iarratasóir nó ag duine eile dá dtagraítear in Airteagal 26(1), pointe (b), (c) nó (d) leigheas éifeachtach a fháil, i bhfoirm achomhairc nó athbhreithnithe, maidir le fíoras agus dlí, i gcoinne an chinnidh aistrithe, os comhair cúirte nó binse.

Beidh raon feidhme an leighis teoranta do mheasúnú ar an méid seo a leanas:

(a)an mbeadh baol iarbhír go bhfulaingeodh an duine lena mbaineann íde mhídhaonna nó tháireach mar thoradh ar an aistriú de réir bhrí Airteagal 4 den Chairt um Chearta Bunúsacha;

(b)an ndearnadh sárú ar Airteagail 15 go 18 agus ar Airteagal 24, i gcás na ndaoine a gabhadh ar láimh de bhun Airteagal 26(1), pointe (a).

2.Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le tréimhse dhá sheachtain tar éis an cinneadh aistrithe a fhógairt ina bhféadfaidh an duine lena mbaineann a cheart nó a ceart a fheidhmiú chun leigheas éifeachtach a fháil de bhun mhír 1.

3.Beidh an ceart ag an duine lena mbaineann a iarraidh ar chúirt nó ar bhinse, laistigh de thréimhse réasúnta ama ó fhógra a fháil faoin gcinneadh aistrithe, cur chun feidhme an chinnidh aistrithe a chur ar fionraí go dtí go mbeidh toradh ar a achomharc nó ar a athbhreithniú. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear leigheas éifeachtach i mbun tríd an aistriú a chur ar fionraí go dtí go ndéanfar cinneadh maidir leis an gcéad iarraidh fionraíochta. Aon chinneadh maidir le cur chun feidhme an chinnidh aistrithe a chur ar fionraí, déanfar an cinneadh sin laistigh de mhí amháin ón dáta a fhaigheann an chúirt nó an binse inniúil an iarraidh sin.

I gcás nach bhfeidhmeoidh an duine lena mbaineann a cheart éifeacht fionraíochta a iarraidh, ní dhéanfaidh an t‑achomharc i gcoinne an chinnidh aistrithe, ná an t‑athbhreithniú ar an gcinneadh aistrithe, cur chun feidhme an chinnidh aistrithe a chur ar fionraí.

I dtaca le cinneadh gan cur chun feidhme an chinnidh aistrithe a chur ar fionraí, cuirfear in iúl sa chinneadh sin na cúiseanna ar a mbeidh sé bunaithe.

Má dheonaítear éifeacht fionraíochta, féachfaidh an chúirt nó an binse le cinneadh a dhéanamh i dtaobh shubstaint an achomhairc nó an athbhreithnithe, laistigh de mhí amháin den chinneadh éifeacht fionraíochta a dheonú.

4.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag an duine lena mbaineann ar chúnamh dlí agus, i gcás inar gá, ar chúnamh teanga.

5.Áiritheoidh na Ballstáit go ndeonófar cúnamh dlí, arna iarraidh sin, saor in aisce i gcás nach mbeidh an duine lena mbaineann in acmhainn íoc as na costais a bheidh i gceist. Féadfaidh an Ballstáit foráil a dhéanamh, a mhéid a bhaineann le táillí agus costais eile, nach ndéileálfar le daoine atá faoi réir an Rialacháin seo ar bhealach níos fabhraí ná an chaoi a ndéileáiltear le náisiúnaigh na mBallstát i gcúrsaí a bhaineann le cúnamh dlí.

Gan srian treallach a chur ar rochtain ar chúnamh dlí, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh nach ndeonófar cúnamh dlí agus ionadaíocht saor in aisce i gcás ina measfaidh an t‑údarás inniúil nó cúirt nó binse gur beag an baol go mbeidh an rath ar an achomharc nó ar an athbhreithniú.

I gcás ina ndéanann údarás nach cúirt nó binse é cinneadh gan cúnamh dlí saor in aisce agus ionadaíocht a dheonú de bhun na dara fomhíre, soláthróidh an Ballstáit an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil os comhair cúirte nó binse chun agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh sin. I gcás ina ndéanfar agóid i gcoinne an chinnidh, beidh an leigheas sin ina chuid dhílis den leigheas dá dtagraítear i mír 1.

Agus na ceanglais a leagtar amach sa mhír seo á gcomhlíonadh acu, áiritheoidh na Ballstáit nach gcuirfear srian treallach ar chúnamh dlí agus ar ionadaíocht dlí agus nach gcuirfear bac ar rochtain éifeachtach an duine lena mbaineann ar an gceartas.

Áireofar i gcúnamh dlí, ar a laghad, ullmhúchán na ndoiciméad nós imeachta is gá agus ionadaíocht os comhair cúirte nó binse; d’fhéadfadh sin a bheith teoranta do chomhairleoirí dlí nó do chomhairleoirí a ainmneofar go sonrach ag an dlí náisiúnta chun cúnamh a thabhairt agus chun ionadaíocht a dhéanamh.

Leagfar síos sa dlí náisiúnta nósanna imeachta le haghaidh rochtain ar chúnamh dlí.

ROINN V

Coinneáil chun críoch aistrithe

Airteagal 34

Coinneáil

1.Ní chuirfidh na Ballstáit duine faoi choinneáil ar an gcúis amháin go bhfuil sé nó sí faoi réir an nós imeachta a bhunaítear leis an Rialachán seo.

2.I gcás ina mbeidh baol ann go néalódh duine, féadfaidh Ballstáit an duine lena mbaineann a chur faoi choinneáil chun nósanna imeachta aistrithe a chinntiú i gcomhréir leis an Rialachán seo, ar bhonn measúnú aonair ar gach cás agus sa mhéid go mbeidh an choinneáil comhréireach, agus sa mhéid sin amháin, agus nach féidir bearta malartacha eile nach bhfuil chomh comhéigeantach a chur i bhfeidhm go héifeachtach, bunaithe ar mheasúnú aonair ar imthosca an duine sin.

3.Beidh an tréimhse choinneála chomh gearr agus is féidir agus ní bheidh sí níos faide ná an tréimhse is gá le réasún chun na nósanna imeachta riaracháin a bheidh riachtanach a chomhlíonadh le dícheall cuí go dtí go ndéanfar an taistriú faoin Rialachán seo.

I gcás ina ndéanfar iarratasóir nó duine eile, dá dtagraítear in Airteagal 26(1), pointe (b), (c) nó (d), a choinneáil de bhun an Airteagail seo, ní bheidh an tréimhse chun iarraidh a dhéanamh an duine sin a ghabháil ar láimh nó fógra faoi ghabháil ar ais a thabhairt níos faide ná dhá sheachtain ón tráth a chláraítear an iarraidh. I gcás ina ndéanfar duine a choinneáil tráth níos déanaí ná a chláraítear an t‑iarratas, ní bheidh an tréimhse le haghaidh iarraidh a thíolacadh chun an duine sin a ghabháil ar láimh, ná le haghaidh iarraidh ar ghabháil ar ais a thíolacadh, níos sia ná seachtain amháin ón dáta a cuireadh an duine faoi choinneáil. Iarrfaidh an Ballstát a mbeidh an nós imeachta á chomhlíonadh aige i gcomhréir leis an Rialachán seo freagra práinneach i dtaobh na hiarrata ar ghabháil ar láimh. Tabharfar freagra den sórt sin tráth nach faide ná seachtain ón iarraidh ar ghabháil ar láimh a fháil. Mura dtabharfar freagra ar an iarraidh laistigh den tréimhse seachtaine sin, is ionann sin agus glacadh leis an iarraidh ar ghabháil ar láimh agus leis an oibleagáid an duine a ghabháil ar láimh, lena n‑áirítear an oibleagáid socruithe cuí a dhéanamh maidir le teacht an duine sin.

I gcás ina ndéanfar duine a choinneáil de bhun an Airteagail seo, féadfar an duine sin a aistriú ón mBallstát iarrthach nó a thug an fógra chuig an mBallstát atá freagrach a luaithe a fhéadfar sin a dhéanamh go praiticiúil, agus ar a dhéanaí laistigh de cheithre seachtaine:

(a)ón dáta a glacadh an iarraidh nó a deimhníodh an fógra faoi ghabháil ar ais, nó

(b)ón dáta nach mbeidh éifeacht fionraíochta níos mó ag an achomharc nó ag an athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 33(3).

I gcás nach ndéanann an Ballstát iarrthach nó an Ballstát a thug an fógra na teorainneacha ama a chomhlíonadh maidir le hiarraidh a dhéanamh duine a ghabháil ar láimh nó fógra faoi ghabháil ar ais a thabhairt, nó cinneadh aistrithe a dhéanamh laistigh den teorainn ama a leagtar síos in Airteagal 32(1), nó i gcás nach ndéantar an t‑aistriú taobh istigh den tréimhse ceithre seachtaine dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír seo, ní dhéanfar an duine sin a choinneáil níos mó. Beidh feidhm fós ag Airteagail 29, 31 agus 35 dá réir.

4.I gcás ina ndéanfar duine a choinneáil de bhun an Airteagail seo, déanfaidh údaráis bhreithiúnacha an choinneáil a ordú i scríbhinn. Sonrófar san ordú coinneála na cúiseanna, de réir fíoras agus de réir an dlí, ar a bhfuil sé bunaithe.

5.I dtaca le dálaí coinneála na niarratasóirí atá faoi choinneáil agus leis na ráthaíochtaí is infheidhme maidir leo, beidh feidhm ag Airteagail 9, 10 agus 11 de Threoir XXX/XXX/AE [an Treoir maidir le Dálaí Glactha], chun na nósanna imeachta aistrithe a chur faoi chúram an Bhallstáit atá freagrach.

ROINN VI

AISTRITHE

Airteagal 35

Rialacha agus teorainneacha ama mionsonraithe

1.Maidir le haistriú iarratasóra nó duine eile dá dtagraítear in Airteagal 26(1), pointe (b), (c) nó (d) ón mBallstát a rinne an iarraidh, nó a thug an fógra, chuig an mBallstát atá freagrach, déanfar é a chur i gcrích i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit iarrthaigh nó an Bhallstáit a thug an fógra, tar éis comhairliúcháin idir na Ballstáit lena mbaineann, a luaithe is féidir, agus ar a dhéanaí laistigh de shé mhí tar éis do Bhallstát eile glacadh leis an iarraidh ar ghabháil ar láimh, nó tar éis dó an fógra faoi ghabháil ar ais a dheimhniú, nó laistigh de shé mhí ón gcinneadh críochnaitheach maidir le hachomharc nó maidir le hathbhreithniú ar chinneadh aistrithe i gcás ina mbeadh éifeacht fionraíochta ann i gcomhréir le hAirteagal 33(3). Féadfar an teorainn ama sin a fhadú go dtí bliain amháin ar a mhéid más rud é nach féidir an taistriú a chur i gcrích toisc an duine lena mbaineann a bheith i bpríosún.

I gcás ina ndéantar an t‑aistriú chun athshocrú a dhéanamh, cuirfear an t‑aistriú i gcrích laistigh den teorainn ama a leagtar amach in Airteagal 57(9).

Má dhéantar na haistrithe chuig an mBallstát atá freagrach faoi imeacht maoirsithe nó faoi choimhdeacht, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar sin ar bhealach daonnúil agus go dtabharfar urraim iomlán do chearta bunúsacha agus do dhínit an duine.

Más gá, tabharfaidh an Ballstát iarrthach nó a thug an fógra laissez passer don iarratasóir. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, dearadh den laissez passer a shuí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 67(2).

Cuirfidh an Ballstát atá freagrach an Ballstát a rinne an iarraidh, nó a thug an fógra, ar an eolas de réir mar is iomchuí, gur tháinig an duine lena mbaineann isteach slán sábháilte nó nár láithrigh sé nó sí laistigh den teorainn ama a leagadh síos.

2.I gcás nach gcuirfear an taistriú i gcrích laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach sa chéad fhomhír de mhír 1, bainfear den Bhallstát atá freagrach a oibleagáidí an duine lena mbaineann a ghabháil ar láimh nó a ghabháil ar ais agus cuirfear freagracht ansin ar an mBallstát a rinne an iarraidh nó a thug an fógra.

D’ainneoin na chéad fhomhíre, i gcás ina n‑éalóidh an duine lena mbaineann agus go ndéanfaidh an Ballstát a rinne an iarraidh, nó a thug an fógra, an Ballstát atá freagrach a chur ar an eolas faoi éalú an duine sin roimh dhul in éag na dteorainneacha ama a leagtar amach sa chéad fhomhír de mhír 1, coimeádfaidh Ballstát an aistrithe an ceart an t‑aistriú a dhéanamh ag staid níos déanaí laistigh den am atá fágtha, i gcás go mbeidh an duine ar fáil arís do na húdaráis, mura rud é go ndearna Ballstát eile na nósanna imeachta i gcomhréir leis an Rialachán seo agus an duine a aistriú chuig an mBallstát atá freagrach tar éis don duine éalú.

3.Má aistríodh duine go hearráideach nó má cuireadh cinneadh aistrithe ar neamhní ar achomharc nó ar athbhreithniú tar éis don aistriú a bheith curtha i gcrích, déanfaidh an Ballstát a chuir an taistriú i gcrích an duine sin a ghlacadh ar ais láithreach.

4.Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, coinníollacha aonfhoirmeacha a shuí maidir leis an gcomhairliúchán agus le faisnéis a mhalartú idir na Ballstáit, go háirithe i gcás ina bhfuil moill ar an aistriú mar thoradh ar a nglacadh ar bhonn réamhshocraithe nó nuair a chuirtear an taistriú sin ar fionraí, nó i gcás ina aistrítear mionaoisigh nó cleithiúnaithe, agus i gcásanna ina ndéantar aistrithe faoi mhaoirseacht. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 67(2).

Airteagal 36

Costas an aistrithe

1.I gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) XXX/XXX [an Ciste Tearmainn agus Imirce], íocfar ranníocaíocht leis an mBallstát a chuirfidh an taistriú i gcrích as an iarratasóir nó as duine eile a aistriú dá dtagraítear in Airteagal 26(1), pointe (b), (c) nó (d), de bhun Airteagal 35.

2.I gcás nach foláir an duine lena mbaineann a aistriú ar ais chuig Ballstát, de bharr aistrithe earráidigh nó cinnidh aistrithe a cuireadh ar neamhní, ar achomharc nó ar athbhreithniú tar éis don aistriú a bheith tugtha i gcrích, beidh an Ballstát a thug an taistriú i gcrích i dtús báire freagrach as na costais chun an duine lena mbaineann a aistriú ar ais ina chríoch.

3.Ní bheidh ar dhaoine a bheidh le haistriú de bhun an Rialacháin seo íoc as costais na naistrithe sin.

Airteagal 37

Malartú faisnéise ábhartha sula gcuirfear aistriú i gcrích

1.An Ballstát a dhéanfaidh iarratasóir nó duine eile dá dtagraítear in Airteagal 26(1), pointe (b), (c) nó (d) a aistriú, cuirfidh sé in iúl don Bhallstát atá freagrach aon sonraí pearsanta a bhaineann leis an duine a bheidh le haistriú agus atá leordhóthanach, ábhartha agus teoranta don mhéid atá riachtanach chun a áirithiú, agus chuige sin amháin, go mbeidh na húdaráis inniúla i gcomhréir leis an dlí náisiúnta sa Bhallstát atá freagrach in ann cúnamh leordhóthanach a chur ar fáil don duine sin lena náirítear an cúram sláinte láithreach is gá chun a leas ríthábhachtach a chosaint, agus d’fhonn leanúnachas a áirithiú sa chosaint agus sna cearta a thugtar leis an Rialachán seo agus le hionstraimí dlíthiúla eile is infheidhme maidir le tearmann. Cuirfear na sonraí sin in iúl don Bhallstát atá freagrach laistigh de thréimhse réasúnta ama sula dtabharfar aistriú i gcrích, chun a áirithiú go mbeidh go leor ama ag na húdaráis inniúla i gcomhréir leis an dlí náisiúnta chun na bearta is gá a ghlacadh.

2.Aon fhaisnéis a bheidh riachtanach chun coimirce a thabhairt do chearta agus do riachtanais speisialta láithreacha an duine atá le haistriú, tabharfaidh an Ballstát a dhéanfaidh an taistriú an fhaisnéis sin don Bhallstát atá freagrach, agus go háirithe:

(a)aon bhearta láithreacha nach mór don Bhallstát atá freagrach a dhéanamh lena áirithiú go dtabharfar aghaidh ar bhealach leordhóthanach ar riachtanas speisialta an duine a bheidh le haistriú, lena náirítear aon chúram sláinte láithreach a mbeidh gá leis;

(b)sonraí teagmhála ball teaghlaigh, ball clainne nó aon ghaolta eile sa Bhallstát is faighteoir, i gcás inarb infheidhme;

(c)i gcás mionaoiseach, faisnéis faoina gcuid scolaíochta;

(d)measúnú ar aois an iarratasóra;

(e)faisnéis a a bhailítear le linn an le linn an phróisis scagtha i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán maidir le Scagadh].

3.Ní mhalartófar faisnéis faoin Airteagal seo ach amháin idir na húdaráis a dtabharfar fógra don Choimisiún fúthu i gcomhréir le hAirteagal 41 den Rialachán seo trí úsáid a bhaint as an líonra cumarsáide leictreonaí a bunaíodh faoi Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1560/2003. Ní bhainfear úsáid as an bhfaisnéis a mhalartófar ach amháin chun na gcríoch a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo agus ní dhéanfar í aon phróiseáil eile uirthi.

4.D’fhonn malartú faisnéise idir Ballstáit a éascú, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, foirm chaighdeánach a tharraingt suas chun tarchur na sonraí a cheanglaítear de bhun an Airteagail seo a dhéanamh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin a leagtar síos in Airteagal 67(2).

5.Beidh feidhm ag na rialacha a leagtar síos in Airteagal 40(8) agus (9) maidir le malartú faisnéise de bhun an Airteagail seo.

Airteagal 38

Malartú faisnéise atá ábhartha i dtaobh na slándála sula gcuirfear aistriú i gcrích

I gcás ina mbeidh ina sheilbh ag an mBallstát a chuirfidh an t‑aistriú i gcrích faisnéis ina léirítear go bhfuil forais réasúnacha ann lena mheas gur baol don tslándáil náisiúnta nó don ord poiblí i mBallstát an t‑iarratasóir nó duine eile dá dtagraítear in Airteagal 26(1), pointe (b), (c) nó (d), cuirfidh an Ballstát sin an fhaisnéis sin in iúl don Bhallstát atá freagrach freisin.

Airteagal 39

Malartú sonraí sláinte sula gcuirfear an t
‑aistriú i gcrích

1.Chun cúram nó cóireáil leighis a sholáthar, agus chuige sin amháin, go háirithe do dhaoine faoi mhíchumas, do dhaoine aosta, do mhná torracha, do mhionaoisigh agus do dhaoine a d’fhulaing céastóireacht, éigniú nó cineálacha tromchúiseacha eile foréigin shíceolaíoch, fhisicigh nó ghnéis, tarchuirfidh an Ballstát a dhéanfaidh an taistriú, a mhéid a bheidh an fhaisnéis sin ar fáil don údarás inniúil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, faisnéis faoi aon riachtanais speisialta a bheidh ag an duine a bheidh le haistriú chuig an mBallstát atá freagrach, ar faisnéis í a d’fhéadfadh a chuimsiú, i gcásanna áirithe, faisnéis faoi shláinte fhisiceach agus mheabhrach an duine sin. Déanfar an fhaisnéis sin a aistriú i ndeimhniú sláinte coiteann agus beidh na doiciméid riachtanacha i gceangal leis. Áiritheoidh an Ballstát atá freagrach go gcomhlíonfar na riachtanais speisialta sin go sásúil, lena náirítear aon chúram leighis riachtanach a bhféadfadh gá a bheith leis.

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, deimhniú sláinte coiteann a tharraingt suas. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin a leagtar síos in Airteagal 67(2).

2.Tarchuirfidh an Ballstát a dhéanfaidh an taistriú an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 chuig an mBallstát atá freagrach tar éis dó toiliú sainráite an iarratasóra agus/nó a ionadaí a fháil nó nuair is gá an toiliú sin a thabhairt chun an tsláinte phoiblí agus an tslándáil phoiblí a chosaint, nó, mura bhfuil an tiarratasóir in ann go fisiciúil nó go dleathach a thoiliú a thabhairt, chun leas an iarratasóra nó leas duine eile a chosaint. Ní chuirfear bac ar an aistriú le heaspa toilithe, lena náirítear toiliú a dhiúltú.

3.Ní dhéanfar sonraí pearsanta sláinte dá dtagraítear i mír 1 a phróiseáil ach ag gairmí sláinte a bheidh faoi réir oibleagáid na rúndachta gairmiúla, faoin dlí náisiúnta nó faoi rialacha arna mbunú ag comhlachtaí náisiúnta inniúla, nó ag duine eile a bheidh faoi réir a choibhéis d’oibleagáid rúndachta gairmiúla.

4.Ní mhalartófar faisnéis faoin Airteagal seo ach amháin idir gairmithe sláinte nó daoine eile dá dtagraítear i mír 3. Is chun na gcríoch a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo, agus chucu sin amháin, a úsáidfear an fhaisnéis a mhalartófar, agus ní dhéanfar aon phróiseáil eile uirthi.

5.Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, coinníollacha aonfhoirmeacha agus socruithe praiticiúla a ghlacadh chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a mhalartú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin a leagtar síos in Airteagal 67(2).

6.Beidh feidhm ag na rialacha a leagtar síos in Airteagal 40(8) agus (9) maidir le malartú faisnéise de bhun an Airteagail seo.

CAIBIDIL VI

COMHAR RIARACHÁIN

Airteagal 40

Faisnéis a roinnt

1.Cuirfidh gach Ballstát in iúl d’aon Bhallstát a iarrfaidh sin sonraí pearsanta a bhaineann leis an duine a chumhdaítear faoi raon feidhme an Rialacháin seo, a fhad is atá na sonraí sin leordhóthanach, ábhartha agus teoranta don mhéid atá riachtanach chun:

(a)an Ballstát atá freagrach a chinneadh;

(b)an tiarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú;

(c)aon oibleagáid a eascróidh as an Rialachán seo a chur chun feidhme.

2.Ní chumhdóidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ach an méid seo a leanas:

(a)sonraí pearsanta an duine lena mbaineann agus, i gcás inarb iomchuí, sonraí pearsanta ball teaghlaigh, ball clainne nó aon ghaolta eile (ainm iomlán agus, i gcás inarb iomchuí, sean-ainm; leasainmneacha nó ainmneacha bréige; náisiúntacht, i láthair na huaire agus cheana; dáta breithe agus ionad breithe);

(b)páipéir chéannachta agus taistil (tagairtí, bailíocht, dáta eisithe, údarás eisithe, ionad eisithe, etc.);

(c)faisnéis eile is gá chun céannacht an duine lena mbaineann a dheimhniú, lena náirítear sonraí bithmhéadracha de chuid an iarratasóra arna dtógáil ag an mBallstát, go háirithe chun críocha Airteagal 57(6) den Rialachán seo, i gcomhréir le Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán Eurodac];

(d)áiteanna cónaithe agus na bealaí a taistealaíodh;

(e)doiciméid chónaithe nó víosaí a d’eisigh Ballstát;

(f)an áit inar taisceadh an tiarratas;

(g)an dáta a taisceadh aon iarratas ar chosaint idirnáisiúnta cheana, an dáta ar ar cláraíodh an tiarratas reatha, an staid a shroich na himeachtaí agus an cinneadh a glacadh, más ann dó.

3.Ar choinníoll go mbeidh gá leis don scrúdú ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, féadfaidh an Ballstát atá freagrach iarraidh ar Bhallstát eile é a chur ar an eolas faoi na forais ar a mbeidh a iarratas bunaithe ag an iarratasóir agus, i gcás inarb infheidhme, faoi fhorais aon chinnidh a glacadh i leith an iarratasóra. Féadfaidh an Ballstát eile diúltú freagra a thabhairt ar an iarraidh a taisceadh leis, más dóigh go ndéanfaí dochar dá leasanna riachtanacha nó do chosaint saoirsí agus cearta bunúsacha an duine lena mbaineann nó daoine eile tríd an bhfaisnéis sin a thabhairt. Ar aon nós, beidh páirtiú na faisnéise a iarradh faoi réir fhormheas i scríbhinn an iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta, a gheobhaidh an Ballstát a rinne an iarraidh. Sa chás sin, ní mór don iarratasóir bheith eolach ar an bhfaisnéis shonrach a mbeidh sé ag tabhairt formheasa ina leith.

4.Ní sheolfar aon iarraidh ar fhaisnéis ach i gcomhthéacs iarratais ar leith ar chosaint idirnáisiúnta nó ar aistriú ar mhaithe le hathshocrú. Leagfar amach inti na forais ar a mbeidh sé bunaithe agus, nuair is í an aidhm a bheidh léi fiosrú lena sheiceáil an bhfuil critéar ann ar dóigh dó freagracht a chur ar an mBallstát iarrtha, sonrófar inti an fhianaise lena náirítear faisnéis ábhartha ó fhoinsí iontaofa ar na bealaí agus na modhanna a mbaineann iarratasóirí leas astu chun teacht isteach i gcríocha na mBallstát, nó cad é an chuid shonrach agus infhíoraithe de ráiteas an iarratasóra ar a mbeidh sí bunaithe. Ní leor inti féin an fhaisnéis ábhartha sin ó fhoinsí iontaofa chun freagracht agus inniúlacht Ballstáit a chinneadh faoin Rialachán seo, ach d’fhéadfadh sé rannchuidiú le meastóireacht sonraí eile maidir le hiarratasóir ar leith.

5.Beidh ar an mBallstát iarrtha freagra a thabhairt laistigh de thrí seachtaine. Tabharfar údar cuí le haon mhoill ar an bhfreagra. Ní scaoilfear an Ballstát iarrtha ón oibleagáid freagra a thabhairt mura gcloítear leis an teorainn ama trí seachtaine. I dtaca le taighde a dhéanfaidh an Ballstát iarrtha, ar taighde é nach ndearnadh laistigh den teorainn ama uasta, má tharlaíonn sé go gcuirtear ar fáil, leis an taighde sin, faisnéis a léiríonn go bhfuil an Ballstát sin freagrach, ní féidir leis dul in éag na dteorainneacha ama dá bhforáiltear in Airteagal 29 a agairt mar údar le diúltú d’iarraidh duine a ghabháil ar láimh a chomhlíonadh. Sa chás sin, cuirfear tréimhse ama leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear in Airteagal 29 chun iarraidh a dhéanamh ar dhuine a ghabháil ar láimh, tréimhse a bheidh comhionann leis an moill a bhí ann maidir le freagra a fháil ón mBallstát iarrtha.

6.Malartófar faisnéis arna iarraidh sin ó Bhallstát agus ní fhéadfar faisnéis a mhalartú ach amháin idir údaráis ar chuir gach Ballstát a d’ainmnigh iad é sin in iúl don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 41(1).

7.Ní fhéadfar úsáid a bhaint as an bhfaisnéis a mhalartófar ach amháin chun na gcríoch a leagtar síos i mír 1. I ngach Ballstát, ní fhéadfar an fhaisnéis sin, ag brath ar an gcineál faisnéise a bheidh i gceist agus cumhachtaí an údaráis a gheobhaidh an fhaisnéis, a chur in iúl ach amháin do na húdaráis agus na cúirteanna agus na binsí a mbeidh sé de chúram orthu:

(h)an Ballstát atá freagrach a chinneadh;

(i)an tiarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú;

(j)aon oibleagáid a eascróidh as an Rialachán seo a chur chun feidhme.

8.Áiritheoidh an Ballstát a chuirfidh an fhaisnéis ar aghaidh go mbeidh sí cruinn agus cothrom le dáta. Má thagann sé chun solais gur chuir sé faisnéis ar aghaidh atá míchruinn nó nár cheart í a chur ar aghaidh, cuirfear na Ballstáit a fuair an fhaisnéis ar an eolas láithreach. Beidh sé d’oibleagáid orthu an fhaisnéis sin a cheartú nó a áirithiú go scriosfar í.

9.I ngach Ballstát lena mbaineann, coimeádfar taifead, sa chomhad aonair don duine lena mbaineann nó i gclár, ar thraschur agus fáil na faisnéise a mhalartófar.

Airteagal 41

Údaráis inniúla agus acmhainní

1.Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún gan mhoill faoi na húdaráis shonracha a bheidh freagrach as na hoibleagáidí a eascróidh as an Rialachán seo, agus as aon leasuithe air, a chomhlíonadh. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na hacmhainní is gá ag na húdaráis sin chun a gcúraimí a chur i gcrích agus go háirithe chun freagra a thabhairt laistigh de na teorainneacha ama a fhorordófar ar iarrataí ar fhaisnéis, iarrataí ar ghabháil ar láimh, fógraí faoi ghabháil ar ais, agus, más infheidhme, a gcuid oibleagáidí faoi Chaibidlí I-III de Chuid IV a chomhlíonadh.

2.Foilseoidh an Coimisiún liosta comhdhlúite na núdarás dá dtagraítear i mír 1 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. I gcás ina ndéanfar athruithe ar an liosta sin, foilseoidh an Coimisiún liosta comhdhlúite nuashonraithe uair sa bhliain.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh na húdaráis dá dtagraítear i mír 1 oiliúint chuí maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

4.Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha maidir le sruthanna sábháilte tarchuir leictreonaigh a bhunú idir na húdaráis dá dtagraítear i mír 1 agus idir na húdaráis sin agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann chun faisnéis, sonraí bithmhéadracha a tógadh i gcomhréir le Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán Eurodac], iarrataí, fógraí, freagraí agus gach comhfhreagras i scríbhinn a tharchur agus chun a áirithiú go bhfaighidh seoltóirí cruthúnas leictreonach uathoibríoch ar an seachadadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 67(2).

Airteagal 42

Socruithe riaracháin

1.Féadfaidh na Ballstáit, ar bhonn déthaobhach, socruithe riaracháin a bhunú eatarthu féin i ndáil le sonraí praiticiúla chur chun feidhme an Rialacháin seo, d’fhonn a chur i bhfeidhm a éascú agus a éifeachtúlacht a mhéadú. D’fhéadfadh baint a bheith ag na socruithe sin le:

(a)malartú oifigeach idirchaidrimh;

(b)simpliú na nósanna imeachta agus giorrú na dteorainneacha ama a bhaineann le tarchur agus scrúdú ar iarrataí ar iarratasóirí a ghabháil ar láimh nó a ghabháil ar ais;

(c)ranníocaíochtaí dlúthpháirtíochta arna ndéanamh de bhun Chaibidlí I-III de Chuid IV.

2.Féadfaidh na Ballstáit na socruithe riaracháin a tugadh chun críche faoi Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 agus Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 a choimeád freisin. A mhéid nach mbeidh na socruithe sin i gcomhréir leis an Rialachán seo, leasóidh na Ballstáit lena mbaineann na socruithe ar bhealach a chuirfidh deireadh le haon neamhréireachtaí a thabharfar faoi deara.

3.Sula dtabharfar aon socrú dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), chun críche nó sula ndéanfar leasú air, rachaidh na Ballstáit lena mbaineann i gcomhairle leis an gCoimisiún faoi chomhréireacht an tsocraithe leis an Rialachán seo.

4.Má mheasann an Coimisiún nach bhfuil na socruithe dá dtagraítear i mír 1, pointe (b) i gcomhréir leis an Rialachán seo, tabharfaidh sé fógra do na Ballstáit lena mbaineann, laistigh de thréimhse réasúnta ama. Glacfaidh na Ballstáit na céimeanna uile is iomchuí chun an socrú lena mbaineann a leasú laistigh de thréimhse réasúnta ar bhealach a chuirfidh deireadh le haon neamhréireachtaí a thabharfar faoi deara.

5.Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na socruithe uile dá dtagraítear i mír 1 agus faoi aon séanadh a dhéanfar ina leith nó faoi aon leasú a dhéanfar orthu.

Airteagal 43

Líonra de na haonaid fhreagracha

Bunóidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann líonra de na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 41(1) agus éascóidh sí gníomhaíochtaí an líonra sin, d’fhonn feabhas a chur ar chomhar praiticiúil agus comhroinnt faisnéise i leith gach ábhair a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena n‑áirítear ceapadh uirlisí praiticiúla agus treoir.

CAIBIDIL VII

IDIR-RÉITEACH

Airteagal 44

Idir-réiteach

1.Chun feidhmiú cuí na sásraí arna mbunú leis an Rialachán seo a éascú agus chun na deacrachtaí a bhaineann lena gcur i bhfeidhm a réiteach, i gcás ina néiríonn deacrachtaí comhair faoin Rialachán seo idir dhá Bhallstát nó níos mó nó deacrachtaí an Rialachán a chur i bhfeidhm eatarthu, rachaidh na Ballstáit lena mbaineann i mbun comhairliúcháin gan mhoill, arna iarraidh sin do cheann amháin nó níos mó díobh, d’fhonn teacht ar réitigh iomchuí laistigh de theorainn ama réasúnta, i gcomhréir le prionsabal an chomhair ionraic.

De réir mar is iomchuí, féadfar faisnéis faoi na deacrachtaí a bhí ann, agus an réiteach a dtángthas air, a roinnt leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit eile laistigh den Choiste dá dtagraítear in Airteagal 67.

2.I gcás nach dtiocfar ar aon réiteach faoi mhír 1 nó i gcás ina leanann na deacrachtaí, féadfaidh ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit iarraidh ar an gCoimisiún comhairliúcháin a reáchtáil leis na Ballstáit lena mbaineann d’fhonn teacht ar réitigh iomchuí. Reáchtálfaidh an Coimisiún na comhairliúcháin sin gan mhoill. Glacfaidh na Ballstáit lena mbaineann páirt ghníomhach sna comhairliúcháin sin agus déanfaidh siad, mar aon leis an gCoimisiún, gach beart is iomchuí chun an tábhar a réiteach go pras. Féadfaidh an Coimisiún moltaí a ghlacadh a bheidh dírithe chuig na Ballstáit lena mbaineann ina léireofar na bearta a bheidh le déanamh agus na sprioc-amanna iomchuí.

De réir mar is iomchuí, féadfar faisnéis faoi na deacrachtaí a bhí ann, na moltaí a rinneadh agus an réiteach a dtángthas air a roinnt leis na Ballstáit eile laistigh den Choiste dá dtagraítear in Airteagal 67.

3.Beidh an tAirteagal seo gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin cur i bhfeidhm dhlí an Aontais a mhaoirsiú faoi Airteagail 258 agus 260 den Chonradh. Beidh sé gan dochar don fhéidearthacht atá ann do na Ballstáit lena mbaineann a ndíospóid a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais i gcomhréir le hAirteagal 273 den Chonradh nó an cás a thabhairt os a comhair i gcomhréir le hAirteagal 259 den Chonradh. 

CUID IV

DLÚTHPHÁIRTÍOCHT

CAIBIDIL I

SÁSRAÍ DLÚTHPHÁIRTÍOCHTA

Airteagal 45

Rannchuidithe dlúthpháirtíochta

1.Maidir le rannchuidithe dlúthpháirtíochta chun leas Ballstáit atá faoi bhrú imirce nó atá faoi réir theacht i dtír daoine i ndiaidh oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, is iad na cineálacha seo a leanas a bheidh i gceist leo:

(a)athshocrú iarratasóirí nach bhfuil faoi réir an nós imeachta teorann maidir le scrúdú ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna bhunú le hAirteagal 41 den Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn];

(b)urraíocht le haghaidh filleadh náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach;

(c)athshocrú tairbhithe cosanta idirnáisiúnta ar deonaíodh cosaint idirnáisiúnta dóibh tréimhse nach luaithe ná trí bliana roimh ghlacadh gníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 53(1);

(d)bearta forbartha acmhainní i dtaca le tearmann, glacadh agus filleadh, tacaíocht oibríochtúil agus bearta atá dírithe ar fhreagairt do tireochtaí imirce a mbíonn tionchar acu ar an mBallstát is tairbhí trí chomhar le tríú tíortha.

