An Bhruiséil,22.9.2020

COM(2020) 571 final

2020/0262(COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2004/37/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair.

{SEC(2020) 302 final} - {SWD(2020) 183 final} - {SWD(2020) 184 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Is í an ailse, bíodh sí bainteach leis an obair nó ná bíodh, an dara trúig mhortlaíochta is mó i dtíortha an Aontais Eorpaigh tar éis galair chardashoithíocha, agus is í is cúis bháis do dhuine as gach ceathrar 1 . Aithnítear go bhfuil an ailse ar cheann de na cúiseanna is mó atá le básanna anabaí san Aontas Eorpach. Tá tionchar aici ní hamháin ar shláinte an duine aonair, saol an teaghlaigh, ach chomh maith leis sin, ar chórais sláinte agus shóisialta náisiúnta, ar bhuiséid rialtais agus ar tháirgiúlacht agus fás an gheilleagair.

Dá bhrí sin, is tosaíocht phráinneach don Aontas Eorpach é dlús a chur leis an gcomhrac in aghaidh na hailse. Chun na críche sin, mar a fhógair Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen ina treoirlínte polaitiúla 2 , roimh dheireadh na bliana 2020 cuirfidh an Coimisiún plean de chuid an Aontais i láthair chun an fhulaingt de thoradh an ghalair a laghdú agus chun tacú leis na Ballstáit rialáil ailse agus cúram ailse a fheabhsú d'fhonn rochtain chóir ar chóir leighis a áirithiú ar fud an Aontais.

Is í an ailse an chúis is mó atá le básanna a bhaineann leis an obair san Aontas 3 : Is iad na hailsí a bhaineann leis an obair atá ina gcúis le 52 % de bhásanna ceirde gach bliain, i gcomparáid le galair imshruthaithe atá ina gcúis le 24 %, galair eile atá ina gcúis le 22 % agus gortuithe atá ina gcúis le 2 %. Aghaidh a thabhairt ar an ailse cheirde trí bhíthin an tionscnaimh seo agus tionscnaimh eile, is dlúthchuid é sin de Phlean na hEorpa chun an Ailse a Chomhrac. Is é is aidhm shonrach don togra seo cosaint sláinte agus sábháilteachta oibrithe a fheabhsú trí laghdú a dhéanamh ar an méid a nochtann a gceird iad do thrí shubstaint (“substaintí” anseo feasta), soiléireacht bhreise a sholáthar d'oibrithe, d'fhostóirí agus do lucht forfheidhmiúcháin, agus cuidiú chun cothrom iomaíochta a chur ar fáil d'oibreoirí eacnamaíocha.

Táthar ag déanamh an togra seo i bhfianaise géarchéim atá ag baint don Aontas agus don domhan, géarchéim nach bhfacthas a leithéid riamh cheana. Baineann móriarmhairtí sláinte, eacnamaíocha agus sóisialta le paindéim COVID-19 a mbeidh gá le haghaidh a thabhairt orthu. Tarraingíonn an phaindéim aird ar an tábhacht atá le breithnithe sláinte agus sábháilteachta in áiteanna oibre, go háirithe dóibh siúd atá i líne thosaigh na freagartha ar an ngéarchéim. Tugann an phaindéim spreagadh sa bhreis dlús a chur le hiarrachtaí chun oibrithe agus sochaithe a chosaint ar gach riosca ceirde a d'fhéadfadh a bheith ann agus, ar an dóigh sin, tionchar dearfach a imirt ar an bhfostaíocht agus ar an ngeilleagar.

D'fhonn Eoraip shóisialta láidir a thógáil tar éis na géarchéime, agus fad is atá geilleagar an Aontais ag teacht chuige féin, tá gá le feabhsuithe leanúnacha a bheidh dírithe ar chur le sábháilteacht agus shláintiúlacht na hoibre i gcás cách. Thairis sin, mar a leagtar amach sa Teachtaireacht “A strong social Europe for just transitions 4 [Eoraip shóisialta láidir le haghaidh aistrithe córa], sna bearta maidir le cosaint oibrithe, ní mór coinneáil suas le réimse leathan forbairtí sóisialta, eacnamaíocha agus teicniúla, agus san am céanna, cosaint leanúnach ar rioscaí traidisiúnta a áirithiú.

Tá gealltanas tugtha ag an gCoimisiún cheana, sa Teachtaireacht uaidh, go n‑athbhreithneoidh sé an straitéis um shábháilteacht agus sláinte ag an obair (SSC) chun aghaidh a thabhairt ar nochtadh do shubstaintí contúirteacha, d'fhonn ardchaighdeáin SSC an Aontais a choinneáil ar bun. I gColún Eorpach na gCeart Sóisialta 5 , a rinne Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún a fhógairt i gcomhpháirt le chéile ag an gCruinniú mullaigh sóisialta um phoist agus fás an 17 Samhain 2017, cumhdaítear an ceart atá ag oibrithe chun timpeallacht oibre atá sláintiúil, sábháilte agus dea-oiriúnaithe, lena n‑áirítear cosaint ar charcanaiginí. Sa Teachtaireacht uaidh maidir le “Safer and Healthier Work for All,” 6 [Obair níos Sábháilte agus níos Sláintiúla do Chách] cuireann an Coimisiún tábhacht mhór leis freisin nach mór don Aontas Eorpach leanúint de bheith ag déanamh infheistíocht sa tsábháilteacht agus sa tsláinte ag an obair agus gheall sé go gcuirfeadh sé dlús leis an gcomhrac in aghaidh na hailse ceirde trí thograí reachtaíochta. Leis an síneadh a cuireadh le déanaí leis an gcúnant Treochláir le haghaidh Carcanaiginí 7 , a síníodh in Heilsincí an 28 Samhain 2019, cruthaítear chomh maith go bhfuil líon suntasach páirtithe leasmhara fós tiomanta feabhas a chur ar chosaint oibrithe ar nochtadh do shubstaintí carcanaigineacha.

Chun cuidiú a thuilleadh cosaint níos fearr a thabhairt d'oibrithe, leanann an Coimisiún den phróiseas sin aige, eadhon de bheith ag nuashonrú na Treorach maidir le Carcanaiginí agus Só-ghineacha a thabhairt cothrom le dáta (“an Treoir” anseo feasta) 8 ionas go bhfanfaidh sé bord ar bhord le le forbairtí eolaíocha agus teicniúla nua agus tuairimí óna pháirtithe leasmhara a chur san áireamh. De bhun Airteagal 16 den Treoir, socrófar Teorainnluachanna um Nochtadh Ceirde (OELanna), ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena n‑áirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla, i dtaca leis na carcanaiginí nó na só-ghineacha sin uile ar féidir déanamh amhlaidh ina leith, in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir. Mar a fhoráiltear in Airteagal 17(1), féadfar Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir a leasú i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 153(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), i.e. gnáthnós imeachta reachtach.

Le cúpla bliain anuas, mhol an Coimisiún trí threoir lena leasaítear an Treoir. Ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na trí threoir sin i mí na Nollag 2017 9 , mí Eanáir 2019 10 agus mí an Mheithimh 2019 11 . Trí bhíthin na dtrí leasú sin, lenar tugadh aghaidh ar 26 shubstaint san iomlán, i measc rudaí eile, bhíothas in ann dhá OEL atá ann cheana a leasú, 22 OEL nua a thabhairt isteach agus nodaireacht craicinn 12 a shocrú le haghaidh an dá cheann eile (gan aon OEL a shocrú).

D'fhonn an ceathrú leasú seo ar an Treoir a mholadh, chuaigh an Coimisiún i mbun comhairliúchán dhá chéim leis na comhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais i mí Iúil 13 agus i mí na Samhna 2017 14 , i gcomhréir le hAirteagal 154 CFAE. Dhearbhaigh eagraíochtaí oibrithe agus fostóirí araon go bhfuil na trí shubstaint thíos an-ábhartha maidir le hoibrithe a chosaint agus mhol siad don Choimisiún leanúint den obair ullmhúcháin chun OELanna a bhunú do na carcanaiginí tosaíochta sin:

·Aicrilinítríl

·Comhdhúile nicile

·Beinséin

Rinne údaráis, eagraíochtaí fostóirí agus oibrithe na mBallstát an liosta sin a athdhearbhú faoi chuimsiú an Choiste Chomhairligh thrípháirtigh um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (ACSH) trína Mheitheal um Cheimiceáin (WPC) i gcomhréir lena shainordú ina n‑iarrann an Coimisiún ar WPC a bheith rannpháirteach go gníomhach i dtosaíochtaí a mholadh le haghaidh meastóireachtaí eolaíocha nua nó athbhreithnithe.

Faoi láthair, bíonn níos mó ná aon mhilliún oibrithe nochta d'aicrilinítríl, do chomhdhúile nicile nó do bheinséin. Mura nglactar beart ar leibhéal an Aontais, leanfaidh na hoibrithe sin de bheith i mbaol ailse a tholgadh nó fadhbanna sláinte tromchúiseacha a bheith acu. Tá faisnéis mhionsonraithe maidir leis na húsáidí éagsúla a bhaintear as na trí shubstaint sin agus an dóigh a mbíonn tionchar acu ar oibrithe, chomh maith leis na hearnálacha sonracha ina bhfuil oibrithe nochta dóibh ar fáil sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo.

Socraítear roinnt ceanglais íosta ghinearálta sa Treoir chun nochtadh le haghaidh na gcarcanaiginí agus na só-ghineach ar fad atá faoina raon feidhme a dhíothú nó a laghdú. Ní mór d'fhostóirí rioscaí i leith oibrithe a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí agus do shó-ghineacha sonracha san áit oibre a shainaithint agus a mheas, agus ní mór dóibh nochtadh a chosc i gcás inarb ann do rioscaí. Ní mór ionadú a dhéanamh le próiseas nó le hoibreán ceimiceach atá neamhghuaiseach nó a bhfuil níos lú guaise ag baint leis i gcás ina mbeidh sin indéanta go teicniúil. I gcás nach mbeidh ionadú indéanta go teicniúil, ní mór carcanaiginí ceimiceacha, a mhéid is féidir go teicniúil, a mhonarú agus a úsáid i gcóras dúnta chun nochtadh a chosc. I gcás nach mbeidh sin indéanta go teicniúil, ní mór nochtadh oibrithe a laghdú go leibhéal atá chomh híseal agus is féidir go teicniúil. Is é sin an oibleagáid íoslaghdaithe faoi Airteagal 5(2) agus Airteagal 5(3) den Treoir.

