AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,28.5.2020
COM(2020) 447 final
2018/0206(COD)
Togra leasaithe le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+)
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,28.5.2020
COM(2020) 447 final
2018/0206(COD)
Togra leasaithe le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+)
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Ar an 30 Bealtaine ghlac an Coimisiún togra le haghaidh Rialachán maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) 1 . Ó rinneadh sin, bhí ar gheilleagar na hEorpa dul i ngleic le turraing eisigineach shiméadrach nach raibh a leithéid ann riamh roimhe de thoradh phaindéim COVID-19 agus cuireadh brú tromchúiseach ar gheilleagar, margadh saothair agus córais shóisialta agus sláinte na mBallstát. I bhfianaise an dúshláin sin, ba cheart don Aontas beart iomchuí a dhéanamh chun téarnamh ón turraing shláinte, shóisialta agus eacnamaíoch a tháinig as paindéim COVID-19.
Ar an 27 Bealtaine 2020, ghlac an Coimisiún togra athbhreithnithe le haghaidh an chéad chreata airgeadais ilbhliantúil eile le haghaidh na tréimhse 2021-2027 2 . Léiríonn an togra freagairt na hEorpa ar thionchar sóisialta eacnamaíoch phaindéim COVID-19.
Leanfaidh éifeachtaí COVID-19, idir dhíreach agus indíreach, de bheith ag imirt tionchar mór díobhálach ar na Ballstáit uile sa mheántéarma agus san fhadtéarma agus ardófar leibhéil na n‑éagothromaíochtaí, na bochtaineachta agus dhífhostaíocht an aois óig. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur gá an togra maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus a leasú chun é a chur in oiriúint don Phacáiste Téarnaimh nua agus chun an deis a thabhairt infheistíochtaí straitéiseacha a dhéanamh i gcórais agus beartais fostaíochta agus shóisialta.
Chun go n‑éireoidh na hinfheistíochtaí sin ina ngnéithe cuimsitheacha inbhuanaithe de shamhail fáis athspreagtha, agus i gcomhréir leis na gealltanais a rinne an tAontas go gcuirfeadh sé chun feidhme Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe le haghaidh Forbairt Inbhuanaithe agus Comhaontú Pháras, tá na leasuithe ar Rialachán CSE+ dírithe, i gcomhréir le treoirlíne an Uachtaráin von der Leyen, ar an méid seo a leanas:
• Méadú ar na ceanglais díriúcháin théamaigh le haghaidh fostaíocht don aos óg. Mar a léirigh cúluithe eacnamaíocha roimhe seo, tá fostaíocht an aois óig níos íogaire ó thaobh thimthriall an ghnó de ná fostaíocht na ndaoine fásta agus is dócha go dtiocfaidh rátaí dhífhostaíocht an aois óg agus NEET an‑ard ar fad ar ais de dheasca an chúlaithe eacnamaíoch a tháinig as paindéim COVID-19 Chun tacaíocht breise a thabhairt do théarnamh eacnamaíoch cuimsitheach agus d’aistrithe ón scoil go dtí an obair agus athruithe ag teacht ar shaol na hoibre agus chun a áirithiú go mbainfidh daoine óga an leas is fearr is féidir a bhaint as deiseanna a eascraíonn ó aistrithe digiteacha, aistrithe athléimneacha agus aistrithe glasa, ba cheart do na Ballstáit ina bhfuil ráta NEET acu (aoisghrúpa 15-29) os cionn mheán an Aontais 15 % ar a laghad dá n‑acmhainní CSE+ faoi bhainistíocht chomhroinnte a chlársceidealú le haghaidh gníomhaíochtaí spriocdhírithe agus athchóirithe chun tacú le daoine óga (méadú ar an seanráta 10 %).
• Dul i ngleic le bochtaineacht leanaí: De réir loighic an téarnaimh, is amhlaidh is mó arís an tábhacht a bheidh le dul i ngleic le bochtaineacht leanaí sna blianta amach romhainn, chun a áirithiú nach bhfágfar leanbh ar bith ar deireadh tar éis ghéarchéim COVID-19. Tá sé beartaithe go mbeidh aithris agus airteagal ann ina mbeidh sé leagtha síos gur cheart do na Ballstáit 5 % ar a laghad de na hacmhainní CSE+ faoi bhainistíocht chomhroinnte a leithdháileadh chun dul i ngleic le bochtaineacht leanaí.
• Aistrithe glasa agus digiteacha a chur chun cinn i gcomhréir le Straitéis Tionsclaíochta an Aontais 3 , straitéis a mbeidh scileanna nua le haghaidh cineálacha nua poist de dhíth chun í a chur i gcrích. Agus an “gnáthamh nua” ar bun tar éis phaindéim COVID-19 beidh gá le tacar scileanna nua agus tiocfaidh samhlacha eacnamaíocha agus gnó nua chun cinn in éiceachórais thionsclaíocha na hEorpa, lena n‑áirítear slabhraí luachanna áitiúla nua, slabhraí ar cheart Ciste Sóisialta na hEorpa a úsáid chun tacú leo.
Is díréireach an éifeacht a bhí ag paindéim COVID-19 ar na mná. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit féachaint chuige mar is ceart go leanfaidh oibríochtaí go docht prionsabal cothrománach an chomhionannais inscne mar a leagtar síos in Airteagal 6 de Rialachán CSE+.
Tá an Coimisiún ag beartú freisin go mbunófar Clár Sláinte 4 a bheidh daingnithe go mór ba cheart, ó bheidh sé chomh mór sin agus scóip chomh mór sin aige, a bheith ina chlár neamhspleách. Dá bhrí sin, níl an Clár Sláinte ina chuid de Chiste Sóisialta na hEorpa Plus níos mó. Dá thoradh sin, ní mór an togra le haghaidh Chiste Sóisialta na hEorpa Plus a leasú agus na tagairtí uile don tsraith Sláinte a scriosadh. Ós rud é, áfach, gur gá an dá chlár a chomhordú go dlúth le chéile, tá forálacha i CSE+ leasaithe lena n‑iarrtar go n‑áiritheofar sineirgí agus comhlántacht ngníomhaíochtaí idir CSE+ agus Clár Sláinte nua an Aontais.
Chun na ceachtanna atá le foghlaim ón ngéarchéim seo a fhoghlaim, ní mór sásraí a bheith ann is féidir a úsáid go tapa má thagann cásanna eisceachtúla chun cinn laistigh de dheich mbliana a chur sa chreat dlíthiúil le haghaidh beartas comhtháthaithe. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe go mbeidh bearta sealadacha ann le haghaidh úsáid CSE+ mar fhreagairt ar chásanna eisceachtúla agus ar chásanna neamhghnácha chun a áirithiú gur féidir foráil maidir le maoluithe ar rialacha áirithe, faoi dhálaí teoranta sonracha, chun gur fusa freagairt a thabhairt ar na cásanna sin.
Ar na bearta sin tá an deis raon feidhme CSE+ a leathnú chun nithe a chumhdach amhail tacaíocht a thabhairt do scéimeanna oibre gearrthréimhse, nach bhfuil comhcheangailte de bhearta gníomhacha, agus rochtain ar chúram sláinte, lena n‑airítear do dhaoine nach mbaineann íogaireacht shocha-eacnamaíoch láithreach leo agus, lena chois sin, cead a thabhairt ceanglais díriúcháin théamaigh a mhaolú nuair is gá chun gur féidir freagairt éifeachtach a thabhairt ar na cásanna eisceachtúla agus ar na cásanna neamhghnácha sin.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá an togra seo comhsheasmhach leis na forálacha beartais atá ann cheana sa réimse beartais agus ní bhaineann sé ach le leasú spriocdhírithe ar an togra ón gCoimisiún le haghaidh Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (COM (2018) 382) chun gur féidir CSE+ a úsáid ar bhealach níos éifeachtaí chun cur leis an téarnamh tar éis an tionchair a d’imir paindéim COVID-19 ar gheilleagar agus sochaí na mBallstát. Is é is aidhm do CSE+ ardleibhéil fostaíochta a bhaint amach chomh maith le cosaint shóisialta chothrom agus lucht saothair oilte athléimneach a bheidh oiriúnach do riachtanais an margaidh saothair agus ullmhaithe don saol oibre atá ag teacht, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta agus, sa chaoi sin, cuidiú le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Glas don Eoraip agus na Straitéise Tionsclaíche nua.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an togra teoranta do leasuithe spriocdhírithe ar an togra le haghaidh Rialachán maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (COM (2018) 382) agus tá comhsheasmhacht coinnithe ar bun ann le beartais eile de chuid an Aontais. Go háirithe, tá sé comhsheasmhach leis na leasuithe ar an togra le haghaidh Rialachán na bhForálacha Coiteanna 5 agus ar Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa 6 , [agus, go háirithe, cuirtear chun cinn leis comhlántacht agus sineirgí leis an gClár Sláinte nua 7 .] Tá sé comhsheasmhach freisin leis na leasuithe atá beartaithe ag an gCoimisiún ar Rialachán na bhForálacha Coiteanna 8 le haghaidh na clárthréimhse 2014-2020 chun deisiú géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus chun téarnamh an gheilleagair a ullmhú.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Tá sé beartaithe an togra ón gCoimisiún maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (COM (2018) 382) a leasú chun dul i ngleic leis na dúshláin shonracha atá ann faoi láthair.
Ag seo bunús dlí na mbeart atá cuimsithe ag an togra seo: Teideal IX (Fostaíocht), Teideal X (Beartas Sóisialta) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), go háirithe, Airteagail 46, 149, 153, 162 go 166, 174, 175 agus 349 de.
Tá dhá shraith in CSE+. An chéad sraith, atá le cur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte, cuimsíonn sí an CSE a bhí ann, atá bunaithe ar Airteagail 162 agus 164 de CFAE agus cúnamh ábhartha bunúsach do na daoine is díothaí, faoi Airteagal 175(3) de CFAE. An dara sraith, atá le cur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach, cuimsíonn sí gníomhaíochtaí lena ndéantar fostaíocht agus nuálaíocht shóisialta (EaSI) a chur chun cinn, bunaithe ar Airteagal 46(d), Airteagal 149 agus Airteagal 153(2)(a) CFAE.
Cuireadh isteach Airteagal 349 chun saintréithe na réigiún is faide amach a chumhdach chun críocha na chéad sraithe.
•Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)
Comhlíonann an togra leasaithe prionsabal na coimhdeachta. Tá sásra chun freagairt a thabhairt ar ghéarchéimeanna tugtha isteach sa togra faoi na rialacha maidir le bainistíocht chomhroinnte i bhfoirm cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún chun a áirithiú gur féidir, i gcásanna eisceachtúla, maoluithe a thabhairt chun teagmhais den chineál sin a fhreagairt. Tá na cumhachtaí cur chun feidhme tugtha chun é a thabhairt de chumhacht don Choimisiún gníomhú láithreach gan an gá a bheith ann reachtaíocht phríomha a athrú.
•Comhréireacht
Athrú spriocdhírithe is ea an togra nach dtéann thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir, eadhon an togra a oiriúnú don togra leasaithe ón gCoimisiún le haghaidh CAI, a bhaint amach.
Leis an gcumhachtú atá beartaithe, tabharfar an chumhacht don Choimisiún tacar teoranta beart a ghlacadh, i gcás ina mbeidh géarchéim ann, ar feadh tréimhse theoranta agus faoi smacht na Comhairle agus na Parlaiminte a fhéadfaidh agóid a dhéanamh in aghaidh na modhnuithe a bheidh beartaithe. Comhlíonann sé mar sin prionsabal na comhréireachta.
•An rogha ionstraime
An ionstraim atá beartaithe: leasú ar an togra ón gCoimisiún le haghaidh rialacháin.
Tá iniúchadh déanta ag an gCoimisiún i dtaobh na ndeiseanna atá ann ar bhearta a dhéanamh faoin gcreat dlíthiúil agus measann sé gur gá an togra le haghaidh an Rialachán maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (COM (2018) 382) a mhodhnú chun deireadh a chur leis an gClár Sláinte agus chun cumhachtú a thabhairt isteach i gcás ina mbeidh géarchéim ann.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Neamhbhainteach
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Ní dhearnadh aon chomhairliúchán le páirtithe leasmhara seachtracha mar gheall ar fhíorphráinn an cháis. Mar sin féin, tarraingíodh suas an togra tar éis cuid mhór comhairliúcháin leis na Ballstáit agus le Parlaimint na hEorpa a rinneadh le roinnt seachtainí anuas agus a bhain le hiarmhairtí eacnamaíocha na géarchéime a tháinig as paindéim COVID-19.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Neamhbhainteach
•Measúnú tionchair
Rinneadh measúnú tionchair chun ullmhú don togra le haghaidh Rialachán COM (2018) 382 an 30 Bealtaine 2018. Ní theastaíonn measúnú tionchair ar leithligh i gcás na n‑athruithe teoranta agus spriocdhírithe seo.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Neamhbhainteach
•Cearta bunúsacha
Neamhbhainteach
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Scriosadh na leithreasuithe buiséadacha atá nasctha leis an tsraith Sláinte.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Déanfar faireachán agus tuairisciú ar chur chun feidhme na mbeart faoi chuimsiú na sásraí tuairiscithe a chuirtear ar bun sa togra le haghaidh Rialachán COM (2018) 375 an 29 Bealtaine 2018 agus an togra le haghaidh Rialachán COM (2018) 375 an 30 Bealtaine 2018.
•Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)
Neamhbhainteach
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Tá sé beartaithe leasú a dhéanamh ar an togra le haghaidh Rialachán maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa an 30 Bealtaine 2018 mar seo a leanas:
- an bunús dlí trí Airteagal 168 CFAE a scriosadh, rud a bhaineann leis an tsraith Sláinte scriosadh;
- leasuithe ar aithrisí 5, 14, 15, 16 agus 23 a bhaineann le téarnamh an gheilleagair;
- aithris nua 22a a chur isteach a bhaineann le dul i ngleic le bochtaineacht leanaí;
- leasuithe ar aithrisí 9, 10, 11, 12, 21, 35 go 45, 47 agus 51 a bhaineann leis an tsraith Sláinte scriosadh;
- aithris (20a) nua (20a) a chur isteach a bhaineann le sineirgí leis an gClár Sláinte nua.
- leasuithe ar Airteagal 2(1), pointe 2 agus pointe 9; Airteagal 3, an dara fomhír agus pointe (b) den tríú fomhír;; Airteagal 4(1), an chéad abairt agus (3); Airteagal 5(1) (3), (4) agus (5); Airteagal 6(1); Airteagal 7(1), an dara fomhír; Airteagail 26 go 29; teideal Airteagal 30(1), an chéad abairt agus (2); Airteagal 31(1), (2), (4) agus (5); Airteagal 32; Airteagal 33(1) agus (3); Airteagal 37(2); Airteagal 38(2), (3) agus (6); teideal Airteagal 42, (1) agus (2) a mbaineann gach ceann acu le scriosadh an tsraith Sláinte;
- leasú ar Airteagal 2(1), pointe 10 ar mhaithe le comhsheasmhacht idir ionstraimí de chuid an Aontais;
- Leasú ar Airteagal 5(2) ós rud é gur laghdaigh ar an mbuiséad le haghaidh CSE+ faoi bhainistíocht chomhroinnte;
_ leasuithe ar Airteagal 7 trí mhír nua 3a a thabhairt isteach le haghaidh ceanglas nua maidir le díriú téamach chun tacú le leanaí atá bocht agus trí leasú a dhéanamh ar mhír 5 a bhaineann leis an gceanglas maidir le méadú ar an díriú téamach ar fhostaíocht don aos óg;
- aithris (54) nua agus Airteagal 37a nua a chur isteach a bhaineann le bearta sealadacha le haghaidh úsáid CSE+ mar fhreagairt ar chásanna eisceachtúla agus cásanna neamhghnácha;
- Iarscríbhinn III a bhaineann leis an tsraith Sláinte, a scriosadh.
Tugadh an ráiteas airgeadais reachtach cothrom le dáta freisin.
2018/0206 (COD)
Togra leasaithe le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+)
Leasaítear Togra COM(2018) 382 ón gCoimisiún mar a leanas:
(1)Leasaítear an bunús dlí mar a leanas:
“Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 46(d), Airteagal 149, Airteagal 153(2)(a), Airteagal 164, Airteagal 175(3) agus Airteagal 349 de,”;
(2)cuirtear an méid seo a leanas in ionad aithris 5:
“(5) De bharr forbairtí a tháinig chun cinn le déanaí agus atá ar siúl faoi láthair, mhéadaigh ar na dúshláin struchtúracha atá ag eascairt ón domhandú eacnamaíoch, ó bhainistiú sreabh imirce agus ón méadú ar an mbagairt slándála, ón aistriú go fuinneamh glan, ón athrú teicneolaíoch agus ón méadú ar an aois sa lucht saothair agus ón méadú ar na neamhréireanna idir éileamh agus soláthar scileanna agus saothair i roinnt earnálacha agus réigiún, rud atá ag cur as d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide go háirithe. Tiocfaidh cuid mhór deiseanna nua as an aistriú glas agus as an aistriú digiteach agus as claochlú éiceachórais Eorpacha má bhíonn an tacar ceart scileanna, fostaíochta agus beartais agus bearta sóisialta ag gabháil leo. I bhfianaise na n‑athruithe atá ag teacht ar an saol oibre, ba cheart don Aontas a bheith ullamh do na dúshláin atá ann cheana agus do na dúshláin atá le teacht trí infheistíocht a dhéanamh i scileanna ábhartha, tríd an bhfás a dhéanamh níos cuimsithí agus trí fheabhas a chur ar an bhfostaíocht agus ar bheartais shóisialta, agus inbhuanaitheacht eacnamaíoch agus thionsclaíoch agus soghluaisteacht lucht saothair á gcur san áireamh aige san am céanna agus a bheith ag díriú ar cothromaíocht idir na hinscní sa mhargadh saothair a bhaint amach.
(3)cuirtear an méid seo a leanas in ionad aithrisí (9) agus (10):
“(9) Chun cistiú a chuíchóiriú agus a shimpliú agus breis deiseanna le haghaidh sineirgí a chothú trí chineálacha cur chuige a chomhtháthú i leith an chistiúcháin, ba cheart na gníomhaíochtaí a rabhthas ag tacú leo leis an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (CCEDD), le Clár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta i réimse na sláinte a ionchorprú in aon CSE+ amháin. Ba cheart, dá bhrí sin, dhá shraith a bheith in CSE+: an tsraith de CSE+, faoi bhainistíocht chomhroinnte, agus an tsraith Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta, faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach. Ba cheart go rannchuideodh sé sin le laghdú a dhéanamh ar an ualach riaracháin a leanann bainistiú cistí éagsúla, go háirithe i gcás na mBallstát, agus san am céanna na rialacha simplí atá ann cheana a choinneáil maidir le hoibríochtaí simplí ar nós bia agus/nó cúnamh ábhartha bunúsach a dháileadh.
(10) Ós rud é go bhfuil raon feidhme níos leithne ag CSE +, maidir leis na haidhmeanna atá ann, eadhon cur le héifeachtacht na margaí saothair, rochtain ar fhostaíocht ardcháilíochta a chur chun cinn, an rochtain ar an oideachas agus cáilíocht an oideachais a fheabhsú, an cuimsiú sóisialta agus an rochtain atá ag daoine leochaileacha ar chúram sláinte a chur chun cinn, an bhochtaineacht a laghdú, is iomchuí na haidhmeanna sin a chur chun feidhme, ní hamháin le bainistíocht chomhroinnte, ach, lena chois sin, le bainistíocht dhíreach agus indíreach faoin tsraith Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta le haghaidh bearta a bhfuil gá leo ar leibhéal an Aontais.”;
(4)scriostar aithris (11);
(5)cuirtear an méid seo a leanas in ionad aithris (12):
“(12) Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais le haghaidh CSE+. Ba cheart codanna den imchlúdach airgeadais sin a úsáid le haghaidh bearta atá le cur chun feidhme le bainistíocht dhíreach agus indíreach faoin tsraith Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta.”;
(6)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad aithrisí (14) agus (16):
“(14) Ba cheart CSE+ a úsáid chun tacú le feabhas a chur ar cháilíocht, éifeachtacht, ábharthacht an oideachais agus na gcóras oiliúna don mhargadh saothair, lena n‑áirítear tríd an bhfoghlaim dhigiteach a chur chun cinn agus forbairt ghairmiúil ball foirne teagaisc a chur chun cinn chun foghlaim príomhinniúlachtaí a éascú, go háirithe litearthacht sláinte, scileanna digiteacha agus inniúlachtaí le haghaidh na forbartha inbhuanaithe a theastaíonn ó gach duine le haghaidh sásamh pearsanta, forbairt phearsanta, fostaíochta, cuimsiú sóisialta agus saoránacht ghníomhach. Ba cheart CSE+ a úsáid chun cuidiú le dul chun cinn laistigh den oideachas agus den oiliúint agus san aistriú go hobair, chun tacú leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil agus leis an infhostaitheacht agus cur le hiomaíocht, lena n‑airítear trí rianú céimithe agus cur le nuálaíocht sochaí agus eacnamaíoch trí thacú le tionscnaimh inscálaithe inbhuanaithe sna réimsí sin ar féidir iad a oiriúnú do spriocghrúpaí éagsúla, ar nós daoine faoi mhíchumas. D’fhéadfaí sin a bhaint amach, mar shampla, le foghlaim ar líne, oiliúint san obair, tréimhsí oiliúna agus printíseachtaí 9 , treoraíocht ar feadh an tsaoil, oirchill scileanna i ndlúthchomhar leis an earnáil tionsclaíochta, ábhair oiliúna agus modhanna seachadta cothrom le dáta, tuar, rianú céimithe, oiliúint oideachasóirí, bailíochtú torthaí foghlama agus aithint cáilíochtaí agus deimhnithe tionscalbhunaithe.
(15) Ba cheart an tacaíocht a thugtar le CSE+ a úsáid chun rochtain chomhionann do chách a chur chun cinn, go háirithe do ghrúpaí atá faoi mhíbhuntáiste, ar oiliúint ardcháilíochta neamh‑idirdheighilte chuimsitheach, ó oideachas oideachais agus cúram luathóige tríd an oideachas ginearálta agus an gairmoideachas, printíseachtaí go háirithe, go dtí an t‑oideachais tríú leibhéal agus an t‑oideachas agus an fhoghlaim d’aosaigh. Ba cheart CSE+ a úsáid chun tacaíocht spriocdhírithe a thabhairt d’fhoghlaimeoirí a dteastaíonn cúnamh uathu agus neamhchothromais oideachais a laghdú, lena n‑áirítear an deighilt dhigiteach, tréscaoilteacht a chothú idir an earnáil oideachais agus an earnáil oiliúna, naisc le foghlaim fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a dhaingniú agus soghluaisteacht foghlama do chách a chothú. Ba cheart tacaíocht a thabhairt sa chomhthéacs seo do shineirgí leis an gclár Erasmus, go háirithe chun rannpháirtíocht foghlaimeoirí faoi mhíbhuntáiste sa tsoghluaisteacht foghlamtha.