2.Is féidir leis an méid seo a leanas a bheith i gceist freisin maidir leis na rannchuidithe sin, de bhun Airteagal 56:

(a)athshocrú iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta atá faoi réir an nós imeachta teorann i gcomhréir le hAirteagal 41 de Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn];

(b)athshocrú náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach.

Airteagal 46

Fóram Dlúthpháirtíochta

Is iad na Ballstáit uile a bheidh san Fhóram Dlúthpháirtíochta. Tionólfaidh an Coimisiún an Fóram Dlúthpháirtíochta agus beidh sé i gceannas air chun feidhmiú rianúil an Choda seo a áirithiú.

Airteagal 47

Dlúthpháirtíocht i ndáil le díbhordáil i ndiaidh oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála

1.Beidh feidhm ag an Airteagal seo agus ag Airteagail 48 agus 49 maidir le hoibríochtaí cuardaigh agus tarrthála a spreagann teacht isteach náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát arís agus arís eile i gcríoch Ballstáit agus maidir le daoine leochaileacha mar a leagtar amach in Airteagal 49(4). 

2.I gcás ina sonraítear sa Tuarascáil maidir le Bainistiú Imirce dá dtagraítear in Airteagal 6(4) go dtabharfaidh Ballstát amháin nó níos mó aghaidh ar staideanna dá dtagraítear i mír 1, leagfar amach sa Tuarascáil freisin líon iomlán na niarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 45(1), pointe (a), a bheadh gá iad a athshocrú chun cúnamh a thabhairt do na Ballstáit sin. Sainaithneofar freisin leis an tuarascáil aon bheart forbartha acmhainní dá dtagraítear in Airteagal 45(1), pointe (d) atá riachtanach chun cúnamh a thabhairt don Bhallstát lena mbaineann.

3.Laistigh de choicís tar éis ghlacadh na Tuarascála maidir le Bainistiú Imirce, iarrfaidh an Coimisiún, ar na Ballstáit uile eile nach meastar go mbeidh orthu aghaidh a thabhairt ar theacht isteach ina gcríocha dá dtagraítear i mír 1 an rannchuidiú dlúthpháirtíochta dá dtagraítear i mír 2 a sholáthar. Cuirfidh an Coimisiún in iúl, ina iarraidh, líon iomlán na niarratasóirí a bheidh le hathshocrú ag gach Ballstát i bhfoirm na rannchuidithe dlúthpháirtíochta a dhéanfaidh gach Ballstát a sholáthar dá dtagraítear in Airteagal 45(1), pointe (a), líon a ríofar de réir an scála cionroinnte a leagtar amach in Airteagal 54. Beidh sciar na mBallstát is tairbhí sa scála cionroinnte.

4.Laistigh de mhí amháin ó ghlacadh an Tuarascáil maidir le Bainistiú Imirce, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin rannchuidiú atá beartaithe acu a sholáthar, trí Phlean Freagartha Dlúthpháirtíochta SAR a leagtar amach in Iarscríbhinn I a líonadh isteach. Cuirfidh na Ballstáit in iúl an bhfuil sé beartaithe acu rannchuidiú a sholáthar i bhfoirm ceann de na nithe seo a leanas:

(a)athshocrú i gcomhréir le hAirteagal 45(1), pointe(a); nó

(b)bearta i gcomhréir le hAirteagal 45(1), pointe (d) a sainaithnítear sa Tuarascáil maidir le Bainistiú Imirce; nó

(c)athshocrú daoine leochaileacha i gcomhréir le hAirteagal 45(1), pointe (a) de bhun Airteagal 49(4).

5.I gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil bearna shuntasach idir na rannchuidithe dlúthpháirtíochta a chuireann na Ballstáit in iúl de bhun mhír 4 agus na rannchuidithe dlúthpháirtíochta iomlána a leagtar amach sa Tuarascáil maidir le Bainistiú Imirce, tionólfaidh an Coimisiún an Fóram Dlúthpháirtíochta. Iarrfaidh an Coimisiún ar na Ballstáit líon agus, i gcás inarb ábhartha, cineál na rannchuidithe a choigeartú. Cuirfidh na Ballstáit a choigeartaíonn a rannchuidithe Pleananna Freagartha Dlúthpháirtíochta SAR athbhreithnithe isteach le linn an Fhóraim Dlúthpháirtíochta.

Airteagal 48

Gníomhartha cur chun feidhme de chuid an Choimisiúin le haghaidh oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála

1.Laistigh de choicís ó Phleananna Freagartha Dlúthpháirtíochta SAR dá dtagraítear in Airteagal 47(4) a chur isteach nó coicís ó dheireadh an Fhóraim Dlúthpháirtíochta dá dtagraítear in Airteagal 47(5), agus i gcás ina gcomhfhreagraíonn líon iomlán rannchuidithe dlúthpháirtíochta na mBallstát uile ina bPleananna do rannchuidithe dlúthpháirtíochta iomlána, nó i gcás ina measann an Coimisiún iad a bheith gar go leor do na rannchuidithe dlúthpháirtíochta iomlána a leagtar amach sa Tuarascáil maidir le Bainistiú Imirce, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme ina leagtar amach na bearta dlúthpháirtíochta arna sonrú ag na Ballstáit de bhun Airteagal 47(4) nó Airteagal 47(5). Cumhdófar leis na bearta sin comhthiomsú dlúthpháirtíochta le haghaidh gach Ballstáit a meastar go mbeidh air aghaidh a thabhairt ar dhíbhordáil sa ghearrthéarma.

I gcás ina dtabharfaidh an Ghníomhaireacht um Thearmann fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit gur baineadh úsáid as 80 % den chomhthiomsú dlúthpháirtíochta sa chéad fhomhír le haghaidh Ballstát is tairbhí amháin nó níos mó, tionólfaidh an Coimisiún an Fóram Dlúthpháirtíochta chun na Ballstáit a chur ar an eolas faoin staid agus chun iarraidh ar na Ballstáit a ranníocaíocht a mhéadú. I gcás ina gcuirfidh na Ballstáit in iúl a n‑ullmhacht chun ranníocaíochtaí méadaithe a dhéanamh, tar éis dheireadh an Fhóraim Dlúthpháirtíochta, leasóidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear comhthiomsú dlúthpháirtíochta dá dtagraítear sa chéad fhomhír i ndáil leis na Ballstáit is tairbhí lena mbaineann chun an ranníocaíocht a chuirfidh na Ballstáit in iúl a mhéadú.

2.I gcás ina bhfuil bearna shuntasach idir líon iomlán nó cineál na ranníocaíochtaí dlúthpháirtíochta a shonróidh na Ballstáit de bhun Airteagal 47(5) agus na ranníocaíochtaí dlúthpháirtíochta iomlána a leagtar amach sa Tuarascáil maidir le Bainistiú Imirce agus, dá bharr sin mura féidir leis an gcomhthiomsú dlúthpháirtíochta bunús intuartha tacaíochta leanúnaí a chur ar fáil do na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 47(2), glacfaidh an Coimisiún, laistigh de choicís ó dheireadh an Fhóraim Dlúthpháirtíochta, gníomh cur chun feidhme lena mbunófar comhthiomsú dlúthpháirtíochta le haghaidh gach Ballstáit a meastar go mbeidh air aghaidh a thabhairt dhíbhordáil sa ghearrthéarma. Leagfar amach an méid seo a leanas sa ghníomh cur chun feidhme sin:

(a)líon iomlán na náisiúnach tríú tír le cumhdach trí iad a athshocrú chun rannchuidiú le riachtanais na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 47(2) mar a sainaithníodh sa Tuarascáil maidir le Bainistiú Imirce;

(b)an líon agus an sciar le haghaidh gach Ballstát dá dtagraítear i bpointe (a), lena náirítear na Ballstáit is tairbhí, a ríomhtar de réir an scála cionroinnte a leagtar amach in Airteagal 54;

(c)na bearta a chuirfidh na Ballstáit in iúl mar a leagtar amach in Airteagal 45(1), pointe (d).

I gcás ina gcuireann na Ballstáit in iúl bearta a leagtar amach in Airteagal 45(1), pointe (d), beidh na bearta sin i gcomhréir le rannchuidithe a sholáthródh na Ballstáit trí bhíthin na n‑athshocruithe dá dtagraítear in Airteagal 45(1), pointe (a), mar thoradh ar chur i bhfeidhm an scála cionroinnte a leagtar amach in Airteagal 54. Déanfar iad a leagan amach sa ghníomh cur chun feidhme ach amháin i gcás ina mbeadh bearna os cionn 30 % dá dheasca sin idir tásca na mBallstát agus líon iomlán na n‑athshocruithe a sainaithneofar sa Tuarascáil maidir le Bainistiú Imirce. Sna cásanna sin, déanfar coigeartú ar na ranníocaíochtaí a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme ionas go mbeidh ar na Ballstáit a bheartaíonn bearta den sórt sin 50 % dá sciar a chumhdach atá ríomhtar i gcomhréir leis an scála cionroinnte a leagtar amach in Airteagal 54 trí bhíthin athshocraithe nó urraíochta le haghaidh filleadh dá dtagraítear in Airteagal 45(1), pointe (b) nó an dá rud. Cuirfidh na Ballstáit lena mbaineann in iúl don Choimisiún láithreach cén chaoi a bhfuil sé beartaithe acu a sciar a chumhdach i ndáil leis an méid sin. Déanfaidh an Coimisiún na rannchuidithe a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme a choigeartú maidir le hathshocrú, urraíocht le haghaidh filleadh agus na bearta dá dtagraítear in Airteagal 45(1), pointe (d) le haghaidh na Ballstát sin dá réir.

I gcás nach gcuireann Ballstát amháin nó níos mó Plean Freagartha Dlúthpháirtíochta SAR isteach laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach in Airteagal 47(4) agus in Airteagal 47(5), cinnfidh an Coimisiún líon agus cineál na rannchuidithe a bheidh le déanamh ag na Ballstáit sin.

I gcás ina dtabharfaidh an Ghníomhaireacht um Thearmann fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit gur baineadh úsáid as 80 % den chomhthiomsú dlúthpháirtíochta sa chéad fhomhír le haghaidh Ballstát is tairbhí amháin nó níos mó, tionólfaidh an Coimisiún an Fóram Dlúthpháirtíochta chun na Ballstáit a chur ar an eolas faoin staid agus faoi riachtanais bhreise na mBallstát. I ndiaidh an Fhóraim Dlúthpháirtíochta, glacfaidh an Choimisiún leasú ar an ngníomh cur chun feidhme lena mbunófar comhthiomsú dlúthpháirtíochta dá dtagraítear sa chéad fhomhír i ndáil leis an mBallstáit is tairbhí lena mbaineann chun líon iomlán na náisiúnach tríú tír a chumhdaítear faoi na bearta dlúthpháirtíochta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a) a mhéadú 50 % ar a uasmhéid. Déanfar sciar gach Ballstáit dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír a leasú dá réir sin. I gcás ina gcuirtear forálacha an dara mír i bhfeidhm agus ina bhfuil sé tugtha le fios ag na Ballstáit go rannchuideoidh siad le filleadh trí bhíthin urraíochta déanfar sciar na mbeart sin a mhéadú 50 %. Déanfar na bearta dá dtagraítear in Airteagal 45(1), pointe (d) a mhéadú chomh maith ar mhéad atá i gcomhréir le méadú 50 % ar sciar na mBallstát a ríomhtar de réir an scála cionroinnte a leagtar amach in Airteagal 54.

3.Glacfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 67(2).

Airteagal 49

Comhthiomsú dlúthpháirtíochta le haghaidh oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála

1.Laistigh de choicís ó ghlacadh an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 48(1) nó in Airteagal 48(2), tabharfaidh an Ballstát dá dtagraítear in Airteagal 47(2) fógra don Choimisiún maidir lena iarraidh ar thacaíocht dlúthpháirtíochta. I ndiaidh don iarraidh sin a fháil, tarraingeoidh an Coimisiún ar an gcomhthiomsú dlúthpháirtíochta agus déanfaidh sé cur chun feidhme na mbeart dlúthpháirtíochta a chomhordú le haghaidh gach díbhordála nó grúpa díbhordála a bhíonn ar siúl i dtréimhse choicíse.

2.Faoi chomhordú an Choimisiúin, déanfaidh an Ghníomhaireacht um Thearmann agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta an liosta de dhaoine atá incháilithe le hathshuí agus le bheith faoi réir urraíocht le haghaidh filleadh a tharraingt suas. Cuirfidh an liosta dáileadh na ndaoine sin i measc na mBallstát is rannchuiditheoir in iúl agus an méid seo a leanas a chur san áireamh; líon iomlán na ndaoine le hathshocrú nó le bheith faoi réir urraíocht le haghaidh filleadh ag gach Ballstát is rannchuiditheoir, náisiúntacht na ndaoine sin agus naisc fhiúntacha a bheith ann idir na daoine sin agus Ballstát ina mbeidh an tathshuíomh nó Ballstát na hurraíocht le haghaidh filleadh. Tabharfar tosaíocht d’athshocrú daoine leochaileacha. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht um Thearmann agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta cúnamh don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar an úsáid a bhaineann leis an gcomhthiomsú dlúthpháirtíochta.

3.I gcás ina nglacann an Coimisiún tuarascáil ina gcinnfear go bhfuil Ballstát dá dtagraítear in Airteagal 47(2) faoi bhrú imirce mar a leagtar amach in Airteagal 51(3), féadfar úsáid a bhaint as na ranníocaíochtaí dlúthpháirtíochta atá fágtha sa chomhthiomsú dlúthpháirtíochta arna bhunú faoi Airteagal 48(1) nó faoi Airteagal 48(2) chun maolú tapa a dhéanamh ar an mbrú imirce atá ar an mBallstát sin. Sna cásanna sin, beidh feidhm ag forálacha mhír 2.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo i gcás ina nglactar gníomh cur chun feidhme dá bhforáiltear in Airteagal 53. Amhail ón tráth a ghlacfar an gníomh cur chun feidhme sin scoirfear de tharraingt ar an liosta daoine atá incháilithe lena n‑athshocrú agus le bheith faoi réir urraíocht le haghaidh filleadh dá bhforáiltear i mír 2.

I gcás ina bhfuil an comhthiomsú dlúthpháirtíochta dá dtagraítear sa chéad fhomhír neamhleor chun maolú tapa a dhéanamh ar na dúshláin atá roimh an mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 47(2), féadfar úsáid a bhaint as ranníocaíochtaí dlúthpháirtíochta ó chomhthiomsú dlúthpháirtíochta na mBallstát eile a bhunaítear faoi Airteagal 48(1) nó faoi Airteagal 48(2) a mhéid nach bhfuil baol ann d’fheidhmiú an chomhthiomsaithe le haghaidh na mBallstát sin.

4.I gcás ina sainaithnítear sa Tuarascáil maidir le Bainistiú Imirce go bhfuil dúshláin inniúlachta roimh Bhallstát dá dtagraítear in Airteagal 47(2) mar gheall ar iarratasóirí a bheith ann atá leochaileach beag beann ar an bhealach ar thrasnaigh siad na teorainneacha seachtracha, féadfar úsáid a bhaint as an gcomhthiomsú dlúthpháirtíochta a bhunaítear faoi Airteagal 48(1) nó faoi Airteagal 48(2) chomh maith chun daoine leochaileacha a athshocrú. Sna cásanna sin, beidh feidhm ag forálacha mhír 2.

5.Tacóidh an Coimisiún le nósanna imeachta as a dtagann athshocrú na niarratasóirí agus le cur chun feidhme urraíochta le haghaidh filleadh agus déanfaidh sé iad a éascú, agus aird ar leith a thabhairt ar mhionaoisigh neamhthionlactha. Déanfaidh sé gnéithe oibríochtúla athshocraithe agus urraíochta le haghaidh filleadh a chomhordú, lena náirítear in éineacht le cúnamh ó shaineolaithe nó ó fhoirne saineolaithe a bheidh le himscaradh ag an nGníomhaireacht um Thearmann nó ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta.

Airteagal 50

Measúnú ar bhrú imirce

1.Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar staid na himirce i mBallstát sna cásanna seo a leanas:

(a)ina mbeidh Ballstát tar éis a chur in iúl don Choimisiún go measann sé go bhfuil sé féin faoi bhrú imirce;

(b)ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, ina measann sé go bhféadfadh Ballstát a bheith faoi bhrú imirce.

2.Tabharfaidh an Ghníomhaireacht um Thearmann agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta cúnamh don Choimisiún measúnú ar bhrú imirce a tharraingt suas. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus na Ballstáit ar an eolas, gan mhoill, go bhfuil sé ag tabhairt faoi mheasúnú.

3.Cumhdófar leis an measúnú ar bhrú imirce an staid sa Bhallstát lena mbaineann le linn na sé mhí roimhe sin, i gcomparáid leis an staid fhoriomlán san Aontas, agus beidh sé bunaithe go háirithe ar an bhfaisnéis seo a leanas:

(a)líon na niarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta ó náisiúnaigh tríú tír agus náisiúntacht na niarratasóirí;

(b)líon na náisiúnach tríú tír ar bhraith údaráis Bhallstáit iad agus gan na coinníollacha iontrála, coinníollacha an fhanachta nó coinníollacha cónaithe sa Bhallstát á gcomhlíonadh, nó gan iad á gcomhlíonadh a thuilleadh, lena náirítear rófhantóirí de réir bhrí Airteagal 3(1)(19) ó Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 58 ;

(c)líon cinntí um fhilleadh lena nurramaítear Treoir 2008/115/CE;

(d)líon náisiúnach tríú tír a d’fhág críoch na mBallstáit i ndiaidh cinneadh um fhilleadh lena nurramaítear Treoir 2008/115/CE;

(e)líon náisiúnach tríú tír a ligeadh isteach ag Ballstáit trí scéimeanna athshuíomh an Aontais agus scéimeanna athshuíomh náisiúnta [nó trí scéimeanna le haghaidh ligean isteach daonnúil];

(f)líon iarrataí ar ghabháil ar láimh atá ag teacht isteach agus ag imeacht agus fógraí faoi ghabháil ar ais i gcomhréir le hAirteagal 34 agus 36;

(g)líon na naistrithe a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 31;

(h)líon na ndaoine a gabhadh i dtaca le trasnú neamhrialta a dhéanamh ar talamh, ar muir nó san aer ar theorainn sheachtrach;

(i)líon na ndaoine ar diúltaíodh cead isteach dóibh i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán AE (Uimh.) 2016/399;

(j)líon agus náisiúntacht náisiúnaigh tríú tír a dhíbhordálann i ndiaidh oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, lena náirítear líon na niarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta;

(k)líon na mionaoiseach neamhthionlactha.

4.Leis an measúnú ar bhrú imirce, cuirfear an méid seo a leanas san áireamh:

(a)an fhaisnéis a chuireann an Ballstát i láthair, i gcás ina ndéantar measúnú de bhun mhír 1, pointe (a);

(b)leibhéal an chomhair maidir le himirce le tríú tíortha tionscnaimh agus idirthurais, tíortha an chéad tearmainn, agus tríú tíortha sábháilte mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn];

(c)an staid gheopholaitiúil i dtríú tíortha ábhartha a fhéadfaidh difear a dhéanamh do ghluaiseachtaí imirceacha;

(d)na Moltaí ábhartha dá bhforáiltear in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 59 ón gComhairle, in Airteagail 13, 14 agus 22 de Rialachán (AE) XXX/XXX [Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann] agus in Airteagal 32(7) de Rialachán (AE) 2019/1896;

(e)faisnéis arna bailiú de bhun Moladh ón gCoimisiún an XXX maidir le sásra an Aontais Eorpaigh um Ullmhacht agus um Bhainistiú Géarchéime a bhaineann le hImirce (Treoirphlean Ullmhachta agus Bainistithe Imirce)

(f)an Tuarascáil maidir le Bainistiú Imirce dá dtagraítear in Airteagal 6(4);

(g)na tuarascálacha um Fheasacht Staide Chomhtháite agus tuarascálacha Anailíse faoi Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1993 ón gComhairle maidir le Socruithe Comhtháite an Aontais maidir le Freagairt Pholaitiúil ar Ghéarchéim, ar choinníoll go gcuirtear Freagairt Chomhtháite an Aontais ar Ghéarchéim Pholaitiúil i ngníomh nó tuarascáil um Fheasacht Staide Imirce agus tuarascáil Anailíse a eisítear faoin gcéad chéim den Treoirphlean Ullmhachta um an Imirce agus Géarchéimeanna, i gcás nach gcuirtear an Fhreagairt Chomhtháite an Aontais ar Ghéarchéim Pholaitiúil i ngníomh;

(h)faisnéis ón bpróiseas tuairiscithe léirscaoilte víosaí agus ó idirphlé le tríú tíortha;

(i)feasacháin ráithiúla maidir le himirce, agus tuarascálacha eile, ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha.

(j)an tacaíocht a sholáthraíonn Gníomhaireachtaí an Aontais don Bhallstát is tairbhí.

Airteagal 51

Tuarascáil maidir le brú imirce

1.Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an mBallstát lena mbaineann le linn a mheasúnaithe a dhéanfar de bhun Airteagal 50(1).

Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil maidir le brú imirce faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle laistigh de mhí amháin tar éis don Choimisiún iad a chur ar an eolas go raibh measúnú de bhun Airteagal 50(2) á dhéanamh aige.

2.Sa tuarascáil sin, sonróidh an Coimisiún má tá an Ballstát lena mbaineann faoi bhrú imirce.

3.I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún go bhfuil an Ballstát lena mbaineann faoi bhrú imirce, sainaithneofar sa tuarascáil an méid seo a leanas:

(a)inniúlacht an Bhallstáit atá faoi bhrú imirce i réimse an bhainistithe imirce, tearmann agus filleadh go háirithe, mar aon lena riachtanais fhoriomlána maidir lena líon cásanna tearmainn agus fillte a bhainistiú;

(b)bearta atá iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar an staid agus an tachar ama a bhfuiltear ag súil leis dá gcur chun feidhme ina bhfuil, de réir mar is iomchuí, an méid seo a leanas:

(i)bearta ba cheart don Bhallstát atá faoi bhrú imirce a dhéanamh i réimse an bhainistithe imirce, agus go háirithe i réimse an tearmainn agus an fhillte;

(ii)bearta dá dtagraítear in Airteagal 45(1), pointí (a), (b) agus (c) a bheidh le déanamh ag na Ballstáit eile;

(iii)bearta dá dtagraítear in Airteagal 45(1), pointe (d) a bheidh le déanamh ag na Ballstáit eile.

4.I gcás ina measfaidh an Coimisiún go bhfuil gá le mearfhreagairt mar gheall ar staid atá ag teacht chun cinn i mBallstát, cuirfidh sé a thuarascáil isteach laistigh de choicís ar a dhéanaí ón dáta ar chuir sé Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus na Ballstáit ar an eolas de bhun Airteagal 50(2) go raibh measúnú á dhéanamh aige.

Airteagal 52

Pleananna Freagartha Dlúthpháirtíochta i staideanna brú imirce

1.I gcás ina léireofar sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 51 go bhfuil Ballstát faoi bhrú imirce, rannchuideoidh na Ballstáit eile nach Ballstáit is tairbhí iad féin trí bhíthin na rannchuidithe dlúthpháirtíochta dá dtagraítear in Airteagal 45(1), pointí (a), (b) agus (c). Tabharfaidh na Ballstáit tosaíocht d’athshocrú mionaoiseach neamhthionlactha.

2.I gcás ina sainaithnítear sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 51 bearta dá dtagraítear i mír 3, pointe (b)(iii) den Airteagal sin, féadfaidh na Ballstáit eile rannchuidiú trí bhíthin na mbeart sin in áit bearta dá dtagraítear in Airteagal 51(3)(b)(ii). De bharr na mbeart sin, ní bheidh bearna níos mó ná 30 % de na rannchuidithe iomlána a shainaithnítear sa tuarascáil maidir le brú imirce faoi Airteagal 51(3)(b)(ii).

3.Laistigh de choicís ó ghlacadh na tuarascála dá dtagraítear in Airteagal 51, cuirfidh Ballstáit Plean Freagartha Dlúthpháirtíochta faoi bhráid an Choimisiúin tríd an bhfoirm in Iarscríbhinn II a líonadh isteach. Sonrófar sa Phlean Freagartha Dlúthpháirtíochta cineál na rannchuidithe as a measc sin a leagtar amach in Airteagal 51(3)(b)(ii) nó, i gcás inarb ábhartha, na bearta a leagtar amach in Airteagal 51(3)(b)(iii) a bhfuil sé beartaithe ag na Ballstáit a dhéanamh. I gcás ina mbeartaíonn na Ballstáit níos mó ná cineál amháin rannchuidithe a leagtar amach in Airteagal 51(3)(b)(ii), cuirfidh siad sciar gach ceann in iúl.

I gcás ina gcuirtear san áireamh sa Phlean Freagartha Dlúthpháirtíochta urraíocht le haghaidh filleadh, sonróidh Ballstáit náisiúntachtaí náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann go bhfuil beartaithe acu urraíocht a thabhairt dóibh.

I gcás ina gcuirfidh Ballstáit bearta a leagtar amach in Airteagal 51(3)(b)(iii) in iúl sa Phlean Freagartha Dlúthpháirtíochta, cuirfidh siad in iúl chomh maith socruithe mionsonraithe agus an t‑achar ama le haghaidh a gcur chun feidhme.

4.I gcás ina measann an Coimisiún nach bhfreagraíonn na rannchuidithe dlúthpháirtíochta a chuirtear in iúl sna Pleananna Freagartha Dlúthpháirtíochta do na riachtanais a shainaithnítear sa tuarascáil maidir le brú imirce dá bhforáiltear in Airteagal 51, tionólfaidh sé an Fóram Dlúthpháirtíochta. Sna cásanna sin, iarrfaidh an Coimisiún ar na Ballstáit cineál na rannchuidithe ina bPleananna Freagartha Dlúthpháirtíochta a choigeartú le linn an Fhóraim Dlúthpháirtíochta trí Phleananna Freagartha Dlúthpháirtíochta athbhreithnithe a chur isteach.

5.Féadfaidh Ballstát, a mholann ranníocaíochtaí dlúthpháirtíochta a leagtar amach in Airteagal 51(3)(b)(ii),laghdú 10 % ar a sciar a iarraidh at ríomhfar de réir an scála cionroinnte a leagtar amach in Airteagal 54 i gcás ina gcuireann sé in iúl sna Pleananna Freagartha Dlúthpháirtíochta gur sháraigh sé faoi dhó i gcaitheamh na gcúig bliana roimhe sin meán-iarratas an Aontais per capita ar chosaint idirnáisiúnta.

Airteagal 53

Gníomhartha cur chun feidhme an Choimisiúin maidir le dlúthpháirtíocht i gcás staideanna brú imirce

1.Laistigh de choicís ó chur isteach na bPleananna Freagartha Dlúthpháirtíochta dá dtagraítear in Airteagal 52(3) nó, i gcás ina dtionólfar an Fóram Dlúthpháirtíochta de bhun Airteagal 52(4), laistigh de choicís ó dheireadh an Fhóraim Dlúthpháirtíochta, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena leagtar síos na rannchuidithe dlúthpháirtíocht chun tairbhe an Bhallstáit atá faoi bhrú imirce le déanamh ag na Ballstáit eile agus an tachar ama lena gcur chun feidhme.

2.Is is é a bheidh sna cineálacha rannchuidithe a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme na cineálacha rannchuidithe a chuireann na Ballstáit in iúl ina bPleananna Freagartha Dlúthpháirtíochta. I gcás nach gcuireann Ballstát amháin nó níos mó Plean Freagartha Dlúthpháirtíochta isteach, cinnfidh an Coimisiún cineálacha na rannchuidithe nach mór don Bhallstát a dhéanamh agus na riachtanais a shainaithnítear sa tuarascáil maidir le brú imirce a chur san áireamh.

I gcás inarb é an cineál rannchuidithe a chuireann na Ballstáit in iúl ina bpleananna freagartha dlúthpháirtíochta an cineál dá dtagraítear in Airteagal 45(1), pointe (d), measfaidh an Coimisiún an bhfuil na bearta atá beartaithe i gcomhréir leis na rannchuidithe a dhéanfadh na Ballstáit trí bhíthin na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 45(1), pointe (a), (b) nó (c) mar thoradh ar chur i bhfeidhm an scála cionroinnte a leagtar amach in Airteagal 54.

I gcás nach bhfuil na bearta atá beartaithe i gcomhréir leis na rannchuidithe a dhéanfadh an Ballstát is rannchuiditheoir trí bhíthin beart dá dtagraítear in Airteagal 45(1), pointí (a), (b), nó (c), leagfaidh an Coimisiún amach sa ghníomh cur chun feidhme na bearta atá beartaithe agus déanfaidh sé a leibhéal a choigeartú.

I gcás inarbh ann, de bharr na mbeart atá beartaithe, d’easnamh níos mó ná 30 % de líon iomlán na mbeart dlúthpháirtíochta a shainaithnítear sa tuarascáil maidir le brú imirce faoi Airteagal 51(3)(b)(ii), déanfar na rannchuidithe a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme a choigeartú ionas go mbeidh sé de cheangail ar na Ballstáit sin a chuireann bearta den sórt sin in iúl 50 % dá sciar a chumhdach a ríomhfar de réir an scála cionroinnte a leagtar amach in Airteagal 54 trí bhearta a leagtar amach in Airteagal 51(3)(b)(ii). Na bearta dá dtagraítear in Airteagal 51(3)(b)(iii), arna gcur in iúl ag na Ballstáit sin dá réir sin, déanfaidh an Coimisiún iad a choigeartú.

3.Leagfar amach an méid seo a leanas sa ghníomh cur chun feidhme:

(a)líon iomlán na ndaoine le hathshuíomh ón mBallstát iarrthach de bhun Airteagal 45(1), pointí (a) nó (c), agus inniúlacht agus riachtanais an Bhallstáit iarrthaigh i réimse tearmainn a sainaithníodh sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 51(3)(b)(ii) a chur san áireamh;

(b)líon iomlán na ndaoine le bheith faoi réir urraíocht le haghaidh filleadh ón mBallstát iarrthach de bhun Airteagal 45(1), pointe (b), agus inniúlacht agus riachtanais an Bhallstáit iarrthaigh maidir le filleadh a sainaithníodh sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 51(3)(b)(ii) a chur san áireamh;

(c)dáileadh na ndaoine le hathshuíomh agus/nó iad siúd le bheith faoi réir urraíocht le haghaidh filleadh i measc na mBallstát lena náirítear an Ballstát is tairbhí, ar bhonn an scála cionroinnte a leagtar amach in Airteagal 54;

(d)na bearta arna sonrú ag na Ballstáit de bhun an dara, tríú agus an cheathrú fomhír de mhír 2.

Déanfar an dáileadh dá dtagraítear i mír 3, pointe (c) a choigeartú i gcás ina léiríonn Ballstát, a dhéanfaidh iarraidh de bhun Airteagal 52(5), sa Phlean Freagartha Dlúthpháirtíochta go raibh sé freagrach i gcaitheamh na gcúig bliana roimhe sin as dhá oiread meán-iarratas an Aontais per capita ar chosaint idirnáisiúnta. I gcásanna den sórt sin, gheobhaidh an Ballstát laghdú 10 % dá sciar de réir an scála cionroinnte a leagtar amach in Airteagal 54. Déanfar an laghdú a dháileadh go comhréireach i measc na mBallstát a dhéanann ranníocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 45(1), pointí (a), (b) agus (c);

4.I gcás inar rinneadh ranníocaíochtaí mar fhreagairt ar iarraidh ó Bhallstát le haghaidh tacaíocht dlúthpháirtíochta ó Bhallstáit eile chun cúnamh a thabhairt dó maidir le haghaidh a thabhairt ar an staid imirce ar a chríoch chun brú imirce a chosc de bhun Airteagal 56(1) laistigh den bhliain roimhe sin, agus i gcás ina gcomhfhreagraíonn siad do chineál na mbeart a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme, asbhainfidh an Coimisiún na ranníocaíochtaí sin ó na ranníocaíochtaí comhfhreagracha a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme.

5.Ar mhórfhorais phráinne a bhfuil údar cuí leo mar gheall ar bhrú imirce i láthair i mBallstát is tairbhí, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme a ghlacadh láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 67(3).

Fanfaidh na gníomhartha sin i bhfeidhm ar feadh tréimhse nach faide ná bliain amháin.

6.Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar chur chun feidhme an ghnímh cur chun feidhme mí amháin tar éis scor d’fheidhm a bheith aige. Beidh anailís ar éifeachtacht na mbeart a rinneadh sa tuarascáil.

Airteagal 54

An scála cionroinnte

Déanfar sciar na ranníocaíochtaí dlúthpháirtíochta dá dtagraítear in Airteagal 45(1), pointí (a), (b) agus (c) atá le cur ar fáil ag gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 48 agus le hAirteagal 53 a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle a leagtar amach in Iarscríbhinn III agus beidh sé bunaithe ar an gcritéir seo a leanas do gach Ballstát, de réir na sonraí Eurostat is déanaí dá bhfuil ar fáil:

(a)méid an daonra (50 % ualú);

(b)OTI iomlán (50 % ualú).

Airteagal 55

Urraíocht le haghaidh filleadh

1.Féadfaidh Ballstát tacaíocht a ghealladh do Bhallstát maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh trí bhíthin urraíocht le haghaidh filleadh, ag gníomhú dó i ndlúthchomhar leis an mBallstát is tairbhí, sa chaoi go nglacfaidh sé bearta chun filleadh na náisiúnaigh tríú tír ó chríoch an Bhallstáit is tairbhí a chomhlíonadh.

2.I gcás ina ngeallann Ballstát urraíocht le haghaidh filleadh a sholáthar agus i gcás nach bhfilleann náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach atá faoi réir cinneadh um filleadh a d’eisigh Ballstáit nó i gcás nach naistrítear na náisiúnaigh sin laistigh de 8 mí, aistreoidh an Ballstát a sholáthraíonn urraíocht le haghaidh filleadh na daoine lena mbaineann chuig a chríoch féin i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 57 agus in Airteagal 58. Tosóidh an tréimhse sin ón lá ar a ghlacfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 53(1) nó, i gcás inarb infheidhme, in Airteagal 49(2).

3.I gcás ina ngeallann Ballstát urraíocht le haghaidh filleadh a sholáthar i ndáil le náisiúnaigh tríú tír nach bhfuil faoi réir cinneadh um fhilleadh go fóill sa Bhallstát is tairbhí, tosóidh an tréimhse dá dtagraítear i mír 2 ó cheachtar de na dátaí seo a leanas:

(a)an dáta ar ar eisigh an Ballstát is tairbhí cinneadh um filleadh; nó

(b)i gcás ina neisítear cinneadh um filleadh mar chuid de chinneadh ina ndiúltaítear d’iarratas ar chosaint idirnáisiúnta nó i gcás ina neisítear cinneadh um filleadh i ngníomh ar leith, ag an am céanna agus mar aon leis an gcinneadh lena ndiúltaítear d’iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 35 a de Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn], an dáta nuair nach mbeidh ceart fanachta ag iarratasóir nó ag náisiúnach tríú tír agus níl cead acu fanacht.

4.Beidh sna bearta dá dtagraítear i mír 1 ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanfaidh Ballstát is urraitheoir:

(a)comhairle a chur ar fáil ar fhilleadh agus ath-lánpháirtiú náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach;

(b)úsáid a bhaint as clár agus acmhainní náisiúnta chun cúnamh lóistíochta, airgeadais agus ábhartha nó comhchineáil eile a sholáthar, lena náirítear ath-lánpháirtiú, do náisiúnaigh tríú tír ar mian leo imeacht go deonach;

(c)an idirphlé beartais a threorú nó tacaíocht a thabhairt dó agus do mhalartuithe le húdaráis tríú tíortha chun athligean isteach a éascú;

(d)dul i dteagmháil le húdaráis inniúla tríú tíortha chun aitheantas náisiúnaigh tríú tíortha a fhíorú agus chun doiciméad taistil bailí a fháil;

(e)na socruithe praiticiúla le haghaidh filleadh a fhorfheidhmiú thar ceann an Bhallstáit is tairbhí a eagrú, amhail cairteitiltí nó eitiltí sceidealaithe nó aon mhodh iompair eile go dtí an tríú tír a mbeifear ag filleadh uirthi.

Ní dhéanfaidh na bearta sin difear d’oibleagáidí agus freagrachtaí an Bhallstáit is tairbhí a leagtar síos i dTreoir 2008/115/CE.

Airteagal 56

Rannchuidithe dlúthpháirtíochta eile

1.I gcás ina niarrann Ballstát tacaíocht dlúthpháirtíochta ar Ballstáit eile chun cúnamh a thabhairt dó chun aghaidh a thabhairt ar an staid imirce ar a chríoch chun brú imirce a chosc, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún maidir leis an iarraidh sin.

2.Féadfaidh aon Bhallstát, tráth ar bith, mar fhreagairt ar iarraidh ar thacaíocht dlúthpháirtíochta ó Bhallstát, nó ar a thionscnamh féin, lena náirítear i gcomhaontú le Ballstát eile, rannchuidiú trí bhíthin bearta dá dtagraítear in Airteagal 45 chun leas an Bhallstáit lena mbaineann agus lena chomhaontú. Beidh rannchuidithe dá dtagraítear in Airteagal 45, pointe (d), i gcomhréir le cuspóirí Rialachán (AE) XXX/XXX [an Ciste Tearmainn agus Imirce].

3.Tabharfaidh Ballstáit a rannchuidigh nó a bhfuil sé ar intinn acu rannchuidiú le ranníocaíochtaí dlúthpháirtíochta mar fhreagairt ar iarraidh ar thacaíocht dlúthpháirtíochta ó Bhallstát, nó ar a thionscnamh féin, fógra don Choimisiún, trí fhoirm Phlean Freagartha Dlúthpháirtíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a líonadh isteach. Beidh, i gcás inarb ábhartha, faisnéis atá iontaofa, lena náirítear raon feidhme agus cineál na mbeart agus a gcur chun feidhme sa Phlean Freagartha Dlúthpháirtíochta.

CAIBIDIL II

CEANGLAIS NÓS IMEACHTA

Airteagal 57

An nós imeachta roimh athshuíomh

1.Beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal maidir le:

(a)daoine dá dtagraítear in Airteagal 45(1), pointí (a) agus (c) agus in Airteagal 45(2), pointe (a);

(b)daoine dá dtagraítear in Airteagal 45(1), pointe (b) i gcás ina ndeachaigh an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 55(2) in éag, agus in Airteagal 45(2), pointe (b).

2.Áiritheoidh an Ballstát is tairbhí nach bhfuil forais réasúnacha ann chun an duine lena mbaineann a mheas mar bhaol do shlándáil náisiúnta nó d’ord poiblí an Bhallstáit sin, sula gcuirtear an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo i bhfeidhm. Má tá forais réasúnacha ann chun an duine a mheas mar bhaol do shlándáil náisiúnta nó d’ord poiblí, ní chuirfidh an Ballstát is tairbhí an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo i bhfeidhm agus eisiafaidh an Ballstát is tairbhí, i gcás inarb infheidhme, an duine ón liosta dá dtagraítear in Airteagal 49(2).

3.I gcás ina mbeidh athshocrú le cur i bhfeidhm, aithneoidh an Ballstát is tairbhí na daoine arbh fhéidir iad a athshuíomh. I gcás ar iarratasóir é an duine lena mbaineann ar nó gur tairbhí de chosaint idirnáisiúnta é, cuirfidh an Ballstát sin san áireamh, i gcás inarb infheidhme, go bhfuil naisc fhiúntacha ann idir an duine lena mbaineann agus Ballstát an athshuímh. I gcás ar tairbhí é an duine a sainaithníodh de chosaint idirnáisiúnta, déanfar an duine lena mbaineann a athshocrú ach amháin tar éis don duine sin toiliú i scríbhinn leis an athshuíomh.

I gcás ina gcuirtear athshocrú i bhfeidhm de bhun Airteagal 49, bainfidh an Ballstát is tairbhí úsáid as an liosta arna tharraingt suas ag an nGníomhaireacht um Thearmann agus ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta dá dtagraítear in Airteagal 49(2).

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le hiarratasóirí lenar féidir an Ballstát is tairbhí a chinneadh amhail an Ballstát atá freagrach de bhun na critéir a leagtar amach in Airteagail 15 go 20 agus in Airteagal 24, cé is moite d’Airteagal 15(5). Ní bheidh na hiarratasóirí sin incháilithe le haghaidh athshuímh.

4.Nuair a rachaidh an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 55(2) in éag, cuirfidh an Ballstát is tairbhí an Ballstát is urraitheoir ar an eolas láithreach go gcuirfear an nós imeachta a leagtar amach i míreanna 5 go 10 i bhfeidhm i leith na náisiúnach tríú tír lena mbaineann atá ag fanacht go neamhdhleathach.

5.Tarchuirfidh an Ballstát is tairbhí an fhaisnéis agus doiciméid ábhartha maidir leis an duine dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 chuig Ballstát an athshocraithe a luaithe agus is féidir.

6.Déanfaidh Ballstát an athshocraithe an fhaisnéis a tharchuir an Ballstát is tairbhí a scrúdú de bhun mhír 5, agus déanfaidh sé a fhíorú nach bhfuil aon fhoras réasúnach ann chun an duine lena mbaineann a mheas mar bhaol do shlándáil náisiúnta nó d’ord poiblí.

7.I gcás nach bhfuil aon fhoras réasúnach ann chun an duine lena mbaineann a mheas mar bhaol do shlándáil náisiúnta nó d’ord poiblí, deimhneoidh Ballstát an athshocraithe laistigh de sheachtain amháin go ndéanfaidh sé an duine lena mbaineann a athshuíomh.

I gcás ina ndeimhnítear go bhfuil forais réasúnacha ann chun an duine lena mbaineann a mheas mar bhaol dá shlándáil náisiúnta nó dá ord poiblí, cuirfidh Ballstát an athshocraithe an Ballstát is tairbhí ar an eolas laistigh de sheachtain amháin faoi ábhar agus eilimintí foluiteacha foláirimh ó aon bhunachar sonraí ábhartha. I gcásanna den sórt sin, ní dhéanfar an duine lena mbaineann a athshocrú.

I gcásanna eisceachtúla, nuair is féidir a léiriú go bhfuil an scrúdú a dhéantar ar an bhfaisnéis thar a bheith casta nó go bhfuil gá le líon mór cásanna a sheiceáil ag an tráth sin, féadfaidh Ballstát an athshocraithe a fhreagra a thabhairt tar éis an teorainn ama seachtaine a luaitear sa chéad agus sa dara fomhír, ach i gás ar bith laistigh de choicís. Sna cásanna sin, cuirfidh Ballstát an athshocraithe in iúl a chinneadh chun freagra chuig an mBallstát is tairbhí a chur ar athló laistigh den teorainn ama seachtaine bunaidh.

Is ionann neamhghníomh laistigh de thréimhse seachtain amháin a luaitear sa chéad agus sa dara fomhír agus an tréimhse coicíse a luaitear sa tríú fomhír den mhír seo agus deimhniú go bhfuarthas an fhaisnéis, agus go bhfuil oibleagáid an duine a athshuíomh, lena n‑áirítear an oibleagáid foráil a dhéanamh maidir leis na socruithe cuí i gcomhair teachta.

8.Déanfaidh an Ballstát is tairbhí cinneadh aistrithe laistigh de sheachtain amháin ar a dhéanaí ó dheimhniú Bhallstát an athshuímh. Cuirfidh sé an cinneadh in iúl don duine lena mbaineann i scríbhinn é nó í a aistriú gan mhoill.

9.Déanfar aistriú an duine lena mbaineann ón mBallstát is tairbhí chuig Ballstát an athshocraithe i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit is tairbhí, tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit lena mbaineann, a luaithe a fhéadfar sin a dhéanamh go praiticiúil, agus ar a dhéanaí laistigh de cheithre seachtaine ó dheimhniú ó Bhallstát an athshuímh nó ón gcinneadh críochnaitheach maidir le hachomharc nó le hathbhreithniú cinnidh críochnaithigh i gcás ina bhfuil éifeacht fionraíochta ann i gcomhréir le hAirteagal 33(3).

10.Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 32(3), (4) agus (5), Airteagail 33 agus 34, Airteagal 35(1) agus (3), Airteagal 36(2) agus (3), agus Airteagail 37 agus 39 maidir le haistriú duine chun críocha athshuímh.

11.Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, coinníollacha aonfhoirmeacha a ghlacadh chun faisnéis agus doiciméid a ullmhú agus a chur isteach chun críocha athshuímh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 67(2).

Airteagal 58

Nós imeachta i ndiaidh athshuímh

1.Cuirfidh Ballstát an athshocraithe an Ballstát is tairbhí ar an eolas gur tháinig an duine lena mbaineann isteach slán sábháilte nó nár láithrigh sé nó sí laistigh den teorainn ama a leagadh síos.

2.I gcás inar athshocraigh Ballstát an athshocraithe iarratasóir nár cinneadh an Ballstát atá freagrach as go fóill, cuirfidh an Ballstát sin na nósanna imeachta a leagtar amach i gCuid III i bhfeidhm, cé is moite d’Airteagal 8(2), Airteagal 9(1) agus (2), Airteagal 15(5), agus Airteagal 21(1) agus (2).

I gcás nach féidir Ballstát atá freagrach a ainmniú faoin gcéad fhomhír, beidh Ballstát an athshocraithe freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

Cuirfidh Ballstát an athshocraithe a fhreagracht in iúl in Eurodac de bhun Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán Eurodac].

3.I gcás inar athshuigh Ballstát an athshocraithe iarratasóir ar cinneadh gurb é an Ballstát is tairbhí atá freagrach as roimhe seo ar fhorais eile seachas na critéir dá dtagraítear in Airteagal 57(3), an tríú fomhír, aistreofar an fhreagracht as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta chuig Ballstát an athshocraithe.

Cuirfidh Ballstát an athshuímh a fhreagracht in iúl in Eurodac de bhun Airteagal 11(3) de Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán Eurodac].

4.I gcás inar athshuigh Ballstát an athshocraithe tairbhí ar chosaint idirnáisiúnta, deonóidh Ballstát an athshocraithe stádas cosanta idirnáisiúnta go huathoibríoch agus urraim a thabhairt do stádas faoi seach arna dheonú ag an mBallstát is tairbhí.

5.I gcás inar athshuigh Ballstát an athshocraithe náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach ar a chríoch, beidh feidhm ag Treoir 2008/115/CE.

Airteagal 59

Oibleagáidí eile

Coinneoidh Ballstáit is tairbhí agus Ballstáit is rannchuiditheoir an Coimisiún ar an eolas faoi cur chun feidhme na mbeart dlúthpháirtíochta arna nglacadh ar leibhéal déthaobhach lena n‑áirítear bearta comhair le tríú tír.

Airteagal 60

Comhordú oibríochtúil

Arna iarraidh sin, déanfaidh an Coimisiún gnéithe oibríochtúla na mbeart a chuireann na Ballstáit is rannchuiditheoir ar fáil a chomhordú, lena n‑áirítear cúnamh ó shaineolaithe nó ó fhoirne a imscar an Ghníomhaireacht um Thearmann nó an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta.

CAIBIDIL III

TACAÍOCHT AIRGEADAIS A THUGANN AN tAONTAS

Airteagal 61

Tacaíocht airgeadais

Cuirfear tacaíocht chistithe i bhfeidhm i ndiaidh athshocraithe de bhun Caibidil I agus II de Chuid IV i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) XXX/XXX [an Ciste Tearmainn agus Imirce].

CUID V

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 62

Slándáil sonraí agus cosaint sonraí

1.Cuirfidh Ballstáit bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí chun feidhme chun slándáil shonraí pearsanta a dhéantar próiseáil orthu faoin Rialachán sin a áirithiú agus a áirithiú go háirithe nach dtabharfar rochtain neamhdhleathach nó neamhúdaraithe ar shonraí pearsanta a próiseáladh, ná nach nochtfar, nach nathrófar nó nach gcaillfear na sonraí sin.

2.Déanfaidh údarás nó údaráis inniúla maoirseachta gach Ballstáit faireachán ar dhlíthiúlacht phróiseáil na sonraí pearsanta arna déanamh ag údaráis na mBallstát i gceist dá dtagraítear in Airteagal 41.

3.Beidh próiseáil shonraí pearsanta arna déanamh ag an nGníomhaireacht um Thearmann faoi réir Rialachán (AE) XXX/XXX [Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann], go háirithe maidir le faireachán a dhéanamh ar an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

Airteagal 63

Rúndacht

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 41 faoi cheangal ag rialacha na rúndachta dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta, i ndáil le haon fhaisnéis a gheobhaidh siad le linn a gcuid oibre.

Airteagal 64

Pionóis

Déanfaidh na Ballstáit na rialacha maidir le pionóis, lena n‑áirítear pionóis riaracháin nó coiriúla i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ní mór na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Airteagal 65

Teorainneacha ama a ríomh

Ríomhfar aon tréimhse ama dá bhforáiltear leis an Rialachán seo mar seo a leanas:

(a)i gcás ina ríomhfar tréimhse a shloinntear i laethanta, seachtainí nó míonna ón tráth a dtarlaíonn teagmhas nó a ndéantar gníomhaíocht, ní áireofar an lá a dtarlaíonn teagmhas nó a ndéantar gníomhaíocht mar lá laistigh den tréimhse a bheidh i gceist;

(b)críochnóidh tréimhse a shloinntear i seachtainí nó míonna ag deireadh cibé lá sa tseachtain nó sa mhí dheiridh arb ionann é agus an lá céanna den tseachtain nó arb é an dáta céanna é agus an lá ar tharla an teagmhas nó ar ndearnadh gníomhaíocht óna ríomhfar an tréimhse. Más rud é, i dtréimhse a shloinntear i míonna, nach lá sa mhí dheiridh é an lá ar cheart don tréimhse críochnú, críochnóidh an tréimhse nuair a thiocfaidh deireadh le lá deiridh na míosa sin;

(c)beidh Satharn, Domhnach agus laethanta saoire oifigiúla in aon cheann de na Ballstáit lena mbaineann san áireamh sna teorainneacha ama.

Airteagal 66

Raon feidhme críochach

A mhéid a bhaineann le Poblacht na Fraince, beidh feidhm ag an Rialachán seo ar a críoch Eorpach amháin.

Airteagal 67

An Coiste

1.Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 68

An tarmligean a fheidhmiú

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 15(6) agus 24(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 15(6) agus 24(3) a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 15(6) agus 24(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 69

Faireachán agus meastóireacht

Faoi [18 mí tar éis teacht i bhfeidhm] agus ar bhonn bliantúil ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar fheidhmiú na mbeart a leagtar amach i gCaibidlí I-III de Chuid IV den Rialachán seo.

[Trí bliana tar éis teacht i bhfeidhm, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar chur chun feidhme na mbeart a leagtar amach sa Rialachán seo.]

Tráth nach luaithe ná [cúig] bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialachán seo, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo. Cuirfidh an Coimisiún Tuarascáil maidir leis na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá chun an Tuarascáil sin a ullmhú a thabhairt don Choimisiún, ar a dhéanaí sé mhí roimh dhul in éag don teorainn ama [cúig] bliana sin.

Airteagal 70

Staidreamh

Déanfaidh na Ballstáit staidrimh a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1560/2003 a chur in iúl don Choimisiún (Eurostat), i gcomhréir le hAirteagal 4(4) de Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 60 .

CUID VI

LEASUITHE AR GHNÍOMHARTHA EILE DE CHUID AN AONTAIS

Airteagal 71

Leasuithe ar an Treoir maidir le Cónaí Fadtéarmach

1.Leasaítear Treoir 2003/109/CE mar seo a leanas:

Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a) in mír 1, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Maidir le tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, mairfidh an tréimhse chónaithe dhlíthiúil leanúnach a éilítear trí bliana”.

Airteagal 72

Leasuithe ar Rialachán (AE) XXX/XXX [an Ciste Tearmainn agus Imirce]

Déantar leasú ar Rialachán (AE) XXX/XXX [an Ciste Tearmainn agus Imirce] mar seo a leanas:

1.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16:

“ 1. De bhreis ar a leithdháileadh a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 11(1), pointe (a), gheobhaidh na Ballstáit ranníocaíocht EUR 10 000 le haghaidh gach duine a ligtear isteach trí athlonnú nó trí ligean isteach ar fhoras daonnúil.

2. I gcás inarb iomchuí, d’fhéadfadh go mbeadh Ballstáit incháilithe do ranníocaíocht bhreise EUR 10 000 le haghaidh baill teaghlaigh na ndaoine dá dtagraítear i mír 1, má ligtear isteach na daoine sin chun aontacht teaghlaigh a áirithiú.

3. Beidh an rannchuidiú dá dtagraítear i mír 1 i bhfoirm maoinithe nach bhfuil nasctha le costais i gcomhréir le hAirteagal [125] den Rialachán Airgeadais.

4. Leithdháilfear an ranníocaíocht bhreise dá dtagraítear i mír 1 ar chlár an Bhallstáit. Ní bhainfear úsáid as an maoiniú le haghaidh gníomhaíochtaí eile sa chlár ach amháin faoi choinníollacha a bhfuil údar cuí leo agus mar atá formheasta ag an gCoimisiún trí leasú ar an gclár. Féadfar an ranníocaíocht dá dtagraítear i mír 1 a áireamh in iarratais ar íocaíocht don Choimisiún, ar choinníoll gur athlonnaíodh nó gur ligeadh isteach an duine ar leithdháileadh an ranníocaíocht ina leith.

5. Coinneoidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá agus dáta a athlonnaithe nó an dáta ar ligeadh isteach iad chun go mbeifear in ann na daoine a athlonnaíodh nó a ligeadh isteach a shainaithint i gceart, agus tabharfar tosaíocht d’fhorálacha is infheidhme maidir le tréimhsí choinneála sonraí.

6. Ag cur san áireamh na rátaí boilscithe reatha agus na forbairtí ábhartha i réimsí an athlonnaithe, agus laistigh de theorainneacha na n‑acmhainní atá ar fáil, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 den Rialachán seo chun an méid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a choigeartú, má mheastar é a bheith iomchuí, chun na rátaí boilscithe, na forbairtí ábhartha i réimse an athlonnaithe, chomh maith le fachtóirí lena bhféadfaí an leas a bhaintear as an dreasacht airgid a ghabhann leis na ranníocaíochtaí sin a mhéadú a chur san áireamh.”

2.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17:

“1.     Gheobhaidh Ballstát na ranníocaíochtaí seo a leanas:

(a)EUR [10 000] le haghaidh gach iarratasóir a mbeidh an Ballstát sin freagrach as de bharr athshocraithe i gcomhréir le hAirteagal 48, Airteagal 53 agus Airteagal 56 de Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce];

(b)EUR [10 000] le haghaidh gach tairbhí a fhaigheann cosaint idirnáisiúnta a athshocraítear i gcomhréir le hAirteagal 53 agus 56 de Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce];

(c)EUR [10 000] le haghaidh gach náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a athshocraítear i gcomhréir le hAirteagal 53, nuair a théann an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 55(2) in éag, agus le hAirteagal 56 de Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce].

(d)Méadaítear an ranníocaíocht i bpointí (a), (b) agus (c) go EUR [12 000] le haghaidh gach mionaoiseach neamhthionlactha a athshocraítear i gcomhréir le hAirteagal 48, Airteagal 53 agus Airteagal 56 de Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce].

2.Le haghaidh aistriú gach duine, iarratasóir nó tairbhí atá faoi réir athshocraithe de bhun mhír 1, gheobhaidh an Ballstát a dhéanann an taistriú ranníocaíocht EUR 500 chun é a chumhdach.

3.Gheobhaidh Ballstát ranníocaíocht EUR 500 chun aistriú duine a chumhdach dá dtagraítear in Airteagal 26(1)(a), (b), (c) nó (d) de bhun Airteagal 35 de Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce].

4.Gheobhaidh Ballstát na méideanna dá dtagraítear i míreanna 1 go 3 le haghaidh gach duine ar choinníoll go ndearnadh an duine ar a leithdháileadh an ranníocaíocht ina leith a athshocrú.

5.Beidh na méideanna dá dtagraítear san Airteagal seo i bhfoirm maoinithe nach bhfuil nasctha le costais i gcomhréir le hAirteagal [125] den Rialachán Airgeadais.

6.Coinneoidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá agus dáta a naistrithe chun go mbeifear in ann na daoine a aistrítear a shainaithint i gceart, agus tabharfar tosaíocht d’fhorálacha is infheidhme maidir le tréimhsí choinneála sonraí.

7.Laistigh de theorainneacha na nacmhainní atá ar fáil, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 chun na méideanna dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo a choigeartú, má mheastar é a bheith iomchuí, chun na rátaí reatha boilscithe, na forbairtí ábhartha i réimse aistriú na niarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus aistriú tairbhithe a fhaigheann cosaint idirnáisiúnta ó Bhallstát amháin go Ballstát eile, chomh maith le fachtóirí lena bhféadfaí an leas a bhaintear as an dreasacht airgid a ghabhann leis na ranníocaíochtaí sin a mhéadú a chur san áireamh.”

CUID VII

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 73

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 604/2013.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 74

Bearta idirthréimhseacha

I gcás ina gcláraítear iarratas tar éis [an chéad lá tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], cuirfear san áireamh teagmhais ar dóigh go gcuirfí freagracht ar Bhallstát faoin Rialachán seo dá mbarr, fiú má tharlaíonn siad roimh an dáta sin.

Airteagal 75

Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige maidir le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta a chlárófar amhail ón [gcéad lá den tríú mí dhéag tar éis a theacht i bhfeidhm]. Cinnfear an Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a chuirfear isteach roimh an dáta sin i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i Rialachán 604/2013.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh 

Togra le haghaidh Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann (Cnuasach clár)

10 - An Imirce

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le: 

 beart nua 

 beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 61  

 síneadh le beart atá ann cheana 

 beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

1.4.Forais an togra/tionscnaimh 

1.4.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

Sa Chomhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann, d’fhógair an Coimisiún tús nua maidir leis an imirce. Leis an togra seo bunaítear creat coiteann maidir le bainistiú tearmainn agus imirce ar leibhéal an Aontais mar rannchuidiú lárnach leis an gcur chuige cuimsitheach agus féachtar leis an mhuinín fhrithpháirteach idir na Ballstáit a atreisiú, bunaithe ar phrionsabal uileghabhálach na dlúthpháirtíochta agus chomhroinnt chothrom na freagrachta. Cuirtear ceapadh beartas comhtháite chun cinn leis laistigh de bheartais imirce agus tearmainn, lena n‑áirítear an gá atá le beartais i réimsí ábhartha eile a chur san áireamh, go sonrach, i ndáil le dlúthchomhar agus comhpháirtíochtaí frithpháirteacha le tríú tíortha ábhartha. Aithnítear gurb é atá i gcur chuige comhtháite freisin léiriú níos láidre, níos inbhuanaithe, níos nithiúla ar phrionsabal na dlúthpháirtíochta agus chomhroinnt chothrom na freagrachta, cur chuige a ndéantar an chothromaíocht atá ann a léiriú i gcomhthéacs níos leithne, agus lena ndírítear ar shaincheisteanna eile cé is moite de cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta. Dá bharr sin, ba cheart na prionsabail sin a chur i bhfeidhm maidir le bainistiú imirce ina iomláine, idir aghaidh a thabhairt ar an imirce neamhrialta agus gluaiseachtaí neamhúdaraithe agus eile.

Leis an togra déantar cuíchóiriú ar na rialacha atá ann faoi láthair dá bhforáiltear i Rialachán Uimh. 604/2013 agus is é is aidhm dó a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm i gceart na rialacha lena gcuirfear teorainn le gluaiseachtaí neamhúdaraithe náisiúnach tríú tír idir na Ballstáit. Comhlánaítear na rialacha sin le sásra nua dlúthpháirtíochta chun aghaidh a thabhairt ar chásanna ina mbíonn na Ballstáit faoi bhrú ó thaobh na himirce de. Foráiltear cheana leis an gcur chuige sin freisin go n‑áireofar próiseas sonrach le haghaidh dlúthpháirtíocht a chuirfear i bhfeidhm maidir le teachtaithe a thugtar isteach de bharr oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála.

Cuirtear bonn taca faoin sásra dlúthpháirtíochta le dreasachtaí airgeadais do na Ballstáit a léiríonn dlúthpháirtíocht as a dtiocfadh, inter alia, athshuíomh daoine a dhéanann iarratas ar chosaint idirnáisiúnta agus a bhaineann tairbhe aisti, agus athshocrú imirceach neamhrialta. Déanfar íocaíochtaí dreasachta níos airde le haghaidh athshocrú mionaoiseach neamhthionlactha. An t‑athrú ar an eagar ina bhfuil an staid airgeadais faoi láthair, ba mhór an t‑athrú a bheadh ansin agus chuirfí tacaíocht ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar na costais airgeadais a bhaineann leis an athshuíomh sin i bhfoirm maoiniú nach bhfuil nasctha le costais mar a shainmhínítear in Airteagal 125 den Rialachán Airgeadais.

Cuspóir sonrach: An choimirce agus an dlúthpháirtíocht a fheabhsú

Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

10 – An Imirce

- creat coiteann a chur ar bun a fheabhsóidh éifeachtúlacht agus éifeachtacht an chur chuige chuimsithigh um bainistiú tearmainn agus imirce trí bhíthin ceapadh beart comhtháite agus muinín fhrithpháirteach idir na Ballstáit

- d’fhonn éifeachtúlacht an chórais lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó duine gan stát.

-D’fhonn an dlúthpháirtíocht agus comhroinnt na freagrachta idir na Ballstáit a fheabhsú.

Is é is aidhm don togra:

   creat coiteann a bhunú a rannchuidíonn leis an gcur chuige cuimsitheach maidir le bainistiú tearmainn agus imirce bunaithe ar phrionsabail an cheaptha beartas comhtháite agus na dlúthpháirtíochta agus chomhroinnt chothrom na freagrachta;

   a áirithiú go ndéanfar freagracht a chomhroinnt trí bhíthin sásra nua dlúthpháirtíochta trí chóras a chur ar bun chun dlúthpháirtíocht a chur ar fáil ar bhonn leanúnach i ngnáth-amanna agus cúnamh a thabhairt do na Ballstáit trí bhíthin beart éifeachtacha (athshocrú nó urraíocht ar fhilleadh agus rannchuidithe eile atá dírithe ar chumas na mBallstát a neartú i réimse an tearmainn, an ghlactha agus an fhillte agus sa ghné sheachtrach) chun an imirce a bhainistiú go praiticiúil i gcás ina mbeidh brú imirce orthu. Leis an gcur chuige sin cuirtear san áireamh freisin próiseas sonrach le haghaidh dlúthpháirtíocht a chuirfear i bhfeidhm maidir le teachtaithe a thugtar isteach de bharr oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála;

   feabhas a chur ar acmhainn an chórais a chinneadh, go héifeachtúil agus go héifeachtach, cé acu Ballstát atá freagrach as iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú. Go háirithe, chuirfí teorainn le clásail um scor freagrachta agus na deiseanna chun freagracht a aistriú idir na Ballstáit i ngeall ar ghníomhaíochtaí an iarratasóra, agus ghiorrófaí go mór na teorainneacha ama le haghaidh iarrataí a sheoladh agus freagraí a ghlacadh, chun a áirithiú go ndéanfaí an Ballstát atá freagrach cinneadh níos gasta do na hiarratasóirí agus, dá bhrí sin, go mbeadh rochtain níos gasta ag na hiarratasóirí ar na nósanna imeachta maidir le deonú cosanta idirnáisiúnta

   dhíspreagfaí mí-úsáidí agus choiscfí gluaiseachtaí neamhúdaraithe na n‑iarratasóirí laistigh den Aontas Eorpach, go háirithe trí oibleagáid shoiléir a chur ar iarratasóirí go gcaithfidís an t‑iarratas a dhéanamh sa Bhallstát trínar tháinig siad isteach san Aontas den chéad uair agus fanacht sa Bhallstát sin ar cinneadh gurb é atá freagrach. Fágann seo nach mór iarmhairtí nós imeachta agus praiticiúla comhréireacha a bheith ann freisin i gcás nach gcloíonn na hiarratasóirí lena n‑oibleagáidí.

An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

Bainfidh na Ballstáit agus an tAontas ina iomláine tairbhe as Rialachán athchóirithe maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce ina n‑ionchorpraítear an tacar treoirphrionsabal le haghaidh bainistiú éifeachtach na himirce trí chreat coiteann lena rannchuidítear le cur i bhfeidhm an chur chuige chuimsithigh, nósanna imeachta simplithe agus trí fhoráil a dhéanamh maidir le dlúthpháirtíocht le haghaidh na mBallstát chun cúnamh a thabhairt dóibh aghaidh a thabhairt ar chásanna ina bhfuil brú imirce. Ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit leas a bhaint as bearta dlúthpháirtíochta i gcónaí.

Leis na hacmhainní buiséadacha a leagtar amach sa doiciméad cumhdaítear ranníocaíochtaí measta an Aontais a bheidh ina ndreasacht le haghaidh na ndeiseanna athshuímh a bheidh ann. San am céanna, le rannchuidiú an Aontais, tacófar leis na haistrithe a dhéanfar tar éis an chinnidh a dhéanfaidh an Ballstát atá freagrach as iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú agus daoine a ndearnadh athshuíomh orthu a aistriú. An tacaíocht sin do chur chun feidhme ceart an chórais, beidh sí ina bunús leis an ndlúthpháirtíocht idir na Ballstáit, i gcomhthéacs daoine a dhíbhordálfar tar éis oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála san áireamh. Dá réir sin, chuideodh sin le hiarratasóirí ar chosaint, toisc go mbainfidís tairbhe as córas níos éifeachtaí chun an Ballstát atá freagrach a chinneadh, agus d’fhéadfadh sé go mbeadh rochtain níos tapa ar an nós imeachta um scrúdú a dhéanamh ar iarratas go substaintiúil.

Costais athshocrú 

Faoin togra seo, maidir le hiarratasóirí ar thearmann, imircigh neamhrialta nó daoine a bhaineann tairbhe as cosaint idirnáisiúnta, beidh an Ballstát ina ndéanfar athshuíomh orthu i dteideal ranníocaíocht EUR 10 000 ón Aontas i leith gach duine a aistrítear.

I gcás inar mionaoiseach neamhthionlactha an duine a ndéantar athshuíomh air, is é EUR 12 000 ranníocaíocht an Aontais. Tá an ranníocaíocht níos airde sin cuí-réasúnaithe toisc gur casta fós, agus níos costasaí dá dheasca sin, a bheadh sé tuilleadh próiseála a dhéanamh ar mhionaoisigh neamhthionlactha tar éis a n‑athshocrú.

Costais aistrithe

Faoin togra seo, tá an Ballstát sin a dhéanann an t‑aistriú go Ballstát an athshocrú i dteideal ranníocaíocht EUR 500 ón Aontas i leith gach duine a aistrítear.

Ina theannta sin, maidir le costais aistrithe a bhaineann leis na gnáthnósanna imeachta aistrithe (iarrataí ar ghabháil ar láimh agus fógraí maidir le gabháil ar ais) tabharfaidh an tAontas tacaíocht do na nósanna sin faoin togra atá ann faoi láthair agus tá an Ballstát a dhéanann an t‑aistriú chuig an mBallstát atá freagrach i dteideal ranníocaíocht EUR 500 a fháil ón Aontas i leith gach duine a aistrítear.

1.4.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann de thoradh fachtóirí éagsúla, e.g. deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, comhlántachtaí, nó gnóthachain de thoradh comhordú). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

Cúiseanna le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (ex ante)

Níl ar chumas na mBallstát agus iad ag gníomhú as a stuaim féin na critéir agus na sásraí a bhaint amach lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát agus is ar leibhéal an Aontais amháin is féidir sin a bhaint amach.

An breisluach ar leibhéal an Aontais a mheastar a ghinfear (ex-post)

Tá de bhreisluach ag an togra seo go ndéanfar Rialachán Bhaile Átha Cliath, faoi mar atá sé i láthair na huaire, a chuíchóiriú agus a fheabhsú, agus go ndéanfar foráil maidir le sásra dlúthpháirtíochta ceartaitheach a chuirfear chun feidhme ar mhaithe le leas Ballstáit tráth a bhíonn brú air nó i gcásanna daoine a dhíbhordáiltear tar éis oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála.

1.4.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Léirigh géarchéim 2015 go bhfuil easnaimh agus mór-laigí struchtúracha ar dhearadh agus ar chur chun feidhme bheartas tearmainn agus imirce na hEorpa, lena n‑áirítear córas Bhaile Átha Cliath, córas nár ceapadh d’fhonn comhroinnt inbhuanaithe na freagrachta as iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a áirithiú ar fud an Aontais Eorpaigh. Ina conclúidí an 28 Meitheamh 2018, d’éiligh an Chomhairle leasú ar Rialachán Bhaile Átha Cliath bunaithe ar chothromaíocht idir an fhreagracht agus an dlúthpháirtíocht, agus, san am céanna, aird a thabhairt ar na daoine a dhíbhordáiltear tar éis oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála.

Ba é conclúid na meastóireachta a rinne an Coimisiún in 2016 cé go bhfuil gá fós le córas den chineál sin ar leibhéal an Aontais, níl córas Bhaile Átha Cliath atá ann faoi láthair sásúil agus ar an gcaoi sin ní mór é a athrú d’fhonn é a chuíchóiriú agus é a dhéanamh níos éifeachtúla.

Ina theannta sin, ní mar ionstraim le haghaidh dlúthpháirtíochta agus comhroinnt na freagrachta a dearadh córas Bhaile Átha Cliath atá ann faoi láthair. Léirigh géarchéim na himirce go bhfuil easnamh ann ionas nach mór anois sásra dlúthpháirtíochta a chur sa togra.

1.4.4.Comhoiriúnacht agus sineirgíocht fhéideartha le hionstraimí iomchuí eile

Tá an togra seo i gcomhréir leis an gCiste Tearmainn agus Imirce (AMF). Foráiltear cheana le AMF maidir le hiarrthóirí ar chosaint idirnáisiúnta a aistriú ar bhonn deonach mar chuid de chlár náisiúnta na mBallstát éagsúil (Airteagal 17 (5) de Rialachán (AE) Uimh. 471/2018). Leis an raon feidhme níos leithne maidir leis an athshuíomh dá bhforáiltear sa togra seo, ba cheart foráil a dhéanamh freisin maidir le costais an athshocrú agus an aistrithe.

Mura mbaintear úsáid iomlán as na leithreasuithe (EUR 1 113 500 000 dá bhforáiltear le haghaidh 2022-2027) le haghaidh cur chun feidhme na riachtanas ionchasach chun an córas nua a chur i bhfeidhm, cuirfear na méideanna atá fágtha in úsáid i ngníomhaíochtaí eile faoi AMF. Dá mba rud é gur mhó na riachtanais chun córas nua a chur chun feidhme ná na meastacháin (i.e. bheadh gá le níos mó iarratasóirí ar thearmann a athshuíomh agus a aistriú), ba cheart acmhainní breise a iarraidh.

1.5.Fad agus tionchar airgeadais 

 tréimhse theoranta

   i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

   Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó BBBB go BBBB do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh 2022 go 2027,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.6.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 62  

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

◻ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

◻ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;

✓eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

◻BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

◻comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 70 agus Airteagal 71 den Rialachán Airgeadais;

◻comhlachtaí dlí phoiblí;

✓comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

✓comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

◻daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn ‘Nótaí’ le do thoil.

Nótaí

Déanfar an t‑athshocrú agus na haistrithe a chur chun feidhme faoi shaoráid théamach AMF, go príomha trí bhíthin bainistíocht dhíreach (nó bainistíocht indíreach) i gcás ina mbeidh measúnú colúin déanta ar an gcomhlacht a chuireann an ghníomhaíocht chun feidhme. Mar sin féin, b’fhéidir go mbeadh sé níos iomchuí, ag brath ar an gcás, rannchuidiú ón Aontas a sholáthar trí bhainistíocht chomhroinnte, trí chur leis na cláir náisiúnta

 

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA 

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.

Déanfar an cistiú a chuirfear chun feidhme faoin mbainistíocht dhíreach agus indíreach a chur chun feidhme faoi shaoráid théamach AMF, rud a thagann freisin faoi shásra ginearálta faireacháin agus meastóireachta AMF. Bunófar teimpléid agus rialacha cuíchóirithe d’fhonn táscairí a bhailiú ó thairbhithe na gcomhaontuithe um dheontais agus rannchuidithe ar an luas céanna leis an mbainistíocht chomhroinnte, d’fhonn nochtadh sonraí inchomparáide a áirithiú.

Nuair a dhéanfar rannaíocht an Aontais a sholáthar trí bhainistíocht chomhroinnte, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

An maoiniú a chuirfidh na Ballstáit chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte, beidh sé i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach i Rialachán na bhForálacha Coiteanna (COM(2018) 375) dá dtagraítear freisin mar thogra Rialachán na bhForálacha Coiteanna (RFC), i Rialachán 2018/2016 (an Rialachán Airgeadais) agus sa Chiste Tearmainn agus Imirce (COM(2018)471), dá dtagraítear freisin mar thogra AMF.

I gcomhréir le togra RFC, cuirfidh gach Ballstát córas bainistíochta agus rialaithe ar bun dá chlár agus áiritheoidh sé cáilíocht agus iontaofacht an chórais faireacháin. Dá bhrí sin, maidir le bainistíocht chomhroinnte, tá creat comhtháite agus éifeachtach tuairiscithe, faireacháin agus meastóireachta ar bun. Ní mór do na Ballstáit coiste faireacháin a bhunú agus féadfaidh an Coimisiún páirt a ghlacadh in obair an choiste sin mar chomhairleoir. Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh coiste faireacháin aonair a bhunú chun níos mó ná clár amháin a chumhdach. Déanfaidh coistí faireacháin athbhreithniú ar na saincheisteanna go léir a dhéanann difear don dul chun cinn i dtaca lena chuspóirí a bhaint amach.

I dtaca le cistí gnóthaí HOME, tíolacfaidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht chur chun feidhme an chláir agus ar an dul chun cinn atá á dhéanamh chun na garspriocanna agus na spriocanna a bhaint amach. Ina theannta sin, tráchtfar sa tuarascáil ar aon saincheisteanna a dhéanann difear d’fheidhmíocht an chláir agus tabharfar tuairisc ar na bearta atá déanta chun dul i ngleic leis na saincheisteanna sin.

2.2.Córais bhainistíochta agus rialaithe 

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na coinníollacha íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

De réir thogra AMF, forchoimeádtar 60 % de chlúdach AMF le haghaidh chláir na mBallstát. Déanfar an 40 % den chlúdach atá fágtha a bhainistiú faoi shaoráid théamach. Is é is aidhm do shaoráid théamach a thabhairt isteach cothromaíocht a bhaint amach idir intuarthacht leithdháileadh ilbhliantúil cistithe ar na Ballstáit agus an tsolúbthacht maidir le cistiú a íoc amach go tréimhsiúil le gníomhaíochtaí a bhfuil ardleibhéal breisluacha don Aontas ag baint leo ar bhonn clárthréimhse dhá bhliana. Úsáidfear an tsaoráid théamach le haghaidh athshuímh agus aistrithe.

Beidh an straitéis rialaithe bunaithe ar an Rialachán Airgeadais agus ar thogra RFC.

 

Maidir leis an gcuid a chuirtear chun feidhme trí bhainistíocht dhíreach agus indíreach faoin tsaoráid théamach, cuirfidh an córas bainistíochta agus rialaithe leis an taithí a fuarthas in 2014-2020 i ngníomhaíochtaí an Aontais agus i gcúnamh éigeandála araon. Cuirfear scéim shimplithe ar bun faoina bhféadfar próiseáil ghasta a dhéanamh ar iarratais agus, san am céanna, an riosca earráide a laghdú: ní ghlacfar le hiarratais ach amháin ó iarratasóirí cáilithe sna Ballstáit agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, bunófar an cistiú ar roghanna costais simplithe, forbrófar teimpléid chaighdeánacha le haghaidh iarratais ar chistiú, comhaontuithe deontais/rannchuidithe agus tuarascála, agus déanfaidh coiste seasta meastóireachta scrúdú ar na hiarratais a luaithe a gheofar iad.

Nuair a dhéanfar rannchuidiú an Aontais a sholáthar trí bhainistíocht comhroinnte, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

Gheobhaidh na Ballstáit ranníocaíocht bhreise i leith gach duine a thagann faoi na catagóirí a chumhdaítear leis an Rialachán.

Déanfar na méideanna comhfhreagracha a leithdháileadh ar na Ballstáit trína gclár a leasú. Déantar na cláir sin a bhainistiú faoi bhainistíocht chomhroinnte i gcomhréir le hAirteagal 63 den Rialachán Airgeadais, togra RFC agus togra AMF.

Leagtar amach na socruithe íocaíochta le haghaidh bainistíocht chomhroinnte i dtogra RFC. Le RFC déantar foráil maidir le réamh-mhaoiniú bliantúil, agus, ina dhiaidh sin, maidir le huasmhéid ceithre íocaíocht eatramhacha in aghaidh an chláir in aghaidh na bliana bunaithe ar na hiarratais ar íocaíocht a chuirfidh na Ballstáit isteach le linn na bliana cuntasaíochta. De réir mar atá i dtogra RFC, glanfar an réamh-mhaoiniú le linn bhliain airgeadais dheireanach na gclár.

Maidir leis an gcuid a chuirtear chun feidhme trí bhainistíocht chomhroinnte, forbairt is ea togra RFC ar an straitéis bainistíochta agus rialaithe atá i bhfeidhm do chlárthréimhse 2014-2020, ach tabharfar isteach bearta áirithe freisin a mbeidh sé d’aidhm acu an cur chun feidhme a shimpliú agus an t‑ualach rialaithe a laghdú ar leibhéal na dtairbhithe agus na mBallstát araon. Ar na gnéithe nua seo tá:

-deireadh leis an nós imeachta ainmniúcháin le haghaidh údaráis chlár;

-fíoruithe bainistíochta (fíoruithe riaracháin agus fíoruithe ar an láthair) a bheidh le déanamh ag an údarás bainistíochta ar bhonn riosca (i gcomparáid leis an 100 % rialuithe riaracháin a cheanglaítear le haghaidh na clárthréimhse 2014-2020).

-féadfaidh údaráis bhainistíochta, faoi choinníollacha áirithe, socruithe rialaithe comhréireacha a chur i bhfeidhm i gcomhréir le nósanna imeachta náisiúnta.

-coinníollacha faoinar féidir an iliomad iniúchtaí ar an oibríocht/caiteachas céanna a sheachaint.

Cuirfidh na húdaráis chláir éilimh eatramhacha ar íocaíochtaí chuig an gCoimisiún bunaithe ar an gcaiteachas a thabhóidh na tairbhithe. D’fhonn an riosca atá ann go n‑aisíocfaí caiteachas neamh-incháilithe a mhaolú, trí RFC cuirtear uasteorainn 90 % le híocaíochtaí eatramhacha an Choimisiúin, i bhfianaise nach bhfuil déanta go fóill ach cuid de na rialuithe náisiúnta. Íocfaidh an Coimisiún an fuílleach tar éis an chleachtais bhliantúil lena n‑imréitítear na cuntais, nuair a gheobhaidh sé an pacáiste dearbhaithe ó údaráis an chláir. Sa phacáiste dearbhaithe is déanaí tá na cuntais, an dearbhú bainistíochta agus tuairim an údaráis iniúchóireachta faoi na cuntais, faoin gcóras bainistíochta agus rialaithe agus faoi dhlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais a dhearbhaítear sna cuntais. Bainfidh an Coimisiún úsáid as an bpacáiste dearbhaithe sin chun an méid is inmhuirir i leith an Chiste don bhliain chuntasaíochta a chinneadh.

Féadfar glancheartúchán airgeadais teacht as aon neamhrialtacht a bhraithfidh an Coimisiún nó Cúirt Iniúchóirí na hEorpa tar éis tharchur an phacáiste dearbhaithe bhliantúil.

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

RIOSCAÍ

Le blianta beaga anuas, níor bhain rioscaí móra earráide le cláir chaiteachais AS HOME go dtí seo.

I dtaca leis an athshocrú agus na haistrithe a fhaigheann tacaíocht trí bhíthin bainistíocht dhíreach/indíreach, maidir leis an mbaol gurbh ann d’earráidí, meastar go mbeidh sin níos ísle ná mar atá i ngníomhaíochtaí reatha an Aontais agus sa chúnamh éigeandála (faoi láthair thart ar 3 % den ráta earráidí iarmharacha). Ar ndóigh, ní ann do roinnt mhaith de na tosca riosca i dtaca le hathshocrú agus aistrithe a chistiú: ní ghlacfar le hiarratais ach amháin ó iarratasóirí cáilithe sna Ballstáit agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, bunófar an cistiú ar roghanna costais simplithe, agus forbrófar teimpléid chaighdeánacha chun go mbeidh sé níos simplí an t‑iarratas agus an tuarascáil araon a dhéanamh. Ina theannta sin, tá ardleibhéal cinnteachta ann maidir le fírinne an athshuímh agus na n‑aistrithe a bhuí leis na sásraí faireacháin oibríochtúla atá ann cheana.

Maidir leis an tacaíocht a chuirtear ar fáil trí bhíthin na bainistíochta chomhroinnte:

Leanann an córas bainistíochta agus rialaithe na ceanglais ghinearálta a leagtar amach i dtogra RFC agus comhlíonann sé ceanglais an Rialacháin Airgeadais.

I dtaca leis an ranníocaíocht airgeadais le haghaidh athshuímh, agus aistrithe, feadfaidh na Ballstáit iad a chur san áireamh sna hiarratais ar íocaíocht ar an gCoimisiún ar choinníoll, agus ar an gcoinníoll sin amháin, go ndearnadh an duine a iarrtar an íocaíocht ina leith a aistriú go héifeachtach. Tá d’oibleagáid ar na Ballstáit rialuithe agus iniúchtaí a dhéanamh lena fhíorú ar comhlíonadh na coinníollacha maidir le ranníocaíocht a iarraidh ar an gCoimisiún. Ina theannta sin, tá d’oibleagáid ar na Ballstáit doiciméid tacaíochta iomchuí a choinneáil ar feadh na tréimhse a leagtar amach i dtogra RFC.

Le clársceidealú ilbhliantúil in éineacht le himréiteach bliantúil bunaithe ar íocaíochtaí a dhéanann an t‑údarás freagrach, déantar na tréimhsí incháilitheachta a ailíniú le cuntais bhliantúla an Choimisiúin.

CÓRAS RIALAITHE INMHEÁNACH – RIALUITHE A MHAOLÚ

Glacadh an chéad Straitéis Frithchalaoise AS HOME in 2013. Glacadh an Straitéis Frithchalaoise atá an faoi láthair i bhFeabhra 2018 agus beidh sé bailí go dtí go dtiocfaidh deireadh leis an CAI atá ann faoi láthair. I bhfianaise CAI 2021-2027 agus Straitéis Frithchalaoise nua an Choimisiúin a glacadh in 2019 tá AS HOME ag obair faoi láthair chun a Straitéis Frithchalaoise féin a thabhairt cothrom le dáta. Is é is aidhm do straitéis nua AS HOME oiriúnú don chás atá ag forbairt agus gníomhaíochtaí frithchalaoise AS a neartú a thuilleadh. Glacfar Straitéis Frithchalaoise AS HOME faoi 2021 ar a dhéanaí.

Ina theannta sin chuir AS HOME ar bun in 2016 straitéis rialaithe le haghaidh cúnamh éigeandála a bheidh ina bunús le straitéis rialaithe a bhunú le haghaidh na coda a bhaineann le bainistíocht dhíreach/indíreach.

Anuas air sin, i dtaca leis an mbainistíocht chomhroinnte, ghlac AS HOME, i Samhain 2015, Straitéis Iniúchóireachta i dtaca le cuid an bhainistithe chomhroinnte den Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (AMIF) agus den Chiste Slándála Inmheánaí (CSI). Tá straitéis rialaithe i dtaca le bainistíocht chomhroinnte an AMIF/CSI á ceapadh ag DG HOME faoi láthair. Cuimseofar sa straitéis sin na rialuithe uile is gá chun na cláir náisiúnta faoin CTIL agus faoin CSI a bhainistiú.

2.2.3.Meastachán ar chost-éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh) 

Costais rialaithe dhiomaibhseacha agus riosca earráide an-íseal.

Meastar go leanfaidh na costais rialaithe de bheith mar atá sa tréimhse atá ann faoi láthair.

Le haghaidh bainistíocht dhíreach/indíreach, meastar go mbeidh na costais rialaithe níos lú ná costais ghníomhaíochtaí an Aontais, a bhuí le nósanna imeachta caighdeánaithe le haghaidh cur i bhfeidhm, meastóireachta agus tuarascála, costais shimplithe agus teorainneacha láidre leis na hiarratasóirí incháilithe.

Le haghaidh bainistíocht chomhroinnte, d’fhéadfadh sé go laghdófaí costas na rialuithe le haghaidh na mBallstát a bhuí leis an gcur chuige rioscabhunaithe maidir le bainistíocht agus rialuithe a thabharfar isteach le togra RFC. I dtaca leis an gclárthréimhse atá ann faoi láthair(2014-2020), amhail ó 2017, meastar gurb é a bheidh sa chostas carnach a bheidh ar an rialú ag na Ballstáit 5 % de mhéid iomlán na n‑íocaíochtaí arna n‑iarraidh ag na Ballstáit don bhliain 2017.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

Beidh feidhm ag straitéis frithchalaoise AS HOME a luaitear an 2.2.2.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

3.1.Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid atá beartaithe 

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Cineál
caiteachais

Ranníocaíocht

Ceannteideal 4: Imirce agus Bainistiú Teorainneacha

Caibidil 10: An Imirce

LD/LN 63 .

ó thíortha de chuid CSTE 64

ó thíortha is iarrthóirí 65

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal [21(2)(b)] den Rialachán Airgeadais

4

10 02 01 –Ciste Tearmainn agus Imirce

Difreáilte

NÍL

NÍL

66

NÍL

4

10 01 01 – Caiteachas tacaíochta le haghaidh ‘an Chiste Tearmainn agus Imirce’

Neamhdhif.

NÍL

NÍL

NÍL

4

XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

Neamhdhif.

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

4

XX 01 01 02 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

Neamhdhif.

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

4

XX 01 01 02 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

Neamhdhif.

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar chaiteachas 

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil

4

Imirce agus Bainistiú Teorainneacha

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (de réir na línte buiséid a liostaítear faoi 3.1)

Gealltanais

(1)

87 800

120 100

225 500

226 300

226 300

227 500

1 113 500

Íocaíochtaí

(2)

70 240

113 640

204 420

226 140

226 300

227 260

45 500

1 113 500

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach an chláir 67  

Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí

(3)

IOMLÁN leithreasuithe le haghaidh imchlúdach an chláir

Gealltanais

=1+3

87 800

120 100

225 500

226 300

226 300

227 500

1 113 500

Íocaíochtaí

=2+3

70 240

113 640

204 420

226 140

226 300

227 260

45 500

1 113 500



Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil

7

An Riarachán Poiblí Eorpach

Chun an chuid seo a líonadh isteach, ba cheart leas a bhaint as na ‘sonraí buiséid de chineál riaracháin’ a iontráladh ar dtús san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach ) agus a uaslódáladh ar chóras DECIDE chun críocha comhairliúcháin idirsheirbhíse.

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

Acmhainní daonna

1 815

1 815

1 815

1 815

1 815

1 815

10 890

Caiteachas riaracháin eile

 

0.120

0.120

0.120

0.120

0.120

0.120

0.720

Iomlán leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

 

1 935

1 935

1 935

1 935

1 935

1 935

-

11 610

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

Iomlán leithreasuithe
ar fud na gCEANNTEIDEAL
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

Gealltanais

89 735

122 035

227 435

228 235

228 235

229 435

 

 

1 125 110

Íocaíochtaí

72 175

115 575

206 355

228 075

228 235

229 195

45 500

1 125 110



3.2.2.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Blianta

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

1 815

1 815

1 815

1 815

1 815

1 815

10 890

Caiteachas riaracháin eile

0.120

0.120

0.120

0.120

0.120

0.120

0.720

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

1 935

1 935

1 935

1 935

1 935

1 935

11 610

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 68  
of the multiannual financial framework

Acmhainní daonna

Caiteachas eile
de chineál riaracháin

Fo-iomlán
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

IOMLÁN

1 935

1 935

1 935

1 935

1 935

1 935

11 610

Na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin, cumhdófar iad leis na leithreasuithe sin san Ard-Stiúrthóireacht atá sannta cheana do bhainistíocht an bhirt agus/nó atá athshannta laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon, más ga sin, le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.



