An Bhruiséil,24.9.2020

COM(2020) 596 final

2020/0268(COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2006/43/CE, Treoir 2009/65/CE, Treoir 2009/138/AE, Treoir 2011/61/AE, Treoir AE/2013/36, Treoir 2014/65/AE, Treoir (AE) 2015/2366 agus Treoir AE/2016/2341

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SEC(2020) 309 final} - {SWD(2020) 203 final} - {SWD(2020) 204 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

·Forais agus cuspóirí an togra

Is cuid de phacáiste beart é an togra seo chun acmhainneacht an airgeadais dhigitigh a éascú agus chun tacú leis ó thaobh nuálaíochta agus iomaíochta de agus na rioscaí lena mbaineann a mhaolú ag an am céanna. Tá sé i gcomhréir le tosaíochtaí an Choimisiúin an Eoraip a chur in oiriúint don ré dhigiteach agus geilleagar a ullmhú le haghaidh na todhchaí, geilleagar a fhóireann do dhaoine. Áirítear sa phacáiste airgeadais dhigitigh Straitéis airgeadais dhigitigh nua d’earnáil airgeadais an Aontais Eorpaigh 1 a bhfuil sé mar aidhm aici a áirithiú go nglacann an tAontas Eorpach an réabhlóid dhigiteach chuige féin agus go gcuirfidh sé ar aghaidh í le gnólachtaí Eorpacha nuálacha ar thús cadhnaíochta, ag cur tairbhí an airgeadais dhigitigh ar fáil do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí Eorpacha. I dteannta an togra sin, áirítear sa phacáiste freisin togra le haghaidh rialachán maidir le margaí i gcriptea-shócmhainní 2 , togra le haghaidh rialachán maidir le córas píolótach le haghaidh bonneagair mhargaidh bunaithe ar theicneolaíocht mórleabhar dáilte (DLT) 3 agus togra le haghaidh rialachán maidir le hathléimneacht oibríochtúil dhigiteach don earnáil airgeadais 4 .

Leagadh amach na cúiseanna agus na cuspóirí leis an dá shraith de bhearta reachtacha i meabhráin mhíniúcháin an togra le haghaidh rialachán maidir le córas píolótach le haghaidh bonneagair mhargaidh bunaithe ar theicneolaíocht mórleabhar dáilte, togra le haghaidh rialachán maidir le margaí i gcriptea-shócmhainní agus togra le haghaidh rialachán maidir le hathléimneacht oibríochtúil dhigiteach, faoi seach, agus beidh feidhm acu anseo chomh maith. Is iad na cúiseanna ar leith atá leis an togra seo le haghaidh treorach deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar maidir le criptea-shócmhainní agus na cuspóirí a bhaint amach maidir le hathléimneacht oibríochtúil dhigiteach a neartú, is gá díolúine shealadach a bhunú do shaoráidí trádála iltaobhacha agus forálacha áirithe i dtreoracha an Aontais atá ann cheana maidir le seirbhísí airgeadais a leasú nó a shoiléiriú.

 

·Comhsheasmhacht le forálacha atá sa réimse beartais cheana

Tá an togra seo, cosúil leis na tograí le haghaidh rialacháin lena ngabhann sé, tá sé ina chuid d’obair leanúnach níos leithne ar an leibhéal Eorpach agus idirnáisiúnta arb é is aidhm di (i) an chibearshlándáil i seirbhísí airgeadais a neartú agus aghaidh a thabhairt ar rioscaí oibríochtúla níos leithne, agus (ii) creat dlíthiúil soiléir comhréireach cumasúcháin ón Aontas Eorpach a sholáthar do sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní.

·Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Mar a luaigh an tUachtarán von der Leyen ina Treoirlínte Polaitiúla, 5 agus mar a leagadh amach sa Teachtaireacht ‘Todhchaí Dhigiteach na hEorpa á Múnlú’, 6 tá sé ríthábhachtach go mbainfeadh an Eoraip gach leas as an ré dhigiteach agus go neartófar a cumas tionsclaíochta agus nuálaíochta, laistigh de theorainneacha sábháilte agus eiticiúla.

Maidir le criptea-shócmhainní, tá an togra seo nasctha go dlúth le beartais níos leithne an Choimisiúin maidir le teicneolaíocht bhlocshlabhra, mar bíonn criptea-shócmhainní, ós iad an chúis is mó a bhaintear úsáid as teicneolaíocht bhlocshlabhra, dlúthbhainteach le cur chun cinn na teicneolaíochta blocshlabhra ar fud na hEorpa.

Maidir le hathléimneacht oibríochtúil, leagtar amach sa straitéis Eorpach le haghaidh sonraí 7 ceithre cholún - cosaint sonraí, cearta bunúsacha, an tsábháilteacht agus an chibearshlándáil - agus tá siad ina réamhchoinníollacha riachtanacha le haghaidh sochaí a chumhachtaítear trí úsáid sonraí. Tá creat reachtach a neartaíonn athléimneacht oibríochtúil dhigiteach eintitis airgeadais an Aontais, tá sé comhsheasmhach leis na cuspóirí beartais sin. Thacódh an togra freisin le beartais a bhfuil sé d’aidhm acu teacht slán ón gcoróinvíreas, mar go n‑áiritheofaí leis go mbeadh an spleáchas méadaithe ar airgeadas digiteach ag teacht le hathléimneacht oibríochtúil. Freagraíonn an dá thogra freisin do ghlaonna ón bhFóram Ardleibhéil AMC chun rialacha soiléire a bhunú maidir le húsáid criptea-shócmhainne (moladh 7) agus rialacha nua maidir le cibear-athléimneacht a chur i bhfeidhm (moladh 10) 8 . 

2.    BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

·Bunús dlí

Tá an togra seo le haghaidh treorach bunaithe ar Airteagal 53(1) agus ar Airteagal 114 de CFAE.

·Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Féach meabhráin mhíniúcháin na dtograí le haghaidh rialachán maidir le margaí i gcriptea-shócmhainní, córas sealadach i ndáil le bonneagair margaidh DLT agus athléimneacht oibríochtúil dhigiteach.

·Comhréireacht

Féach meabhráin mhíniúcháin na dtograí le haghaidh rialachán maidir le margaí i gcriptea-shócmhainní, córas sealadach i ndáil le bonneagair margaidh DLT; agus, athléimneacht oibríochtúil dhigiteach.

·An rogha ionstraime

Tá an togra seo le haghaidh treorach ag gabháil leis na tograí le haghaidh rialachán maidir le margaí i gcriptea-shócmhainní; córas sealadach i ndáil le bonneagair margaidh DLT; agus athléimneacht oibríochtúil dhigiteach. Leagtar síos leis na rialacháin sin na príomhrialacha lena rialaítear (i) soláthraithe criptea-sheirbhísí, (ii) na coinníollacha lena rialaítear an córas píolótach maidir le bonneagair margaidh DLT; agus (iii) na príomhrialacha lena rialaítear bainistiú riosca TFC, tuairisciú teagmhais, tástáil agus formhaoirseacht. Chun na cuspóirí a leagtar amach sna rialacháin sin a bhaint amach, is gá freisin díolúine shealadach a chur i bhfeidhm do shaoráidí trádála iltaobhacha agus roinnt Treoracha ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle arna nglacadh ar bhonn Airteagal 53(1) agus Airteagal 114 de CFAE a leasú. Dá bhrí sin, tá an togra seo le haghaidh Treorach de dhíth chun na Treoracha sin a leasú.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

·Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Féach meabhráin mhíniúcháin na dtograí le haghaidh rialachán maidir le margaí i gcriptea-shócmhainní, córas sealadach i ndáil le bonneagair margaidh DLT; agus athléimneacht oibríochtúil dhigiteach.

·Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Féach meabhráin mhíniúcháin na dtograí le haghaidh rialachán maidir le margaí i gcriptea-shócmhainní, córas sealadach i ndáil le bonneagair margaidh DLT; agus athléimneacht oibríochtúil dhigiteach.

·Bailiú agus úsáid saineolais

Féach meabhráin mhíniúcháin na dtograí le haghaidh rialachán maidir le margaí i gcriptea-shócmhainní, córas sealadach i ndáil le bonneagair margaidh DLT; agus athléimneacht oibríochtúil dhigiteach.

·Measúnú tionchair

Féach meabhráin mhíniúcháin na dtograí le haghaidh rialachán maidir le margaí i gcriptea-shócmhainní, córas sealadach i ndáil le bonneagair margaidh DLT; agus athléimneacht oibríochtúil dhigiteach.

·Oiriúnacht rialála agus simpliú

Féach meabhráin mhíniúcháin na dtograí le haghaidh rialachán maidir le margaí i gcriptea-shócmhainní, córas sealadach i ndáil le bonneagair margaidh DLT; agus, athléimneacht oibríochtúil dhigiteach.

·Cearta bunúsacha

Féach meabhráin mhíniúcháin na dtograí le haghaidh rialachán maidir le margaí i gcriptea-shócmhainní, córas sealadach i ndáil le bonneagair margaidh DLT; agus, athléimneacht oibríochtúil dhigiteach.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Féach meabhráin mhíniúcháin na dtograí le haghaidh rialachán maidir le margaí i gcriptea-shócmhainní, córas sealadach i ndáil le bonneagair margaidh DLT agus athléimneacht oibríochtúil dhigiteach.

5.EILIMINTÍ EILE

·Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Féach meabhráin mhíniúcháin na dtograí le haghaidh rialachán maidir le margaí i gcriptea-shócmhainní, córas sealadach i ndáil le bonneagair margaidh DLT; agus, athléimneacht oibríochtúil dhigiteach.

·Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Baineann gach Airteagal leis an togra le haghaidh rialacháin maidir le hathléimneacht oibríochtúil agus comhlánaíonn siad é. Leasaítear leo na ceanglais éagsúla maidir le rioscaí oibriúcháin nó bainistiú rioscaí dá bhforáiltear i dTreoir 2006/43/CE, Treoir 2009/65/CE, Treoir 2009/138/AE, Treoir 2011/61/AE, Treoir AE/2013/36, Treoir 2014/65/AE, Treoir (AE) 2015/2366 agus Treoir AE/2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, trí chrostagairtí beachta a thabhairt isteach sna forálacha sin agus ar an gcaoi sin soiléireacht dhlíthiúil a bhaint amach. Go sonrach:

Leasaítear le hAirteagail 2 go 4, Airteagal 6 agus Airteagal 8 Treoir 2009/65/CE maidir le comhordú na ndlíthe, na rialachán agus na bhforálacha riarachán a bhaineann le gnóthais chomhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) 9 , Treoir 2009/138/CE maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais, agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II), 10 Treoir 2011/61/AE maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha (BCIM), 11 Treoir 2014/56/AE maidir le hiniúchtaí reachtacha ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite, 12 agus Treoir AE/2016/2341 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirsiú institiúidí um chóir ar scor ceirde (IORPanna), 13 agus chun críche crostagairtí sonracha do Rialachán (AE) 2021/xx [DORA] a chur isteach i ngach ceann de na treoracha sin le haghaidh bainistiú córais agus uirlisí TFC na n‑eintiteas airgeadais ar cheart a dhéanamh i gcomhréir le forálacha an Rialacháin sin.

Leasaítear le hAirteagal 5 na ceanglais i dTreoir 2013/36/AE (an Treoir maidir le Riachtanais Chaipitil, CRD) 14 maidir le pleananna teagmhasacha agus leanúnachais gnó chun a thabhairt san áireamh pleananna leanúnachais gnó TFC agus pleananna athshlánaithe ó thubaiste arna mbunú i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/xx [DORA];

Leasaítear le hAirteagal 6 Treoir 2014/65/AE maidir le margaí in ionstraimí airgeadais (MIFID2) trí chrostagairtí do Rialachán (AE) 2021/xx [DORA] a chur leis agus trí leasú a dhéanamh ar fhorálacha a bhaineann le leanúnachas agus rialtacht i bhfeidhmíocht seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta, athléimneacht agus cumas leordhóthanach córas trádála, socruithe éifeachtacha leanúnachais gnó agus bainistiú riosca;

Leasaítear le hAirteagal 7 Treoir (AE) 2015/2366 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach (PSD2) 15 ; go sonrach leasaítear na rialacha údarúcháin trí chrostagairt do Rialachán (AE) 2021/xx [DORA] a thabhairt isteach. Ina theannta sin, ba cheart do na rialacha sa Treoir sin maidir le fógra a thabhairt faoi theagmhais, ba cheart dóibh fógra teagmhais a bhaineann le TFC a eisiamh a chomhchuibhítear le Rialachán (AE) 2021/xx [DORA];

Rannchuidíonn an chéad mhír d’Airteagal 6 le soiléiriú níos fearr a thabhairt ar an mbealach go gcaitear ó thaobh dlí de, le criptea-shócmhainní atá cáilithe mar ionstraimí airgeadais. Déantar amhlaidh trí leasú a dhéanamh ar an sainmhíniú atá ar ‘ionstraim airgeadais’ i dTreoir 2014/65/AE maidir le margaí in ionstraimí airgeadais chun soiléiriú a thabhairt, nach bhfuil inchurtha in amhras ó thaobh dlí de, gur féidir ionstraimí den sórt sin a eisiúint ar theicneolaíocht mórleabhar dáilte.