Chomh maith leis na ceanglais íosta ghinearálta sin, léirítear go soiléir sa Treoir gur dlúthchuid den sásra chun oibrithe a chosaint is ea socrú OELanna i leith bhealach ionanálaithe an nochta i gcás carcanaiginí agus só-ghineacha ar féidir sin a dhéanamh ina leith 15 . Is gá fós na luachanna sin a shocrú i gcás na n‑oibreán ceimiceach nach ann d'aon luach den sórt sin ina leith faoi láthair agus is gá iad a leasú nuair is féidir sin a dhéanamh i bhfianaise sonraí eolaíocha níos nuaí 16 . Socraítear OELanna do charcanaiginí nó do shó-ghineacha sonracha in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir.

Ach laghdú a dhéanamh ar nochtadh do charcanaiginí agus do shó-ghineacha san áit oibre trí OELanna a shocrú ar fud an Aontais, cuirtear go héifeachtach le cásanna ailse agus básanna de dheasca na hailse a chosc, chomh maith le fadhbanna sláinte neamhailseacha suntasacha eile arb iad na substaintí sin is cúis leo. Dá réir sin, cuirtear feabhas ar chosaint oibrithe trí fhad, cáilíocht agus táirgiúlacht saol oibre oibrithe Eorpacha a mhéadú agus trí leibhéal íosta cosanta a áirithiú ar fud an Aontais, cuirtear le táirgiúlacht agus iomaíochas an Aontais atá níos fearr, agus cuirtear feabhas ar an gcothroime iomaíochta le haghaidh gnólachtaí.

Is léir ar an bhfaisnéis atá ar fáil, lena n‑áirítear sonraí eolaíocha, nach mór Iarscríbhinn III a chur i gcrích le OELanna nua nó leasaithe le haghaidh na dtrí shubstaint charcanaigineacha. Dearbhaítear leis chomh maith an gá le nodaireachtaí craicinn le haghaidh aicrilinítríle agus beinséine chomh maith le nodaireacht le haghaidh íogrú craicinn 17 agus riospráide 18 le haghaidh comhdhúile nicile.

Ar an mbonn sin, tá sé beartaithe go ndéanfar bearta sonracha d'fhonn teorainnluachanna a bhunú in Iarscríbhinn III le haghaidh comhdhúile aicrilinítríle agus nicile, agus an OEL le haghaidh beinséine a leasú. Sa bhreis ar na OELanna sin, tá sé beartaithe freisin nodaireacht craicinn le haghaidh aicrilinítríle a chur le hIarscríbhinn III chomh maith le nodaireacht le haghaidh íogrú craicinn agus riospráide le haghaidh comhdhúile nicile. Coinnítear an nodaireacht craicinn atá ann faoi láthair le haghaidh beinséine chomh maith.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an tionscnamh seo i gcomhréir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a fógraíodh in 2017 19 , go háirithe a 10ú prionsabal lena gcumhdaítear ceart an oibrí chun timpeallacht oibre atá sláintiúil, sábháilte agus dea-oiriúnaithe i gceart. Trí OELanna nua nó leasaithe a shocrú, cuirtear le sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint ar ardleibhéal.

Tá an tionscnamh seo i gcomhréir leis an Teachtaireacht maidir le “Safer and Healthier Work for All,” 20 [Obair níos Sábháilte agus níos Sláintiúla do Chách] ina gcuireann an Coimisiún i bhfios go láidir nach mór don Aontas Eorpach leanúint de bheith ag déanamh infheistíocht sa tsábháilteacht agus sa tsláinte ag an obair agus gheall sé go gcuirfeadh sé dlús leis an gcomhrac in aghaidh na hailse ceirde trí thograí reachtacha.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Plean na hEorpa chun an Ailse a Chomhrac

Ina treoirlínte polaitiúla le haghaidh an Choimisiúin Eorpaigh 21 , d'aithin an tUachtarán von der Leyen gur féidir leis an Aontas Eorpach i bhfad níos mó a dhéanamh i dtaca leis an ailse agus gheall sí go gcuirfeadh sí plean de chuid an Aontais chun cinn chun an ailse a chomhrac. An 4 Feabhra 2020, ag an gcomhdháil Europe’s Beating Cancer Plan: Let’s Strive for More” [Plean an Aontais chun an Ailse a Chomhrac: Bímis ag cur lenár gCuspóirí Féin] a óstáladh i bParlaimint na hEorpa, sheol an Coimisiún comhairliúchán poiblí ar fud an Aontais ar Phlean na hEorpa chun an Ailse a Chomhrac.

Beidh Plean na hEorpa chun an Ailse a Chomhrac bunaithe ar cheithre cholún: cosc, fáthmheas luath, cóir leighis agus cúram leantach. Tá cuspóirí an cholúin coisc sa togra, amhail bearta chun laghdú a dhéanamh ar thosca riosca comhshaoil, mar shampla an truailliú agus an nochtadh do cheimiceáin, agus go háirithe an nochtadh do charcanaiginí san áit oibre.

Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

Tá cuspóirí an tionscnaimh ag teacht le hAirteagal 2 (Ceart chun na beatha) agus Airteagal 31 (An ceart chun dálaí oibre cothroma agus córa) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

Rialachán REACH

Sa Rialachán maidir le clárú, meastóireacht, údarú, agus srianadh ceimiceán (an Rialachán maidir le REACH) 22 , a tháinig i bhfeidhm in 2007, comhdhlúthaíodh agus forbraíodh roinnt codanna de reachtaíocht ceimiceán an Aontais, lena n‑áirítear na cinn sin a bhaineann le measúnú riosca agus le bearta bainistíochta riosca. Leis an Rialachán sin bunaítear, i measc rudaí eile, dhá chur chuige rialála ar leith de chuid an Aontais eile arb srianta agus údaruithe iad. Trí bhíthin srianta, tá an tAontas in ann coinníollacha a fhorchur maidir le monarú, cur ar an margadh agus/nó úsáid substaintí ina n‑aonar, i meascán nó i dtáirge, agus trí bhíthin dhearadh na n‑údaruithe is féidir a áirithiú go rialaítear ar dhóigh chuí an riosca ó shubstaintí arb údar mór imní iad (SVHCanna) agus, ag an am céanna, go gcuirtear chun cinn an obair chun malartaigh oiriúnacha a bheidh inmharthana ón taobh geilleagrach agus ón taobh teicniúil de a chur in ionad na substaintí sin de réir a chéile 23 .

Tá na forálacha de Rialachán REACH infheidhme maidir le húdarú agus/nó srianadh na substaintí ceimiceacha atá á mbreithniú sa togra seo mar a leanas:

·Srian: cur ar an margadh agus úsáid beinséine agus a meascán le beagán díolúiní, cur ar an margadh agus úsáid nicile agus a chomhdhúl i seodra agus i dtáirgí a bheartaítear a bheith i dtadhall leis an gcraiceann, cur ar an margadh aicrilinítríle agus a mheascán nó a n‑úsáid le soláthar don phobal i gcoitinne.

·Údarú: níl aon cheann de na substaintí thuasluaite faoi réir údaraithe faoi Rialachán REACH.

Tá an Treoir agus Rialachán REACH comhlántach de réir dlí. Le Treoir Réime SSC 89/391/CEE 24 leagtar síos na príomhphrionsabail chun rioscaí ceirde a chosc agus chun cosaint orthu agus tá feidhm aici maidir leis na hearnálacha gníomhaíochtaí uile. Leis sin déantar foráil maidir lena fheidhm gan dochar d'fhorálacha náisiúnta agus d'fhorálacha an Aontais atá ann faoi láthair nó a bheidh ann amach anseo atá níos fabhraí do shláinte agus sábháilteacht oibrithe ag an obair a chosaint. Glacadh sraith Treoracha aonair i réimse SSC ar bhonn Airteagal 16 de Treoir Réime SSC (lena n‑áirítear an Treoir). Sonraítear i Rialachán REACH dá réir sin go bhfuil feidhm aige gan dochar do reachtaíocht maidir le cosaint oibrithe, lena n‑áirítear an Treoir.

Sa chomhthéacs ina bhfuil an Treoir agus Rialachán REACH á bhfeidhmiú go comhlántach is den chiall é teorainnluachanna a mholadh faoin Treoir ar na cúiseanna seo a leanas:

Cumhdaítear aon úsáid carcanaigine nó só-ghinigh san áit oibre le linn a saolré iomlán sa Treoir, agus cumhdaítear nochtadh oibrithe do na hoibreáin sin a scaoiltear trí aon ghníomhaíocht oibre, cibé acu a táirgeadh nó nár táirgeadh d'aon turas iad, agus cibé acu atá nó nach bhfuil siad ar fáil ar an margadh.

Baineann an measúnú riosca a dhéanann na fostóirí faoi Threoir 2004/37/CE leis an láthair oibre agus baineann sé go sonrach le próiseas agus ba cheart a chur san áireamh ann nochtadh comhiomlánaithe oibrithe le linn a ngníomhaíochtaí oibre do gach carcanaigin agus só-ghineach atá san áit oibre.

Déantar OELanna a shocrú do charcanaiginí agus do shó-ghineacha trí bhíthin próiseas láidir – ag dul tríd an gcomhreachtóir ar deireadh lena nglacadh – bunaithe ar fhaisnéis atá ar fáil, lena n‑áirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla agus comhairliúchán le páirtithe leasmhara.

Tá OELanna mar chuid thábhachtach den Treoir agus den chur chuige níos leithne maidir le SSC chun rioscaí ceimiceacha a bhainistiú.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Déantar foráil in Airteagal 153(2)(b) CFAE go bhféadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, “trí bhíthin treoracha, ceanglais íosta a chuirfear chun feidhme de réir a chéile a ghlacadh sna réimsí dá dtagraítear i bpointí 1(a) go (i) [d'Airteagal 153 CFAE], ag féachaint do na dálaí agus do na rialacha teicniúla i ngach ceann de na Ballstáit. Staonfar sna treoracha sin ó shrianta riarthacha, airgeadais agus dlíthiúla a fhorchur a bheadh ina mbac ar bhunú nó ar fhorbairt gnóthas beag agus meánmhéide”. Sonraítear in Airteagal 153(1)(a) CFAE go dtacóidh an tAontas le gníomhaíochtaí na mBallstát agus go gcomhlánóidh sé iad sa réimse a bhaineann leis “an timpeallacht oibre go háirithe a fheabhsú d'fhonn sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint”.

Glacadh Treoir 2004/37/CE ar bhonn Airteagal 153(2)(b) CFAE agus é d'aidhm aici sláinte agus sábháilteacht oibrithe a fheabhsú. Déantar foráil in Airteagal 16 maidir le teorainnluachanna a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 153(2) CFAE maidir leis na carcanaiginí nó na só-ghineacha sin ar fad ar féidir é seo a dhéanamh ina leith.

