AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,29.7.2020
COM(2020) 341 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhainn leis an
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Saorálaí idir an tAontas Eorpach agus Hondúras i ndáil le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil táirgí adhmaid chuig an Aontas Eorpach i dtaca le foraoisí
COMHAONTÚ COMHPHÁIRTÍOCHTA SAORÁLAÍ
IDIR AN tAONTAS EORPACH
AGUS POBLACHT HONDÚRAS
MAIDIR LE FORFHEIDHMIÚ AN DLÍ AGUS LE RIALACHAS I dTACA LE FORAOISÍ
AGUS MAIDIR LE TRÁDÁIL I dTÁIRGÍ ADHMAID
CHUIG AN AONTAS EORPACH
TÁ AN tAONTAS EORPACH, dá ngairtear “an tAontas” anseo feasta,
agus
POBLACHT HONDÚRAS, dá ngairtear “Hondúras” anseo feasta,
dá ngairtear, don dá cheann acu le chéile, “na Páirtithe”, anseo feasta,
I bhFIANAISE an chaidrimh idir an tAontas agus Hondúras go háirithe i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas Eorpach gona Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Meiriceá Láir, den pháirt eile, a síníodh in 2012;
I bhFIANAISE an Idirphlé Pholaitiúil agus an Chomhaontaithe Comhlachais idir an Comhphobal Eorpach gona Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblachtaí Chósta Ríce, na Salvadóire, Ghuatamala, Hondúras, Nicearagua agus Phanama, den pháirt eile, a síníodh in 2003, agus an Chreat‑Chomhaontaithe um Chomhar Tráchtálach agus Eacnamaíoch idir na Comhphobail Eorpacha agus Poblachtaí Chósta Ríce, na Salvadóire, Ghuatamala, Hondúras, Nicearagua agus Phanama, a síníodh in 1993;
I bhFIANAISE na Teachtaireachta ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa “Forfheidhmiú an Dlí, Rialachas agus Trádáil i dtaca le Foraoisí (FLEGT) ‑ Togra le haghaidh Plean Gníomhaíochta AE”, mar an gcéad chéim i dtreo aghaidh a thabhairt ar shaincheist phráinneach na lománaíochta neamhdhleathaí agus na trádála lena mbaineann;
ÓS FEASACH DÓIBH a thábhachtaí atá prionsabail an bhainistithe inbhuanaithe ar fhoraoisí a leagtar amach i nDearbhú Rio maidir leis an gComhshaol agus leis an bhForbairt 1992, agus go háirithe Prionsabal 10 a bhaineann le tábhacht na feasachta agus na rannpháirtíochta pobail maidir le saincheisteanna comhshaoil agus Prionsabal 22 a bhaineann le ról ríthábhachtach na bpobal dúchasach agus a gcomhphobal agus pobal áitiúil eile maidir le bainistiú agus forbairt an chomhshaoil;
AG FÉACHAINT don Choinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (CITES) agus go háirithe don cheanglas nach ndeonófaí ceadanna onnmhairithe CITES arna n‑eisiúint ag na Páirtithe in CITES le haghaidh eiseamal de speicis a liostaítear in Aguisíní I, II agus III ach faoi choinníollacha áirithe, go háirithe nach bhfuarthas na heiseamail sin de shárú ar na dlíthe ábhartha maidir le speicis fauna agus flora a chosaint;
Ó ATHDHEARBHAÍONN SIAD an tábhacht a chuireann na Páirtithe sna prionsabail agus sna rialacha lena rialaítear an trádáil iltaobhach, go háirithe na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar síos sa Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil 1994 (GATT) agus i gcomhaontuithe iltaobhacha eile a liostaítear in Iarscríbhinn 1A de Chomhaontú 1994 lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) agus an gá atá lena gcur i bhfeidhm ar bhealach trédhearcach neamh‑idirdhealaitheach;
AG FÉACHAINT do Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle an 20 Nollaig 2005 maidir le scéim ceadúnúcháin FLEGT a bhunú i gcás allmhairí adhmaid isteach sa Chomhphobal Eorpach;
AG FÉACHAINT don Chomhaontú lena mbunaítear Comhlachas idir an tAontas Eorpach gona Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Meiriceá Láir den pháirt eile, go háirithe Airteagal 289 den Teideal VIII maidir le táirgí foraoise, trína ngabhann na Páirtithe orthu féin oibriú i gcomhar chun feabhas a chur ar fhorfheidhmiú an dlí agus rialachas i dtaca le foraoisí agus trádáil i dtáirgí adhmaid dleathacha a chur chun cinn agus foraoisí a bhainistiú go hinbhuanaithe trí ionstraimí amhail Comhaontuithe Comhpháirtíochta Saorálaí maidir le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil i dtaca le foraoisí (FLEGT) nó CITES;
Ó ATHDHEARBHAÍONN SIAD tiomantas agus diongbháilteacht na bPáirtithe maidir le spriocanna Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe agus go háirithe an méid a chabhróidh an Comhaontú Comhpháirtíochta Saorálaí (VPA) a chur chun feidhme le sprioc 15 a bhaint amach maidir leis an mbainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí a chur chun cinn, stop a chur leis an dífhoraoisiú agus bearta a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar sholáthar táirgí neamhdhleathacha fiadhúlra agus ar an éileamh atá ar na táirgí sin;
Ó AITHNÍONN SIAD an méid a chabhróidh Comhaontú Comhpháirtíochta Saorálaí FLEGT, trína chur chun feidhme, leis an athrú aeráide a chomhrac, i gcomhréir le hiarrachtaí chun gáis ceaptha teasa ón dífhoraoisiú agus an díghrádú foraoisí a laghdú (REDD+) ach forfheidhmiú an dlí agus rialachas i dtaca le foraoisí a chur chun cinn;
Ó AITHNÍONN SIAD gurb é is príomhchuspóir do Chóras Dearbhaithe Dlíthiúlachta Hondúras (LAS) gur cheart an t‑adhmad agus na táirgí adhmaid uile a bheith laistigh den chreat dlíthiúil; ar an mbealach céanna, gur cheart ceanglais LAS a bheith infheidhme gan eisceacht maidir leis an margadh náisiúnta agus maidir le honnmhairí adhmaid agus táirgí adhmaid ó Hondúras;
DE BHRÍ na tábhachta a chuireann na Páirtithe ar rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara ábhartha uile, gan beann ar inscne, ar aois, ar shuíomh, ar reiligiún nó creidimh, ar bhunús eitneach, ar chine, ar theanga, ná ar mhíchumas na bpáirtithe sin ná ar aon dálaí eile a bhaineann leo, lena n‑áirítear an tsochaí shibhialta, an earnáil phríobháideach, pobail dhúchasacha Hondúras agus pobail Hondúras de shliocht na hAfraice agus an pobal áitiúil, chun go n‑éireoidh le beartais rialachais i dtaca le foraoisí, go háirithe trí chomhairliúcháin agus faisnéis phoiblí;
DE BHRÍ gur acmhainn straitéiseach iad acmhainní foraoise Hondúras atá á bainistiú go hinbhuanaithe ag Instituto Nacional de Conservación y Desarrollo Forestal, Áreas Protegidas y Vida Silvestre (ICF) trí shamhail de bheartas náisiúnta foraoiseachta lena ndírítear ar na dúshláin a bhaineann le bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí a fhreagairt go héifeachtach agus na cúraimí a bhaineann le hinfheistíocht i bhforbairt na hearnála foraoiseachta poiblí agus príobháidí a threorú, a rialáil, a bhainistiú agus a éascú;
DE BHRÍ go ndearnadh iarrachtaí faoi bheartas foraoiseachta Hondúras agus de réir a Dhlí Foraoiseachta, i dtaobh limistéir faoi chosaint a chosaint agus a fhorbairt go heacnamaíoch, na foraoisí buaircíneacha a théarnamh agus a bhainistiú go hinbhuanaithe, na foraoisí leathanduilleacha a chosaint agus an bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí a chur chun cinn, rannpháirtíocht eagraíochtaí pobail i mbainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí a spreagadh, an caomhnú comhshaoil agus an t‑athfhoraoisiú náisiúnta a chur chun cinn, micrimchuacha a bhainistiú go comhtháite, faireachán cuimsitheach a dhéanamh ar lománaíocht agus trádáil neamhdhleathach in adhmad agus i bhfiadhúlra, agus nuachóiriú institiúideach a dhéanamh ar earnáil na foraoiseachta, na limistéar faoi chosaint agus an fhiadhúlra;
DE BHRÍ go mbeidh an Comhaontú seo ina cholún lárnach sna cláir forbartha sóisialta a chuirfear i bhfeidhm sa tír agus é mar aidhm leo fostaíocht a chruthú, dálaí infheistíochta a fheabhsú, beartas a cheapadh don phleanáil úsáide talún agus cuidiú le hathbheochan a dhéanamh ar an tionsclaíocht agus úsáid inbhuanaithe acmhainní a chinntiú ó thaobh na sochaí agus an chomhshaoil de;
DE BHRÍ gur ceapadh an Dlí Foraoiseachta i Hondúras chun an creat dlíthiúil a bhunú le haghaidh acmhainní foraoise, limistéir faoi chosaint agus fiadhúlra a riar agus a bhainistiú, lena n‑áirítear iad a chosaint, a athchóiriú, a úsáid go táirgiúil, a chaomhnú agus a chur chun cinn, rud a chothóidh an fhorbairt inbhuanaithe de réir mar is iomchuí do leasanna sóisialta, eacnamaíocha, comhshaoil agus cultúrtha na tíre;
DE BHRÍ go bhfuil na conarthaí idirnáisiúnta ar an gcomhshaol agus ar an bhforaoiseacht a dhaingnigh Comhdháil Náisiúnta Phoblacht Hondúras ina gcuid den reachtaíocht náisiúnta, atá ina bonn dá réir sin le beartas foraoiseachta na tíre a cheapadh agus a chur chun feidhme;
DE BHRÍ go bhfuil súil ag Hondúras, le síniú an Chomhaontaithe seo, an rialachas, na cearta úsáide talún agus tionachta talún agus an reachtaíocht san earnáil foraoiseachta a neartú; próisis láidre éifeachtacha a bhunú le haghaidh na bpáirtithe leasmhara éagsúla, agus ar an gcaoi sin coinníollacha a chruthú le haghaidh infheistíocht níos trédhearcaí agus ar scála níos mó; beartais úsáide talún a bhunú; beartais infheistíochta a bhunú a thacaíonn le táirgeadh dleathach; agus tacú le cur chun feidhme bheartais REDD+ trí aghaidh a thabhairt go díreach ar chuid de na cúiseanna atá leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoise;
DE BHRÍ go dtacóidh cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo le hiarrachtaí chun dul i ngleic leis an athrú aeráide, i gcomhréir le hiarrachtaí REDD+;
AG TABHAIRT SAN ÁIREAMH DÓIBH gurb éard atá i nDearbhú Rio maidir leis an gComhshaol agus leis an bhForbairt 1992 ná téacs tagartha do chomhthoil dhomhanda maidir le bainistiú agus caomhnú gach cineáil foraoise agus maidir lena lománú ar mhodh a bheidh inbhuanaithe go héiceolaíoch, agus gur ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, le déanaí, an Ionstraim nach bhfuil ceangailteach ó thaobh dlí de maidir le gach cineál foraoise,
TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:
AIRTEAGAL 1
Cuspóir
I gcomhréir le tiomantas coiteann na bPáirtithe gach cineál foraoise a bhainistiú go hinbhuanaithe, is é cuspóir an Chomhaontaithe seo creat dlíthiúil a sholáthar chun a áirithiú gur ar mhodh dleathach a tháirgfear na hallmhairí táirgí adhmaid go léir a allmhairítear ó Hondúras chun an Aontais a chumhdaítear leis an gComhaontú seo, agus, ar an gcaoi sin, an trádáil sna táirgí adhmaid sin a chur chun cinn.
Soláthraítear leis an gComhaontú seo freisin bunús le haghaidh idirphlé agus comhar idir na Páirtithe arb é is aidhm dó cur chun feidhme iomlán an Chomhaontaithe a éascú agus a chur chun cinn agus forfheidhmiú an dlí agus an rialachas i dtaca le foraoisí a neartú.
AIRTEAGAL 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Chomhaontaithe seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a)
ciallaíonn “allmhairiú isteach san Aontas” táirgí adhmaid, nach féidir a aicmiú mar “earraí de chineál neamhthráchtála” mar a shainmhínítear in Airteagal 1(21) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais, a scaoileadh i saorchúrsaíocht isteach san Aontas de réir bhrí Airteagal 201 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais;
(b)
ciallaíonn "onnmhairiú" imeacht fisiceach táirgí adhmaid, nó tabhairt amach fhisiciúil táirgí adhmaid, as aon chuid de chríoch Hondúras, cé is moite de tháirgí adhmaid atá faoi bhealach trí Hondúras;
(c)
ciallaíonn “táirgí adhmaid faoi bhealach” aon táirgí adhmaid de thionscnamh tríú tír a théann isteach i gcríoch Hondúras faoi rialú custaim agus a fhágann san fhoirm chéanna gan tír a dtionscnaimh a athrú nó gan iad a mhargú i Hondúras;
(d)
ciallaíonn “táirgí adhmaid” na táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I;
(e)
ciallaíonn “cód CC” cód ina bhfuil suas le sé dhigit mar a leagtar amach in ainmníocht an Chórais Chomhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí a bunaíodh leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí de chuid na hEagraíochta Domhanda Custaim;
(f)
ciallaíonn “ceadúnas FLEGT” doiciméad a dhearbhaíonn go ndearnadh lastas a fháil go dleathach agus a fhíorú i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos sa Chomhaontú seo.
(g)
ciallaíonn “an t‑údarás ceadúnúcháin” an t‑údarás a d’ainmnigh Hondúras chun ceadúnais a eisiúint agus a bhailíochtú;
(h)
ciallaíonn “na húdaráis inniúla” na húdaráis a d’ainmnigh Ballstáit an Aontais chun ceadúnais FLEGT a fháil, glacadh le ceadúnais FLEGT agus ceadúnais FLEGT a fhíorú;
(i)
ciallaíonn “lastas” cainníocht de tháirgí adhmaid a chumhdaítear le ceadúnas FLEGT a sheolann coinsíneoir nó seoltóir ó Hondúras agus a chuirtear i láthair ag oifig chustaim san Aontas lena scaoileadh i saorchúrsaíocht;
(j)
ciallaíonn “adhmad a tháirgtear go dleathach” táirgí adhmaid a lománaítear, a tháirgtear, a phróiseáiltear, a iompraítear agus a mhargaítear trí phróisis a chomhlíonann an reachtaíocht atá i bhfeidhm i Hondúras, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II, agus/nó a allmhairítear agus a tháirgtear dá réir sin;
(k)
ciallaíonn “scaoileadh i saorchúrsaíocht” nós imeachta custaim de chuid an Aontais lena mbronntar stádas custaim earraí de chuid an Aontais ar earraí nach ón Aontas iad i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, lena gcuimsítear: aon dleachtanna ar allmhairí a bheidh dlite a bhailiú; muirir eile a bhailiú, de réir mar is iomchuí; bearta beartais tráchtála agus toirmisc agus srianta a chur i bhfeidhm; agus foirmiúlachtaí eile a thabhairt i gcrích, a leagtar síos i leith allmhairiú earraí.
AIRTEAGAL 3
Scéim ceadúnúcháin FLEGT
1.
Bunaítear leis seo Scéim Ceadúnúcháin um Fhorfheidhmiú an Dlí, Rialachas agus Trádáil i dtaca le Foraoisí (“an scéim ceadúnúcháin FLEGT”) idir na Páirtithe. Bunaítear leis sraith nósanna imeachta agus ceanglas chun a fhíorú agus a dheimhniú, trí bhíthin ceadúnais FLEGT, gur táirgeadh go dleathach táirgí adhmaid a seoladh chuig an Aontas. I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle agus leis an gComhaontú seo, ní ghlacfaidh an tAontas le lastais ó Hondúras lena n‑allmhairiú isteach san Aontas mura mbeidh siad cumhdaithe ag ceadúnais FLEGT.
2.
Beidh feidhm ag an scéim ceadúnúcháin FLEGT maidir leis na táirgí adhmaid a liostaítear in Iarscríbhinn I.
3.
Aontaíonn na Páirtithe na bearta uile is gá a dhéanamh chun an scéim ceadúnúcháin FLEGT a chur chun feidhme.
AIRTEAGAL 4
Údarás ceadúnúcháin
1.
Ainmneoidh Hondúras an t‑údarás ceadúnúcháin agus seolfaidh sé a shonraí teagmhála chuig an gCoimisiún Eorpach. Cuirfidh an dá pháirtí an fhaisnéis sin ar fáil don phobal.
2.
Fíoróidh an t‑údarás ceadúnúcháin gur táirgeadh táirgí adhmaid go dleathach i gcomhréir leis an reachtaíocht in Iarscríbhinn II. Eiseoidh sé ceadúnais FLEGT lena gcumhdaítear lastais de tháirgí adhmaid a tháirgtear go dleathach i Hondúras agus a bhfuil sé beartaithe iad a onnmhairiú chuig an Aontas. I gcás inarb iomchuí, eiseoidh Hondúras an doiciméadacht is gá le haghaidh táirgí adhmaid atá faoi bhealach trína chríoch faoi rialú údaráis chustaim Hondúras.
3.
Ní fhéadfaidh an t‑údarás ceadúnúcháin ceadúnais FLEGT a eisiúint d’aon táirge adhmaid atá comhdhéanta de, nó a chuimsíonn, táirgí adhmaid a allmhairíodh isteach i Hondúras ó thríú tír má thoirmisceann dlíthe an tríú tír sin a n‑onnmhairiú, nó a bhfuil fianaise ann gur táirgeadh na táirgí adhmaid sin de shárú ar dhlíthe na tíre inar lománaíodh na crainn.
4.
I gcomhréir le prionsabal na trédhearcachta, cuirfidh an t‑údarás ceadúnúcháin ar taifead agus cuirfidh sé ar fáil go poiblí a chuid nósanna imeachta chun ceadúnais FLEGT a eisiúint. Coinneoidh sé taifid na lastas uile a chumhdaítear le ceadúnais FLEGT agus, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta um chosaint sonraí, soláthróidh sé na taifid sin chun críoch iniúchóireachta neamhspleáiche agus, á soláthar sin dó, urramóidh sé rúndacht shonraí na n‑onnmhaireoirí.
AIRTEAGAL 5
Údaráis inniúla an Aontais
1.
Cuirfidh an Coimisiún Eorpach Hondúras ar an eolas faoi shonraí teagmhála na n‑údarás áitiúil arna n‑ainmniú ag Ballstáit an Aontais. Cuirfidh an dá pháirtí an fhaisnéis sin ar fáil don phobal.
2.
Fíoróidh na húdaráis inniúla go gcumhdaítear gach lastas le ceadúnas bailí FLEGT sula scaoiltear i saorchúrsaíocht san Aontas é. Féadfar an scaoileadh i saorchúrsaíocht a chur ar fionraí agus an lastas a choinneáil má bhíonn aon amhras ann faoi bhailíocht an cheadúnais FLEGT i gcomhréir le hIarscríbhinn III.
3.
Coinneoidh na húdaráis inniúla taifead de cheadúnais FLEGT a fhaightear agus foilseoidh siad an taifead sin gach bliain.
4.
I gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta um chosaint sonraí, deonóidh na húdaráis inniúla rochtain ar na doiciméid agus ar na sonraí ábhartha do na daoine nó do na comhlachtaí arna n‑ainmniú ag Hondúras mar iniúchóirí neamhspleácha.
5.
Nuair a thiocfaidh táirgí adhmaid ó speicis a liostaítear sna hAguisíní leis an gCoinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (CITES) agus a chumhdaítear le ceadúnas FLEGT isteach san Aontas, ní dhéanfar orthu ach an scrúdú a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle an 9 Nollaig 1996 maidir le fauna agus flora fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialáil. Cibé ar bith é, soláthraíonn scéim ceadúnúcháin FLEGT dearbhú i leith lománú dleathach na dtáirgí sin.
AIRTEAGAL 6
Ceadúnais FLEGT
1.
Eiseoidh an t‑údarás ceadúnúcháin ceadúnais FLEGT mar bhealach lena dheimhniú gur táirgeadh táirgí adhmaid go dleathach.
2.
Eiseofar ceadúnais FLEGT trí úsáid a bhaint as an bhfoirm as Spáinnis a shonraítear in Iarscríbhinn IV.
3.
Féadfaidh na Páirtithe, de thoil a chéile, córais leictreonacha a bhunú chun ceadúnais FLEGT a eisiúint, a tharchur agus a fháil.
4.
Leagtar amach in Iarscríbhinn IV an nós imeachta chun ceadúnais FLEGT a eisiúint agus na sonraíochtaí teicniúla.
AIRTEAGAL 7
Sainmhíniú ar adhmad a tháirgtear go dleathach
Chun críocha an Chomhaontaithe seo, leagtar amach sainmhíniú ar adhmad a tháirgtear go dleathach in Iarscríbhinn II. Leagtar amach san Iarscríbhinn sin reachtaíocht náisiúnta Hondúras nach mór a chomhlíonadh chun go mbeadh cumhdach ceadúnais FLEGT ag táirgí adhmaid. Leagtar amach ann freisin na prionsabail, na critéir, na táscairí agus na fíoraitheoirí a mbaintear leas astu chun a cruthú go bhfuil an an reachtaíocht á comhlíonadh.
AIRTEAGAL 8
Dlíthiúlacht an adhmaid a tháirgtear nó a fhaightear a fhíorú
1.
Bunóidh Hondúras córas lena bhfíorófar gur táirgeadh go dleathach táirgí adhmaid le haghaidh lastais agus nach n‑onnmhaireofar chuig an Aontas ach lastais arna bhfíorú amhlaidh. Maidir leis an gcóras lena bhfíorófar dlíthiúlacht, beidh ann seiceálacha comhlíontachta chun dearbhú a sholáthar go ndearnadh na táirgí adhmaid atá le honnmhairiú chuig an Aontas a tháirgeadh nó a fháil go dleathach, agus nach n‑eiseofar ceadúnais FLEGT le haghaidh lastais de tháirgí adhmaid nár táirgeadh nó nach bhfuarthas go dleathach, nó ar de thionscnamh anaithnid iad. Áireofar leis an gcóras freisin nósanna imeachta chun a áirithiú nach dtéann adhmad de thionscnamh mídhleathach nó anaithnid isteach sa slabhra soláthair.
2.
Tugtar tuairisc in Iarscríbhinn V ar an gcóras lena bhfíorófar gur táirgeadh lastais de tháirgí adhmaid go dleathach.
AIRTEAGAL 9
Lastais a chumhdaítear le ceadúnas FLEGT a scaoileadh i saorchúrsaíocht
1.
Tugtar tuairisc in Iarscríbhinn III ar na nósanna imeachta lena rialaítear lastais a chumhdaítear le ceadúnas FLEGT a scaoileadh i saorchúrsaíocht san Aontas.
2.
I gcás ina dtiocfaidh amhras chun cinn faoi bhailíocht aon cheadúnais, féadfaidh údarás inniúil Bhallstát an Aontais a fhaigheann an loingsiú faisnéis bhreise agus/nó soiléiriú a iarraidh ar an údarás ceadúnúcháin láithreach. Mura bhfreagraíonn an t‑údarás ceadúnúcháin laistigh de 21 lá oibre ón dáta a bhfuarthas an iarraidh ar fhaisnéis bhreise, gníomhóidh an t‑údarás inniúil i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme agus ní ghlacfaidh sé leis an gceadúnas. Má bhunaítear, tar éis faisnéis bhreise a sholáthar, nach bhfreagraíonn an fhaisnéis ar an gceadúnas don lastas, gníomhóidh an t‑údarás inniúil i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta atá i bhfeidhm agus ní ghlacfaidh sé leis an gceadúnas. Ní mór an t‑údarás ceadúnúcháin a chur ar an eolas faoi gach uair nach nglactar le ceadúnas FLEGT mar aon leis an gcúis nár glacadh leis.
3.
I gcás ina dtiocfaidh easaontais nó deacrachtaí chun cinn go leanúnach i ndáil le comhairliúcháin ar cheadúnais FLEGT, féadfar an t‑ábhar a tharchur chuig an gComhchoiste Cur Chun Feidhme (JIC).
AIRTEAGAL 10
Iniúchóir neamhspleách
1.
Comhaontaíonn na Páirtithe gur gá seirbhísí iniúchóra neamhspleách a iarraidh ag eatraimh chomhaontaithe chun feidhmíocht agus éifeachtúlacht Chóras Dearbhaithe Dlíthiúlachta Hondúras (LAS) agus na scéime ceadúnúcháin FLEGT, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn VI, a sheiceáil.
2.
Fostóidh Hondúras seirbhísí iniúchóra neamhspleách, i gcomhairle leis an Aontas, chun na cúraimí a liostaítear in Iarscríbhinn VI a dhéanamh.
3.
Cuirfidh an t‑iniúchóir neamhspleách a bharúlacha faoi bhráid na bPáirtithe i dtuarascálacha i gcomhréir leis an nós imeachta a dtugtar tuairisc air in Iarscríbhinn VI. Foilseofar tuarascálacha an iniúchóra neamhspleách i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn VI.
4.
Éascóidh na Páirtithe obair an iniúchóra neamhspleách, go háirithe trína áirithiú go mbeidh rochtain ag an iniúchóir ar an bhfaisnéis is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh ar chríoch gach Páirtí. Féadfaidh Páirtí, áfach, i gcomhréir leis an reachtaíocht um chosaint sonraí, aon fhaisnéis nach gceadaítear í a nochtadh a choimeád siar.
AIRTEAGAL 11
Neamhrialtachtaí
Cuirfidh na Páirtithe a chéile ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 21 má bhíonn siad in amhras nó má fhaigheann siad aon fhianaise faoi aon ghabháil timpeall ar an scéim ceadúnúcháin FLEGT nó faoi aon neamhrialtacht sa scéim, go háirithe maidir leis na nithe seo a leanas, i measc nithe eile:
(a)
trádáil chalaoiseach, go háirithe atreorú trádála ó Hondúras chuig an Aontas trí thríú tír i gcás ina bhfuil cúis lena chreidiúint go ndearnadh an t‑atreorú sin le hintinn ceadúnú a sheachaint;
(b)
ceadúnais FLEGT lena gcumhdaítear táirgí adhmaid ina bhfuil adhmad ó thríú tíortha a bhfuil amhras ann gur táirgeadh go mídhleathach iad; agus
(c)
calaois maidir le ceadúnais FLEGT a fháil nó a úsáid.
AIRTEAGAL 12
Dáta tosaithe le haghaidh chur chun feidhme na scéime ceadúnúcháin FLEGT
1.
Tabharfaidh na Páirtithe fógra dá chéile trí JIC nuair a mheasfaidh siad go bhfuil na hullmhúcháin is gá déanta acu chun go gcuirfí an scéim ceadúnúcháin FLEGT ar bhonn lánoibríochtúil.
2.
Coimisiúnóidh na Páirtithe, trí JIC, measúnú neamhspleách ar an scéim ceadúnúcháin FLEGT ar bhonn na gcritéar a leagtar amach in Iarscríbhinn VII. Leis an measúnú sin, cinnfear, i dtaca le LAS atá mar bhonn agus mar thaca leis an scéim ceadúnúcháin FLEGT a dtugtar tuairisc uirthi in Iarscríbhinn V, an gcomhlíonann an LAS sin a fheidhmeanna go leormhaith.
3.
Ar bhonn mholtaí JIC, comhaontóidh na Páirtithe dáta ar a dtiocfaidh an scéim ceadúnúcháin FLEGT i bhfeidhm. Tabharfaidh siad fógra dá chéile faoin dáta seo ar cibé modh i scríbhinn a mheasfaidh JIC a bheith iomchuí.
AIRTEAGAL 13
An scéim ceadúnúcháin FLEGT a chur i bhfeidhm
maidir le táirgí adhmaid nach n‑onnmhairítear chuig an Aontas
1.
Féachfaidh Hondúras le dlíthiúlacht táirgí adhmaid a fhíorú i gcás táirgí le haghaidh tomhaltas intíre agus táirgí a onnmhaireofar chuig margaí eile seachas an tAontas. Déanfaidh sé iarrachtaí iomchuí freisin dlíthiúlacht táirgí adhmaid a allmhaireofar a fhíorú trí úsáid a bhaint as na córais fíoraithe dlíthiúlachta a forbraíodh le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo.
2.
Chun tacú leis na hiarrachtaí sin, spreagfaidh an tAontas, in idirphlé le páirtithe leasmhara, úsáid na gcóras a forbraíodh chun an Comhaontú seo a chur chun feidhme i gcás trádáil i margaí idirnáisiúnta eile agus le tríú tíortha.
AIRTEAGAL 14
Sceideal chun an Comhaontú seo a chur chun feidhme
1.
Formheasfaidh na Páirtithe, ag obair trí JIC, sceideal chun an Comhaontú seo a chur chun feidhme.
2.
Déanfaidh na Páirtithe meastóireacht ar an dul chun cinn a dhéanfar leis an gcur chun feidhme trí thagairt don sceideal arna fhormheas ag JIC.
AIRTEAGAL 15
Bearta forlíontacha agus tacaíochta
1.
Léirítear in Iarscríbhinn VIII na réimsí ina bhfuil acmhainní breise teicniúla agus airgeadais ag teastáil chun an Comhaontú seo a chur chun feidhme agus chun aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna a mbítear ag gabháil don lománaíocht neamhdhleathach agus ar na fachtóirí a spreagann í.
2.
Áiritheoidh Hondúras go n‑áireofar, ina chuid ionstraimí pleanála náisiúnta, ina chuid straitéisí laghdaithe bochtaineachta agus ina bhuiséad náisiúnta, fothú acmhainneachta chun an Comhaontú seo a chur chun feidhme.
3.
Cinnteoidh na Páirtithe, i dtaca le gníomhaíochtaí a bhaineann leis an gComhaontú seo a chur chun feidhme, go ndéanfar na gníomhaíochtaí sin a chomhordú le tionscnaimh forbartha ábhartha atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo, go háirithe REDD+.
4.
Déanfar acmhainní breise a sholáthar i gcomhréir le mír 1 faoi réir na ngnáthnósanna imeachta maidir le cúnamh cláraithe do Hondúras agus nósanna imeachta buiséadacha Hondúras féin.
5.
Cuirfidh na Páirtithe san áireamh an riachtanas atá le comhshocrú nó sásra trína gcomhordófar maoiniú agus rannchuidiú teicniúil an Choimisiúin Eorpaigh agus Bhallstáit an Aontais chun tacú le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.
AIRTEAGAL 16
Rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara i gcur chun feidhme an Chomhaontaithe seo
1.
Socróidh Hondúras go mbeidh na páirtithe leasmhara rannpháirteach i gcur chun feidhme an Chomhaontaithe seo.
2.
Áiritheoidh Hondúras go mbeidh na páirtithe leasmhara ábhartha rannpháirteach i gcur chun feidhme an Chomhaontaithe seo agus san fhaireachán air, gan beann ar inscne, ar aois, ar shuíomh, ar reiligiún nó creidimh, ar bhunús eitneach, ar chine, ar theanga, ná ar mhíchumas na bpáirtithe sin nó ar aon dálaí eile a bhaineann leo aon riocht eile, agus ar an dóigh sin go gcothófar rannpháirtíocht na hearnála príobháidí, na sochaí sibhialta, na bpobal áitiúil, phobail dhúchasacha Hondúras agus phobail Hondúras de shliocht na hAfraice agus daoine eile atá ag brath ar fhoraoisí.
3.
Léireoidh an rannpháirtíocht in JIC an éagsúlacht grúpaí gníomhaithe atá in earnáil foraoiseachta Hondúras: na hearnálacha poiblí agus príobháideacha, an tsochaí shibhialta, pobail dhúchasacha Hondúras agus pobail Hondúras de shliocht na hAfraice, pobail áitiúla agus daoine eile, i gcás inar gá.
4.
Reáchtálfaidh an tAontas comhairliúcháin le páirtithe leasmhara maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo, agus lena linn sin cuirfear san áireamh a oibleagáidí faoin gCoinbhinsiún maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí agus Rochtain ar Cheartas i gcúrsaí Comhshaoil 1998.
AIRTEAGAL 17
Coimircí sóisialta
1.
Chun na héifeachtaí díobhálacha féideartha ar na páirtithe leasmhara a liostaítear in Airteagal 16(2) a íoslaghdú, comhaontaíonn na Páirtithe leis seo tionchar an Chomhaontaithe seo ar a slí mhaireachtála a mheas.
2.
Déanfaidh na Páirtithe faireachán ar thionchar an Chomhaontaithe seo ar na páirtithe leasmhara a liostaítear in Airteagal 16(2), agus lena linn sin déanfar bearta réasúnacha iomchuí chun aon éifeacht dhíobhálach a mhaolú. Féadfaidh na Páirtithe comhaontú ar bhearta breise chun aghaidh a thabhairt ar aon drochthionchar ar bhonn modha a chomhaontóidh na Páirtithe chun meastóireacht a dhéanamh ar an gComhaontú seo.