Comhlánaítear leis an gceathrú mír d’Airteagal 6 an togra le haghaidh rialachán maidir le córas píolótach le haghaidh bonneagair margaidh teicneolaíochta mórleabhar dáilte trí bhonneagair margaidh teicneolaíochta mórleabhar dáilte a dhíolmhú go sealadach ó fhorálacha áirithe i dTreoir 2014/65/AE chun go mbeidh siad in ann réitigh a fhorbairt maidir le trádáil agus socrú idirbheart criptea-shócmhainní a cháileodh mar ionstraimí airgeadais.



2020/0268 (COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2006/43/CE, Treoir 2009/65/CE, Treoir 2009/138/AE, Treoir 2011/61/AE, Treoir AE/2013/36, Treoir 2014/65/AE, Treoir (AE) 2015/2366 agus Treoir AE/2016/2341

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 53(1) agus Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach, 16

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, 17  

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Ní mór don Aontas aghaidh a thabhairt go leordhóthanach agus go cuimsitheach ar rioscaí digiteacha do gach eintiteas airgeadais a eascraíonn as úsáid mhéadaithe de theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide (TFC) i soláthar agus i dtomhailt seirbhísí airgeadais.

(2)Bíonn oibreoirí san earnáil airgeadais ag brath go mór ar úsáid teicneolaíochtaí digiteacha ina ngnó laethúil agus dá bhrí sin tá sé ríthábhachtach athléimneacht oibríochtúil a áirithiú ina noibríochtaí digiteacha in aghaidh rioscaí TFC. Tá an gá sin tar éis éirí níos géire fós mar gheall ar an méadú sa mhargadh le haghaidh teicneolaíochtaí ceannródaíocha, go háirithe mar gur féidir léirithe digiteacha ar luach nó ar chearta a aistriú agus a stóráil go leictreonach, agus mórleabhar dáilte nó teicneolaíocht chomhchosúil (‘criptea-shócmhainní’) á núsáid agus le haghaidh seirbhísí a bhaineann leis na sócmhainní sin.

(3)Ar leibhéal an Aontais tá na ceanglais a bhaineann le riosca TFC maidir leis an earnáil airgeadais roinnte, faoi láthair, idir Treoir 2006/43/CE 18  Treoir 2009/66/CE, 19 Treoir 2009/138/CE, 20 Treoir 2011/61/CE, 21 Treoir AE/2013/36, 22 Treoir 2014/65/AE, 23 Treoir (AE) 2015/2366, 24 Treoir (AE) 2016/2341 25 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus tá siad ilghnéitheach agus neamhiomlán ó am go chéile. I gcásanna áirithe, níor tugadh aghaidh go hintuigthe ar riosca TFC ach mar chuid den riosca oibriúcháin, ach i gcásanna eile níor tugadh aghaidh air ar chor ar bith. Ba cheart é sin a leigheas trí Rialachán (AE) xx/20xx ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 26 [DORA] agus na gníomhartha sin a ailíniú. Cuirtear ar aghaidh leis an Treoir sin tacar leasuithe a dhealraíonn a bheith riachtanach chun soiléire dhlíthiúil agus comhsheasmhacht i ndáil le cur i bhfeidhm ceanglas éagsúil maidir le hathléimneacht oibríochtúil dhigiteach ag eintitis airgeadais atá údaraithe agus a ndéantar maoirseacht orthu i gcomhréir leis na Treoracha sin maidir le ceanglais éagsúla a bhaineann le hathléimneacht oibríochtúil dhigiteach atá riachtanach chun a gcuid gníomhaíochtaí a shaothrú, agus feidhmíocht rianúil an mhargaidh inmheánaigh á ráthú ar an gcaoi sin.

(4)I réimse na seirbhísí baincéireachta, le Treoir 2013/36/CE maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus rialáil stuamachta institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, ní leagtar amach faoi láthair ach rialacha ginearálta inmheánacha agus forálacha maidir le riosca oibriúcháin a bhfuil ceanglais iontu maidir le pleananna teagmhasacha agus leanúnachais gnó a úsáidtear go hintuigthe mar bhonn chun aghaidh a thabhairt ar bhainistiú riosca TFC. Chun a áirithiú go dtabharfar aghaidh go sainráite ar riosca TFC, áfach, ba cheart na ceanglais maidir le pleananna teagmhasacha agus leanúnachais gnó a leasú chun pleananna leanúnachais gnó agus pleananna athshlánaithe ó thubaiste le haghaidh riosca TFC a áireamh freisin, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/xx [DORA].

(5)Leagtar amach le Treoir 2014/65/AE maidir le margaí in ionstraimí airgeadais rialacha TFC níos déine do ghnólachtaí infheistíochta agus d’ionaid trádála nuair a bhíonn trádáil algartamach á déanamh acu agus sa chás sin amháin. Tá feidhm ag ceanglais nach bhfuil chomh mionsonraithe céanna maidir le seirbhísí tuairiscithe sonraí agus stórtha trádála. Níl ann ach tagairtí teoranta do shocruithe rialaithe agus cosanta le haghaidh na gcóras próiseála faisnéise agus maidir le córais, acmhainní agus nósanna imeachta iomchuí a úsáid chun leanúnachas agus rialtacht seirbhísí gnó a áirithiú. Ba cheart an Treoir sin a ailíniú le Rialachán (AE) 2021/xx [DORA] i ndáil le leanúnachas agus rialtacht i bhfeidhmíocht seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta, athléimneacht oibríochtúil, acmhainneacht chórais thrádála, agus éifeachtacht na socruithe leanúnachais gnó agus an bhainistithe riosca.