Tá sé mar chuspóir ag an togra seo an leibhéal cosanta sláinte oibrithe a neartú i gcomhréir le hAirteagal 153(1)(a) CFAE, i bhfoirm teorainnluachanna nua nó leasaithe chomh maith le nodaireachtaí in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir. Dá bhrí sin, is é Airteagal 153(2)(b) CFAE an bunús ceart dlí atá leis an togra ón gCoimisiún.

De bhun Airteagal 153(2) CFAE, is gné den bheartas sóisialta é go háirithe an timpeallacht oibre a fheabhsú chun sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint, gné den bheartas sóisialta ina roinneann an tAontas inniúlacht leis na Ballstáit.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

De bhrí go bhfuil rioscaí do shláinte agus sábháilteacht oibrithe mórán ar aon dul le chéile ar fud an Aontais, tá ról soiléir ag an Aontas maidir le tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin.

Léiríonn sonraí a bailíodh le linn na hoibre ullmhúcháin difríochtaí leathana sna Ballstáit maidir le teorainnluachanna a shocrú do na carcanaiginí a chuimsítear faoin togra seo 25 . Tá teorainnluachanna ceangailteacha bunaithe cheana féin ag cuid de na Ballstáit, teorainnluachanna atá ag an luach céanna nó ag luach níos ísle ná na luach atá molta ag ACSH. Léiríonn an méid sin gur féidir beart náisiúnta aontaobhach a dhéanamh maidir le teorainnluach a shocrú do na hoibreáin cheimiceacha sin. Mar sin féin, in a lán cásanna tá teorainnluachanna ag Ballstáit a thugann cosaint níos lú do shláinte oibrithe ná an luach a chuirtear ar aghaidh sa togra seo. I gcásanna áirithe eile, níl aon teorainnluach ag Ballstáit le haghaidh na gcarcanaiginí sin. Chomh maith leis sin, nuair is ann do theorainnluachanna náisiúnta, bíonn difríochtaí suntasacha eatarthu, a mbíonn leibhéil dhifriúla chosanta de thoradh na dteorainnluachanna sin.

I ndálaí den sórt sin, ní féidir ceanglais íosta maidir le cosaint sláinte oibrithe ar na rioscaí a eascraíonn as nochtadh do na carcanaiginí seo a áirithiú do gach oibrí den Aontas i ngach Ballstát trí bhearta a dhéanann na Ballstáit ar a gconlán féin.

Le leibhéil éagsúla chosanta, d'fheadfadh sé go dtabharfaí dreasachtaí do chuideachtaí a saoráidí táirgthe a lonnú i mBallstáit ina bhfuil na ceanglais níos ísle. I ngach cás, bíonn tionchar ag difríochtaí i gceanglais saothair ar an iomaíochas, mar go ngearrtar costais éagsúla ar oibreoirí. Is féidir an tionchar sin ar an margadh aonair a laghdú má bhunaítear ceanglais íosta shoiléire shonracha ar leibhéal an Aontais chun oibrithe a chosaint sna Ballstáit.

Dá réir sin, is gá beart a ghlacadh ar leibhéal an Aontas chun cuspóirí an togra seo a bhaint amach i gcomhréir le hAirteagal 5(3) CAE. Ní féidir an Treoir a leasú ach amháin ar leibhéal an Aontais agus i ndiaidh comhairliúchán dhá chéim leis na comhpháirtithe sóisialta (i dtaca le bainistíocht agus saothar) i gcomhréir le hAirteagal 154 CFAE.

Comhréireacht

Glactar céim chun cinn leis an togra seo maidir leis na cuspóirí a socraíodh chun dálaí oibre agus maireachtála oibrithe a fheabhsú.

Maidir leis na teorainnluachanna atá beartaithe, cuireadh tosca indéantachta socheacnamaíocha san áireamh i ndiaidh dianphlé leis na páirtithe leasmhara ar fad (ionadaithe eagraíochtaí oibrithe, ionadaithe eagraíochtaí fostóirí agus ionadaithe rialtas).

I gcomhréir le hAirteagal 153(4) CFAE, le forálacha an togra seo, ní chuirtear cosc ar aon Bhallstát bearta cosanta níos déine a choinneáil ná a thabhairt isteach atá comhoiriúnach do na Conarthaí, i bhfoirm teorainnluachanna níos ísle mar shampla. Le hAirteagal 153(3) CFAE, tugtar an deis do na Ballstáit cur chun feidhme na dtreoracha arna nglacadh de bhun Airteagal 153(2) CFAE a chur ar iontaoibh lucht bainistíochta agus saothair, arna iarraidh sin go comhpháirteach dóibh, agus urraim á tabhairt, ar an gcaoi sin, do shocruithe náisiúnta seanbhunaithe rialála sa réimse sin.

Dá bhrí sin, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 5(4) CAE, ní théann an togra seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

An rogha ionstraime

Sonraítear in Airteagal 153(2)(b) CFAE gur féidir ceanglais íosta sa réimse cosanta sláinte agus sábháilteachta oibrithe a ghlacadh “trí bhíthin treoracha”.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Sa mheastóireacht ex-post ar Threoracha an Aontais Eorpaigh maidir le sábháilteacht agus sláinte 26 (an mheastóireacht a rinneadh faoi REFIT) cuirtear i bhfios go láidir go bhfuil ceimiceáin den aicme carcanaiginí agus só-ghineach fós á monarú ar fud an Aontais. Bíonn oibrithe a bhaineann leis an bpróiseas monaraithe agus úsáideoirí iartheachtacha nochta dóibh chomh maith. Léiríonn príomhchonclúidí na meastóireachta go meastar go bhfuil an Treoir an-ábhartha. I ngeall ar ábhair imní a chuir na grúpaí páirtithe leasmhara in iúl sa mheastóireacht agus sna Tuarascálacha Náisiúnta maidir le Cur Chun Feidhme, ba cheart a chur san áireamh an gá atá le teorainnluachanna le haghaidh substaintí a ghlacadh. Ba cheart bainistiú riosca i leith ceimiceán a bheith níos fearr amach anseo agus ba cheart cosaint sláinte agus sábháilteachta oibrithe a bheith feabhsaithe de thoradh an Treoir a leasú trí OELanna a shocrú nó a leasú le haghaidh trí shubstaint.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Comhairliúchán dhá chéim leis na comhpháirtithe sóisialta Eorpacha i gcomhréir le hAirteagal 154 CFAE

In 2017 27 , rinne an Coimisiún comhairliúchán dhá chéim leis na páirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais de bhun Airteagal 154(2) CFAE. Dúnadh an chéad chéim den chomhairliúchán leis na comhpháirtithe sóisialta an 30 Meán Fómhair 2017 agus sainaithníodh trí shubstaint le haghaidh an tionscnaimh seo. Dúnadh an dara céim den chomhairliúchán an 22 Nollaig 2017 agus dearbhaíodh go raibh aghaidh le tabhairt ar na trí shubstaint sin sa tionscnamh seo.

A bhuí leis an gcomhairliúchán sin, bhíothas in ann tuairimí ó na comhpháirtithe sóisialta a bhailiú maidir leis an treo féideartha agus le hinneachar ghníomhaíocht an Aontais a d'fhéadfadh a bheith ann i dtaca le bunú agus/nó leasú OELanna ceangailteacha in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir, chomh maith le hathbhreithnithe ar an Treoir amach anseo.

Dearbhaíodh i dtorthaí na chéad chéime den chomhairliúchán gur ghá beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais chun caighdeáin níos fearr a thabhairt isteach ar fud an Aontais, agus chun dul i ngleic le cásanna a bhaineann le nochtadh oibrithe.

D'aithin na trí eagraíocht oibrithe 28 a thug freagra ar an gcomhairliúchán go raibh tábhacht leis an reachtaíocht atá ann cheana agus gur ghá gníomhaíocht bhreise a dhéanamh. Tríd is tríd, d'aontaigh siad leis na saincheisteanna a bhfuil cur síos déanta orthu sa doiciméad comhairliúcháin agus dhearbhaigh siad a thábhachtaí a bhí sé oibrithe a chosaint ar na rioscaí sláinte a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí agus do shó-ghineacha, agus leag siad béim ar an ngá a bhí le OELanna nua nó leasaithe a chur san áireamh go leanúnach in Iarscríbhinn III.

Thacaigh na ceithre eagraíocht fostóirí 29 a thug freagra ar an gcomhairliúchán leis an gcuspóir sin oibrithe a chosaint go héifeachtach ar an ailse cheirde, lena n‑áirítear trí OELanna ceangailteacha a shocrú ar leibhéal an Aontais. Maidir leis na saincheisteanna a sainaithníodh sa pháipéar comhairliúcháin, thacaigh na fostóirí i bprionsabal le tuilleadh leasuithe a dhéanamh ar an Treoir, faoi réir coinníollacha áirithe. Tá siad den tuairim gur cheart OELanna ceangailteacha a shocrú le haghaidh substaintí tosaíochta amháin. Ba cheart an próiseas a bhaineann le OELanna a shocrú a bheith bunaithe ar fhianaise eolaíoch fhónta, indéantacht theicniúil eacnamaíoch, measúnú tionchair shocheacnamaíoch agus tuairim ó ACSH trípháirteach.

Dúnadh an dara céim de chomhairliúchán leis na comhpháirtithe sóisialta an 22 Nollaig 2017. Sa doiciméad comhairliúcháin le haghaidh an dara céim, breithníodh na bealaí a bhféadfaí feabhas a chur ar chosaint oibrithe ar charcanaiginí nó ar shó-ghineacha trí ghníomhaíocht an Aontais.

D'aithin na trí eagraíocht oibrithe 30 a thug freagra ar an gcomhairliúchán ar an dara céim an tábhacht a bhain leis an gcreat reachtach atá ann cheana a fheabhsú a thuilleadh i gcomhréir leis an ngníomhaíocht bheartaithe ón gCoimisiún agus thairis sin d'fhonn dul i ngleic go leanúnach leis na rioscaí arb ann dóibh de dheasca nochtadh do charcanaiginí agus do shó-ghineacha. Luaigh siad arís gur ghá cuspóir a ghnóthú faoi 2020, is é sin, an cuspóir a bhaineann le 50 OEL a shocrú do charcanaiginí agus do shó-ghineacha.

