AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,31.8.2020
COM(2020) 437 final
2020/0209(CNS)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE
lena n-osclófar taraif-chuótaí uathrialaitheacha de chuid Aontais agus lena bhforálfar dó i gcás táirgí áirithe iascaigh isteach sna hOileáin Chanáracha ó 2021 go 2027
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Foráiltear i Rialachán 1412/2013 ón gComhairle do tharaif-chuótaí uathrialaitheacha (dleacht 0 %) do 30,000 tona d’allmhairí táirgí iascaigh isteach sna hOileáin Chanárach sa tréimhse 2014-2020. Tá údar cuí leis na bearta toisc gur ualach mór ar an earnáil sin iad na costais a bhaineann le staid gheografach eisceachtúil na nOileán Canárach i dtaca le foinsí soláthair na dtáirgí iascaigh, táirgí atá bunriachtanach don tomhaltas baile.
Ní rud nua é an staid sin. Sular tháinig an Spáinn isteach san Aontas, bhíodh córas “saor ó dhleacht” ag na hOileáin Chanáracha d’earraí a thagadh isteach sa réigiún. Tar éis don Spáinn teacht chun bheith ina bhallstát den Aontas, thairbhigh táirgí iascaigh a allmhairíodh chuig na hOileáin Chanárach de chórais ar leith i bhfoirm fionraíochtaí dleachta go dtí 2001. Ó shin i leith, tá na hOileáin Chanáracha ag tairbhiú de tharaif-chuótaí.
Rachaidh na taraif-chuótaí atá ann faoi láthair in éag an 31 Nollaig 2020. Don tréimhse tar éis 2020, ceanglaítear le Rialachán 1412/2013 go ndéanfaidh an Coimisiún scrúdú ar thionchar na mbeart agus, ar bhonn thorthaí an scrúdaithe sin, go gcuirfidh sé aon togra ábhartha isteach don tréimhse tar éis an 31 Nollaig 2020.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tairbhíonn na hOileáin Chanáracha agus na réigiúin eile is forimeallaí de bhearta éagsúla comhchosúla (laghduithe taraifí uathrialaitheacha). Mar shampla, foráiltear i Rialachán (AE) Uimh. 1386/2011 ón gComhairle an 19 Nollaig 2011 do bhearta comhchosúla d’allmhairí táirgí tionsclaíocha chuig na hOileáin Chanáracha.
Sular tháinig an Spáinn isteach san Aontas, bhíodh córas “saor ó dhleacht” ag na hOileáin Chanáracha d’earraí a thagadh isteach sa réigiún. Tar éis don Spáinn teacht chun bheith ina bhallstát den Aontas, thairbhigh táirgí iascaigh a allmhairíodh chuig na hOileáin Chanáracha de chórais ar leith i bhfoirm fionraíochtaí dleachta go dtí 2001. Ó shin i leith, tá na hOileáin Chanáracha ag tairbhiú de tharaif-chuótaí. Rialachán leantach is ea é seo i ndáil leis na bearta sin.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).
•Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)
Is é an tAontas Eorpach amháin atá freagrach as dleachta na Comhtharaife Custaim. Dá réir sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta maidir leis an tionscnamh seo.
•Comhréireacht
Tá an rogha bheartais comhréireach mar nach ndearnadh ach méid teoranta a údarú, i gcomhréir leis an ráta úsáide.
•An rogha ionstraime
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Chuathas i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha tríd an gComhairle Chomhairleach um Margaí agus Comhairle Chomhairleach na Réigiún is Forimeallaí. D’iarr Comhairle Chomhairleach na Réigiún is Forimeallaí ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar na conclúidí i bhfianaise go bhfuil laghdú tagtha ar an turasóireacht sna hOileáin Chanáracha mar gheall ar phaindéim COVID. Mar sin féin, tá sé an‑deacair iarmhairtí a mheas le haghaidh tréimhse seacht mbliana, agus d’fhéadfaí bac a chur ar théarnamh eacnamaíoch dá gcuirfí deireadh leis na cuótaí nó dá laghdófaí iad i rith na seacht mbliana sin. Dá bhrí sin, molann an Coimisiún go gcuirfí síneadh leis na bearta mar a bhí beartaithe.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Chun scrúdú a dhéanamh ar iarmhairtí na mbeart, mar a cheanglaítear leis an Rialachán, d’iarr an Coimisiún an fhaisnéis riachtanach ar údaráis na Spáinne. Sholáthair údaráis na Spáinne sonraí maidir leis na táirgí faoi thrácht a allmhairíodh chuig na hOileáin Chanáracha agus áiríodh ar na sonraí anailís ar na táirgí sin.