(16) Ba cheart CSE+ a úsáid chun deiseanna sholúbtha a chur chun cinn ar uasghrádú scileanna agus foghlaim scileanna nua agus scileanna éagsúla do chách, go háirithe scileanna digiteacha agus scileanna le haghaidh príomhtheicneolaíochtaí cumúsúcháin, chomh maith le scileanna le haghaidh an gheilleagair ghlais agus éiceachórais thionsclaíocha i gcomhréir le Straitéis Thionsclaíoch an Aontais Eorpaigh 10 . I gcomhréir leis an an gClár Oibre Scileanna don Eoraip agus leis an Moladh maidir le Conairí Uas‑scilithe 11 , ba cheart CSE+ a úsáid chun tacú le conairí solúbtha, lena n‑áirítear spriocoiliúint ghearr mhodhúil as a ngnóthófar creidiúintí, d’fhonn scileanna a thabhairt do dhaoine a bheidh oiriúnaithe do riachtanais an mhargaidh aonair agus n‑éiceachóras tionsclaíoch, don nuálaíocht agus don athrú sóisialta agus eacnamaíoch, d’éascú athscilithe agus uas‑scilithe, d’aistrithe gairmréime, don tsoghluaisteacht gheografach agus earnálach agus chun tacú go háirithe daoine fásta ar bheagán scileanna nó cáilíochtaí. Ar a bharr sin, ba cheart CSE+ a úsáid chun é a dhéanamh níos éasca tacaíocht scileanna comhtháthaithe a thabhairt do dhaoine, bíodh siad fostaithe, dífhostaithe nó féinfhostaithe, le hionstraimí amhail cuntais foghlama daoine aonair.” ;
(7)cuirtear isteach an aithris seo a leanas (20a):
“(20a) De bharr a thábhachtaí atá an rochtain ar chúram sláinte, ba cheart CSE+ a úsáid chun sineirgí agus comhlántachtaí a áirithiú leis an gClár Sláinte, agus ba cheart rochtain ar chúram sláinte do dhaoine i gcásanna leochaileacha a bheith ina cuid de raon feidhme CSE+.”;
(8)cuirtear an méid seo a leanas in ionad aithris (21):
“(21) Ba cheart CSE+ a úsáid chun tacú le hathchóirithe ar bheartais agus ar chórais i réimsí na fostaíochta, na rochtana ar chúram sláinte do dhaoine leochaileacha agus an chúraim fhadtéarmaigh, an oideachais agus na hoiliúna. D’fhonn an t‑ailíniú leis an Seimeastar Eorpach a dhlúthú, ba cheart do na Ballstáit méid iomchuí dá n‑acmhainní as an tsraith de CSE+ atá faoi bhainistíocht chomhroinnte a chur in áirithe chun moltaí tír-shonracha a chur chun feidhme a bhaineann le dúshláin struchtúracha arb iomchuí dul i ngleic leo le hinfheistíochtaí ilbhliantúla a thagann faoi raon feidhme CSE+. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh comhleanúnachas, comhar agus comhlántacht ann idir an tsraith faoi bhainistíocht comhroinnte de CSE+ agus an [tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, agus an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil]. Go háirithe, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit, i ngach céim den phróiseas, comhordú éifeachtach a áirithiú chun comhsheasmhacht, comhleanúnachas, comhlántacht agus sineirge a chaomhnú idir foinsí cistiúcháin, lena n‑áirítear cúnamh teicniúil a bhaineann leo sin.”;
(9)cuirtear isteach an aithris seo a leanas (22a):
"(22a) Chun dul i ngleic le leibhéal bhochtaineacht na leanaí san Aontas, a leanann de bheith ard, agus i gcomhréir le prionsabal 11 Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, ina ndeirtear go bhfuil an ceart ag leanaí ar chosaint ar an mbochtaineacht, agus go bhfuil cearta ag leanaí ó chúlra faoi mhíbhuntáiste ar bhearta sonracha chun comhionannas deiseanna a fheabhsú, ba cheart an uaillmhian a bheith ann go leithdháilfidh na Ballstáit 5 % ar a laghad de na hacmhainní CSE+ faoi bhainistíocht chomhroinnte chun tacú le gníomhaíochtaí lena dtéitear i ngleic le cuspóirí sonracha CSE+ lenar féidir acmhainní a chlársceidealú i dtreo tacaíocht dhíreach a thabhairt do leanaí i leith luathchúram leanaí, oideachais, cúram sláinte, tithíocht mhaith agus cothú leordhóthanach.”;
(10)cuirtear an méid seo a leanas in ionad aithris (23):
“(23) Chun go n‑éascófar téarnamh eacnamaíoch cuimsitheach tar éis géarchéim mhór, agus go dtacófar le fostaíocht don aos óg is saol oibre atá ag athrú agus ós rud é go bhfuil ardleibhéil dífhostaíochta agus neamhghníomhaíochta i gcónaí ann do dhaoine óga i roinnt Ballstát agus réigiún, is gá do na Ballstáit leanúint de bheith ag infheistiú acmhainní CSE+ leordhóthanacha i mbearta chun tacú le fostaíocht agus scileanna an aois óig, lena n‑áirítear trí scéimeanna Ráthaíochta don Aos Óg. Agus iad ag obair ar bhonn na ngníomhaíochtaí a bhfuil an Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg ag tacú leo le linn chlárthréimhse 2014-2020 agus atá dírithe ar dhaoine aonair agus ar bhonn na gceachtanna atá foghlamtha, ba cheart do na Ballstáit tuilleadh tacaíochta a thabhairt don fhostaíocht agus do chonairí chun an ath‑lánpháirtithe san oideachas agus infheistíocht a dhéanamh i luathchosc agus i bhfor-rochtain trí thosaíocht a thabhairt, i gcás inarb ábhartha, do dhaoine óga atá dífhostaithe go fadtéarmach, atá neamhghníomhach agus atá faoi mhíbhuntáiste, lena n‑áirítear trí obair óige. Ina theannta sin ba cheart do na Ballstáit infheistíocht a dhéanamh i mbearta arb é is aidhm dóibh an t‑aistriú ón scoil go dtí an obair a éascú agus in acmhainní leordhóthanacha le haghaidh seirbhísí dífhostaíochta chun tacaíocht shaincheaptha iomlánaíoch agus tairiscintí a bheidh spriocdhírithe níos fearr a thabhairt do dhaoine óga.
Cuideoidh uasghrádú scileanna agus fáil scileanna nua agus scileanna éagsúla le daoine óga breith ar na deiseanna in earnálacha a bhfuil fás fúthu agus ullmhófar leis iad d’athraitheacht na hoibre, agus, san am céanna, bainfear leas dá bharr as na deiseanna a eascróidh ón aistriú digiteach agus ón aistriú glas agus ó chlaochlú éiceachórais na hEorpa.
Dá bhrí sin, na Ballstáit ag a raibh ráta daoine óga idir 15 agus 29 mbliana d’aois nach bhfuil fostaithe, nó nach bhfuil i mbun oideachais ná oiliúna a bhí os cionn mheán an Aontais in 2019 nó i gcás ina raibh ráta os cionn 15 % ar bhonn shonraí Eurostat, ba cheart dóibh 15 % ar a laghad dá n‑acmhainní CSE+ a leithdháileadh faoi bhainistíocht chomhroinnte le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin.” ;
(11)Scriostar aithrisí (35) go (45);
(12)cuirtear an méid seo a leanas in ionad aithris (47):
“(47) De bhun Airteagal [94 de Chinneadh 2013/755/AE ón gComhairle 12 ], tá daoine agus eintitis atá lonnaithe i dTíortha agus Críocha thar Lear incháilithe do chistiú faoi réir rialacha agus chuspóirí na sraithe Fostaíochta agus Nuálaíochta Shóisialta agus faoi réir aon socrú féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann an Tír nó an Chríoch ábhartha Thar Lear.”;
(13)cuirtear an méid seo a leanas in ionad aithris (51):
“(51) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí ginearálta an Rialacháin seo, eadhon feabhas a chur ar éifeachtacht na margaí saothair agus rochtain ar fhostaíocht ardcháilíochta a chur chun cinn, feabhas a chur ar an rochtain ar oideachas agus ar oiliúint, agus ar cháilíocht na nithe sin, cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus an bhochtaineacht a laghdú, maille leis na gníomhaíochta atá le déanamh faoin tsraith Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta, a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.”;
(14)cuirtear isteach an aithris (20a) seo a leanas:
“(54) Chun gur féidir luathfhreagairt a thabhairt ar chásanna eisceachtúla agus cásanna neamhghnácha dá dtagraítear sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis agus is féidir a thiocfaidh chun cinn le linn na clárthréimhse, ba cheart foráil maidir le bearta sealadacha chun gurb éasca tacaíocht as CSE+ a úsáid mar fhreagra ar na cásanna sin. Ar a bharr sin, ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme a bhaineann leis na bearta sealadacha le haghaidh úsáid na gCistí mar fhreagra ar chásanna eisceachtúla agus cásanna neamhghnácha a ghlacadh gan imeachtaí coiste ós rud é gur leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis a shocraítear an raon feidhme agus go bhfuil sé teoranta do na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo.”;
(15)leasaítear Airteagal 2(1) mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:
“(2) ciallaíonn “tír chomhlachaithe” tríú tír ar páirtí í gcomhaontú leis an Aontas lena gceadaítear di páirt a ghlacadh sa tsraith Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta de CSE+, i gcomhréir le hAirteagal 30;
(b)scriostar pointe 9;
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:
“(10) ciallaíonn “eintiteas dlíthiúil” aon duine nádúrtha, nó aon duine dlítheanach a chruthaítear agus a aithnítear amhlaidh faoin dlí náisiúnta, faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí idirnáisiúnta, a bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige agus a fhéadfaidh, ag gníomhú dó ina ainm féin, cearta a fheidhmiú agus a bheith faoi réir oibleagáidí, nó eintiteas gan phearsantacht dlí i gcomhréir le hAirteagal 197(2)(c) den Rialachán Airgeadais;”;
(16)Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
“Le CSE+ tacófar le beartais na mBallstát, comhlánófar na beartais sin agus cuirfear breisluach leo d’fhonn a áirithiú go mbeidh comhionannas deiseanna, rochtain ar an margadh saothair, dálaí oibre cothroma, cosaint shóisialta agus cuimsiú ann.” ;
(b)Sa tríú fomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b);
“(b) faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach, i gcás na coda sin den chúnamh a fhreagraíonn do na cuspóirí a luaitear in Airteagal 4(1) agus Airteagal 23 (an “tsraith Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta”).”;
(17)Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:
(a)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:
“1. Le CSE+ tacófar leis na cuspóirí sonracha seo a leanas i réimsí beartais na fostaíochta, an oideachais, na soghluaisteachta agus an chuimsithe shóisialta, agus dá bharr sin rannchuideofar freisin leis an gcuspóir beartais “Eoraip níos sóisialta – Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme” a leagtar amach in Airteagal [4] de [Rialachán na bhForálacha Coiteanna atá le teacht]:
(b)scriostar mír 3:
(18)Leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 go 3:
“1. EUR 97 332 282 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais iomlán do CSE+ le haghaidh na mblianta 2021-2027.