AIRTEAGAL 18
Dreasachtaí margaidh
Agus a oibleagáidí idirnáisiúnta á gcur san áireamh aige, saothróidh an tAontas chun rochtain fhabhrach ar a mhargadh a chur chun cinn i gcás na dtáirgí adhmaid a chumhdaítear leis an gComhaontú seo. Áireofar na nithe seo a leanas leis na hiarrachtaí sin:
(a)
beartais soláthair phoiblí agus phríobháidigh a spreagadh a thabharfaidh aird ar iarrachtaí chun soláthar táirgí adhmaid dleathacha a áirithiú; agus
(b)
dearcadh níos fabhraí ar tháirgí faoi cheadúnús FLEGT ar mhargadh an Aontais.
AIRTEAGAL 19
Comhchoiste Cur Chun Feidhme
1.
Bunóidh na Páirtithe Comhchoiste Cur Chun Feidhme (JIC), a bheidh freagrach as an gComhaontú seo a chur chun feidhme agus as faireachán a dhéanamh air agus as an iniúchóireacht neamhspleách a bhainistiú. Éascóidh JIC idirphlé agus malartuithe faisnéise idir na Páirtithe freisin.
2.
Bunófar JIC laistigh de thréimhse trí mhí ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo i gcomhréir le hAirteagal 31. Ainmneoidh gach Páirtí a ionadaithe ar an gComhchoiste Cur chun Feidhme, coiste a dhéanfaidh cinntí de chomhthoil.
3.
Breithneoidh JIC aon ábhar a bhaineann le cur chun feidhme éifeachtach an Chomhaontaithe seo. Déanfaidh JIC na nithe seo a leanas go háirithe:
(a)
tiocfaidh sé le chéile dhá uair sa bhliain ar a laghad sa chéad dá bhliain agus uair sa bhliain ar a laghad sna blianta ina dhiaidh sin in áit, agus ag am, agus de réir clár oibre a chomhaontóidh na Páirtithe roimh ré. Féadfar cruinnithe breise de JIC a ghairm ar iarratas ó cheachtar de na Páirtithe;
(b)
ullmhóidh sé clár oibre le haghaidh a chuid oibre agus téarmaí tagartha le haghaidh gníomhaíocht chomhpháirteach;
(c)
bunóidh sé a rialacha nós imeachta féin;
(d)
bunóidh sé socrú comhchathaoirleachta le haghaidh na cathaoirleachta ar a chuid cruinnithe;
(e)
déanfaidh sé doiciméid agus nósanna imeachta maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo a dhréachtú, a athbhreithniú, a nuashonrú agus a fhormheas;
(f)
áiritheoidh sé go mbeidh an obair a dhéanfaidh sé trédhearcach agus go gcuirfear faisnéis faoin obair agus faoi na cinntí a dhéanann sé ar fáil don phobal;
(g)
bunóidh sé, más gá, meithleacha nó fochomhlachtaí eile i gcomhair réimsí a dteastaíonn saineolas sonrach ina leith;
(h)
comhaontóidh sé modh chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo agus ar thionchar an Chomhaontaithe; agus
(i)
foilseoidh sé tuarascáil bhliantúil. Leagtar amach, in Iarscríbhinn X, sonraí faoi ábhar na tuarascála sin.
4.
Tugtar tuairisc, in Iarscríbhinn X, ar fheidhmeanna sonracha JIC.
AIRTEAGAL 20
Trédhearcacht agus rochtain ar fhaisnéis phoiblí
1.
Chun rialachas a fheabhsú, ní mór an soláthar faisnéise do pháirtithe leasmhara a bheith lárnach sa Chomhaontú seo. Foilseofar faisnéis go rialta chun éascaíocht a dhéanamh ar chur chun feidhme na gcóras, agus ar an bhfaireachán orthu, chun an trédhearcacht a mhéadú, agus ar an gcaoi sin muinín na bpáirtithe leasmhara agus na dtomhaltóirí a fheabhsú, agus chun a chinntiú go mbeidh na Páirtithe cuntasach. Leagtar amach, in Iarscríbhinn IX, sonraí faoin bhfaisnéis atá le foilsiú.
2.
Déanfaidh gach Páirtí a mheas cé na sásraí is iomchuí (na meáin, doiciméid, an t‑idirlíon, ceardlanna, tuarascálacha bliantúla) chun an fhaisnéis a scaipeadh ar an bpobal.
Féachfaidh na Páirtithe, go háirithe, le faisnéis iontaofa, ábhartha agus cothrom le dáta a thabhairt do na páirtithe leasmhara éagsúla a bhfuil baint acu le hearnáil na foraoiseachta. Tugtar tuairisc ar na sásraí sin in Iarscríbhinn IX.
AIRTEAGAL 21
Cumarsáid maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo
1.
Is iad seo a leanas ionadaithe na bPáirtithe atá freagrach as an gcumarsáid oifigiúil maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo:
−
thar ceann an Aontais Eorpaigh, Ceannaire Thoscaireacht an Aontais i Hondúras;
−
thar ceann Hondúras, Aire‑Stiúrthóir an Instituto Nacional, de Conservación y Desarrollo Forestal, Áreas Protegidas y Vida Silvestre (ICF).
2.
Cuirfidh na Páirtithe an fhaisnéis is gá chun an Comhaontú seo a chur i bhfeidhm in iúl dá chéile go tráthúil.
AIRTEAGAL 22
Faisnéis rúnda
1.
Gabhann gach Páirtí air féin, laistigh de theorainneacha a dhlíthe, gan faisnéis rúnda a mhalartófar faoin gComhaontú seo a nochtadh. Ní dhéanfaidh ceachtar den dá Pháirtí, ná ní cheadóidh siad dá n‑údaráis, rúin trádála nó faisnéis rúnda tráchtála a mhalartófar faoin gComhaontú seo a nochtadh don phobal.
2.
Faoi réir mhír 1, ní mheasfar gur faisnéis rúnda í an fhaisnéis seo a leanas:
(a)
an líon ceadúnas FLEGT arna n‑eisiúint ag Hondúras agus arna bhfáil ag an Aontas agus an méid táirgí adhmaid arna n‑onnmhairiú ó Hondúras agus arna bhfáil ag an Aontas faoi na ceadúnais sin;
(b)
ainmneacha agus seoltaí na gceadúnaithe FLEGT agus na n‑allmhaireoirí;
(c)
méideanna na dtáillí agus na gcánacha a d’íoc aon onnmhaireoir; agus
(d)
fíneálacha airgeadaíochta arna ngearradh ar aon chonraitheoir nó ar aon cheadúnaí FLEGT nó gníomhaíocht rialála arna ndéanamh ina n‑aghaidh.
AIRTEAGAL 23
Cur i bhfeidhm críochach
Beidh feidhm ag an gComhaontú seo maidir leis na críocha sin a gcuirtear an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm ina leith faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Chonradh sin, de pháirt amháin, agus maidir le críoch Hondúras, den pháirt eile.
AIRTEAGAL 24
Díospóidí a réiteach
1.
Féachfaidh na Páirtithe le haon díospóid maidir le cur i bhfeidhm nó léirmhíniú an Chomhaontaithe seo a réiteach trí chomhairliúcháin phrasa.
2.
Maidir le comhairliúcháin faoi mhír 1, tionscnófar iad le hiarraidh i scríbhinn ina léireofar an t‑ábhar/na hábhair atá le réiteach agus an dáta agus an áit a ndéanfar an comhairliúchán.
3.
Más rud é, laistigh de thrí mhí ó dháta na hiarrata tosaigh ar chomhairliúcháin, nach mbeidh réiteach faighte ar an díospóid trí chomhairliúcháin, féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí an díospóid a tharchur chuig JIC, a fhéachfaidh lena réiteach. Soláthrófar an fhaisnéis ábhartha uile do JIC ionas go mbeifear in ann scrúdú domhain a dhéanamh ar an gcás d’fhonn an cás a shocrú ar dhóigh inghlactha. Chun na críche sin, ceanglófar ar JIC gach féidearthacht a scrúdú chun an Comhaontú seo a choimeád á chur chun feidhme go héifeachtach.
4.
Mura féidir le JIC an díospóid a réiteach, féadfaidh na Páirtithe, a gníomhú dóibh go comhpháirteach, cuidiú tríú páirtí a iarraidh, nó a iarraidh go ndéanfadh tríú páirtí idirghabháil.
5.
Mura féidir an díospóid a réiteach i gcomhréir le mír 3, féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí fógra a thabhairt don pháirtí eile faoi eadránaí a cheapadh; caithfidh an Páirtí eile eadránaí eile, an dara headránaí, a cheapadh ansin laistigh de 30 lá féilire tar éis cheapadh an chéad eadránaí. Ceapfaidh na Páirtithe, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach, an tríú headránaí laistigh de dhá mhí tar éis cheapadh an dara headránaí.
6.
Glacfar cinntí na n‑eadránaithe le vóta tromlaigh laistigh de shé mhí tar éis cheapadh an tríú headránaí.
7.
Beidh an cinneadh ina cheangal ar na Páirtithe agus ní fhéadfar é a achomharc.
8.
Bunóidh JIC na nósanna imeachta oibre le haghaidh eadrána.
AIRTEAGAL 25
Fionraí
1.
Tabharfaidh Páirtí ar mian leis an Comhaontú seo a chur ar fionraí fógra i scríbhinn don Pháirtí eile go bhfuil sé ar intinn aige déanamh amhlaidh. Pléifidh na Páirtithe an t‑ábhar dá éis sin, agus cuirfear tuairimí na bpáirtithe leasmhara ábhartha san áireamh.
2.
Féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo a chur ar fionraí má dhéanann an Páirtí eile na nithe seo a leanas:
(a)
má mhainníonn sé a oibleagáidí mar a shonraítear faoin gComhaontú seo a chomhlíonadh,
(b)
má mhainníonn sé na bearta agus na modhanna rialála agus riaracháin a choimeád ar bun a theastaíonn chun an Comhaontú seo a chur chun feidhme, nó
(c)
má ghníomhaíonn sé nó má mhainníonn sé gníomhú ar bhealach a dhéanfaidh rioscaí suntasacha do chomhshaol, do shláinte, do shábháilteacht nó do shlándáil mhuintir an Aontais nó Hondúras.
Tabharfar fógra i scríbhinn don Pháirtí eile faoin gcinneadh maidir le fionraí agus faoi na cúiseanna a bhí leis an gcinneadh sin.
3.
Scoirfidh coinníollacha an Chomhaontaithe seo d’fheidhm a bheith acu 30 lá oibre tar éis thabhairt an fhógra faoi mhír 2.
4.
Tosófar ar an gComhaontú seo a chur i bhfeidhm arís 30 lá oibre tar éis don Pháirtí a chuir an cur i bhfeidhm ar fionraí an Páirtí eile a chur ar an eolas faoi go bhfuil na cúiseanna a bhí leis an bhfionraí dulta as feidhm.
AIRTEAGAL 26
Leasuithe
1.
Páirtí ar mian leis an Comhaontú seo a leasú, tíolacfaidh sé an togra trí mhí ar a laghad roimh an gcéad chruinniú eile de JIC. Pléifidh an Coiste an togra agus, má thagtar ar chomhdhearcadh, déanfaidh sé moladh. Measfaidh gach Páirtí an moladh agus, má aontaíonn sé leis, formheasfaidh sé é i gcomhréir lena nósanna imeachta féin.
2.
Tiocfaidh aon leasú a fhormheasfaidh an dá Pháirtí ar an modh sin i bhfeidhm an chéad lá den mhí tar éis an dáta a thabharfaidh na Páirtithe fógra dá chéile gur cuireadh na nósanna imeachta is gá chun na críche sin i gcrích.
3.
Féadfaidh JIC leasuithe a ghlacadh ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú seo.
4.
Seolfar fógra faoi aon leasú chuig na comhthaiscithe atá ann le haghaidh an Chomhaontaithe seo.
AIRTEAGAL 27
Fad
Ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, agus le gabháil éifeachta ón dáta sin, beidh an Comhaontú seo bailí ar feadh cúig bliana agus gabhfaidh fadú intuigthe leis sin go ceann tréimhse choibhéiseach, mura ndéanfar é a fhoirceannadh leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 28.
AIRTEAGAL 28
An Comhaontú seo a fhoirceannadh
D’ainneoin Airteagal 27, féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí an Comhaontú seo a fhoirceannadh trí fhógra a thabhairt don Pháirtí eile i scríbhinn; Scoirfidh an Comhaontú seo d’fheidhm a bheith aige 12 mhí tar éis dháta an fhógra sin.
AIRTEAGAL 29
Iarscríbhinn
Beidh na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú seo ina gcuid chomhtháite den Chomhaontú.
AIRTEAGAL 30
Téacsanna barántúla
Tá an Comhaontú seo tarraingthe suas i ndúblach sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus tá gach ceann de na leaganacha sin chomh barántúil lena chéile. I gcás difríochtaí, is ag an téacs Spáinnise a bheidh an forlámhas.
AIRTEAGAL 31
Teacht i bhFeidhm
1.
Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm an chéad lá den mhí tar éis an dáta a thabharfaidh na Páirtithe faoi seach fógra dá chéile i scríbhinn gur chuir siad i gcrích a nósanna imeachta féin chun na críche sin..
2.
Seolfar fógra chuig Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus chuig Aireacht Gnóthaí Eachtracha Hondúras, a bheidh ina gcomhthaiscithe ag an gComhaontú seo.
Á FHIANÚ SIN, chuir na Lánchumhachtaigh thíos‑sínithe a síniú leis an gComhaontú seo, agus iad cumhachtaithe go cuí chuige sin.
Arna dhéanamh [i/in/sa ...],
Thar ceann an Aontais Eorpaigh
Thar ceann Phoblacht Hondúras
IARSCRÍBHINNÍ
I.
Liosta de na táirgí adhmaid a chumhdaítear leis an scéim ceadúnúcháin FLEGT
II.
Maitrísí dlíthiúlachta Hondúras
III.
Coinníollacha lena rialaítear táirgí adhmaid a onnmhairítear ó Hondúras agus a chumhdaítear le ceadúnas FLEGT a scaoileadh i saorchúrsaíocht san Aontas
IV.
Nós imeachta maidir le ceadúnais FLEGT a eisiúint
V.
Córas Dearbhaithe Dlíthiúlachta (LAS) Hondúras le haghaidh táirgí adhmaid
VI.
Iniúchóireachtaí neamhspleácha
VII.
Critéir chun meastóireacht a dhéanamh ar Chóras Dearbhaithe Dlíthiúlachta Hondúras (LAS) le haghaidh táirgí adhmaid
VIII.
Bearta forlíontacha agus tacaíochta
IX.
Trédhearcacht agus rochtain ar fhaisnéis phoiblí
X.
Comhchoiste Cur Chun Feidhme
IARSCRÍBHINN I
Liosta de na táirgí adhmaid
a chumhdaítear leis an scéim ceadúnúcháin FLEGT
San Iarscríbhinn seo tá 19 dtáirge adhmaid, lena n‑áirítear na cúig tháirge éigeantacha faoi Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle an 20 Nollaig 2005 maidir le scéim ceadúnúcháin FLEGT a bhunú i gcás allmhairí adhmaid isteach sa Chomhphobal Eorpach agus 14 tháirge eile a roghnaigh Hondúras bunaithe ar athbhreithniú a rinneadh ar shonraí ó fhoinsí éagsúla: Banc Ceannais Hondúras i gcás an mhargaidh onnmhairiúcháin, agus clár ICF (Instituto Nacional de Conservación y Desarrollo Forestal, Áreas Protegidas y Vida Silvestre) i gcás an mhargaidh intíre. In 2013, reáchtáladh comhairliúcháin le hoibreoirí éagsúla san earnáil foraoiseachta i bpríomhréigiúin na tíre maidir leis na táirgí adhmaid atá le cur san áireamh san Iarscríbhinn seo.
Toirmisctear le Dlí Foraoiseachta Hondúras táirgí áirithe adhmaid a onnmhairiú. Foráiltear le hAirteagal 102 de nach féidir adhmad ó speicis leathanduilleacha ó fhoraoisí nádúrtha a onnmhairiú ach mar adhmad próiseáilte. Ní cheadaítear, dá bhrí sin, lomáin chruinne ná adhmad garbhchearnaithe de na speicis sin a onnmhairiú.
Cé go dtoirmisctear lomáin chruinne nó adhmad garbhchearnaithe de na speicis sin a onnmhairiú, cumhdaítear é le Córas Dearbhaithe Dlíthiúlachta Hondúras (LAS) le haghaidh táirgí adhmaid (Sistema para Asegurar la Legalidad de los productos de madera de Honduras), cibé céim den phróiseáil ag a bhfuil sé .
Tagraítear sa liosta sa tábla thíos don Chóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí a bunaíodh leis Coinbhinsiún Idirnáisiúnta ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí na Comhairle um Chomhar Custaim, agus d'Ainmníocht Chomhcheangailte chóras comhtharaife custaim an Aontais.
Cóid an Chórais Chomhchuibhithe (CC) agus na hAinmníochta Comhcheangailte (AC) le haghaidh táirgí adhmaid a chumhdaítear leis an scéim ceadúnúcháin FLEGT
|
Uimhir
|
Cód
|
Tuairisc
|
Gnáthainm i Hondúras
|
|
1
|
4401.21
|
Adhmad buaircíneach ina shliseanna nó ina cháithníní.
|
Astillas o chips
|
|
2
|
4401.22
|
Adhmad nach adhmad buaircíneach é, é ina shliseanna nó ina cháithníní.
|
Astillas o chips
|
|
3
|
4401.31
|
Millíní adhmaid.
|
Pellets, briquetas
|
|
4
|
Ex. 4403
|
Adhmad neamhchóirithe, bíodh an choirt nó an sú‑adhmad bainte de, nó bíodh sé cearnaithe go garbh, nó ná bíodh; seachas lomáin chruinne nó adhmad garbhchearnaithe ó speicis leathanduilleacha ó fhoraoisí nádúrtha, a fhreagraíonn do chód 4403 4985.
|
Madera en rollo, timber
|
|
|
Ex. 4403 4985
|
Adhmad neamhchóirithe, bíodh an choirt nó an sú‑adhmad bainte de, nó bíodh sé cearnaithe go garbh, nó ná bíodh. É gan aon chóireáil le péint, créasóid ná leasaithigh eile, é ina adhmad nach adhmad buaircíneach é. D’adhmad trópaiceach ó fhoraoisí nádúrtha.
(SA 4403.49.00.00 i Hondúras). Onnmhairiú a thoirmisctear faoi dhlí Hondúras. I gcomhréir le hAirteagal 3 den Chomhaontú seo, ní fhéadfar táirgí faoin gcód CC seo a chumhdach le ceadúnas FLEGT agus dá bhrí sin ní féidir iad a allmhairiú isteach san Aontas.
|
|
|
5
|
4404
|
Adhmad fonsa; poil scoilte; cairn, cuaillí agus stácaí adhmaid, a bhfuil pointe orthu ach nach bhfuil sáfa ar a bhfad; slata adhmaid garbh‑bhearrtha ach nach bhfuil deileadh, lúbadh ná saoirsiú orthu thairis sin, atá oiriúnach chun maidí siúil, scáthanna fearthainne, cosa uirlisí nó a leithéidí a mhonarú; slisadhmad agus a leithéid.
|
Estacas, palos de escoba, palillos, nasas, tampas
|
|
6
|
4406
|
Trasnáin iarnróid nó trambhealaí (trascheangail) as adhmad.
|
Durmientes
|
|
7
|
4407
|
Adhmad atá sáfa nó scealptha ar a fhad, é slisnithe nó scafa, bíodh sé plánáilte, spladhsáilte nó ceannsiúntáilte, nó ná bíodh, atá 6 mm nó níos mó ar tiús.
|
Madera aserrada, madera cepillada, madera en bloque, cuartones
|
|
8
|
4408
|
Leatháin le haghaidh athchraicinn (lena n‑áirítear na cinn a fhaightear trí adhmad lannaithe a shliseadh), le haghaidh sraithadhmaid nó le haghaidh adhmad lannaithe comhchosúil agus adhmad eile, iad sáfa ar a bhfad, slisnithe nó scafa, bíodh siad plánáilte, greanáilte, scarshiúntaithe nó ceannsiúntáilte, nó ná bíodh, nach mó ná 6 mm a dtiús.
|
Chapa, enchapado, plywood
|
|
9
|
4409
|
Adhmad (lena n‑áirítear stiallacha agus fríosanna d'urlár iontlaise, nach bhfuil cóimeáilte) atá dealbhaithe go leanúnach (teangaithe, eitrithe, céimnithe, seaimféaráilte, V‑shiúntaithe, feirbthe, múnlaithe, maolaithe nó a leithéid) ar feadh aon cheann dá imill, dá fhoircinn nó dá éadain, bíodh sé plánáilte, greanáilte nó ceannsiúntaithe, nó ná bíodh.
|
Molduras, pisos, forros, cielos, machimbres
|
|
10
|
4410
|
Cláir cháithníneacha, cláir threodhualacha (OSB) agus cláir dá samhail (cláir shliseogacha, mar shampla), d'adhmad nó d'ábhair ligneacha eile, bídís ceirtleánaithe le roisíní nó le substaintí nasctha orgánacha eile, nó ná bídís.
|
Tableros, OSB
|
|
11
|
4411
|
Cláir shnáithíneacha d'adhmad nó d'ábhar ligneach eile, bídís nasctha le roisíní nó le substaintí orgánacha eile, nó ná bídís.
|
Tableros, MDF
|
|
12
|
4412
|
Sraithadhmad, painéil veinírithe agus adhmad lannaithe comhchosúil eile.
|
Contrachapada
|
|
13
|
4415
|
Cásanna pacála, boscaí, cliathbhoscaí, drumaí agus pacáistithe comhchosúla, déanta as adhmad; drumaí cáblaí, déanta as adhmad; pailléid, pailléid i bhfoirm boscaí agus cláir ualaigh eile, déanta as adhmad; coiléir phailléid, déanta as adhmad.
|
Pallets, tarimas, cajas
|
|
14
|
4418
|
Táirgí adhmaid le haghaidh siúinéireachta agus cearpantóireachta, lena n‑áirítear painéil cheallacha adhmaid, painéil chóimeáilte urláir, slinnte agus fabhtanna.
|
Puertas, ventanas, marcos, contramarcos, encofrados, postes, vigas
|
|
15
|
4419
|
Gréithe agus earraí cistine, iad déanta as adhmad
|
|
|
16
|
9403.30
|
Troscán adhmaid den chineál a úsáidtear in oifigí
|
|
|
17
|
9403.40
|
Troscán adhmaid den chineál a úsáidtear sa chistin
|
|
|
18
|
9403.50
|
Troscán adhmaid den chineál a úsáidtear sa seomra leapa
|
|
|
19
|
9403.60
|
Troscán adhmaid eile
|
|
________________
IARSCRÍBHINN II
Maitrísí dlíthiúlachta Hondúras
Sainmhíniú ar adhmad dleathach agus ar tháirgí adhmaid dleathacha
Chun críocha an Chomhaontaithe seo, meastar go bhfuil adhmad agus táirgí adhmaid dleathach nuair a dhéantar iad a thionscnamh, a lománú, a iompar, a shábhadh, a phróiseáil agus a thrádáil i margaí náisiúnta agus idirnáisiúnta i gcomhréir leis na dlíthe agus na rialacháin is infheidhme maidir le foraoisí, an comhshaol, an geilleagar, gnóthaí sóisialta, cultúr, cáin agus díolacháin, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn seo agus i gcomhréir le hIarscríbhinn V.
Mar gheall ar rannpháirtíocht iomlán ghníomhach institiúidí rialtais, na hearnála príobháidí, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, grúpaí agrafhoraoiseachta, pobal, an tsaoil acadúil agus phobail dhúchasacha Hondúras agus phobail Hondúras de shliocht na hAfraice, bhí sé indéanta na Maitrísí Dlíthiúlachta a chur le chéile ionas go mbeadh an phríomhfhaisnéis iontu a theastaíonn chun rialachas foraoiseachta a fheabhsú.
Bunaítear Maitrísí Dlíthiúlachta Hondúras ar 6 Phrionsabal, 17 gCritéar, 36 Tháscaire agus 56 Mhodh Fíoraithe. Tá a struchtúr leagtha amach chun dlíthe a bhaineann le hearnáil na foraoiseachta a chur san áireamh agus gnéithe éagsúla den bhainistíocht phoiblí a chumhdach i dtéarmaí na nithe seo a leanas:
−
Nósanna imeachta riaracháin chun cearta úinéireachta ar thalamh poiblí agus príobháideach a aithint.
−
Nósanna imeachta i dtaca le talamh poiblí foraoise a leithdháileadh ar dhaoine nó ar ghrúpaí a chur i bhfeidhm i gceart.
−
Meas a léiriú ar chearta sinsearachta Phobail Dhúchasacha Hondúras agus Phobail Hondúras de shliocht na hAfraice.
−
Meas a léiriú ar chearta saothair na n‑oibrithe in earnáil na foraoiseachta.
Sa slabhra táirgeachta foraoise, is é an aidhm atá ann na nithe seo a leanas a áirithiú:
−
Na ceanglais theicniúla agus dhlíthiúla a chomhlíonadh maidir le ceadúnais lománaíochta táirgí adhmaid a fhormheas agus a úsáid.
−
Na forálacha dlíthiúla a chomhlíonadh maidir le táirgí adhmaid a iompar ar feadh an tslabhra soláthair.
−
Na forálacha teicniúla agus dlíthiúla a chomhlíonadh maidir le cuideachtaí táirgí foraoise (idir phríomhúil agus thánaisteach) agus clóis adhmaid a chlárú agus a oibriú.
−
Forálacha dlíthiúla maidir leis an trádáil áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta a chomhlíonadh.
−
Forálacha maidir le taraifí agus cáin a chomhlíonadh.
Ní chuimsítear leis na maitrísí prionsabal sonrach a bhaineann leis an gcomhshaol toisc go meastar gur saincheist í sin atá i gceist leis na maitrísí go léir agus atá intuigthe i bPrionsabal 3, ós rud é go mbunaítear oibríochtaí foraoise agus gníomhaíochtaí lománaíochta ar phleananna bainistíochta foraoise a bhfuil sé d’aidhm acu bainistiú ceart agus inbhuanaitheacht na hacmhainne a áirithiú. Luaitear an comhshaol go sonrach i dTáscaire 3.4.2, a thagraíonn don mheasúnú ar an tionchar comhshaoil i bpleananna bainistíochta foraoise, agus i dTáscaire 3.6.2, a thagraíonn do chomhlíonadh beart maolaithe comhshaoil ag cuideachtaí foraoiseachta.
1.
Prionsabail
Eagraítear na maitrísí de réir na sé phrionsabal seo a leanas:
(1)
Cearta úinéireachta talún agus tionacht talún
(2)
Cearta Phobail Dhúchasacha Hondúras agus Phobail Hondúras de shliocht na hAfraice atá ina gcónaí i limistéir foraoise
(3)
Comhlíonadh na ndlíthe agus na rialachán maidir le bainistíocht foraoise agus le hoibreoirí in earnáil na foraoiseachta a bhíonn ag lománaíocht, ag iompar, ag tionsclú agus ag trádáil táirgí adhmaid
(4)
Oibleagáidí maidir leis an lucht saothair agus le sláinte agus sábháilteacht cheirde
(5)
Rialacha maidir leis an trádáil idirnáisiúnta i dtáirgí adhmaid
(6)
Oibleagáidí maidir le taraifí agus cáin
2.
Breithnithe maidir le dlíthiúlacht a fhíorú
Is é an gléas lena ndéantar an fíorú i gcas na dtáscairí faoi gach ceann de na sé phrionsabal sna Maitrísí Dlíthiúlachta sin doiciméid a tháirgeann institiúidí poiblí, agus taifid riaracháin a dhéanann siad, de réir éileamh ar sheirbhísí. Tugtar tuairisc i lámhleabhar fíoraithe ar na modheolaíochtaí um chruthú agus fhíorú agus ar mhinicíocht an fhíoraithe i gcás gach táscaire, mar aon le tuairisc ar na cartlanna fisiciúla agus leictreonacha ina stóráiltear na gléasanna fíorúcháin. Tá JIC freagrach as an lámhleabhar sin agus déanfaidh sé é a athbhreithniú, a nuashonrú agus a fhormheas mar is gá.
D’fhonn a chinntiú go gcomhlíontar na prionsabail, bunófar socruithe comhair idir na hinstitiúidí a bhfuil baint acu leis an slabhra táirgeachta foraoise agus an Institiúid um Chaomhnú Foraoiseachta (ICF).
3.Foinsí adhmaid
Tugtar tuairisc sa Dlí maidir le Foraoiseacht, Limistéir faoi Chosaint agus Fiadhúlra (LFAPVS) ar chineálacha na húinéireachta ar limistéir ina ndéantar adhmad a ghearradh, a phróiseáil agus a dhíol i Hondúras. Is iad seo iad, sa liosta seo a leanas:
A.
Limistéir foraoise phoiblí: Is éard atá iontu sin limistéir foraoise náisiúnta atá suite ar thalamh atá faoi úinéireacht an Stáit, limistéir foraoise bhardasacha (limistéir ejido) atá suite ar thalamh atá faoi úinéireacht na mbardas, agus limistéir foraoise a fuair institiúidí Stáit, mar aon leis na limistéir uile atá faoi úinéireacht an Stáit agus atá ar léas ag an Stát (Airteagail 45, 46 agus 47 LFAPVS). Ciallaíonn léasú an próiseas trína ndeonaíonn an t‑úinéir úsáid agus teachtadh limistéir foraoise do dhuine nádúrtha nó do dhuine dlítheanach ar feadh tréimhse shonrach agus faoi choinníollacha áirithe.
(a)
Is éard atá i limistéir foraoise náisiúnta iad seo a leanas:
−
Talamh foraoise atá laistigh de theorainneacha críochacha an Stáit nach bhfuil faoi úinéireacht aon duine eile;
−
Talamh foraoise a fuair an Stát nó aon cheann dá institiúidí, trí bhíthin díshealbhaithe, ceannaigh, díola nó aon ghníomhas dlisteanach teidil faoina bhfuil cearta úinéireachta aige, cibé acu atá sé taifeadta sa Chlár Talún nó nach bhfuil. Tugtar bienes fiscales nó bienes nacionales [maoin stáit nó náisiúnta] orthu sin (Airteagal 46 LFAPVS).
(b)
Is éard atá i limistéir foraoise bhardasacha (ejido) iad seo a leanas:
−
Talamh foraoise a chumhdaítear le teidil mhaoine a dheonaigh an Stát do na bardais roimhe seo mar “ejidos” (talamh atá faoi úinéireacht phobail);
−
Talamh foraoise eile atá faoi úinéireacht bardas faoi aon ghníomhas teidil eile, i gcomhréir leis an dlí (Airteagal 47 LFAPVS). Is limistéir phoiblí iad na limistéir foraoise bhardasacha; i gcás ina bhfuil lománaíocht adhmaid i gceist, áfach, measann ICF an bardas mar úinéir príobháideach.
(c)
Maoin Stáit a bhfuil a teidil mhaoine i seilbh comhlachta phoiblí is ea limistéir foraoise a fhaigheann institiúidí Stáit nó terrenos fiscales (talamh atá faoi úinéireacht an Stáit). Féadfar lománaíocht adhmaid a dhéanamh i bhforaoisí faoi úinéireacht an Stáit más ceadmhach sin de réir na catagóire bainistíochta lena mbaineann siad agus má bhíonn údarú cuí tugtha lena aghaidh sin ag an údarás inniúil sa phlean bainistíochta foraoise ábhartha. Más é sin an cás i bhforaois faoi úinéireacht an Stáit (ar foraois í a cláraíodh i gCatalóg na nAcmhainní Doshannta Foraoise Poiblí (CPPFI) agus sa Chlár Talún), ba cheart a mheas gur foraois phríobháideach í seachas foraois phoiblí.
B.
Limistéir foraoise phríobháideacha: Is limistéir iad sin atá suite ar thalamh ar le daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha arna rialú ag dlí príobháideach é, a n‑aithnítear an úinéireacht iomlán air le teideal dlisteanach maoine ar d’eisiúint bhunaidh an Stáit é agus a taifeadadh sa Chlár Talún (Airteagal 45 LFAPVS).
−
Is éard atá i limistéir foraoise phríobháideacha pobail nó idirphobail foraoisí atá suite ar thalamh atá faoi úinéireacht pobal tuaithe agus limistéir foraoise atá – nó nach bhfuil – faoi úinéireacht Phobail Dhúchasacha Hondúras nó Phobail Hondúras de shliocht na hAfraice. Maidir le limistéir foraoise ar thalamh ar le pobail dhúchasacha Hondúras agus pobail Hondúras de shliocht na hAfraice go traidisiúnta é, mar gheall ar chearta sinsearachta urramaíonn an Stát na limistéir foraoise sin i gcomhréir leis na dlíthe náisiúnta agus le Coinbhinsiún 169 na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le Pobail Dhúchasacha agus Pobail Threibheacha i dTíortha Neamhspleácha, cibé acu atá an teideal maoine acu nó nach bhfuil.
C.
Limistéir nach limistéir foraoise: Faoi láthair níl aon chreat dlíthiúil ná rialála ann maidir le húsáid adhmaid ó na limistéir sin, limistéir a sholáthraíonn adhmad ó chrainn scaipthe uaireanta. Cuimsítear leis na bearta forlíontacha in Iarscríbhinn VIII struchtúr do chreat rialála den sórt sin.
4.
Athruithe ar chreat rialála, eagrúcháin agus institiúideach Hondúras
Toisc go bhféadfadh athrú teacht ar gach creat rialála, riaracháin agus institiúideach, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le mionathruithe a dhéanamh ar nósanna imeachta i Hondúras a bheadh ina gcúis le coigeartuithe ar ábhar na dtáscairí a dtugtar tuairisc orthu sna Maitrísí Dlíthiúlachta seo. Déanfar anailís ar na mionathruithe sin uair gach dhá bhliain ar a laghad agus, más gá, formheasfaidh an Comhchoiste Cur Chun Feidhme (JIC) iad. Déanfaidh JIC anailís freisin, uair amháin gach dhá bhliain ar a laghad, ar aon leasuithe nó nuashonruithe ar an Iarscríbhinn seo a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil chun aon athruithe ábhartha ar na creataí rialála, riaracháin agus institiúideacha i Hondúras a chur san áireamh.
MAITRÍSÍ DLÍTHIÚLACHTA
|
PRIONSABAL. URRAMAÍONN OIBREOIRÍ IN EARNÁIL NA FORAOISEACHTA CEARTA MAOINE AGUS TIONACHT NA LIMISTÉAR FORAOISE I gCOMHRÉIR LEIS AN REACHTAÍOCHT ATÁ ANN.
|
|
Critéar 1.1 Oibreoirí poiblí agus príobháideacha in earnáil na foraoiseachta a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí táirgeachta atá bunaithe san fhoraois, comhlíonann siad an reachtaíocht atá ann cheana i dtaca le húinéireacht ar limistéir foraoise a léiriú.
|
|
Táscaire 1.1.1 Tá doiciméid ag úinéirí limistéar foraoise príobháideach, lena n‑áirítear limistéir foraoise phobail nó idirphobail agus limistéir foraoise bhardasacha (ejido), a thugann cruthúnas maidir le húinéireacht.
|
|
Modhanna fíoraithe:
1.Deimhniú iomlán cothrom le dáta ar úinéireacht chláraithe.
|
Tagairt dlí:
Airteagail 37, 94, 95, Foraithne Uimh. 82‑2004, an Dlí Maoine.
|
Institiúid inniúil:
An Institiúid Réadmhaoine (IP), Ard‑Stiúrthóireacht um Chlárú Talún agus Tíreolaíocht (DGRCG).
|
|
Táscaire 1.1.2 Na limistéir foraoise náisiúnta atá faoi úinéireacht an Stát, tá siad ar taifead i gClár Talún IP agus i gCatalóg na nAcmhainní Doshannta Foraoise Poiblí.
|
|
Modhanna fíoraithe:
1.Iontráil an teidil maoine i gClár Talún IP.
2.Taifead i dtaca le clárú an teidil maoine i gCatalóg ICF na nAcmhainní Doshannta Foraoise Poiblí (CPPFI).
|
Tagairt dlí:
I gcás mhodh 1:
Airteagal 37, Foraithne Uimh. 82‑2004, an Dlí Maoine.
I gcás mhodh 2:
Airteagail 56 agus 61, Foraithne Uimh. 98‑2007, Dlí maidir le Foraoiseacht, Limistéir faoi Chosaint agus Fiadhúlra.
|
Institiúid inniúil:
I gcás mhodh 1:
IP, An Ard‑Stiúrthóireacht um Chlárú Talún agus Tíreolaíocht.
I gcás mhodh 2:
ICF, An tIonad um Acmhainní agus Faisnéis Foraoiseachta (CIPF).
|
|
Critéar 1.2 Leithdháileadh limistéar foraoise náisiúnta agus bardasach (ejido) ar phobail, ar ghrúpaí agra‑fhoraoiseachta agus ar dhaoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha.
|
|
Táscaire 1.2.1 Déanann ICF conarthaí bainistíochta foraoise i limistéir náisiúnta maidir le gníomhaíochtaí bainistíochta foraoise a dhéanamh sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma.
|
|
Modhanna fíoraithe (ceann amháin díobh seo a leanas):
1.Conradh sínithe bailí maidir le bainistíocht foraoisí nó gníomhaíochtaí foraoiseachta (baineann sé le daoine nádúrtha agus dlítheanacha).
2.Conradh sínithe bailí maidir le bainistíocht foraoisí pobail (baineann sé le grúpaí agra‑fhoraoiseachta agus pobail).
|
Tagairt dlí:
I gcás an dá mhodh:
Airteagal 77, Foraithne Uimh. 98‑2007, Dlí maidir le Foraoiseacht, Limistéir faoi Chosaint agus Fiadhúlra.
|
Institiúid inniúil:
I gcás mhodh 1:
ICF, an Roinn Bainistíochta agus Forbartha Foraoisí.
I gcás mhodh 2:
ICF, an Roinn Bainistíochta agus Forbartha Foraoisí.
|
|
Táscaire 1.2.2 Déanann an bardas conradh bainistíochta foraoise pobail i limistéir bhardasacha (ejido) chun gníomhaíochtaí bainistíochta foraoise a dhéanamh sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma.
|
|
Modhanna fíoraithe:
1.Conradh sínithe bailí maidir le bainistíocht foraoisí pobail ar thalamh bardasach (ejido).
|
Tagairt dlí:
Airteagal 128, Foraithne Uimh. 98‑2007, Dlí maidir le Foraoiseacht, Limistéir faoi Chosaint agus Fiadhúlra.
Airteagal 451, Comhaontú Feidhmiúcháin Uimh. 031‑2010, Rialachán Ginearálta Cur Chun Feidhme i dtaca leis an Dlí maidir le Foraoiseacht, Limistéir faoi Chosaint agus Fiadhúlra.
Comhaontú ICF Uimh. 027‑2015 maidir le bainistíocht foraoisí ar limistéir bhardasacha (ejido) i gcomhthéacs na foraoiseachta pobail.
|
Institiúid inniúil:
An bardas, an chomhairle bhardasach.
ICF, an Roinn Forbartha Foraoisí Pobail.
|
|
PRIONSABAL 2. URRAMAÍONN HONDÚRAS CEARTA PHOBAIL DHÚCHASACHA HONDÚRAS AGUS PHOBAIL HONDÚRAS DE SHLIOCHT NA hAFRAICE ATÁ INA gCÓNAÍ I LIMISTÉIR FORAOISE.
|
|
Critéar 2.1 Comhlíonfaidh Stát Hondúras Coinbhinsiún 169 EIS maidir le cearta úinéireachta agus comhairliúcháin a aithint (‘réamhthoiliú deonach feasach‑ FPIC) i gcás limistéir atá faoi úinéireacht sinsearachta Phobail Dhúchasacha Hondúras agus Phobail Hondúras de shliocht na hAfraice iad.
|
|
Táscaire 2.1.1 Eisíonn an Stát, trí na hinstitiúidí inniúla, IP, INA agus ICF, teidil iomlána maoine agus déanann IP taifead ar an talamh foraoise atá faoi úinéireacht sinsearachta Phobail Dhúchasacha Hondúras agus Phobail Hondúras de shliocht na hAfraice chun lománaíocht adhmaid tráchtála a cheadú.
|
|
Modhanna fíoraithe:
Maidir le talamh náisiúnta agus talamh bardasach (ejido) (i gcás mhodhanna 1 agus 2):
1.Teideal maoine ar taifead i gClár Talún IP.
2.Teideal maoine ar taifead i gClár Náisiúnta Talúntais IP.
I gcás talamh de chuid Phobail Dhúchasacha Hondúras agus Phobail Hondúras de shliocht na hAfraice atá faoi lánúinéireacht ICF (modh 3):
3.Teideal maoine, mar thoradh ar dheighilt, ar taifead i gClár Talún IP.
|
Tagairt dlí:
I gcás mhodhanna 1, 2 agus 3
−
Airteagail 13, 14, 15, 18 agus 19, Foraithne Uimh. 26‑94 (Coinbhinsiún 169 EIS a dhaingniú).
I gcás mhodhanna 1 agus 2:
−
Airteagail 93, 94, 95, 100, 101 agus 125, Foraithne Uimh. 82‑2004, an Dlí Maoine agus an rialachán cur chun feidhme a ghabhann leis.
−
Airteagal 92, an Dlí maidir le hAthchóiriú Talúntais arna leasú leis an Dlí maidir leis an Earnáil Talmhaíochta a Nuachóiriú agus a Fhorbairt, Foraithne Uimh. 31‑92.
|
Institiúid inniúil:
I gcás mhodh 1:
IP, an Ard‑Stiúrthóireacht um Chlárú Talún agus Tíreolaíocht.
I gcás mhodh 2:
INA, an Clár Náisiúnta Talúntais.
I gcás mhodh 3:
ICF, an tIonad um Acmhainní agus Faisnéis Foraoiseachta (CIPF).
|
|
|
I gcás mhodh 2:
−
Airteagal 69 den Dlí leasaithe maidir le Bardais, Foraithne Uimh. 127‑2000.
I gcás mhodh 3:
−
Airteagal 45, Foraithne Uimh. 98‑2007, Dlí maidir le Foraoiseacht, Limistéir faoi Chosaint agus Fiadhúlra.
−
Foraithne Uimh. 61‑2013 an 17 Aibreán 2013, lena n‑údaraítear do ICF freagra a thabhairt ar iarratais ar theidil mhaoine i leith limistéir phobail agus idirphobail arna dtíolacadh ag eagraíochtaí de chuid Phobail Dhúchasacha Hondúras agus de chuid Phobail Hondúras de shliocht na hAfraice isteach.
−
Comhaontú Uimh. 031‑2012 an 3 Lúnasa 2012, ina sainmhíníonn ICF an nós imeachta chun teidil mhaoine a eisiúint i leith tailte dúchasacha Phobail Dhúchasacha Hondúras agus Phobail Hondúras de shliocht na hAfraice atá ina gcónaí i mBithsféar Río Plátano.
−
Mar a leagtar amach i gComhaontú Uimh. 031‑2012 an 3 Lúnasa 2012, tá foraithne reachtach le foilsiú chun deighilt na limistéar foraoise a shainaithníonn agus atá faoi úinéireacht ICF a údarú, ionas gur féidir na teidil mhaoine a aistriú chuig Pobail Dhúchasacha Hondúras agus Pobail Hondúras de shliocht na hAfraice.
|
|
|
Táscaire 2.1.2 Urramaíonn ICF an ceart chun réamhthoilithe dheonaigh fheasaigh i gcríocha Phobail Dhúchasacha Hondúras agus Phobail Hondúras de shliocht na hAfraice i gcás ina bhfuil sé beartaithe lománaíocht adhmaid tráchtála a dhéanamh agus i gcás ina bhfuil tionchar díreach aige sin ar na Pobail sin.
|
|
Modhanna fíoraithe:
1.Tuarascáil chomhairliúcháin i seilbh ICF.
Tugtar an méid seo a leanas faoi deara: Sa tuarascáil chomhairliúcháin atá i seilbh ICF leagtar amach toradh an chomhairliúcháin (i.e. an comhaontú nó an formheas is gá i dtaobh na mbeart atá beartaithe chun lománaíocht adhmaid tráchtála a dhéanamh) a rinneadh de bhun Choinbhinsiún 169 EIS maidir le Pobail Dhúchasacha agus Pobail Threibheacha agus de bhun na reachtaíochta náisiúnta atá i bhfeidhm.
|
Tagairt dlí:
Airteagail 6 agus 15 d’Fhoraithne Uimh. 26‑94 (Coinbhinsiún 169 EIS a dhaingniú).
Ba cheart tagairt don dlí náisiúnta maidir le FPIC a chur san áireamh a luaithe a fhormheasfar an dlí sin.
|
Institiúid inniúil:
ICF, an Roinn Forbartha Foraoisí Pobail.
|
|
PRIONSABAL 3. COMHLÍONANN OIBREOIRÍ IN EARNÁIL NA FORAOISEACHTA NA DLÍTHE AGUS NA RIALACHA MAIDIR LE BAINISTÍOCHT FORAOISEACHTA, LOMÁNAÍOCHT, IOMPAR AGUS PRÓISEÁIL TÁIRGÍ ADHMAID, AGUS I dTRÁDÁIL SNA TÁIRGÍ SIN.
|
|
Critéar 3.1 Úinéirí agus daoine a bhfuil cearta úsáide talún acu, agus a bhfuil conarthaí bainistíochta foraoise acu, tá pleananna bainistíochta foraoise nó pleananna speisialta le haghaidh córais agrafhoraoiseachta acu a chomhlíonann na ceanglais dhlíthiúla ábhartha.
|
|
Táscaire 3.1.1 Tá plean bainistíochta foraoise formheasta bailí ag úinéirí limistéar foraoise príobháideach agus bardasach (ejido) a bhíonn i gceann gníomhaíochtaí lománaíochta.
|
|
Modhanna fíoraithe:
1.Plean bainistíochta foraoise formheasta bailí.
|
Tagairt dlí:
Airteagail 70 agus 74, Foraithne Uimh. 98‑2007, Dlí maidir le Foraoiseacht, Limistéir faoi Chosaint agus Fiadhúlra.
|
Institiúid inniúil:
ICF, an Roinn Bainistíochta agus Forbartha Foraoisí.
|
|
Táscaire 3.1.2 Na daoine a bhfuil cearta úsáide acu (pobail, eagraíochtaí argafhoraoiseachta, daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha) i leith limistéir foraoise phoiblí náisiúnta atá cláraithe le ICF agus a bhíonn i gceann gníomhaíochtaí lománaíochta, tá plean bainistíochta foraoise formheasta bailí acu.
|
|
Modhanna fíoraithe:
1.Plean bainistíochta foraoise formheasta bailí le haghaidh limistéir foraoise phoiblí náisiúnta.
|
Tagairt dlí:
Airteagail 70 agus 74, Foraithne Uimh. 98‑2007, Dlí maidir le Foraoiseacht, Limistéir faoi Chosaint agus Fiadhúlra.
|
Institiúid inniúil:
ICF, an Roinn Forbartha Foraoisí Pobail agus an Roinn Bainistíochta agus Forbartha Foraoisí.
|
|
Táscaire 3.1.3 Tá plean speisialta le haghaidh córais agrafhoraoiseachta atá formheasta agus bailí ag úinéirí limistéar ina bhfuil córais agrafhoraoiseachta atá faoi úinéireacht phríobháideach agus bhardasach (ejido) agus ina ndéantar gníomhaíochtaí lománaíochta.
|
|
Modhanna fíoraithe:
1.Plean speisialta atá formheasta bailí le haghaidh córais agrafhoraoiseachta (PESA).
|
Tagairt dlí:
Comhaontú ICF Uimh. 010‑2015, lena bhformheastar na Treoracha maidir le Cur i bhFeidhm Caighdeán Teicniúil i gcás Pleananna Speisialta le haghaidh Córais Agrafhoraoiseachta, ar eastáit is lú ná 100 heicteár.
|
Institiúid inniúil:
An Oifig Réigiúnach Foraoiseachta ICF ábhartha.
|
|
Táscaire 3.1.4 Tá Plean Bliantúil Oibriúcháin ag úinéirí agus ag daoine a bhfuil cearta úsáide acu i limistéir foraoise ag a bhfuil Plean Bainistíochta Foraoisí bailí formheasta, agus tá Plean Bliantúil Leagtha Crann ag úinéirí ag a bhfuil plean speisialta le haghaidh córais agrafhoraoiseachta.
|
|
Modhanna fíoraithe:
1.Plean Bliantúil Oibriúcháin (AOP) formheasta (i gcás úinéirí limistéar foraoise agus daoine a bhfuil cearta úsáide acu ar fhoraoisí ag a bhfuil Plean Bainistíochta Foraoisí bailí formheasta).
2.Plean Bliantúil Leagtha Crann (AFP) (do shealbhóirí PESAanna).
|
Tagairt dlí:
I gcás mhodh 1:
Airteagal 70(2), Foraithne Uimh. 98‑2007, Dlí maidir le Foraoiseacht, Limistéir faoi Chosaint agus Fiadhúlra, i cás pleananna bainistíochta.
I gcás mhodh 2:
Comhaontú ICF Uimh. 010‑2015(IV) agus (V)(3), treoracha maidir le caighdeáin theicniúla a chur i bhfeidhm in PESAanna atá níos lú ná 100 heicteár.
Maidir le PESAanna a bhfuil 100 heicteár nó níos mó i gceist leo, déanfar an reachtaíocht atá i bhfeidhm a athbhreithniú agus a leasú (féach an beart forlíontach ábhartha in Iarscríbhinn VIII).
|
Institiúid inniúil:
ICF, an Roinn Bainistíochta agus Forbartha Foraoisí.
|
|
Critéar 3.2 Na hoibreoirí atá i gceannas ar ghníomhaíochtaí foraoiseachta a chur i bhfeidhm agus a cheaptar chun na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh faoi cheadúnas lománaíochta le haghaidh Pleananna Bliantúla Oibriúcháin, Pleananna Bliantúla Leagtha Crann, plandálacha foraoise, Pleananna Tarrthála agus Pleananna Téarnaimh, is daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha iad a chomhlíonann na ceanglais maidir le hoibriú in earnáil na foraoiseachta.
|
|
Táscaire 3.2.1 Teicneoirí cáilithe foraoiseachta atá i gceannas ar ghníomhaíochtaí foraoiseachta a chur i bhfeidhm, faoi cheadúnais lománaíochta le haghaidh Pleananna Bliantúla Oibriúcháin, Pleananna Bliantúla Leagtha Crann, plandálacha foraoise, Pleananna Tarrthála agus Pleananna Téarnaimh, tá siad cláraithe le ICF agus luaitear iad sna taifid le haghaidh na gceadúnas comhfhreagrach lománaíochta.
|
|
Modhanna fíoraithe:
1.Cárta aitheantais an teicneora cháilithe foraoiseachta.
2.Meabhrán ón teicneoir cáilithe foraoiseachta lena gcomhaontaíonn sé an ceadúnas lománaíochta a chur chun feidhme.
|
Tagairt dlí:
Airteagal 477, Comhaontú Feidhmiúcháin Uimh. 031‑2010, Rialachán Ginearálta Cur Chun Feidhme i dtaca leis an Dlí maidir le Foraoiseacht, Limistéir faoi Chosaint agus Fiadhúlra.
Airteagal 159, Foraithne Uimh. 98‑2007, Dlí maidir le Foraoiseacht, Limistéir faoi Chosaint agus Fiadhúlra.
|
Institiúid inniúil:
ICF, an Roinn Bainistíochta agus Forbartha Foraoisí.
|
|
Táscaire 3.2.2 Daoine dlítheanacha nó daoine nádúrtha a ndéantar conradh leo chun gníomhaíochtaí lománaíochta a chur i bhfeidhm le haghaidh Pleananna Bliantúla Oibriúcháin, Pleananna Bliantúla Leagtha Crann, plandálacha foraoise, Pleananna Tarrthála agus Pleananna Téarnaimh, tá siad cláraithe le ICF agus luaitear iad sna taifid le haghaidh na gceadúnas comhfhreagrach lománaíochta.
|
|
Modhanna fíoraithe:
1.Cárta aitheantais an chonraitheora agus é cothrom le dáta.
2.Tuarascáil réamhoibríochtúil in AOPanna.
|
Tagairt dlí:
I gcás mhodh 1:
Airteagail 216 agus 217, Comhaontú Feidhmiúcháin Uimh. 031‑2010, Rialachán Ginearálta Cur Chun Feidhme i dtaca leis an Dlí maidir le Foraoiseacht, Limistéir faoi Chosaint agus Fiadhúlra.
Treoracha i dtaca le cur i bhfeidhm Chomhaontú Uimh. 045 A‑2013 maidir le muirir ar sheirbhísí a sholáthraítear i gcuideachtaí príomhúla agus tánaisteacha táirgí foraoise, agus i gclóis adhmaid.
I gcás mhodh 2:
Maidir le AOPanna foraoise péine, Caibidil 4(c), Treoir Riaracháin um Pleananna Lománaíochta le haghaidh Foraoisí Péine, Ciorclán ICF Uimh. DE‑ICF‑001‑2013.
I gcás na gceadúnas eile lománaíochta ar fad, níl aon tagairtí dlí le haghaidh mhodh 2 ann faoi láthair, mar sin cuirtear san áireamh mar bheart forlíontach é mar a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII.
|
Institiúid inniúil:
I gcás mhodh 1:
ICF, an Roinn Bainistíochta agus Forbartha Foraoisí.
I gcás mhodh 2:
An Oifig Réigiúnach Foraoiseachta ICF ábhartha.
|
|
Táscaire 3.2.3 Tá teicneoirí neamhspleácha foraoiseachta freagrach as gníomhaíochtaí foraoiseachta a dhéanamh i gceart, faoi cheadúnais lománaíochta le haghaidh Pleananna Bliantúla Leagtha Crann, plandálacha foraoise, Pleananna Tarrthála agus Pleananna Téarnaimh. Tá na teicneoirí neamhspleácha foraoiseachta ina mbaill de chomhlacht gairmiúil, is daoine sócmhainneacha iad agus tá siad cláraithe sna taifid le haghaidh na gceadúnas comhfhreagracha lománaíochta.
|
|
Modhanna fíoraithe:
1.Cruthúnas ar shócmhainneacht an teicneora neamhspleách foraoiseachta (cárta nó deimhniú).
2.Meabhrán ón teicneoir neamhspleách foraoiseachta lena gcomhaontaíonn sé an ceadúnas lománaíochta a chur chun feidhme.
|
Tagairt dlí:
I gcás mhodh 1:
Airteagal 1, Foraithne Uimh. 73 (a eisíodh an 17 Bealtaine 1962), an Dlí maidir le Ballraíocht Éigeantach i gComhlacht Gairmiúil (Iris Oifigiúil Uimh. 17692 an 6 Meitheamh 1962).
I gcás mhodh 2:
Comhaontú ICF maidir leis an ordú struchtúrtha i dtaobh pleananna bainistíochta foraoisí a chur isteach, atá le forbairt mar bheart forlíontach in Iarscríbhinn VIII.
|
Institiúid inniúil:
ICF, an Roinn Bainistíochta agus Forbartha Foraoisí.
|
|
Critéar 3.3 Sealbhóirí pleananna bainistíochta agus ceadúnas lománaíochta adhmaid agus daoine a bhfuil cearta úsáide acu maidir leo sin, déanann siad adhmad a lománú agus táirgí foraoise neamh‑adhmaid eile a bhaint i gcomhréir leis na ceanglais dhlíthiúla.
|
|
Táscaire 3.3.1 Comhlíonann sealbhóirí pleananna bainistíochta agus ceadúnas eile lománaíochta adhmaid na caighdeáin theicniúla maidir le lománaíocht adhmaid agus iad i gceann na ngníomhaíochtaí a liostaítear sna Pleananna Bliantúla Oibriúcháin agus i gceadúnais lománaíochta adhmaid eile.
|
|
Modhanna fíoraithe:
1.Tuarascálacha cigireachta allamuigh (i gcás foraoisí péine agus leathanduilleacha).
2.Taifead ar chomhlíonadh (nó neamhchomhlíonadh) na gcaighdeán teicniúil ag deireadh AOP (i gcás foraoisí péine amháin).
|
Tagairt dlí:
I gcás mhodhanna 1 agus 2:
Teideal IX agus XI den Treoir Riaracháin um Pleananna Lománaíochta le haghaidh Foraoisí Péine
I gcás mhodh 1:
Roinn 6.17, Comhaontú ICF Uimh. 050‑2012 maidir leis na caighdeáin theicniúla agus na treoirlínte chun pleananna bainistíochta foraoisí agus pleananna oibriúcháin le haghaidh foraoisí leathanduilleacha a dhréachtú.
|
Institiúid inniúil:
An Oifig Réigiúnach Foraoiseachta ICF ábhartha.
|
|
Táscaire 3.3.2 Maidir le húinéirí limistéar foraoise a bhíonn i gceann gníomhaíochtaí lománaíochta, nó maidir le daoine a bhfuil cearta úsáide acu maidir leo sin, tá pleananna tarrthála formheasta bailí acu le haghaidh foraoisí a ndearnadh difear dóibh de bhíthin n tubaistí nádúrtha, galair nó inmhíoluithe, tionscadail tógála phoiblí agus/nó phríobháideacha agus athruithe ar fhásra ar thalamh a úsáidtear le haghaidh talmhaíochta.
|
|
Modhanna fíoraithe:
1.Cinneadh lena bhformheastar an Plean Tarrthála.
|
Tagairt dlí:
Airteagal 147, Foraithne Uimh. 98‑2007, Dlí maidir le Foraoiseacht, Limistéir faoi Chosaint agus Fiadhúlra.
Comhaontú ICF Uimh. 030/2013, Pleananna Tarrthála a Fhormheas.
|
Institiúid inniúil:
An Oifig Réigiúnach Foraoiseachta ICF ábhartha agus an Roinn Bainistíochta agus Forbartha Foraoisí.
|
|
Táscaire 3.3.3 Tá deimhniú plandála formheasta bailí ag úinéirí plandálacha foraoise mar aon le ceadúnas lománaíochta chun táirgí a lománú agus a dhíol ar táirgí iad a dhíorthaítear ó bhainistíocht limistéar gafa príobháideach nó bardasach (ejido) nó náisiúnta atá foraoisithe nó athfhoraoisithe.
|
|
Modhanna fíoraithe:
1.Deimhniú Plandála Foraoise.
2.Ceadúnas lománaíochta um plandálacha deimhnithe.
|
Tagairt dlí:
Airteagal 149(10) agus (11), Foraithne Uimh. 98‑2007, Dlí maidir le Foraoiseacht, Limistéir faoi Chosaint agus Fiadhúlra.
Rún ICF DE‑MP‑071‑2010, Lámhleabhar ar Rialacha maidir le Deimhnithe um Plandála Foraoise a Eisiúint.
|
Institiúid inniúil:
I gcás mhodh 1:
ICF, an Clár Náisiúnta um Athfhoraoisiú.
I gcás mhodh 2:
An Oifig Réigiúnach Foraoiseachta ICF ábhartha.
|
|
Critéar 3.4 Sealbhóirí ceadúnas lománaíochta adhmaid, agus daoine ag a bhfuil cearta úsáide maidir leo sin, cuireann siad bearta cosanta comhshaoil i bhfeidhm lena gcomhlíontar na ceanglais dhlíthiúla.
|
|
Táscaire 3.4.1 Na húinéirí a ainmnítear ar phleananna bainistíochta foraoisí le haghaidh limistéir foraoise náisiúnta, bhardasacha (ejido) agus phríobháideacha , comhlíonann siad an clár cosanta le haghaidh tinte, inmhíoluithe, galair foraoise, foinsí uisce, flóra agus fána.
|
|
Modhanna fíoraithe:
1.Clár cosanta bliantúil.
2.Tuarascáil theicniúil ar chomhlíonadh na gclár bliantúil oibriúcháin formheasta leis an gclár cosanta.
|
Tagairt dlí:
Airteagal 172(3), Comhaontú Feidhmiúcháin Uimh. 031‑2010, Rialachán Ginearálta Cur Chun Feidhme i dtaca leis an Dlí maidir le Foraoiseacht, Limistéir faoi Chosaint agus Fiadhúlra,
Roinn 6.2, Fo‑ranna 6.2.1 agus 6.2.2, Comhaontú Uimh. 050‑2012, Caighdeáin Theicniúla d’Fhoraoisí Leathanduilleacha.
Caibidil 1, Mír 5, Rún ICF Uimh. DE‑MP‑285‑2010, Treoirlínte agus Caighdeáin maidir le Bainistíocht Foraoisí Níos Fearr.
|
Institiúid inniúil:
An Oifig Réigiúnach Foraoiseachta ICF ábhartha.
|
|
Táscaire 3.4.2 Comhlíonann na húinéirí a ainmnítear ar na pleananna bainistíochta foraoisí an Clár um Measúnú Tionchair Comhshaoil le haghaidh Gníomhaíochtaí Foraoiseachta.
|
|
Modhanna fíoraithe:
1.Clár um Measúnú Tionchair Comhshaoil do Ghníomhaíochtaí Foraoiseachta formheasta bailí.
2.Tuarascálacha ar chomhlíonadh teicniúil leis an gClár um Measúnú Tionchair Comhshaoil atá sna Pleananna Bliantúla Oibriúcháin formheasta.
|
Tagairt dlí:
I gcás mhodh 1:
Airteagal 70, Foraithne Uimh. 98‑2007, Dlí maidir le Foraoiseacht, Limistéir faoi Chosaint agus Fiadhúlra.
Airteagal 170, Comhaontú Feidhmiúcháin Uimh. 031‑2010, Rialachán Ginearálta Cur Chun Feidhme i dtaca leis an Dlí maidir le Foraoiseacht, Limistéir faoi Chosaint agus Fiadhúlra.
I gcás mhodh 2:
Rún ICF DE‑MP‑285‑2010, Treoirlínte agus Caighdeáin maidir le Bainistíocht Foraoisí Níos Fearr, Caibidil III, mír 3.1
|
Institiúid inniúil:
ICF, an Roinn Bainistíochta agus Forbartha Foraoisí (DMDF).
|
|
Critéar 3.5 Iompraítear adhmad i gcomhréir leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm.
|
|
Táscaire 3.5.1 Tá cead iompair ag adhmad a iompraítear ón bhforaois chuig ionad bailithe adhmaid, chuig cuideachtaí príomhúla agus tánaisteacha táirgí foraoise agus chuig clóis adhmaid.
|
|
Modhanna fíoraithe:
1.Cead iompair.
N.B.: Údaraíonn ICF trí chineál ceada iompair: le haghaidh lomáin chruinne (1), le haghaidh táirgí agus seachtháirgí (2) agus le haghaidh adhmad sáfa (3).
|
Tagairt dlí:
Airteagal 103, Foraithne Uimh. 98‑2007, Dlí maidir le Foraoiseacht, Limistéir faoi Chosaint agus Fiadhúlra.
Airteagal 239, Comhaontú Feidhmiúcháin Uimh. 031‑2010, Rialachán Ginearálta Cur Chun Feidhme i dtaca leis an Dlí maidir le Foraoiseacht, Limistéir faoi Chosaint agus Fiadhúlra.
I gcás foraoisí leathanduilleacha:
Tá tagairt dlí le dréachtú nach mbeidh feidhm aici ach maidir le foraoisí leathanduilleacha (féach an beart forlíontach comhfhreagrach in Iarscríbhinn VIII).
|
Institiúid inniúil:
An Oifig Réigiúnach Foraoiseachta ICF ábhartha.
|
|
Táscaire 3.5.2 Úsáidtear sonraisc údaraithe chun adhmad próiseáilte a dhíolann cuideachtaí príomhúla nó tánaisteacha táirgí foraoise, nó clóis adhmaid, a iompar chuig aon cheann scríbe.
|
|
Modhanna fíoraithe:
1.Sonraisc údaraithe.
|
Tagairt dlí:
Airteagal 12, Comhaontú Uimh. 189‑2014, Rialachán Cur Chun Feidhme don Scéim Sonrasctha agus na leasuithe a ghabhann leis.
Airteagal 236, Comhaontú Feidhmiúcháin Uimh. 031‑2010, Rialachán Ginearálta Cur Chun Feidhme i dtaca leis an Dlí maidir le Foraoiseacht, Limistéir faoi Chosaint agus Fiadhúlra.
|
Institiúid inniúil:
SAR, An Roinn Sonrasctha.
An Oifig Réigiúnach Foraoiseachta ICF ábhartha.
|
|
Táscaire 3.5.3 Úsáidtear billí bailí iompair nuair a iompraítear adhmad chuig aon cheann scríbe.
|
|
Modhanna fíoraithe:
1.Bille iompair.
|
Tagairt dlí:
Airteagail 11, 19 agus 44, Comhaontú Uimh. 189‑2014, Rialachán Cur Chun Feidhme don Scéim Sonrasctha agus na leasuithe a ghabhann leis.
|
Institiúid inniúil:
SAR, An Roinn Sonrasctha.
|
|
Critéar 3.6 Comhlíonann daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha ar leo cuideachtaí agus clóis adhmaid an reachtaíocht atá i bhfeidhm nuair a bhunaítear agus nuair a oibrítear cuideachtaí príomhúla agus tánaisteacha táirgí foraoise agus clóis adhmaid.
|
|
Táscaire 3.6.1 Cláraítear daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha ar leo cuideachta phríomhúil nó thánaisteach táirgí foraoise nó clós adhmaid leis an mbardas agus le ICF.
|
|
Modhanna fíoraithe:
1.Ceadúnas gnó.
2.Ceadúnas oibriúcháin.
|
Tagairt dlí:
I gcás mhodh 1:
Airteagal 119, Comhaontú Uimh. 018‑93, Rialachán Cur Chun Feidhme don Dlí maidir le Bardais.