Maidir leis na ceithre eagraíocht fostóirí 31 a thug freagra ar an gcomhairliúchán ar an dara céim, dhearbhaigh siad go bhfuil siad ag tacú le gníomhaíochtaí a bhfuil sé d'aidhm acu oibrithe a chosaint go héifeachtach ar an ailse cheirde, lena n‑áirítear OELanna ceangailteacha a shocrú ar leibhéal an Aontais, ach leag siad béim ar an ngá a bhaineann le luachanna comhréireacha a áirithiú ar féidir iad a chur chun feidhme i dtéarmaí teicniúla. Cé gur mheas fostóirí gur bhain critéir an Choimisiúin maidir le substaintí a chur in ord tosaíochta le hábhar, mhol siad go háirithe gur cheart na critéir a bhaineann le hindéantacht theicniúil eacnamaíoch a chur san áireamh freisin.

De thoradh na gcomhairliúchán sin leis na comhpháirtithe sóisialta, measadh gurbh iomchuí OELanna nua nó leasaithe a chur isteach le haghaidh na dtrí charcanaigin trí bhíthin an ceathrú leasú a dhéanamh ar an Treoir.

Comhairliúchán an Choiste Chomhairligh um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair

Ar bhonn rialta, téitear i gcomhairle le ACSH, atá comhdhéanta de thriúr lánchomhaltaí in aghaidh an Bhallstáit, a dhéanann ionadaíocht ar na rialtais náisiúnta agus ar eagraíochtaí oibrithe agus fostóirí. Agus ionchur ón gCoiste Comhairleach um Measúnú Riosca (RAC) de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (ECHA) chomh maith le tosca socheacnamaíocha agus indéantachta á gcur san áireamh aige, tugann sé tuairimí a úsáidtear chun an togra ón gCoimisiún a ullmhú.

Ghlac ACSH tuairimí i dtaca le haicrilinítríl 32 , comhdhúile nicile 33 , agus beinséin 34 faoi chuimsiú an leasaithe seo ar an Treoir, is é sin an ceathrú leasú ar an Treoir. Tá ACSH ag beartú, mar chuir chuige a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh na gceimiceán sin, OEL ceangailteach amháin nó níos mó le nodaireachtaí breise dóibh uile. Cé nach bhfuiltear ag beartú Teorainnluachanna Bitheolaíocha (BLVanna) faoi CMD, chomhaontaigh ACSH ar fhiúntas an bhithfhaireacháin le haghaidh beinséine agus maidir le BLV le haghaidh aicrilinítríle mar a mhol RAC.

Bailiú agus úsáid saineolais

Le linn don Choimisiún teorainnluachanna a athbhreithniú nó a shocrú faoin Treoir, leanann sé nós imeachta sonrach a bhaineann le comhairle eolaíoch a iarraidh agus le dul i gcomhairle le ACSH. Tá ríthábhacht le bonn eolaíoch fónta chun a bheith mar thaca ag aon ghníomhaíocht maidir le sábháilteacht agus sláinte cheirde, go háirithe i ndáil le carcanaiginí agus le só-ghineacha. Maidir leis an méid sin, ag cur comhairle choiteann eolaíoch san áireamh agus i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal “Safer and Healthier Work for All 35 [Obair níos Sábháilte agus níos Folláine do Chách] an 10 Eanáir 2017, tá comhairle á hiarraidh ag an gCoimisiún ó Choiste um Measúnú Riosca (RAC) na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (ECHA).

Forbraíonn RAC eolas comparáideach anailíseach ardchaighdeáin agus áirithíonn sé go bhfuil tograí, cinntí agus beartas ón gCoimisiún a bhaineann le cosaint sláinte agus sábháilteacht oibrithe ag an obair bunaithe ar fhianaise eolaíoch fhónta. Is saineolaithe ardcháilíochta, speisialaithe, neamhspleácha iad comhaltaí RAC a roghnaítear ar bhonn critéir oibiachtúla. Cuireann siad tuairimí ar fáil don Choimisiún atá cabhrach chun beartas an Aontais a fhorbairt maidir le hoibrithe a chosaint.

Le haghaidh an tionscnaimh seo, chuir RAC trí thuairim eolaíocha ar fáil maidir le OELanna le haghaidh aicrilinítríle 36 , comhdhúile nicile 37 , agus beinséine 38 , agus sna tuairimí sin déantar meastóireacht ar éifeachtaí sláinte oibreán ceimiceach ar oibrithe bunaithe ar fhianaise eolaíoch fhónta. Thug RAC cúnamh don Choimisiún, go háirithe, leis na sonraí eolaíocha is nuaí atá ar fáil a mheas agus le OELanna a mholadh chun oibrithe a chosaint ar rioscaí ceimiceacha, a bheidh le socrú ar leibhéal an Aontais de bhun na Treorach. Cé nach mbeartaítear Teorainnluachanna Bitheolaíocha (BLVanna) faoi CMD, mhol RAC BLVanna le haghaidh aicrilinítríle agus beinséine.

I ndiaidh comhairliúchán dhá chéim leis na comhpháirtithe sóisialta Eorpacha, sheol an Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú, ard-stiúrthóireacht de chuid an Choimisiún, glao oscailte ar thairiscintí an 9 Bealtaine 2018 39 . Ba é is aidhm leis sin measúnú a dhéanamh ar an tionchar sóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil i dtaobh roinnt roghanna beartais a bhaineann le sláinte oibrithe a chosaint ar rioscaí a eascraíonn as nochtadh a d'fhéadfadh a bheith ann do líon áirithe substaintí san áit oibre, lena n‑áirítear aicrilinítríl, comhdhúile nicile, agus beinséin. Cuireadh tús leis an gconradh an 3 Meán Fómhair 2018 agus mhair sé 11 mhí. Ba é an príomhfhoras a bhí leis an tuarascáil um measúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo toradh an staidéir sin.

Measúnú tionchair

Tá measúnú tionchair ina thaca ag an togra seo. D'athbhreithnigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála an tuarascáil ar an measúnú tionchair an 27 Bealtaine 2020. Fuair sé tuairim dhearfach le forchoimeádais. Tugadh aghaidh orthu sin ina dhiaidh sin sa Tuarascáil ar an Measúnú Tionchar deiridh.

Rinneadh scrúdú ar na roghanna seo a leanas i gcomhair teorainnluachanna agus/nó nodaireachtaí éagsúla (nodaireacht craicinn, agus íogrú riospráide agus craicinn) do gach ceann de na trí charcanaigin:

·Cás bonnlíne nuair nach dtarlaíonn aon ghníomhaíocht bhreise AE do gach oibreán cheimiceach sa tionscnamh sin (rogha 1).

·I dteannta an cháis bonnlíne, breithníodh tuairimí le haghaidh OELanna ar an leibhéal a mhol ACSH agus ar phointí tagartha breise (e.g. an teorainnluach is déine a úsáidtear sna Ballstáit, OELanna a tháirgeann RAC)

Caitheadh roinnt roghanna eile i dtraipisí go luath ós rud é gur measadh gur roghanna díréireacha iad nó nach raibh an éifeacht chéanna leo chun cuspóirí an tionscnaimh seo a bhaint amach. Baineann na roghanna a caitheadh i dtraipisí leis an mbealach chun OELanna a shocrú, nó le rogha ionstraime eile, nó le tacú FBManna. An toirmeasc ar úsáid oibreán ceimiceach carcanaigineach agus glacadh OEL an-dian ar fad i measc Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, caitheadh na roghanna sin i dtraipisí, roghanna a bhaineann leis an mbealach chun OELanna a shocrú. Ar na hionstraimí eile a breithníodh bhí faisnéis a bhaineann go sonrach leis an tionscal gan an Treoir a leasú, ionstraimí margadh-bhunaithe, féinrialáil an tionscail, rialachán faoi ionstraimí eile de chuid an Aontais (REACH) agus treoirdhoiciméid. Sa bhreis air sin, caitheadh i dtraipisí an rogha réitigh a ghlacadh le haghaidh FBManna ós rud é nach mbeadh líon suntasach oibrithe an Aontais cumhdaithe leis an Treoir seo.

Rinneadh anailís ar an tionchar eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil atá ag na roghanna beartais éagsúla do gach oibreán ceimiceach. Léirítear torthaí an staidéir sa Mheasúnú Tionchair a ghabhann leis an togra seo. Rinneadh an chomparáid idir na roghanna beartais agus rinneadh an rogha thosaíochta ar bhonn na gcritéar seo a leanas: éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas. Rinneadh na costais agus na sochair a ríomh thar thréimhse 60 bliain, i gcomhréir le hualach na hailse amach anseo a measadh thar an tréimhse chéanna, chun tréimhse folaigh na hailse a chur san áireamh mar is iomchuí. Rinneadh gach beart anailíseach i gcomhréir leis na Treoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr 40 .

Na bearta a tháinig as tuairimí ACSH, coinníodh iad agus rinneadh forálacha reachtaíochta díobh i leith na n‑oibreán ceimiceach uile sa togra seo, lena n‑áirítear tréimhsí idirthréimhseacha le haghaidh na dtrí shubstaint. Mar gheall ar na bearta idirthréimhseacha sin, beidh níos mó ama ag cuideachtaí chun na hinfheistíochtaí is gá dhéanamh agus cosaint oibrithe a fheabhsú cheana. Go deimhin, cé go meastar go mbeidh an costas bliantúlaithe in aghaidh na cuideachta inbhuanaithe, tharlódh an chuid is mó de na hinfheistíochtaí i mbearta bainistithe riosca (RMManna) go luath sa tréimhse 60 bliain a breithnítear sna ríomhanna. Maidir le haicrilinítríl agus beinséin, beidh feidhm ag an OEL tar éis idirthréimhse 4 bliana a thosóidh ó theacht i bhfeidhm na Treorach seo. De bhreis air sin, beidh feidhm ag OEL idirthréimhseach ó dhá bhliain go ceithre bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo. Meastar go bhfuil gá leis na bearta idirthréimhseacha agus go bhfuil siad leordhóthanach ionas gur féidir le comhlachtaí na hinfheistíochtaí is gá a dhéanamh. I gcás sonrach comhdhúile nicile, beidh feidhm ag na bearta idirthréimhseacha go dtí an 17 Eanáir 2025 ionas gur féidir ailíniú leis na bearta idirthréimhseacha a glacadh le haghaidh cróimiam VI 41 a áirithiú, a mbeidh feidhm acu go dtí an 17 Eanáir 2025 chomh maith. Go deimhin, is minic a bhíonn an dá ghrúpa substaintí (comhdhúile nicile agus comhdhúile cróimiam VI) sna hearnálacha céanna agus is minic a bhíonn siad sna próisis chéanna. Mar a mhol ACSH d'aon ghuth 42 , ní mór laghdú an nochta do chomhdhúile nicile agus do chomhdhúile cróimiam VI a chomhordú agus ba thairbheach úsáid a bhaint as sineirgí chun sin a dhéanamh. Bunaithe ar an anailís ar an moladh thuas agus ar na sonraí a thagann as an staidéar seachtrach, measann an Coimisiún gurb iomchuí idirthréimhsí a bhunú le haghaidh na dtrí shubstaint

Tionchar ar oibrithe

Maidir leis an tionchar ar oibrithe, ba cheart go rachadh an tionscnamh seo ar sochar dóibh i dtéarmaí cásanna ailse agus galair thromchúiseacha eile a sheachnófaí a bhaineann leis an obair de thoradh an tionscnaimh seo, agus laghdú á dhéanamh ar éifeachtaí amhail oibrithe agus a dteaghlaigh faoina gcúram a bheith ag fulaingt, cáilíocht saoil laghdaithe nó an fholláine a bheith go dona.

Tá coinne leis na tairbhí is mó is féidir a mheasúnú i gcás comhdhúile nicile agus beinséine. Go deimhin, d'eascródh an méid seo a leanas as an rogha a coinníodh:

·Aicrilinítríl: dhéanfaí suas le 12 chás ailse inchinne, 408 gcás greannú sróine a chosc, rud a bheadh ina bhuntáiste sláinte a bhfuil luach airgid de €440 000-€5 800 000 curtha air.

·Comhdhúile nicile: dhéanfaí 133 chás ailse scamhóg, 702 chás galrachta scamhóg agus 80 cás breith anabaí a chosc, agus rud a bheadh ina bhuntáiste sláinte a bhfuil luach airgid de €72-92 mhilliún curtha air.

·Beinséin: dhéanfaí 182 chás leoicéime agus 189 gcás leocaicíteaipéine a chosc, agus bheadh sé ina bhuntáiste sláinte a bhfuil luach airgid de €121-198 milliún curtha air.

Tionchar ar fhostóirí

Maidir leis an tionchar ar fhostóirí, d'fhéadfadh costais níos airde le haghaidh cuideachtaí eascairt as an tionscnamh seo, ar cuideachtaí iad nach mór dóibh bearta cosanta agus coisctheacha breise a chur i bhfeidhm. Is cuid bheag de láimhdeachas cuideachtaí a bheidh sna hinfheistíochtaí sin, áfach. De bhreis air sin, beidh infheistíochtaí i mbearta cosanta ina gcuidiú ag cuideachtaí chun na costais a bhaineann le neamhláithreacht pearsanra agus táirgiúlacht laghdaithe a sheachaint a bhféadfadh drochshláinte a bheith ina cúis leis murach sin.

De bhreis air sin, déantar foráil maidir leis na trí shubstaint sin ionas go mbeidh níos mó ama ag cuideachtaí chun na hinfheistíochtaí is gá a dhéanamh agus cosaint oibrithe á feabhsú acu cheana. Go deimhin, cé go meastar go mbeidh an costas in aghaidh na cuideachta inbhuanaithe, tharlódh an chuid is mó de na hinfheistíochtaí i mbearta bainistithe riosca (RMManna) go luath sa tréimhse 60 bliain a breithnítear sna ríomhanna.

Ní ghabhann oibleagáidí faisnéise leis an togra agus ní thiocfaidh méadú ar ualaí riaracháin fiontar dá bhrí sin.

Tionchar ar an gcomhshaol

Maidir leis an tionchar ar an gcomhshaol, ní dhéanfar aerálaithe ionsúite áitiúla a shuiteáil a thuilleadh de bharr OEL le haghaidh aicrilinítríl a thabhairt isteach (LEVanna), rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le hastaíochtaí méadaithe san aer. Ní mheastar go mbeidh aon cheann de na RMManna a d'fhéadfadh a bheith ann chun an rogha thosaíochta le haghaidh aicrilinítríle a chomhlíonadh ina gcúis le hathruithe suntasacha i scaoileadh aicrilinítríle san uisce. Níor cheart go n‑athródh scaoilte iomlána comhdhúile nicile sa chomhshaol go suntasach de thoradh an rogha thosaíochta le haghaidh comhdhúile nicile a thabhairt isteach. Dá bhrí sin, ní bhainfidh scaoilte níos airde sa chomhshaol de dheasca OEL a shocrú le haghaidh aicrilinítríle agus comhdhúile nicile ar fud an Aontais agus ní bheidh aon tionchar aige sin. Maidir le beinséin, trí OEL atá ann faoi láthair a ísliú ar leibhéal an Aontais, laghdófar na hastaíochtaí éalaitheacha nó idirleata i roinnt earnálacha fiú.

Tionchar ar na Ballstáit/údaráis náisiúnta

Maidir leis an tionchar ar na Ballstáit/údaráis náisiúnta, beidh tionchar níos lú ar na Ballstáit ag a bhfuil OELanna bunaithe ar leibhéal na dteorainnluachanna a shocraítear sa tionscnamh seo ná mar a bheidh ar na Ballstáit a bhfuil OEL níos airde i bhfeidhm acu nó nach bhfuil aon OEL i bhfeidhm acu. Cé nach ionann na costais riaracháin agus forfheidhmiúcháin ó Bhallstát go Ballstát eile, níor cheart go mbeadh an difear mór eatarthu. D'fhéadfadh údaráis costais riaracháin bhreise a thabhú maidir leis an riachtanas a bhaineann le faisnéis agus oiliúint a sholáthar don fhoireann chomh maith le hathbhreithniú a dhéanamh ar sheicliostaí comhlíontachta. Mar sin féin, is costais bheaga iad sin i gcomparáid leis na costais fhoriomlána feidhmiúcháin arna dtabhú ag údaráis forfheidhmiúcháin náisiúnta.

Bunaithe ar an taithí a bailíodh ó obair Choiste na gCigirí Sinsearacha Saothair (SLIC) agus ag féachaint don chaoi a ndéantar gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin a eagrú sna Ballstáit éagsúla, ní dócha go mbeadh aon tionchar ag baint le tabhairt isteach teorainnluachanna nua sa Treoir ar na costais fhoriomlána a bhaineann le cuairteanna cigireachta. Is iondúil go ndéantar iad a phleanáil go neamhspleách ar an togra, agus is minic a dhéantar sin de dhroim gearáin a fuarthas le linn bliain ar leith agus/nó de réir na straitéisí cigireachta arna sainiú ag údarás ar leith, ina bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar thionscail ábhartha ina bhfuil na ceimiceáin lena mbaineann. Ba cheart a lua freisin go n‑éascaíonn OELanna obair cigirí, trí uasleibhéil nochta a thabhairt isteach mar go soláthraítear uirlis úsáideach i gcomhair seiceálacha comhlíontachta.

De bhreis air sin, ba cheart go rannchuideodh an tionscnamh seo le caillteanas airgeadais a mhaolú ó thaobh chórais slándála sóisialta agus cúraim sláinte na mBallstát de, tríd an droch-shláinte a chosc. Meastar fiú go mbeidh na buntáistí le haghaidh údaráis phoiblí níos airde ná na costais.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Tionchar ar FBManna

Níl córais níos éadroime sa togra seo do mhicrifhiontair ná do FBManna. Faoin Treoir, maidir leis an oibleagáid a bhaineann leis na rioscaí a eascraíonn as nochtadh ceirde do charcanaiginí nó do shó-ghineacha a dhíothú nó a laghdú a mhéad is féidir, níl FBManna saor ón oibleagáid sin.

Is ann do OELanna ar an leibhéal náisiúnta cheana do roinnt de na carcanaiginí a chumhdaítear faoin tionscnamh seo, fiú má tá difríochtaí sna leibhéil féin idir Ballstáit. Níor cheart aon tionchar a bheith ag bunú na dteorainnluachanna dá bhforáiltear sa togra seo ar na FBManna sin atá suite/lonnaithe sna Ballstáit sin ina bhfuil na teorainnluachanna náisiúnta ar aon dul leis na luachanna atá beartaithe nó níos ísle ná iad. Mar sin féin, beidh tionchar eacnamaíoch ar na Ballstáit sin (agus ar oibreoirí eacnamaíocha atá lonnaithe iontu) a bhfuil teorainneacha um nochtadh ceirde níos airde bunaithe iontu faoi láthair do na carcanaiginí atá faoi réir an togra seo.

Cé gur cuideachtaí móra iad na cuideachtaí a úsáideann aicrilinítríl den chuid is mó, bíonn go leor FBManna na dtionscadal ábhartha ag déileáil le comhdhúile nicile agus beinséin. Le haghaidh na substaintí uile a chuirtear san áireamh sa tionscnamh seo, ní bheidh na hinfheistíochtaí a bhfuil gá leo le haghaidh FBManna ach ina gcuid an-bheag de láimhdeachas na FBManna sna 60 bliain le teacht. Ní bheidh deacrachtaí chun an rogha thosaíochta a chomhlíonadh ach ag líon an-bheag FBManna a bhaineann le comhdhúile nicile a úsáid. Ar an gcúis sin, áirítear idirthréimhsí a bhfuil sé d'aidhm acu na dúshláin a mhaolú i bpacáiste na roghanna tosaíochta.

Tionchar ar iomaíochas an Aontais nó ar thrádáil idirnáisiúnta

Beidh tionchar dearfach ag an tionscnamh ar an iomaíocht laistigh den mhargadh inmheánach trí dhifríochtaí iomaíochais a laghdú idir gnólachtaí a oibríonn sna Ballstáit a bhfuil OELanna náisiúnta difriúla acu agus trí níos mó deimhneachta a chur ar fáil maidir le teorainn nochta in-fhorfheidhmithe ar fud an Aontais.

Cé go mbeidh na OELanna níos déine ná OELanna i roinnt de príomhthíortha iomaitheoirí an Aontais Eorpaigh de thoradh an tionscnaimh seo, níor cheart tionchar suntasach a bheith aige sin ar iomaíochas seachtrach ghnólachtaí an Aontais. Mar a luadh thuas, ní costais shuntasacha a bhíonn sna costais bhreise in aghaidh an ghnólachta den chuid is mó.

De bhreis air sin, ní gá gur féidir OELanna a bunaíodh i dtíortha nach tíortha de chuid an Aontais a chur i gcomparáid le teorainnluachanna an Aontais Eorpaigh. Tá difríochtaí suntasacha idir modhanna le OELanna a shocrú agus a chur chun feidhme i ndlínsí difriúla dá thoradh sin, mar shampla, cuir chuige dhifriúla cibé acu is féidir tosca socheacnamaíocha a chur san áireamh nó nach féidir agus cén chaoi iad a chur san áireamh, difríochtaí idir in-fhorghníomhaíocht dhlíthiúil nó ionchais maidir le comhlíontacht, úsáid fianaise eolaíche agus modha anailíse, caidreamh tionsclaíoch agus róil atá ag tionscal, ionadaithe oibrithe agus eile. Dá thoradh sin, ba cheart a bheith go mór san airdeall agus comparáidí á ndéanamh agus conclúidí á dtarraingt suas maidir le luachanna, a bhféadfadh sé nach mbeidís inchomparáide go díreach.

Cearta bunúsacha

Meastar go bhfuil an tionchar ar chearta bunúsacha dearfach, go háirithe maidir le hAirteagal 2 (Ceart chun beatha) agus Airteagal 31 (an ceart chun dálaí oibre lena n‑urramaítear a shláinte nó a sláinte, a shábháilteacht nó a sábháilteacht agus a dhínit nó a dínit).

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní éilítear sa togra buiséad ná acmhainní foirne breise do bhuiséad an Aontais ná do na comhlachtaí arna gcur ar bun ag Aontas Eorpach.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Agus faireachán á dhéanamh ar thionchar na Treorach seo, is príomhtháscairí iad líon na ngalar ceirde agus na gcásanna ailse a bhaineann leis an obair san Aontas chomh maith le laghdú na gcostas a bhaineann leis an ailse cheirde le haghaidh oibreoirí eacnamaíocha agus córais slándála sóisialta san Aontas. Le faireachán an chéad táscaire déantar tagairt do na sonraí atá ar fáil a bhailigh Eurostat, sonraí a chuir fostóirí in iúl do na húdaráis náisiúnta inniúla i gcomhréir le hAirteagal 14(8) den Treoir agus ar féidir leis an gCoimisiún rochtain a fháil orthu i gcomhréir le hAirteagal 18 den Treoir, agus sonraí a chuir na Ballstáit isteach ina dtuarascála cur chun feidhme náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 17a de Threoir 89/391/CEE. Chun faireachán a dhéanamh ar an dara táscaire tá gá le comparáid a dhéanamh idir na sonraí measta maidir le hualach na hailse cheirde i dtéarmaí caillteanas eacnamaíoch agus costais chúram sláinte agus na sonraí arna mbailiú ina dhiaidh sin maidir leis na cúrsaí sin tar éis ghlacadh an leasaithe.

Déanfar measúnú comhlíontachta dhá chéim (seiceálacha trasuí agus comhréireachta) chun na teorainnluachanna a shocraítear a thrasuí. Is faoi chuimsiú na meastóireachta praiticiúla a bheidh le déanamh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 17(a) de Threoir 89/391/CEE a dhéanfar meastóireacht ar chur chun feidhme praiticiúil na leasuithe atá beartaithe. Déanfaidh údaráis náisiúnta, go háirithe cigireachtaí náisiúnta an tsaothair, faireachán ar an gcur i bhfeidhm agus ar an bhforfheidhmiú.

Ar leibhéal an Aontais, leanfaidh Coiste na gCigirí Sinsearacha Saothair (SLIC) de bheith ag cur an Choimisiúin ar an eolas faoi aon fhadhb phraiticiúil a bhaineann le Treoir 2004/37/CE a forfheidhmiú, lena n‑áirítear deacrachtaí maidir le teorainnluachanna ceangailteacha a chomhlíonadh. De bhreis air sin, leanfaidh SLIC de mheasúnú a dhéanamh ar chásanna arna dtuairisciú, d'fhaisnéis agus de dhea-chleachtas a mhalartú maidir leis sin agus, más gá, forbróidh sé uirlis forfheidhmiúcháin tacaíochta cosúil le treoir.

Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)

Ní mór do na Ballstáit téacs na bhforálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir a chur chuig an gCoimisiún chomh maith le tábla comhghaoil idir na forálacha sin agus an Treoir. Tá gá le faisnéis shoiléir ar thrasuí na bhforálacha nua chun comhlíonadh na gceanglas íosta a bhunaítear sa togra a áirithiú. Níl an t‑ualach riaracháin breise measta a bhaineann le doiciméid mhíniúcháin a sholáthar díréireach (is beart aonuaire é agus níor cheart go mbeadh gá le mórán eagraíochtaí a bheith páirteach ann). Is féidir leis na Ballstáit na doiciméid mhíniúcháin a dhréachtú ar bhealach níos éifeachtúla.

I bhfianaise an mhéid thuas, moltar go nglacfadh na Ballstáit mar chúram orthu féin a mbearta trasuí a chur in iúl don Choimisiún trí dhoiciméad amháin nó níos mó a sholáthar ina mínítear an gaol idir na gnéithe den Treoir agus na páirteanna comhfhreagracha d'ionstraimí trasuí náisiúnta.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Airteagal 1

In Airteagal 1 cuirtear in iúl go leasaítear I Treoir 2004/37/CE i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo. Cuirtear dhá shubstaint nua le hIarscríbhinn III, lena leathnaítear an liosta de theorainnluachanna ceangailteacha an Aontais, arna fhorlíonadh le nodaireacht craicinn d'aicrilinítríl, nodaireacht d'íogrú craicinn agus riospráide le haghaidh comhdhúile nicile. Tugadh an teorainnluach le haghaidh substaint amháin in Iarscríbhinn III cothrom le dáta, mar atá beinséin, agus san am céanna coinnítear a nodaireacht craicinn. Déantar foráil maidir le bearta idirthréimhseacha le haghaidh trí shubstaint i gcolún deireanach an tábla.

Airteagal 2 go 4

Tá na gnáthfhorálacha maidir le trasuí i ndlí náisiúnta na mBallstát in Airteagal 2 go 4. Déantar tagairt in Airteagal 3, go háirithe, do dháta theacht i bhfeidhm na Treorach.

Iarscríbhinn

Déantar an téarma “teorainnluach” a úsáidtear san Iarscríbhinn a shainmhíniú in Airteagal 2(c) den Treoir. Tugtar aghaidh ar bhealach ionanálaithe an nochta le teorainnluachanna, agus déantar tuairisc ar uasleibhéal tiúchana aeriompartha le haghaidh oibreán ceimiceach ar leith nár cheart, ar an meán, oibrithe a nochtadh do leibhéal os a chionn, le linn tréimhse shainithe.

Sanntar “nodaireacht craicinn” d'oibreán ceimiceach amháin i gcás inar mheas RAC go bhféadfadh ionsú deirmeach cur le hualach iomlán an choirp agus le hábhair imní dá réir sin maidir le héifeachtaí sláinte a d'fhéadfadh a bheith aige sin, eadhon aicrilinítríl. Sainaithníonn nodaireacht craicinn an fhéidearthacht maidir le hionsúchán suntasach tríd an gcraiceann. Sanntar “íogrú craicinn” d'oibreán ceimiceach amháin i gcás inar mheas RAC go bhféadfaí frithghníomhartha díobhálacha craicinn teacht as nochtadh dó, eadhon comhdhúile nicile. Sanntar “íogrú riospráide” d'oibreán ceimiceach amháin i gcás inar mheas RAC go bhféadfaí frithghníomhartha díobhálacha sa chonair riospráide teacht as nochtadh dó trí ionanálú, eadhon comhdhúile nicile. Tá sé d'oibleagáid ar fhostóirí nodaireachtaí den sórt sin a chur san áireamh nuair a bhíonn measúnú tionchair á dhéanamh acu agus nuair a bhíonn bearta coisctheacha agus cosantacha á gcur chun feidhme acu do charcanaigin nó do shó-ghineach ar leith i gcomhréir leis an Treoir.

2020/0262 (COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2004/37/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair.

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointe (b) d'Airteagal 153(2), i gcomhar le pointe (a) d'Airteagal 153(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 43 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 44 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Is é is aidhm do Threoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 45 oibrithe a chosaint ar rioscaí dá sláinte agus dá sábháilteacht a thagann as nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha san áit oibre. Leis an Treoir sin, déantar foráil maidir le leibhéal comhsheasmhach cosanta ar na rioscaí a bhaineann leis an nochtadh ceirde do charcanaiginí agus só-ghineacha trí bhíthin chreat na bprionsabal ginearálta ionas gur féidir leis na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear ceanglais íosta i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach. Is é is aidhm leis na ceanglais íosta sin oibrithe a chosaint ar leibhéal an Aontais. Féadfaidh na Ballstáit teorainnluachanna um nochtadh ceirde níos déine a shocrú.

(2)Le Prionsabal 10 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta 46 , a rinne Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún a fhógairt i gcomhpháirt le chéile ag an gCruinniú Mullaigh Sóisialta do Phoist Chóra agus d'Fhás an 17 Samhain 2017, déantar foráil maidir le ceart na noibrithe chun ardleibhéal cosanta dá sláinte agus dá sábháilteacht ag an obair, lena náirítear cosaint ar nochtadh do charcanaiginí agus do shó-ghineacha san áit oibre.

(3)Is gnéithe tábhachtacha iad teorainnluachanna ceangailteacha um nochtadh ceirde de na socruithe ginearálta a bhaineann le hoibrithe a chosaint a bunaíodh le Treoir 2004/37/CE agus ní ceadmhach na teorainnluachanna sin a shárú. Ba cheart teorainnluachanna agus forálacha eile atá ábhartha go díreach a bhunú le haghaidh na gcarcanaiginí nó só-ghineach sin uile ar ina leith atá an fhaisnéis, lena náirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla, ar fáil gur féidir sin a dhéanamh.

(4)Tá comhlíonadh na dteorainnluachanna ceangailteacha um nochtadh ceirde gan dochar do na hoibleagáidí eile atá ar fhostóirí de bhun Threoir 2004/37/CE, amhail úsáid carcanaiginí agus só-ghineach san áit oibre a laghdú, nochtadh oibrithe do charcanaiginí nó do shó-ghineacha a chosc nó a laghdú, agus na bearta ba cheart a chur chun feidhme chun na críche sin. A mhéid is féidir go teicniúil, ba cheart a áireamh ar na bearta sin substaint, meascán nó próiseas a chur in ionad na carcanaigine nó an tsó-ghinigh nach bhfuil contúirteach nó nach bhfuil chomh contúirteach céanna do shláinte oibrithe, córas dúnta a úsáid, nó bearta eile a bhfuil sé d'aidhm acu leibhéal nochta oibrithe a laghdú.

(5)Leis an Treoir seo, neartaítear cosaint sláinte agus sábháilteachta oibrithe ina náit oibre. Ba cheart teorainnluachanna nua a leagan amach i dTreoir 2004/37/CE i bhfianaise na faisnéise atá ar fáil, lena náirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla nua agus ba cheart sin a bheith bunaithe ar mheasúnú críochnúil ar an tionchar socheacnamaíoch agus fáil ar phrótacail maidir le leibhéil nochta a thomhas san áit oibre. Ar an bhfaisnéis, ba cheart, más féidir, sonraí maidir le rioscaí iarmharacha do shláinte oibrithe a áireamh, tuairimí ón gCoiste um Measúnú Riosca (RAC) de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (ECHA), chomh maith le tuairimí ón gCoiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (ACSH). I dtaca le faisnéis a bhaineann le riosca iarmharach agus a chuirtear ar fáil go poiblí ar leibhéal an Aontais, ní beag an éadáil sin i ndáil lena ndéanfar amach anseo ar mhaithe le teorainn a chur leis na rioscaí a eascraíonn as nochtadh ceirde do charcanaiginí agus do shó-ghineacha.