(6)Faoi láthair, ní áirítear go sainráite sa sainmhíniú ar ‘ionstraim airgeadais’ i dTreoir 2014/65/AE ionstraimí airgeadais a eisítear trí úsáid a bhaint as aicme teicneolaíochtaí a thacaíonn le taifeadadh dáilte sonraí criptithe (teicneolaíocht mórleabhar dáilte, ‘DLT’). Chun a áirithiú gur féidir ionstraimí airgeadais den sórt sin a thrádáil ar an margadh faoin gcreat dlíthiúil reatha, ba cheart an sainmhíniú i dTreoir 2014/65/AE a leasú chun iad a chur san áireamh.

(7)Go sonrach, chun gur féidir criptea-shócmhainní a fhorbairt a cháileodh mar ionstraimí airgeadais agus DLT, agus ardleibhéal cobhsaíochta airgeadais, sláine margaidh, trédhearcachta agus cosanta infheisteoirí á chaomhnú ag an am céanna, bheadh sé tairbhiúil córas sealadach a chruthú le haghaidh bonneagair margaidh DLT. Ba cheart don chreat dlíthiúil sealadach seo ceadú d’údaráis inniúla cead sealadach a thabhairt do bhonneagair margaidh DLT oibriú faoi shraith mhalartach ceanglas maidir le rochtain orthu i gcomparáid leis na ceanglais sin is infheidhme ina mhalairt de chás faoi reachtaíocht seirbhísí airgeadais an Aontais a d’fhéadfadh bac a chur orthu réitigh a fhorbairt le haghaidh trádáil agus socrú idirbheart criptea-shócmhainní a cháileodh mar ionstraimí airgeadais. Ba cheart an creat dlíthiúil sin a bheith sealadach chun cur ar chumas na nÚdarás Maoirseachta Eorpach (ÚMEnna) agus na núdarás inniúil náisiúnta taithí a fháil ar na deiseanna agus ar na rioscaí sonracha a chruthaítear le criptea-shócmhainní a thrádáiltear ar na bonneagair sin. Dá réir sin, tá an Treoir seo ag gabháil le Rialachán [ar chóras píolótach do bhonneagair margaidh bunaithe ar theicneolaíocht mhórleabhar dáilte] trí thacú leis an gcreat rialála nua seo de chuid an Aontais maidir le bonneagair margaidh DLT lena ngabhann díolúine spriocdhírithe ó fhorálacha sonracha de reachtaíocht seirbhísí airgeadais an Aontais a bhfuil feidhm acu maidir le gníomhaíochtaí agus seirbhísí i ndáil le hionstraimí airgeadais mar a shainmhínítear i bpointe (15) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE nach dtabharfadh an tsolúbthacht iomlán is gá ina mhalairt de chás agus réitigh á núsáid i gcéimeanna trádála agus iarthrádála idirbheart lena mbaineann criptea-shócmhainní.

(8)Ba cheart do shaoráid trádála iltaobhach DLT a bheith ina córas iltaobhach, arna oibriú ag gnólacht infheistíochta nó ag oibreoir margaidh a údaraítear faoi Threoir 2014/65/AE, a bhfuil cead sonrach faighte aici faoi Rialachán (AE) xx/20xx ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 27 [Togra le haghaidh rialachán maidir le córas píolótach ar bhonneagar margaidh DLT]. Ba cheart do shaoráidí trádála iltaobhacha DLT a bheith faoi réir gach ceanglas is infheidhme do shaoráid trádála iltaobhach faoin Treoir sin, ach amháin má bhí díolúine le deonú di ag a húdarás inniúil náisiúnta i gcomhréir leis an Treoir seo. D’fhéadfadh oibleagáid idirghabhála a leagtar amach i dTreoir 2014/65/AE a bheith ina bhacainn rialála roimh shaoráid trádála iltaobhach le haghaidh urrúis inaistrithe a eisítear ar DLT a fhorbairt. Ní féidir le saoráid trádála iltaobhach thraidisiúnta glacadh mar chomhaltaí agus mar rannpháirtithe ach gnólachtaí infheistíochta, institiúidí creidmheasa agus daoine eile a bhfuil leibhéal leordhóthanach cumais trádála agus inniúlachta acu agus a dhéanann socruithe agus acmhainní eagraíochtúla iomchuí a dhiúscairt. Ba cheart do shaoráid trádála iltaobhach DLT cead a bheith aici maolú a iarraidh ó oibleagáid den sórt sin ionas gur féidir rochtain éasca a sholáthar d’infheisteoirí don ionad trádála, ar choinníoll go bhfuil coimircí leordhóthanacha in áit ó thaobh cosaint infheisteoirí de.

(9)Leagtar amach le Treoir (AE) 2015/2366 maidir le seirbhísí íocaíochta, rialuithe slándála TFC agus eilimintí maolaithe chun críche údarú chun seirbhísí íocaíochta a dhéanamh. Ba cheart na rialacha údarúcháin sin a leasú d’fhonn iad a ailíniú le Rialachán (AE) 2021/xx [DORA]. Thairis sin, na rialacha sa Treoir sin maidir le fógra a thabhairt faoi theagmhais, níor cheart feidhm a bheith acu i gcás fógra a thabhairt faoi teagmhais a bhaineann le TFC a dhéanann Rialachán (AE) 2021/xx [DORA] a chomhchuibhiú.

(10)Treoir 2009/138/CE maidir le dul i mbun ghnó an árachais agus an athárachais, agus an gnó sin a shaothrú agus Treoir AE/2016/2341 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirseacht institiúidí um chóir ar scor ceirde, gabhfaidh na Treoracha sin go páirteach riosca TFC laistigh dá bhforálacha ginearálta maidir le rialachas agus bainistiú riosca, agus fágfaidh siad roinnt ceanglas le bheith sainráite trí rialacháin tarmligthe le nó gan tagairtí sonracha do riosca TFC. Tá feidhm ag forálacha nach bhfuil chomh sonrach céanna le hiniúchóirí reachtúla agus le gnólachtaí iniúchóireachta cion is nach bhfuil i dTreoir 2014/56/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 28 ach forálacha ginearálta maidir le heagrú inmheánach. Ar an gcaoi céanna, níl feidhm ach ag rialacha an-ghinearálta maidir le bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha agus cuideachtaí bainistíochta atá faoi réir Threoir 2011/61/CE agus Treoir 2009/65/CE. Ba cheart na  Treoracha sin a ailíniú leis na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/xx [DORA] maidir le bainistiú córas agus uirlisí TFC.

(11)In go leor cásanna, leagadh síos ceanglais bhreise TFC cheana féin i ngníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme a glacadh ar bhonn dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus caighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna bhforbairt ag an ÚME inniúil. Chun soiléireacht dhlíthiúil a chur ar fáil maidir leis an mbunús dlí atá le forálacha riosca TFC a thagann go heisiach ó Rialachán (AE) 2021/xx [DORA] feasta, ba cheart na cumhachtuithe sna Treoracha seo a leasú chun míniú a thabhairt go bhfuil forálacha riosca TFC lasmuigh de raon feidhme na gcumhachtuithe sin.

(12)Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach agus comhuaineach Rialachán xx/20xx [DORA] agus na Treorach seo a áirithiú, atá le chéile ina gcreat nua maidir le hathléimneacht oibríochtúil dhigiteach le haghaidh na hearnála airgeadais, ba cheart do na Ballstáit forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir sin a chur i bhfeidhm ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin sin.

(13)Glacadh Treoir 2006/43/CE, Treoir 2009/66/CE, Treoir 2009/138/CE, Treoir 2011/61/CE, Treoir AE/2013/36, Treoir 2014/65/AE, Treoir (AE) 2015/2366 agus Treoir (AE) 2016/2341 ar bhunúis Airteagal 53(1) agus Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Ba cheart na leasuithe sa Treoir seo a chur san áireamh in aon ghníomh amháin mar gheall ar idircheangailteacht ábhar agus cuspóirí na leasuithe, agus ba cheart an gníomh aonair sin a ghlacadh ar bhonn Airteagal 53(1) agus Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

(14)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo a ghnóthú go leordhóthanach mar go bhfuil baint acu le comhchuibhiú trí nuashonruithe agus leasuithe na gceanglas atá sna Treoracha cheana féin, ach de bharr fairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta seo, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán sin thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(15)I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin 29 , ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó ná sin a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na nionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir 2006/43/CE

In Airteagal 24a(1) de Threoir 2006/43/CE, cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (b):

‘(b) beidh nósanna imeachta fónta riaracháin agus cuntasaíochta, sásraí rialaithe cáilíochta inmheánacha, nósanna imeachta éifeachtacha maidir le measúnú riosca, agus socruithe rialaithe agus cosanta éifeachtacha ag iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta chun a gcuid córas agus uirlisí TFC a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2021/xx [DORA] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*.

___________________________________

* [teideal iomlán] (IO L […], […], lch. […]).’.

Airteagal 2

Leasuithe ar Threoir 2009/65/CE

Leasaítear Airteagal 12 de Threoir 2009/65/CE mar a leanas:

(1) Sa dara mír de mhír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a) tá nósanna imeachta fónta riaracháin agus cuntasaíochta ann agus socruithe rialaithe agus cosanta le haghaidh próiseáil sonraí leictreonacha, lena n‑áirítear córais teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide a bhunaítear agus a bhainistítear i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2021/xx ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* [DORA], chomh maith le sásra leordhóthanacha rialaithe inmheánacha lena n‑áirítear rialacha maidir le hidirbhearta pearsanta ag a fhostaithe nó maidir le hinfheistíochtaí in ionstraimí airgeadais a shealbhú agus a bhainistiú chun infheistiú ina chuntas féin iad agus lena n‑áiritheofar, ar a laghad, go bhféadfaí gach idirbheart a bhain leis an GCUI a athchruthú de réir a bhunúis, na bpáirtithe a bhaineann leis, a chineáil, an am agus na háite a ndearnadh é agus sócmhainní an GCUI atá á mbainistiú ag an gcuideachta bhainistíochta, go n‑infheisteofar iad i gcomhréir le rialacha an chiste nó leis na hionstraimí corpraithe agus leis na forálacha dhlíthiúla atá i bhfeidhm;

________________________________

* [teideal iomlán] (IO L […], […], lch. […]).’;

(2) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mír 3:

‘3. Gan dochar d’Airteagal 116, glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 112a, bearta lena sonrófar an méid seo a leanas:

(a)    na nósanna imeachta agus na socruithe dá dtagraítear i bpointe (a) den dara fomhír de mhír 1, seachas na nósanna imeachta agus na socruithe a bhaineann le bainistíocht riosca teicneolaíocht faisnéise agus na cumarsáide;

(b)     na struchtúir agus na ceanglais eagraíochtúla chun coinbhleachtaí leasa dá dtagraítear i bpointe (b) den dara fomhír de mhír 1 a íoslaghdú. ‘;

Airteagal 3

Leasú ar Threoir 2009/138/CE

Leasaítear Treoir 2009/138/CE mar seo a leanas:

(1)in Airteagal 41, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4. Tógfaidh gnóthais árachais agus athárachais bearta réasúnacha chun leanúnachas agus rialtacht a áirithiú i bhfeidhmiú a ngníomhaíochtaí, lena n‑áirítear pleananna teagmhasacha a fhorbairt. Chuige sin, úsáidfidh an gnóthas córais, acmhainní agus nósanna imeachta atá iomchuí agus comhréireach agus bunóidh sé córais teicneolaíochta faisnéise cumarsáide agus bainisteoidh sé iad i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2021/xx ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* [DORA].’;

____________________________

*    [teideal iomlán] (IO L […], […], lch. […]).

(2)in Airteagal 50(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):

‘(a) gnéithe na gcóras dá dtagraítear in Airteagal 41, Airteagal 44, Airteagal 46 agus Airteagal 47, seachas na gnéithe a bhaineann le bainistiú riosca teicneolaíochta faisnéise cumarsáide, agus na réimsí a liostaítear in Airteagal 44(2);’;

(b) na feidhmeanna dá dtagraítear in Airteagail 44, 46, 47 agus 48, seachas feidhmeanna a bhaineann le bainistiú riosca teicneolaíochta faisnéise cumarsáide.’.

Airteagal 4

Leasuithe ar Threoir 2011/61/CE

Cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 18 de Threoir 2011/61/CE:    

Airteagal 18

Prionsabail ghinearálta

1. Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar BCIManna go mbainfidh siad úsáid, ag tráth ar bith, as acmhainní daonna agus teicniúla leordhóthanacha agus iomchuí atá riachtanach chun CIManna a bhainistiú mar is ceart.

Go háirithe, ceanglóidh údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM, ag féachaint do chineál na CIManna faoi bhainistiú BCIM, ceanglóidh siad ar an BCIM go mbeidh nósanna imeachta fónta riaracháin agus cuntasaíochta, socruithe rialaithe agus cosanta chun na córais teicneolaíochta faisnéise cumarsáide a bhainistiú mar a cheanglaítear le hAirteagal 6 de [Rialachán (AE) 2021/xx ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* [DORA]], chomh maith le sásraí rialaithe inmheánaigh leordhóthanacha, lena n‑áirítear, go háirithe, rialacha maidir le hidirbhearta pearsanta ag a fhostaithe nó maidir le hinfheistíochtaí a shealbhú nó a bhainistiú chun infheistiú ar mhaithe leis féin agus lena n‑áiritheofar, ar a laghad, go bhféadfaí gach idirbheart a bhaineann leis na CIManna a athchruthú de réir a bhunúis, na bpáirtithe a bhaineann leis, a chineáil, agus an am agus na háite a ndearnadh é agus sócmhainní na CIManna atá á mbainistiú ag an BCIM, go n‑infheisteofar iad i gcomhréir le rialacha an CIM nó leis na hionstraimí corpraithe agus leis na forálacha dlíthiúla atá i bhfeidhm.

2. Trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 56 agus faoi réir choinníollacha Airteagal 57 agus Airteagal 58, glacfaidh an Coimisiún bearta lena sonrófar na nósanna imeachta agus na socruithe dá dtagraítear i mír 1, seachas do chórais teicneolaíochta faisnéise cumarsáide.

_________________________________

* [teideal iomlán] (IO L […], […], lch. […]).’.

Airteagal 5

Leasú ar Threoir 2013/36/AE

In Airteagal 85 de Threoir 2013/36/AE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2. Áiritheoidh údaráis inniúla go mbeidh pleananna teagmhasacha agus leanúnachais gnó leordhóthanacha ag institiúidí, lena n‑áirítear pleananna leanúnachais gnó agus pleananna athshlánaithe ó thubaiste don teicneolaíocht a úsáideann siad chun faisnéis a chur in iúl (“teicneolaíocht faisnéise cumarsáide”) a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2021/xx ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [DORA] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle *, chun iad a choinneáil ag feidhmiú i gcás dian-mhíshocracht gnó agus aon chaillteanais a thabhófar mar thoradh ar an míshocracht sin a theorannú.

*    [teideal iomlán] (IO L […], […], lch. […]).’

Airteagal 6

Leasuithe ar Threoir 2014/65/AE

Leasaítear Treoir 2014/65/AE mar a leanas:    

(1)in Airteagal 4(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 15:

ciallaíonn ‘ionstraim airgeadais’ na hionstraimí a shonraítear i Roinn C d’Iarscríbhinn I, lena n‑áirítear ionstraimí den sórt sin a eisítear trí theicneolaíocht mórleabhair dáilte;’;

(2)Leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mír 4:

‘4. Tógfaidh gnólacht infheistíochta bearta réasúnacha chun leanúnachas agus rialtacht i bhfeidhmíocht seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta. Chuige sin, bainfidh an gnólacht infheistíochta úsáid as córais iomchuí agus chomhréireacha, lena n‑áirítear córais teicneolaíochta faisnéise cumarsáide (“TFC”) arna mbunú agus arna mbainistiú i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2021/xx ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* [DORA], chomh maith le hacmhainní agus nósanna imeachta iomchuí agus comhréireacha.’;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír agus an tríú fomhír de mhír 5:

‘Beidh nósanna imeachta fónta riaracháin agus cuntasaíochta, sásraí rialaithe inmheánacha agus nósanna imeachta éifeachtacha le haghaidh measúnú riosca ag gnólacht infheistíochta.

Gan dochar do chumas na n‑údarás inniúil an gá rochtain a bheith acu ar chumarsáid i gcomhréir leis an Treoir sin agus le Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, beidh sásraí fónta slándála i bhfeidhm ag gnólacht infheistíochta chun a ráthú, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/xx ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* [DORA], slándáil agus fíordheimhniú na modhanna aistrithe faisnéise, riosca éilliú sonraí agus rochtain neamhúdaraithe a íoslaghdú agus chun sceitheadh faisnéise a chosc chun rúndacht na sonraí a chaomhnú ag gach am.’;

(3)Leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mír 1:

‘1. Beidh córais éifeachtacha agus rialuithe riosca i bhfeidhm ag gnólacht infheistíochta a ghabhann do thrádáil algartamach atá oiriúnach don ghnó a oibríonn sé chun a áirithiú go mbeidh a chórais trádála athléimneach agus go mbeidh cumas leordhóthanach aige i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i gCaibidil II de Rialachán (AE) 2021/xx [DORA],  atá faoi réir tairseacha trádála agus teorainneacha iomchuí agus a chuireann cosc ar orduithe earráideacha a sheoladh ná ar na córais a bheith ag feidhmiú ar shlí eile ar bhealach a d’fhéadfadh margadh mí-ordúil a chruthú nó rannchuidiú dá leithéid.

Beidh córais éifeachtacha agus rialuithe riosca i bhfeidhm freisin ag a leithéid de ghnólacht chun a áirithiú nach féidir na córais trádála a úsáid chun aon chríche atá contrártha do Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 nó do rialacha ionaid trádála a bhfuil nasc aige leis.

Beidh socruithe éifeachtacha leanúnachais gnó i bhfeidhm ag an ngnólacht infheistíochta chun déileáil le haon chliseadh ar a chórais trádála lena n‑áirítear leanúnachais gnó agus pleananna athshlánaithe ó thubaiste le haghaidh teicneolaíochta cumarsáide faisnéise a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2021/xx [DORA], agus áiritheoidh sé go ndéanfar tástáil iomlán ar a chórais agus go ndéanfar faireachán ceart orthu chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais ghinearálta a leagtar síos sa mhír seo agus aon cheanglais shonracha a leagtar síos i gCaibidil II agus Caibidil IV de Rialachán (AE) 2021/xx [DORA].’;

(b) i mír 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a) na sonraí a bhaineann le ceanglais eagraíochtúla a leagtar síos i mír 1 go dtí mír 6, seachas iad sin a bhaineann le bainistiú riosca TFC atá le forchur ar ghnólachtaí infheistíochta a chuirtear seirbhísí infheistíochta éagsúla, gníomhaíochtaí infheistíochta, seirbhísí coimhdeacha nó teaglamaí díobh sin, trína leagfar amach sna sonraíochtaí i ndáil leis na ceanglais eagraíochtúla a leagtar síos i mír 5, go leagfar amach na ceanglais shonracha maidir le rochtain dhíreach ar an margadh agus maidir le rochtain urraithe ar bhealach a áiritheofar go mbeidh na rialuithe a chuirtear i bhfeidhm do rochtain urraithe ar a laghad coibhéiseach leo sin a chuirtear i bhfeidhm do rochtain dhíreach ar an margadh;’;

(4)in Airteagal 19, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“3. I gcás ina n‑oibríonn an gnólacht infheistíochta nó an t‑oibreoir margaidh saoráid trádála iltaobhach theicneolaíocht mórleabhar dáilte (‘saoráid trádála iltaobhach DLT’), áfach, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(3) de Rialachán xx/20xx [togra le haghaidh rialachán maidir le córas píolótach do bhonneagar margaidh DLT], d’fhéadfadh an t‑údarás inniúil a cheadú, faoina rialacha lena rialaítear rochtain dá dtagraítear in Airteagal 18(3) agus ar feadh ceithre bliana ar a mhéad, go ligeann sé daoine nádúrtha isteach i saoráid trádála iltaobhach DLT mar chomhaltaí nó rannpháirtithe, ar choinníoll go gcomhlíonann na daoine sin na ceanglais seo a leanas:

(a)ní mór dea-cháil leordhóthanach a bheith orthu agus caithfidh siad a bheith oiriúnach agus cuí; agus

(b)Ní mór dóibh leibhéal leordhóthanach cumais trádála, inniúlachta agus taithí trádála a bheith acu, lena náirítear eolas ar thrádáil agus ar fheidhmiú theicneolaíocht mórleabhar dáilte (‘DLT’).

I gcás ina ndeonóidh údarás inniúil an díolúine dá dtagraítear sa chéad fhomhír, d’fhéadfadh sé bearta breise cosanta a fhorchur d’infheisteoirí le haghaidh daoine nádúrtha a ligtear isteach mar chomhaltaí nó mar rannpháirtithe i saoráid trádála iltaobhach DLT a chosaint. Beidh bearta den sórt sin i gcomhréir le próifíl riosca na rannpháirtithe nó na gcomhaltaí.”

(5)in Airteagal 47, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b) le bheith feistithe go leordhóthanach chun na rioscaí atá ann dóibh a bhainistiú, lena n‑áirítear rioscaí do chórais agus d’uirlisí TFC a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2021/xx [DORA]*, chun socruithe agus córais iomchuí a chur chun feidhme chun gach riosca suntasach dá oibriú a shainaithint agus chun bearta éifeachtacha a chur i bhfeidhm chun na rioscaí sin a mhaolú.’;

(b) scriostar pointe (c);

(6)Leasaítear Airteagal 48 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mír 1:

‘1. Beidh margaí rialáilte ag teastáil ó Bhallstáit chun a athléimneacht oibríochtúil a fhorbairt i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i gCaibidil II de Rialachán (AE) 2021/xx [DORA] chun a áirithiú go mbeidh teacht aniar ina chórais trádála, go mbeidh cumas leordhóthanach acu chun déileáil le buaic-ord agus le méideanna teachtaireachta, go mbeidh siad in ann trádáil ordúil a áirithiú faoi choinníollacha diandálaí margaidh, go mbeidh tástáil iomlán orthu chun a áirithiú go gcomhlíonfar coinníollacha den sórt sin agus go mbeidh siad faoi réir socruithe éifeachtacha leanúnachais gnó chun leanúnachas a sheirbhísí a áirithiú má tharlaíonn aon chliseadh ina chórais trádála].’;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mír 6:

‘6. Beidh margaí rialáilte ag teastáil ó Bhallstáit chun córais, nósanna imeachta agus socruithe éifeachtacha a bheith i bhfeidhm, lena n‑áirítear ceangal a chur ar chomhaltaí nó ar rannpháirtithe tástáil iomchuí algartaim a dhéanamh agus timpeallachtaí a sholáthar chun tástáil den sórt sin a éascú i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i gCaibidil II agus Caibidil IV de Rialachán (AE) 2021/xx [DORA], chun a áirithiú nach féidir le córais algartam trádála dálaí trádála mí-ordúla ar an margadh a chruthú nó a chur leo agus le bainistiú a dhéanamh ar aon dálaí trádála mí-ordúla a eascraíonn as córais algartam trádála den sórt sin, lena n‑áirítear córais chun an cóimheas maidir le horduithe gan forghníomhú go hidirbhearta a d’fhéadfadh comhalta nó rannpháirtí a chur isteach a theorannú, chun a bheith in ann an sreabhadh orduithe a mhoilliú i gcás ina mbeidh riosca ann go sárófar acmhainneacht an chórais agus chun íosmhéid an tic a d’fhéadfaí a fhorghníomhú ar an margadh a theorannú agus a forfheidhmiú.’;

(c)leasaítear mír 12 mar a leanas:

(i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a)

‘(a) na ceanglais chun córais trádála margaí rialáilte a áirithiú, go bhfuil teacht aniar iontu agus go bhfuil acmhainneacht leordhóthanach acu, seachas na ceanglais a bhaineann le hathléimneacht oibríochtúil dhigiteach;’;

(ii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

‘(g) na ceanglais chun a áirithiú go ndéanfar tástáil iomchuí ar algartaim, seachas tástáil dhigiteach athléimneachta oibríochtúla, chun a áirithiú nach féidir le córais algartam trádála, lena n‑áirítear córais algartam trádála ardmhinicíochta, dálaí trádála mí-ordúla ar an margadh a chruthú ná a chur leo.’;

Airteagal 7

Leasuithe ar Threoir (AE) 2015/2366

Leasaítear Treoir (AE) 2015/2366 mar a leanas:

(7)In Airteagal 5(1), an tríú fomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

‘Maidir leis na bearta rialaithe slándála agus na bearta maolaithe dá dtagraítear i bpointe (j) den chéad fhomhír, léireofar ina dtaobh conas a n‑áirithítear ardleibhéal slándála teicniúla agus cosanta sonraí leo, lena n‑áirítear i gcás na mbogearraí agus na gcóras TF a úsáideann an t‑iarratasóir nó na gnóthais dá seachfhoinsíonn sé a chuid oibríochtaí go léir nó cuid díobh, i gcomhréir le Caibidil II de Rialachán (AE) 2021/xx ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle * [DORA]. Áiritheofar leis na bearta sin bearta slándála a leagtar síos in Airteagal 95(1). Cuirfear san áireamh sna bearta sin treoirlínte ÚBE maidir le bearta slándála, dá dtagraítear in Airteagal 95(3), nuair a bheidh siad i bhfeidhm.’; ____________________________

*    [teideal iomlán] (IO L […], […], lch. […]).

(8)Leasaítear Airteagal 95 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbunóidh soláthraithe seirbhíse íocaíochta creat le beart maolaithe agus sásraí rialaithe iomchuí chun bainistiú a dhéanamh ar na rioscaí oibriúcháin agus slándála a bhaineann leis na seirbhísí íocaíochta a sholáthraíonn siad agus mar chuid den chreat sin, bunóidh soláthraithe seirbhíse íocaíochta nósanna imeachta éifeachtacha maidir le bainistiú teagmhas, agus coinneoidh siad ar bun iad, lena n‑áirítear chun mórtheagmhais oibriúcháin agus slándála a bhrath agus a aicmiú, agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar na rioscaí do theicneolaíocht faisnéise cumarsáide i gcomhréir le Caibidil II de Rialachán (AE) 2021/xx [DORA].’;

(b)scriostar mír 4;

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.    Déanfaidh ÚBE an comhar, lena n‑áirítear faisnéis a chomhroinnt, i réimse na rioscaí oibriúcháin agus slándála a bhaineann le seirbhísí íocaíochta, a chur chun cinn i measc na n‑údarás inniúil, agus idir na húdaráis inniúla agus BCE.’;

(9)Leasaítear Airteagal 96 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. I gcás mórtheagmhas oibríochtúil nó slándála nach mbaineann le TFC mar a shainmhínítear in Airteagal 3(6) de Rialachán (AE) xx/20xx [DORA] é, tabharfaidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta fógra don údarás inniúil ina Bhallstát baile gan mhoill.’;

(b)scriostar mír 5;

(10)in Airteagal 98, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5. I gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, déanfaidh ÚBE na caighdeáin theicniúla rialála a athbhreithniú agus, más iomchuí, tabharfaidh sé cothrom le dáta ar bhonn rialta iad chun, inter alia, forbairtí nuálaíochta agus teicneolaíocha agus forálacha Chaibidil II de Rialachán (AE) 2021/xx [DORA] a chur san áireamh.’.

Airteagal 8

Leasú ar Threoir (AE) 2016/2341

In Airteagal 21(5) de Threoir (AE) 2016/2341, cuirtear an méid seo a leanas in áit an dara fomhír:    

‘Chuige sin, úsáidfidh IORPanna córais, acmhainní agus nósanna imeachta atá iomchuí agus comhréireach agus bunóidh siad córais agus uirlisí TFC agus bainisteoidh siad iad i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2021/xx ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* [DORA].

_________________________________

* [teideal iomlán] (IO L […], […], lch. […]).’.

Airteagal 9

Trasuí

1.Na forálacha reachtaíochta, rialacháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú laistigh de [bliain amháin óna nglactha] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl láithreach don Choimisiún.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón [dáta theacht i bhfeidhm DORA/dáta chur i bhfeidhm, má tá sé difriúil].

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir sin nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 10

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 11

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Straitéis Airgeadais Dhigitigh don Aontas Eorpach, 23 Meán Fómhair 2020, COM(2020)591.
(2)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Margaí i gCriptea-shócmhainní agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937, COM(2020) 593.
(3)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le córas píolótach le haghaidh bonneagair mhargaidh bunaithe ar theicneolaíocht mórleabhar dáilte, COM(2020) 594.
(4)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le haghaidh athléimneacht oibríochtúil san earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009, Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, COM(2020)595.
(5)    an tUachtarán Ursula von der Leyen, Treoirlínte Polaitiúla don chéad Choimisiún Eorpach eile, 2019-2024, https://ec.europa.eu/commission/sites/beta-political/files/political-guidelines-next-commission_en.pdf .
(6)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Todhchaí Dhigiteach na hEorpa á Múnlú, COM(2020) 67 final.
(7)    Fóram Ardleibhéil maidir le hAontas na Margaí Caipitil (2020). Fís nua do mhargaí caipitil na hEorpa: tuarascáil chríochnaitheach, https://ec.europa.eu/info/sites/info/files/business_economy_euro/growth_and_investment/documents/200610-cmu-high-level-forum-final-report_en.pdf .
(8)    Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais chomhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).
(9)    Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais, agus an gnó sin a shaothrú (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).
(10)    Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoracha 2003/41/CE agus 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).
(11)    Treoir 2014/56/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leasaítear Treoir 2006/43/CE maidir le hiniúchtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite (IO L 158, 27.5.2014, lch. 196).
(12)    Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirseacht institiúidí um chóir ar scor ceirde (IORPanna) (IO L 354, 23.12.2016, lch. 37).
(13)    Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n‑aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).
(14)    Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoir 2002/65/CE, Treoir 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n‑aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).
(15)    IO C …, …, lch. 1…
(16)    IO C , , lch. .
(17)    Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite, lena leasaítear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 9.6.2006, lch. 87).
(18)    Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais chomhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).
(19)    Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais, agus an gnó sin a shaothrú (Dócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).
(20)    Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).
(21)    Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n‑aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).
(22)    Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/AE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
(23)    Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoir 2002/65/CE, Treoir 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n‑aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).
(24)    Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirseacht institiúidí um chóir ar scor ceirde (IORPanna) (IO L 354, 23.12.2016, lch. 37).
(25)    IO L […], […], lch. […].
(26)    [teideal iomlán] (IO L […], […], lch. […]).
(27)    Treoir 2014/56/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leasaítear Treoir 2006/43/CE maidir le hiniúchtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite (IO L 158, 27.5.2014, lch. 196).
(28)    IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.