An Bhruiséil,29.7.2020

COM(2020) 356 final

2018/0047(COD)

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA

de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

maidir leis

seasamh ón gComhairle i dtaca le glacadh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin do ghnólachtaí agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2017/1129 agus Treoir (AE) 2019/1937 agus Treoir lena leasaítear Treoir 2014/65/AE maidir le margaí in ionstraimí airgeadais

Tagraíonn an Teachtaireacht seo do
COM(2018) 113 final - 2018/0048(COD) agus COM(2018) 99 final - 2018/0047(COD) araon


2018/0047 (COD)

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA


de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh


maidir leis

seasamh ón gComhairle i dtaca le glacadh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin do ghnólachtaí agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2017/1129 agus Treoir (AE) 2019/1937 agus Treoir lena leasaítear Treoir 2014/65/AE maidir le margaí in ionstraimí airgeadais

Tagraíonn an Teachtaireacht seo do

COM(2018) 113 final - 2018/0048(COD) agus COM(2018) 99 final - 2018/0047(COD) araon


1.Cúlra

An dáta a tíolacadh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle 
(doiciméad COM(2018) [113] final – 2018/0048 COD; COM(2018) [99] final – 2018/0047 COD):

08 Márta 2018.

Dáta na tuairime ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa:

11 Iúil 2018.

Dáta an tseasaimh ó Pharlaimint na hEorpa, an chéad léamh:

27 Márta 2019.

An dáta a tíolacadh an togra leasaithe:

Neamhbhainteach.

An dáta a glacadh an seasamh ón gComhairle:

20 Iúil 2020.

2.Cuspóir an togra ón gCoimisiún

Mar chuid d'Aontas na Margaí Caipitil agus de na pleananna gníomhaíochta le haghaidh teicneolaíocht airgeadais, thíolaic an Coimisiún Eorpach togra le haghaidh rialachán maidir le soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin. Is é is aidhm don togra creat rialála cumasúcháin a chur ar fáil d'ardáin sluachistiúcháin, creat lena dtabharfaí rochtain ar an margadh aonair iomlán trí bhíthin údarú aonair a bheadh bunaithe ar thacar aonair rialacha. Tugtar isteach leis an togra, freisin, ceanglais maidir le cosaint infheisteoirí, ceanglais a saincheapadh le haghaidh an chineáil seirbhíse a chumhdaítear leis an mbeart reachtach. Ar an iomlán, tá sé d'aidhm ag an reachtaíocht tairiscint trasteorann na seirbhísí airgeadais sin a éascú ar fud an Aontais Eorpaigh. Toisc gur i mbéal forbartha atá margadh an Aontais Eorpaigh le haghaidh sluachistiúcháin, tugann na rialacha nua deis mhór ar mhéadú a dhéanamh ar an rochtain atá ag fiontair bheaga agus mheánméide, agus ag gnólachtaí nuathionscanta go háirithe, ar fhoirmeacha nuálacha maoinithe, i gcomhthéacs Aontas na Margaí Caipitil agus deis mhór ar fhás níos tapúla a chur faoi gheilleagar an Aontais Eorpaigh.

3.Tráchtanna maidir leis an seasamh ó Pharlaimint na hEorpa

Sa seasamh ó Pharlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh, a glacadh an 27 Márta 2019, moladh leasuithe ar an togra ón gCoimisiún, agus moladh go sonrach:

·na húdaráis inniúla náisiúnta a chumhachtú, in áit an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí faoi mar a mhol an Coimisiún, chun soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a údarú agus chun maoirsiú a dhéanamh orthu;

·méadú a dhéanamh ar raon feidhme na seirbhísí a cheadaítear, ionas go n-áireofaí air sin comhairle infheistíochta agus bainistíocht phunainne;

·an tairseach i dtaca le heisiúint tairiscintí sluachistiúcháin a mhéadú go EUR 8 000 000.

Tar éis don Chomhairle a seasamh ar an gcéad léamh a ghlacadh an 20 Iúil 2020, meastar go ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa an comhaontú polaitiúil ar thángthas air sa nós imeachta idirinstitiúideach a fhormhuiniú go foirmiúil.

4.Tráchtanna maidir leis an seasamh ón gComhairle

I gcomhréir leis an gcomhaontú polaitiúil, leis an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh, tugtar isteach liosta athruithe ar an togra ón gCoimisiún, lena n-áirítear:

·Creat uile-Aontais comhchuibhithe a bhunú faoi cheadúnú agus faoi mhaoirsiú na n-údarás inniúil náisiúnta, in ionad an chórais roghnaigh AE a moladh sa togra bunaidh ón gCoimisiún le haghaidh seirbhísí sluachistiúcháin arna soláthar ag soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin. Cúraimí roghnaithe áirithe a fhágáil faoin Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí, lena n-áirítear ullmhú na mbeart cur chun feidhme, idirghabháil cheangailteach agus bailiú sonraí;

·An tairseach eisiúna a mhéadú go EUR 5 mhilliún, agus maolú sealadach 24 mhí leis sin i gcás na mBallstát a bhfuil tairseach réamheolaire is lú ná EUR 5 mhilliún acu;

·An raon feidhme a leathnú chun ionstraimí ceadaithe a chur san áireamh chun críoch sluachistiúcháin (scaireanna i gcuideachtaí faoi dhliteanas teoranta);

·Raon feidhme na seirbhísí a leathnú ionas go n-áireofaí air sin bainistíocht phunainne aonair ar iasachtaí;

·Dealú a dhéanamh idir infheisteoirí sofaisticiúla agus neamhshofaisticiúla agus bearta breise um chosaint infheisteoirí a bhunú le haghaidh infheisteoirí neamhshofaisticiúla freisin.

Léirítear go hiomlán leis an seasamh ón gComhairle an comhaontú polaitiúil ar tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle air an 18 Nollaig 2019. Creideann an Coimisiún nach mbaineann na leasuithe sin an bonn de chuspóirí beartais bunaidh an togra. Dá bhrí sin, is féidir leis an gCoimisiún an seasamh ón gComhairle a fhormhuiniú.

5.Conclúid

Cé go bhfuil claontaí tábhachtacha ón togra bunaidh ann, cuireann an Coimisiún tuairim dhearfach in iúl maidir leis an seasamh a ghlac an Chomhairle ar an gcéad léamh, toisc go bhfuil an téacs go fóill i gcomhréir le cuspóirí bunaidh an togra. Thairis sin, léirítear go hiomlán leis an seasamh an toradh a bhí ar an gcaibidlíocht idirinstitiúideach, as ar tháinig comhaontú polaitiúil an 18 Nollaig 2019.

Cloch mhíle thábhachtach a bheidh i nglacadh an téacs chomhaontaithe seo ag Parlaimint na hEorpa ar an dara léamh, óir céim thábhachtach a bheidh ann ionsar bhaint amach na gcuspóirí comhroinnte maidir leis an rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú le haghaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta agus cuideachtaí atá i mbun fáis. Ar an gcaoi sin, ba cheart go gcuideodh sin le geilleagar an Aontais Eorpaigh téarnamh níos tapa fós a dhéanamh ón ngéarchéim eacnamaíoch agus sláinte atá ann faoi láthair.