(6)I gcomhréir le moltaí RAC agus ACSH, nuair is féidir, bunaítear teorainnluachanna do bhealach ionanálaithe an nochta maidir le tréimhse thagartha ocht nuaire mar mheán ualaithe thar thréimhse ama (teorainnluachanna nochta fhadtéarmaigh) agus, i gcás carcanaiginí agus só-ghineach áirithe maidir le tréimhse thagartha níos giorra, cúig nóiméad déag mar mheán ualaithe thar thréimhse ama i gcoitinne (teorainnluachanna nochta ghearrthéarmaigh), chun na héifeachtaí a eascraíonn as nochtadh gearrthéarmach a theorannú, a mhéid is féidir.

(7)Ina theannta sin, is gá breithniú a dhéanamh ar chonairí ionsúcháin eile seachas ionanálú i gcás na gcarcanaiginí agus na só-ghineach uile, lena náirítear go bhféadfaidís dul tríd an gcraiceann, chun an leibhéal cosanta is fearr is féidir a áirithiú.

(8)Is ar shaineolas eolaíoch ábhartha ó RAC a bunaíodh an measúnú ar éifeachtaí sláinte carcanaiginí faoi réir na Treorach seo. De bhun Comhaontú Leibhéil Seirbhíse a shínigh an Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú agus ECHA, cuireann RAC meastóireachtaí eolaíocha ar fáil maidir le próifíl thocsaineolaíoch gach ceann de na substaintí ceimiceacha tosaíochta roghnaithe i dtaca lena néifeachtaí díobhálacha ar shláinte oibrithe.

(9)Sásaíonn aicrilinítríl na critéir lena gcur in aicme charcanaigineach (catagóir 1B) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 47 agus, dá bhrí sin, is carcanaigin í de réir bhrí Threoir 2004/37/CE. Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena náirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla, is féidir teorainnluach fadtéarmach agus gearrthéarmach a shocrú don charcanaigin sin. Is féidir aicrilinítríl a ionsú tríd an gcraiceann chomh maith. Dá bhrí sin, is iomchuí teorainnluach a bhunú le haghaidh aicrilinítríle faoi raon feidhme Threoir 2004/37/CE agus nodaireacht craicinn a shannadh dó. Chomhaontaigh ACSH fiúntas an bhithfhaireacháin le haghaidh aicrilinítríle bunaithe ar thuairim ó RAC. Ba cheart sin a chur san áireamh agus treoir maidir le húsáid phraiticiúil bhithfhaireacháin á forbairt.

(10)Maidir le haicrilinítríl, d'fhéadfadh sé a bheith deacair teorainnluach 1 mg/m³ (0.45 ppm) agus teorainnluach gearrthéarmach 4 mg/m³ (1.8 ppm) a chomhlíonadh sa ghearrthéarma. Ba cheart idirthréimhse ceithre bliana a thabhairt isteach tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach ón tráth a bheidh feidhm ag an Teorainnluach um Nochtadh Ceirde (OEL) sin.

(11)Sásaíonn comhdhúile nicile na critéir lena gcur in aicme charcanaigineach (catagóir 1A) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 agus dá bhrí sin, is carcanaiginí iad de réir bhrí Threoir 2004/37/CE. Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena náirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla, is féidir teorainnluachanna a shocrú don ghrúpa carcanaiginí sin. D'fhéadfadh íogrú craicinn agus íogrú na conaire riospráide teacht as nochtadh do chomhdhúile nicile in áiteanna oibre. Dá bhrí sin, is iomchuí dhá theorainnluach a bhunú le haghaidh chodáin in-ionanálaithe agus in-análaithe na gcomhdhúl nicile faoi raon feidhme Threoir 2004/37/CE agus nodaireacht a shannadh d'íogrú craicinn agus riospráide.

(12)Maidir le comhdhúile nicile, d'fhéadfadh sé go mbeadh sé deacair na teorainnluachanna 0.01 mg/m³ le haghaidh codán in-análaithe agus 0.05 mg/m³ le haghaidh codán in-ionanálaithe a chomhlíonadh i roinnt earnálacha agus próiseas, lena náirítear an bruithniú, scaglanna agus an táthú. De bhreis air sin, ós rud é gur féidir na bearta bainistithe riosca comhionanna a úsáid le haghaidh comhdhúile cróimiam (VI) agus nicile, ba cheart na bearta idirthréimhseacha a bhfuil sé d'aidhm acu laghdú an nochta don dá ghrúpa carcanaiginí sin a ailíniú. Dá bhrí sin, ba cheart idirthréimhse go dtí an 17 Eanáir 2025 a thabhairt isteach, an dáta sin san áireamh, ar lena linn a bheidh teorainnluach 0.1 mg/m³ do chodán in-ionanálaithe na gcomhdhúil nicile infheidhme. Leis an idirthréimhse sin, d'áiritheofaí ailíniú le dáta cur i bhfeidhm an OEL le haghaidh comhdhúile cróimiam (VI) a glacadh le Treoir 2017/2398/AE 48 .

(13)Sásaíonn beinséin na critéir lena cur in aicme charcanaigineach (catagóir 1A) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 agus, dá bhrí sin, is carcanaigin í de réir bhrí Threoir 2004/37/CE. Is féidir beinséin a ionsú tríd an gcraiceann chomh maith. Ba cheart an teorainnluach a leagadh amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2004/37/CE le haghaidh beinséine a leasú i bhfianaise sonraí eolaíocha níos nuaí agus is iomchuí an nodaireacht craicinn a choinneáil. Chomhaontaigh ACSH fiúntas an bhithfhaireacháin le haghaidh beinséine bunaithe ar thuairim ó RAC. Ba cheart sin a chur san áireamh agus treoir á forbairt maidir le húsáid phraiticiúil bhithfhaireacháin.

(14)Maidir le beinséin, d'fhéadfadh sé gur dheacair cloí le teorainnluach leasaithe 0.2 ppm (0.66 mg/m³) i roinnt earnálacha sa ghearrthéarma. Ba cheart idirthréimhse 4 bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach a thabhairt isteach. Ar feadh na tréimhse idir dhá bhliain agus ceithre bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach, ba cheart teorainnluach 0.5 ppm (1.65 mg/m³) a bheith infheidhme.

(15)Rinne an Coimisiún comhairliúchán dhá chéim leis an lucht bainistíochta agus saothair ar leibhéal an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 154 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Chuaigh sé i gcomhairle le ACSH, a ghlac tuairimí le haghaidh na substaintí tosaíochta uile a bhaineann leis an Treoir seo, agus a mhol teorainnluach ceangailteach um nochtadh ceirde amháin nó níos mó le haghaidh gach ceann acu, chomh maith le nodaireachtaí.

(16)Ba cheart grinnscrúdú agus athbhreithniú a dhéanamh ar na teorainnluachanna a bunaíodh sa Treoir seo go rialta chun comhsheasmhacht le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a áirithiú 49 .

(17)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, amhail oibrithe a chosaint ar rioscaí dá sláinte agus dá sábháilteacht, lena náirítear rioscaí den sórt sin a chosc, a thiocfadh chun cinn, nó ar dóigh go dtiocfaidh siad chun cinn mar iarmhairtí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair, a bhaint amach go leordhóthanach, agus de bharr a fairsinge agus a héifeachtaí, gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(18)Ó tharla gur le cosaint sláinte agus sábháilteachta oibrithe san áit oibre a bhaineann an Treoir seo, ba cheart í a thrasuí laistigh de dhá bhliain ó dháta a teacht i bhfeidhm.

(19)Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2004/37/CE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2004/37/CE i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo

Airteagal 2

1.Déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoi [dhá bhliain] tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)     https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php?title=Cancer_statistics#Deaths_from_cancer  
(2)    A Union that strives for more – My agenda for Europe”, [Aontas níos uaillmhianaí – Mo chlár oibre i gcomhair na hEorpa]; tá sé le fáil anseo: https://ec.europa.eu/commission/sites/beta-political/files/political-guidelines-next-commission_en.pdf
(3)    An Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA) (2017), “An international comparison of the cost of work-related accidents and illnesses” [Comparáid idirnáisiúnta idir an costas a bhaineann le tionóiscí agus galair a bhaineann leis an obair]; tá sé le fáil anseo: https://osha.europa.eu/en/publications/international-comparison-cost-work-related-accidents-and-illnesses/view
(4)    Teachtaireacht ón gCoimisiún “A strong social Europe for just transitions” [Eoraip shóisialta láidir le haghaidh aistrithe córa] COM(2020) 14 final; tá sé le fáil anseo: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:52020DC0014  
(5)    Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, mí na Samhna 2017; tá sé le fáil anseo: https://ec.europa.eu/commission/sites/beta-political/files/social-summit-european-pillar-social-rights-booklet_en.pdf
(6)    Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal “Safer and Healthier Work for All – Modernisation of the EU Occupational Safety and Health Legislation and Policy” [Obair níos Sábháilte agus níos Sláintiúla do Chách – Nuachóiriú ar Reachtaíocht agus ar Bheartas an Aontais Eorpaigh maidir le Sábháilteacht agus Sláinte Cheirde] COM(2017) 12 final; tá sé le fáil anseo: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A52017DC0012
(7)     https://roadmaponcarcinogens.eu/about/the-roadmap/
(8)    Treoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le hoibrithe a chosaint ar rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair. Le fáil ag: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX:32004L0037
(9)    Treoir (AE) 2017/2398 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leasaítear Treoir 2004/37/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair. Le fáil ag: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?qid=1571906530859&uri=CELEX:32017L2398
(10)    Treoir (AE) 2019/130 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena leasaítear Treoir 2004/37/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair. Le fáil ag: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?qid=1571906467330&uri=CELEX:32019L0130
(11)    Treoir (AE) 2019/983 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena leasaítear Treoir 2004/37/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair. Le fáil ag: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?qid=1571906381017&uri=CELEX:32019L0983
(12)    Sainaithnítear le nodaireacht craicinn an fhéidearthacht maidir le hionsúchán suntasach tríd an gcraiceann.
(13)    Doiciméad Comhairliúcháin an 26.07.2017, Comhairliúchán ar an gcéad chéim le Comhpháirtithe Sóisialta faoi Airteagal 154 CFAE maidir le Treoir 2004/37/CE a leasú chun teorainnluachanna ceangailteacha um nochtadh ceirde le haghaidh carcanaiginí agus só-ghineacha breise a chur san áireamh, C(2017) 5191 final.
(14)    Doiciméad Comhairliúcháin an 10.11.2017, Comhairliúchán ar an dara céim le Comhpháirtithe Sóisialta faoi Airteagal 154 CFAE maidir le Treoir 2004/37/CE a leasú chun teorainnluachanna ceangailteacha um nochtadh ceirde le haghaidh carcanaiginí agus só-ghineacha breise a chur san áireamh, C(2017) 7466 final.
(15)    Airteagal 1(1) agus aithris 13 den Treoir
(16)    Airteagal 16(1) agus aithris 13 den Treoir
(17)    Ciallaíonn nodaireacht le haghaidh “íogrú craicinn” go bhféadfaidh frithghníomhartha díobhálacha craicinn teacht as nochtadh do shubstaint.
(18)    Ciallaíonn nodaireacht le haghaidh “íogrú riospráide” go bhféadfaidh frithghníomhartha díobhálacha sa chonair riospráide teacht as nochtadh do shubstaint trí ionanálú.
(19)    Féach fonóta 5
(20)    Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal “Safer and Healthier Work for All – Modernisation of the EU Occupational Safety and Health Legislation and Policy” [Obair níos Sábháilte agus níos Sláintiúla do Chách – Nuachóiriú ar Reachtaíocht agus ar Bheartas an Aontais Eorpaigh maidir le Sábháilteacht agus Sláinte Cheirde] COM(2017) 12 final; tá sé le fáil anseo: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A52017DC0012
(21)    Féach fonóta 2
(22)    Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán. Le fáil ag: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/ALL/?uri=CELEX%3A32006R1907
(23)    Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le “Commission General Report on the operation of REACH and review of certain elements, [Tuarascáil Ghinearálta ón gCoimisiún maidir le hoibriú REACH agus athbhreithniú ar ghnéithe áirithe] – Conclúidí agus Gníomhaíochtaí. Le fáil ag: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:52018DC0116&from=EN
(24)     IO L 183, 29.6.1989, lch. 1 .
(25)    Féach tábla 3 sa mheasúnú tionchair.
(26)    Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin “Ex-post evaluation of the European Union occupational safety and health Directives” [Meastóireacht ex-post ar Threoracha an Aontais Eorpaigh maidir le sábháilteacht agus sláinte] (an mheastóireacht a rinneadh faoi REFIT). Le fáil ag: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/en/TXT/?uri=CELEX%3A52017SC0010
(27)    Leis an gcomhairliúchán dhá chéim sin cumhdaítear an tríú agus an ceathrú leasú ar CMD (an tionscnamh seo) chun am a spáráil agus chun iad a thabhairt i gcrích níos tapúla. Is é sin is cúis leis an aga moille idir an comhairliúchán agus an tionscnamh seo a bheith níos faide ná is gnách.
(28)    Cónaidhm Eorpach na gCeardchumann (CEC), Cónaidhm Eorpach na gCeardchumann Neamhspleách (CESI) agus Cónaidhm Eorpach na nOibrithe Tógála agus Adhmaid (EFBWW)
(29)    BusinessEurope, an Comhlachas Eorpach um Ghnóthais Cheardaíochta agus um Ghnóthais Bheaga agus Mheánmhéide (UEAPME), Grúpa na bhFostóirí Eorpacha in Earnáil na gCeimiceán (ECEG) agus Comhairle na bhFostóirí Eorpacha sna Tionscail Mhiotail, Innealtóireachta agus Teicneolaíochta (CEEMET)
(30)    Cónaidhm Eorpach na gCeardchumann Seirbhíse Poiblí (EPSU), Cónaidhm Eorpach na gCeardchumann (CEC) agus Cónaidhm Eorpach na nOibrithe Tógála agus Adhmaid (EFBWW)
(31)    BusinessEurope, an Comhlachas Eorpach um Ghnóthais Cheardaíochta agus um Ghnóthais Bheaga agus Mheánmhéide (UEAPME), Grúpa na bhFostóirí Eorpacha in Earnáil na gCeimiceán (ECEG) agus Comhairle na bhFostóirí Eorpacha sna Tionscail Mhiotail, Innealtóireachta agus Teicneolaíochta (CEEMET)
(32)    Le fáil ag: https://circabc.europa.eu/sd/a/df365d23-26f3-4266-8a55-4b60f631506e/Doc.1050-19-EN%20ACSH%20WPC_CMD__Opinion_acrylonitrile%20Adopted%2004062019.pdf
(33)    Le fáil ag: https://circabc.europa.eu/sd/a/4748ba6a-59aa-4349-9baa-f85dc59a4ed3/Doc.1054-19-EN_ACSH%20WPC_CMD_draft_Opinion_nickel%20rev-clean.pdf
(34)    Le fáil ag: https://circabc.europa.eu/sd/a/b28832c6-8cc6-4a6c-b966-986211b180fc/Doc.1056-19-EN-ACSH%20CMD_Opinion_benzene%20Adoped%2004062019.pdf
(35)    Féach fonóta 6
(36)    Tuairim ó RAC maidir le haicrilinítríl Le fáil ag: https://echa.europa.eu/documents/10162/13641/acrylonitrile_opinion_en.pdf/102477c9-a961-2c96-5c4d-76fcd856ac19  
(37)    Tuairim ó RAC maidir le nicil agus a comhdhúile Le fáil ag: https://echa.europa.eu/documents/10162/13641/nickel_opinion_en.pdf/9e050da5-b45c-c8e5-9e5e-a1a2ce908335  
(38)    Tuairim ó RAC maidir le beinséin Le fáil ag: https://echa.europa.eu/documents/10162/13641/benzene_opinion_en.pdf/4fec9aac-9ed5-2aae-7b70-5226705358c7  
(39)    Tá doiciméid an Ghlao ar Thairiscintí le fáil ag: https://etendering.ted.europa.eu/cft/cft-display.html?cftId=3559
(40)    Le fáil ag: https://ec.europa.eu/info/better-regulation-guidelines-and-toolbox_en
(41)     IO L 345, 27.12.2017, lch. 87
(42)    Féach fonóta 33
(43)    IO C , , lch. .
(44)    IO C , , lch. .
(45)    Treoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair (an séú Treoir ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE ón gComhairle) ( IO L 158, 30.4.2004, lch. 50 ).
(46)    Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, mí na Samhna 2017; tá sé le fáil anseo: https://ec.europa.eu/commission/sites/beta-political/files/social-summit-european-pillar-social-rights-booklet_en.pdf
(47)    Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán. Le fáil ag: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/ALL/?uri=CELEX%3A32008R1272 .
(48)    Treoir (AE) 2017/2398 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leasaítear Treoir 2004/37/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair. Le fáil ag: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?qid=1571906530859&uri=CELEX:32017L2398 .
(49)    Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán. Le fáil ag: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/ALL/?uri=CELEX%3A32006R1907 .

An Bhruiséil,22.9.2020

COM(2020) 571 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE






lena leasaítear Treoir 2004/37/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó‑ghineacha ag an obair.








{SEC(2020) 302 final} - {SWD(2020) 183 final} - {SWD(2020) 184 final}


IARSCRÍBHINN

1.I bpointe A d'Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2004/37/CE, cuirtear an ró seo a leanas in ionad an ró a bhaineann le beinséin:

Ainm an oibreáin

Uimh. CE (1)

Uimh. CAS (2)

Teorainnluachanna

Nodaireacht

Bearta idirthréimhseacha

8 uair an chloig (3)

Gearrthéarmach  (4)

Mg/m3 (5)

csm (6)

f/ml

(7)

mg/m3

csm

f/ml

Beinséin

200-753-7

71-43-2

0.66

0.2

Craiceann (8)

Beidh feidhm ag an teorainnluach ó cheithre bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo. Ó dhá bhliain go suas le ceithre bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach, beidh feidhm ag teorainnluach 0.5 csm (1.65 mg/m³).

2.I bpointe A d'Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2004/37/CE, cuirtear na rónna seo a leanas isteach:

Ainm an oibreáin

Uimh. CE ( I )

Uimh. CAS ( II )

Teorainnluachanna

Nodaireacht

Bearta idirthréimhseacha

8 uair an chloig ( III )

Gearrthéarmach  ( IV )

mg/m3 ( V )

csm ( VI )

f/ml

( VII )

mg/m3

csm

f/ml

Aicrilinítríl

203-466-5

107-13-1

1

0.45

4

1.8

Craiceann ( VIII )

Beidh feidhm ag an teorainnluach ó cheithre bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo.

Comhdhúile nicile

0.01( IX ) 

0.05( X )

Íogrú craicinn agus riospráide ( XI )

Beidh feidhm ag an teorainnluach (9) ón 18ú Eanáir 2025

Beidh feidhm ag an teorainnluach (10) ón 18ú Eanáir 2025. Go dtí sin beidh feidhm ag teorainnluach 0.1 mg/m³ (10).

(I)

()    Is í an uimhir CE, i.e. EINECS, ELINCS nó NLP, uimhir oifigiúil na substainte laistigh den Aontas Eorpach, faoi mar a shainmhínítear i Roinn 1.1.1.2 in Iarscríbhinn VI, Cuid 1, a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008.

(II)

()        Uimh. CAS: Uimhir Chláraithe na Seirbhíse Achoimreachtaí Ceimiceán.

(III)

()        Arna thomhas nó arna ríomh i dtaca le tréimhse thagartha ocht uair an chloig mar mheán am-ualaithe (TWA).

(IV)

()        Teorainnluach nochta ghearrthéarmaigh (STEL). Teorainnluach nár cheart nochtadh tarlú os a chionn agus a bhaineann le tréimhse 15 nóiméad mura sonrófar a mhalairt.

(V)

()        mg/m3 = milleagram sa mhéadar ciúbach d'aer ag 20 °C agus 101,3 kPa (760 mm de bhrú mearcair).

(VI)

()        csm = codanna sa mhilliún de réir toirt aeir (ml/m3).

(VII)

()        f/ml = snáithíní sa mhillilítear.

(VIII)

()    D'fhéadfaí go gcuirfí go suntasach le hualach iomlán an choirp trí nochtadh deirmeach.

(IX)

()    Codán inanálaithe, arna thomhas mar nicil

(X)

()    Codán inanálaithe, arna thomhas mar nicil

(XI)

()        D'fhéadfadh an tsubstaint bheith ina cúis le híogrú craicinn agus íogrú na conaire riospráide.