3.2.2.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Blianta

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

•Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin

11

11

11

11

11

11

11

Toscaireachtaí

Taighde

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) - AC, AL, END, INT agus JED  69

Ceannteideal 7

Arna mhaoiniú as CEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil 

- sa Cheanncheathrú

2

2

2

2

2

2

2

- i dtoscaireachtaí

Arna maoiniú as imchlúdach an chláir  70

- sa Cheanncheathrú

- i dToscaireachtaí

Taighde

Eile (sonraigh)

Iomlán

13

13

13

13

13

13

13

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil agus i bhfianaise na srianta buiséadacha.

.

Tuairisc ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Tacú leis na gníomhaíochtaí sin a bhaineann le cur chun feidhme an togra seo, agus próiseáil agus faireachán a dhéanamh orthu, den chuid is mó maidir leis an sásra dlúthpháirtíochta agus maidir leis an gcreat dlíthiúil is gá chun é a chur chun feidhme. Sannfar 9 FTE (7 AD, 1 CA agus 1 SNE) don aonad beartais ábhartha agus sannfar 4 FTE (2 AD agus 2 AST) don aonad bainistíochta ciste ábhartha.

Pearsanra seachtrach

Tacú leis na gníomhaíochtaí a bhaineann leis an togra seo a chur chun feidhme, iad a phróiseáil agus faireachán a dhéanamh orthu, i dtaca, den chuid is mó, le feidhmiú an togra i ndáil le freagracht a chinneadh arna bunú ag na Ballstáit chun iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú.

3.2.3.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 71  

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

   déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Blianta

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

iontráil mheabhráin

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam 

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam eile

má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin    

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne bhuiséid ioncaim:

Tionchar an togra/tionscnaimh 72

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Airteagal ............

I gcás ioncam ilghnéitheach atá sannta, sonraigh na línte buiséid a ndéantar difear dóibh.

Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile). 

(1)    IO L […], […], lch. […].
(2)    Rialachán (AE) Uimh. 2019/1155 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) IO L 188, 12.7.2019, lch. 25.
(3)    COM(2016) 270 final.
(4)    COM(2016) 194 final.
(5)    COM(2016) 271 final.
(6)    COM(2016) 467 final.
(7)    COM(2016) 466 final.
(8)    COM(2016) 465 final.
(9)    COM(2016) 468 final.
(10)    COM(2018) 633 final.
(11)    IO L […], […], lch. […].
(12)    IO L […], […], lch. […].
(13)    IO L […], […], lch. […].
(14)    IO L […], […], lch. […].
(15)    COM(2015) 450 final.
(16)    Cinneadh 2015/1523 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2015 agus Cinneadh (AE) 2015/1601 ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2015.
(17)     Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás mórphlódú daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir na Ballstáit a bhfuil na daoine sin a ghlacadh isteach acu agus na hiarmhairtí lena mbaineann sin, IO L 212, 7.8.2001, lch. 12.
(18)    Is amhlaidh an fheidhm maidir leis an Ríocht Aontaithe le linn na hidirthréimhse faoin gComhaontú um Tharraingt Siar.
(19)    Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht na Danmhairge maidir leis na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Stát a bheidh freagrach as iarraidh ar thearmann arna thaisceadh sa Danmhairg nó i mBallstát éigin eile an Aontais Eorpaigh a scrúdú agus ‘Eurodac’ chun comparáid a dhéanamh idir méarloirg d’fhonn Coinbhinsiún Bhaile Átha Cliath a chur i bhfeidhm go héifeachtúil, IO L 66, 8.3.2006, lch 38.
(20)    Prótacal idir an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu stát atá freagrach as iarraidh ar thearmann a scrúdú arna taisceadh i mBallstát nó san Eilvéis (arna thabhairt i gcrích an 24.10.2008, IO L 161, 24.6.2009, lch. 8) agus Prótacal a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal, Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir leis na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Stát atá freagrach as iarraidh ar thearmann a scrúdú arna taisceadh i mBallstát, san Íoslainn nó san Iorua IO L 93, 3.4.2001.
(21)    Meán na gcinntí diúltacha tearmainn a rinne na húdaráis chinntitheacha in 2015-2019 in AE-27.
(22)    An cóimheas idir meánlíon na gcinntí diúltacha tearmainn agus meánlíon na gcinntí um fhilleadh a eisíodh sa tréimhse 2015-2019 (456,625), is é atá ansin 81.6 % de líon iomlán na gcinntí um fhilleadh a eisíodh.
(23)    Tá an tuarascáil mheastóireachta agus an tuarascáil chur chun feidhme le fáil anseo: http://ec.europa.eu/dgs/home-affairs/what-wedo/policies/asylum/examination-of-applicants/index_en.htm.
(24)    Bhí an measúnú bunaithe ar thaighde deisce, ar anailís chainníochtúil, agus ar chomhairliúcháin le comhairleoirí dlí/beartais i 19 mBallstáit: (BE, BG, CH, CY, EL, FR, HR, HU, IT, LT, LV, MT, NL, NO, PL, RO, SE, SI, SK). Ó tharla nach bhfuarthas eolas ar ais in am ón 12 Bhallstát eile atá páirteach i Rialachán Bhaile Átha Cliath III, níor áiríodh é sa tuarascáil.
(25)    Chuathas i gcomhairle le réimse mhór páirtithe leasmhara, lena n áirítear: aonaid Bhaile Átha Cliath sna córais náisiúnta riaracháin, comhairleoirí dlí/beartais, ENRanna, dlíodóirí/ionadaithe dlíthiúla, údaráis achomhairc agus athbhreithnithe, údaráis fhorghníomhaithe dlí, údaráis choinneála, iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta, agus tairbhithe cosanta idirnáisiúnta. 142 agallamh ar fad a rinneadh. Tugadh cuairt allamuigh ar 15 Bhallstát (AT, BE, DE, EL, FR, HU, LU, IT, MT, NL, NO, PL, SE, UK, CH), agus rinneadh agallamh gutháin i 16 Bhallstát (BG, CY, CZ, DK, EE, ES, FI, HR, IE, LT, LV, PT, RO, SI, SK, LI).
(26)    Tá an tuarascáil mheastóireachta le fáil anseo: https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/STUD/2020/642813/EPRS_STU(2020)642813_EN.pdf.
(27)    Mar shampla, Plean Gníomhaíochta Bheirlín i ndáil le Beartas Eorpach nua maidir le tearmann, 25 Samhain 2019, arna shíniú ag 33 eagraíocht agus bhardas.
(28)    Moltaí UNHCR do Chomhaontú beartaithe an Choimisiúin Eorpaigh maidir le hImirce agus Tearmann, Eanáir 2020.
(29)    Moltaí IOM do Chomhaontú nua an Aontais Eorpaigh maidir le hImirce agus Tearmann, Feabhra 2020.
(30)    Tuarascáil tionscadail an Lárionaid don Staidéar ar Bheartas na hEorpa (CEPS), socruithe cuardaigh agus tarrthála, díbhordála agus athshocraithe sa Mheánmhuir. Ar seachrán ón bhfreagracht?, Meitheamh 2019.
(31)    Sa Tionscnamh maidir le hImircigh ar Leanaí iad iarradh cur chuige coiteann chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist na leanaí ar iarraidh (neamhthionlactha agus scartha), sásraí éifeachtacha a bhunú chun dul i ngleic le baol na gáinneála, agus caighdeáin leanbhshonrach a ghlacadh le haghaidh nósanna imeachta tearmainn.
(32)    Tá gach staidéar agus tuarascáil ó Ghréasán Imirce na hEorpa le fáil ag: https://ec.europa.eu/home-affairs/what-we-do/networks/european_migration_network_en.
(33)    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 IO L 347, 20.12.2013, lch. 884.
(34)    Treoir 2008/115/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh IO L 348, 24.12.2008, lch. 98.
(35)    Treoir (AE) 2016/801 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le coinníollacha i ndáil le dul isteach agus cónaí na náisiúnach tríú tír chun críocha taighde, staidéir, oiliúna, seirbhís dheonach, scéimeanna malartaithe daltaí nó cláir oideachais agus obair au pair IO L 132, 21.5.2016, lch. 21.
(36)    IO C , , lch. .
(37)    IO C , , lch. .
(38)    Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí), IO L 243, 15.9.2009, lch. 1.
(39)    Treoir 2001/40/CE ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 maidir le haitheantas frithpháirteach cinntí i dtaca le náisiúnaigh tríú tír a dhíbirt, IO L 149, 2.6.2001, lch. 34.
(40)    Arna leagan amach ag an gComhairle Eorpach ag a cruinniú speisialta in Tampere an 15 agus an 16 Deireadh Fómhair 1999.
(41)    Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát, IO L 180, 29.6.2013, lch. 31.
(42)    Treoir 2003/109/CE ón gComhairle an 25 Samhain 2003 maidir le stádas náisiúnach tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad, IO L 016, 23.1.2004, lch. 44.
(43)    Treoir XXX/XXX/AE (an téacs iomlán)
(44)    Treoir XXX/XXX/AE (an téacs iomlán)
(45)    Rialachán (CE) Uimh. 1560/2003 ón gCoimisiún an 2 Meán Fómhair 2003 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 ón gComhairle lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar thearmann arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír, IO L 222, 5.9.2003, lch. 3.
(46)    Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir na Ballstáit, IO L 218, 13.8.2008, lch. 60.
(47)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 119, 4.5.2016, lch. 1.
(48)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún, IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.
(49)    IO L 66, 8.3.2006, lch. 38.
(50)    IO L 93, 3.4.2001, lch. 40.
(51)    IO L 53, 27.2.2008, lch. 5.
(52)    IO L 160, 18.6.2011, lch. 37.
(53)    Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen), IO L 77, 23.3.2016, lch. 1.
(54)    Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh IO L 348, 24.12.2008, lch. 98.
(55)    Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú agus lena n‑aisghairtear an Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 16 Meán Fómhair 1998 lena mbunaítear Buanchoiste um measúnú agus cur chun feidhme Schengen, IO L 295, 6.11.2013, lch. 27.
(56)    Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624, IO L 295, 14.11.2019, lch. 1.
(57)    Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí IO L 243, 15.9.2009, lch. 1.
(58)    Rialachán (AE) Uimh. 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011, IO L 327, 9.12.2017, lch. 20.
(59)    Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2013, lena mbunaítear sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú agus lena n‑aisghairtear an Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 16 Meán Fómhair 1998 lena mbunaítear Buanchoiste um measúnú agus cur chun feidhme Schengen, IO L 295, 6.11.2013, lch. 27.
(60)    Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir le staidrimh an Chomhphobail maidir le cosaint imirce agus idirnáisiúnta, IO L 199, 31.7.2007, lch. 23.
(61)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(62)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx  
(63)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(64)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(65)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d’fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí.
(66)    ranníocaíocht dheonach a d’fhéadfadh teacht ó na Tíortha a mbaineann Schengen leo ach iad a bheith rannpháirteach i gcóras nua seo Bhaile Átha Cliath
(67)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(68)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(69)    AC= Ball foirne ar conradh; AL = Ball foirne áitiúil; END = Saineolaí Náisiúnta ar Iasacht; INT= ball foirne gníomhaireachta; JPD = Saineolaithe sóisearacha i dtoscaireachtaí.
(70)    Fo-uasteorainn d’fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte ‘BA’).
(71)    D’fhéadfadh ranníocaíochtaí a theacht ó na Tíortha a mbaineann Schengen leo ach iad a bheith rannpháirteach i gcóras nua seo Bhaile Átha Cliath
(72)    A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.

An Bhruiséil,23.9.2020

COM(2020) 610 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh

Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bainistiú tearmainn agus imirce agus lena leasaítear Treoir (CE) 2003/109 ón gComhairle agus an Rialachán (AE) XXX/XXX atá beartaithe [an Ciste Tearmainn agus Imirce]






{SWD(2020) 207 final}


IARSCRÍBHINN I

Foirm chaighdeánach lena mbunaítear Plean Freagartha Dlúthpháirtíochta um Chuardach agus Tarrtháil i gcomhréir le hAirteagal 47

·An Ballstát is ranníocóir: ………

·Uimh. Thagartha……. (Athbhreithniú) 1 …..

·An dáta a cuireadh an fhoirm isteach:……

Bearta a leagtar amach in Airteagal 45 (a) agus (e)

Líon iomlán na ndaoine a athlonnaíodh

Athlonnú iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta

Bearta a leagtar amach in Airteagal 45(d)

Cainníocht/Tuairisc/creat ama don chur chun feidhme

Bearta fothaithe acmhainní i réimse an tearmainn, an ghlactha nó an fhillte

Tacaíocht oibríochtúil

Bearta atá dírithe ar fhreagra a thabhairt ar threochtaí imirce atá ag dul i bhfeidhm ar an mBallstát is tairbhí trí chomhar le tríú tíortha



IARSCRÍBHINN II

Foirm chaighdeánach lena mbunaítear Plean Freagartha Dlúthpháirtíochta um Chuardach agus Tarrtháil i gcomhréir le hAirteagal 50

·An Ballstát is tairbhí: ……

·An Ballstát is ranníocóir: ………

·Uimh. Thagartha: ……. (Athbhreithniú) 2 …..

·An dáta a cuireadh an fhoirm isteach:……

Bearta a leagtar amach in Airteagal 45 (a), (b), (c)

Sciar i gcomhair gach birt

Athlonnú iarratasóirí nach bhfuil faoi réir an nós imeachta teorann maidir le scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna bhunú le hAirteagal 41 de Rialachán (AE) XXX/XXX (Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn), lena n‑áirítear sciar i gcomhair mionaoiseach neamhthionlactha

Sciar:

Líon na mionaoiseach neamhthionlactha:

Urraíocht le haghaidh filleadh maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach

Sciar:

Náisiúnachtaí na náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach atá le hurrú 3 :

Athlonnú tairbhithe ar chosaint idirnáisiúnta, lena n‑áirítear sciar i gcomhair mionaoiseach neamhthionlactha

Sciar:

Líon na mionaoiseach neamhthionlactha:

IOMLÁN

100 %

Le líonadh isteach i gcás ina sainaithnítear sa Tuarascáil ar an mBrú Imirce an gá atá leis na bearta sin i gcomhréir le hAirteagal 49(3)(b)(iii), agus sa chás sin amháin:

Bearta a leagtar amach in Airteagal 45(d)

Cainníocht/Tuairisc/tréimhse shonrach don chur chun feidhme

Bearta fothaithe acmhainneachta i réimse an tearmainn, an ghlactha nó an fhillte

Tacaíocht oibríochtúil

Bearta atá dírithe ar fhreagra a thabhairt ar threochtaí imirce atá ag dul i bhfeidhm ar an mBallstát is tairbhí trí chomhar le tríú tíortha

Iarratas ar ranníocaíochtaí a laghdú i gcomhréir le hAirteagal 50(4)

Meán-iarratais per capita ar chosaint idirnáisiúnta thar thréimhse 5 bliana (bunaithe ar staidreamh Eurostat is déanaí thar thréimhse bliana)

IARSCRÍBHINN III

Foirmle na heochrach leithdháilte de bhun Airteagal 52 den Rialachán:

Éifeacht an daonraMS  4

Éifeacht an OTIMS   5

SciarMS = 50 % Éifeacht an daonraMS + 50 % éifeacht an OTIMS 

IARSCRÍBHINN IV

Foirm chaighdeánach chun rannchuidiú le Plean um Thacaíocht Dlúthpháirtíochta i gcomhréir le hAirteagal 54

·An Ballstát is tairbhí: …….

·An Ballstát is ranníocóir: ………

·Uimh. Thagartha: …….

·An dáta a cuireadh an fhoirm isteach:……

Cineálacha eile dlúthpháirtíochta i gcomhréir le hAirteagal 54

Faisnéis faoi Chainníocht/Tuairisc i ndáil leis an raon feidhme agus an cineál/an tréimhse shonrach don chur chun feidhme

Bearta fothaithe acmhainneachta i réimse an tearmainn, an ghlactha nó an fhillte

Tacaíocht oibríochtúil

Bearta atá dírithe ar fhreagra a thabhairt ar threochtaí imirce atá ag dul i bhfeidhm ar an mBallstát is tairbhí trí chomhar le tríú tíortha

An líon daoine atá le cumhdach agus an tréimhse shonrach don chur chun feidhme

Athlonnú tairbhithe ar chosaint idirnáisiúnta nach bhfuil faoi réir an nós imeachta teorann maidir le scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna bhunú le hAirteagal 41 de Rialachán (AE) XXX/XXX (Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn) [lena n‑áirítear líon na mionaoiseach neamhthionlactha]

Athlonnú tairbhithe ar chosaint idirnáisiúnta [lena n‑áirítear líon na mionaoiseach neamhthionlactha]

Athlonnú iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta atá faoi réir an nós imeachta teorann i gcomhréir le hAirteagal 41 de Rialachán (AE) XXX/XXX (Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn)

Athlonnú náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach [lena n‑áirítear líon na mionaoiseach neamhthionlactha], lena n‑áirítear náisiúntachtaí na náisiúnach tríú tír

Urraíocht le haghaidh filleadh maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach [lena n‑áirítear líon na mionaoiseach neamhthionlactha], lena n‑áirítear náisiúntachtaí na náisiúnach tríú tír

(1)    Tá tagairt d’athbhreithniú le húsáid i gcás rannchuidithe athbhreithnithe le linn an Fhóraim Dlúthpháirtíochta.
(2)    Tá tagairt d’athbhreithniú le húsáid i gcás rannchuidithe athbhreithnithe le linn an Fhóraim Dlúthpháirtíochta.
(3)    Déanfar na náisiúntachtaí don urraíocht le haghaidh filleadh a shainaithint as na náisiúntachtaí dá dtagraítear sa Tuarascáil ar an mbrú imirce arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 48 den Rialachán.
(4)    I gcás dhá Bhallstát, tá rannpháirtíocht ag brath ar fheidhmiú na gceart a leagtar amach sna Prótacail agus sna hionstraimí ábhartha eile.
(5)    I gcás dhá Bhallstát, tá rannpháirtíocht ag brath ar fheidhmiú na gceart a leagtar amach sna Prótacail agus sna hionstraimí ábhartha eile.