An Bhruiséil,7.8.2020

COM(2020) 360 final

2020/0165(CNS)

Togra le haghaidh

TREOIR ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2006/112/CE maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha i ndáil le daoine inchánach i dTuaisceart Éireann a shainaithint


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

D'fhág an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach an 31 Eanáir 2020. I gcomhréir leis an gComhaontú um Tharraingt Siar 1 , is tríú tír anois an Ríocht Aontaithe i dtaca leis an Aontas.

Ina ainneoin sin, chomhaontaigh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe ar idirthréimhse go deireadh 2020 ar lena linn a leanfaidh, inter alia, reachtaíocht an Aontais maidir le CBL d'fheidhm a bheith aici sa Ríocht Aontaithe 2 .

Amhail ón 1 Eanáir 2021, ní bheidh feidhm a thuilleadh ag reachtaíocht CBL an Aontais maidir leis an Ríocht Aontaithe. Mar sin féin, ar bhonn an Phrótacail maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann 3 (an “Prótacal” anseo feasta), ar cuid den Chomhaontú um Tharraingt Siar é, beidh Tuaisceart Éireann faoi reachtaíocht CBL an Aontais maidir le hearraí d'fhonn teorainn chrua idir Éire agus Tuaisceart Éireann a sheachaint. I gcás seirbhísí, ar an taobh eile, meastar go bhfuil Tuaisceart Éireann, in éineacht leis an gcuid eile den Ríocht Aontaithe, lasmuigh den Aontas.

Dar ndóigh, is é an toradh atá air sin córas CBL measctha nó déach i dTuaisceart Éireann ina bhfuil soláthairtí, éadálacha agus allmhairithe earraí laistigh den Chomhphobal atá lonnaithe i dTuaisceart Éireann, de réir na rialacha maidir le suíomh idirbheart inchánach a leagtar síos i dTeideal V den Treoir maidir le CBL 4 , córas ina bhfuil na soláthairtí agus na hearraí sin faoi réir rialacha comhchuibhithe an Aontais agus san am céanna, nach bhfuil soláthairtí seirbhísí a dhéantar sa chríoch sin faoi réir chóras CBL an Aontais.

Ionas go bhfeidhmeoidh córas CBL an Aontais mar is ceart, tá sé ríthábhachtach daoine inchánach a shainaithint chun críocha CBL de réir rialacha an Aontais, is é sin le rá daoine a bhíonn ag dáileadh soláthairtí earraí i dTuaisceart Éireann (lena n‑áirítear “soláthairtí laistigh den Chomhphobal” mar a thugtar orthu) nó éadálacha earraí laistigh den Chomhphobal (lena n‑áirítear éadálacha ag daoine neamh-inchánach) mar a liostaítear in Airteagal 214. Is gá freisin a áirithiú go mbeidh na scéimeanna speisialta roghnacha ag feidhmiú mar is ceart le haghaidh daoine inchánach a bhíonn ag soláthar seirbhísí do dhaoine neamh-inchánach nó a bhíonn i mbun ciandíolachán earraí.

I bhfianaise an mhéid sin, tá sé tábhachtach go ndéantar na daoine dlítheanacha inchánach sin (agus i gcás inarb iomchuí, daoine neamh-inchánach) a shainaithint i dTuaisceart Éireann trí bhíthin uimhir aitheantais CBL an Aontais, a dheonaítear de réir rialacha an Aontais agus atá difriúil le haon uimhir aitheantais CBL sa Ríocht Aontaithe (dar tús “GB”) a dheonófar de réir reachtaíocht na Ríochta Aontaithe. D'fhéadfadh sé gur ghá uimhir aitheantais CBL de chuid an Aontais a dheonú mar aon le huimhir aitheantais CBL a úsáidtear sa Ríocht Aontaithe i gcás, mar shampla, ina soláthraíonn gnólacht earraí agus seirbhísí araon i dTuaisceart Éireann.

I gcás gnólachtaí, go háirithe iad siúd atá i mbun trádáil earraí chuig Tuaisceart Éireann agus as Tuaisceart Éireann, ba cheart é a bheith soiléir sothuigthe cé na rialacha atá i bhfeidhm, is iad sin na rialacha atá i bhfeidhm san Aontas nó na rialacha is infheidhme sa Ríocht Aontaithe. Tá uimhir aitheantais CBL an Aontais an-tábhachtach ar fad i bhfeidhmiú chóras CBL an Aontais, e.g. chun bonn cirt a thabhairt leis an díolúine do “soláthairtí laistigh den Chomhphobal” maidir le hearraí, mar a thugtar orthu (trí chóras VIES), na nósanna imeachta um aisíocaíocht CBL is infheidhme (córas aisíocaíochta CBL an Aontais 5 nó an 13ú Treoir 6 ), grúpáil CBL, idirbhearta triantánacha agus idirbhearta slabhracha (“oibreoir idirmheánach”), socruithe stoic ar glao, “nós imeachta custaim 42”, an “líontán sábhála” (áit éadála laistigh den Chomhphobal sa Bhallstát a d'eisigh CBL).

Dá bhrí sin, beartaítear go mbeidh an réimír shonrach “XI” ag uimhreacha aitheantais CBL i dTuaisceart Éireann. Ós rud é nach bhfuil cód ISO 3166 – alfa 2 ar leith ag Tuaisceart Éireann, cód a úsáidtear chun réimíreanna uimhreacha aitheantais CBL san Aontas a chinneadh mar a leagtar síos in Airteagal 215 den Treoir maidir le CBL, teastaíonn réimír shonrach nua. Mar sin féin, déantar foráil le ISO go bhféadfaí cóid X a úsáid le haghaidh críocha nach bhfuil cód sonrach acu; is rogha loighciúil é an cód “XI” dá bhrí sin.

Tugtar faoi deara, cé go bhfuil oibleagáid fhoriomlán faoi Airteagal 214 de Threoir CBL chun daoine inchánach ó thaobh CBL de a shainaithint (agus, i gcás inarb infheidhme, daoine dlítheanacha neamh-inchánach), gur féidir chomh maith leis sin, faoi réir choinníollacha Airteagal 272 den Treoir maidir le CBL, daoine inchánach áirithe a eisiamh ón oibleagáid seo nó ó oibleagáidí eile. Dá bharr sin, d'fhéadfadh an Ríocht Aontaithe a roghnú teorainn a chur leis an tsainaithint sin agus úsáid a bhaint as an réimír shonrach le haghaidh na dtrádálaithe sin i dTuaisceart Éireann atá, go héifeachtach, i mbun trádáil earraí laistigh den Aontas agus na gnólachtaí sin, mar shampla, atá ag soláthar sa chríoch bhaile amháin a eisiamh.

Mar a luadh roimhe, tá ról tábhachtach ag uimhir aitheantais CBL (a bhfuil an réimír cheart thíre uirthi) sa trádáil laistigh den Aontas. Is coinníoll shubstainteach anois é uimhir aitheantais CBL, a bhfuil an réimír cheart uirthi, a úsáid chun an díolúine in Airteagal 138 den Treoir maidir le CBL i ndáil le “soláthairtí [earraí] laistigh den Chomhphobal”. Ní mór d'iarratasóirí a bheith in ann rochtain a fháil ar chóras aisíocaíochta CBL an Aontais.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá úsáid an chóid “XI” atá beartaithe comhsheasmhach leis an úsáid atá beartaithe dó chun críocha Custaim agus Máil i ndáil le Tuaisceart Éireann.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra comhsheasmhach le cur chun feidhme iomlán an Phrótacail, agus dá bhrí, sin féadtar ullmhú rianúil tráthúil a áirithiú maidir le seasamh sonrach Thuaisceart Éireann tar éis don Ríocht Aontaithe tarraingt siar as an Aontas Eorpach.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Leis an Treoir leasaítear an Treoir maidir le CBL ar bhonn Airteagal 113 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Leis an bhforáil seo, foráiltear don Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta agus tar éis di dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, go nglacfaidh sí forálacha le haghaidh comhchuibhiú ar rialacha na mBallstát i réimse na cánach indírí.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, féadfar gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais ach amháin mura féidir leis na Ballstáit na haidhmeanna atá beartaithe a ghnóthú go leordhóthanach as a stuaim féin agus gur fearr, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na ngníomhaíochtaí atá beartaithe, is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais.

Socruithe CBL, i ngeall ar a nádúr féin, maidir le Tuaisceart Éireann, ní féidir le Ballstáit aonair cinneadh a dhéanamh fúthu. Ina theannta sin, déantar CBL a chomhchuibhiú ar leibhéal an Aontais agus, dá bhrí sin, is gá togra ón gCoimisiún chun an Treoir maidir le CBL a leasú i gcás aon tionscnaimh a bhaineann le cód sonrach a thabhairt isteach a úsáidfear do chóras CBL an Aontais maidir le Tuaisceart Éireann.

Comhréireacht

Tá an togra, a mhéid a bhaineann sé leis an gcód sonrach a thabhairt isteach do Thuaisceart Éireann, comhsheasmhach le prionsabal na comhréireachta i.e. ní théann sé thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí na gConarthaí a ghnóthú, go háirithe dea-fheidhmiú an mhargaidh aonair tar éis don Ríocht Aontaithe tarraingt siar as an Aontas Eorpach. Dála na tástála coimhdeachta, ní féidir leis na Ballstáit déileáil le gnéithe praiticiúla i ndáil le seasamh sonrach Thuaisceart Éireann i gcóras CBL an Aontais gan togra chun leasú a dhéanamh ar an Treoir maidir le CBL.

An rogha ionstraime

Beartaítear Treoir d'fhonn leasú a dhéanamh ar an Treoir maidir le CBL.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní bheidh aon impleachtaí diúltacha ag an togra ar bhuiséad an Aontais.

Sa chomhthéacs sin, meabhraítear, i gcomhréir leis an dara mír d'Airteagal 8 den Phrótacal, nach gcuirfear ioncam a thagann as idirbhearta ar aghaidh chuig an Aontas, ioncam as idirbhearta atá inchánach i dTuaisceart Éireann.

2020/0165 (CNS)

Togra le haghaidh

TREOIR ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2006/112/CE maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha i ndáil le daoine inchánach i dTuaisceart Éireann a shainaithint

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 113 de, i gcomhar le hAirteagal 131 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach 7 ,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa 8 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 9 ,

Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach an 31 Eanáir 2020 ar bhonn an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”). Leis an gComhaontú um Tharraingt Siar déantar foráil maidir le hidirthréimhse dar críoch an 31 Nollaig 2020. Go dtí an dáta sin, leanfaidh reachtaíocht an Aontais maidir le cáin bhreisluacha (“reachtaíocht an Aontais maidir le CBL”) d'fheidhm a bheith aici maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe. Tar éis na hidirthréimhse, ní bheidh feidhm a thuilleadh ag reachtaíocht an Aontais maidir le CBL i ndáil leis an Ríocht Aontaithe ná laistigh den Ríocht Aontaithe.

(2)Mar sin féin, i gcomhréir le hAirteagal 8 den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann (an “Prótacal”), ar cuid den Chomhaontú um Tharraingt Siar é, leanfaidh reachtaíocht an Aontais maidir le CBL d'fheidhm a bheith aici i dTuaisceart Éireann 10 tar éis na hidirthréimhse maidir le hearraí d'fhonn teorainn chrua idir Éire agus Tuaisceart Éireann a sheachaint.

(3)Dá bhrí sin, beidh daoine inchánach agus daoine dlítheanacha áirithe neamh-inchánach faoi réir reachtaíocht an Aontais maidir le CBL d'idirbhearta in earraí i dTuaisceart Éireann, ach beidh siad faoi réir reachtaíocht na Ríochta Aontaithe maidir le CBL i gcás gach idirbheart eile sa Ríocht Aontaithe, lena náirítear i ndáil le Tuaisceart Éireann.

(4)Ionas go bhfeidhmeoidh córas CBL an Aontais mar is ceart, tá sé ríthábhachtach go ndeonaítear uimhir CBL ar leith le haghaidh gach duine inchánach atá i mbun soláthairtí earraí i dTuaisceart Éireann a chur ar fáil nó a dhéanann éadálacha earraí laistigh den Chomhphobal (lena náirítear daoine dlítheanacha neamh-inchánach a dhéanann sin) mar a liostaítear i bpointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 214(1) de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle 11 , nó le haghaidh duine inchánach d'fhonn na scéimeanna speisialta roghnacha le haghaidh daoine atá ag soláthar seirbhísí do dhaoine neamh-inchánach nó atá i mbun ciandíolachán earraí.

(5)Dá bhrí sin, ba cheart uimhreacha aitheantais CBL ar leith a thabhairt isteach i dTuaisceart Éireann, uimhreacha a bhfuil réimír shonrach acu chun idirdhealú a dhéanamh idir daoine inchánach agus daoine dlítheanacha neamh-inchánach a bhfuil a nidirbhearta earraí atá lonnaithe i dTuaisceart Éireann faoi réir reachtaíocht an Aontais maidir le CBL, ar thaobh amháin, agus daoine a bhíonn ag cur idirbhearta eile i gcrích ar ina leith a shainaithnítear iad chun críocha CBL sa Ríocht Aontaithe.

(6)Go hiondúil, tá réimíreanna uimhreacha aitheantais CBL san Aontas bunaithe ar chód ISO 3166 – alfa 2 le haghaidh tíortha. Níl aon chód sonrach ag Tuaisceart Éireann faoin gcóras sin, ach déantar foráil le ISO go bhféadfaí cóid X a úsáid le haghaidh críocha nach bhfuil cód sonrach acu. Dá bhrí sin, is iomchuí an cód “XI” a bheartú do Thuaisceart Éireann.

(7)Ba cheart Treoir 2006/112/CE a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 215 de Threoir 2006/112/CE, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘Úsáidfear an réimír “XI” i dtaca le Tuaisceart Éireann’.

Airteagal 2

1.Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin Déardaoin 31 Nollaig 2020. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh agus conas a dhéanfar an ráiteas sin a leagan amach.

2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Comhaontú ón gComhairle maidir le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO C384 I, 12.11.2019, lch. 1).
(2)    Féach Airteagail 126 agus 127 den Chomhaontú um Tharraingt Siar.
(3)    IO C384 I, 12.11.2019, lch. 92.
(4)    Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).
(5)    Treoir 2008/9/CE ón gComhairle an 12 Feabhra 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le haisíocaíocht cánach breisluacha, dá bhforáiltear i dTreoir 2006/112/CE, do dhaoine inchánach nach bhfuil bunaithe sa Bhallstát aisíocaíochta ach atá bunaithe i mBallstát eile (IO L 44, 20.2.2008, lch. 23).
(6)    An tríú Treoir déag 86/560/CEE ón gComhairle an 17 Samhain 1986 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le cánacha láimhdeachais — Socruithe le haghaidh aisíocaíocht na cánach breisluacha le daoine inchánach nach bhfuil bunaithe i gcríoch an Chomhphobail (IO L 326, 21.11.1986, lch. 40).
(7)    IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.
(8)    IO C , , lch. .
(9)    IO C , , lch. .
(10)    Faoi réir toiliú daonlathach, dá dtagraítear in Airteagal 18 den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann, leanfar d'Airteagal 8 de a chur i bhfeidhm.
(11)    Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).