2. EUR 96 571 282 000 i bpraghsanna reatha, a bheidh sa chuid sin den imchlúdach airgeadais atá in áirithe don tsraith de CSE+ atá faoi bhainistíocht chomhroinnte faoin sprioc Infheistíocht le haghaidh Post agus Fáis, agus de sin leithdháilfear EUR 200 000 000 i bpraghsanna reatha, do chomhar trasnáisiúnta lena dtacaítear le réitigh nuálacha, dá dtagraítear in Airteagal 23 (i), agus leithdháilfear EUR 400 000 000 i bpraghsanna reatha, ina chistiú breise do na réigiúin is forimeallaí arna sainaithint in Airteagal 349 CFAE agus do na réigiúin de leibhéal NUTS 2 a chomhlíonann na critéir atá leagtha síos in Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 2 a ghabhann le hIonstraim Aontachais 1994.
3. Is é EUR 761 000 000, i bpraghsanna reatha, a bheidh san imchlúdach airgeadais le haghaidh na sraithe Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta le haghaidh na tréimhse 2021-2027.
(b)scriostar mír 4:
(c)leasaítear mír 5 mar a leanas:
“5. Féadfar an méid dá dtagraítear i mír 3 a úsáid freisin le haghaidh cúnamh teicniúil agus riaracháin chun an clár a chur chun feidhme, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha san áireamh.”;
(19)in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
“1. Na cláir ar fud a chuirfear chun feidhme faoin tsraith de CSE+ atá faoi bhainistíocht chomhroinnte, agus na hoibríochtaí a dtacóidh an tsraith Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta leo, áiritheofar leo comhionannas idir fir agus mná ó thús deireadh a n‑ullmhaithe, a gcur chun feidhme, a bhfaireacháin agus a meastóireachta. Ina theannta sin, cuirfear chun cinn leo comhionannas deiseanna do chách gan aon idirdhealú bunaithe ar ghnéas, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar threoshuíomh gnéasach ó thús deireadh a n‑ullmhaithe, a gcur chun feidhme, a bhfaireacháin agus a meastóireachta.”;
(20)Leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:
(a)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad míre agus an dara fomhír:
Déanfaidh na Ballstáit agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Coimisiún freisin, sineirgí a chothú agus comhordú, comhlántacht agus comhleanúnachas a áirithiú idir CSE+ agus cistí, cláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais, e.g. Erasmus, an Ciste Tearmainn agus Imirce agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, agus an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, le linn chéim na pleanála agus chéim an chur chun feidhme araon. Déanfaidh na Ballstáit agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Coimisiún freisin, sásraí comhordúcháin a optamú chun dúbailt saothair a sheachaint agus dlúthchomhar a áirithiú idir iad sin atá freagrach as cur chun feidhme, d’fhonn gníomhaíochtaí tacaíochta comhleanúnacha cuíchóirithe a dhéanamh.”;
(b)cuirtear isteach an mhír 3 a seo a leanas:
“3a. Leithdháilfidh na Ballstáit 5 % ar a laghad dá n‑acmhainní CSE+ faoi bhainistíocht chomhroinnte chun tacú le gníomhaíochtaí spriocdhírithe agus le hathchóirithe struchtúracha ar dhul i ngleic le bochtaineacht leanaí faoi na cuspóirí sonracha a leagtar amach i bpointí (v) agus (vii) go (x) d’Airteagal 4(1).”;
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
“5. Ballstáit ina bhfuil ráta na ndaoine óga atá 15 go 29 bliain d’aois agus nach bhfuil fostaithe ná i mbun oideachais ná oiliúna os cionn mheán an Aontais in 2019 de réir na sonraí ó Eurostat is déanaí a cuireadh ar fáil, leithdháilfidh siad ar a laghad 15 % dá n‑acmhainní CSE+ as an tsraith faoi bhainistíocht chomhroinnte le haghaidh na tréimhse 2021 go 2025 ar ghníomhaíochtaí spriocdhírithe agus ar athchóirithe struchtúracha chun tacú le fostaíocht don aos óg, leis oideachas gairme agus leis an oiliúint ghairme, go háirithe printíseachtaí, agus leis an aistriú ón scoil go dtí an obair, le conairí chun ath‑lánpháirtiú san oideachas nó san oiliúint agus le hoideachas an dara deis, go háirithe i gcomhthéacs cur chun feidhme scéimeanna ráthaíochta don aos óg.
Agus na cláir CSE+ á n‑athbhreithniú acu i lár an téarma i gcomhréir le hAirteagal [14] de [Rialachán na bhForálacha Coiteanna atá le teacht], leithdháilfidh Ballstáit ina bhfuil ráta na ndaoine óga atá 15-29 bliain d’aois agus nach bhfuil fostaithe, i mbun oideachais ná oiliúna os cionn mheán an Aontais in 2019 de réir sonraí ó Eurostat, leithdháilfidh siad 15 % ar a laghad dá n‑acmhainní CSE+ ón tsraith atá faoi bhainistíocht chomhroinnte do na blianta 2026 agus 2027 ar na gníomhaíochtaí sin.
Na réigiúin is forimeallaí a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa chéad agus sa dara fomhír, leithdháilfidh siad 15 % ar a laghad de na hacmhainní ón tsraith de CSE+ atá faoi bhainistíocht chomhroinnte atá acu ina gcuid clár ar na gníomhaíochtaí spriocdhírithe atá leagtha amach sa chéad fhomhír. Cuirfear an leithdháileadh sin san áireamh agus comhlíonadh an íoschéatadáin ar an leibhéal náisiúnta a leagtar amach sa chéad fhomhír á fhíorú.
Agus na gníomhaíochtaí sin á gcur chun feidhme acu, tabharfaidh na Ballstáit tosaíocht do dhaoine óga atá neamhghníomhach agus dífhostaithe go fadtéarmach agus cuirfidh siad ar bun bearta for-rochtana spriocdhírithe.”;
(21)i gCuid III – Cur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach, scriostar an teideal “Caibidil I – Rialacha sonracha”;
(22)Cuirtear “Teideal “Caibidil I – Cuspóirí oibriúcháin” in ionad an teidil “Cuid I – Forálacha Ginearálta”;
(23)Cuirtear “Roinn II: Incháilitheacht” in ionad an teidil “Roinn II – Incháilitheacht”;
(24)Scriostar Caibidil II agus Airteagail 26 go 29 di;
(25)Scriostar an teideal “Caibidil III – Comhrialacha is infheidhme maidir leis na sraitheanna Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta agus Sláinte;
(26)Leasaítear Airteagal 30 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Airteagal 30:
“Rannpháirtíocht tríú tíortha”;
(b)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:
“Beidh an tsraith Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta oscailte do na tíortha comhlachaithe seo a leanas:”;
(c)scriostar mír 2;
(27)Cuirtear isteach an teideal “Caibidil III – Forálacha Ginearálta” roimh Airteagal 31;
(28)Leasaítear Airteagal 31 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
“1. Faoin tsraith Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta, féadfar cistiú a thabhairt in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe deontais, duaiseanna, soláthar agus íocaíochtaí deonacha le heagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas ina bhall díobh nó a nglacann an tAontas páirt ina gcuid oibre.”;
(b)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
“2. Déanfar an tsraith Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta a chur chun feidhme go díreach, mar a fhoráiltear leis an Rialachán Airgeadais nó go hindíreach leis na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal [62(1)(c)] den Rialachán Airgeadais.”;
(c) scriostar míreanna 4 agus 5;
(29)Cuirtear an tAirteagal seo a leanas in ionad Airteagal 32:
“Airteagal 32
Clár oibre
Is leis na cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal [110] den Rialachán Airgeadais a chuirfear an tsraith Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta chun feidhme. Leagfar amach sna cláir oibre, i gcás inarb infheidhme, an méid foriomlán arna chur i leataobh le haghaidh oibríochtaí measctha.
(30)Leasaítear Airteagal 33 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
“1. Socrófar táscairí lena ndéanfar faireachán ar chur chun feidhme na sraithe agus ar an dul chun cinn atá déanta i mbaint amach na gcuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 4 agus i mbaint amach na gcuspóirí oibríochtúla a leagtar amach in Airteagal 23.
(b)scriostar mír 3;
(31)in Airteagal 37, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
“2. Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an tsraith Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta, agus le gníomhaíochtaí agus torthaí na sraitheanna sin. Beidh na hacmhainní airgeadais a leithdháilfear ar an tsraith Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta ina gcuidiú freisin maidir le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid a bhaineann siad sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagail 4, 23 agus 23.
(32)cuirtear an tAirteagal 37a seo a leanas isteach i gCuid IV – Forálacha críochnaitheacha:
“Airteagal 37a
Bearta sealadacha maidir le CSE a úsáid mar fhreagairt ar dhálaí eisceachtúla agus dálaí neamhghnácha
I gcás inar aithin an Chomhairle [dáta theacht i bhfeidhm an Riacháin seo], gur tharla teagmhas neamhghnách nach raibh neart ag Ballstát amháin nó níos mó air agus a raibh tionchar mór aige ar riocht airgeadais an rialtais ginearálta nó ar eascraigh cúlú eacnamaíoch don limistéar euro nó don Aontas ina iomláine as, mar a thagraítear dó sa deichiú fomhír d’Airteagal 5(1), sa cheathrú fomhír d’Airteagal 6(3), sa deichiú fomhír d’Airteagal 9(1) agus sa cheathrú fomhír d’Airteagal 10(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97(*) nó gur tharla drochtheagmhais gan choinne ag a raibh móriarmhairtí diúltacha acu ar airgeadas rialtais, mar a thagraítear dóibh in Airteagal 3(5) agus Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimhir. 1467/97(**), féadfaidh an Coimisiún, le cinneadh cur chun feidhme agus le haghaidh na tréimhse a shaineofar sa chinneadh sin:
(a) raon feidhme na tacaíochta le haghaidh CSE + a leathnú, de mhaolú ar Airteagal 4(1), trí bearta tacaíochta a cheadú nach bhfuil iomlán riachtanach chun freagairt do ná dálaí eisceachtúla nó do na dálaí neamhghnácha sin, go háirithe chun gur féidir scéimeanna oibre gearrthréimhse a mhaoiniú gan é a bheith de cheangal leis sin gur cheart iad a chomhcheangal le bearta gníomhacha agus rochtain ar chúram sláinte a mhaoiniú, lena n‑áirítear do dhaoine nach mbaineann leochaileacht shocha-eacnamaíoch láithreach leo;
(b) ceanglais maidir le díriú téamach a laghdú de mhaolú ar Airteagal 7.
____________
(*) Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú (IO L 209, 2.8.1997, lch. 1).
(**) Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (IO L 209, 2.8.1997, lch. 6).”;
(33)Leasaítear Airteagal 38 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:
“2. Déanfar an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 15(6), agus Airteagal 21(5) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ó dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 15(6) agus Airteagal 21(5) a chúlghairm aon tráth. Cuirfidh cinneadh cúlghairme a dhéanamh deireadh le tarmligean na cumhachta a bheidh sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.”;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:
“6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 15(6) agus Airteagal 21(5) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”;
(34)Leasaítear Airteagal 42 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:
“Forálacha idirthréimhseacha maidir leis an tsraith Fostaíocht agus an Nuálaíocht Shóisialta”;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:
“1. Tháinig Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 13 i bhfeidhm an 1 Eanáir 2021.
