An Bhruiséil,28.5.2020

COM(2020) 446 final

2020/0109(APP)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán ón gComhairle (AE, EURATOM) Uimh. 1311/2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Na riachtanais maoinithe le haghaidh infheistíochtaí práinneacha atá ag teacht chun cinn de dheasca na géarchéime, is riachtanais iad nach bhfacthas a leithéid riamh. Is gá, mar sin, freagairt chinntitheach urghnách ag leibhéal an Aontais. Caithfear tús áite a thabhairt do thacaíocht airgeadais i mblianta tosaigh an téarnaimh, blianta atá ríthábhachtach, lena n‑áirítear 2020. Cuideoidh sé sin an bearna a líonadh idir na bearta freagartha tosaigh agus an téarnamh ar bhonn fadtéarmach. Ní mór ollmhéid agus práinn na ndúshlán atá roimh an Aontas a chur san áireamh i bhfairsinge agus i ndearadh an idirghabhála. Tá an Coimisiún ag beartú leas a bhaint as acmhainneacht iomlán bhuiséad an Aontais chun an infheistíocht a shlógadh agus chun tús áite a thabhairt do thacaíocht airgeadais i míonna agus i mblianta tosaigh an téarnaimh, míonna agus blianta atá ríthábhachtach.

Le roinnt seachtainí, bhain an Coimisiún leas as solúbthacht iarmhair bhuiséad reatha an Aontais chun gach uile euro a bhí ar fáil a dhíriú ar shaolta a shábháil agus ar shlite beatha a chosaint. Léirigh na bearta sin cumhacht bhuiséad an Aontais chun tacaíocht thráthúil shubstaintiúil a sholáthar do na Ballstáit le linn géarchéime. Rinne na bearta sin solúbthacht bhuiséad an Aontais a ídiú freisin, áfach, rud a chuireann i dtábhacht go bhfuil géarghá le bearta nua a chur i bhfeidhm chun na chéad chéimeanna ríthábhachtacha eile den téarnamh a spreagadh.

Is gá, mar sin, athbhreithniú a dhéanamh ar Rialachán ón gComhairle (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 an 2 Nollaig 2013 1 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020, chun tús‑ualú tacaíochta airgeadais a cheadú cheana in 2020 a luaithe agus is féidir. Baineann sé sin go háirithe le haon luathriachtanas chun soláthar na hIonstraime um Thacaíocht Sócmhainneachta faoin gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha agus an ranníocaíocht ón Aontas le méadú caipitil an Chiste Eorpaigh Infheistíochta  2 a mhaoiniú, tús‑ualú caiteachais breise ar chomhtháthú faoi REACT‑EU 3 , agus acmhainní méadaithe airgeadais le haghaidh an Chiste Eorpaigh um Fhorbairt Inbhuanaithe 4 .

2.EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

Chun infheistíocht a shlógadh agus chun tús áite a thabhairt do thacaíocht airgeadais i míonna agus i mblianta tosaigh an téarnaimh, míonna agus blianta atá ríthábhachtach, foráiltear san athbhreithniú seo méadú ar na huasteorainneacha caiteachais le creat ilbhliantúil 2014-2020 le haghaidh na bliana 2020.

Beartaíonn an Coimisiún na huasteorainneacha le leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí a mhéadú le haghaidh na bliana 2020 mar a leanas:

an uasteorainn le leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí i bhfo‑cheannteideal 1a ‘Iomaíochas don fhás agus do phoist’, méadaítear an uasteorainn sin go leibhéal EUR 25 681 mhilliún (i bpraghsanna 2011);

an uasteorainn le leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí i bhfo‑cheannteideal 1b ‘Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach’, méadaítear an uasteorainn sin go leibhéal EUR 53 109 milliún (i bpraghsanna 2011);

an uasteorainn le leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí i gceannteideal 4 ‘An Eoraip Dhomhanda’, méadaítear an uasteorainn sin go EUR 9 665 mhilliún (i bpraghsanna 2011).

Mar thoradh ar na méaduithe atá beartaithe ar uasteorainneacha oibleagáidí, beidh méadú EUR 6 040 milliún ar na riachtanais íocaíochta, atá comhoiriúnach d'uasteorainn bhliantúil íocaíochta 2020 mar a coigeartaíodh é sa choigeartú teicniúil a rinneadh i mBealtaine 2019 5 . Ar an gcúis sin, ní bheartaíonn an Coimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar uasteorainn íocaíochta 2020.

Ba cheart, dá bhrí sin, an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 a leasú agus an Iarscríbhinn a ghabhann leis an togra seo a chur ina ionad.

De bhun Airteagal 135(2) den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach 6 , níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis an Ríocht Aontaithe a mhéid a bhfuil tionchar aige ar oibleagáidí airgeadais na Ríochta Aontaithe i gcomparáid leis na hoibleagáidí sin ón dáta a tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas.