Soláthraíonn tuarascálacha eile faisnéis ábhartha maidir leis na hOileáin Chanáracha i réigiúin atá ábhartha agus scrúdú á dhéanamh ar iarmhairtí na dtaraif-chuótaí, is é sin Teachtaireacht ón gCoimisiúin maidir leis na Réigiúin is Forimeallaí ó 2017 agus an tuarascáil dar teideal Realising the potential of the Outermost Regions for sustainable blue growth [Acmhainneacht na Réigiún is Forimeallaí don fhás gorm inbhuanaithe].
Bailíodh faisnéis faoi ábhair ar leith freisin, amhail fostaíocht (ISTAC – Oifig Staidrimh na nOileán Canárach), turasóireacht (staidreamh oifigiúil ar thurasóireacht sna hOileáin Chanáracha) agus tomhaltas (Eorabharaiméadar).
•Measúnú tionchair
Ní dhearnadh measúnú tionchair. Athnuaitear, leis an togra, an gníomh dlí reatha a rachaidh in éag ag deireadh 2020. Níl údar cuí le measúnú tionchair, i bhfianaise raon feidhme teoranta na mbeart agus go mbaineann an togra le síneadh a chur le bearta den sórt sin agus nach bhfuil athruithe suntasacha ar na hiarmhairtí a bhfuiltear ag súil leo.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
•Cearta bunúsacha
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Ní bhaineann tionchar buiséadach leis an togra don Choimisiún.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
•Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
2020/0209 (CNS)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE
lena n-osclófar taraif-chuótaí uathrialaitheacha de chuid Aontais agus lena bhforálfar dó i gcás táirgí áirithe iascaigh isteach sna hOileáin Chanáracha ó 2021 go 2027
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal (349) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Baineann costais bhreise don earnáil sin le staid gheografach eisceachtúil na nOileán Canárach i ndáil le foinsí óna soláthraítear táirgí iascaigh áirithe, foinsí atá fíor-riachtanach don tomhaltas baile. Is míbhuntáiste é sin, mar a aithnítear in Airteagal 349 den Chonradh, atá mar thoradh ar oileánachas, ar iargúltacht, agus ar fhorimeallacht an tsuímh, agus ar féidir é a leigheas, inter alia, trí dhleachtanna custaim a chur ar fionraí go sealadach, is é sin le rá dleachtanna custaim ar allmhairí na dtáirgí faoi thrácht ó thríú tíortha laistigh de mhéid cuí taraif-chuótaí uathrialaitheacha de chuid an Aontais.
(2)Rialachán (AE) Uimh. 1412/2013 ón gComhairle lena n‑osclófar riarachán taraif-chuótaí uathrialaitheacha Aontais agus lena bhforálfar dó i gcás allmhairí táirgí áirithe iascaigh isteach sna hOileáin Chanáracha don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.
(3)In Iúil 2019, chuir an Coimisiún scrúdúchán ar iarmhairtí na mbeart faoi bhráid na Comhairle, roghanna eile á gcur ar fáil aige don tréimhse tar éis an 31 Nollaig 2020.
(4)Thaispeáin an scrúdúchán go raibh ráta úsáide an dá chuóta 09.2997 agus 09.2651 suntasach. Faoi gcuóta 09.2651, níor úsáideadh cód CN 0308.
(5)Tá údar cuí le taraif-chuótaí cosúil leis na taraif-chuótaí a osclaíodh le Rialachán (AE) Uimh.1412/2013 do tháirgí iascaigh áirithe toisc go bhfreastalóidís ar riachtanais mhargadh baile na nOileán Canárach, agus á áirithiú san am céanna go bhféadfaí sreabhadh allmhairí saor ó dhleacht isteach san Aontas a thuar agus aithint go soiléir.
(6)Dá bhrí sin, agus é mar aidhm dearcadh fadtéarmach a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha maidir le leibhéal gníomhaíochta a bhaint amach lena ndéanfar timpeallacht eacnamaíoch agus shóisialta na nOileán Canárach a chobhsú, is iomchuí síneadh a chur, ar feadh tréimhse bhreise, leis an gcóras taraif-chuótaí uathrialaitheacha a bhaineann leis na dleachtanna Comhtharaife Custaim d’earraí áirithe mar a sonraíodh san Iarscríbhinn leis an Rialachán seo.
(7)Ionas nach mbainfear bonn de shláine agus de chomhleanúnachas an mhargaidh inmheánaigh, ba cheart bearta a dhéanamh lena áirithiú gur do mhargadh baile na nOileán Canárach amháin iad na táirgí iascaigh dá ndeonaítear fionraíocht.
(8)Ba chóir bearta a dhéanamh lena áirithiú go gcoimeádtar an Coimisiún ar an eolas faoi mhéid na n‑allmhairí faoi thrácht ionas gur féidir céimeanna a ghlacadh, más gá, le bac a chur ar aon ghluaiseacht amhantrach nó sraonadh trádála.
(9)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún ionas gur féidir leis an gCoimisiún an fhionraíocht a tharraingt siar i gcás sraonadh trádála. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ba cheart don Chomhairle, áfach, an cinneadh críochnaitheach a dhéanamh maidir leis an bhfionraíocht a choinneáil ar bun nó a tharraingt siar, i gcomhréir le hAirteagal 349 den Chonradh laistigh den tréimhse, dá dtarraingeodh an Coimisiún an fhionraíocht siar go sealadach.
(10)Ba cheart na bearta dá bhforáiltear sa rialachán seo leanúnachas a áirithiú tar éis do Rialachán (CE) Uimh. 1412/2013 dul in éag. Dá bhrí sin, is iomchuí na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán a chur i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1.Ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027, cuirfear ar fionraí go hiomlán na dleachtanna Comhtharaife Custaim is infheidhme maidir le hallmhairí táirgí iascaigh isteach sna hOileáin Chanáracha a liostaítear san Iarscríbhinn leis an Rialachán seo do na cainníochtaí a luaitear san Iarscríbhinn.
2.Deonófar an fhionraíocht dá dtagraítear i mír 1 go heisiach do tháirgí a beartaíodh do mhargadh baile na nOileán Canárach. Ní bheidh feidhm aige ach amháin maidir le táirgí iascaigh a dhíluchtaítear ó long nó aerárthach sula gcuirtear faoi bhráid údaráis chustaim na nOileán Canárach an dearbhú custaim lena scaoileadh isteach sa tsaorchúrsaíocht.
Airteagal 2
Déanfar na taraif-chuótaí dá dtagraítear in Airteagal 1 a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagail 49 go 54 den Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún.
Airteagal 3
Faoin 30 Meitheamh 2026, cuirfidh údaráis inniúla na Spáinne tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme na mbeart dá bhforáiltear in Airteagal 1. Déanfaidh an Coimisiún scrúdú ar iarmhairtí na mbeart sin agus, ag cur shainghnéithe thorthaí na tuarascála san áireamh, cuirfidh sé isteach aon togra ábhartha don tréimhse tar éis 2027.
Airteagal 4
1.Má tá cúis ag an gCoimisiún a chreidiúint gur saoradh trádála do tháirge ar leith a bhí mar thoradh ar na fionraíochtaí a leagadh síos sa Rialachán, féadfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena dtarraingítear siar an fhionraíocht go sealadach do thréimhse nach faide ná 12 mhí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(2).
Urrófar le ráthaíocht íocaíocht na ndleachtanna allmhaire do tháirgí dar tarraingíodh an fionraí siar go sealadach, agus cuirfear de choinníoll ar scaoileadh na dtáirgí faoi thrácht sa tsaorchúrsaíocht sna hOileán Chanáracha go ndéanfar ráthaíocht den sórt sin a sholáthar.
2.Laistigh den uastréimhse 12 mhí dá dtagraítear i mí 1, glacfaidh an Chomhairle cinneadh críochnaitheach, i gcomhréir le hAirteagal 349 den Chonradh, maidir leis an bhfionraíocht a choinneáil ar bun nó é a tharraingt siar go cinnte. Má tharraingítear an fhionraíocht siar go cinnte, baileofar méideanna na ndleachtanna a urraíodh le ráthaíocht go cinnte.
3.Murar glacadh aon chinneadh cinnte laistigh den uasteorainn 12 mhí i gcomhréir le mír 2, scaoilfear na ráthaíochtaí urrúis.
Airteagal 5
1.Déanfaidh an Coiste um Chód Custaim, a bunaíodh le hAirteagal 285 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 6
Comhoibreoidh an Coimisiún agus údaráis chustaim na mBallstát go dlúth le chéile chun dea-bhainistiú agus rialú a áirithiú do chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Airteagal 7
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán