AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,4.8.2020
COM(2020) 353 final
2020/0162(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Idirnáisiúnta Grán i dtaobh aontachas na Ríochta Aontaithe leis an gCoinbhinsiún Trádála Gráin, 1995
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena leagtar síos an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais sa Chomhairle Idirnáisiúnta Grán i dtaca le haontachas na Ríochta Aontaithe leis an gCoinbhinsiún Trádála Gráin, 1995.
2.Comhthéacs an togra
2.1.An Coinbhinsiún Trádála Gráin, 1995
Tá sé mar aidhm ag an gCoinbhinsiún Trádála Gráin, 1995 (“an Coinbhinsiún”) an comhar idirnáisiúnta i dtaobh gach gné den trádáil i ngrán a fheabhsú, méadú ar an trádáil idirnáisiúnta i ngrán a chur chun cinn, agus an sreabhadh is saoire agus is féidir a aimsiú le haghaidh trádáil sna hearraí sin. Ina theannta sin, tá sé beartaithe ag an gCoinbhinsiún cur le cobhsaíocht margaí idirnáisiúnta gráin a oiread agus is féidir ar mhaithe le gach ball, cur le slándáil dhomhanda bia, agus fóram a chur ar fáil chun faisnéis a mhalartú agus chun imní na mball maidir le trádáil i ngrán a phlé.
Tháinig an Coinbhinsiún i bhfeidhm an 1 Iúil 1995.
Tá an tAontas ina pháirtí sa Choinbhinsiún.
2.2.An Chomhairle Idirnáisiúnta Grán
Eagraíocht idir-rialtasach atá lonnaithe i Londain is ea an Chomhairle Idirnáisiúnta Grán (“IGC”), eagraíocht lena ndéantar an Coinbhinsiún a riar agus lena ndéantar iarracht na cuspóirí a leagtar síos le hAirteagal 1 den Choinbhinsiún a chomhlíonadh. Go háirithe, tá sé mar aidhm ag an gComhairle Idirnáisiúnta Grán na nithe seo a leanas a dhéanamh:
(a)an comhar idirnáisiúnta a chur chun cinn i ngach gné den trádáil i ngrán;
(b)forbairt, oscailteacht agus cothroime na trádála idirnáisiúnta in earnáil an ghráin a chur chun cinn;
(c)cur le cobhsaíocht an mhargaidh idirnáisiúnta gráin, le slándáil dhomhanda bia, agus le forbairt tíortha a bhfuil a ngeilleagar ag brath ar dhíolachán tráchtála gráin.
Déantar iarracht na cuspóirí sin a bhaint amach trí fheabhas a chur ar thrédhearcacht an mhargaidh, agus é sin a dhéanamh trí fhaisnéis a roinnt agus anailísiú agus comhairliúchán a dhéanamh maidir le forbairtí margaidh agus beartais.
Tá 29 mball sa Chomhairle Idirnáisiúnta Grán faoi láthair, ina measc cuid mhór de na táirgeoirí agus na hallmhaireoirí gráin is mó ar domhan. Lasmuigh den Aontas, is iad an Airgintín, an Astráil, Ceanada, an Éigipt, an India, an Rúis, an tSeapáin, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Úcráin a cuid ball, agus eile. Ba í Poblacht na Seirbia, atá ina ball ón 1 Aibreán 2020, an tír dheireanach a ghlac páirt san eagraíocht. Ní baill iad an Bhrasaíl ná an tSín, áfach.
Tá 2 000 vóta san iomlán ag 29 mball na Comhairle Idirnáisiúnta Grán.
Le haghaidh nósanna imeachta buiséadacha (féach Airteagal 11 den Choinbhinsiún), i.e. chun ranníocaíochtaí bliantúla airgeadais na mball a shocrú, tá 372 vóta ag an Aontas le haghaidh 2019/20.
Le haghaidh na cinnteoireachta, i.e. nuair a bhíonn vótáil ann (féach Airteagal 12 den Choinbhinsiún), dáiltear 1 000 vóta ar na 11 bhall is onnmhairithe (an tAontas, le 245 vóta, ina measc) agus 1 000 vóta ar na 18 mball is allmhairithe. Ní mór a chur i dtábhacht go bhfeidhmíonn an Chomhairle Idirnáisiúnta Grán, i bprionsabal, ar bhonn an chomhdhearcaidh agus gur annamh ann don vótáil iarbhír.
Ag cruinnithe na Comhairle Idirnáisiúnta Grán déanann an Coimisiún ionadaíocht thar ceann an Aontais, de bhua Airteagal 17 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Is féidir leis na Ballstáit freastal ar chruinnithe den Chomhairle Idirnáisiúnta Grán, agus ar Sheisiúin den Chomhairle go háirithe.
2.3.An gníomh atá beartaithe ag an gComhairle Idirnáisiúnta Grán
An 9 Aibreán 2020, rinne an Ríocht Aontaithe iarratas foirmiúil ar aontachas leis an gCoinbhinsiún. An 14 Aibreán 2020, chuir Rúnaíocht na Comhairle Idirnáisiúnta Grán a cuid ball ar an eolas faoi iarratas na Ríochta Aontaithe. Rinne an Ríocht Aontaithe iarratas ar bhallraíocht den Chomhairle Idirnáisiúnta Grán amhail ón 1 Eanáir 2021, i.e. tar éis dhul in éag na hidirthréimhse tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach.
De réir Airteagal 27(2) den Choinbhinsiún, is féidir le Rialtas na Stát uile iarratas a dhéanamh ar aontachas ar na coinníollacha sin, faoi mar is iomchuí leis an gComhairle. I gcomhréir le Riail 33(d) de na Rialacha Nós Imeachta faoin gCoinbhinsiún Trádála Gráin (“na Rialacha Nós Imeachta”), déanann an Coiste Riaracháin iarratais ar aontachas a mheasúnú agus a mholadh don Chomhairle faoi Airteagal 27(2).
Chun críocha Airteagal 11 den Choinbhinsiún (i.e. ranníocaíocht bhliantúil airgeadais na mball), déantar vótaí na tíre aontachais a chinneadh de réir na comhréire idir trádáil chomhiomlán na tíre aontachais i ngrán agus trádáil chomhiomlán bhallstáit uile na Comhairle Idirnáisiúnta Grán i ngrán, agus é sin a dhéanamh i gcomhréir le Riail 33(b) de na Rialacha Nós Imeachta.
Faoi Airteagal 12(1) den Choinbhinsiún, chun críocha an Choinbhinsiúin ní mór don Chomhairle a dhéanamh amach cé na baill a bheidh ina mbaill is onnmhairithe agus cé na baill a bheidh ina mbaill is allmhairithe, agus gréasáin trádála gráin agus tuairimí na mball sin á gcur san áireamh aici. Beidh ar an gComhairle a gcearta vótála a chinneadh freisin, i gcomhréir le míreanna 2 agus 3 den fhoráil chéanna.
Cuireadh tús leis an bplé faoi iarratas na Ríochta Aontaithe i gCoiste Riaracháin na Comhairle Idirnáisiúnta Grán an 11 Bealtaine 2020 agus leanadh den phlé sin ag an 51ú Seisiún den Chomhairle de chuid na Comhairle Idirnáisiúnta Grán an 8 Meitheamh 2020 (trí bhíthin físchomhdhála). Ag an Seisiún sin, chomhaontaigh an Chomhairle gur cheart an cinneadh foirmiúil faoi iarratas na Ríochta Aontaithe a dhéanamh trí nós imeachta i scríbhinn (postbhallóid), agus gur cheart do bhaill na Comhairle Idirnáisiúnta Grán a gcuid barúlacha a sheoladh chuig an Rúnaíocht faoin 30 Deireadh Fómhair 2020. Ar choinníoll nach gcuirfear aon agóid i scríbhinn chuig Rúnaíocht na Comhairle Idirnáisiúnta Grán faoin 30 Deireadh Fómhair 2020, glacfar leis go ndearnadh ballraíocht na Ríochta Aontaithe sa Chomhairle Idirnáisiúnta Grán a fhormheas le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.
Cé nach leagtar síos rialacha sonracha maidir le nós imeachta na postbhallóide (ná leis an nós imeachta i scríbhinn) sa Choinbhinsiún, ní iarrtar le hAirteagal 14 den Choinbhinsiún, lena mbaineann “cinntí na Comhairle”, go ndéanfaí cinntí mar sin ag Seisiún den Chomhairle.
An Comhaontú um Tharraingt Siar
I gcomhréir le hAirteagal 129(2) den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”), le linn na hidirthréimhse leanfaidh an tAontas d'ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na Ríochta Aontaithe in obair aon chomhlachtaí arna mbunú le comhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas. Le linn na hidirthréimhse ba cheart don Ríocht Aontaithe staonadh ó aon ghníomhaíocht nó tionscnamh ar dócha go ndéanfadh sé dochar do leas an Aontais. De réir mar a leagtar síos le hAirteagal 129(4) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, áfach, féadfaidh an Ríocht Aontaithe comhaontuithe idirnáisiúnta, arna ndéanamh ina cáil féin i réimsí ina bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas, a chaibidliú, a shíniú agus a dhaingniú, ar choinníoll nach dtiocfaidh na comhaontuithe sin i bhfeidhm ná nach mbeidh feidhm acu le linn na hidirthréimhse.
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais
Thug an tAontas an Coinbhinsiún Trádála Gráin, 1995 i gcrích le Cinneadh 96/88/CE ón gComhairle go dtí an 30 Meitheamh 1998. Gach uair, cuirtear síneadh dhá bhliain ar a mhéad leis an gCoinbhinsiún i gcomhréir le hAirteagal 33 den Choinbhinsiún. Cuireadh síneadh leis go deireanach le Cinneadh ón gComhairle Idirnáisiúnta Grán i mí an Mheithimh 2019 agus beidh sé i bhfeidhm go dtí an 30 Meitheamh 2021.
Ba bhall gníomhach den Chomhairle Idirnáisiúnta Grán é an tAontas riamh agus thacaigh sé le forleathnú na heagraíochta.
Táirgeoir tábhachtach táirgí talmhaíochta, lena n‑áirítear na cineálacha gráin arb iad na príomhbharra a chumhdaíonn an Chomhairle Idirnáisiúnta Grán, is ea an Ríocht Aontaithe. Fad a bhí sí ina ball den Aontas bhí trádáil nach beag i gcineálacha éagsúla gráin ag an Ríocht Aontaithe le baill eile de chuid an Aontais.
Le linn na hidirthréimhse tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, leanfaidh an Ríocht Aontaithe de bheith faoi cheangal ag comhaontuithe idirnáisiúnta an Aontais agus leanfaidh an tAontas d'ionadaíocht a dhéanamh ar an Ríocht Aontaithe sa Chomhairle Idirnáisiúnta Grán.
I gcomhréir le hAirteagal 21(5) den Choinbhinsiún, beidh ranníocaíochtaí airgeadais bliantúla na mball iníoctha go díreach tar éis measúnú. Dá bhrí sin, íocann an tAontas a ranníocaíochtaí bliantúla leis an gComhairle Idirnáisiúnta Grán le linn mhí Iúil/Lúnasa, ranníocaíochtaí le haghaidh na bliana airgeadais lena mbaineann ina hiomláine agus a mhaireann ó mhí Iúil go dtí mí an Mheithimh an bhliain dá éis sin. Íocfar ranníocaíocht an Aontais le haghaidh 2020/21 as buiséad an Aontais le haghaidh 2020, buiséad ina ndéanann an Ríocht Aontaithe ranníocaíocht freisin.
Dá bhrí sin, maidir leis an mbliain iomlán airgeadais 2020/21, cumhdófar an Ríocht Aontaithe freisin le ranníocaíocht an Aontais leis an gComhairle Idirnáisiúnta Grán.
Is é is aidhm don togra seo seasamh an Aontais sa Chomhairle Idirnáisiúnta Grán a leagan síos maidir le haontachas na Ríochta Aontaithe leis an gCoinbhinsiún amhail ón 1 Eanáir 2021.
Ós rud é go bhfuil an nós imeachta aontachais de bhun fhorálacha an Choinbhinsiúin faoi réir cinneadh ón gComhairle Idirnáisiúnta Grán leagfar síos seasamh an Aontais ar bhonn Airteagal 218(9) de CFAE.
4.Bunús dlí
4.1.Bunús dlí nós imeachta
4.1.1.Na prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagfar síos “na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.”
Áirítear ar na “gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo” gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist.
4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Beidh forleathnú ar bhallraíocht na Comhairle Idirnáisiúnta Grán mar éifeacht ag an ngníomh atá beartaithe ag an gComhairle Idirnáisiúnta Grán. Tá éifeachtaí dlíthiúla ag an ngníomh atá beartaithe ag an gComhairle Idirnáisiúnta Grán óir leagfar síos coinníollacha an aontachais sin leis, go háirithe toisc go ndéanfaidh sé difear don chothromaíocht chinnteoireachta laistigh den Chomhairle Idirnáisiúnta Grán, a bhfuil tromlach a cuid ball is onnmhairithe agus a cuid ball is allmhairithe ag teastáil le haghaidh a cuid cinntí, cinntí a mbíonn ina gceangal ar a cuid ball, mar a chuirtear in iúl in Airteagal 14 den Choinbhinsiún. Déanfar difear do ranníocaíochtaí airgeadais ar leith na bPáirtithe freisin. Ní mór mar sin seasamh an Aontais a leagan síos.
Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach an Chomhaontaithe.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) de CFAE an bunús dlí nós imeachta maidir leis an gcinneadh atá beartaithe.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Na prionsabail
An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) de CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe agus a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm leis an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chuid de ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na codanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó príomhchuid agus an ceann eile mar aidhm theagmhasach nó cuid theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) de CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear faoin bpríomhaidhm nó faoin bpríomhchuid.
4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Is le trádáil i dtáirgí talmhaíochta a bhaineann príomhchuspóir agus príomhábhar an ghnímh atá beartaithe.
Dá bhrí sin, is í an chéad fhomhír d'Airteagal 207(4) de CFAE an bunús dlí substainteach atá leis an gcinneadh atá beartaithe.
4.3.Conclúid
Ba cheart an chéad fhomhír d'Airteagal 207(4) de CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de CFAE, a bheith ina bunús dlí maidir leis an gcinneadh atá beartaithe.
2020/0162 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Idirnáisiúnta Grán i dtaobh aontachas na Ríochta Aontaithe leis an gCoinbhinsiún Trádála Gráin, 1995
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d'Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Thug an tAontas an Coinbhinsiún Trádála Gráin, 1995 (“an Coinbhinsiún”), a tháinig i bhfeidhm an 1 Iúil 1995, i gcrích trí bhíthin Chinneadh 96/88/CE ón gComhairle. Tugadh an Coinbhinsiún i gcrích le haghaidh tréimhse trí bliana i dtús báire.
(2)De bhun Airteagal 33 den Choinbhinsiún, féadfaidh an Chomhairle Idirnáisiúnta Grán síneadh a chur leis an gCoinbhinsiún le haghaidh tréimhsí comhleanúnacha nach rachaidh thar dhá bhliain gach uair. Ó tugadh an Coinbhinsiún i gcrích, cuireadh síneadh leis go tráthrialta ar feadh tréimhsí breise dhá bhliain. Cuireadh síneadh leis an gCoinbhinsiún go deireanach le Cinneadh ón gComhairle Idirnáisiúnta Grán an 10 Meitheamh 2019 agus beidh sé i bhfeidhm go dtí an 30 Meitheamh 2021.
(3)De bhun Airteagal 27(2) den Choinbhinsiún, is féidir le Rialtas na Stát uile cur isteach ar aontachas ar na coinníollacha sin, faoi mar is iomchuí leis an gComhairle Idirnáisiúnta Grán.
(4)An 9 Aibreán 2020, rinne an Ríocht Aontaithe iarratas foirmiúil ar aontachas leis an gCoinbhinsiún amhail ón 1 Eanáir 2021.
(5)Táirgeoir mór grán, eorna agus cruithneacht go háirithe, is ea an Ríocht Aontaithe. Má dhéantar iarratas na Ríochta Aontaithe ar aontachas leis an gCoinbhinsiún a fhormheas, agus má bhíonn sí rannpháirteach sa Chomhairle dá thoradh sin, beidh an Ríocht Aontaithe ina ball is allmhairí i gcomhréir le hAirteagal 12 den Choinbhinsiún. Ós ball is onnmhairí é an tAontas, ní bheidh tionchar ag aontachas na Ríochta Aontaithe ar líon na vótaí a leithdháilfear ar an Aontas chun críocha vótála faoi Airteagal 12 den Choinbhinsiún. Amhail ón mbliain airgeadais 2021/22, áfach, de bharr aontachas na Ríochta Aontaithe laghdófar ar líon na vótaí a leithdháilfear ar an Aontas faoi Airteagal 11 den Choinbhinsiún, airteagal a úsáidtear chun ranníocaíochtaí airgeadais na mball a chinneadh.
(6)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Idirnáisiúnta Grán a leagan síos agus aontachas na Ríochta Aontaithe leis an gCoinbhinsiún a fhormheas ar bhonn na gcoinníollacha lena bhfuiltear ag súil agus a shonraítear sa Ráiteas Airgeadais atá i gceangal leis an gCinneadh seo, ar choinníoll nach dtiocfaidh an t‑aontachas i bhfeidhm ná nach gcuirfear an Coinbhinsiún i bhfeidhm go sealadach i leith na Ríochta Aontaithe roimh dheireadh na hidirthréimhse dá dtagraítear in Airteagal 126 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Idirnáisiúnta Grán, aontachas na Ríochta Aontaithe leis an gCoinbhinsiún Trádála Gráin, 1995, a fhormheas ar bhonn na gcoinníollacha lena bhfuiltear ag súil agus a shonraítear sa Ráiteas Airgeadais atá i gceangal leis an gCinneadh seo, ar choinníoll nach dtiocfaidh an t‑aontachas i bhfeidhm ná nach gcuirfear an Coinbhinsiún i bhfeidhm go sealadach i leith na Ríochta Aontaithe roimh dheireadh na hidirthréimhse dá dtagraítear in Airteagal 126 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach.
Airteagal 2
Tá an Cinneadh seo dírithe ar an gCoimisiún.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
|
RÁITEAS AIRGEADAIS
|
Fin Stat/20/MK/pl/3413793
agri.ddg3.g.4(2020)3325110
|
|
|
6.22.2020
|
|
|
DÁTA: 06/06/2020
|
|
1.
|
CEANNTEIDEAL BUISÉID:
Caibidil 05 06 GNÉITHE IDIRNÁISIÚNTA DEN RÉIMSE BEARTAIS “TALMHAÍOCHT AGUS FORBAIRT TUAITHE”
05 06 01 Comhaontuithe idirnáisiúnta talmhaíochta
|
LEITHREASUITHE:
B2020:EUR 6.300.000
|
|
2.
|
TEIDEAL:
Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Idirnáisiúnta Grán i dtaobh aontachas na Ríochta Aontaithe leis an gCoinbhinsiún Trádála Gráin, 1995
|
|
3.
|
BUNÚS DLÍ: Is é Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(9), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh bunús dlí an togra seo.
|
|
4.
|
AIDHMEANNA:
Aontachas na Ríochta Aontaithe leis an gCoinbhinsiún Trádála Gráin, 1995, a fhormheas.
|
|
5.
|
IMPLEACHTAÍ AIRGEADAIS
|
TRÉIMHSE 12 MHÍ
(EUR)
|
AN BHLIAIN AIRGEADAIS REATHA 2020
(EUR)
|
AN BHLIAIN AIRGEADAIS INA DHIAIDH SIN 2021
(EUR)
|
|
5.0
|
CAITEACHAS
-
ARNA MHUIREARÚ AR BHUISÉAD AN AONTAIS
(AISÍOCAÍOCHTAÍ/IDIRGHABHÁLACHA)
-
ÚDARÁIS NÁISIÚNTA
-
EILE
|
|
|
-3 024
|
|
5.1
|
IONCAM
-
ACMHAINNÍ DÍLSE AN AONTAIS
(TOBHAIGH/DLEACHTANNA CUSTAIM)
-
NÁISIÚNTA
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
5.0.1
|
CAITEACHAS MEASTA
|
|
|
|
|
5.1.1
|
IONCAM MEASTA
|
|
|
|
|
5.2
|
MODH RÍOMHA: 4 vóta níos lú le haghaidh an Aontais, 756 GBP/vóta
|
|
6.0
|
AN FÉIDIR AN TIONSCADAL A MHAOINIÚ Ó LEITHREASUITHE A CUIREADH ISTEACH SA CHAIBIDIL ÁBHARTHA DEN BHUISÉAD ATÁ ANN FAOI LÁTHAIR?
|
IS FÉIDIR NÍ FÉIDIR
|
|
6.1
|
AN FÉIDIR AN TIONSCADAL A MHAOINIÚ TRÍ AISTRIÚ A DHÉANAMH IDIR CAIBIDLÍ AN BHUISÉID ATÁ ANN FAOI LÁTHAIR?
|
IS FÉIDIR NÍ FÉIDIR
|
|
6.2
|
AN mBEIDH GÁ LE BUISÉAD FORLÍONTACH?
|
BEIDH NÍ BHEIDH
|
|
6.3
|
AN mBEIDH GÁ LE LEITHREASUITHE A CHUR ISTEACH I mBUISÉID AMACH ANSEO?
|
BEIDH NÍ BHEIDH
|
|
Ó bhuiséad 2021 ar aghaidh beidh tionchar dearfach beag ag an gcinneadh ar bhuiséad an Aontais. Táthar ag súil leis go mbeidh EUR 3 024 níos lú i ranníocaíocht an Aontais, toisc go n‑íocfaidh an Ríocht Aontaithe a táillí ballraíochta féin. Is féidir éagsúlacht a bheith sa mhéid, ag brath ar an méid is gá a íoc in GBP in aghaidh an vóta agus ar ráta malairte €/GBP.
|