2020/0109 (APP)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán ón gComhairle (AE, EURATOM) Uimh. 1311/2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 312 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa 7 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Teastaíonn bearta urghnácha de dheasca ráig COVID19 agus de dheasca na géarchéime sláinte poiblí agus eacnamaíche a bhaineann leis an ráig. Na riachtanais maoinithe le haghaidh infheistíochtaí práinneacha atá ag teacht chun cinn de dheasca na géarchéime, is riachtanais iad nach bhfacthas a leithéid riamh. Is gá, mar sin, freagairt chinntitheach urghnách ag leibhéal an Aontais, agus caithfear tús áite a thabhairt do thacaíocht airgeadais i mblianta tosaigh an téarnaimh, blianta atá ríthábhachtach, lena náirítear 2020.

(2)Is gá riachtanais airgeadais a chumhdach in 2020 trí bhíthin tionscnaimh nua a thugann aghaidh ar an téarnamh. Baineann sé sin leis an Ionstraim um Thacaíocht Sócmhainneachta agus an ranníocaíocht ón Aontas le méadú caipitil an Chiste Eorpaigh Infheistíochta 8 , atreisiú sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post faoi Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (REACTEU) 9 , agus an Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe 10 .

(3)Is gá, mar sin, le haghaidh na bliana 2020, na huasteorainneacha le leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí atá faoi fhocheannteideal 1a, faoi fhocheannteideal 1b agus faoi cheannteideal 4 a mhéadú. Ba cheart, dá bhrí sin, an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 a leasú dá réir.

(4)De bhun Airteagal 135(2) den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach 11 , níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis an Ríocht Aontaithe a mhéid a bhfuil tionchar aige ar oibleagáidí airgeadais na Ríochta Aontaithe i gcomparáid leis na hoibleagáidí sin ón dáta a tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Ní mhéadóidh an Rialachán seo oibleagáidí airgeadais na Ríochta Aontaithe i gcomparáid leis na hoibleagáidí a bhí uirthi ar an dáta a tharraing sí siar as an Aontas.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L347, 20.12.2013, lch. 884.
(2)    COM(2020)404
(3)    COM(2020)451
(4)    COM(2020)407
(5)    COM(2019)310 final an 15.05.2019
(6)    IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.
(7)    IO C , , lch. .
(8)    COM(2020)404, IO C , , lch. .
(9)    COM(2020)451, IO C , , lch. .
(10)    COM(2020)407, IO C , , lch. .
(11)    IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.

An Bhruiséil,28.5.2020

COM(2020) 446 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle

lena leasaítear Rialachán ón gComhairle (AE, EURATOM) Uimh. 1311/2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020






















TÁBLA - AN CREAT AIRGEADAIS ILBHLIANTÚIL 2014-2020


IARSCRÍBHINN

AN CREAT AIRGEADAIS ILBHLIANTÚIL (2014-2020)

(EUR milliún - i bpraghsanna 2011)

LEITHREASAÍ FAOI CHOMHAIR OIBLEAGÁIDÍ

2014

2015

2016

2017

2018

2019

2020

Iomlán 
2014-2020

1. Fás Cliste agus Cuimsitheach

49 713

72 047

62 771

65 277

66 528

68 214

78 790

463 340

1a: Iomaíochas don fhás agus do phoist

15 605

16 321

16 726

17 693

18 490

19 700

25 681

130 216

1b: Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach

34 108

55 726

46 045

47 584

48 038

48 514

53 109

333 124

2. Fás Inbhuanaithe: Acmhainní Nádúrtha

46 981

59 765

58 204

53 448

52 466

51 503

50 558

372 925

ar a bhfuil: Caiteachas a bhaineann leis an margadh agus íocaíochtaí díreacha

41 254

40 825

39 808

39 201

38 446

37 452

36 723

273 709

3. Slándáil agus saoránacht

1 637

2 269

2 306

2 289

2 312

2 391

2 469

15 673

4. An Eoraip Dhomhanda

7 854

8 083

8 281

8 375

8 553

8 764

9 665

59 575

5. Riarachán

8 218

8 385

8 589

8 807

9 007

9 206

9 417

61 629

ar a bhfuil: Caiteachas riaracháin na n-institiúidí

6 649

6 791

6 955

7 110

7 278

7 425

7 590

49.798

6. Cúiteamh

27

0

0

0

0

0

0

27

IOMLÁN NA LEITHREASAÍ FAOI CHOMHAIR OIBLEAGÁIDÍ

114 430

150 549

140 151

138 196

138 866

140 078

150 899

973 169

IOMLÁN NA LEITHREASAÍ FAOI CHOMHAIR ÍOCAÍOCHTA

127 932

130 003

118 374

112 322

134 376

142 285

144 274

909 566