AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,13.8.2020
COM(2020) 369 final
2020/0172(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE i ndáil le leasú ar Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse
(Líne Bhuiséid 33.02.03.01 – Dlí na gCuideachtaí)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Chun go n‑áireofar an deimhneacht agus an aonchineálacht dhlíthiúil is gá maidir leis an Margadh Inmheánach, tá Comhchoiste LEE chun reachtaíocht ábhartha uile an Aontais Eorpaigh a chomhtháthú i gComhaontú LEE chomh luath agus is féidir tar éis a ghlactha agus ceadóidh an Comhchoiste freisin rannpháirtíocht Stáit CSTE LEE i ngníomhaíochtaí nó i gcláir an Aontais atá ábhartha do LEE.
Is é is aidhm don Dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE (atá i gceangal leis an gCinneadh ón gComhairle atá beartaithe) Prótacal 31 a ghabhann le comhaontú LEE maidir le “comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse” a leasú. Tá gá leis sin chun go gceadófar do Stáit CSTE LEE a bheith rannpháirteach i gcláir agus i ngníomhaíochtaí an Aontais a chistítear ó línte buiséid de bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. Sa chás seo, is é is cuspóir don leasú sin cead a thabhairt do Stáit CSTE LEE (an Iorua, an Íoslainn, agus Lichtinstéin) a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí an Aontais a bhaineann le líne Bhuiséid 33 02 03 01: “Dlí na gcuideachtaí”, a iontráladh i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh le haghaidh na bliana airgeadais 2020.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
An Dréachtchinneadh ón gComhchoiste atá i gceangal, tá sé go hiomlán comhsheasmhach le haidhm Chomhaontú LEE chun an caidreamh trádála agus eacnamaíoch idir na Páirtithe Conarthacha a neartú ar bhealach leanúnach cothrom ina mbeidh dálaí comhionanna iomaíochta, agus urraim ar na rialacha sin, d'fhonn Limistéar Eorpach Eacnamaíoch aonchineálach a chruthú.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an Dréachtchinneadh ón gComhchoiste comhsheasmhach le beartais eile de chuid an Aontais freisin, go háirithe maidir leis an aidhm chun aonchineálacht Mhargadh Inmheánach an Aontais a chosaint.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Tá an togra bunaithe ar Airteagal 114 CFAE i gcomhar le hAirteagal 218(9) de. In Airteagal 1(3) de Rialachán ón gComhairle (CE) Uimh. 2894/94 a bhaineann le socruithe le haghaidh chur chun feidhme Chomhaontú LEE, foráiltear gurb í an Chomhairle a chinneann, ar thogra ón gCoimisiún, an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais maidir le Cinntí den chineál sin.
•Coimhdeacht (maidir le hinniúlachtaí neamheisiacha)
Comhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta ar an gcúis seo a leanas:
Is é is cuspóir don togra seo aonchineálacht an Mhargaidh Inmheánaigh a áirithiú agus ós rud é nach féidir leis na Ballstáit féin an cuspóir sin a ghnóthú go leordhóthanach, is fearr, de bharr na n‑éifeachtaí, é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais.
•Comhréireacht
I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ní théann an togra seo thar a bhfuil riachtanach chun a chuspóir a ghnóthú – is é sin aonchineálacht an Mhargaidh Inmheánaigh a áirithiú.
•An rogha ionstraime
I gcomhréir le hAirteagal 98 de Chomhaontú LEE, is é an cinneadh ó Chomhchoiste LEE an ionstraim a roghnaíodh. Áiritheoidh Comhchoiste LEE cur chun feidhme agus oibriú éifeachtach Chomhaontú LEE. Chuige sin, glacfaidh sé cinntí sna cásanna dá bhforáiltear sa Chomhaontú sin.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Déanfaidh Stáit CSTE LEE ranníocaíochtaí i leith Bhuiséad an Aontais, líne Bhuiséid 33 02 03 01: “Dlí na gcuideachtaí”. Socrófar an méid cruinn i gcomhréir le forálacha Chomhaontú LEE, tar éis ghlacadh an Dréachtchinnidh seo ón gComhairle.
5.EILIMINTÍ EILE
I gcomhréir le beartas buiséadach an Aontais, ní féidir a bheith rannpháirteach in aon ghníomhaíocht de chuid an Aontais go dtí go n‑íocfar an ranníocaíocht airgeadais chomhfhreagrach. I gcomhréir le Prótacal 32 a ghabhann le Comhaontú LEE, áfach, déanann Stáit CSTE LEE an ranníocaíocht airgeadais bhliantúil faoin 31 Lúnasa gach bliain i ndiaidh ghlao an Aontais ar chistí atá bunaithe ag an gCoimisiún Eorpach agus a chuirtear faoi bhráid Stáit CSTE LEE faoin 15 Lúnasa.
Dá bhrí sin, chun an bhearna a líonadh le haghaidh na tréimhse idir mí Eanáir agus mí Lúnasa, beidh feidhm chúlghabhálach ag an Dréachtchinneadh ón gComhchoiste ó mhí Eanáir ar aghaidh. Sa chaoi sin, áiritheofar leanúnachas an chomhair, mar a fhoráiltear i gComhaontú LEE, i rith na bliana féilire ar fad.
Leis an gcúlghabhálacht sin, ní dhéantar difear do chearta agus d'oibleagáidí na ndaoine lena mbaineann, agus déantar prionsabal an ionchais dhlisteanaigh a urramú.
2020/0172 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE i ndáil le leasú ar Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse
(Líne Bhuiséid 33.02.03.01 – Dlí na gCuideachtaí)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don Rialachán ón gComhairle (AE) Uimh. 2894/94 an 28 Samhain 1994 a bhaineann le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, agus go háirithe Airteagal 1(3) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tháinig an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch ('Comhaontú LEE') i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.
(2)De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE a chinneadh Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, inter alia, a leasú.
(3)I bPrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, tá forálacha maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse.
(4)Is iomchuí leanúint de chomhar na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE i ngníomhaíochtaí an Aontais a chistítear ó bhuiséad ginearálta an Aontais agus a bhaineann le dlí na gcuideachtaí.
(5)Ba cheart, dá bhrí sin, Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú ionas go mbeifear in ann an comhar leathnaithe sin a chur ar siúl ó 1 Eanáir 2020.
(6)Ba cheart seasamh an Aontais laistigh de Chomhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh atá i gceangal,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, laistigh de Chomhchoiste LEE i ndáil leis an leasú atáthar a bheartú ar Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, bunófar an seasamh sin ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE atá ceangailte leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán