AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,28.9.2020
COM(2020) 588 final
2020/0274(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartaithe Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine maidir le síneadh a chur leis an bPrótacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine, arb é dáta a dhul in éag an 15 Samhain 2020.
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
•Forais agus cuspóirí an togra
An 8 Iúil 2019 ghlac an Chomhairle Cinneadh lenar údaraíodh an Coimisiún tosú ar chaibidlíocht leis an Máratáin chun comhaontú comhpháirtíochta a thabhairt i gcrích in earnáil na hiascaireachta inbhuanaithe agus Prótacal lena gcuirfí an comhaontú sin chun feidhme a thabhairt i gcrích (doiciméid 10402/19 agus 10231/19). In Airteagal 1, mír 2 den Chinneadh sin tugadh an deis don Choimisiún síneadh teoranta leis an bPrótacal a bhí ann an tráth sin, a bhí le dul in éag an 15 Samhain 2019, a chaibidliú chun mbeadh na gníomhaíochtaí iascaireachta ar fionraí ar feadh i bhfad. Sna treoracha caibidlíochta a ghabhann leis an gCinneadh sin ón gComhairle (doic. 10231/19 ADD1), sonraítear nach ceadmhach síneadh den chineál sin a bheith níos faide ná bliain amháin.
An 8 Samhain 2019, cuireadh síneadh bliana amháin leis an bPrótacal le Comhaontú i bhfoirm Malartaithe Litreacha (doic. 12928/19), go dtí an 15 Samhain 2020.
Idir Meán Fómhair 2019 agus Feabhra 2020, bhí ceithre bhabhta caibidlíochta ann leis an Máratáin chun comhaontú agus Prótacal comhpháirtíochta i réimse na hiascaireachta inbhuanaithe a athnuachan, ach níor baineadh comhaontú amach.
I bhfianaise na ndálaí sláinte atá ann faoi láthair (paindéim COVID -19) agus d’ainneoin an tsínte leis an bPrótacal, is léir nach ndéanfar an chaibidlíocht maidir leis an gcomhaontú nua agus leis an bPrótacal nua a thabhairt i gcrích in am chun nach mbeidh briseadh ar ghníomhaíochtaí iascaireachta ann nuair a rachaidh an Prótacal sin in éag. Sa chomhthéacs sin, d’údaraigh an Chomhairle an Coimisiún an 26 Meitheamh 2020 athnuachan bliana breise amháin ar a mhéad ar an bPrótacal a chaibidliú.
Le linn an chúigiú babhta caibidlíochta (an 7 Iúil 2020), chomhaontaigh na hidirbheartaithe ón Aontas agus ó Phoblacht Ioslamach na Máratáine faoin dara síneadh bliana amháin ar a mhéad ar an bPrótacal, i gcomhréir leis an sainordú ón gComhairle. Sainítear an dara Prótacal sin le Comhaontú i bhfoirm Malartaithe Litreacha a tugadh i gcrích trí inisealacha a chur leis an 7 Iúil 2020.
Chun nach mbeidh briseadh ann ar ghníomhaíochtaí iascaireachta an chabhlaigh Eorpaigh atá ag obair in uiscí na Máratáine, is gá an Cinneadh ón gComhairle lenar formhuiníodh an Comhaontú seo i bhfoirm Malartaithe Litreacha a ghlacadh go tráthúil chun gur féidir leis an dá pháirtí é a shíniú roimh an 15 Samhain 2020, dáta dhul in éag an Phrótacail atá i bhfeidhm faoi láthair.
Is é is cuspóir don togra seo tabhairt i gcrích an Phrótacail a údarú.
Mar mheabhrúchán, is é is aidhm don Phrótacal deiseanna iascaireachta a chur ar fáil do shoithí de chuid an Aontais Eorpaigh in uiscí na Máratáine, agus aird á tabhairt ar mheasúnuithe eolaíocha atá ar fáil, go háirithe deiseanna do na soithí sin ón gCoiste Iascaigh um an Atlantach Thoir Láir (CECAF), agus i gcomhréir leis an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil agus leis na moltaí ón gCoimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT), laistigh de theorainneacha an bharrachais atá ar fáil. Is é is aidhm dó freisin comhar a dhaingniú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine ar mhaithe le creat comhpháirtíochta a bhunú chun beartas iascaireachta inbhuanaithe agus shaothrú freagrach na bhfoinsí éisc a fhorbairt i limistéar iascaireachta Phoblacht Ioslamach na Máratáine, rud a bheidh le leas an dá pháirtí.
Foráiltear sa Phrótacal maidir le deiseanna iascaireachta sna catagóirí seo a leanas:
–Catagóir 1 – Soithí iascaireachta crústach seachas an gliomach agus an portán. 5000 tona agus 25 shoitheach;
–Catagóir 2 – Trálaeir nach bhfuil reoiteoir iontu agus soithí ruaimeanna fada lena ndéantar iascaireacht ar an gcolmóir dubh: 6000 tona agus 6 shoitheach;
–Catagóir 2a – Trálaeir-reoiteoirí lena ndéantar iascaireacht ar an gcolmóir dubh: 3 500 tona colmóirí, 1 450 tona de calamar, 600 tona ochtapas le haghaidh 6 shoitheach;
–Catagóir 3 – Soithí iascaireachta na speiceas grinnill seachas an colmóir dubh ina bhfuil trealamh seachas an trál: 3000 tona agus 6 shoitheach;
–Catagóir 4 – Soithí tuinníní peas-saighne: 12 500 tona (tonnáiste tagartha) agus 25 shoitheach;
–Catagóir 5 – Soithí tuinníní slat-agus-ruaimeanna agus trálaeir tuinníní: 7 500 tona (tonnáiste tagartha) agus 15 shoitheach;
–Catagóir 6 – trálaeir-reoiteoirí iascaireachta peiligí: 225 000 tona agus 19 soitheach;
–Catagóir 7 - Soithí iascaireachta peiligí nach bhfuil reoiteoir iontu: 15 000 tona (bainte as mé chatagóir 6 má úsáidtear iad) agus 2 shoitheach.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
I gcomhréir le tosaíochtaí athchóiriú an Bheartais Iascaigh, foráiltear sa Phrótacal nua maidir le deiseanna iascaireachta, do shoithí an Aontais in uiscí na Máratáine, bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil agus ag leanúint na moltaí ón gCoimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT). Cuirfidh an Prótacal ar chumas an Aontais Eorpaigh agus na Máratáine oibriú níos dlúithe i gcomhar le chéile freisin maidir le cur chun cinn a dhéanamh ar shaothrú fónta acmhainní iascaigh in uiscí na Máratáine agus chun tacú le hiarrachtaí na Máratáine a hearnáil iascaigh a fhorbairt, ar mhaithe leis an dá chomhpháirtí.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Is cuid de ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais maidir le tíortha na hAfraice sa Mhuir Chairib agus tíortha an Aigéin Chiúin (ACC) é caibidliú an prótacail nua a ghabhfaidh leis an gcomhaontú comhpháirtíochta i réimse na hiascaireachta le Poblacht Ioslamach na Máratáine agus tá curtha san áireamh ann go háirithe cuspóirí an Aontais i leith na prionsabail daonlathacha agus cearta an duine a urramú.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús Dlí
Is é an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh an bunús dlí a roghnaíodh a mbunaítear in Airteagal 43(2) de an comhbheartas iascaireachta, a mbunaítear in Airteagal 218, mír 6(a)(v) de an chéim den nós imeachta caibidlíochta agus tabhairt i gcrích comhaontuithe idir an tAontas agus tríú tíortha agus a leagtar síos in Airteagal 218, mír 7 de na forálacha maidir le húdarú an Prótacal a mhodhnú.
•Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)
Tagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh.
•Comhréireacht
Tá an togra comhréireach leis an gcuspóir maidir le creat rialachais dhlíthiúil, comhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta a bhunú le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta atá á ndéanamh ag soithí an Aontais in uiscí tríú tíortha, mar a leagtar amach in Airteagal 31 den Rialachán lena mbunaítear an Comhbheartas Iascaigh. Tá sé i gcomhréir leis na forálacha sin chomh maith leis na forálacha maidir le cúnamh airgeadais do thríú tíortha a leagtar síos in Airteagal 32 den Rialachán sin.
An síneadh bliana breise atá curtha leis an tréimhse a leagtar síos sa Phrótacal a rachaidh in éag an 15 Samhain 2020, baineann sé leis an bpróiseas caibidlíochta agus tugadh é chun a áirithiú go rachaidh gníomhaíochtaí iascaireachta an chabhlaigh Eorpaigh atá ag oibriú in uiscí na Máratáine ar aghaidh gan bhriseadh
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Chuathas i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara mar chuid den mheastóireacht ar Phrótacal 2015-2019. Chuathas i gcomhairle freisin le saineolaithe na mBallstát. Tháinig an chonclúid as na comhairliúcháin sin gur fiú an Prótacal iascaireachta le Poblacht Ioslamach na Máratáine a athnuachan.
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Chuathas i gcomhairle leis na Ballstáit, le hionadaithe tionscail, le heagraíochtaí idirnáisiúnta na sochaí sibhialta, chomh maith le riarachán iascaigh agus sochaí shibhialta na Máratáine, mar chuid den mheastóireacht. Rinneadh comhairliúcháin freisin i gcomhthéacs na Comhairle Comhairlí Fadraoin.
•Bailiú agus úsáid saineolais
D’úsáid an Coimisiún comhairleoir neamhspleách le haghaidh na meastóireachtaí ex post agus ex ante, i gcomhréir le forálacha Airteagal 31, mír 10 den Rialachán lena mbunaítear an comhbheartas iascaigh.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Is é EUR 61 625 000 ranníocaíocht airgeadais bhliantúil an Aontais Eorpaigh, bunaithe ar an méid seo a leanas:
a) méid bliantúil le haghaidh rochtain ar acmhainní iascaigh do na catagóirí dá bhforáiltear sa Phrótacal, arna shocrú ag EUR 57 500 000 in aghaidh na bliana, go deireadh an tsínte ama ar an bPrótacal;
b) Tacaíocht d’fhorbairt bheartas earnála iascaigh na Máratáine atá socraithe ag EUR 4 125 000 in aghaidh na bliana le linn an tsínte ar an bPrótacal. Comhlíontar leis an tacaíocht sin cuspóirí an bheartais náisiúnta maidir le bainistiú inbhuanaithe acmhainní iascaigh ilchríochacha agus muirí dá cuid, ó thús deireadh an Phrótacail.
Bunaítear an méid bliantúil maidir le leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí agus leithreasuithe íocaíochta le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil, lena n‑áirítear an líne chúltaca do Phrótacail nár tháinig i bhfeidhm ag tús na bliana.
Sa Mhalartú Litreacha a bhaineann leis an síneadh, leagtar síos freisin clásal laghdúcháin pro rata má shínítear iad de thoradh na caibidlíochta chun an Comhaontú Comhpháirtíochta agus an Prótacal a ghabhann leis a athnuachan agus go dtiocfaidh siad i bhfeidhm dá éis sin sula rachaidh an síneadh bliantúil a bhfuil feidhm ag an Malartú Litreacha maidir leis in éag.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Tá na forálacha maidir le hobair leantach leagtha síos sa Phrótacal a mbaineann an Malartú Litreacha le síneadh a chur leis.
2020/0274 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartaithe Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine maidir le síneadh a chur leis an bPrótacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine, arb é dáta a dhul in éag an 15 Samhain 2020.
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de, i gcomhar le hAirteagal 218(6)(a) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)I gcomhréir le Cinneadh 2019/ … /AE. ón gComhairle, rinneadh an Comhaontú i bhfoirm Malartaithe Litreacha maidir le síneadh a chur leis an bPrótacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine, arb é dáta a dhul in éag an 15 Samhain 2020 (‘an Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha’), a shíniú [cuir isteach an dáta].
(2)Is é is cuspóir don Chomhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha a chur ar chumas an Aontais Eorpaigh agus Phoblacht Ioslamach na Máratáine leanúint de bheith ag obair go dlúth le chéile chun beartas iascaigh inbhuanaithe a chur chun cinn agus acmhainní iascaigh in uiscí na Máratáine a shaothrú ar bhealach fónta, agus ligean do shoithí de chuid an Aontais a ngníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh sna huiscí sin.
(3)Is iomchuí an Malartú Litreacha a fhormheas in ainm an Aontais Eorpaigh.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, déantar an Comhaontú i bhfoirm Malartaithe Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine maidir le síneadh a chur leis an bPrótacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine, arb é dáta a dhul in éag an 15 Samhain 2020 (dá ngairtear ‘an Comhaontú i bhfoirm Malartaithe Litreacha’ anseo feasta), a fhormheas thar ceann an Aontais.
Tá téacs an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartaithe Litreacha i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Ainmneoidh Uachtarán na Comhairle an duine a mbeidh sé de chumhacht aige, an fógra dá bhforáiltear i bpointe 6 den Chomhaontú i bhfoirm Malartaithe Litreacha a thabhairt in ainm an Aontais Eorpaigh, chun toiliú an Aontais Eorpaigh le bheith faoi cheangal ag an gComhaontú i bhfoirm Malartaithe Litreacha.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
1.
LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.
Teideal an togra/tionscnaimh
Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartaithe Litreacha maidir le síneadh a chur leis an bPrótacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine, a rachaidh in éag an 15 Samhain 2020,
1.2.
Réimsí beartais lena mbaineann
11 - Gnóthaí muirí agus iascaigh
11.03 – Ranníocaíochtaí éigeantacha le heagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh (ERBI) agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile agus le comhaontuithe iascaigh inbhuanaithe eile (SFAnna)
11.03.01 – Creat rialachais a bhunú le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta shoithí iascaireachta an Aontais in uiscí tríú tíortha.
1.3.
Baineann an togra/tionscnamh le
◻ beart nua
◻ beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart
X síneadh ar bheart atá ann cheana
◻ beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua
1.4.
Cuspóirí
1.4.1.
Cuspóirí ginearálta
Trí chaibidlíocht a dhéanamh ar na Comhaontuithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe (SFPAnna) le tríú tíortha agus iad a thabhairt i gcrích, comhlíontar an cuspóir ginearálta maidir le rochtain a thabhairt do shoithí iascaireachta an Aontais Eorpaigh ar limistéir iascaireachta tríú tíortha agus comhpháirtíocht a fhorbairt leis na tíortha sin d’fhonn saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh a neartú lasmuigh d’uiscí an Aontais Eorpaigh.
Leis na SFPAnna, áirithítear freisin comhsheasmhacht idir na prionsabail lena rialaítear an comhbheartas iascaigh agus na gealltanais a rinneadh faoi bheartais Eorpacha eile (úsáid inbhuanaithe acmhainní tríú tíortha, an comhrac i gcoinne iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialaithe (NNN), comhtháthú na dtíortha comhpháirtíochta sa gheilleagar domhanda agus rialachas polaitiúil agus airgeadais níos fearr ar iascaigh).
1.4.2.
Cuspóirí sonracha
Cuspóir sonrach
Cur le hiascaireacht inbhuanaithe in uiscí lasmuigh den Aontas , láithreacht Eorpach a chothabháil in iascaigh i bhfarraigí i bhfad i gcéin agus leasanna earnáil iascaigh na hEorpa agus tomhaltóirí a chosaint trí idirbheartaíocht agus SFPAnna a thabhairt i gcrích le stáit chósta, i gcomhréir le beartais Eorpacha eile.
Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann
Gnóthaí muirí agus iascaigh, chun creat rialachais a bhunú le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta shoithí iascaireachta an Aontais Eorpaigh in uiscí tríú tíortha (SFAnna) (líne bhuiséid 11.03.01)
1.4.3.
An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo
Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.
De bharr an tsínte leis an bPrótacal chuig ACC is féidir a áirithiú nach mbeidh briseadh ann ar ghníomhaíochtaí iascaireachta na soithí Eorpacha nuair a rachaidh an Prótacal in éag an 15 Samhain 2020. Beidh sé i bhfeidhm ar feadh bliain amháin ar a mhéad, go dtí go mbeidh an chaibidlíocht maidir le ACC a athnuachan tugtha i gcrích.
Leis an bPrótacal is féidir creat comhpháirtíochta straitéisí a bhunú i réimse na hiascaireachta idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine. Leis an bPrótacal, is fearr a dhéanfar na hacmhainní éisc a bhainistiú agus a chaomhnú, trí thacaíocht airgeadais (tacaíocht earnála) a chur ar fáil chun cláir arna nglacadh ar an leibhéal náisiúnta ag an tír chomhpháirtíochta a chur chun feidhme, go háirithe an Plean Cuimsitheach Iascaigh, faireachán a dhéanamh ar an iascaireacht neamhdhleathach agus comhrac ina coinne, agus tacaíocht a thabhairt don earnáil iascaigh ar scála beag.
1.4.4.
Táscairí feidhmíochta
Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.
Rátaí úsáide deiseanna iascaireachta (glacadh bliantúil na n‑údaruithe iascaireachta mar chéatadán den infhaighteacht faoin bPrótacal).
Sonraí maidir le gabhálacha (bailiú agus anailísiú) agus luach tráchtála an Chomhaontaithe.
Cur leis an bhfostaíocht agus leis an mbreisluach san Aontas chomh maith le cobhsú mhargadh an Aontais (go comhiomlán leis na SFPAnna eile).
Cur le feabhas ar thaighde, faireachas agus rialú ar ghníomhaíocht iascaireachta ag an tír chomhpháirtíochta agus ar fhorbairt a hearnála iascaigh, go háirithe an earnáil a bhaineann le hiascaigh ar scála beag.
1.5.
Forais an togra/tionscnaimh
1.5.1.
Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh
Foráiltear go mbeidh an Malartú Litreacha lena gcuirfear síneadh leis an bPrótacal i bhfeidhm go sealadach ó dháta a shínithe, an 16 Samhain 2020, amach, chun nach mbeidh briseadh ann ar na gníomhaíochtaí iascaireachta atá á ndéanamh faoin bPrótacal reatha.
1.5.2.
Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann de thoradh fachtóirí éagsúla, e.g. deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, comhlántachtaí, nó gnóthachain de thoradh comhordaithe). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.
Mura dtabharfaidh an tAontas Comhaontú a nua i gcrích, ní fhéadfaidh soithí an Aontais leanúint dá ngníomhaíochtaí iascaireacht ós rud é go bhfuil clásal sa Chomhaontú reatha lena n‑eisiatar gníomhaíochtaí iascaireachta nach bhfuil sa chreat a shainítear leis an bPrótacal a ghabhann leis an gComhaontú. Dá bhrí sin, is léir go bhfuil breisluach ann le haghaidh chabhlach fadraoin an Aontais. Leis an bPrótacal cuirtear creat ar fáil freisin maidir le comhar feabhsaithe idir an tAontas agus an Mháratáin..
1.5.3.
Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart
Ar bhonn an anailísithe ar na gabhálacha a fuarthas i bhfad ó shin i limistéar iascaireachta na Máratáine agus ar na gabhálacha a fuarthas le déanaí i gcomhthéacs Prótacal den chineál chéanna sa réigiún, chomh maith leis na meastóireachtaí agus tuairimí eolaíocha a bhí le fáil, leag na páirtithe síos na deiseanna iascaireachta faoi réir teorainneacha ar ghabhálacha nó tonnáistí tagartha le haghaidh na gcatagóirí atá sonraithe sa Mheabhrán Míniúcháin thuas. Tá curtha san áireamh sa tacaíocht earnála riachtanais ó thaobh fhothú acmhainní riarachán iascaigh na Máratáine agus thosaíochta na straitéise náisiúnta iascaireachta lena n‑áirítear go háirithe an taighde eolaíoch agus na gníomhaíochtaí rialaithe agus faireacháin ar an iascaireacht.
1.5.4.
Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile
Is ionann cistí a sholáthraítear mar chúiteamh airgeadais le haghaidh rochtana faoi ACC agus ioncam inmhalartaithe i mbuiséad náisiúnta na Máratáine. Os a choinne sin íoctar na cistí le haghaidh tacaíocht earnála (de ghnáth trína leagan síos sa dlí airgeadais bliantúil) leis an Aire atá inniúil i leith iascaireachta ós rud é gur coinníoll é sin le críochnú na ACCanna agus leis an obair leantach orthu. Tá na hacmhainní airgeadais sin comhoiriúnach d’fhoinsí maoinithe eile ó sholáthraithe eile maoiniúcháin idirnáisiúnta chun tionscadail agus/nó cláir a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta san earnáil iascaigh.
1.5.5.
Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh
Fad an togra/tionscnaimh agus an tionchar airgeadais a mheastar a bheidh aige
X tréimhse theoranta
X
I bhfeidhm ó 2020 go 2024
X
Tionchar Airgeadais in 2020 i gcás leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó 2020 go 2022 i gcás leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.
◻ tréimhse neamhtheoranta
Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,
agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.
Modhanna bainistíochta atá beartaithe
X Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún
X ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;
◻
trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;
◻ Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit
◻ Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:
◻ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;
◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);
◻ BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;
◻ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais;
◻ comhlachtaí dlí phoiblí;
◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;
◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;
◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.
I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn ‘Nótaí’ le do thoil.
Nótaí
2.
BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.
Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo
Déanfaidh an Coimisiún (AS MARE, i gcomhar lena attaché iascaigh atá lonnaithe sa tír (Nouakchott)) faireachán tráthrialta ar chur chun feidhme an Phrótacail maidir leis an úsáid a bhainfidh oibreoirí as deiseanna iascaireachta, ar shonraí gabhála agus ar chomhlíonadh na gcoinníollacha maidir le tacaíocht earnála.
Ina theannta sin, foráiltear sa SFPA maidir le cruinniú den Chomhchoiste, cruinniú a reáchtálfar uair amháin ar a laghad sa bhliain agus a ndéanfaidh an Coimisiún agus an Mháratáin athbhreithniú ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe agus an Phrótacail ann agus, más gá, déanfar na cláir agus an ranníocaíocht airgeadais a choigeartú.
2.2.
Córais bhainistíochta agus rialaithe
2.2.1.
An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na coinníollacha íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe
Is é an riosca a aithníodh ná tearc-úsáid na ndeiseanna iascaireachta is féidir a bhainfidh úinéirí soithí an Aontais Eorpaigh agus tearc-úsáid nó úsáid mhall is féidir a bhainfidh an Mháratáin as cistí atá beartaithe chun an beartas iascaigh earnála a mhaoiniú.
2.2.2.
Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú
Tá idirphlé forleathan beartaithe maidir le clárú agus cur i bhfeidhm an bheartais earnála a leagtar síos sa Chomhaontú agus sa Phrótacal. Tá anailísiú comhpháirteach ar thorthaí ina chuid de na modhanna rialaithe seo freisin.
Ina theannta sin, tá clásail shonracha sa Chomhaontú agus sa Phrótacal maidir lena gcur ar fionraí, faoi choinníollacha áirithe agus in imthosca áirithe.
2.2.3.
Meastachán ar chost-éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)
2.3.
Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.
Geallann an Coimisiún go mbunófar idirphlé polaitiúil agus comhordú rialta le Poblacht Ioslamach na Máratáine d’fhonn bainistiú an Chomhaontaithe agus an Phrótacail a fheabhsú, agus rannchuidiú an Aontais i leith bainistiú acmhainní inbhuanaithe a neartú. Aon íocaíocht a dhéanfaidh an Coimisiún faoi SFPA, is faoi réir rialacha caighdeánacha agus nósanna imeachta buiséid agus airgeadais an Choimisiúin a dhéanfar iad. Go háirithe, aithnítear cuntais bhainc na dtríú tíortha a n‑íoctar an ranníocaíocht airgeadais iontu. Leis an bPrótacal foráiltear nach mór an ranníocaíocht airgeadais a íoc i gcuntas de chuid an Státchiste atá oscailte i mBanc Lárnach na Máratáine.
3.
AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.
Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imreofar tionchar
Línte buiséid atá ann cheana
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Líne buiséid
|
An cineál caiteachais
caiteachais
|
Ranníocaíocht
|
|
Uimhir
|
LD/LN
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí
|
ó thríú tíortha
|
de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais
|
|
11.03.01
Creat rialachais a bhunú le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta shoithí iascaireachta an Aontais Eorpaigh in uiscí tríú tíortha (SFAnna)
|
LD
|
Níl
|
Níl
|
Níl
|
Níl
|
Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Líne buiséid
|
An cineál caiteachais
caiteachais
|
Ranníocaíocht
|
|
Uimhir
|
LD/LN
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí
|
ó thríú tíortha
|
de réir bhrí Airteagal 21, mír 2, pointe (b) den Rialachán Airgeadais
|
|
[…][XX.YY.YY.YY]
|
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
3.2.
An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe
3.2.1.
Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
◻
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
X
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:
EUR milliúin de réir praghsanna reatha (go dtí an tríú deachúil)
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Uimhir
2
|
Fás Inbhuanaithe: acmhainní nádúrtha
|
Ard-Stiúrthóireacht: MARE
|
|
|
Bliain
2020
|
Bliain
2021
|
Bliain
2022
|
IOMLÁN
|
• Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
|
|
|
|
Líne bhuiséid 11.0301
|
Gealltanais
|
(1a)
|
61.625
|
|
|
61.625
|
|
Íocaíochtaí
|
(2a)
|
57.500
|
|
4.125
|
61.625
|
Líne buiséid
|
Gealltanais
|
(1b)
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(2b)
|
|
|
|
|
Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach
|
|
|
|
|
Líne buiséid
|
|
(3)
|
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
Le haghaidh AS MARE
|
Gealltanais
|
=1a+1b +3
|
61.625
|
|
|
61.625
|
|
Íocaíochtaí
|
=2a+2b
+3
|
57.500
|
|
4.125
|
61.625
|
• IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
Gealltanais
|
(4)
|
61.625
|
|
|
61.625
|
|
Íocaíochtaí
|
(5)
|
57.500
|
|
4.125
|
61.625
|
•IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach
|
(6)
|
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 2 den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Gealltanais
|
=4+ 6
|
61.625
|
|
|
61.625
|
|
Íocaíochtaí
|
=5+ 6
|
57.500
|
|
4.125
|
61.625
|
Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal oibríochta amháin, líon isteach an chuid thuas arís i gcás gach ceann de na ceannteidil sin:
•IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (gach ceannteideal oibríochta)
|
Gealltanais
|
(4)
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(5)
|
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach (gach ceannteideal oibríochta)
|
(6)
|
|
|
|
|
Leithreasuithe IOMLÁNA faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4
den chreat airgeadais ilbhliantúil
(Méid tagartha)
|
Gealltanais
|
=4+ 6
|
61.625
|
|
|
61.625
|
|
Íocaíochtaí
|
=5+ 6
|
57.500
|
|
4.125
|
61.625
|
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
5
|
‘Caiteachas riaracháin’
|
Chun an chuid seo a líonadh isteach, ba cheart leas a bhaint as na ‘sonraí buiséid de chineál riaracháin’ a iontráladh ar dtús san
Iarscríbhinn a ghabhann leis an ráiteas airgeadais seo
(Iarscríbhinn V a ghabhann leis na rialacha inmheánacha) agus a uaslódáladh ar an gcóras DECIDE chun críocha comhairliúcháin idirsheirbhíse.
EUR milliúin de réir praghsanna reatha (go dtí an tríú deachúil)
|
|
|
Bliain
2020
|
Bliain
2021
|
Bliain
2022
|
IOMLÁN
|
Ard-Stiúrthóireacht: MARE
|
• Acmhainní daonna
|
|
|
|
|
• Caiteachas riaracháin eile
|
|
|
|
|
IOMLÁN AS MARE
|
Leithreasuithe
|
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)
|
|
|
|
|
EUR milliúin de réir praghsanna reatha (go dtí an tríú deachúil)
|
|
|
Bliain
2020
|
Bliain
2021
|
Bliain
2022
|
IOMLÁN
|
Leithreasuithe IOMLÁNA faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Gealltanais
|
61.625
|
|
|
61.625
|
|
Íocaíochtaí
|
57.500
|
|
4.125
|
61.625
|
3.2.2.
An t‑aschur a mheastar a mhaoineofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
Sonraigh cuspóirí agus aschuir
⇩
|
|
|
Bliain
2020
|
Bliain
2021
|
Bliain
2022
|
IOMLÁN
|
|
|
Saghas
|
Meánchostas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Líon iomlán
|
Costas iomlán
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1...
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Rochtain
|
Bliantúil
|
|
|
11.6
|
|
11.6
|
|
11.6
|
|
|
58
|
- Earnála
|
Bliantúil
|
|
|
4
|
|
4
|
|
4
|
|
|
20
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Iomlán
|
|
15.6
|
|
15.6
|
|
15.6
|
|
|
78
|
3.2.3.
Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin
X
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin
◻
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:
EUR milliúin de réir praghsanna reatha (go dtí an tríú deachúil)
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
IOMLÁN
|
CEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Caiteachas riaracháin eile
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5
du cadre financier pluriannuel
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Caiteachas eile
de chineál riaracháin
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin, cumhdófar iad leis na leithreasuithe sin san Ard-Stiúrthóireacht atá sannta cheana do bhainistíocht an bhirt agus/nó atá athshannta laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
3.2.3.1.
Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach
X
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.
◻
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:
Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain N+2
|
Bliain N+3
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)
|
XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 05 01/11/21 ((Taighde indíreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
10 01 05 01/11 ((Taighde indíreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
• Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) FTE)
|
XX 01 02 01 (AC, END, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 02 02 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 04 bb
|
- sa cheanncheathrú
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- i dtoscaireachtaí
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 05 02/12/22 (CA, SNE, INT – Taighde indíreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
10 01 05 02/12 (CA, INT, SNE – Taighde díreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh)
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN
|
|
|
|
|
|
|
|
Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.
Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar athshannadh a gcúraimí laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:
Oifigigh agus pearsanra sealadach
|
Cur chun feidhme an prótacail (íocaíochtaí, rochtain ag soithí an Aontais ar uiscí na Máratáine, próiseáil na n‑údaruithe iascaireachta), ullmhú obair leantach na gcoistí comhpháirtíochta, ullmhú athnuachan an Phrótacail, meastóireacht sheachtrach, nósanna imeachta reachtacha, caibidlíocht.
|
Pearsanra seachtrach
|
Cur chun feidhme an Phrótacail: Teagmháil le húdaráis na Máratáine maidir le rochtain ag soithí an Aontais ar uiscí na Máratáine, próiseáil na n‑údaruithe iascaireachta, ullmhú obair leantach na gcoistí comhpháirtíochta, go háirithe cur chun feidhme na tacaíochta earnála.
|
3.2.4.
Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
X
is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI).
Baineann sé seo le húsáid na líne cúltaca (Caibidil 40).
◻
is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.
Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann, na méideanna comhfhreagracha agus na hionstraimí atá beartaithe a úsáid.
◻
is gá athbhreithniú ar CAI.
Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.
3.2.5.
Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
X
ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe
◻
déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú ó thríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
Iomlán
|
Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
|
|
|
3.3.
An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
X
Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.
◻
Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:
◻
ar acmhainní dílse
◻
ar ioncam eile
má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin ◻
EUR milliúin de réir praghsanna reatha (go dtí an tríú deachúil)
Líne buiséid ioncaim:
|
Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha
|
Tionchar an togra/tionscnaimh
|
|
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
Airteagal ………….
|
|
|
|
|
|
|
|
|
I gcás ioncam ilghnéitheach atá ‘sannta’, sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.
Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,28.9.2020
COM(2020) 588 final
IARSCRÍBHINN
a ghabann leis an
Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartaithe Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine maidir le síneadh a chur leis an bPrótacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine, arb é dáta a dhul in éag an 15 Samhain 2020.
IARSCRÍBHINN
Comhaontú bhfoirm Malartaithe Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine maidir le síneadh a chur leis an bPrótacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine, arb é dáta a dhul in éag an 15 Samhain 2020
A. Litir ón Aontas Eorpach
A dhaoine uaisle,
Is cúis áthais dom a dheimhniú gur chomhaontaíomar na socruithe eatramhacha seo a leanas maidir leis an dara síneadh leis an bPrótacal atá i bhfeidhm faoi láthair (an 16 Samhain 2015 go dtí an 15 Samhain 2019, ar cuireadh síneadh aon bhliana amháin leis cheana go dtí an 15 Samhain 2020), dá ngairtear ‘an Prótacal’ anseo feasta, ina leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear sa Chomhaontú comhpháirtíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine, go dtí go mbeidh an chaibidlíocht maidir le ACC a athnuachan tugtha i gcrích.
Sa chomhthéacs sin, chomhaontaigh an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine an méid seo a leanas:
(1)Ón 16 Samhain 2020 amach nó ó dháta shíniú an Malartaithe Litreacha amach má shínítear dá éis sin é, cuirfear síneadh bliana amháin ar laghad leis na socruithe is infheidhme le linn bhliain deiridh an Phrótacail faoi na coinníollacha céanna.
(2)Comhfhreagróidh an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas ar son rochtain na soithí in uiscí na Máratáine faoin síneadh don mhéid bliantúil dá bhforáiltear in Airteagal 2 den Phrótacal mar a leasaigh an Comhchoiste é an 15 agus an 16 Samhain 2016. Déanfar an íocaíocht sin in aon tráthchuid amháin trí mhí ó dháta theacht i bhfeidhm sealadach an Mhalartaithe Litreacha sin.
(3)Is é EUR 4,125 suim thacaíocht earnála an chomhaontaithe maidir leis an síneadh sin. Formheasfaidh an Comhchoiste dá bhforáiltear in Airteagal 10 den Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh an t‑amchlár le haghaidh na suime sin de réir fhorálacha Airteagal 3(1) den Phrótacal, laistigh de dhá mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Mhalartaithe Litreacha sin ar a dhéanaí. Beidh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3 den Phrótacal maidir le cur chun feidhme agus íocaíochtaí na tacaíochta earnála infheidhme mutatis mutandis.
(4)I gcás ina síneofar iad de bharr na caibidlíochta maidir le hathnuachan an chomhaontaithe comhpháirtíochta agus an Phrótacail a ghabhann leis sa chaoi go gcuirfear i bhfeidhm iad roimh dháta dhul in éag na tréimhse bliana a leagtar síos i bpointe 1 thuas, laghdófar an ranníocaíocht airgeadais dá dtagraítear i bpointí 2 agus 3 pro rata temporis. An méid comhfhreagrach a íocadh cheana, bainfear é den chéad ranníocaíocht airgeadais a bheidh dlite faoin bPrótacal nua.
(5)Le linn thréimhse chur i bhfeidhm an chomhaontaithe maidir leis an síneadh sin, leithdháilfear ceadúnais iascaireachta laistigh de na teorainneacha a leagtar síos sa Phrótacal trí bhíthin táillí nó réamhíocaíochtaí a chomhfhreagróidh dóibh siúd a leagtar síos in Aguisín 1 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhainn leis an bPrótacal.
(6)Beidh an Malartú Litreacha sin infheidhme go sealadach ón 16 Samhain 2020 amach nó ó dháta shíniú an Mhalartaithe Litreacha sin amach má shínítear dá éis sin é, go dtí go dtiocfaidh sé i bhfeidhm. Tiocfaidh sé i bhfeidhm nuair a bheidh fógra tugtha ag na Páirtithe dá chéile go bhfuil na nósanna imeachta is gá curtha i gcrích acu chun na críche sin.
Bheinn faoi chomaoin agat ach a admháil go bhfuair tú an litir seo agus a dheimhniú go dtoilíonn tú leis an ábhar inti.
Is mise le dúthracht duit,
Thar ceann an Aontais Eorpaigh
B. Litir ó Phoblacht Ioslamach na Máratáine
A dhaoine uaisle, [please introduce in this letter the corrections made in the letter of the Union]
Is cúis áthais dom a dheimhniú go bhfuarthas do litir dar dáta an lá inniu atá mar a leanas:
“A dhaoine uaisle,
Is mian liom a dheimhniú duit gur chomhaontaíomar na socruithe eatramhacha seo a leanas maidir leis an síneadh leis an bPrótacal atá i bhfeidhm faoi láthair (an 16 Samhain 2015 go dtí an 15 Samhain 2019, ar cuireadh síneadh aon bhliana amháin leis cheana go dtí an 15 Samhain 2020), dá ngairtear ‘an Prótacal’ anseo feasta, ina leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear sa Chomhaontú comhpháirtíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine, go dtí go mbeidh an chaibidlíocht maidir le ACC a athnuachan tugtha i gcrích.
Sa chomhthéacs sin, chomhaontaigh an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine an méid seo a leanas:
(1)Ón 16 Samhain amach nó ó dháta shíniú an Malartaithe Litreacha amach má shínítear dá éis sin é, cuirfear síneadh bliana amháin ar laghad leis na socruithe is infheidhme le linn bhliain deiridh an Phrótacail faoi na coinníollacha céanna.
(2)Comhfhreagróidh an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas ar son rochtain na soithí in uiscí na Máratáine faoin síneadh don mhéid bliantúil dá bhforáiltear in Airteagal 2 de Phrótacal mar a leasaigh an Comhchoiste é an 15 agus an 16 Samhain 2016. Déanfar an íocaíocht sin in aon tráthchuid amháin trí mhí ó dháta theacht i bhfeidhm sealadach an Mhalartaithe Litreacha sin.
(3)Is é EUR 4,125 suim thacaíocht earnála an chomhaontaithe maidir le síneadh sin. Formheasfaidh an Comhchoiste dá bhforáiltear in Airteagal 10 den Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh an t‑amchlár le haghaidh na suime sin de réir fhorálacha Airteagal 3(1) den Phrótacal, laistigh de dhá mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Mhalartaithe Litreacha sin ar a dhéanaí. Beidh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3 den Phrótacal maidir le cur chun feidhme agus íocaíochtaí na tacaíochta earnála infheidhme mutatis mutandis.
(4)I gcás ina síneofar iad de bharr na caibidlíochta maidir le hathnuachan an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus an Phrótacail a ghabhann leis sa chaoi go gcuirfear i bhfeidhm iad roimh dháta dhul in éag na tréimhse bliana a leagtar síos i bpointe 1 thuas, laghdófar an ranníocaíocht airgeadais dá dtagraítear i bpointí 2 agus 3 pro rata temporis. An méid comhfhreagrach a íocadh cheana, bainfear é den chéad ranníocaíocht airgeadais a bheidh dlite faoin bPrótacal nua.
(5)Le linn thréimhse chur i bhfeidhm an chomhaontaithe maidir leis an síneadh sin, leithdháilfear ceadúnais iascaireachta laistigh de na teorainneacha a leagtar síos sa Phrótacal trí bhíthin táillí nó réamhíocaíochtaí a chomhfhreagróidh dóibh siúd a leagtar síos in Aguisín 1 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhainn leis an bPrótacal.
(6)Beidh an Malartú Litreacha sin infheidhme go sealadach ón 16 Samhain 2020 amach nó ó dháta shíniú an Mhalartaithe Litreacha sin amach má shínítear dá éis sin é, go dtí go dtiocfaidh sé i bhfeidhm. Tiocfaidh sé i bhfeidhm nuair a bheidh fógra tugtha ag na Páirtithe dá chéile go bhfuil na nósanna imeachta is gá curtha i gcrích acu chun na críche sin.”
Dearbhaím go bhfuil ábhar do litreach inghlactha ag mo Rialtas.
Is ionann do litir agus an litir seo, i dteannta a chéile, agus comhaontú i gcomhréir le do thogra.
Is mise le dúthracht duit,
Thar ceann Rialtas Phoblacht Ioslamach na Máratáine