2. Ina theannta sin, féadfaidh imchlúdach airgeadais na sraithe Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta an speansas a bhaineann le cúnamh teicniúil agus riaracháin a chumhdach is gá chun an t‑aistriú idir CSE+ agus na bearta a glacadh faoina réamhtheachtaí a áirithiú: an Clár um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta.”;
(35)scriostar Iarscríbhinn III.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán An tUachtarán
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
Togra leasaithe le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013]
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann (cnuasach clár)
Infheistíocht a dhéanamh i nDaoine, sa Chomhtháthú Sóisialta agus i Luachanna
Teideal 07
Caibidil 07 02 – ESF+
1.3.Baineann an togra/tionscnamh le
☑ beart nua
◻ beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 14
◻ síneadh ar bheart atá ann cheana
◻ beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua
1.4.Forais an togra/tionscnaimh
1.4.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh
Is é CSE+ an phríomhuirlis atá ag an Aontas Eorpach le hinfheistíocht a dhéanamh i ndaoine agus is uirlis é atá ina rannchuidiú nach beag an ghné shóisialta den Eoraip a mhéadú, agus an Eoraip a thabhairt níos cóngaraí don saoránach agus difear nithiúil a dhéanamh do shaol na ndaoine is mó atá ar an anás sa tsochaí seo againne. Rannchuidíonn CSE+ le cóineasú socheacnamaíoch idir na Ballstáit a mhéadú, rud nach déanamh dá uireasa má tá an tAontas Eorpach chun feidhmiú mar aontas eacnamaíoch polaitiúil agus é cobhsaí inmharthana.
Nuair a bheidh Rialachán CSE+ glactha, clársceidealóidh na Ballstáit a gcuid leithdháiltí buiséadacha i gcomhréir leis an treoraíocht a fuair siad an bhliain roimhe sin i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh. An 1 Eanáir 2021 a thósóidh an chlárthréimhse nua agus tá bearta déanta ag an gCoimisiún chun a oiread dlúis is féidir a chur le cur chun feidhme an Chiste, cuir i gcás trí dheireadh a chur leis an gceanglas ainmniú údarás bainistíochta a fhógairt don Choimisiún, agus dá bharr an mhoill a bhain le clárthréimhse 2014-2020 a sheachaint.
Ina theannta sin, tosóidh an cur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach a luaithe a thiocfaidh an clár i bhfeidhm.
1.4.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, comhlántachtaí, nó gnóthachain de thoradh comhordú). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn “breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE” an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.
Cúiseanna le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (ex ante): Gintear breisluach AE trí infheistíochtaí a dhéanamh i réimsí agus i spriocghrúpaí nach ndéanfaí infheistíocht iontu mura mbeadh an clár, trí raon feidhme gníomhaíochtaí atá ann cheana a leathnú, trí thacaíocht a thabhairt chun nuálaíochtaí a phríomhshruthú, agus trí fheabhas a chur ar chumas chóras riaracháin na mBallstát. Tá raidhse fianaise ann a léiríonn nach ndéanfaí beartais an Aontais arbh é cuimsiú sóisialta agus cearta sóisialta ab aidhm dóibh, nach ndéanfaí iad a chur chun feidhme ach ab é infheistíocht chomhlántach ón Aontas. A bhuí le maoiniú ón Aontas, tá infheistíocht déanta ag na Ballstáit i réimsí, i spriocghrúpaí agus in athchóirithe ar dhóigh nárbh fhéidir a dhéanamh mura mbeadh ar fáil acu chuige sin ach cistiú náisiúnta. Siúd is gur inniúlachtaí náisiúnta i gcónaí iad déileáil leis an dífhostaíocht agus le gnóthaí sóisialta, i bhfianaise scála agus éifeacht na ndúshlán atá ann, is éifeachtaí agus is éifeachtúla na gníomhaíochtaí sin a dhéantar nuair, ar leibhéal an Aontais, a thacaítear le hiarrachtaí na mBallstát agus nuair a chuirtear chun cinn athchóirithe a théann chun sochair do thíortha ar leith agus don Aontas trí chéile.
An breisluach Eorpach a mheastar a ghinfear (ex post): I ngeall ar na dúshláin atá roimh gheilleagair agus sochaí na hEorpa, go háirithe a fhad a bhaineann le fostaíocht, oideachas, scileanna, agus ceisteanna sóisialta, is gá leanúint de bheith ag infheistiú sna réimsí sin. Meastar go mbeidh an tionscnamh seo ina chuidiú beartais agus tosaíochtaí an Aontais a chur chun feidhme sna réimsí sin (e.g. treoirlínte fostaíochta agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta), dea-chleachtais agus comhar a chur chun cinn (feabhas a chur ar an gcumas beartais a cheapadh agus a chur chun cinn, comhar trasnáisiúnta a éascú) agus luachanna an Aontais a chur chun cinn (e.g. an comhionannas agus an ceartas sóisialta). San fhadtéarma, meastar go mbeidh an tionscnamh ina rannchuidiú cóineasú socheacnamaíoch idir na Ballstáit a mhéadú, agus geilleagair agus sochaithe na hEorpa a dhéanamh níos athléimní.
1.4.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart
Na meastóireachtaí agus na staidéir ghaolmhara ar fad atá déanta ar an gclárthréimhse atá anois ann agus ar na clárthréimsí a bhí ann roimhe seo, deimhníonn siad ar fad go bhfuil na cistí go léir atá cumhdaithe ag an Rialachán seo éifeachtach, éifeachtúil, ábhartha, comhleanúnach agus go bhfuil breisluach AE ag roinnt leo. Tá infheistíocht déanta ag na Ballstáit i réimsí beartais, i spriocghrúpaí agus in athchóirithe ar dhóigh nárbh fhéidir a dhéanamh mura mbeadh ar fáil acu chuige sin ach cistiú náisiúnta. Go háirithe:
• aithnítear i meastóireachtaí ex post 2000-2006 agus 2007-2013 go raibh na hinfheistíochtaí a rinneadh faoi CSE ábhartha, éifeachtúil agus éifeachtach. Le himeacht ama d’éirigh ailíniú CSE le beartais agus tosaíochtaí an Aontais faoi straitéis Liospóin agus faoin straitéis Eoraip 2020 don fhás cliste, inbhuanaithe, cuimsitheach, d’éirigh sé níos dlúithe. San am céanna, ráite gur ceann de na cistí struchtúracha é, rannchuidíonn CSE+ le cuspóirí áirithe a leagtar síos leis an gConradh, is é sin comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a bhaint amach le chomhchruinniú acmhainní. Mar shampla, in 11 Bhallstát baineann 70% de na bearta gníomhacha le CSE (maille leis an gcistiú náisiúnta).
• Leis an tacaíocht a tugadh faoin Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg do dhaoine óga nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna (NEETanna) i réigiúin áirithe de chuid an Aontais, méadaíodh infheictheacht beartas fostaíochta do dhaoine óga, agus ina theannta sin, athraíodh an dóigh a gceaptar beartais i roinnt Ballstát trí thacaíocht a thabhairt do bhunú agus do chur chun feidhme scéimeanna ráthaíochta don aos óg;
• léiríonn réamhthorthaí na meastóireachta meántéarma ar an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (CCEDD), aiseolas ó pháirtithe leasmhara san áireamh, go bhfuil difear déanta ag na hoibríochtaí bia, cúnaimh ábhartha agus cuimsithe sóisialta ar thacaigh an ciste leo do na daoine is díothaí, lena n‑áirítear iad sin a d’fhéadfadh a bheith lasmuigh de phríomhshruth an chúnaimh shóisialta ach ab é an Ciste, agus daoine a raibh gá acu le tacaíocht láithreach;
• léiríonn an mheastóireacht mheántéarma ar EaSI go bhfuil cuspóirí EaSi fós ábhartha, go háirithe toisc na ndúshlán socheacnamaíoch atá ann agus go speisialta ainiarsma na géarchéime airgeadais agus eacnamaíche; léiríonn an mheastóireacht, freisin, go raibh EaSI éifeachtach ó thaobh difear a dhéanamh do na geallsealbhóirí ábhartha, torthaí a bhaint amach agus cuspóirí a shroicheadh.
Mar sin féin, tá fianaise sna meastóireachtaí agus sna staidéir go bhfuil roinnt dúshlán ann, den chuid is mó i dtaca leis an ngá atá le níos mó díobh seo: comhleanúnachas agus sineirgíocht, solúbthacht agus ailíniú beartas, feidhmíocht agus aird ar thorthaí, agus simpliú. Go háirithe, is gá an dóigh a dtugtar cistiú a shimpliú agus is gá a bheag nó a mhór de shimpliú a dhéanamh ar chur chun feidhme na gcistí freisin. Sa Mheasúnú Tionchair a ghabhann leis an togra reachtach tá achoimre ar na réimsí a bhfuil aghaidh le tabhairt orthu.
1.4.4.Comhoiriúnacht d’ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d’fhéadfadh a bheith ann
Tá sé d’aidhm ag an tionscnamh feabhas a chur ar shineirgíochtaí agus ar chomhleanúnachas idir CSE+ agus cistí eile lena ndéantar infheistíocht i bhforbairt caipitil dhaonna.
Dála Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), tá sé d’aidhm go háirithe ag CSE+ comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta a chur chun cinn. Áirithítear comhordú trí bhíthin comhrialacha maidir le bainistíocht chomhroinnte i réimsí amhail clársceidealú agus bainistíocht airgeadais. Leanfaidh cláir ilchistí de bheith ceadaithe, chun go bhféadfar cuir chuige chomhtháite a úsáid le haghaidh clársceidealú agus cur chun feidhme. Le comhrialacha áiritheofar, freisin, comhoiriúnacht idir cláir de chuid CFRE, CSE+, CETFT agus CEMI.
Tabharfar tacaíocht níos gníomhaí don chomhar idir CSE+ agus Erasmus+ agus an Clár Sláinte trí fhorálacha oiriúnacha a chur sna rialacháin, forálacha a leagfar síos a mionsonraithe sna cláir oibre agus sna treoracha cláir.
Leanfaidh CSE+ de bheith ag tacú le lánpháirtiú fadtéarmach imirceach agus leanfaidh CTIL de bheith ag tacú lena riachtanais ghearrthéarmacha. Ós rud é gurb é CSE+ príomhionstraim an Aontais le hinfheistíocht a dhéanamh i gcaipiteal daonna agus scileanna, leanfaidh CSE+ de bheith ina rannchuidiú tábhachtach le forbairt caipitil dhaonna i réimse an taighde agus na nuálaíochta i gcomhar le Fís Eorpach.
1.5.Fad agus tionchar airgeadais
☑ tréimhse theoranta
–☑ bhfeidhm ó 01/01/2021 go 31/12/2027
–☑ Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.
◻ tréimhse neamhtheoranta
–Cur chun feidhme le tréimhse thosaigh ó BBBB go BBBB, agus feidhm iomlán ina dhiaidh sin.
1.6.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 15
☑ Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún
–☑ ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;
– trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;
☑ Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit
☑ Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:
–◻ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;
–☑ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);
–◻ BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;
–☑ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 70 agus Airteagal 71 den Rialachán Airgeadais;
–☑ comhlachtaí dlí phoiblí;
–☑ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;
–◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;
–◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.
–I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.
Nótaí
Beidh dhá phríomhshraith in CSE+, sraith bainistíochta comhroinnte a chuimsíonn na cláir CSE, CCEDD agus TFAO a bhí ann roimhe seo, agus sraith bainistíochta dírí agus indírí, a chuimsíonn gníomhaíochtaí an clár um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta (EaSI) a bhí ann.
Maidir le cur chun feidhme CSE+, leanfar de na gníomhaíochtaí atá ar bun i láthair na huaire i gcomhar le heagraíochtaí amhail gníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe nó OECD agus ILO (an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair).
Ina theannta sin, is féidir go ndéanfar na gníomhaíochtaí nua comhair trasnáisiúnta atá beartaithe a chur chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach, agus leas á bhaint as údaráis bhainistíochta CSE chuige sin.
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo
Faoi bhainistíocht chomhroinnte, is ar leibhéal an chláir a shaineofar comhtháscairí aschuir agus toraidh. Déanfaidh údaráis na mBallstát sonraí maidir le comhtháscairí aschuir agus toraidh a tharchur go leictreonach chuig an gCoimisiún sé huaire sa bhliain. Seiceálfar comhsheasmhacht na sonraí sin. Déanfar iniúchadh ar iontaofacht an chórais um bailiú, taifeadadh agus stóráil sonraí a úsáidtear le haghaidh faireacháin, meastóireachta, bainistíocht airgeadais agus fíorú airgeadais.
Faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach, forbrófar creata feidhmíochta agus iad bunaithe ar na cleachtais ábhartha a bhí ag creat EaSI chun a áirithiú go mbaileofar sonraí ar dhóigh éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil.
2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe
2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na coinníollacha íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe
I nDréacht‑Rialachán na bhForálacha Coiteanna foráiltear maidir le híocaíochtaí a fháil ón gCoimisiún i bhfoirm réamh‑mhaoiniú, íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíochtaí i ndiaidh imréiteach cuntas. Is ar bhonn bliantúil a íoctar an réamh‑mhaoiniú, de réir na gcéatadán dá bhforáiltear le Dréacht‑Rialachán na bhForálacha Coiteanna. Is de réir na rátaí cómhaoiniúcháin arna gcomhaontú de réir tosaíochta arna gcomhaontú sa chlár oibríochtúil a ríomhtar na híocaíochtaí eatramhacha. Murab ionann agus an chlárthréimhse reatha, tá an líon iarratas ar íocaíochtaí eatramhacha teoranta do 4 cinn sa bhliain, a dhéantar ar bhonn ráithiúil.
I Dréacht‑Rialachán na bhForálacha Coiteanna foráiltear maidir le socruithe éagsúla do nochtadh íocaíochtaí eatramhacha, ag brath ar an rud ar a bhfuil cur chun feidhme an chláir bunaithe: na fíorchostais arna ndearbhú ag an mBallstát, costais shimplithe nó comhlíonadh coinníollacha.
Cuireann Dréacht‑Rialachán na bhForálacha Coiteanna (faoi chomhbhainistíocht) leis an Rialachán atá i bhfeidhm don tréimhse 2014-2020. Mar sin féin, tá bearta áirithe molta ann agus is é is aidhm dóibh an cur chun feidhme a shimpliú agus an t‑ualach iniúchóireachta a bhíonn ar na Ballstáit agus ar na tairbhithe a laghdú. Baineann na bearta sin le bainistiú na gcistí ag an údarás bhainistíochta, agus faoi mar a mholtar sa Rialachán, bunóidh an t‑údarás sin na fíoruithe bainistíochta ar anailís riosca. Ina theannta sin, faoi choinníollacha áirithe, féadfaidh an t‑údarás bainistíochta cinneadh ar shocruithe rialuithe feabhsaithe a chur i bhfeidhm i gcomhréir le nósanna imeachta náisiúnta gan réamhúdarú an Choimisiúin. Ina cheann sin, tá an próiseas ainmniúcháin i ndiaidh a scriosta, agus ba cheart go gcuirfeadh sin dlús le cur chun feidhme na gclár.
Níl aon fhoráil i ndréacht‑Rialachán na bhForálacha Coiteanna maidir le húdarás deimhniúchán; is é rud a ndéantar foráil maidir leis ná feidhm cuntasaíochta a bheith ann. Is é is cúis leis sin laghdú a dhéanamh ar an ualach riaracháin ar an leibhéal náisiúnta.
A fhad a bhaineann le hiniúchadh a dhéanamh ar chaiteachas dearbhaithe, tá eilimintí áirithe i ndréacht‑Rialachán na bhForálacha Coiteanna arb é is aidhm dóibh iliomad iniúchóireachtaí ar an oibríocht/ar an gcaiteachas céanna a sheachaint.
De réir na rialacha atá i ndréacht‑Rialachán na bhForálacha Coiteanna, deimhneofar íocaíochtaí eatramhacha don Choimisiún tar éis seiceálacha bainistíochta a dhéanamh – ar bhonn sampla rioscabhunaithe d’éilimh chaiteachais a chuir na tairbhithe isteach –, ach is minic a dhéanfar iad roimh sheiceálacha bainistíochta mionsonraithe ar an láthair nó roimh ghníomhaíochtaí iniúchóireachta iardain.
D’fhonn an baol a laghdú go n‑aisíocfar speansais neamh‑incháilithe dá thoradh sin, tá foráil déanta maidir le roinnt beart leis na tograí
1) Maidir le híocaíochtaí eatramhacha arna ndéanamh ag an gCoimisiún, leanfaidh d’fheidhm a bheith ag an teorainn 90 % den mhéid atá dlite do na Ballstáit, toisc nach bhfuil ach cuid de na rialuithe náisiúnta déanta. Íocfar an t‑iarmhéid nuair a dhéanfar an t‑imréiteach bliantúil ar na cuntais agus nuair a sholáthróidh an t‑údarás bainistíochta agus an t‑údarás iniúchóireachta fianaise iniúchóireachta agus cinnteacht réasúnta. Féadfar glancheartúchán teacht d’aon neamhrialtacht a bhraithfidh an Coimisiún nó Cúirt Iniúchóirí na hEorpa tar éis don údarás bainistíochta/deimhniúcháin na cuntais dheimhnithe bhliantúla a tharchur.
2) leanúint den imréiteach bliantúil cuntas agus de dhúnadh bliantúil oibríochtaí nó caiteachais atá curtha i gcrích, rud a chruthóidh dreasachtaí breise d'údaráis náisiúnta agus réigiúnach tabhairt faoi rialuithe cáilíochta ar bhealach tráthúil i bhfianaise an dheimhnithe bhliantúil cuntas don Choimisiún.
Déanfar sraith Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta an chláir a chur chun feidhme le bainistíocht dhíreach agus indíreach, ag úsáid na modhanna cur chun feidhme a chuirtear ar fáil leis an Rialachán Airgeadais, deontais agus soláthar go príomha. A bhuí le bainistiú díreach is féidir teagmháil dhíreach a dhéanamh le tairbhithe/conraitheoirí atá ag gabháil go díreach do ghníomhaíochtaí a fhónann do bheartais an Aontais. Áirithíonn an Coimisiún go ndéantar faireachán díreach ar thoradh na ngníomhaíochtaí arna maoiniú. Cuirfear socruithe íocaíochtaí na ngníomhaíochtaí arna maoiniú in oiriúint do na rioscaí a bhaineann leis na hidirbhearta airgeadais. Chun éifeachtacht, éifeachtúlacht agus tíosaíocht rialuithe an Choimisiúin a chinntiú, beidh cothromaíocht sa straitéis idir seiceálacha ex ante agus ex post.
Maidir le bainistíocht dhíreach agus indíreach, déanfaidh iniúchóirí seachtracha iniúchóireachtaí ex post ar an láthair freisin, ar shamplaroghnú de na hidirbhearta. Beidh measúnú riosca agus roghnú randamach i gceist le roghnú na n‑idirbheart sin.
2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú
Is féidir go dtiocfaidh méadú earráide de an laghdaithe ar an timpeallacht rialaithe. Meastar gur maolú ar an riosca sin teorannú na n‑aisíocaíochtaí agus imréiteach bliantúil na gcuntas. Mar sin féin, is dealraitheach go mbeidh níos mó ceartúchán le déanamh ar an leibhéal náisiúnta, rud a bheidh ina údar frustrachais ar leibhéal na mBallstát. Is féidir gur móide an frustrachas sin an oibleagáid atá i ndréacht‑Rialachán na bhForálacha Coiteanna i láthair na huaire ar na húdaráis bhainistíochta rialuithe a dhéanamh ar bhonn riosca seachas ar bhonn 100%, faoi mar a bhí san am atá caite. Is féidir go mbeidh an riachtanas sin ag teacht salach ar reachtaíocht náisiúnta atá ann cheana lena gceanglaítear fíorú mionsonraithe a dhéanamh ar chostais a dearbhaíodh (i gcás an chistithe meaitseála náisiúnta freisin). Is féidir gur rud é sin nár tugadh aird a dóthain air sa togra.
Tá deireadh curtha leis an údarás deimhniúcháin, agus leis sin tá deireadh curtha le ceann de na scagairí i mbainistiú agus i rialú an chaiteachais arna thabhú. Le linn an dá clárthréimhse a bhí ann roimhe seo, bhí ról tábhachtach ag na húdaráis deimhniúcháin caiteachas neamh‑incháilithe a scagadh amach agus ceartúcháin airgeadais bhreise a dhéanamh nuair ba ghá. Le dréacht‑Rialachán na bhForálacha Coiteanna, ní mhaolaítear an riosca sin.
An laghdú cúraimí iniúchóireachta atá sé beartaithe a dhéanamh, is féidir gurb é an toradh a bheidh air nach sainaithneofar earráidí iarmharacha agus, dá dheasca sin, go mbainfear an bonn ó phróiseas cinnteachta an Choimisiúin. Is é ár dtuairim nach bhfuil aon mhaolú déanta ar an riosca sin, go háirithe toisc go gcuireann na socruithe maidir le rialú comhréireach teorainn le cumhachtaí iniúchóireachta an Choimisiúin. Feictear dúinn, dá bhrí sin, go nglacann an reachtóir leis an riosca sin.
Maidir leis an mbuiséad atá le cur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte, tá béim sa chur chun feidhme ar chonarthaí soláthair phoiblí agus tá foráil déanta maidir le deontais do ghníomhaíochtaí agus d’eagraíochtaí sonracha.
Is le nithe dá leithéidí seo go príomha a bhainfidh na conarthaí soláthair phoiblí: staidéir, bailiú sonraí, conarthaí meastóireachta, oiliúint, feachtais faisnéise, seirbhísí TF agus cumarsáide, bainistíocht saoráidí. Den chuid is mó is institiúidí sláinte, saotharlanna, gnólachtaí comhairliúcháin agus cuideachtaí príobháideacha eile, ar FBManna go leor acu, atá sna conraitheoirí.
Bunús na ndeontais, is ar ghníomhaíochtaí tacaíochta d'eagraíochtaí neamhrialtasacha, do ghníomhaireachtaí náisiúnta, d’ollscoileanna, etc., a dhámhfar iad. Go hiondúil, tréimhse idir aon bhliain amháin agus trí bliana a bhíonn sa tréimhse ina gcuirtear i gcrích tionscadail a fhaigheann fóirdheontais.
Is iad seo a leanas na príomhrioscaí:
An baol go n‑úsáidfear ar dhóigh neamhéifeachtúil nó neamhthíosach cistí a dhámhfar, i gcás deontas (castacht na rialacha maoiniúcháin, go háirithe i gcás oibreoirí beaga) agus i gcás soláthair araon (líon srianta d’oibreoirí eacnamaíocha ag a bhfuil an saineolas rud a fhágann nach féidir tairiscintí praghsanna a chur i gcomparáid in earnálacha áirithe);
An riosca do chlú an Choimisiúin, má aimsítear calaois nó gníomhaíochtaí coiriúla; ní féidir ach dearbhú páirteach a fháil as córais rialaithe inmheánaigh tríú páirtithe i ngeall ar an líon measartha ard conraitheoirí agus tairbhithe ilchineálacha, agus iad ar fad ag feidhmiú a gcóras rialaithe féin, agus iad measartha beag go minic.
Tá nósanna imeachta inmheánacha curtha ar bun ag an gCoimisiún arb é is aidhm dóibh na rioscaí thuasluaite a shainaithint. Tá na nósanna imeachta i lán‑chomhréir leis an Rialachán Airgeadais agus tá bearta frith‑chalaoise agus fachtóirí costais‑tairbhe curtha san áireamh iontu. Laistigh den chreat sin, tá an Coimisiún ag leanúint de bheith ag fiosrú conas is féidir feabhas a chur ar bhainistíocht agus éifeachtúlacht a mhéadú. Is iad seo a leanas príomhghnéithe an chreata rialaithe:
Rialuithe roimh chur chun feidhme na dtionscadal agus le linn a gcur chun feidhme:
• Tá samhail-chomhaontuithe agus conarthaí seirbhíse á n‑úsáid, cinn a cheap an Coimisiún é féin. Déantar foráil leis na comhaontuithe agus leis na conarthaí sin maidir le forálacha rialaithe amhail deimhnithe iniúchóireachta, ráthaíochtaí airgeadais, iniúchtaí ar an láthair mar aon le hiniúchtaí a dhéanann OLAF. Tá na rialacha maidir le hincháilitheacht costas á simpliú, mar shampla, trí úsáid a bhaint as costais aonaid, cnapshuimeanna, ranníocaíochtaí nach mbaineann le costais agus féidearthachtaí eile a ghabhann leis an Rialachán Airgeadais. Dá thoradh sin tiocfaidh laghdú ar chostas rialuithe agus cuirfear an fócas ar sheiceálacha agus ar rialuithe i réimsí ardriosca.
• Glacann an fhoireann uile le cód um dea-iompraíocht riaracháin. An fhoireann atá bainteach leis an nós imeachta roghnúcháin nó le bainistiú na gcomhaontuithe/na gconarthaí deontais, síníonn siad siúd dearbhú freisin nach bhfuil aon choinbhleacht leasa ann. Cuirtear oiliúint ar an bhfoireann go rialta agus úsáideann siad líonraí chun na cleachtais is fearr a mhalartú.
• Déantar cur chun feidhme teicniúil tionscadail a sheiceáil go tráthrialta ag an deasc ar bhonn tuarascálacha ar dhul chun cinn teicniúil na gconraitheoirí agus na dtairbhithe; chomh maith leis sin, is ar bhonn cás ar chás a shocraítear cruinnithe agus cuairteanna ar an láthair na gconraitheoirí/na dtairbhithe.
Rialuithe i ndeireadh an tionscadail: Déantar iniúchóireachtaí ex post ar an láthair chun incháiléileamh costas a fhíorú. Is é is aidhm do na rialuithe sin earráidí ábhartha a bhaineann le dlíthiúlacht agus rialtacht idirbheart airgeadais a chosc, a bhrath agus a cheartú. D’fhonn ardtionchar rialaithe a bhaint amach, tá sé beartaithe go mbeidh idir roghnú riosca-bhunaithe agus sampláil randamach i roghnú na dtairbhithe a bhfuil iniúchadh le déanamh orthu, agus go dtabharfar aird ar ghnéithe oibriúcháin nuair is féidir é le linn iniúchta ar an láthair.
2.2.3.Meastachán ar chost‑éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas “costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú”) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)
An fhéidearthacht feidhm chuntasaíochta a úsáid, rud a d’fhéadfadh caoi a thabhairt do na Ballstáit ar chuid mhór den 4% den chostas a chaitear faoi láthair ar dheimhniú a shábháil, de bharr laghdú a theacht ar fheidhmeanna na gcóras bainistíochta agus rialaithe;
úsáid a bhaint as costais shimplithe agus roghanna costais simplithe nach mbaineann le costais, a dhéanann laghdú ar chostais agus ar ualaí riaracháin ar gach leibhéal, i gcás riarachán agus tairbhithe araon;
socruithe comhréireacha rialaithe le haghaidh fíoruithe bainistíochta (rioscabhunaithe) agus iniúchtaí;
dúnadh bliantúil, a laghdóidh costas coinneála na ndoiciméad chun críoch rialaithe do riaracháin phoiblí agus tairbhithe.
Meastar, dá bhrí sin, gur athdháileadh costas rialaithe, seachas méadú ná laghdú na gcostas sin, an toradh a bheidh ar na moltaí sin tríd is tríd (tuairim agus 2% den chistiú iomlán atá á bhainistiú a bheidh sna costais sin i gcónaí).
I bhfianaise taithí a fuarthas ó chur chun feidhme sraitheanna an chláir faoi bhainistíocht chomhroinnte a bhí ann roimhe seo agus i bhfianaise phríomh‑shaintréithe an chláir nua, meastar nach bhfuil mórán athruithe tagtha ar na rioscaí a bhaineann le cur chun feidhme an chláir. De bharr deontais agus soláthar a úsáid in éineacht le chéile, rialuithe ex ante agus ex post agus seiceálacha deisce agus iniúchóireachtaí ar an láthair, meastar go bhfanfaidh an meánráta earráide inchainníochtaithe iarmharach faoi bhun 2%.
I gcás bainistíocht dhíreach agus indíreach, is thart ar 3-7% den bhuiséad bliantúil do chaiteachas oibríochtúil atá sa chostas a leanfadh an leibhéal rialuithe atá molta. Tá údar leis sin i ngeall ar an méid mór idirbheart atá le rialú. Go deimhin, i réimse na fostaíochta, na ngnóthaí sóisialta agus na sláinte, is cuid den bhainistíocht dhíreach é mórchuid conarthaí agus deontas a leithdháileadh le haghaidh gníomhaíochtaí, agus deontais oibriúcháin éagsúla a íoc le heagraíochtaí neamhrialtasacha agus le ceardchumainn. An riosca a leanann na gníomhaíochtaí sin, baineann sé go háirithe le cumas eagraíochtaí beaga a gcuid caiteachais a rialú go héifeachtach.
Le linn tréimhse 5 bliana, is é 1.8 % an ráta earráide a bhí ag iniúchóireachtaí ar an láthair faoi bhainistíocht dhíreach. Agus nuair a chuirtear san áireamh an leibhéal íseal riosca a bhaineann le soláthar, tá an ráta sin faoi bhun 1 %. Meastar go bhfuil an leibhéal sin inghlactha, de bhrí go bhfuil sé faoi bhun an leibhéil ábharthachta 2 %.
Ní dhéanfaidh na hathruithe atá sé beartaithe a dhéanamh ar an gclár aon difear don dóigh a ndéantar bainistiú ar na leithreasuithe i láthair na huaire. Chruthaigh an córas rialaithe atá ann cheana go raibh sé in ann earráidí agus/nó neamhrialtachtaí a chosc agus/nó a bhrath, agus i gcás earráidí nó neamhrialtachtaí, iad a chur i gceart. Dá bhrí sin, meastar go bhfanfaidh rátaí earráide stairiúla ar na leibhéil chéanna.
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.
Maidir lena chuid gníomhaíochtaí faoi bhainistíocht dhíreach, indíreach agus chomhroinnte, déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí chun cosaint leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a áirithiú, trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm in aghaidh calaoise, éillitheachta nó gníomhaíochtaí neamhdhleathacha ar bith eile, trí sheiceálacha éifeachtacha agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí na méideanna a íocadh go míchuí a aisíoc agus, más cuí, trí phionóis phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha.
Beidh ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, an chumhacht chun iniúchóireachtaí a dhéanamh, ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais. Údarófar do OLAF seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh ar oibreoirí eacnamaíocha a mbaineann cistiú dá leithéid sin leo go díreach nó go hindíreach.
Ina cheann sin, cuirfidh an Coimisiún chun cinn sraith beart, e.g:
- cinntí, comhaontuithe agus conarthaí a thagann de chur chun feidhme an chláir, lena dtabharfar cead go sainráite don Choimisiún, OLAF san áireamh, agus don Chúirt Iniúchóirí iniúchtaí, seiceálacha agus cigireachtaí a dhéanamh ar an láthair;
- agus meastóireacht á déanamh ar thograí nó ar thairiscintí, déanfar na hiarratasóirí nó na tairgeoirí a sheiceáil i gcomparáid leis na critéir eisiaimh foilsithe, critéir atá bunaithe ar dhearbhuithe agus ar an gCóras Luathbhraite agus Eisiaimh (EDES);
- déanfar na rialacha maidir le hincháilitheacht costas a shimpliú i gcomhréir le forálacha an Rialacháin Airgeadais;
- tabharfar oiliúint rialta maidir le saincheisteanna a bhaineann le calaois agus neamhrialtachtaí don fhoireann go léir atá bainteach le bainistíocht conarthaí agus d’iniúchóirí agus do rialaitheoirí a fhíoraíonn dearbhuithe na dtairbhithe ar an láthair.
Déanann AS EMPL gníomhaíochtaí faoi chuimsiú Straitéis Frith‑Chalaoise an Choimisiúin.
I gcás na bainistíochta dírí, rinneadh nuashonrú in 2019 ar an measúnú riosca calaoise. Sa nós imeachta um dhámhachtain deontas tá roinnt eilimintí arb é braith calaoise is feidhm dóibh, e.g. úsáid fhorleitheadach “prionsabal na gceithre shúil”, arb é atá ann cirte agus trédhearcacht nósanna imeachta dámhachtana a fhíorú, nósanna imeachta mionsonraithe a chur i bhfeidhm chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint, fíorú an bhfuil iarratasóir ar an dúliosta de bhun Rialachán 1605/2002, úsáid uirlisí TF amhail EDES agus ARACHNE agus a bheith san airdeall ar chomharthaí calaoise eile.
I gcás bainistíocht chomhroinnte ar chistí struchtúracha tá rud níos sonraí ann, is é sin an Straitéis Chomhpháirteach Frith‑Chalaoise (2015-2020) atá ag Ard‑Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh, an Ard‑Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú agus Ard‑Stiúrthóireacht na nGnóthaí Muirí agus na hIascaireachta. I gcás na gCistí Struchtúracha tá ceanglas rialála sonrach maidir le frith‑chalaois don tréimhse 2014-2020 leagtha síos in Airteagal 125(4)c de Rialachán na bhForálacha Coiteanna. Trí bhíthin oibleagáidí maidir le rialú agus iniúchóireacht, fíoraíonn AS EMPL go bhfuil córais rialaithe curtha ar bun ag na Ballstáit agus go bhfuil na córais sin á reáchtáil i gceart acu agus go bhféachtar chuige leo go n‑úsáidtear cistí ar dhóigh éifeachtúil cheart, chun dlíthiúlacht agus rialtacht caiteachais a áirithiú. Tá sé d’oibleagáid ar na Ballstáit fadhbanna a fhógairt tríd an gCóras Bainistíochta Neamhrialtachtaí. Rianaíonn AS EMPL na bearta náisiúnta a dhéantar chun comhrac a chur ar chalaois agus más gá, gearrann sé pionós, trí bhíthin Cinntí maidir le Ceartú Airgeadais, as gan gníomh a dhéanamh i leith tacaíocht CSE a tugadh don chlár i gceist, mar shampla faoi chuimsiú na hoibre iardain i leith tuarascálacha agus mholtaí de chuid OLAF. Ina cheann sin, soláthraíonn AS EMPL treoraíocht d’údaráis bhainistíochta, lena n‑áirítear uirlis chun riosca calaoise a mheas. Cuireann AS EMPL an uirlis marcála riosca ARCHANE ar fáil do na Ballstáit.
Tá staidéar á dhéanamh ag conraitheoir seachtrach atá le críochnú i lár 2018, agus nuair a bheidh sin déanta déanfar athbhreithniú ar an Straitéis Chomhpháirteach Frith‑Chalaoise agus nuashonrófar rannchuidiú AS EMPL le Straitéis Frith‑Chalaoise an Choimisiúin.
Ar deireadh, tá bearta cothrománacha amhail oiliúint inmheánach maidir le feasacht ar chalaoise agus cosc calaoise ina ndlaoi mhullaigh ar bhearta AS EMPL.
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imreofar tionchar
|
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil |
Líne buiséid |
An cineál caiteachais |
Ranníocaíocht |
|||
|
Infheistíocht i nDaoine, Comhtháthú Sóisialta agus Luachanna |
LD/LN. |
ó thíortha de chuid CSTE 16 |
ó thíortha is iarrthóirí 17 |
ó thríú tíortha |
de réir bhrí Airteagal [21(2)(b)] den Rialachán Airgeadais |
|
|
2 |
07 01 01 01 caiteachas tacaíochta le haghaidh “Ciste Sóisialta na hEorpa+ (CSE+) – bainistíocht chomhroinnte” |
Neamhdhif. |
Líon |
Líon |
Líon |
Líon |
|
2 |
07 01 01 02 – caiteachas tacaíochta le haghaidh na sraithe Fostaíocht agus an Nuálaíocht Shóisialta |
Neamhdhif. |
Is ea |
Is ea |
Is ea |
Líon |
|
2 |
07 02 01 – CSE+ an tsraith faoi bhainistíocht chomhroinnte – Caiteachas oibríochta |
Difreáilte |
Líon |
Líon |
Líon |
Líon |
|
2 |
07 02 02 – CSE+ an tsraith faoi bhainistíocht chomhroinnte - cúnamh teicniúil oibríochtúil |
Difreáilte |
Líon |
Líon |
Líon |
Líon |
|
2 |
07 02 04 – CSE + - Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta |
Difreáilte |
Is ea |
Is ea |
Is ea |
Líon |
3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil |
2 |
Infheistíocht i nDaoine, Comhtháthú Sóisialta agus Luachanna |
|
IOMLÁN |
2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
2025 |
2026 |
2027 |
Tar éis 2027 |
IOMLÁN |
||
|
07 02 01 – CSE+ an tsraith faoi bhainistíocht chomhroinnte – Caiteachas oibríochta |
Gealltanais |
(1) |
Cumhdaithe sa Togra le haghaidh Rialachán na bhForálacha Coiteanna COM(2018)375 |
||||||||
|
Íocaíochtaí |
(2) |
||||||||||
|
07 02 02 – CSE+ 07 02 02 – CSE+ an tsraith faoi bhainistíocht chomhroinnte - cúnamh teicniúil oibríochtúil |
Gealltanais |
(1) |
|||||||||
|
Íocaíochtaí |
(2) |
||||||||||
|
07 01 01 01 caiteachas tacaíochta le haghaidh “Ciste Sóisialta na hEorpa+ (CSE+) – bainistíocht chomhroinnte” |
Gealltanais = Íocaíochtaí |
(3) |
|||||||||
|
07 02 04 – CSE + - Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta |
Gealltanais |
(1) |
99,944 |
101,993 |
104,083 |
106,214 |
108,389 |
110,606 |
112,271 |
743,500 |
|
|
Íocaíochtaí |
(2) |
28,093 |
59,077 |
76,826 |
81,534 |
83,939 |
85,782 |
87,369 |
240,880 |
743,500 |
|
|
07 01 01 02 – caiteachas tacaíochta le haghaidh na sraithe Fostaíocht agus an Nuálaíocht Shóisialta 18 |
Gealltanais = Íocaíochtaí |
(3) |
2,500 |
2,500 |
2,500 |
2,500 |
2,500 |
2,500 |
2,500 |
17,500 |
|
|
IOMLÁN leithreasuithe le haghaidh imchlúdach an chláir |
Gealltanais |
=1+3 |
102,444 |
104,493 |
106,583 |
108,714 |
110,889 |
113,106 |
114,771 |
0,000 |
761,000 |
|
Íocaíochtaí |
=2+3 |
30,593 |
61,577 |
79,326 |
84,034 |
86,439 |
88,282 |
89,869 |
240,880 |
761,000 |
|
Na leithreasuithe don chuid de CSE+ atá faoi bhainistíocht chomhroinnte, tá siad sonraithe i ráiteas airgeadais reachtach Rialachán na bhForálacha Coiteanna (RFC) COM(2018)375.
|
|
7 |
"Caiteachas riaracháin" |
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
IOMLÁN |
2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
2025 |
2026 |
2027 |
Tar éis 2027 |
IOMLÁN |
|
|
Acmhainní daonna |
91,207 |
91,207 |
91,207 |
91,207 |
91,207 |
91,207 |
91,207 |
638,448 |
||
|
Caiteachas riaracháin eile |
5,073 |
5,073 |
5,073 |
5,073 |
5,073 |
5,073 |
5,073 |
35,514 |
||
|
IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil |
96,280 |
96,280 |
96,280 |
96,280 |
96,280 |
96,280 |
96,280 |
96,280 |
673,962 |
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
2025 |
2026 |
2027 |
Tar éis 2027 |
IOMLÁN |
|||
|
IOMLÁN leithreasuithe ar fud na gCEANNTEIDEAL den chreat airgeadais ilbhliantúil |
Gealltanais |
198,724 |
200,773 |
202,863 |
204,994 |
207,169 |
209,386 |
211,051 |
1,434,963 |
||
|
Íocaíochtaí |
126,873 |
157,857 |
175,606 |
180,314 |
182,719 |
184,562 |
186,149 |
240,880 |
1,434,963 |
||
3.2.2.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasuithe de chineál riaracháin
–◻ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin
–☑ Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Bliain |
2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
2025 |
2026 |
2027 |
IOMLÁN |
Maidir le hacmhainní daonna, is ar an leithdháileadh arna dheonú do AS EMPL in 2018 (SEC(2017) 528) atá na figiúirí thíos bunaithe, agus is as an leithdháileadh sin a baineadh na baill foirne arna leithdháileadh ar an gCiste Eorpach don Domhandú, faoi réir togra ar leithligh COM(2018)XXX380.
Maidir le caiteachas riaracháin eile, taispeántar thíos an clúdach iomlánaíoch, caiteachas a bhaineann le CED san áireamh.
|
CEANNTEIDEAL 7
|
||||||||
|
Acmhainní daonna |
91,207 |
91,207 |
91,207 |
91,207 |
91,207 |
91,207 |
91,207 |
638,448 |
|
Caiteachas riaracháin eile |
5,073 |
5,073 |
5,073 |
5,073 |
5,073 |
5,073 |
5,073 |
35,514 |
|
Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7
|
96,280 |
96,280 |
96,280 |
96,280 |
96,280 |
96,280 |
96,280 |
673,962 |
|
Bliain |
2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
2025 |
2026 |
2027 |
IOMLÁN |
IOMLÁN
|
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
19
|
||||||||
|
Acmhainní daonna |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Caiteachas eile
|
2,500 |
2,500 |
2,500 |
2,500 |
2,500 |
2,500 |
2,500 |
17,500 |
|
Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
|
2,500 |
2,500 |
2,500 |
2,500 |
2,500 |
2,500 |
2,500 |
17,500 |
|
IOMLÁN |
98,780 |
98,780 |
98,780 |
98,780 |
98,780 |
98,780 |
98,780 |
691,460 |
Na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin, cumhdófar iad leis na leithreasuithe sin san Ard‑Stiúrthóireacht atá sannta cheana do bhainistíocht an bhirt agus/nó atá athshannta laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
Na leithreasuithe don chuid de CSE+ atá faoi bhainistíocht chomhroinnte, tá siad sonraithe i ráiteas airgeadais reachtach Rialachán na bhForálacha Coiteanna (RFC) COM(2018)375.
3.2.2.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach
–◻ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.
–☑ Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:
Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha
|
Bliain |
2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
2025 |
2026 |
2027 |
|
|
• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach) |
||||||||
|
IOMLÁN na bpost don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach) |
||||||||
|
Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin |
599 |
599 |
599 |
599 |
599 |
599 |
599 |
|
|
Toscaireachtaí |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
|
|
Taighde |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
|
|
• Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: ) - CA, LA, SNE, INT agus JED 20 Ceannteideal 7 |
||||||||
|
AS EMPL |
||||||||
|
Arna maoiniú as CEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil |
- sa cheanncheathrú |
71 |
71 |
71 |
71 |
71 |
71 |
71 |
|
- i dtoscaireachtaí |
neamhbhainteach |
neamhbhainteach |
neamhbhainteach |
neamhbhainteach |
neamhbhainteach |
neamhbhainteach |
neamhbhainteach |
|
|
Arna maoiniú as imchlúdach an chláir 21 |
- sa cheanncheathrú |
|||||||
|
- i dtoscaireachtaí |
neamhbhainteach |
neamhbhainteach |
neamhbhainteach |
neamhbhainteach |
neamhbhainteach |
neamhbhainteach |
neamhbhainteach |
|
|
Eile (sonraigh) |
neamhbhainteach |
neamhbhainteach |
neamhbhainteach |
neamhbhainteach |
neamhbhainteach |
neamhbhainteach |
neamhbhainteach |
|
|
IOMLÁN Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha) |
71 |
71 |
71 |
71 |
71 |
71 |
71 |
|
|
MÓRIOMLÁN |
670 |
670 |
670 |
670 |
670 |
670 |
670 |
|
Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar athshannadh a gcúraimí laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:
|
Oifigigh agus pearsanra sealadach |
Bainistiú, maoiniú agus iniúchadh an chláir |
|
Pearsanra seachtrach |
Bainistiú, maoiniú agus iniúchadh an chláir |
3.2.3.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
–☑ ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe
–◻ déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh‑mheasta thíos:
Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Bliain |
2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
2025 |
2026 |
2027 |
IOMLÁN |
|
LEE/CSTE |
iontráil mheabhráin |
iontráil mheabhráin |
iontráil mheabhráin |
iontráil mheabhráin |
iontráil mheabhráin |
iontráil mheabhráin |
iontráil mheabhráin |
iontráil mheabhráin |
|
Tíortha is iarrthóirí |
iontráil mheabhráin |
iontráil mheabhráin |
iontráil mheabhráin |
iontráil mheabhráin |
iontráil mheabhráin |
iontráil mheabhráin |
iontráil mheabhráin |
iontráil mheabhráin |
|
Tríú tíortha |
iontráil mheabhráin |
iontráil mheabhráin |
iontráil mheabhráin |
iontráil mheabhráin |
iontráil mheabhráin |
iontráil mheabhráin |
iontráil mheabhráin |
iontráil mheabhráin |
|
IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe |
iontráil mheabhráin |
iontráil mheabhráin |
iontráil mheabhráin |
iontráil mheabhráin |
iontráil mheabhráin |
iontráil mheabhráin |
iontráil mheabhráin |
iontráil mheabhráin |
3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
–☑ Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.
–◻ Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:
–◻ ar acmhainní dílse
–◻ ar ioncam eile
má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin ◻
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Líne buiséid ioncaim: |
Tionchar an togra/tionscnaimh 22 |
||||||
|
2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
2025 |
2026 |
2027 |
|
|
Airteagal …………. |
|||||||
I gcás ioncam ilghnéitheach atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.
[…]
Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).
[…]