I gcás mhodh 2:
Airteagal 98, Foraithne Uimh. 98‑2007, Dlí maidir le Foraoiseacht, Limistéir faoi Chosaint agus Fiadhúlra.
|
Institiúid inniúil:
I gcás mhodh 1:
An Bardas, an Oifig Riaracháin nó an Chigireacht Chánach.
I gcás mhodh 2:
ICF, an Roinn Bainistíochta agus Forbartha Foraoisí.
|
|
Táscaire 3.6.2 Comhlíonann daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha ar leo cuideachtaí príomhúla nó tánaisteacha táirgí foraoise agus clóis adhmaid na bearta um fhaireachán ar an gcomhshaol i gcomhréir le catagóiriú tionchair comhshaoil.
|
|
Modhanna fíoraithe:
1.Deimhniú Ceadúnais Comhshaoil.
2.Faireachán teicniúil agus tuairim fhíoraithe ar an gconradh maidir le bearta um fhaireachán ar an gcomhshaol.
|
Tagairt dlí:
MiAmbiente:
−
Airteagal 11(c), Airteagal 83, Foraithne Uimh. 104‑93, Dlí Ginearálta maidir leis an gComhshaol;
−
Airteagal 10(3), Airteagal 24(6), Comhaontú Uimh. 008‑2015.
Bardais ag a bhfuil cumhachtaí ceadúnúcháin:
−
Airteagal 1(28‑A), Foraithne Uimh. 181‑2007, Leasú ar an Dlí Ginearálta maidir leis an gComhshaol.
−
Airteagal 19, Comhaontú Uimh. 008‑2015, Rialachán Cur Chun Feidhme don Chóras Náisiúnta um Measúnú Tionchair Comhshaoil.
Bardais ag a bhfuil féinriail dhlíthiúil:
Airteagail 12 agus 12a den Dlí maidir le Bardais, Foraithne Uimh. 134‑90.
|
Institiúid inniúil:
An Aireacht Fuinnimh, Acmhainní Nádúrtha, Comhshaoil agus Mianach (MiAmbiente), Ard‑Stiúrthóireacht um Measúnú agus Faireachán Comhshaoil (DECA).
Bardais ag a bhfuil comhaontú maidir le cumhachtaí um cheadúnúcháin comhshaoil nó ag a bhfuil féinriail dhlíthiúil.
|
|
Critéar 3.7 Comhlíonann oibreoirí sa slabhra táirgeachta foraoise na rialacha atá i bhfeidhm maidir le trádáil intíre i dtáirgí adhmaid.
|
|
Táscaire 3.7.1. Comhlíonann oibreoirí sa slabhra táirgeachta foraoise na rialacha sna Maitrísí Dlíthiúlachta seo a bhfuil feidhm acu maidir leis an margadh intíre táirgí adhmaid.
|
|
Modhanna fíoraithe:
1.Tuarascáil mhíosúil maidir le cuideachtaí príomhúla agus tánaisteacha táirgí foraoise, agus clóis adhmaid.
2.Taifead ar ionchuir agus aschuir.
3.Sainchomhad maidir le dícheall cuí.
|
Tagairt dlí:
I gcás mhodh 1:
Airteagail 225 agus 229 den Rialachán Ginearálta Cur Chun Feidhme i dtaca leis an Dlí maidir le Foraoiseacht, Limistéir faoi Chosaint agus Fiadhúlra.
I gcás mhodh 2:
Airteagal 219 den Rialachán Ginearálta Cur Chun Feidhme i dtaca leis an Dlí maidir le Foraoiseacht, Limistéir faoi Chosaint agus Fiadhúlra.
I gcás mhodh 3:
Airteagail shonracha le dréachtú nuair a fhormheasfar an reachtaíocht chomhfhreagrach (féach an beart forlíontach comhfhreagrach in Iarscríbhinn VIII).
|
Institiúid inniúil:
I gcás mhodh 1, 2 agus 3
ICF, an Roinn Tráchtála agus Tionsclaíochta (láimhseálfaidh an Roinn Bainistíochta agus Forbartha Foraoisí a freagrachtaí go dtí go gcruthófar í).
|
|
PRIONSABAL. COMHLÍONANN FOSTÓIRÍ IN EARNÁIL NA FORAOISEACHTA OIBLEAGÁIDÍ MAIDIR LEIS AN LUCHT SAOTHAIR AGUS CEANGLAIS SLÁINTE AGUS SÁBHÁILTEACHTA CEIRDE.
|
|
Critéar 4.1 Comhlíonann fostóirí in earnáil na foraoiseachta reachtaíocht earcaíochta agus phá i dtaobh fostaithe in earnáil na foraoiseachta.
|
|
Táscaire 4.1.1 Earcaíonn fostóirí in earnáil na foraoiseachta a bhfostaithe (buana nó sealadacha) go foirmiúil.
|
|
Modhanna fíoraithe:
1.Doiciméad nó tuarascáil chigireachta ina ndeimhnítear go gcomhlíonann fostóirí in earnáil na foraoiseachta an táscaire.
|
Tagairt dlí:
Airteagail 11(e) agus 13(1), Foraithne Uimh. 178‑2016, den Dlí maidir le Cigireacht Lucht Saothair.
|
Institiúid inniúil:
An Rúnaíocht Fostaíochta agus Slándála Sóisialta (STSS), Cigireacht Ghinearálta Lucht Saothair (DGIT).
|
|
Táscaire 4.1.2 Íocann fostóirí sa slabhra táirgeachta foraoise an t‑íosphá lena bhfostaithe (buana nó sealadacha) ar a laghad.
|
|
Modhanna fíoraithe:
1.Doiciméad nó tuarascáil chigireachta ina ndeimhnítear go gcomhlíonann fostóirí sa slabhra soláthair foraoise an táscaire.
|
Tagairt dlí:
Airteagail 11(e) agus 13(1), Foraithne Uimh. 178‑2016, den Dlí maidir le Cigireacht Lucht Saothair.
Airteagal 2, Foraithne 103, den Acht um Íosphá a formheasadh an 3 Meitheamh 1971 agus na leasuithe a ghabhann leis.
Airteagail 381 agus 387, Foraithne Uimh. 189‑1959, An Cód Saothair.
|
Institiúid inniúil:
An Rúnaíocht Fostaíochta agus Slándála Sóisialta (STSS), sa Chigireacht Ghinearálta Lucht Saothair (DGIT).
|
|
Critéar 4.2 Comhlíonann fostóirí sa slabhra táirgeachta foraoise rialacha sláinte agus sábháilteachta ceirde d’fhostaithe.
|
|
Táscaire 4.2.1 Áirithíonn fostóirí sa slabhra soláthair foraoise sláinte agus sábháilteacht cheirde a bhfostaithe san áit oibre.
|
|
Modhanna fíoraithe:
1.Tuarascáil Chigireachta maidir le Sláinte agus Sábháilteacht ina ndeimhnítear go gcomhlíonann fostóirí sa slabhra táirgeachta foraoise an táscaire.
|
Tagairt dlí:
Airteagail 391 agus 392, Teideal V, Caibidil I, Foraithne 189‑1959, An Cód Saothair.
Airteagal 36, Caibidil VII, Rialachán Ginearálta Cur Chun Feidhme maidir le Bearta chun Timpistí san Ionad Oibre agus Galair Cheirde a Chosc.
|
Institiúid inniúil:
An Rúnaíocht Fostaíochta agus Slándála Sóisialta (STSS), Ard‑Stiúrthóireacht um Leas Sóisialach, an Roinn Seirbhísí Cigireachta agus Sláinte agus Sábháilteacht Cheirde.
|
|
Critéar 4.3 Comhlíonann fostóirí in earnáil na foraoiseachta na rialacha maidir le leas sóisialach fostaithe.
|
|
Táscaire 4.3.1 Cláraíonn fostóirí sa slabhra táirgeachta foraoise a bhfostaithe le hInstitiúid Hondúras um Shlándáil Shóisialta (IHSS).
|
|
Modhanna fíoraithe:
1.Taifead clárúcháin agus sócmhainneachta.
2.Sonraí a bhaintear as an mbunachar sonraí lena dtaispeántar achoimre ar thaifid phárolla.
3.Tuarascáil chigireachta (más ann di).
|
Tagairt dlí:
I gcás mhodhanna 1 agus 2:
Airteagal 7, Foraithne Uimh. 140‑1959, an Dlí maidir le Slándáil Shóisialta, agus Foraithne 080‑2001 an 1 Meitheamh 2001, ina bhfuil na leasuithe a ghabhann leis.
I gcás mhodh 3:
Airteagal 96, Foraithne Uimh. 140‑1959, Dlí maidir le Slándáil Shóisialta.
|
Institiúid inniúil:
Institiúid Hondúras um Shlándáil Shóisialta (IHSS), An Roinn Cigireachta Gnó.
|
|
PRIONSABAL. COMHLÍONANN OIBREOIRÍ IN EARNÁIL NA FORAOISEACHTA RIALACHA MAIDIR LEIS AN TRÁDÁIL IDIRNÁISIÚNTA I dTÁIRGÍ ADHMAID
|
|
Critéar 5.1 Oibríonn onnmhaireoirí agus allmhaireoirí táirgí adhmaid go dleathach leis an údarú is gá agus comhlíonann siad a n‑oibleagáidí i ndáil le cáin agus custaim.
|
|
Táscaire 5.1.1 Comhlíonann allmhaireoirí agus onnmhaireoirí a n‑oibleagáidí i ndáil le custaim i gcomhréir leis an Nós Imeachta Custaim.
|
|
Modhanna fíoraithe:
1.Sonraí a bhaintear as an gCóras Uathoibríoch um Ioncaim ó Chustaim lena dtaispeántar achoimre ar thaifid custam don allmhaireoir/onnmhaireoir.
|
Tagairt dlí:
Airteagal 23, Rún Uimh. 224‑2008 (COMIECO‑XLIX), Rialachán Cur Chun Feidhme do Chód Custaim Aonfhoirmeach Mheiriceá Láir (RECAUCA).
|
Institiúid inniúil:
Rúnaíocht Ghinearálta Comhordaithe an Rialtais, Fo‑stiúrthóireacht um Ioncam ó Chustaim (DARA).
|
|
Táscaire 5.1.2 Comhlíonann allmhaireoirí na ceanglais díchill chuí is infheidhme maidir le hallmhairí táirgí adhmaid.
|
|
Modhanna fíoraithe:
1.Sainchomhad maidir le dícheall cuí an allmhaireora.
|
Tagairt dlí:
Airteagail shonracha le dréachtú nuair a fhormheasfar an reachtaíocht chomhfhreagrach (féach an beart forlíontach comhfhreagrach in Iarscríbhinn VIII).
|
Institiúid inniúil:
ICF, an Roinn Tráchtála agus Tionsclaíochta (láimhseálfaidh an Roinn Bainistíochta agus Forbartha Foraoisí a freagrachtaí go dtí go gcruthófar í).
|
|
Táscaire 5.1.3 Comhlíonann onnmhaireoirí táirgí adhmaid a dhíorthaítear ó speicis a chumhdaítear le Coinbhinsiún CITES an Coinbhinsiún sin.
|
|
Modhanna fíoraithe:
1.Deimhniú CITES.
|
Tagairt dlí:
Airteagal 116, Foraithne Uimh. 098‑2007, Dlí maidir le Foraoiseacht, Limistéir faoi Chosaint agus Fiadhúlra. Comhaontú SAG Uimh. 936‑13, Rialacha Nós Imeachta do Chur Chun Feidhme an Choinbhinsiúin maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (CITES)
|
Institiúid inniúil:
SAG, Oifig Náisiúnta CITES.
|
|
PRIONSABAL. COMHLÍONANN OIBREOIRÍ IN EARNÁIL NA FORAOISEACHTA A nOIBLEAGÁIDÍ MAIDIR LE TARAIFÍ AGUS CÁIN.
|
|
Critéar 6.1 Bunaítear oibreoirí in earnáil na foraoiseachta go dlíthiúil.
|
|
Táscaire 6.1.1 Cláraítear oibreoirí in earnáil na foraoiseachta leis an Údarás Fioscach.
|
|
Modhanna fíoraithe:
1.Doiciméad an Chláir Náisiúnta Cánach (RTN).
|
Tagairt dlí:
Airteagail 1 agus 2, Dlí Foraithne Uimh. 102‑1974, an Dlí maidir leis an gClár Náisiúnta Cánach.
Airteagal 27, Foraithne Uimh. 51‑2003, an Dlí maidir le Cánachas Cothrom.
|
Institiúid inniúil:
Seirbhís Riaracháin na gCoimisinéirí Ioncaimz(SAR), an Roinn um Chúnamh do Cháiníocóirí.
|
|
Critéar 6.2 Comhlíonann oibreoirí in earnáil na foraoiseachta a n‑oibleagáidí cánach maidir leis an rialtas láir agus an rialtas bardasach.
|
|
Táscaire 6.2.1 Íocann sealbhóirí ceadúnas lománaíochta an cháin cheadúnúcháin ar Cheadúnas chun Acmhainní Nádúrtha a Bhaint nó a Shaothrú i gcomhréir leis an Rialachán Cur Chun Feidhme don Dlí maidir le Bardais agus na táillí a leagtar síos sa phlean bardasach cánachais atá i bhfeidhm.
|
|
Modhanna fíoraithe:
1.Admháil le haghaidh na cánach a íoctar nuair a eisítear Ceadúnas chun Acmhainní Nádúrtha a Bhaint nó a Shaothrú.
2.Admháil le haghaidh na táille a íoctar nuair a eisítear Ceadúnas chun Acmhainní Nádúrtha a Bhaint nó a Shaothrú.
|
Tagairt dlí:
I gcás mhodh 1:
Airteagail 128 agus 130, Comhaontú Uimh. 018‑93, Rialachán Ginearálta Cur Chun Feidhme don Dlí maidir le Bardais.
I gcás mhodh 2:
Airteagal 152(c) (15), Comhaontú Uimh. 018‑93, Rialachán Ginearálta Cur Chun Feidhme don Dlí maidir le Bardais.
|
Institiúid inniúil:
An Bardas, an Oifig Riaracháin nó an Chigireacht Chánach.
|
|
Táscaire 6.2.2 Íocann oibreoirí in earnáil na foraoiseachta cáin ioncaim, ranníocaíocht dlúthpháirtíochta agus cáin ar ghlansócmhainní.
|
|
Modhanna fíoraithe:
1.Dearbhuithe cánach
(a)Dearbhú CPAT‑272 (Ioncam Daoine Nádúrtha) nó
(b)Dearbhú CPAT‑352 (Ioncam Daoine Dlítheanacha).
|
Tagairt dlí:
Airteagal 30, Foraithne Uimh. 25‑1963, Dlí maidir le Cáin Ioncaim.
|
Institiúid inniúil:
Seirbhís Riaracháin na gCoimisinéirí Ioncaim (SAR), An Roinn Faisnéise Fioscaí.
|
|
Táscaire 6.2.3 Úsáideann oibreoirí in earnáil na foraoiseachta an scéim sonrasctha do dhíolacháin adhmaid agus do dhíolacháin seirbhísí a sholáthraíonn muilte sábhadóireachta.
|
|
Modhanna fíoraithe:
1.Sonraí a bhaintear as an modúl sonrasctha lena dtaispeántar taifead de na sonraisc a d’údaraigh SAR.
|
Tagairt dlí:
Airteagal 10, Comhaontú Uimh. 189‑2014, Rialachán Cur Chun Feidhme don Scéim Sonrasctha, doiciméid eile chánach agus clárú cánach clódóirí.
|
Institiúid inniúil:
Seirbhís Riaracháin na gCoimisinéirí Ioncaim (SAR), An Roinn Sonrasctha.
|
|
Critéar 6.3 Comhlíonann oibreoirí in earnáil na foraoiseachta a n‑oibleagáidí taraifí maidir leis an rialtas láir agus an rialtas bardasach.
|
|
Táscaire 6.3.1 Comhlíonann oibreoirí in earnáil na foraoiseachta a n‑oibleagáidí maidir le taraifí.
|
|
Modhanna fíoraithe:
1.Deimhniú Sócmhainneachta Fioscaí.
|
Tagairt dlí:
Airteagal 49, Foraithne Uimh. 17‑2010, Dlí maidir le Cáin Ioncaim a Neartú, an Comhionannas Sóisialta agus an Caiteachas Poiblí a Chuíchóiriú.
|
Institiúid inniúil:
Seirbhís Riaracháin na gCoimisinéirí Ioncaim (SAR), An Roinn Bailithe agus Gnóthaithe.
|
Aguisíní
1.Sainmhíniú ar oibreoirí in earnáil na foraoiseachta a áirítear i ndoiciméid an Chomhaontaithe seo
I gcomhthéacs an Chomhaontaithe seo, is oibreoir in earnáil na foraoiseachta é aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach a dhéanann gníomhaíochtaí sa slabhra táirgeachta foraoise. Tá sé d'oibleagáid ar oibreoirí in earnáil na foraoiseachta na táscairí agus na modhanna fíoraithe difriúla, a dtugtar tuairisc orthu san Iarscríbhinn seo agus a bhaineann leis an obair a dhéanann siad ag céimeanna éagsúla den slabhra táirgeachta foraoise, a chomhlíonadh.
|
Oibreoir
|
Sainmhíniú/Coincheap
|
Táscaire/Modhanna fíoraithe
|
|
1.Oibreoirí in earnáil na foraoiseachta
|
Daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha a dhéanann gníomhaíochtaí sa slabhra táirgeachta foraoise. Áirítear ar na gníomhaíochtaí sin, i measc gníomhaíochtaí eile, bainistíocht foraoise, adhmad agus táirgí adhmaid a lománú, a phróiseáil, a iompar, a dhíol, a allmhairiú agus a onnmhairiú chomh maith le húsáid limistéir foraoise a athrú. Tagann na hoibreoirí atá ar fochonradh chun na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh faoin sainmhíniú sin; mar shampla, oibritheoir sáibh shlabhraigh, seiceálaithe nó riarthóirí, ionadaithe díolacháin, iompróirí agus coinsínithe táirgí adhmaid.
|
Faoi cheannteidil éagsúla ar fud an tábla.
|
|
2.Pobal tuaithe
|
Grúpa daoine nádúrtha agus a n‑eagraíochtaí atá lonnaithe i suíomh tuaithe (sráidbhaile nó gráig), i limistéir foraoise nó in áiteanna ar imeall na limistéar sin, ag a bhfuil rochtain ar bhainistíocht foraoisí agus acmhainní eile agrafhoraoiseachta.
|
1.1.1/1 ‑ 1.2.1/2 ‑ 1.2.2/1 ‑ 2.1.2/1 ‑ 3.1.2/1 ‑ 3.3.2/1
|
|
3.Grúpa pobail
|
Eagraíocht phobail ag a bhfuil pearsantacht dhlítheanach, lena n‑áirítear eagraíochtaí agrafhoraoiseachta, grúpaí eitneacha, cuideachtaí tuaithe foraoise agus pobail eagraithe atá lonnaithe i limistéar foraoise náisiúnta, arb é is aidhm dóibh earraí agus seirbhísí a bhaineann le foraoisí a bhainistiú, a bhaint, a phróiseáil agus a dhíol.
|
1.1.1/1 ‑ 1.2.1/2 ‑ 1.2.2/1 ‑ 2.1.1/1 ‑ 2.1.1/2 ‑ 2.1.1/3 ‑ 2.1.2/1 ‑ 3.1.2/1 ‑ 3.3.2/1
|
|
4.Úinéir foraoise
|
Duine nádúrtha nó dlítheanach ar leis maoin ar a bhfuil cumhdach foraoise a d’fhéadfadh a bheith, mar shampla, faoi úinéireacht phríobháideach, bhardasach (ejido), náisiúnta, faoi úinéireacht phobail nó faoi úinéireacht i gcomhpháirt pobal dúchasach nó eile.
|
1.1.1/1 ‑ 1.1.2/1 ‑ 1.1.2/2 ‑ 1.2.1/1 ‑ 1.2.1/2 ‑ 1.2.2/1 ‑ 2.1.1/1 ‑ 2.1.1/2 ‑ 2.1.1/3 ‑ 2.1.2/1 ‑ 3.1.1/1 ‑ 3.1.2/1 ‑ 3.1.3/1 ‑ 3.3.2/1 ‑ 3.3.3/1 ‑ 3.3.3/2
|
|
5.Úinéir foraoise príobháidí
|
Duine nádúrtha nó duine dlítheanach ag a bhfuil lán‑úinéireacht ar mhaoin ar a bhfuil cumhdach foraoise.
|
1.1.1/1 ‑ 2.1.1/1 ‑ 2.1.1/2 ‑ 2.1.2/1 ‑ 3.1.1/1 ‑ 3.1.3/1 ‑ 3.3.2/1 ‑ 3.3.3/1 ‑ 3.3.3/2
|
|
6.Úinéir foraoise bardasaí (ejido)
|
Bardas a bhfuil maoin aige ar a bhfuil cumhdach foraoise.
|
1.1.1/1 ‑ 1.2.2/1 ‑ 2.1.1/1 ‑ 2.1.1/2 ‑ 2.1.2/1 ‑ 3.1.1/1 ‑ 3.1.3/1 ‑ 3.3.2/1 ‑ 3.3.3/1 ‑ 3.3.3/2
|
|
7.Úinéir a ainmnítear ar phlean bainistíochta foraoise d’fhoraois náisiúnta
|
Duine nádúrtha nó duine dlítheanach arb é an tairbhí de phlean bainistíochta foraoise formheasta d’fhoraois náisiúnta é.
|
2.1.2/1 ‑ 3.1.2/1 ‑ 3.1.4/1 ‑ 3.2.1/1 ‑ 3.2.1/2 ‑ 3.2.2/1 ‑ 3.2.2/2 ‑ 3.2.3/1 ‑ 3.2.3/2 ‑ 3.3.1/1 ‑ 3.3.1/2 ‑ 3.3.2/1 ‑ 3.4.1/1 ‑ 3.4.1/2 ‑ 3.4.2/1 ‑ 3.4.2/2 ‑ 3.5.1/1 ‑ 3.5.2/1 ‑ 3.5.3/1 ‑ 6.2.1/1 ‑ 6.2.1/2
|
|
8.Úinéir a ainmnítear ar phlean bainistíochta foraoise d’fhoraois bhardasach (ejido)
|
Duine nádúrtha nó duine dlítheanach arb é an tairbhí de phlean bainistíochta foraoise formheasta d’fhoraois bhardasach (ejido) é.
|
2.1.2/1 ‑ 3.1.1/1 ‑ 3.1.4/1 ‑ 3.2.1/1 ‑ 3.2.1/2 ‑ 3.2.2/1 ‑ 3.2.2/2 ‑ 3.2.3/1 ‑ 3.2.3/2 ‑ 3.3.1/1 ‑ 3.3.1/2 ‑ 3.3.2/1 ‑ 3.4.1/1 ‑ 3.4.1/2 ‑ 3.4.2/1 ‑ 3.4.2/2 ‑ 3.5.1/1 ‑ 3.5.2/1 ‑ 3.5.3/1 ‑ 6.2.1/1 ‑ 6.2.1/2
|
|
9.Úinéir a ainmnítear ar phlean bainistíochta foraoise d’fhoraois phríobháideach
|
Duine nádúrtha nó duine dlítheanach arb é an tairbhí de phlean bainistíochta foraoise formheasta d’fhoraois phríobháideach é.
|
2.1.2/1 ‑ 3.1.1/1 ‑ 3.1.4/1 ‑ 3.2.1/1 ‑ 3.2.1/2 ‑ 3.2.2/1 ‑ 3.2.2/2 ‑ 3.2.3/1 ‑ 3.2.3/2 ‑ 3.3.1/1 ‑ 3.3.1/2 ‑ 3.3.2/1 ‑ 3.4.1/1 ‑ 3.4.1/2 ‑ 3.4.2/1 ‑ 3.4.2/2 ‑ 3.5.1/1 ‑ 3.5.2/1 ‑ 3.5.3/1 ‑ 6.2.1/1 ‑ 6.2.1/2
|
|
10.Úinéir limistéir ina bhfuil córas agrafhoraoiseachta
|
duine nádúrtha nó duine dlítheanach ar leis maoin ar a bhfuil córas táirgeachta a chomhcheanglaíonn táirgí talmhaíochta agus foraoise.
|
1.1.1/1 ‑ 2.1.1/1 ‑ 2.1.1/2 ‑ 2.1.2/1 ‑ 3.1.3/1 ‑ 3.1.4/2 ‑ 3.2.1/1 ‑ 3.2.1/2 ‑ 3.2.2/1 ‑ 3.2.3/1 ‑ 3.2.3/2 ‑ 3.3.1/1 ‑ 3.3.2/1 ‑ 3.5.1/1 ‑ 3.5.2/1 ‑ 3.5.3/1 ‑ 6.2.1/1 ‑ 6.2.1/2
|
|
11.Úinéir plandála foraoise
|
duine nádúrtha nó duine dlítheanach ag a bhfuil lán‑úinéireacht ar mhaoin ar a bhfuil plandáil foraoise.
|
1.1.1/1 ‑ 2.1.1/1 ‑ 2.1.1/2 ‑ 2.1.2/1 ‑ 3.2.1/1 ‑ 3.2.1/2 ‑ 3.2.2/1 ‑ 3.2.3/1 ‑ 3.2.3/2 ‑ 3.3.1/1 ‑ 3.3.2/1 ‑ 3.3.3/1 ‑ 3.3.3/2 ‑ 3.5.1/1 ‑ 3.5.2/1 ‑ 3.5.3/1 ‑ 6.2.1/1 ‑ 6.2.1/2
|
|
12.Úsáideoir/Áititheoir
|
Duine nádúrtha nó duine dlítheanach a bhfuil limistéar náisiúnta nó bardasach (ejido) ar seilbh nó ar áitiú aige gan teideal maoine an talaimh a bheith aige ar a ndearbhaítear úinéireacht dhlíthiúil. Baineann an t‑oibreoir seo tairbhe as nósanna imeachta dlíthiúlachta chun conradh do dhuine a bhfuil ceart úsáide aige a fháil lena gceadaítear dó, i measc nithe eile, gníomhaíochtaí bainistíochta foraoisí a dhéanamh.
|
1.2.1/1 ‑ 2.1.2/1 ‑ 3.1.2/1 ‑ 3.3.2/1
|
|
13.Duine a bhfuil ceart úsáidte foraoise aige
|
Duine nádúrtha nó duine dlítheanach a cheap riarachán foraoiseachta an Stáit nó an rialtas bardasach chun foraois phoiblí (náisiúnta nó bardasach/ejido) a bhainistiú go hinbhuanaithe chun tairbhe dó féin.
|
1.2.1/1 ‑ 2.1.2/1 ‑ 3.1.2/1 ‑ 3.3.2/1
|
|
14.Conraitheoir
|
Duine nádúrtha nó duine dlítheanach a dhéanann gníomhaíochtaí lománaíochta i bhforaoisí nádúrtha agus/nó curtha péine agus leathanduilleacha a cheapann an t‑úinéir a ainmnítear ar an bplean bainistíochta foraoise formheasta bailí.
|
3.2.2/1 ‑ 3.2.2/2 ‑ 6.1.1/1 ‑ 6.2.2/1 ‑ 6.2.3/1 ‑ 6.3.1/1
|
|
15.Iompróir
|
Duine nádúrtha nó duine dlítheanach in earnáil na foraoiseachta a dhéanann táirgí adhmaid a iompar.
|
3.5.1/1 ‑ 3.5.2/1 ‑ 3.5.3/1 ‑ 6.1.1/1 ‑ 6.2.2/1 ‑ 6.2.3/1 ‑ 6.3.1/1
|
|
16.Teicneoir cáilithe foraoiseachta (TFC)
|
Gairmí foraoiseachta nó gairmí dá leithéid a áirithíonn go ndéantar bainistíocht agus forbairt inbhuanaithe ar fhoraoisí trí phleananna bainistíochta nó pleananna formheasta oibriúcháin i bhforaoisí poiblí nó i bhforaoisí príobháideacha agus ar oifigeach deimhniúcháin é, i gcomhréir lena dhualgais phroifisiúnta.
|
3.2.1/1 ‑ 3.2.1/2 ‑ 6.1.1/1 ‑ 6.2.2/1 ‑ 6.2.3/1 ‑ 6.3.1/1
|
|
17.Teicneoir neamhspleách foraoiseachta (TFI)
|
Gairmí príobháideach foraoiseachta a dhéanann gníomhaíochtaí in earnáil na foraoiseachta, cé is moite de phleananna oibriúcháin a chur chun feidhme.
|
3.2.3/1 ‑ 3.2.3/2 ‑ 6.1.1/1 ‑ 6.2.2/1 ‑ 6.2.3/1 ‑ 6.3.1/1
|
|
18.Onnmhaireoir
|
Duine nádúrtha nó duine dlítheanach a thrádálann táirgí adhmaid lasmuigh den chríoch náisiúnta.
|
5.1.1/1 ‑ 5.1.3/1 ‑ 6.1.1/1 ‑ 6.2.2/1 ‑ 6.2.3/1 ‑ 6.3.1/1
|
|
19.Allmhaireoir
|
Duine nádúrtha nó duine dlítheanach a cheannaíonn táirgí adhmaid ón gcoigríoch chun iad a dháileadh, a dhíol agus/nó a phróiseáil taobh istigh nó taobh amuigh den tír.
|
5.1.1/1 ‑ 5.1.2/1 ‑ 6.1.1/1 ‑ 6.2.2/1 ‑ 6.2.3/1 ‑ 6.3.1/1
|
|
20.Úinéir cuideachta príomhúla táirgí foraoise
|
Duine nádúrtha nó duine dlítheanach arb é úinéir nó ionadaí dlíthiúil cuideachta táirgí foraoise a dhéanann próiseáil tosaigh ar lomáin chruinne (ina staid nádúrtha) nó ar aon amhábhar adhmaid nó neamh‑adhmaid eile ón bhforaois.
|
3.6.1/1 ‑ 3.6.1/2 ‑ 3.6.2/1 ‑ 3.6.2/2 ‑ 3.7.1/1 ‑ 3.7.1/2 ‑ 3.7.1/3 ‑ 6.1.1/1 ‑ 6.2.2/1 ‑ 6.2.3/1 ‑ 6.3.1/1
|
|
21.Úinéir cuideachta tánaistí táirgí foraoise
|
Duine nádúrtha nó duine dlítheanach arb é úinéir nó ionadaí dlíthiúil cuideachta táirgí foraoise a dhéanann próiseáil ar tháirgí ó chuideachta phríomhúil táirgí foraoise nó ar aon amhábhar adhmaid nó neamh‑adhmaid eile ón bhforaois.
|
3.6.1/1 ‑ 3.6.1/2 ‑ 3.6.2/1 ‑ 3.6.2/2 ‑ 3.7.1/1 ‑ 3.7.1/2 ‑ 3.7.1/3 ‑ 6.1.1/1 ‑ 6.2.2/1 ‑ 6.2.3/1 ‑ 6.3.1/1
|
|
22.Úinéir clóis adhmaid
|
Duine nádúrtha nó duine dlítheanach arb é úinéir nó ionadaí dlíthiúil píosa talún, suímh nó limistéir stórála ina gceannaítear agus ina ndíoltar adhmad ar an leibhéal náisiúnta/sa mhargadh intíre.
|
3.6.1/1 ‑ 3.6.1/2 ‑ 3.6.2/1 ‑ 3.6.2/2 ‑ 3.7.1/1 ‑ 3.7.1/2 ‑ 3.7.1/3 ‑ 6.1.1/1 ‑ 6.2.2/1 ‑ 6.2.3/1 ‑ 6.3.1/1
|
|
23.Fostóir
|
Duine nádúrtha nó duine dlítheanach, faoin dlí príobháideach nó poiblí, a úsáideann seirbhísí fostaí amháin nó níos mó trí chonradh fostaíochta nó trí chaidreamh oibre. Tá feidhm ag an sainmhíniú sin ar gach leibhéal.
|
4.1.1/1 ‑ 4.1.2/1 ‑ 4.2.1/1 ‑ 4.3.1/1 ‑ 4.3.1/2 ‑ 4.3.1/3 ‑ 6.1.1/1 ‑ 6.2.2/1 ‑ 6.2.3/1 ‑ 6.3.1/1
|
2.Institiúidí stáit a nasctar leis na Maitrísí Dlíthiúlachta
|
Institiúid lena mbaineann
|
Modhanna fíoraithe
|
|
An Institiúid Náisiúnta um Fhoraoisí a Chaomhnú agus a Fhorbairt, Limistéir faoi Chosaint agus Fiadhúlra (ICF)
|
1.1.2/2 ‑ 1.2.1/1 ‑ 1.2.1/2 ‑ 1.2.2/1 ‑ 2.1.1/3 ‑ 2.1.2/1 ‑ 3.1.1/1 ‑ 3.1.2/1 ‑ 3.1.3/1 ‑ 3.1.4/1 ‑ 3.1.4/2 ‑ 3.2.1/1 ‑ 3.2.1/2 ‑ 3.2.2/1 ‑ 3.2.2/2 ‑ 3.2.3/1 ‑ 3.2.3/2 ‑ 3.3.1/1 ‑ 3.3.1/2 ‑ 3.3.2/1 ‑ 3.3.3/1 ‑ 3.3.3/2 ‑ 3.4.1/1 ‑ 3.4.1/2 ‑ 3.4.2/1 ‑ 3.4.2/2 ‑ 3.5.1/1 ‑ 3.5.2/1 ‑ 3.6.1/2 ‑ 3.7.1/1 ‑ 3.7.1/2 ‑ 3.7.1/3 ‑ 5.1.2/1
|
|
Bardais
|
1.2.2/1 ‑ 3.6.1/1 ‑ 3.6.2/1 ‑ 3.6.2/2 ‑ 6.2.1/1 ‑ 6.2.1/2
|
|
Seirbhís Riaracháin na gCoimisinéirí Ioncaim (SAR)
|
3.5.2/1 ‑ 3.5.3/1 ‑ 6.1.1/1 ‑ 6.2.2/1 ‑ 6.2.3/1 ‑ 6.3.1/1
|
|
An Institiúid Réadmhaoine (IP)
|
1.1.1/1 ‑ 1.1.2/1 ‑ 2.1.1/1
|
|
An Aireacht Fostaíochta agus Slándála Sóisialta (STSS)
|
4.1.1/1 ‑ 4.1.2/1 ‑ 4.2.1/1
|
|
An Aireacht Fuinnimh, Acmhainní Nádúrtha, Comhshaoil agus Mianach (MiAmbiente)
|
3.6.2/1 ‑ 3.6.2/2
|
|
An Institiúid Náisiúnta Talúntais (INA)
|
2.1.1/2
|
|
An Aireacht Talmhaíochta agus Beostoic (SAG)
|
5.1.3/1
|
|
An Fho‑stiúrthóireacht um Ioncam ó Chustaim (DARA)
|
5.1.1/1
|
|
Institiúid Hondúras um Shlándáil Shóisialta (IHSS)
|
4.3.1/1
|
3.
Liosta de na hionstraimí dlí a áirítear leis na Maitrísí Dlíthiúlachta
Dréachtaíodh an liosta seo agus cuireadh an t‑ord inar luadh na tagairtí dlí sna Maitrísí Dlíthiúlachta san áireamh, ag tosú le Prionsabal I.
1.
Foraithne Uimh. 082‑2004, Dlí maidir le Maoin.
2.
Foraithne Uimh. 098‑2007, Dlí maidir le Foraoiseacht, Limistéir faoi Chosaint agus Fiadhúlra.
3.
Comhaontú ICF Uimh. 027‑2015 maidir le bainistíocht foraoisí ar limistéir bhardasacha (ejido) i gcomhthéacs na foraoiseachta pobail.
4.
Foraithne Uimh. 026‑94, Coinbhinsiún 169 EIS a dhaingniú.
5.
Comhaontú Uimh. 003‑2010, Rialachán Cur Chun Feidhme don Dlí maidir le Maoin.
6.
Dlí Foraithne Uimh. 170 maidir le hAthchóiriú Talúntais arna leasú le Foraithne Uimh. 031‑92 maidir leis an Earnáil Talmhaíochta a Nuachóiriú agus a Fhorbairt.
7.
Foraithne Uimh. 61‑2013, lena n‑údaraítear do ICF freagra a thabhairt ar iarratais ar teidil maoine do limistéir phobail agus idirphobail a chuireann eagraíochtaí de Phobail Dhúchasacha Hondúras agus de Phobail Hondúras de shliocht na hAfraice isteach.
8.
Comhaontú ICF Uimh. 031‑2012 maidir leis an nós imeachta chun teidil maoine a eisiúint do thailte dúchasacha Phobail Dhúchasacha Hondúras agus Phobail Hondúras de shliocht na hAfraice atá ina gcónaí i mBithsféar Río Plátano.
9.
Comhaontú ICF Uimh. 010‑2015, treoracha maidir le caighdeáin theicniúla a chur i bhfeidhm in PESAanna (pleananna speisialta bainistíochta le haghaidh córais agrafhoraoiseachta) atá níos lú ná 100 heicteár.
10.
Comhaontú Uimh. 031‑2010, Rialachán Ginearálta Cur Chun Feidhme i dtaca leis an Dlí maidir le Foraoiseacht, Limistéir faoi Chosaint agus Fiadhúlra.
11.
Treoracha le haghaidh Comhaontú Uimh. 045 A‑2013 a chur i bhfeidhm maidir le muirir ar sheirbhísí a sholáthraítear i gcuideachtaí príomhúla agus tánaisteacha táirgí foraoise, agus i gclóis adhmaid.
12.
Ciorclán ICF Uimh. DE‑ICF‑001‑2013, Treoirlínte Riaracháin maidir le Pleananna Lománaíochta i bhForaoisí Péine.
13.
Foraithne Uimh. 073, Dlí maidir le Ballraíocht Éigeantach i gComhlacht Gairmiúil.
14.
Comhaontú ICF Uimh. 050‑2012 maidir leis na caighdeáin theicniúla agus na treoirlínte chun pleananna bainistíochta foraoisí agus pleananna oibrúcháin le haghaidh foraoisí leathanduilleacha a dhréachtú.
15.
Comhaontú ICF Uimh. 030‑2013, Pleananna Tarrthála a Fhormheas.
16.
Rún ICF DE‑MP‑071‑2010, Lámhleabhar ar Rialacha maidir le Deimhnithe do Phlandálacha Foraoise a Eisiúint.
17.
Rún ICF Uimh. DE‑MP‑285‑2010, Treoirlínte agus Caighdeáin maidir le Bainistíocht Foraoisí Níos Fearr.
18.
Comhaontú Uimh. 189‑2014, Rialachán Cur Chun Feidhme don Scéim Sonrasctha agus na leasuithe a ghabhann leis.
19.
Comhaontú Uimh. 018‑93, Rialachán Ginearálta Cur Chun Feidhme don Dlí maidir le Bardais.
20.
Foraithne Uimh. 104‑93, Dlí Ginearálta maidir leis an gComhshaol.
21.
Comhaontú Uimh. 008‑2015, Rialachán Cur Chun Feidhme don Chóras Náisiúnta um Measúnú Tionchair Comhshaoil.
22.
Foraithne Uimh. 181‑2007, Leasuithe ar an Dlí Ginearálta maidir leis an gComhshaol.
23.
Foraithne Uimh. 134‑90, Dlí maidir le Bardais.
24.
Foraithne Uimh. 189‑1959, An Cód Saothair.
25.
Foraithne Uimh. 178‑2016, Dlí maidir leis an gCigireacht Lucht Saothair.
26.
Foraithne Uimh. 103, an tAcht um Íosphá a formheasadh an 3 Meitheamh 1971 agus na leasuithe a ghabhann leis.
27.
Comhaontú Uimh 053‑04, Rialachán Ginearálta Cur Chun Feidhme maidir le Bearta chun Timpistí san Ionad Oibre agus Galair Cheirde a Chosc.
28.
Foraithne Uimh. 140‑1959, an Dlí maidir le Slándáil Shóisialta, agus Foraithne Uimh. 080‑2001 an 1 Meitheamh 2001, ina bhfuil na leasuithe a ghabhann leis.
29.
Rún Uimh. 224‑2008 (COMIECO‑XLIX), Rialachán Cur Chun Feidhme do Chód Custaim Aonfhoirmeach Mheiriceá Láir (RECAUCA).
30.
Comhaontú SAG Uimh. 936‑13, Rialacha Nós Imeachta do Chur Chun Feidhme an Choinbhinsiúin maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (CITES)
31.
Dlí Foraithne Uimh. 102‑1974, Dlí maidir leis an gClár Náisiúnta Cánach.
32.
Foraithne Uimh. 051‑2003, Dlí maidir le Cánachas Cothrom.
33.
Foraithne Uimh. 25‑1963, Dlí maidir le Cáin Ioncaim.
34.
Foraithne Uimh. 017‑2010, Dlí maidir le Cáin Ioncaim a Neartú, Comhionannas Sóisialta agus an Caiteachas Poiblí a Chuíchóiriú.
________________
IARSCRÍBHINN III
Coinníollacha lena rialaítear táirgí adhmaid
a onnmhairítear ó Hondúras agus a chumhdaítear le ceadúnas FLEGT
a scaoileadh i saorchúrsaíocht san Aontas.
AN CREAT
Is le Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle an 20 Nollaig 2005 maidir le scéim ceadúnúcháin FLEGT a bhunú i gcás allmhairí adhmaid isteach sa Chomhphobal Eorpach agus a Rialachán Cur Chun Feidhme a rialaítear na coinníollacha d’iontráil ar mhargadh an Aontais d’adhmad agus táirgí adhmaid ó Hondúras a chumhdaítear le ceadúnas FLEGT.
Déantar foráil leis na Rialacháin seo maidir leis na nósanna imeachta a leagtar síos iontu a oiriúnú do dhálaí náisiúnta agus, go háirithe, go bhféadfadh sé gurb iad na húdaráis chustaim nó comhlacht eile riaracháin na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as glacadh le ceadúnais FLEGT ar iontráil isteach san Aontas. Ar an gcúis sin, roinntear an fíorú ina dhá chéim sa tuairisc a thugtar ar an bpróiseas: (1) seiceálacha ar dhoiciméid cheadúnais agus (2) seiceálacha fisiciúla chun comhréireacht na coinsíneachta iarbhír leis an gceadúnas a áirithiú.
Is é is aidhm don nós imeachta sin na seiceálacha a dhéanann Hondúras a fhorlíonadh agus a fhíorú gurb iad na ceadúnais FLEGT a thíolactar ar iontráil isteach san Aontas iad siúd a d’eisigh agus a chláraigh údarás ceadúnúcháin FLEGT Hondúras go cuí agus go gcumhdaíonn siad na coinsíneachtaí a bheartaigh údaráis Hondúras. Féadfaidh na húdaráis inniúla a gceisteanna maidir leis an gcóras chun dlíthiúlacht agus bailíocht ceadúnais FLEGT Hondúras a áirithiú a chur ar an gComhchoiste Cur Chun Feidhme (JIC) i gcomhréir le hAirteagail 9, 11, 19 agus 24 den Chomhaontú seo, faoi réir na nósanna imeachta um iarraidh ar fhaisnéis d’údaráis inniúla a leagtar síos in Airteagal 3 den Iarscríbhinn seo.
AIRTEAGAL 1
Ceadúnais FLEGT a phróiseáil
1.Taiscfear ceadúnas FLEGT le húdaráis inniúla an Bhallstáit ina ndearbhaítear an choinsíneacht a chumhdaítear leis an gceadúnas FLEGT sin chun a scaoileadh i saorchúrsaíocht . Féadfar sin a dhéanamh go leictreonach nó ar bhealach gasta eile.
2.Déanfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 1(1), i gcomhréir leis na nósanna imeachta náisiúnta is infheidhme, na húdaráis chustaim a chur ar an eolas a luaithe a ghlacfar le ceadúnas FLEGT.
AIRTEAGAL 2
Seiceálacha ar bhailíocht dhoiciméadacht ceadúnais FLEGT
1.
Beidh ceadúnais FLEGT páipéarbhunaithe i gcomhréir leis an tsamhail ar a dtugtar tuairisc in Iarscríbhinn IV Beidh aon cheadúnas FLEGT nach gcomhlíonann na ceanglais agus na sonraíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn IV neamhbhailí.
2.
Measfar go bhfuil ceadúnas FLEGT ar neamhní má thaisctear é ar dháta níos déanaí ná an dáta éaga a léirítear sa cheadúnas.
3.
Ní ghlacfar le haon scriosadh nó aon athruithe ar cheadúnas FLEGT mura ndearna an t‑údarás ceadúnúcháin an scriosadh nó na hathruithe sin a bhailíochtú.
4.
Ní ghlacfar le fadú ar bhailíocht ceadúnais FLEGT mura ndearna an t‑údarás ceadúnúcháin an fadú sin a bhailíochtú.
5.
Ní ghlacfar le ceadúnas dúblach nó le ceadúnas athsholáthair FLEGT mura ndearna an t‑údarás ceadúnúcháin é a eisiúint agus a bhailíochtú.
AIRTEAGAL 3
Iarraidh ar fhaisnéis bhreise
1.
Má tá amhras ann faoi bhailíocht nó faoi bharántúlacht ceadúnais FLEGT, ceadúnais dhúblaigh nó athsholáthair FLEGT, féadfaidh na húdaráis inniúla faisnéis bhreise a iarraidh ar an údarás ceadúnúcháin.
2.
Féadfar cóip den cheadúnas FLEGT, den cheadúnas dúblach FLEGT nó den cheadúnas athsholáthair FLEGT atá i gceist a chur ar aghaidh in éineacht leis an iarraidh.
3.
Más gá, tarraingeoidh údarás ceadúnúcháin FLEGT ceadúnas FLEGT siar agus eiseoidh sé cóip cheartaithe a fhíordheimhneofar leis an bhformhuiniú stampáilte “Dúblach” agus cuirfidh sé ar aghaidh chuig an údarás inniúil é.
AIRTEAGAL 4
Comhréireacht an cheadúnais FLEGT leis an gcoinsíneacht a fhíorú
1.
Má mheastar gur gá an choinsíneacht a fhíorú tuilleadh sula bhféadfaidh na húdaráis inniúla a chinneadh cibé an féidir glacadh le ceadúnas FLEGT nó nach féidir, féadfar seiceálacha a dhéanamh chun a bhunú cibé atá an choinsíneacht atá i gceist i gcomhréir leis an bhfaisnéis a thugtar sa cheadúnas FLEGT agus leis na taifid atá ag an údarás ceadúnúcháin i ndáil leis an gceadúnas ábhartha.
2.
I gcás nach gclaonann méid nó meáchan na dtáirgí adhmaid atá sa choinsíneacht a thíolactar lena scaoileadh i saorchúrsaíocht níos mó ná 10% ón méid nó ón meáchan a léirítear sa cheadúnas comhfhreagrach FLEGT, measfar go bhfuil an choinsíneacht i gcomhréir leis an fhaisnéis a thugtar sa cheadúnas FLEGT a mhéid is a bhaineann le méid nó meáchan.
3.
Má tá amhras ann cibé atá an choinsíneacht i gcomhréir leis an gceadúnas FLEGT, féadfaidh an t‑údarás inniúil soiléiriú breise a lorg ón údarás ceadúnúcháin.
4.
Féadfaidh an t‑údarás ceadúnúcháin iarraidh ar an údarás inniúil cóip den cheadúnas FLEGT nó den cheadúnas athsholáthair FLEGT atá i gceist a sheoladh.
5.
Más gá, tarraingeoidh údarás ceadúnúcháin an ceadúnas FLEGT siar agus eiseoidh sé cóip cheartaithe a fhíordheimhneofar leis an bhformhuiniú stampáilte “Dúblach” agus cuirfidh sé ar aghaidh chuig an údarás inniúil é.
6.
Mura bhfaigheann an t‑údarás inniúil aon fhreagra laistigh de 21 lá oibre ón iarraidh ar shoiléiriú breise, mar a fhoráiltear in Airteagal 9 den Chomhaontú seo, diúltóidh an t‑údarás inniúil an ceadúnas FLEGT agus gníomhóidh sé i gcomhréir le an reachtaíocht agus na nósanna imeachta is infheidhme.
7.
Ní ghlacfar le ceadúnas FLEGT má bhunaítear, tar éis faisnéis bhreise a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 3 den Iarscríbhinn seo nó fíorú breise i gcomhréir leis an Airteagal seo, nach bhfreagraíonn an ceadúnas FLEGT don choinsíneacht.
AIRTEAGAL 5
Fíorú roimh theacht na coinsíneachta
1.
Féadfar ceadúnas FLEGT a thaisceadh sula dtagann an choinsíneacht a chumhdaítear leis.
2.
Glacfar le ceadúnas FLEGT má chomhlíonann sé na ceanglais go léir a leagtar amach in Iarscríbhinn IV agus mura meastar go bhfuil gá le fíorú breise i gcomhréir le hAirteagail 2, 3 agus 4 den Iarscríbhinn seo.
AIRTEAGAL 6
Nithe eile
1.
Is ar an allmhaireoir amháin a bheidh na costais a thabhófar agus an fíorú á chur i gcrích, ach amháin sa chás go gcinntear a mhalairt le reachtaíocht agus nósanna imeachta is infheidhme Bhallstát an Aontais lena mbaineann.
2.
I gcás ina dtiocfaidh easaontais nó deacrachtaí chun cinn go leanúnach maidir le ceadúnais FLEGT a fhíorú, féadfar an t‑ábhar a tharchur chuig JIC.
AIRTEAGAL 7
Scaoileadh i saorchúrsaíocht
1.
I mbosca 44 den Doiciméad Riaracháin Aonair ar a ndéantar an dearbhú custaim lena scaoileadh i saorchúrsaíocht, déanfar tagairt d’uimhir an cheadúnais lena gcumhdaítear na táirgí adhmaid atá faoi réir an dearbhaithe.
2.
I gcás ina ndéanfar an dearbhú custaim trí mheán leictreonach, soláthrófar an tagairt sa bhosca cuí.
3.
Ní scaoilfear adhmad ná táirgí adhmaid i saorchúrsaíocht ach amháin tar éis na nósanna imeachta ar a dtugtar tuairisc san Iarscríbhinn seo a chur i gcrích.
________________
IARSCRÍBHINN IV
Nós imeachta maidir le ceadúnais FLEGT a eisiúint
AIRTEAGAL 1
Ceanglais ghinearálta maidir le ceadúnais FLEGT
1.
Tá ceadúnas FLEGT ag teastáil ó tháirgí adhmaid ó Hondúras a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo chun dul isteach san Aontas.
2.
Eisíonn Instituto de Conservación y Desarrollo Forestal, Áreas Protegidas y Vida Silvestre (ICF) an “ceadúnas FLEGT” agus dearbhaíonn sé go ndearnadh an choinsíneacht táirgí adhmaid atá le honnmhairiú chuig an Aontas a tháirgeadh go dleathach agus a fhíorú i gcomhréir leis na critéir agus na nósanna imeachta a leagtar amach sa Chomhaontú seo.
3.
Eiseofar ceadúnais FLEGT i bhfoirm páipéir nó leictreonach.
4.
Eiseofar ceadúnas FLEGT do gach coinsíneacht a dhéanann gach onnmhaireoir don chéad phointe iontrála san Aontas.
5.
Áireofar le ceadúnais pháipéir agus leictreonacha FLEGT an fhaisnéis a shonraítear in Aguisín 1, a chaithfear a líonadh isteach i gcomhréir leis na treoracha in Aguisín 2.
6.
Roimh imréiteach custaim, cuirfidh an t‑iarratasóir faoi bhráid an údaráis custaim an ceadúnas FLEGT chun onnmhairiú chuig an Aontas, nó an ceadúnas H‑dlíthiúil chun onnmhairiú chuig cinn scríbe eile agus cuirfear na doiciméid eile is gá faoi iamh. Forbrófar na nósanna imeachta chun an ceadúnas FLEGT nó an ceadúnas H‑dlíthiúil a eisiúint agus forbrófar a chaidreamh leis an Dearbhú Custaim Aonair (DUA) le linn chéim ullmhúcháin agus eagrúcháin an Chomhaontaithe seo.
7.
Nuair a rachaidh an ceadúnas FLEGT in éag measfar go bhfuil sé ar neamhní.
8.
I gcás nach féidir an fhaisnéis uile a shonraítear i bhformáid 1 (Aguisín 1) a chur isteach i gcás coinsíneachtaí ina bhfuil cineálacha éagsúla táirgí adhmaid, féadfar iarscríbhinn údaraithe a chur leis an gceadúnas FLEGT ar a bhfuil an fhaisnéis chainníochtúil agus cháilíochtúil a shonraítear i bhformáid 2 (Aguisín 1) a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
9.
Áireofar san iarscríbhinn údaraithe i gcomhréir le pointe 8 faisnéis faoin tuairisc ar an gcoinsíneacht nach bhfuil spás ann di sna boscaí ábhartha i bhformáid 1.
10.
Má thugtar an fhaisnéis cháilíochtúil in Iarscríbhinn (leathanaigh bhreise), ní thabharfar an fhaisnéis ar an gcoinsíneacht sna boscaí ábhartha ar an gceadúnas FLEGT ach tagrófar don Iarscríbhinn (leathanaigh bhreise).
11.
Le linn chéim ullmhúcháin agus eagrúcháin an Chomhaontaithe seo, forbrófar na ceanglais agus na nósanna imeachta chun bailíocht cheadúnais FLEGT a fhadú agus chun sainiú a dhéanamh ar cheadúnais FLEGT a tharraingt siar, a athsholáthar agus a bhainistiú. Foilseofar na nósanna imeachta chun ceadúnais FLEGT a eisiúint.
12.
Déanfaidh Rialtas Hondúras ceadúnas FLEGT samplach fíordheimhnithe, samplaí de stampaí an údaráis ceadúnúcháin agus sínithe na mball foirne údaraithe a sholáthar don Aontas.
13.
Ní mheasfar go bhfuil ceadúnais bhunaidh, ceadúnais dhúblacha ná ceadúnais athsholáthair FLEGT bailí agus ní ghlacfar leo má athraítear nó má mhodhnaítear na modhanna mar a bhunaítear san Iarscríbhinn seo lena n‑eisiúint.
14.
Maidir le gach ceadúnas FLEGT formheasta, eiseofar an ceadúnas bunaidh agus gach cineál cóipeanna chuig an onnmhaireoir i gcomhréir leis na forálacha ábhartha sa Chomhaontú seo.
AIRTEAGAL 2
Freagracht an údaráis ceadúnúcháin FLEGT
1.
Is é an t‑údarás ceadúnúcháin i Hondúras ICF trí Aonad Ceadúnúcháin FLEGT. Tá an tAonad um Fhíorú Dlíthiúlachta de chuid ICF freagrach as comhlíonadh dlí a fhíorú.
2.
Tá an t‑údarás ceadúnúcháin freagrach as malartú faisnéise idir Hondúras agus údaráis inniúla Bhallstáit an Aontais, agus údaráis eile de chuid Hondúras atá freagrach as saincheisteanna a bhaineann le ceadúnais FLEGT.
3.
Féadfaidh an t‑údarás ceadúnúcháin an tréimhse bhailíochta a fhadú (uair amháin) ar feadh oiread agus trí (3) mhí arna iarraidh sin don onnmhaireoir. Nuair a fhadófar ceadúnas FLEGT, cuirfidh an t‑údarás ceadúnúcháin an dáta nua éaga isteach agus bailíochtófar é.
4.
Úsáidfidh an t‑údarás ceadúnúcháin modh crioscaíldíonach chun barántúlacht cheadúnais FLEGT a áirithiú agus chun scriosadh nó athruithe a sheachaint.
5.
Bunóidh an t‑údarás ceadúnúcháin córais chun taifid pháipéir agus leictreonacha ar cheadúnais a choinneáil d’fhonn freagra a thabhairt ar iarratas an onnmhaireora, agus a shuíomh geografach á chur san áireamh. Nascfar an scéim ceadúnúcháin FLEGT le Córas Ilfhreastail Hondúras don Trádáil Sheachtrach (Sistema de Ventanilla Única de Comercio Exterior de Honduras, VUCEH) de réir a chéile, i gcás inar féidir sin agus na dálaí á gcur san áireamh.
6.
Pé scéal é, cibé acu a dhéantar bailíocht ceadúnais FLEGT a fhadú nó a tharraingítear an ceadúnas siar nó a athsholáthraítear an ceadúnas, cuirfidh an t‑údarás ceadúnúcháin údarás inniúil an Bhallstáit ábhartha de chuid an Aontais ar an eolas.
7.
Déanfaidh an t‑údarás ceadúnúcháin bunachar sonraí a bhainistiú d’iarratais a fhaightear, ceadúnais FLEGT a eisítear agus iarratais a dhiúltaítear.
AIRTEAGAL 3
Nós imeachta maidir le ceadúnais FLEGT a eisiúint
1.
Déanfar an nós imeachta chun dlíthiúlacht na dtáirgí a áirithiú, de réir Iarscríbhinn V, sula n‑eiseofar ceadúnas FLEGT. Tugtar tuairisc thíos ar na céimeanna chun ceadúnais FLEGT a bhainistiú (féach Fíor 1).
(a)
Chun ceadúnas FLEGT a fháil, tíolacfaidh an t‑onnmhaireoir na nithe seo a leanas:
−
iarratas ar cheadúnas FLEGT agus
−
sonrasc onnmhairiúcháin a d’údaraigh seirbhís Riaracháin na gCoimisinéirí Ioncaim (SAR).
(b)
Ach an t‑iarratas a fháil, déanfaidh Aonad Ceadúnúcháin FLEGT na nithe seo a leanas:
(I)seiceálfar leis an Aonad um Fhíorú Dlíthiúlachta go gcomhlíonann an páirtí leasmhar (an t‑onnmhaireoir) na táscairí ábhartha go léir sa sainmhíniú dlíthiúlachta;
(ii)
seiceálfar gur comhlíonadh an ceanglas dlíthiúlachta sa slabhra soláthair don choinsíneacht sin:
(c)
Bunaithe ar an bhfaisnéis a bhailítear faoi na táscairí ar fad is infheidhme de na maitrísí dlíthiúlachta agus na ceanglais slabhra soláthair a chomhlíonadh, cinnfidh an tAonad um Fhíorú Dlíthiúlachta cibé a comhlíonadh na ceanglais dlíthiúlachta nó nár comhlíonadh agus soláthróidh sé na nithe seo a leanas d’Aonad Ceadúnúcháin FLEGT:
(I)mura gcomhlíonann an t‑oibreoir na ceanglais dlíthiúlachta, soláthrófar tuairim a mhíníonn na cúiseanna, rud a chuirfidh ar chumas Aonad Ceadúnúcháin FLEGT a chur in iúl don iarratasóir gur diúltaíodh an t‑iarratas;
(ii)
má chomhlíonann an t‑oibreoir na ceanglais dlíthiúlachta, soláthrófar cinneadh ‘gan agóid’, le húsáid ag Aonad Ceadúnúcháin FLEGT.
(d)
Bunaithe ar an iarratas, ar na doiciméid tacaíochta agus ar chinneadh an Aonaid um Fhíorú Dlíthiúlachta maidir le comhlíonadh dlí, déanfaidh Aonad Ceadúnúcháin FLEGT an ceadúnas FLEGT a eisiúint nó a dhiúltú.
(e)
Iontrálfar an fhaisnéis ar fad a bhaineann le ceadúnas FLEGT a dheonú i mbunachar speisialta sonraí.
2.
Tá na táirgí adhmaid uile dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, lena n‑áirítear samplaí agus táirgí taispeána, faoi réir na scéime ceadúnúcháin FLEGT nuair a onnmhairítear chuig margadh an Aontais iad.
Fíor 1
Sreabhchairt den nós imeachta um cheadúnú FLEGT
AIRTEAGAL 4
Sonraíochtaí teicniúla do cheadúnais FLEGT i bhfoirm páipéir
1.
Caithfidh ceadúnais páipéir FLEGT an fhormáid in Aguisín 1 a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a chomhlíonadh.
2.
Páipéar A4 a bheidh ann. Beidh comharthaí uisce ar an bpáipéar a thaispeánfaidh lógónna éagsúla, lena n‑áirítear armas nó feathal Hondúras, chomh maith leis an stampa.
3.
Úsáidfear clóscríobhán nó ríomhaire chun ceadúnais FLEGT a líonadh isteach. Féadfar iad a líonadh isteach de láimh, más gá.
4.
Úsáidfidh údarás ceadúnúcháin FLEGT stampa miotail, agus is fearr é a bheith déanta as cruach. Féadfaidh údarás ceadúnúcháin FLEGT preas cabhraíochta a úsáid áfach ar a bhfuil litreacha agus figiúirí, a dhéantar trí pholladh.
5.
Úsáidfidh údarás ceadúnúcháin FLEGT modh crioscaíldíonach chun an chainníocht a iontráiltear a thaifeadadh i bhfigiúirí agus i litreacha, sa chaoi agus go mbeidh sé dodhéanta figiúirí nó tagairtí breise a chur isteach.
6.
Ní bheidh aon scriosadh nó athruithe ar an bhfoirm, ach amháin má fíoraíodh an scriosadh nó na hathruithe sin le stampa agus síniú údarás ceadúnúcháin FLEGT.
7.
Déanfar ceadúnas FLEGT a líonadh amach agus a phriontáil i Spáinnis.
AIRTEAGAL 5
Formáid chun ceadúnais FLEGT a eisiúint
1.
Féadfar ceadúnais FLEGT a eisiúint leis an gcóras ríomhairithe laistigh de Chóras Dearbhaithe Dlíthiúlachta Hondúras do tháirgí adhmaid (LAS).
2.
ceadúnas páipéir FLEGT ar fáil do Bhallstáit an Aontais nach nasctar leis an gcóras ríomhairithe.
AIRTEAGAL 6
Cóipeanna de cheadúnas FLEGT
1.
Is éard a bheidh i gceadúnas FLEGT doiciméad bunaidh amháin agus cúig chóip.
2.
Tabharfar an chóip bhunaidh don cheadúnaí FLEGT.
3.
Úsáidfear na cúig chóip uimhrithe mar seo a leanas:
(a)
Cóip 1: coinneoidh údarás ceadúnúcháin FLEGT í chun críocha fíoraithe sa todhchaí;
(b)
Cóip 2: cuirfear in éineacht leis an gcoinsíneacht í. Tabharfar don cheadúnaí FLEGT í agus cuirfear ar aghaidh leis an gcoinsíneacht chuig ceannaitheoir an táirge í lena cur faoi bhráid údarás custaim an Bhallstáit a sroicheann an choinsíneacht a chumhdaítear leis an gceadúnas FLEGT agus ina scaoilfear i saorchúrsaíocht í;
(c)
Cóip 3: tabharfar don cheadúnaí FLEGT í agus cuirfear ar aghaidh chuig an gceannaitheoir í lena cur faoi bhráid na n‑údarás ábhartha atá freagrach as ceadúnais FLEGT an Bhallstáit a sroicheann an choinsíneacht a chumhdaítear leis an gceadúnas FLEGT agus ina scaoilfear i saorchúrsaíocht í;
(d)
Cóip 4: is le haghaidh údaráis chustaim Hondúras í chun críocha rialaithe onnmhairíochta.
(e)
Cóip 5: is le haghaidh thaifid cheadúnaí FLEGT í.
AIRTEAGAL 7
Bailíocht ceadúnais FLEGT, ceadúnas FLEGT a tharraingt siar agus a athsholáthar
1.
Bailíocht ceadúnais FLEGT agus ceadúnas FLEGT a fhadú
Beidh ceadúnais FLEGT bailí ar lá na heisiúna agus beidh siad bailí ar feadh sé (6) mhí ón dáta a eiseofar iad. Léireofar an dáta éaga ar an gceadúnas FLEGT.
2.
Ceadúnas FLEGT a tharraingt siar
2.1
Scoirfidh ceadúnas FLEGT de bheith bailí agus ba cheart é a thabhairt ar ais don údarás ceadúnúcháin má chailltear nó má scriostar na táirgí adhmaid a chumhdaítear leis le linn a loingsithe sula dtagann siad chun an Aontais.
2.2
Tarraingeofar ceadúnas FLEGT siar sna cásanna seo a leanas:
(a)
I gcás aon sáraithe a dhéanann an t‑onnmhaireoir i ndáil leis an gcoinsíneacht agus a shainaithnítear tar éis ceadúnas FLEGT a eisiúint;
(b)
Sa chás nach ndearnadh aon onnmhairiú agus nár iarr an tairbhí fadú.
2.3
Féadfaidh an t‑onnmhaireoir an ceadúnas a thabhairt ar ais go deonach, má chinneann sé gan é a úsáid.
3.
Ceadúnas FLEGT a athsholáthar
3.1
Má chailltear, má ghoidtear nó má scriostar an ceadúnas bunaidh agus/nó na cóipeanna den cheadúnas d’údaráis inniúla an Aontais, féadfaidh an ceadúnaí FLEGT nó a ionadaí údaraithe iarratas a dhéanamh chuig an údarás ceadúnúcháin ar cheadúnas athsholáthair ach cruthúnas a thabhairt gur cailleadh, gur goideadh nó gur scriosadh an ceadúnas bunaidh agus/nó na cóipeanna.
3.2
Eiseoidh an t‑údarás ceadúnúcháin ceadúnas athsholáthair FLEGT ar iarratas an cheadúnaí a fháil agus a scrúdú.
3.3
Déanfaidh Rialtas Hondúras ceadúnas FLEGT samplach fíordheimhnithe, samplaí de stampaí an údaráis ceadúnúcháin agus sínithe na mball foirne údaraithe a sholáthar don Aontas.
3.4
Beidh an fhaisnéis agus na hiontrálacha a bhí le feiceáil ar an gceadúnas bunaidh FLEGT, lena n‑áirítear uimhir an cheadúnais, ar an gceadúnas athsholáthair. Beidh an formhuiniú ‘ceadúnas athsholáthair’ ar cheadúnas athsholáthair FLEGT.
3.5
Má aimsítear an ceadúnas FLEGT a cailleadh nó a goideadh, níor cheart é a úsáid agus ba cheart é a chur ar ais chuig an údarás ceadúnúcháin.
AIRTEAGAL 8
Bainistiú a dhéanamh ar sháruithe a bhaineann le ceadúnais FLEGT a eisiúint
I gcás ina ndéantar aon sárú nó ina mbíonn aon fhaisnéis chalaoiseach a bhaineann le táirgí adhmaid, aon fhalsú, athrú nó modhnú a dhéantar ar an bhfaisnéis ar cheadúnas FLEGT, nó sárú ar na rialacháin a bhaineann leis an scéim ceadúnúcháin FLEGT, déanfar bearta riaracháin nó dlí i gcomhréir le méid an tsáraithe agus le reachtaíocht Hondúras.
AIRTEAGAL 9
Amhras faoi bhailíocht agus faoi bharántúlacht
ceadúnais FLEGT
1.
Má tá amhras ann faoi bhailíocht nó faoi bharántúlacht ceadúnais FLEGT, cóipe nó ceadúnais athsholáthair, féadfaidh an t‑údarás inniúil de chuid an Aontais an córas a sheiceáil nó faisnéis bhreise a iarraidh ar an údarás ceadúnúcháin. Is ar an údarás ceadúnúcháin FLEGT amháin a bheidh an fhreagracht chun faisnéis a sholáthar maidir le bailíocht nó barántúlacht ceadúnais agus is aige amháin a bheidh an chumhacht sin.
2.
Féadfaidh an t‑údarás ceadúnúcháin, má mheasann sé gur gá déanamh amhlaidh, iarraidh ar údarás inniúil an Bhallstáit de chuid an Aontais cóip den cheadúnas FLEGT nó den cheadúnas athsholáthair FLEGT atá i gceist a sheoladh chuige.
3.
Má mheasann údarás ceadúnúcháin FLEGT gur gá déanamh amhlaidh, tarraingeoidh sé an ceadúnas siar agus eiseoidh sé cóip cheartaithe a fhíordheimhneofar leis an bhformhuiniú stampáilte “Dúblach” agus cuirfidh sé ar aghaidh chuig údarás inniúil an Bhallstáit de chuid an Aontais é.
4.
Má dheimhnítear bailíocht an cheadúnais FLEGT, cuirfidh an t‑údarás ceadúnúcháin údarás inniúil an Aontais ar an eolas láithreach trí mheán leictreonach. Déanfaidh údarás ceadúnúcháin FLEGT na cóipeanna a chuirfear ar ais a fhíordheimhniú ar bhealach iomchuí.
5.
Mura bhfuil an ceadúnas FLEGT atá i gceist bailí, cuirfidh an t‑údarás ceadúnúcháin údarás inniúil Bhallstát an Aontais ar an eolas láithreach trí mheán leictreonach.
6.
Má tá aon amhras ann faoi bharántúlacht agus bailíocht ceadúnais FLEGT, ceanglaítear ar an údarás ceadúnúcháin freagra a thabhairt ar cheisteanna ó údaráis inniúla an Aontais agus ó údaráis eile i Hondúras, agus faisnéis agus soiléirithe breise a sholáthar i gcás ina n‑iarrtar sin.
Aguisín 1
1.
Formáid an cheadúnais FLEGT
|
1
|
1. Údarás ceadúnúcháin
Ainm:
Seoladh:
|
2. Allmhaireoir
Ainm:
Seoladh:
|
|
CÓIP BHUNAIDH
|
|
|
|
|
3. Uimhir cheadúnais FLEGT
|
4. Dáta éaga
|
|
|
5. An tír is onnmhaireoir
|
7. Modh iompair
|
|
|
6. Cód ISO
|
|
|
|
8. Ceadúnaí FLEGT (ainm agus seoladh)
|
|
|
9. Tuairisc thráchtála ar an adhmad nó ar na táirgí adhmaid
|
10. Cóid CC
|
|
1
|
|
|
|
11. Gnáthainmneacha agus ainmneacha eolaíocha
|
12. Tír lománaíochta
|
13. Cóid ISO
|
|
14. Toirt (m3)
|
15. Glanmheáchan (kg)
|
16. An líon aonad
|
|
17. Marcanna sainiúla
|
|
18. Síniú agus stampa údarás eisiúna an cheadúnais FLEGT
Áit agus Dáta
|
2.
Faisnéis bhreise faoi choinsíneachtaí
Baineann an fhaisnéis seo a leanas leis an gceadúnas FLEGT.
|
Earra #
|
Tuairisc thráchtála ar adhmad nó ar na táirgí adhmaid
|
Cód CC
|
Gnáthainmneacha agus ainmneacha eolaíocha
|
Tír lománaíochta
|
Cód ISO na tíre lománaíochta
|
Toirt (m3)
|
Meáchan
(kg)
|
|
An líon aonad
|
|
1
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
2
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
3
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
4
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
5
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
6
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
7
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
8
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
9
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
10
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Áit eisiúna:
|
Dáta (lá/mí/bliain)
|
Síniú agus stampa an údaráis ceadúnúcháin FLEGT
|
|
|
|
|
Aguisín 2
Treoracha maidir leis an bhfoirm a líonadh isteach
Faisnéis Ghinearálta
—
Úsáid ceannlitreacha
—
Freagraíonn cóid ISO na dtíortha don chód tíre dhá litir caighdeánach idirnáisiúnta.
|
Bosca 1
|
Údarás ceadúnúcháin FLEGT
|
Cuir isteach ainm agus seoladh an údarás ceadúnúcháin FLEGT.
|
|
Bosca 2
|
Allmhaireoir
|
Ainm agus seoladh an allmhaireora.
|
|
Bosca 3
|
Uimhir cheadúnais FLEGT
|
Cuir isteach an uimhir eisiúna.
|
|
Bosca 4
|
Dáta éaga
|
Tréimhse bhailíochta an cheadúnais FLEGT
|
|
Bosca 5
|
An tír is onnmhaireoir
|
An tír chomhpháirtíochta ónar onnmhairíodh na táirgí adhmaid chuig an Aontas.
|
|
Bosca 6
|
Cód ISO
|
Cuir isteach cód tíre dhá litir na tíre comhpháirtíochta a luaitear i mbosca 5.
|
|
Bosca 7
|
Modh iompair
|
Luaigh an modh iompair chuig an bpointe onnmhairiúcháin.
|
|
Bosca 8
|
Ceadúnaí FLEGT
|
Tabhair ainm agus seoladh an onnmhaireora.
|
|
Bosca 9
|
Tuairisc thráchtála ar an adhmad nó ar na táirgí adhmaid
|
Tuairisc thráchtála ar an táirge/na táirgí adhmaid.
|
|
Bosca 10
|
Cóid CC
|
Tabhair an cód táirge ceithre dhigit nó sé dhigit a bunaíodh faoin gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí.
|
|
Bosca 11
|
Gnáthainmneacha agus ainmneacha eolaíocha
|
Cuir isteach gnáthainmneacha agus ainmneacha eolaíocha na gcatagóirí adhmaid a úsáidtear sa táirge. Má úsáidtear níos mó ná catagóir amháin sa táirge, úsáid líne ar leith do gach ceann acu. Féadfar an fhaisnéis sin a fhágáil ar lár i gcás táirgí ilchodacha nó comhpháirteanna ina bhfuil níos mó ná catagóir neamh‑inaitheanta amháin (e.g. cláir cáithníní).
|
|
Bosca 12
|
Tír lománaíochta
|
Cuir isteach na tíortha inar lománaíodh na catagóirí adhmaid dá dtagraítear i mbosca 10. Má úsáidtear níos mó ná catagóir amháin sa táirge, tabhair foinsí uile an adhmaid a úsáideadh.
Féadfar an fhaisnéis sin a fhágáil ar lár i gcás táirgí ilchodacha nó comhpháirteanna ina bhfuil níos mó ná catagóir neamh‑inaitheanta amháin (e.g. cláir cháithníní).
|
|
Bosca 13
|
Cóid ISO
|
Cuir isteach cóid ISO na dtíortha dá dtagraítear i mbosca 12.
Féadfar an fhaisnéis sin a fhágáil ar lár i gcás táirgí ilchodacha nó comhpháirteanna ina bhfuil níos mó ná catagóir neamh‑inaitheanta amháin (e.g. cláir cáithníní).
|
|
Bosca 14
|
Toirt (m3)
|
Luaigh an toirt iomlán in m3. Féadfar an fhaisnéis sin a fhágáil ar lár ach amháin má fágadh an fhaisnéis dá dtagraítear i mbosca 15 ar lár.
|
|
Bosca 15
|
Glanmheáchan (kg)
|
Tabhair an meáchan iomlán in kg, is é sin glanmhais na dtáirgí adhmaid, gan céadphacáistiú agus aon phacáistíocht, seachas sparraí fáiscthe, spásairí, greamáin, etc. Féadfar an fhaisnéis sin a fhágáil ar lár ach amháin má fágadh an fhaisnéis dá dtagraítear i mbosca 14 ar lár.
|
|
Bosca 16
|
An líon aonad
|
Luaigh an líon aonad, i gcás inarb é an bealach is fearr chun táirge monaraithe a chainníochtú. Féadfar an fhaisnéis sin a fhágáil ar lár.
|
|
Bosca 17
|
Marcanna sainiúla
|
Luaigh aon mharcanna sainiúla i gcás inarb iomchuí, e.g. uimhir bhaisce, uimhir bille luchta. Féadfar an fhaisnéis sin a fhágáil ar lár.
|
|
Bosca 18
|
Síniú agus stampa an údaráis ceadúnúcháin FLEGT
|
Ní mór don oifigeach údaraithe an bosca a shíniú agus ní mór stampa oifigiúil an údaráis ceadúnúcháin FLEGT a chur air. Ní mór an áit agus an dáta a lua freisin.
|
________________
IARSCRÍBHINN V
Córas Dearbhaithe Dlíthiúlachta Hondúras (LAS) le haghaidh táirgí adhmaid
Clár na nÁbhar
1.
RÉAMHRÁ
1.1
Comhthéacs ginearálta
1.2
Cuspóir LAS
1.3
Uirlisí agus eilimintí nua chun bainistíocht foraoisí a fheabhsú
2.
CREAT DLÍTHIÚIL HONDÚRAS IS INFHEIDHME MAIDIR LE LAS
2.1
Coinbhinsiúin agus conarthaí idirnáisiúnta
2.2
Coinbhinsiúin agus conarthaí réigiúnacha
2.3
Reachtaíocht náisiúnta maidir le hacmhainní nádúrtha a bhainistiú go hinbhuanaithe
2.4
Reachtaíocht náisiúnta maidir le margadh an tsaothair
2.5
Reachtaíocht náisiúnta maidir le cánacha stáit agus bardasacha a íoc le haghaidh táirgí adhmaid a onnmhairiú
2.6
Reachtaíocht náisiúnta maidir le nósanna imeachta riaracháin, sásraí trédhearcachta agus rannpháirtíocht an phobail
2.7
Reachtaíocht náisiúnta arna cur i bhfeidhm ag na hoifigigh bhreithiúnacha
3.
EILIMINTÍ DE LAS
3.1
Sainmhíniú ar dhlíthiúlacht
3.2
Fíorú ar chomhlíonadh an tsainmhínithe dlíthiúlachta
3.3
Rialuithe ar an slabhra soláthair
3.4
Próiseas ceadúnúcháin FLEGT agus H‑dlíthiúil
3.5
Iniúchóireacht neamhspleách
4.
CREAT INSTITIÚIDEACH AGUS RÓL NA nGNÍOMHAITHE ATÁ PÁIRTEACH IN LAS A CHUR CHUN FEIDHME
4.1
Gníomhaithe atá páirteach in LAS a chur chun feidhme
4.2
Institiúidí stáit
4.2.1
An Institiúid Náisiúnta um Fhoraoisí a Chaomhnú agus a Fhorbairt, Limistéir faoi Chosaint agus Fiadhúlra (ICF)
4.2.2
Seirbhís Riaracháin na gCoimisinéirí Ioncaim (SAR)
4.2.3
Bardais
4.2.4
An Institiúid Réadmhaoine (IP)
4.2.5
An Aireacht Fostaíochta agus Slándála Sóisialta (STSS)
4.2.6
Institiúid Hondúras um Shlándáil Shóisialta (IHSS)
4.2.7
An Aireacht Fuinnimh, Acmhainní Nádúrtha, Comhshaoil agus Mianach (MiAmbiente)
4.2.8
An Institiúid Náisiúnta Talúntais (INA)
4.2.9
An Aireacht Talmhaíochta agus Beostoic (SAG)
4.2.10
An Fho‑stiúrthóireacht um Ioncam ó Chustaim (DARA)
4.2.11
Institiúidí rialtais atá páirteach go hindíreach
4.3
Earnáil na Foraoiseachta Príobháidí
4.4
Eagraíochtaí na sochaí sibhialta
4.4.1
Eagraíochtaí áitiúla
4.4.2
Eagraíochtaí neamhrialtasacha forbartha
4.5
Pobail Dhúchasacha Hondúras agus Pobail Hondúras de Shliocht na hAfraice
4.6
Fothú acmhainneachta
5.
CUMHDACH/RAON FEIDHME LAS
5.1
Táirgí adhmaid a áirítear in LAS
5.2
Margaí a chumhdaítear le LAS
5.3
Foinsí adhmaid a chumhdaítear le LAS
5.3.1
Adhmad a lománaítear i Hondúras
5.3.2
Adhmad allmhairithe
5.3.3
Adhmad nach gcumhdaítear leis an gComhaontú seo
5.4
Raon feidhme na n‑oibreoirí a áirítear in LAS
6.
FÍORÚ AR CHOMHLÍONADH AN TSAINMHÍNITHE DLÍTHIÚLACHTA
6.1
Prionsabail maidir le fíorú dlíthiúlachta
6.1.1
Institiúidí a bhaineann le fíorú dlíthiúlachta
6.1.2
Nósanna imeachta fíorúcháin bunaithe ar na maitrísí dlíthiúlachta
6.1.3
Stóráil an mhodha chun dlíthiúlacht a fhíorú
6.1.4
Córais faisnéise agus feidhmiúlachtaí fíorúcháin
6.1.5
Prionsabal bainistíochta riosca
6.1.6
Iniúchadh dlíthiúlachta a mbíonn deimhniú um chomhlíonadh dlí mar thoradh air
6.2
Oibleagáidí na n‑oibreoirí maidir le fíorú dlíthiúlachta
7.
AN SLABHRA SOLÁTHAIR ADHMAID AGUS TÁIRGÍ ADHMAID A FHÍORÚ
7.1
Prionsabail maidir le slabhra soláthair a fhíorú
7.2
Táirgí adhmaid a shainaithint
7.3
Faisnéis a dhearbhaíonn oibreoirí faoin slabhra soláthair
7.4
Táirgí allmhairithe adhmaid a fhíorú
7.5
Táirgí adhmaid faoi bhealach a fhíorú
7.6
Táirgí adhmaid coigistithe a fhíorú
7.7
Táirgí adhmaid a fhaightear ó thalamh faoi réir athrú úsáide a fhíorú
8.
DEIMHNIÚCHÁN PRÍOBHÁIDEACH A AITHINT
9.
CÁSANNA NEAMHCHOMHLÍONTA LAS A LÁIMHSEÁIL
10.
SÁSRAÍ CHUN GEARÁIN A LÁIMHSEÁIL
10.1
Réamhrá
10.2
Cuspóirí
10.3
Cineálacha sásraí láimhseála gearán
10.4
Sásraí agus prionsabal rialaithe a bhunú maidir le gearáin a láimhseáil
11.
SÁSRAÍ COMHAIRLIÚCHÁIN, RANNPHÁIRTÍOCHTA AGUS COMHORDAITHE A BHAINEANN LE LAS A CHUR CHUN FEIDHME
11.1
Comhchoiste Cur Chun Feidhme
11.2
An coiste teicniúil
11.3
Rúnaíocht idirinstitiúideach maidir le FLEGT‑VPA a chur chun feidhme
11.4
Straitéis náisiúnta i gcoinne na lománaíochta neamhdhleathaí agus a naisc le FLEGT‑VPA
12.
BEARTA DREASAITHE, CUR CHUN CINN, COSANTA AGUS MAOLAITHE A CEAPADH CHUN RÓL A THABHAIRT DO GHNÍOMHAITHE ÉAGSÚLA NA hEARNÁLA CHUN LAS A CHUR CHUN FEIDHME
Aguisín 1 Naisc sa slabhra soláthair (foraois péine)
Aguisín 2 Naisc sa slabhra soláthair (foraois leathanduilleach)
1.
RÉAMHRÁ
1.1
Comhthéacs ginearálta
Baineann an ráta dífhoraoisithe is airde ar domhan le Meiriceá Laidineach agus baineann ceann de na rátaí dífhoraoisithe bliantúla is airde sa réigiún le Hondúras. Tá raon cúiseanna leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoisí, go príomha go bhfuil an fheirmeoireacht fhairsing eallaigh agus an monashaothrú (amhail pailm ola) ag brú isteach, lománaíocht neamhdhleathach i bhfoirm glanta, dóiteáin foraoise agus lománaíocht neamh‑inbhuanaithe.
Bíonn drochthorthaí agus drochthionchair ann nuair a dhéantar lománaíocht neamhdhleathach agus nuair a thiontaítear foraois bháistí ina talamh feirme, mar a léirítear i scriosadh agus meath an bhforaoisí, agus mar thoradh orthu sin, laghdaítear an bhithéagsúlacht agus cuirtear teorainn le hathléimneacht nádúrtha éiceachóras foraoise. Tá caillteanas airgeadais ann freisin mar thoradh ar neamhíoc táillí agus imghabháil cánach.
1.2
Cuspóir Chóras Dearbhaithe Dlíthiúlachta Hondúras do Tháirgí Adhmaid (LAS)
Is é is cuspóir do LAS rialachas in earnáil foraoiseachta na tíre a fheabhsú, ach a áirithiú go gcomhlíonann na hoibreoirí uile sa slabhra soláthair foraoise an dlí ina iomláine.
Cumhdaítear leis an gcuspóir seo cearta úsáidte foraoise a shannadh, amhábhar a lománú, adhmad a iompar, príomhphróiseáil, próiseáil thánaisteach agus trádáil i dtáirgí adhmaid ar mhargaí intíre agus idirnáisiúnta araon, bunaithe ar an reachtaíocht reatha a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú agus ar chórais rialaithe rialtais atá ann cheana a fheabhsú.
1.3
Uirlisí agus eilimintí nua chun bainistíocht foraoisí a fheabhsú.
Cé gur príomhchuspóir den phróiseas idirbheartaíochta agus cur chun feidhme maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Saorálaí é adhmad dleathach a cheadú faoi FLEGT, ní hé an t‑aon toradh a bhfuil súil leis. Chun na ceadúnais sin a eisiúint, agus chun ionchais Hondúras agus an Aontais a chomhlíonadh maidir le rialachas foraoise a fheabhsú agus an trádáil san adhmad dleathach a chur chun cinn, is gá uirlisí nua a fhorbairt chun fíorú dlíthiúlachta a threisiú. Ar an gcúis sin, beartaítear leis an gComhaontú roinnt eilimintí nua agus nuálacha a bhfuiltear ag súil leis go mbeidh tionchar dearfach acu ar rialachas earnáil na foraoiseachta. Is éard atá sa tsraith eilimintí sin, atá i bhfeidhm nó atá le forbairt fós ná Córas Dearbhaithe Dlíthiúlachta Hondúras do Tháirgí Adhmaid. Áirítear leis na heilimintí sin, ar leibhéal eagrúcháin agus institiúideach araon na nithe seo a leanas go háirithe:
Sainmhíniú ar adhmad dleathach
(a)
Ceanglais dlí a bhunú, a áirítear sna maitrísí dlíthiúlachta, do na foinsí adhmaid ar fad a sholáthraíonn adhmad don mhargadh intíre, agus onnmhairí chuig ceann scríbe ar bith, lena n‑áirítear adhmad allmhairithe.
Rialuithe ar an slabhra soláthair
(b)
Garsprioc cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo: An Córas TF um Inrianaitheacht Adhmaid (SIRMA) a fhorbairt agus a chur chun feidhme: seiceáil agus rialuithe feabhsaithe ar thoirteanna adhmaid feadh an tslabhra soláthair, a bhuí le nasc le córais eile faisnéise (an córas inmheánach ICF agus na córais atá i bhfeidhm in institiúidí eile) agus a bhuí le malartú faisnéise le tíortha eile (meántéarma).
(c)
Malartú faisnéise agus crostagairt idir SIRMA agus Córas Uathoibríoch Hondúras um Ioncaim ó Chustaim (SARAH) (meántéarma).
(d)
Garsprioc cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo: Dícheall cuí a thabhairt isteach i gcás gach oibreora. Oibleagáid a chur sa chreat dlíthiúil lena laghdaítear go dtí an t‑íosmhéid an riosca a bhaineann le neamhchomhlíontacht oibreoirí, is cuma cibé a fhaightear an táirge go háitiúil nó thar lear (meántéarma).
Nósanna imeachta fíorúcháin
(e)
An reachtaíocht go léir a chuimsítear sna maitrísí dlíthiúlachta a chur i bhfeidhm níos déine (fadtéarma).
(f)
Rialuithe a threisiú maidir le lománaíocht i limistéir foraoise faoi réir pleananna tarrthála agus téarnaimh, go háirithe i gcás ina n‑éilítear iarrachtaí níos mó chun faireachán a dhéanamh ar feadh an tslabhra soláthair (fadtéarma).
(g)
An Córas Náisiúnta Faisnéise Foraoiseachta (SNIF) a chomhdhlúthú chun nasc éifeachtach agus iomchuí a chruthú le hinstitiúidí gaolmhara eile, agus chomh maith leis sin, chun ligean d’úsáideoirí rochtain a fháil ar fhaisnéis a bhfuil spéis acu inti (meántéarma).
(h)
Garsprioc cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo: Bunachar sonraí a chruthú agus a bhainistiú ar a mhéid nach gcomhlíonann oibreoirí ceanglais LAS (meántéarma).
(I)Garsprioc cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo: Iniúchadh dlíthiúlachta riosca‑bhunaithe a chur chun feidhme mar bhealach lena sheiceáil go gcomhlíonann gach oibreoir táscairí agus ceanglais LAS (meántéarma).
(j)
Garsprioc cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo: Deimhniú um chomhlíonadh dlí a chruthú – mar thoradh ar an iniúchadh dlíthiúlachta – mar chruthúnas ar cheanglais LAS a chomhlíonadh (meántéarma).
(k)
Deimhniú príobháideach deonach a aithint, faoi réir comhionannais leis na maitrísí dlíthiúlachta. Ag meabhrú ar na nósanna imeachta a leagtar amach i Roinn 8 den Iarscríbhinn seo, féadfar glacadh le deimhnithe dlíthiúlachta, bainistíochta foraoise agus/nó líne cúraim arna n‑eisiúint ag comhlachtaí deimhnithe creidiúnaithe mar fhianaise ar tháscairí dlíthiúlachta a chomhlíonadh go páirteach nó go hiomlán chun dúbláil na hoibre a sheachaint agus mar bhealach chun an fíorú sin a shimpliú (meántéarma).
Nósanna imeachta ceadúnúcháin FLEGT
(l)
Ceadúnais FLEGT a eisiúint, ag áirithiú go gcomhlíontar ceanglais LAS maidir le gach lasta adhmaid chuig an Aontas. Ní mór na ceanglais maidir le heisiúint ceadúnas H‑dlíthiúil a chomhlíonadh freisin i gcás adhmaid a onnmhairítear chuig tíortha eile (meántéarma).
Iniúchóireacht neamhspleách
(m)
Iniúchóireacht neamhspleách ar an gcóras, chun creidiúnacht gach eiliminte de LAS a áirithiú agus coigeartuithe a bheartú chun aon laigí a shainaithnítear a leigheas (meántéarma).
(n)
Garsprioc cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo: Rúnaíocht Idirinstitiúideach maidir le FLEGT‑VPA a chur chun feidhme (SIIAVA) a chruthú chun comhordú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí agus ionchur na n‑institiúidí éagsúla rialtais a bhfuil baint acu le LAS a fhorbairt agus a chur chun feidhme. Is éard a bheidh sa chomhlacht seo ná spás don idirphlé agus comhordú lena áirithiú, le chéile le comhlachtaí eile amhail an Coiste Teicniúil, go gcuirfear an Comhaontú seo chun feidhme go rathúil ar bhealach idirghníomhach meáite, ionas go mbeidh na páirtithe leasmhara go léir rannpháirteach, ar an eolas faoin rialachas foraoise agus tiomanta don rialachas foraoise a fheabhsú (ghearrthéarma).
(o)
Garsprioc cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo: Réamhchomhairliúchán Deonach Feasach (FPIC) a chur chun feidhme in earnáil na foraoiseachta, faoi fhorálacha an dlí chomhréire nuair a bheidh sé i bhfeidhm (meántéarma).
(p)
Dlús a chur leis na hiarrachtaí chun talamh foraoise gan teidil maoine a chur i lámha an stáit, agus béim a chur ar fhíorú a dhéanamh (“regularización” agus “saneamiento jurídico”) ar thalamh nach bhfuil faoi úinéireacht an Stáit agus a chumhdaítear faoi na conarthaí bainistíochta foraoise pobail arna n‑eisiúint ag ICF (fadtéarma).
(q)
Dlús a chur le hiarrachtaí chun tailte dúchasacha a chur faoi úinéireacht dhleathach phobail dhúchasacha Hondúras agus phobail Hondúras de shliocht na hAfraice (fadtéarma).
(r)
Treisiú a dhéanamh ar acmhainneacht institiúideach na hAireachta Fostaíochta agus Slándála Sóisialta (STSS) agus Institiúid Slándála Sóisialta Hondúras (IHSS), ach na hacmhainní riachtanacha a sholáthar dóibh chun na táscairí agus na modhanna fíoraithe sna maitrísí dlíthiúlachta a éascú agus a mhaoirsiú go héifeachtach (fadtéarma).
(s)
Fothú acmhainneachta i gcás oibreoirí ceirde san earnáil, i dtéarmaí comhlíonadh dlí (fadtéarma).
2.
DLÍTHIÚIL HONDÚRAS IS INFHEIDHME MAIDIR LE LAS
Tá eilimintí éagsúla sa chreat dlíthiúil le haghaidh táirgí adhmaid i Hondúras, lena n‑áirítear coinbhinsiúin agus conarthaí idirnáisiúnta (réigiúnacha agus seach‑réigiúnacha), Bunreacht na Poblachta, dlíthe tánaisteacha, rialacháin agus caighdeáin eile, arna gcur i bhfeidhm ag institiúidí áirithe rialtais ag brath ar a réimse inniúlachta. Bíonn na hinstitiúidí a bhfuil baint acu le LAS i gcomhairle lena chéile chun dlíthiúlacht tháirgí adhmaid Hondúras a fhíorú.
Tugtar tuairisc sna maitrísí dlíthiúlachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II agus thíos ar na príomhionstraimí dlí a bhaineann le heilimintí éagsúla den dlíthiúlacht agus de LAS, a fhíorófar sula n‑eiseofar gach ceadúnas FLEGT.
2.1
Coinbhinsiúin agus conarthaí idirnáisiúnta
−
Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair 169 maidir le Pobail Dhúchasacha agus Pobail Threibheacha i dTíortha Neamhspleácha.
−
An Coinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol.
−
Comhdháil na Náisiún Aontaithe ar Chomhshaol agus Forbairt.
−
Creat‑Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, agus Comhaontú Pháras 2015 go háirithe, arb é an phríomhionstraim idirnáisiúnta anois é chun déileáil leis an athrú aeráide.
2.2
Coinbhinsiúin agus conarthaí réigiúnacha
−
An Coinbhinsiún um Chaomhnú na Bithéagsúlachta agus um Chosaint Limistéar Nádúrtha i Meiriceá Láir. Is é is aidhm don choinbhinsiúin seo an éagsúlacht bhitheolaíoch talún agus mara a chaomhnú a mhéid is féidir i réigiún Mheiriceá Láir. Shínigh uachtaráin Phoblacht Chósta Ríce, na Salvadóire, Guatamala, Hondúras, Nicearagua agus Phanama é in Managua, Nicearagua in 1992.
−
Comhghuaillíocht Mheiriceá Láir um Fhorbairt Inbhuanaithe. Is straitéis réigiúnach é seo chun suimeanna, tionscnaimh forbartha, freagrachtaí agus comhchuibhiú ceart a chomhordú agus a chomhairliú, a shínigh uachtaráin agus ionadaithe Phoblachtaí na Beilíse, Chósta Ríce, na Salvadóire, Guatamala, Hondúras, Nicearagua agus Phanama in 1994.
−
An Coinbhinsiún Réigiúnach um Éiceachórais Nádúrtha Foraoise a Bhainistiú agus a Chaomhnú agus um Plandálacha Foraoise a Fhorbairt. Is é is aidhm don choinbhinsiún seo sásraí náisiúnta agus réigiúnacha a chur chun cinn chun athruithe a sheachaint san úsáid a bhaintear as limistéir ar a bhfuil clúdach foraoise atá suite ar thalamh a bhfuil acmhainneacht foraoiseachta ann agus chun limistéir dhífhoraoisithe a théarnamh. Shínigh uachtaráin Phoblachtaí Chósta Ríce, na Salvadóire, Guatamala, Hondúras, Nicearagua agus Phanama i gCathair Ghuatamala, Guatamala in 1993 é.
2.3
Reachtaíocht náisiúnta maidir le hacmhainní nádúrtha a bhainistiú go hinbhuanaithe
−
Foraithne Uimh. 131‑1982, Bunreacht Phoblacht Hondúras.
−
Foraithne Uimh. 181‑2009, Dlí Ginearálta maidir le huiscí.
2.4
Reachtaíocht náisiúnta maidir le cúrsaí saothair
−
Comhaontú Uimh. 101‑JD‑71, Rialachán Cur Chun Feidhme don Dlí maidir le slándáil shóisialta.
2.5
Reachtaíocht náisiúnta maidir le cánacha stáit agus bardasacha a íoc le haghaidh táirgí adhmaid a onnmhairiú
−
Foraithne Uimh. 170‑2016, An Cód Cánach.
−
Foraithne Uimh. 194‑2002, Dlí maidir le cothromaíocht airgeadais agus cosaint shóisialta.
−
Rún Uimh. 223‑2008 maidir le Cód Custaim Aonfhoirmeach Mheiriceá Láir (CAUCA).
−
Comhaontú ón Aireacht Airgeadais Uimh. 0630, Rialachán Cur Chun Feidhme don dlí maidir le hioncam airgeadra eachtraigh ó onnmhairí.
2.6
Reachtaíocht náisiúnta maidir le nósanna imeachta riaracháin, sásraí trédhearcachta agus rannpháirtíocht an phobail
−
Foraithne Uimh. 170‑2006, Dlí maidir le trédhearcacht agus rochtain ar fhaisnéis phoiblí.
−
Foraithne Uimh. 152‑1987, Dlí maidir le nósanna imeachta riaracháin agus a rialachán cur chun feidhme.
2.7
Reachtaíocht náisiúnta arna cur i bhfeidhm ag na hoifigigh bhreithiúnacha
−
Foraithne Uimh. 144‑1983, Cód pionósach Hondúras.
3.
EILIMINTÍ DE LAS
Cuimsítear na nithe seo a leanas le LAS:
(1)
Sainmhíniú ar adhmad dleathach lena mbunaítear go soiléir na gnéithe den dlí a lorgóidh Córas Dearbhaithe Dlíthiúlachta Hondúras do Tháirgí Adhmaid cruthúnas comhlíonta go córasach ina leith, beag beann ar an margadh atá beartaithe do na táirgí.
(2)
Rialuithe ar an slabhra soláthair chun adhmad a rianú ó oibríochtaí foraoise nó ón bpointe allmhairiúcháin go dtí an nasc deireanach sa slabhra soláthair.
(3)
Nósanna imeachta fíorúcháin chun comhlíonadh gach gné den sainmhíniú dlíthiúlachta agus rialuithe ar an slabhra soláthair a áirithiú agus a dhoiciméadú;
(4)
Nósanna imeachta chun ceadúnais FLEGT a eisiúint do tháirgí adhmaid atá beartaithe don Aontas.
(5)
Iniúchóireachtaí neamhspleácha chun a áirithiú go bhfuil an córas chomh héifeachtach agus chomh héifeachtúil agus ba cheart dó a bheith, mar a chomhaontaigh na Páirtithe.
3.1
Sainmhíniú ar dhlíthiúlacht
Sainmhínítear dlíthiúlacht adhmaid faoin gComhaontú seo in Iarscríbhinn II. Tá dlúthnasc idir an Iarscríbhinn seo agus na hIarscríbhinní eile mar chuid de Chóras Dearbhaithe Dlíthiúlachta Hondúras do Tháirgí Adhmaid (LAS). Áirítear leis sainmhíniú ar na ceanglais dhlíthiúla a chuirtear i bhfeidhm faoin gComhaontú Comhpháirtíochta Saorálaí agus a nasctar leis na dúshláin a ghabhann leis an rialachas foraoise a shainaithin na gníomhaithe san earnáil in idirphlé náisiúnta.
Soláthraítear leis an sainmhíniú mionsonraithe ar dhlíthiúlacht sna maitrísí dlíthiúlachta an bonn chun seiceáil a dhéanamh ar chomhlíonadh oibreoirí éagsúla an tslabhra soláthair leis na táscairí, na modhanna fíoraithe agus na ceanglais inrianaitheachta agus soláthraítear bonn don fhaireachán agus an rialú faoi seach a dhéanann na hinstitiúidí ábhartha. Áirithítear le hiniúchóireachtaí neamhspleácha go bhfuil an córas chomh héifeachtach agus chomh héifeachtúil agus ba cheart dó a bheith.
3.2
Fíorú ar chomhlíonadh an tsainmhínithe dlíthiúlachta
Fíorú dlíthiúlachta:
−
áirithítear go bhfuil táirgí adhmaid dleathach. Ciallaíonn sin a sheiceáil gur chomhlíon na hoibreoirí na táscairí uile a chuimsítear sna maitrísí dlíthiúlachta ina réimse inniúlachta in earnáil na foraoiseachta,
−
áirithítear go bpróiseáiltear cásanna neamhchomhlíontachta agus go gcuirtear bearta ceartaitheacha nó coisctheacha i bhfeidhm,
−
éilítear cruthúnas aonchiallach go gcomhlíonann táirgí adhmaid agus gníomhaíochtaí lena mbaineann na ceanglais a bhunaítear sa sainmhíniú ar dhlíthiúlacht,
−
léirítear comhlíonadh ach seiceálacha fisiciúla agus doiciméadacha a dhéanamh agus seiceálacha a dhéanamh ar fhaisnéis agus sonraí a bhailítear go córasach arna bhfíorú ag pointí éagsúla feadh an tslabhra soláthair,
−
doiciméadaítear nósanna imeachta agus comhdaítear fianaise chun gur féidir leis an údarás ceadúnúcháin rochtain a fháil ar dhlíthiúlacht lastais sula n‑eisítear ceadúnas FLEGT nó H‑Dlíthiúil, agus
−
déantar róil agus freagrachtaí na n‑institiúidí uile a bhfuil baint acu leis an bpróiseas fíorúcháin a shainiú agus a dhoiciméadú go soiléir.
Beidh modheolaíochtaí agus modhanna i bhfeidhm ag Stát Hondúras, trína saininstitiúidí agus lámhleabhar fíorúcháin arna fhormheas ag an gComhchoiste Cur chun feidhme (JIC) chun a sheiceáil go gcomhlíonann gníomhaithe agus oibreoirí éagsúla na hearnála na ceanglais dhlíthiúla. Tugtar na modheolaíochtaí agus na modhanna fíoraithe sin isteach i Roinn 6.1.4 den Iarscríbhinn seo.
Foráiltear leis an gcóras go mbraithfear lochtanna agus cásanna neamhchomhlíontachta, go ngearrfar pionóis i gcás inarb infheidhme, go molfar bearta ceartaitheacha riachtanacha i gcás inarb iomchuí, agus dearbhaítear leis go ndéanfar bearta chun na lochtanna sin a réiteach.
Tá uirlisí agus prótacail TF ag na hinstitiúidí a bhfuil baint acu le LAS chun comhlíonadh na dtáscairí sna maitrísí dlíthiúlachta a fhíorú, a dtugtar tuairisc níos mionsonraithe orthu i Roinn 4 den Iarscríbhinn seo.
Cuimsítear leis an bhfíorú dlíthiúlachta gníomh ar an talamh, mar shampla, cigireachtaí maoirseachta agus iniúchóireacht theicniúil, mar aon le gnáthchigireachtaí chun comhlíonadh le caighdeáin theicniúla agus riaracháin a fhíorú, a dhéanann na húdaráis ábhartha ag brath ar an gcineál táscaire atá i gceist.
Déantar cigireachtaí cois bóthair agus ag seicphointí freisin le tacaíocht ó na hoifigigh bhreithiúnacha agus i gcomhar leis na húdaráis forfheidhmithe dlí (fórsaí armtha Hondúras, na póilíní náisiúnta coisctheacha, MP, PGR) chun comhlíonadh an dlí a sheiceáil maidir táirgí adhmaid a iompar, agus tuairiscítear i gcónaí do na húdaráis inniúla d’fhonn na bearta is gá a dhéanamh.
Déanann eagraíochtaí na sochaí sibhialta (i.e. Comhairlí Comhairleacha Foraoiseachta) formhaoirseacht shóisialta i gcomhpháirt lena áirithiú go gcomhlíontar na rialacha teicniúla agus riaracháin lena rialaítear forghníomhú pleananna bainistíochta, pleananna oibriúcháin agus ceadúnas eile lománaíochta. Féadfaidh na Comhairlí Comhairleacha Foraoiseachta a gcuid torthaí agus moltaí a thuairisciú do SIIAVA, Comhchoiste Cur Chun Feidhme FLEGT‑VPA nó a bhrainsí teicniúla, roinn iniúchóireachta neamhspleáiche an Chomhaontaithe seo, agus an pobal i gcoitinne.
Bunófar minicíocht an fhíorúcháin ach cur chuige riosca‑bhunaithe a úsáid, agus cuirfear san áireamh inniúlachtaí agus freagrachtaí na n‑institiúidí poiblí a bhfuil baint acu leis an slabhra soláthair agus taifid riaracháin (fíneálacha, gearáin agus eile) a thugann riosca neamhdhleathachta le fios. Cuirtear na rioscaí sin san áireamh d’oibreoirí foraoise agus do na soláthraithe seirbhíse iad féin freisin. Tugtar tuairisc sa lámhleabhar fíorúcháin dlíthiúlachta, a thugtar isteach i Roinn 6.1 den Iarscríbhinn seo, ar mhinicíocht an fhíoraithe a dhéanfaidh na hinstitiúidí éagsúla poiblí.
Na hinstitiúidí atá freagrach as dlíthiúlacht a fhíorú, coinneoidh siad comhaid de na modhanna fíoraithe agus beidh doiciméid dhigiteacha agus cóipeanna crua araon (íomhánna de dhoiciméid, faisnéis gheografach, etc.) sna comhaid sin. Beidh seicheamh croineolaíoch d’fhíricí doiciméadaithe sna comhaid sin. Chun críocha slándála, coimeádfaidh institiúidí rialtais cóip dhigiteach de na comhaid sin mar chúltaca. Is comhaid phoiblí iad na comhaid sin go léir, i gcomhréir le hIarscríbhinn IX, a mhéid a mheasann an dlí maidir le trédhearcacht agus rochtain ar fhaisnéis phoiblí gur faisnéis phoiblí iad.
Is príomhchéim de tháirgí adhmaid a onnmhairiú é an comhlíonadh dlí a sheiceáil, lena n‑áirítear ceadúnais FLEGT agus H‑Dlíthiúil a eisiúint, mar go soláthraíonn sé cruthúnas ar chomhlíonadh.
3.3
Rialuithe ar an slabhra soláthair
Tá inrianaitheacht adhmaid ar cheann de cheanglais LAS, i gcomhréir le creat dlíthiúil Hondúras. Tá uirlisí um faireachán a dhéanamh ar an slabhra soláthair ag ICF, mar shampla, SNIF agus SIRMA, i measc nithe eile. Tá an dá chóras i bhfeidhm cheana féin, ach tá modúil nua beartaithe, i gcomhréir leis na ceanglais a bhunaítear faoin gComhaontú seo. Meastar dá bhrí sin go bhfuil siad á dtógáil, agus áirítear leis na bearta forlíontacha in Iarscríbhinn VIII roinnt feidhmeanna a fhorbairt.
Is é an pointe tosaigh chun faireachán a dhéanamh ar an slabhra soláthair an ceadúnas lománaíochta i gcás adhmad a leagtar i Hondúras, agus an Dearbhú Custaim Aonair i gcás adhmad a allmhairítear isteach i Hondúras.
Is iad ceadúnais lománaíochta, ceadanna iompair agus billí iompair, tuarascálacha táirgeachta, tuarascálacha ionchuir agus aschuir agus seachadta do shonraisc a údaraíonn SAR, chomh maith le Dearbhuithe Custaim Aonair, na príomhdhoiciméid chun faireachán a dhéanamh ar shreabhadh táirgí adhmaid faoi LAS. Taifeadfar na doiciméid sin in SNIF agus in SIRMA, a luaithe a fhorbrófar na córais ina n‑iomláine, rud a fhágfaidh go mbeidh sé indéanta an toirt adhmaid atá i ngach céim den slabhra soláthair a ríomh, mar a thuairiscítear i Roinn 7.1.
Baineann na húdaráis úsáid as dhá mhodh chun sonraí a fhíorú: bailíochtú agus réiteach. Is éard atá i gceist leis an mbailíochtú na sonraí a ghineann oibreoir a chur i gcomparáid agus a chur i gcodarsnacht leis na sonraí a bhailíonn ionadaithe rialtais, mar a thaispeántar i gcolún 3.1 d’Aguisíní 1 agus 2 a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
Is éard atá i gceist leis an réiteach sonraí na sonraí a thuairiscítear idir céim amháin den slabhra soláthair agus an chéad chéim eile a chur i gcomparáid lena chéile agus anailís a dhéanamh orthu chun difríochtaí a bhrath lena léirítear go bhfuil adhmad nár seiceáladh nó adhmad neamhdhleathach ann. Cuirtear an réiteach sonraí i láthair i gcolún 3.2 d’Aguisíní 1 agus 2 a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
Tá ról cinntitheach ag maoirseacht cheart agus ag nósanna imeachta atá sainmhínithe go soiléir maidir le bailíochtú agus réiteach a chur i bhfeidhm ag gach céim den slabhra soláthair chun a áirithiú go bhfuil an t‑adhmad a ghluaiseann ó phointe amháin go pointe eile dleathach, agus ar an gcaoi sin, ní éillítear adhmad a scaiptear go dleathach le hadhmad ó fhoinsí nár seiceáladh nó ó fhoinsí neamhdhleathacha.
3.4
Próiseas ceadúnúcháin FLEGT agus H‑dlíthiúil
Eisítear ceadúnais FLEGT agus H‑Dlíthiúil tar éis fíorú dearfach agus dochloíte go gcomhlíontar na ceanglais go léir maidir le sainmhíniú ar dhlíthiúlacht agus faireachán a dhéanamh ar an slabhra soláthair i gcomhair táirgí adhmaid.
Is é an ceadúnas FLEGT an ceanglas éigeantach deiridh i gcomhair táirgí adhmaid a áirítear ar liosta na dtáirgí a chomhaontaigh na páirtithe, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo, lena n‑onnmhairiú ó Hondúras chuig aon tír san Aontas. Maidir le honnmhairí chuig tíortha lasmuigh den Aontas, déantar an fíorú dlíthiúlachta céanna. Is é an difríocht atá ann go n‑éilítear ceadúnas H‑Dlíthiúil, seachas ceadúnas FLEGT.
Tugtar tuairisc in Iarscríbhinn IV ar an nós imeachta chun ceadúnais FLEGT a eisiúint. Cuireann an t‑onnmhaireoir an ceadúnas FLEGT isteach le haghaidh imréiteach custaim agus é ag onnmhairiú chuig an Aontas, agus cuireann sé isteach an ceadúnas H‑Dlíthiúil agus é ag onnmhairiú chuig margaí nach margaí de chuid an Aontais iad, mar aon leis an doiciméadacht eile a éilíonn an tÚdarás Custaim.
3.5
Iniúchóireacht neamhspleách
Is eilimint fhíor‑riachtanach de LAS í an iniúchóireacht neamhspleách toisc go gcothaíonn sí creidiúnacht an chórais. Seiceáiltear leis an iniúchóireacht neamhspleách go bhfuil na sásraí a chuirtear chun feidhme laistigh de LAS chun dlíthiúlacht gach céime den slabhra soláthair i dtáirgí adhmaid a léiriú (lena n‑áirítear lománaíocht, iompar, próiseáil phríomha, próiseáil thánaisteach agus trádáil) ag feidhmiú, agus go gcomhlíonann siad na ceanglais go léir maidir leis an slabhra soláthair agus na forálacha a leagann údarás ceadúnúcháin FLEGT agus H‑Dlíthiúil síos.
Is cuid de LAS an iniúchóireacht neamhspleách agus caithfear í a dhéanamh sula dtosaítear an ceadúnú FLEGT. Déanfar sainiú níos mionsonraithe ar nósanna imeachta iniúchóireachta agus a gcur chun feidhme le linn chéim ullmhúcháin agus eagrúcháin an Chomhaontaithe seo.
Sainítear raon feidhme agus prionsabail na n‑iniúchtaí sna téarmaí tagartha le haghaidh na hiniúchóireachta neamhspleáiche in Iarscríbhinn VI.
4.
CREAT INSTITIÚIDEACH AGUS RÓL NA nGNÍOMHAITHE ATÁ PÁIRTEACH IN LAS A CHUR CHUN FEIDHME
Tugtar tuairisc sa roinn seo ar ról na ngníomhaithe éagsúla atá páirteach in LAS a chur chun feidhme. Tugtar tuairisc ar an gcaoi, de réir a bhfreagrachtaí faoi seach, a dtacaíonn siad le ceanglais an Chomhaontaithe seo nó a gcuireann siad na ceanglais chun feidhme go praiticiúil, nó a ndéanann siad an fíorú riachtanach chun comhlíonadh na gceanglas sin a áirithiú, agus tugtar tuairisc freisin ar an gcaoi a dtéann siad i gcomhairle lena chéile agus a gcomhlánaíonn siad a chéile chun dlíthiúlacht táirgí adhmaid a áirithiú.
Le haghaidh chéim ullmhúcháin agus eagrúcháin an Chomhaontaithe seo, ní mór d’institiúidí, oibreoirí san earnáil phríobháideach agus an tsochaí shibhialta, lena n‑áirítear eagraíochtaí agrafhoraoiseachta agus ionadaithe do Phobail Dhúchasacha Hondúras agus do Phobail Hondúras de shliocht na hAfraice, athbhreithniú criticiúil a dhéanamh ar a n‑acmhainneacht i bhfianaise a bhfreagrachtaí maidir le fíorú dlíthiúlachta agus comhlíonadh. Pléitear na gnéithe ar fad den fhothú acmhainneachta teicniúla agus institiúide a luaitear sa chuid seo in Iarscríbhinn VIII.
Teastaíonn leibhéal ard oiliúna agus fothaithe acmhainneachta maidir leis an eolas agus an bhainistíocht chuí ar an bpróiseas iomlán a theastaíonn chun LAS a chur chun feidhme, na spriocanna institiúideacha don rannpháirtíocht agus dea‑chleachtas, freagracht gach gníomhaire atá bainteach leis agus comhordú ceart idirinstitiúideach. Ar an gcúis sin, áirítear bearta forlíontacha in Iarscríbhinn VIII chun acmhainneacht na ngníomhaithe a bhfuil baint acu leis an gComhaontú seo a fhothú.
Leagtar amach i Roinn 11 den Iarscríbhinn seo na comhlachtaí comhordúcháin, mar shampla, an Rúnaíocht Idirinstitiúideach maidir le FLEGT‑VPA a chur chun feidhme, a chruthófar nó a choinneofar ar bun chun LAS a chur chun feidhme. D’fhonn na comhaontuithe institiúideacha maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo a athdhearbhú, tabharfar meabhrán tuisceana amháin nó níos mó chun críche idir institiúidí na hearnála poiblí, ina mbeidh na hinstitiúidí seo a leanas páirteach ar a laghad: An Institiúid Náisiúnta um Fhoraoisí a Chaomhnú agus a Fhorbairt, Limistéir faoi Chosaint agus Fiadhúlra (ICF); Seirbhís Riaracháin na gCoimisinéirí Ioncaim (SAR); Cumann Bhardais Hondúras (AMHON); an Institiúid Réadmhaoine (IP); an Institiúid Náisiúnta Talúntais (INA); an Rúnaíocht Stáit san Aireacht Fostaíochta agus Slándála Sóisialta (STSS); Institiúid Hondúras um Shlándáil Shóisialta (IHSS); an Rúnaíocht Stáit san Aireacht Fuinnimh, Acmhainní Nádúrtha, Comhshaoil agus Mianach (MiAmbiente); an Rúnaíocht Stáit san Aireacht Talmhaíochta agus Beostoic (SAG); an Fho‑stiúrthóireacht um Ioncam ó Chustaim (DARA); na póilíní náisiúnta coisctheacha, atá freagrach don Rúnaíocht Stáit san Aireacht Slándála (SSN); Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí (MP); Oifig an Ard‑Aighne (PGR); an Chúirt Uachtarach Bhreithiúnais (CSJ); fórsaí armtha Hondúras, atá freagrach don Rúnaíocht Stáit san Aireacht Cosanta Náisiúnta (SEDENA); Stiúrthóireacht Náisiúnta Phobail Dhúchasacha Hondúras agus Phobail Hondúras de shliocht na hAfraice (DINAFROH); an Institiúid um Rochtain ar fhaisnéis phoiblí (IAIP); agus an Coimisiún Náisiúnta um Chearta an Duine (CONADEH).
Bunófar comhaontuithe comhair freisin chun comhordú iomchuí idir na hinstitiúidí sin a áirithiú, a bheidh bunaithe ar shamplaí de chomhaontuithe reatha agus a leanfaidh na samplaí sin, mar shampla, an Comhaontú Idirinstitiúideach um Dhlisteanú agus Úinéireacht Talún, arna shíniú ag INA, IP agus ICF i mí Dheireadh Fómhair 2015.
Nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil an easpa úinéireachta sainithe ar cheann de na bunchúiseanna leis an rialachas lag forleathan atá le sonrú in earnáil na foraoiseachta, déileálfar le fo‑ábhair an Chomhaontaithe seo i ndáil le húinéireacht agus dlisteanú talún in Iarscríbhinn II maidir le maitrísí dlíthiúlachta, ina liostáiltear go sonrach táscairí ar an ábhar seo, agus in Iarscríbhinn VIII maidir le bearta forlíontacha agus tacaíochta, faoina mbunaítear plean speisialta um dhlisteanú talún, mar a chomhaontaigh na Páirtithe chun reachtaíocht a bhrostú de réir na dtosaíochtaí a shainítear sa Chomhaontú seo.
Dírítear leis an bplean speisialta um dhlisteanú talún ar úinéireacht limistéar foraoise náisiúnta agus limistéar faoi chosaint. I gcás na limistéar faoi chosaint, ní dhéileáiltear ach le criosanna maolánacha mar a gceadaítear an lománaíocht foraoise don Stát chun an deimhneacht dhlíthiúil is gá a áirithiú agus chun bunús a sholáthar do na conarthaí bainistíochta foraoise pobail a síníodh nó atá le síniú leis na pobail a chónaíonn sna limistéir sin. Foráiltear freisin maidir le tabhairt i gcrích conarthaí daoine a bhfuil cearta úsáide d’úsáideoirí nó d’áititheoirí na talún sin. Is ionstraim dlí é an conradh cirt úsáide lena soláthraítear, agus an talamh á choimeád faoi úinéireacht an Stáit, deimhneacht dhlíthiúil do na háititheoirí d’fhonn tairbhí airgeadais, éiceolaíocha agus sóisialta a bhaint as lena bhfeabhsaítear cáilíocht na beatha agus úsáid réasúnach acmhainní nádúrtha i gcomhréir leis an reachtaíocht reatha. Is é cuspóir na ngníomhaíochtaí sin rialachas foraoise agus pleanáil úsáide talún a neartú.
Maidir le cúrsaí úinéireachta talún, an próiseas dlisteanaithe agus príomhról na dtrí institiúid a luaitear – INA, IP agus ICF – caithfear béim a chur ar an gcomhordú idir iadsan agus Institiúid Hondúras um Chaife (IHCAFE), arb é an aidhm leis an toradh socheacnamaíoch a ghineann saothraithe caife Hondúras a mhéadú ach iomaíochas an tslabhra táirgeachta caife a fheabhsú.
Ní mór don chomhordú idir na ceithre institiúid sin díriú ar thuiscint a bhaint amach ar an bpróiseas chun teidil maoine a eisiúint do tháirgeoirí caife i limistéir foraoise náisiúnta ar bhealach a urramaíonn talamh foraoise, limistéir faoi chosaint agus dobhardhromanna chun nach n‑eiseofar teidil mhaoine nua a mbeadh tuilleadh scriosta agus meath na foraoise agus an chomhshaoil mar thoradh orthu.
4.1
Gníomhaithe atá páirteach in LAS a chur chun feidhme
As na hinstitiúidí rialtais a bhfuil baint dhíreach acu le LAS a chur chun feidhme, agus in ord tábhachta, is é an ICF, mar cheannaire an phróisis, an institiúid maoirseachta foraoiseachta atá ag gníomhú mar sheiceadóir an bheartais náisiúnta maidir le foraoisí, limistéir faoi chosaint agus fiadhúlra a chaomhnú agus a fhorbairt. Dírítear lena ghníomhaíochtaí ar acmhainní foraoise, limistéir faoi chosaint agus fiadhúlra a riar agus a bhainistiú – lena n‑áirítear a chosaint, a athchóiriú, a lománú, a chaomhnú agus a chur chun cinn – d’fhonn an fhorbairt inbhuanaithe a spreagadh agus mar sin, tacú le leasanna sóisialta, eacnamaíocha, comhshaoil agus cultúrtha na tíre.
Liostaítear na hinstitiúidí eile a bhfuil baint dhíreach acu le LAS a chur chun feidhme i Roinn 4.2, agus cuirtear in ord iad de réir líon na dtáscairí agus na modhanna fíoraithe a bhfuil siad freagrach astu faoi na maitrísí dlíthiúlachta, i dtéarmaí, i measc gnéithe eile, cánacha a chlárú agus a rialú, ceart maoine, slándáil shóisialta agus an chomhshaoil. Tabharfar sa lámhleabhar fíorúcháin arna fhormheas ag JIC, mar a bunaíodh in Iarscríbhinn II, an tuairisc agus na táscairí sna maitrísí dlíthiúlachta a bhfuil gach institiúid freagrach astu, agus na hacmhainní a theastaíonn do gach ceann acu.
Tá baint ag na hinstitiúidí agus ag na gníomhaithe seo a leanas le LAS freisin:
Tá na hoifigigh bhreithiúnacha (CSJ) agus na húdaráis forfheidhmithe dlí (póilíní coisctheacha náisiúnta, fórsaí armtha Hondúras, PGR agus MP) freagrach as cosc, rialú agus forfheidhmiú an dlí. Déileálann IAIP le hábhair a bhaineann le faisnéis phoiblí agus trédhearcacht.
Tuairiscíonn Stiúrthóireacht Náisiúnta na bPobal Dúchasach agus Phobal Hondúras de Shliocht na hAfraice (DINAFROH) don Aireacht um Chuimsiú Sóisialta (SEDIS) agus féachann sí le cáilíocht saoil dhaonra dúchasach Hondúras agus dhaonra Hondúras de shliocht na hAfraice a fheabhsú ach forbairt tháirgiúil eacnamaíoch, chultúrtha, pholaitiúil agus shóisialta a dhéanamh.
Is oibreoirí príobháideacha foraoiseachta iad oibreoirí a dhéanann gníomhaíochtaí ar feadh an tslabhra soláthair adhmaid, a chomhlíonann na táscairí sna maitrísí dlíthiúlachta agus a chomhdaíonn na doiciméid riachtanacha tacaíochta. Déanann siad na seiceálacha riachtanacha is gá chun dlíthiúlacht an adhmaid a phróiseálann siad a áirithiú, agus tá siad faoi réir sásraí fíorúcháin dlíthiúlachta a chuireann na hinstitiúidí éagsúla Stáit chun feidhme, ag brath ar a n‑inniúlachtaí. Cuimsítear leis an ngrúpa sin oibreoirí daoine nádúrtha agus daoine dlítheanacha ar leo foraois; micreaghnólachtaí foraoiseachta, gnólachtaí beaga, meánmhéide agus móra foraoiseachta; lománaithe tionsclaíocha; comhlachtaí príobháideacha deimhniúcháin; grúpaí pobail, etc. Caithfidh na hoibreoirí sin toiliú freisin le formhaoirseacht shóisialta a dhéanfaidh eagraíochtaí na sochaí sibhialta trí na Comhairlí Comhairleacha Foraoiseachta i gcomhar le hinstitiúidí Stáit.
Áirítear le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, chun críocha an Chomhaontaithe seo, Comhairlí Comhairleacha Foraoiseachta a oibríonn ar leibhéal pobail, bardasach, réigiúnach agus náisiúnta, eagraíochtaí forbartha neamhrialtasacha, agus eagraíochtaí eile atá ina rannpháirtithe gníomhacha sa mhaoirseacht ar acmhainní foraoise agus a dtionchar ar an daonra agus a dhéanann formhaoirseacht shóisialta ar ghníomhaíochtaí údarás agus oibreoirí araon. Chun sin a dhéanamh, úsáideann siad na nósanna imeachta agus na prótacail a dtugtar tuairisc orthu i Roinn 10.3 den Iarscríbhinn seo chun gearáin a láimhseáil.
Tá baint ag Pobail Dhúchasacha Hondúras agus Pobail Hondúras de Shliocht na hAfraice, trína gcomhlachtaí bainistíochta agus eagraíochtaí, le formhaoirseacht shóisialta agus le sásraí agus nósanna imeachta a chur chun feidhme le haghaidh réamhchomhairliúchán deonach feasach. Is tairbhithe iad de na próisis dlisteanaithe le haghaidh tailte foraoise a reáchtálann saininstitiúidí rialtais chun a n‑éileamh sinsearachta ar thalamh a aithint. Nuair a bhíonn Pobail Dhúchasacha Hondúras agus Pobail Hondúras de Shliocht na hAfraice páirteach i ngníomhaíochtaí tráchtála foraoiseachta mar oibreoirí, bíonn siad faoi réir nósanna imeachta LAS.
4.2
Institiúidí stáit
Tá baint dhíreach ag deich n‑institiúid rialtais le maitrísí dlíthiúlachta an Chomhaontaithe seo. Chun eisiúint deimhnithe um chomhlíonadh a éascú do na hoibreoirí go léir a chomhlíonann na táscairí sna maitrísí dlíthiúlachta agus ceanglais LAS, soláthróidh na hinstitiúidí go léir a bhfuil baint acu leis an gComhaontú seo faisnéis d’Aonad um Fhíorú Dlíthiúlachta ICF maidir le comhlíonadh na dtáscairí faoina gcúram. Baineann an oibleagáid sin le comhlachtaí éagsúla ICF freisin.
Seo a leanas cur i láthair de gach ceann de na hinstitiúidí a bhfuil baint acu leis na maitrísí dlíthiúlachta, arna miondealú de réir líon na dtáscairí agus na modhanna fíoraithe atá faoina gcúram.
4.2.1
An Institiúid Náisiúnta um Fhoraoisí a Chaomhnú agus a Fhorbairt, Limistéir faoi Chosaint agus Fiadhúlra (ICF)
Is é ICF an institiúid maoirseachta d’earnáil na foraoiseachta; gníomhaíonn sé mar sheiceadóir beartais náisiúnta maidir le foraois, limistéir faoi chosaint agus fiadhúlra a chaomhnú agus a fhorbairt agus tá údarás aige cláir, tionscadail agus pleananna a fhoirmiú agus na haonaid riaracháin theicniúla agus oibríochta is gá a chruthú chun cuspóir agus aidhmeanna Dlí Foraoiseachta Hondúras a chomhlíonadh. Tá feidhmeanna aige freisin a bhaineann le dlíthe eile a fhorfheidhmiú, lena n‑áirítear dlíthe maidir le maoin, uisce agus an comhshaol.
Dírítear le gníomhaíocht ICF ar acmhainní foraoise, limistéir faoi chosaint agus fiadhúlra a riar agus a bhainistiú, lena n‑áirítear iad a chosaint, a athchóiriú, a úsáid go táirgiúil, a chaomhnú agus a chur chun cinn, rud a chothaíonn an fhorbairt inbhuanaithe de réir mar is iomchuí do leasanna sóisialta, eacnamaíocha, comhshaoil agus cultúrtha na tíre.
4.2.2
Seirbhís Riaracháin na gCoimisinéirí Ioncaim (SAR)
Chun cánacha a chlárú agus a rialú, oibríonn Seirbhís Riaracháin na gCoimisinéirí Ioncaim (SAR) i gcomhordú láraithe le ICF lena áirithiú go gcomhlíonann oibreoirí sa slabhra táirgeachta foraoiseachta a n‑oibleagáidí cánach.
De réir na maitrísí dlíthiúlachta, baineann príomhchumhachtaí SAR – a tháinig i gcomharbacht ar an mBord Bainistíochta um Ioncam (DEI) – le rialacháin náisiúnta agus idirnáisiúnta cánach a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú agus bainistíocht a dhéanamh ar bhailiú na ndleachtanna agus na muirear a bhunaítear faoi dhlíthe éagsúla.
4.2.3
Bardais
Is iad na húdaráis bhardasacha na comhlachtaí rialachais agus riaracháin dá mbardais faoi seach, agus is é is aidhm dóibh folláine na gcónaitheoirí áitiúla a áirithiú, forbairt chomhtháite a chur chun cinn agus an comhshaol a chosaint.
Tá dhá ról ag bardais in LAS: ar an gcéad dul síos, a n‑oibleagáidí sna maitrísí dlíthiúlachta mar úinéirí talún bardasaí foraoise a chomhlíonadh, agus ar an dara dul síos, mar údaráis rialtais áitiúil, cánachas bardasach a fhorbairt agus a fhorfheidhmiú. Tá an Córas Riaracháin Cánach agus Airgeadais (SAFT) ag na bardais, uirlis a sholáthraíonn faisnéis iomlán ar airgeadas bardasach mar aon le héascú a dhéanamh ar an bpróiseas inmheánach rialaithe.
4.2.4
An Institiúid Réadmhaoine (IP)
Is institiúid rialtais díláraithe é IP ag a bhfuil cumhachtaí chun réadmhaoin agus úinéirí réadmhaoine a chlárú agus a aithint ar fud na tíre ar fad; dá bhrí sin, déanann sé cothabháil ar an gclár náisiúnta de na hachtanna agus de na gníomhais ar fad a bhaineann le réadmhaoin agus úinéireacht a chlárú, lena n‑áirítear cearta maoine a liostú, a aithint, a tharchur, a aistriú, a mhodhnú, a chealú agus cáin a ghearradh orthu.
4.2.5
An Aireacht Fostaíochta agus Slándála Sóisialta (STSS)
Tá freagracht fhoriomlán ar STSS as beartas fostaíochta agus córais cosanta sóisialta maidir le leas agus slándáil shóisialta d’oibrithe agus d’fhostóirí.
4.2.6
Institiúid Hondúras um Shlándáil Shóisialta (IHSS)
Is eintiteas féinrialaitheach í Institiúid Hondúras um Shlándáil Shóisialta, ag a bhfuil pearsantacht dhlítheanach agus a sócmhainní féin, atá neamhspleách ar an údarás náisiúnta cánach. Ó cruthaíodh í, tá sí freagrach as seirbhísí slándála sóisialta a threorú, a stiúradh, a sholáthar agus a riar do phobal oibre Hondúras. Faoi Bhunreacht na Poblachta, tá sé d’oibleagáid ar an Rialtas, ar fhostóirí agus ar oibrithe cabhrú leis an gcóras slándála sóisialta a chistiú, a fheabhsú agus a fhorbairt.
Tá slándáil shóisialta an lucht oibre i Hondúras ag brath go príomha ar an gcumhdach a chuireann IHSS ar fáil, agus dá bhrí sin tá tionchar mór aige ar an rialachas i gcúrsaí sláinte agus slándála sóisialta. Lasmuigh de phríomhchathracha na tíre (Tegucigalpa, San Pedro Sula, Ceiba agus Puerto Cortés) ina bhfuil na hoibreoirí foraoise is mó lonnaithe, ní dhéantar ionadaíocht do IHSS sna hionaid daonra eile sa tír, agus níos lú fós i gceantair thuaithe, mar a n‑oibríonn an chuid is mó d’oibreoirí foraoise.
4.2.7
An Aireacht Fuinnimh, Acmhainní Nádúrtha, Comhshaoil agus Mianach (MiAmbiente)
Tá MiAmbiente freagrach as beartais a bhaineann leis an gcomhshaol, éiceachórais, cosaint agus úsáid acmhainní uisce, comhordú, cosaint flóra agus fána, agus as comhlíonadh an Mheasúnaithe Tionchair Timpeallachta ar fhoraois phríomhúil agus thánaisteach, a cheapadh, a chomhordú, a fhorghníomhú agus a mheasúnú.
4.2.8
An Institiúid Náisiúnta Talúntais (INA)
Toisc go bhfuil athstruchtúrú institiúideach á dhéanamh ar INA faoi láthair, níl sé soiléir fós cá mbeidh sé lonnaithe agus d’fhéadfadh sé go n‑athrófaí na feidhmeanna atá aige faoi láthair amach anseo. Dá sannfaí aon fheidhmeanna atá tábhachtach do LAS a chomhlíonann INA faoi láthair d’institiúidí eile sa todhchaí, déanfar na hinstitiúidí nua sin a thaifeadadh go foirmiúil chun críocha an Chomhaontaithe seo in ionad INA.
Is comhlacht atá nach mór uathrialach é INA atá freagrach as beartas feirmeoireachta na tíre a chur chun feidhme, teidil maoine a eisiúint do thalamh agrafhoraoiseachta agus cúnamh teicniúil a sholáthar do pháirtithe leasmhara tuaithe agus do Phobal Dúchasach Hondúras agus do Phobal Hondúras de shliocht na hAfraice, agus lena dtugtar ról don daonra tuaithe i bhforbairt chomhtháite na tíre. Tá INA freagrach as úinéireacht talaimh fheirme a chlárú i gcomhordú le ICF agus IP i bpróisis dlisteanaithe úinéireachta talún. I gcás ar leith go ndéanfaí iarratas úinéireachta ar thalamh náisiúnta foraoise, gníomhóidh INA i gcomhar le ICF d’fhonn úsáid na talún sin a choinneáil le haghaidh foraoiseachta; ní hé an ról atá aige úinéireacht talaimh foraoise a chlárú. Éilítear tuairim theicniúil fhabhrach ó ICF i gcónaí chun úinéireacht limistéar foraoise a shannadh.
4.2.9
An Aireacht Talmhaíochta agus Beostoic (SAG)
Comhordaíonn an Aireacht Talmhaíochta agus Beostoic na gnéithe a bhaineann le beartais earnála arna gcur chun feidhme ag institiúidí atá san earnáil phoiblí talmhaíochta, go sonrach iad siúd a bhaineann le tionacht talún, cistiú tuaithe, trádáil, foraoiseacht, feirmeoireacht barr agus beostoic agus forbairt tuaithe agus foraoise.
Tá SAG freagrach as an trádáil idirnáisiúnta san fhiadhúlra a rialú ach an Coinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol a chur i bhfeidhm. I gcomhthéacs an Chomhaontaithe seo, déanann sé difear do tháirgí adhmaid a thógtar ó na speicis a chumhdaítear le CITES.
4.2.10
An Fho‑stiúrthóireacht um Ioncam ó Chustaim (DARA)
Foraithne Feidhmiúcháin Uimh PCM‑083‑2016 lena gcruthaítear Coimisiún an Uachtaráin um Athchóiriú Cuimsitheach ar an gCóras Custaim agus Comhlachtaí Trádála (COPRISAO). Faoi láthair, le linn an phróisis athchóirithe chuimsithigh ar an gcóras custaim agus ar chomhlachtaí trádála, beidh údarás díreach ag an gcoimisiún sin ar an bhFo‑stiúrthóireacht um Ioncam ó Chustaim (DARA).
Faoi LAS, tá baint ag an bhFo‑stiúrthóireacht um Ioncam ó Chustaim le táirgí adhmaid a onnmhairítear agus a allmhairítear agus iad siúd atá faoi bhealach a rialú agus a fhíorú. Ba cheart athbhreithniú críochnúil a dhéanamh ar na nósanna imeachta custaim a bhaineann le honnmhairí, a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar an modheolaíocht fíorúcháin, le linn na céime ullmhúcháin agus eagrúcháin den Chomhaontú seo chun bearnaí agus baic fhéideartha a shainaithint.
4.2.11
Institiúidí rialtais atá páirteach go hindíreach
Tugtar tuairisc thíos ar na hinstitiúidí rialtais a bhfuil baint indíreach acu le LAS, i.e. níl freagracht iomlán nó dhíreach nó comhfhreagracht orthu as na táscairí sna maitrísí dlíthiúlachta a fhíorú, ach tá ról acu mar chomhlachtaí rialaithe rialtais, a bhfuil feidhmeanna tábhachtacha acu chun feidhmíocht éifeachtach institiúidí an rialtais láir agus na n‑údarás bardasach i ndáil le LAS a áirithiú.
Is comhlachtaí oibríochta iad aonaid speisialta, mar shampla, an Fórsa Náisiúnta Slándála Idirinstitiúideach (FUSINA‑FFAA) agus an Tascfhórsa Idirinstitiúideach i gcoinne na Coireachta Comhshaoil (FTIA) chun cionta comhshaoil a ionchúiseamh faoi ENCTI. Bhunaigh an Rialtas na comhlachtaí sin ar bhonn sealadach agus d’éascaigh siad comhordú idirinstitiúideach chun stop a chur le gníomhartha aindleathacha agus chun dlíthe comhshaoil a fhorfheidhmiú. Cuimsíonn FTIA, go háirithe, ICF, MiAmbiente, oifigigh bhreithiúnacha agus údaráis forfheidhmithe dlí (MP, PGR, PNP agus FFAAH). Tá ICF i gceannas air agus oibríonn sé mar shásra comhordaithe idirinstitiúidigh chun déileáil le himscrúduithe, smachtbhannaí agus faireachán, go háirithe i gcás coireanna ag a bhfuil tionchar mór comhshaoil. Feidhmeoidh an taithí a gheofar leis na comhlachtaí sin mar mhúnla dá gcruthófaí sásra buan, fadtéarmach. San am céanna, tá FFAA i gceannas ar FUSINA agus gníomhaíonn sé ar orduithe cúirte.
4.2.11.1
Póilíní náisiúnta coisctheacha (PNP)
Is é ról na bpóilíní náisiúnta coisctheacha a áirithiú gur féidir le cónaitheoirí i gcríoch Hondúras a gcearta agus a saoirsí a fheidhmiú faoi shaoirse ach na dlíthe agus na rialacháin maidir le beatha a chosaint, áilleacht nádúrtha a chaomhnú agus an comhshaol a chosaint, a chur chun feidhme i gceantair uirbeacha agus thuaithe araon.
Faoi LAS cuidíonn PNP le seiceálacha ar tháirgí adhmaid a iompar, mar aon le ICF, oifigigh bhreithiúnacha agus gach údarás eile forfheidhmithe dlí. Mar shampla, oibríonn PNP ag seicphointí idirthurais in éineacht le ICF agus SAR (seicphointí glasa).
4.2.11.2
Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí (MP)
Déanann Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ionadaíocht don tsochaí agus tugann sí caingean poiblí dlí os comhair na gcúirteanna; is é ceann de na feidhmeanna atá aici imscrúdú a dhéanamh ar choireanna comhshaoil i gcomhréir leis na hionstraimí reatha dlí lena ngearrtar pionós ar ghníomhartha comhshaoil ar coireanna comhshaoil i Hondúras iad, agus i gcomhréir le conarthaí idirnáisiúnta.
In earnáil na foraoiseachta, gníomhaíonn Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí tríd an tSeirbhís Speisialta um Ionchúiseamh Comhshaoil (FEMA). Mar ionadaí do shochaí Hondúras, is é an príomhról atá aici cúisimh a imscrúdú, a dhoiciméadú agus a thíolacadh os comhair chúirteanna Hondúras in imeachtaí pionósacha atá ann mar thoradh ar ghníomhartha lena ndéantar damáiste don chomhshaol, éiceachórais, acmhainní nádúrtha agus sláinte phoiblí.
4.2.11.3
Oifig an Ard‑Aighne (PGR)
Tá Oifig an Ard‑Aighne freagrach as cearta an Stáit a chur chun cinn, ionadaíocht a dhéanamh do chearta an stáit agus seasamh le cearta an stáit sna himeachtaí cúirte ar fad ar páirtí iontu é.
4.2.11.4
An Chúirt Uachtarach Bhreithiúnais (CSJ)
Is ag cúirteanna na poblachta amháin atá an chumhacht chun breithiúnais a eisiúint agus a fhorfheidhmiú. Is ag giúistísí agus breithiúna neamhspleácha atá an chumhacht chun ceartas a thabhairt.
4.2.11.5
Fórsaí armtha Hondúras
Is iad na fórsaí armtha an institiúid náisiúnta arb é a príomhfheidhm iomláine chríochach agus ceannasacht Hondúras a chosaint, an tsíocháin agus an t‑ord poiblí a choinneáil, agus seasamh leis an mBunreacht.
Ó 2006 i leith, tá sé de chúram ar na fórsaí armtha tacú leis an obair a dhéantar chun foraoisí agus éiceachórais na tíre a chosaint; déantar sin trí Dirección de Apoyo al Manejo de Ecosistemas y Ambiente (Stiúrthóireacht um Thacú le Bainistíocht Éiceachórais agus Comhshaoil) (C‑9).
4.2.11.6
Stiúrthóireacht Náisiúnta na bPobal Dúchasach agus Phobal Hondúras de shliocht na hAfraice (DINAFROH)
Is í seo an roinn san Aireacht um Chuimsiú Sóisialta (SEDIS) a fhéachann le cáilíocht saoil dhaonra dúchasach Hondúras agus dhaonra Hondúras de shliocht na hAfraice a fheabhsú ach forbairt tháirgiúil eacnamaíoch, chultúrtha, pholaitiúil agus shóisialta a dhéanamh. Le comhordú STSS agus tacaíocht DINAFROH, tá rialtas Hondúras ag gabháil do phróiseas comhairliúcháin faoi láthair a bheidh mar bhonn agus mar thaca le dlí maidir le réamhthoiliú deonach feasach a dhréachtú agus a rith i gcomhar le heagraíochtaí uile na naoi bPobal, idir Phobail Dhúchasacha Hondúras agus Phobail Hondúras de Shliocht na hAfraice, le tacaíocht ó UNDP agus Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe ar Chearta pobal dúchasach.
4.2.11.7
An Institiúid um Rochtain ar fhaisnéis phoiblí (IAIP)
Is comhlacht díláraithe rialtais é IAIP atá freagrach as rochtain saoránach ar fhaisnéis phoiblí a chur chun cinn agus a éascú, agus as rialú agus maoirsiú a dhéanamh ar nósanna imeachta institiúideacha chun faisnéis phoiblí a chosaint, a rangú agus a choinneáil.
Faoi LAS, áirítear le freagrachtaí IAIP a áirithiú go bhfuil saoránaigh in ann a gceart a fheidhmiú chun páirt a ghlacadh i ngnóthaí poiblí a bhainistiú, agus go bhfuil trédhearcacht ann sna feidhmeanna poiblí a fheidhmiú agus sa chaidreamh idir an Stát agus daoine aonair príobháideacha. Foilsítear faisnéis maidir le hearnáil na foraoiseachta ar thairseach aonair trédhearcachta IAIP agus ar thairseach ICF, agus tugtar tuairisc mhionsonraithe uirthi ar thairseach gach institiúide. Ina theannta sin, áirítear beart forlíontach in Iarscríbhinn VIII chun córas bainistíochta a chur ar bun le haghaidh faisnéis atá beartaithe don phobal.
4.2.11.8
An Coimisiún Náisiúnta um Chearta an Duine (CONADEH)
Déanann CONADEH faireachán ar chomhlíonadh na gceart agus na ráthaíochtaí a leagtar síos i mBunreacht na Poblachta, an Dearbhú Uilechoiteann um Chearta an Duine agus conarthaí agus coinbhinsiúin eile arna ndaingniú ag Hondúras.
4.2.11.9
An Córas Náisiúnta Taighde um Fhoraoisí, Limistéir faoi Chosaint agus Fiadhúlra (SINFOR)
Is ardán idirinstitiúideach poiblí‑príobháideach é SINFOR a cruthaíodh le Dlí Foraoiseachta 2007 lena ndéantar taighde eolaíoch ar earnáil na foraoiseachta, limistéir faoi chosaint, fiadhúlra agus a leithéid a eagrú, a chothú agus a chur chun cinn, agus lena spreagtar aistrithe saineolais agus teicneolaíochta i Hondúras.
Áirítear lena ról faisnéis cothrom le dáta a sholáthar chun beartais, rialacha agus rialacháin a cheapadh lena n‑áirithítear inbhuanaitheacht agus rialachas don earnáil. Ina chuid oibre chun taighde ar fhoraoisí, ar limistéir chosanta agus ar fhiadhúlra a phleanáil agus a chothú, is é tosaíocht SINFOR deiseanna taighde is féidir a shainaithint i bpleananna agus straitéisí náisiúnta a lorg, mar shampla, an Straitéis Náisiúnta um Lománaíocht Neamhdhleathach agus Trádáil Neamhdhleathach i dTáirgí Foraoise a Rialú (ENCTI), agus pleananna straitéiseacha le haghaidh gach ceann de na hinstitiúidí is baill agus tionscnaimh eile a bhaineann leis an earnáil.
4.3Earnáil na foraoiseachta príobháidí
Faoi LAS, áirítear le gníomhaithe príobháideacha na hearnála foraoiseachta iad siúd a dhéanann na nithe seo a leanas ar mhaithe le brabús a dhéanamh: amhábhar a bhainistiú nó a tháirgeadh, amhábhar a bhaint as an bhforaois, a iompar, a phróiseáil agus a chur ar an margadh, agus a onnmhairiú agus a allmhairiú.
Cruthaíodh roinnt aicmí i bhfianaise éagsúlacht na n‑eagraíochtaí atá i gceist agus raon a gcuid gníomhaíochtaí tráchtála. Aicmítear mar seo a leanas iad leis an gCód Cánach: (i) daoine nádúrtha; (ii) daoine dlítheanacha, lena n‑áirítear comhpháirtíochtaí gairmiúla agus cuideachtaí tráchtála, comharchumainn agus fiontair chomhlachais agus, go ginearálta, comhlachais nó eintitis a bhfuil stádas daoine dlítheanacha acu faoin dlí poiblí nó príobháideach; agus (iii) eintitis, pobail, eagraíochtaí (Pobail Dhúchasacha Hondúras agus Pobail Hondúras de Shliocht na hAfraice, grúpaí pobail) nó idirbhearta dlíthiúla ar aonad feidhmiúil nó sócmhainne iad, fiú mura bhfuil pearsantacht dhlítheanach acu.
Catagóir eile is ea an chatagóir a dhíorthaítear de líon na ndaoine atá ag obair ag gach fiontar: micrifhiontair foraoiseachta, bunaítear formhór acu mar ghnólachtaí teaghlaigh, fostaítear ceathrar ar a mhéad iontu; fostaítear idir cúigear agus deichniúr i bhfiontair bheaga foraoiseachta; fostaítear 11‑100 duine i bhfiontair mheánmhéide foraoiseachta; agus fostaítear os cionn 100 fostaí i bhfiontair mhóra foraoiseachta.
Bunaítear trí chatagóir cuideachta leis an Dlí Foraoiseachta. Is cuideachta phríomhúil táirgí foraoise í cuideachta a dhéanann an phróiseáil tosaigh ar lomáin chruinne nó ar aon amhábhar adhmaid nó neamh‑adhmaid eile a fhaightear ón bhforaois. Déanann cuideachta thánaisteach táirgí foraoise nó cuideachta phróiseála próiseáil ar tháirgí ó chuideachta phríomhúil táirgí foraoise. Ar deireadh, cuireann clóis adhmaid nó clóis táirgí adhmaid na táirgí éagsúla adhmaid ar an margadh.
Ba cheart a thabhairt faoi deara nach bhfuil feidhm ag an tuairisc thuas ach amháin sa tionscal a úsáideann adhmad péine; i gcás adhmad leathanduilleach, ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, níl aon chuideachtaí príomhúla táirgí adhmad cláraithe nó ag oibriú i Hondúras. Thairis sin, is i bhfoirm adhmad cearnaithe go garbh a bhíonn an t‑adhmad a bhaintear as an bhforaois de ghnáth seachas lomáin chruinne, toisc go gcearnaítear san fhoraois é agus go dtarraingítear chuig pointí bailiúcháin é lena iompar ar aghaidh ar fheithiclí mótair chuig an tionscal tánaisteach nó chuig an gclós adhmaid le díol. Is áiteanna iad stoic chairn nó lárionaid bailithe, de réir sainmhíniú, ina ndéantar táirgí adhmaid a chur i gceann a chéile lena n‑aistriú ina dhiaidh sin, gan aon athrú ar úinéireacht. I gcodarsnacht leis sin, is áiteanna iad clóis adhmaid ina gceannaíonn úinéirí clóis táirgí adhmaid óna soláthróirí agus ina ndíoltar lena gcustaiméirí iad.
Mar chuid dá ghnáthchigireachtaí, agus a bhuí leis na tuarascálacha maoirseachta sóisialta ó na Comhairlí Comhairleacha Foraoiseachta, déanfaidh ICF faireachán rialta ar aon athruithe sa slabhra táirgeachta foraoiseachta, lena n‑áirítear foraoisí péine agus leathanduilleacha, plandálacha foraoise nó crainn atá scaipthe lasmuigh d’fhoraoisí, chun cosc a chur ar aon ghníomhaíochtaí foraoiseachta nach gcumhdaítear le LAS. Má athraítear eagrúchán earnáil na foraoiseachta sa todhchaí mar thoradh ar an athbhreithniú ar an gcreat dlíthiúil is infheidhme, déanfar LAS a oiriúnú chun a áirithiú go gcumhdófar gach foinse adhmaid.
Is iad na hoibreoirí sin a chuireann na próisis táirgeachta chun feidhme agus dá bhrí sin is iad a chaithfidh na táscairí agus na modhanna fíoraithe a chomhlíonadh laistigh dá réimsí aonair inniúlachta. Chun sin a dhéanamh, cuireann siad rialuithe inmheánacha leormhaithe agus ábhartha i bhfeidhm maidir le ceadúnais lománaíochta agus táirgeachta, comhlíonann siad a n‑oibleagáidí maidir le cúrsaí fostaíochta, comhshaoil, cánach (náisiúnta agus bardasach), iompair, trádála agus aon chúrsaí eile a shonraítear sna táscairí éagsúla. Ceanglaítear orthu freisin taifid chearta a choinneáil ar na doiciméid tacaíochta is gá agus ar na modhanna fíoraithe ordaithe.
Mar an gcéanna, tá eagraíochtaí in earnáil phríobháideach na foraoiseachta faoi réir sásraí chun comhlíonadh dlí a fhíorú a chuireann institiúidí an Stáit i bhfeidhm, i gcomhréir lena n‑inniúlachtaí.
4.4
Eagraíochtaí na sochaí sibhialta
Tugann creat dlíthiúil Hondúras an ceart do shaoránaigh na tíre páirt a ghlacadh i ngníomhartha a dhéanann na húdaráis agus smacht sóisialta a fheidhmiú ar na gníomhartha sin agus cuireann sé dualgas orthu sin a dhéanamh freisin. Áirítear le hearnáil na foraoiseachta eagraíochtaí éagsúla de chuid na sochaí sibhialta (CSOanna) a bhfuil spéis acu sa dlí a fhorfheidhmiú, agus tá ról an‑ghníomhach agus éifeachtach acu maidir leis na modhanna fíoraithe. Is iad seo a leanas na gníomhaíochtaí sin:
4.4.1
Eagraíochtaí áitiúla
Bunaítear leis an Dlí Foraoiseachta comhlachtaí le haghaidh rannpháirtíocht an phobail, comhairliúcháin agus tacaíocht do ICF, mar shampla na comhairlí comhairleacha maidir le foraoiseacht, limistéir faoi chosaint agus fiadhúlra (CCFanna), a eagraítear agus a oibrítear ar leibhéal áitiúil nó pobail, bardasach, réigiúnach agus lárnach. Léirítear leis an Straitéis Náisiúnta i gcoinne na Lománaíochta Neamhdhleathaí (ENCTI) a thábhachtaí atá na comhlachtaí seo chun rialú sóisialta a fheidhmiú, go háirithe ar leibhéil bhardasacha agus phobail, chun tacú le pleananna bainistíochta, pleananna bliantúla oibriúcháin nó cineálacha eile údaraithe a fhíorú, chomh maith le tomhaltas adhmaid dhleathaigh a chur chun cinn. Baintear sin amach i gcomhordú le hinstitiúidí an Stáit agus ICF go háirithe.
4.4.2
Eagraíochtaí neamhrialtasacha forbartha
Tacaíonn éagsúlacht eagraíochtaí neamhrialtasacha intíre agus idirnáisiúnta forbartha (NGDOanna) le gníomhartha earnáil na foraoiseachta ar leibhéal institiúideach agus críochach. Tugann a gcuid gníomhartha aghaidh ar eagrúchán, fothú acmhainneachta do chomhlachtaí rannpháirtíochta poiblí ar leibhéal bardasach agus pobail, tionchar polaitiúil, rialú sóisialta, tacaíocht theicniúil agus cearta an duine, i measc nithe eile.
Le linn chéim ullmhúcháin agus eagrúcháin an Chomhaontaithe seo, forbróidh na NGDOanna a modheolaíocht féin chun gníomhartha maoirseachta sóisialta a dhéanamh. Déanfar na tuarascálacha ar an maoirseacht shóisialta sin a thaisceadh leis an gComhchoiste Cur Chun Feidhme, i measc comhlachtaí eile, le haghaidh gníomhaíocht iomchuí. Bunófar leis sin córas rannpháirtíochta a chabhróidh leis na nósanna imeachta rialachais a bhunaítear faoin gComhaontú seo a fheabhsú go leanúnach.
Bunófar córas freisin chun déileáil le gearáin, lena dtacófar le feidhm sin na formhaoirseachta sóisialta, ar a dtugtar tuairisc i Ranna
10 agus 11 den Iarscríbhinn seo, a fheidhmiú.
4.5
Pobail Dhúchasacha Hondúras agus Pobail Hondúras de Shliocht na hAfraice
Tá naoi bPobal idir Phobail Dhúchasacha Hondúras agus Phobail Hondúras de Shliocht na hAfraice ina gcónaí i Hondúras. Tá an chuid is mó de na pobail sin ina gcónaí i limistéir foraoise fhairsinge, ina bhfuil limistéir faoi chosaint agus foraoisí táirgiúla le fáil. Is iad seo a leanas na pobail sin: pobal Pech, Tawahkas, Lencas, Maya Chortís, Tolupanes, Miskitu, Nahuas, Garífunas agus an pobal de shliocht na hAfraice a labhraíonn Béarla, ag a bhfuil eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht dóibh, lena n‑áirítear Cónaidhm Náisiúnta Phobail Dhúchasacha Hondúras (CONPAH).
Is gníomhaithe iad na pobail sin i LAS a chur chun feidhme, lena n‑áirítear Prionsabal 2 de na maitrísí dlíthiúlachta: Urramaíonn Hondúras cearta phobail dhúchasacha Hondúras agus phobail Hondúras de shliocht na hAfraice atá ina gcónaí i limistéir foraoise.
In earnáil na foraoiseachta, tá na róil seo a leanas ag Pobail Dhúchasacha Hondúras agus ag Pobail Hondúras de Shliocht na hAfraice:
−
is tairbhithe iad de na próisis dlisteanaithe agus den urraim do na críocha atá faoina n‑úinéireacht sinsearachta;
−
tá baint acu leis na sásraí agus leis na nósanna imeachta a chur chun feidhme maidir le Réamhthoiliú Deonach Feasach (FPIC) a bunaíodh d’fhonn an féinchinntiúchán agus an neamhspleáchas a urramú, i gcomhréir le Coinbhinsiún 169 EIS agus Dearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach; agus
−
glacann siad páirt i ngníomhaíochtaí tráchtála i limistéir foraoise tháirgiúla, i gcomhlíonadh na maitrísí dlíthiúlachta agus ceanglais LAS is infheidhme.
4.6
Fothú acmhainneachta
Tugtar tuairisc in Iarscríbhinn VIII ar an bhfothú acmhainneachta chun oibriú éifeachtach an chórais a áirithiú agus dlíthiúlacht táirgí adhmaid a áirithiú. Beidh foirmliú gach birt faoi réir an athbhreithnithe ar an acmhainneacht a theastaíonn ó gach gníomhaí a bhfuil baint acu le LAS a chur chun feidhme.
5.
CUMHDACH/RAON FEIDHME LAS
Ní mór an t‑adhmad agus na táirgí adhmaid ar fad de thionscnamh Hondúras a chumhdaítear le LAS a fháil ó fhoraoisí príobháideacha, bardasacha nó náisiúnta (cibé acu is foraois nádúrtha nó churtha í) a bhainistítear faoi chritéir riaracháin agus theicniúla feidhmíochta uasta, ilúsáide agus comhionannais shóisialta, chun inbhuanaitheacht na n‑éiceachóras agus a n‑acmhainneacht tháirgiúil, chosanta agus comhshaoil a áirithiú.
Beidh feidhm ag LAS freisin maidir le hadhmad ó thíortha eile nuair is féidir leis na hallmhaireoirí a chruthú go dtagann sé ó fhoinsí dleathacha agus gur allmhairíodh é i gcomhréir le dlíthe thír thionscnaimh an adhmaid agus Hondúras. Beidh gach oibreoir faoi réir LAS, lena n‑áirítear iad siúd ag a bhfuil a ndeimhnithe príobháideacha féin maidir le bainistíocht foraoise agus an líne chúraim, agus iad siúd ar leo plandálacha crann chun críocha tráchtála.
5.1
Táirgí adhmaid a áirítear in LAS.
Cumhdaítear le LAS na táirgí ar fad a shainítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo. Toirmisctear le hAirteagal 102 de Dhlí Foraoiseachta Hondúras táirgí áirithe adhmaid a onnmhairiú, luaitear nach féidir adhmad ó speicis leathanduilleacha ó fhoraoisí nádúrtha a onnmhairiú ach amháin mar adhmad próiseáilte. Ní cheadaítear, dá bhrí sin, lomáin chruinne nó adhmad cearnaithe go garbh de na speicis sin a onnmhairiú.
Cé nach féidir lomáin chruinne nó adhmad cearnaithe go garbh ó na speicis sin a onnmhairiú, cumhdaítear le LAS é, beag beann ar a mhéid a próiseáladh é.
Níl táirgí adhmaid nach liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo faoi réir nós imeachta ceadúnúcháin FLEGT nuair a onnmhairítear chuig an Aontas iad. Sa chás sin, ní mór d’allmhaireoirí na dtáirgí sin ó Hondúras chuig an Aontas dícheall cuí a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán an Aontais maidir le hadhmad chun a léiriú go bhfuil siad dleathach.
5.2
Margaí a chumhdaítear le LAS
Beidh feidhm ag LAS maidir le táirgí adhmaid a chuirtear ar gach margadh, cibé acu is margaí onnmhairíochta nó margaí náisiúnta iad. Tabharfar tosaíocht d’iarrachtaí chun LAS a fhorfheidhmiú, áfach, ach idirdhealú a dhéanamh idir margaí mar seo a leanas:
−
Margadh an Aontais: Beidh feidhm ag fíorú dhlíthiúlacht na dtáirgí a onnmhairítear chuig margadh an Aontais mar a leagtar síos sa Chomhaontú seo, ina meastar gur réamhriachtanas é ceadúnas FLEGT a luaithe a dheimhnítear go bhfuil an scéim réidh chun ceadúnais FLEGT a eisiúint de réir an nós imeachta a leagtar síos in Iarscríbhinn VII.
−
Margaí eile idirnáisiúnta: Beidh feidhm ag fíorú dhlíthiúlacht na dtáirgí a onnmhairítear mar a leagtar síos sa Chomhaontú seo, beag beann ar thír is ceann scríbe an onnmhairithe, agus dearbhófar a ndlíthiúlacht trí cheadúnas H‑Dlíthiúil.
−
Margadh intíre: Beidh feidhm ag fíorú dhlíthiúlacht na dtáirgí a chuirtear ar an margadh intíre freisin mar a leagtar síos sa Chomhaontú seo, agus léireofar dlíthiúlacht na n‑oibreoirí ar leo na táirgí sin trí dheimhnithe um chomhlíonadh dlí.
Sna céimeanna sin go léir chun LAS a chur chun feidhme, glacfar bearta chun cosc a chur ar theacht isteach adhmaid de thionscnamh anaithnid nó de thionscnamh neamhdhleathach sa slabhra soláthair foraoise. Feabhsófar an cumas chun LAS a chur chun feidhme ach na bearta atá in Iarscríbhinn VIII a chur i bhfeidhm.
5.3
Foinsí adhmaid a chumhdaítear le LAS
Rangaítear na foinsí adhmaid a chumhdaítear le LAS mar seo a leanas:
5.3.1
Adhmad a lománaíodh ar an gcríoch náisiúnta
Tagann adhmad a lománaíodh ar an gcríoch náisiúnta ó na foinsí seo a leanas:
1.Foraoisí, cibé acu is foraoisí nádúrtha nó plandálacha iad.
2.
Limistéir ina mbunaítear córais agrafhoraoiseachta, i.e. crainn nádúrtha nó crainn a chuirtear in éineacht le speicis eile, mar shampla, caife, cócó nó barra eile talmhaíochta.
3.
Crainn buaircíneacha nó leathanduilleacha atá scaipthe taobh amuigh d’fhoraoisí.
Is féidir lománaíocht a dhéanamh i bhforaoisí leathanduilleacha nó i bhforaoisí péine, is cuma cé leis an talamh. Údaraítear lománaíocht ar cheann de na bealaí seo a leanas:
−
Faoi phlean bainistíochta foraoise agus na pleananna bliantúla oibriúcháin, arna fhormheas ag ICF le haghaidh:
−
tairbhithe pobail ag a bhfuil conarthaí bainistíochta foraoise grúpa (conarthaí bainistíochta foraoise pobail);
−
tairbhithe aonair de chonarthaí bainistíochta foraoise; agus
−
úinéirí foraoise príobháidí, bardasaí (ejido), náisiúnta agus fioscaí.
−
Faoi phlean speisialta do chórais agrafhoraoiseachta agus an plean bliantúil leagtha crann i gcás úinéirí córas agrafhoraoiseachta ar thalamh príobháideach agus bardasach (ejido).
−
Faoi phlean tarrthála chun foraoisí a dtéann tubaistí nádúrtha, lotnaidí nó galair i bhfeidhm orthu a lománú, oibreacha poiblí nó príobháideacha tógála agus athruithe ar fhásra ar thalamh talmhaíochta. I gcás pleananna tarrthála le haghaidh láithreáin ina mbeidh oibreacha poiblí nó príobháideacha tógála nó athruithe ar fhásra ar thalamh talmhaíochta, éilítear measúnú tionchair timpeallachta sula n‑eisíonn MiAmbiente deimhniú ceadúnais comhshaoil. Ní bhaineann pleananna tarrthála a nasctar le hathrú ar fhásra le haghaidh barra sealadacha nó buana talmhaíochta ach le talamh talmhaíochta. Ordaítear le hAirteagal 93 den Dlí Foraoiseachta nach mór úsáid nádúrtha talún foraoise a chaomhnú agus a urramú i gcomhréir leis na beartais agus na rialacháin dlí maidir le pleanáil úsáide talún. Mar an gcéanna, toirmisctear le hAirteagal 294 den rialachán don Dlí Foraoiseachta athruithe ar fhásra i bhforaoisí táirgiúla a bhfuil pleananna bainistíochta ann dóibh agus ar thalamh a bhfuil acmhainneacht ard foraoiseachta ann. Tugtar tuairisc níos mionsonraithe i Roinn 7.7 den Iarscríbhinn ar fhíorú táirgí adhmaid a fhaightear ó athrú ar úsáid talún.
−
Faoi phlean téarnaimh le haghaidh seachtháirgí foraoiseachta a cumhdaíodh le ceadúnas níos luaithe a bhaint (AOP, AFP, ceadúnais lománaíochta um plandálacha deimhnithe agus pleananna tarrthála).
−
Ceadúnais lománaíochta um plandálacha deimhnithe chun adhmad a bhaint ó phlandálacha foraoise arna ndeimhniú ag ICF.
Go traidisiúnta ba é an phríomhfhoinse soláthair adhmaid do shiopaí siúinéireachta crainn a bhí scaipthe lasmuigh d’fhoraoisí, agus a bhí le fáil go príomha i gceantair chónaithe agus ina raibh beostoc. Mar sin féin, níl reachtaíocht ag Hondúras fós lena rialaítear lománaíocht tráchtála na gcrann sin, agus is é sin an fáth go n‑áirítear beart forlíontach ar an gceist sin in Iarscríbhinn VIII. Nuair a thiocfaidh an reachtaíocht seo i bhfeidhm, áireofar sa táscaire ábhartha de na maitrísí dlíthiúlachta é de réir an nós imeachta atá beartaithe sa roinn maidir le “Athruithe ar chreat rialála, riaracháin agus institiúideach Hondúras” in Iarscríbhinn II.
Sula ndéanfar na maitrísí dlíthiúlachta a nuashonrú, cuirfear an foinse adhmaid sin san áireamh in LAS agus ní mór d’oibreoirí in earnáil na foraoiseachta a lománaíonn adhmad ón bhfoinse sin na ceanglais LAS eile go léir a chur i bhfeidhm.
5.3.2
Adhmad allmhairithe
Ní mór do dhaoine nádúrtha agus do dhaoine dlítheanacha a allmhairíonn adhmad nósanna imeachta díchill chuí a chur chun feidhme chun a chruthú go bhfuil riosca diomaibhseach d’iompar mídhleathach maidir leis an adhmad allmhairithe ann agus go n‑urramaíonn onnmhaireoirí na tíre lománaíochta an dlí. Déanfar raon feidhme an nós imeachta sin a chinneadh le linn chéim ullmhúcháin agus eagrúcháin an Chomhaontaithe seo; áirítear beart forlíontach in Iarscríbhinn VIII maidir le nósanna imeachta díchill chuí a chur chun feidhme i Hondúras.
5.3.3
Adhmad nach gcumhdaítear leis an gComhaontú
Ní áirítear an dá chineál adhmaid seo a leanas le LAS agus ní bheidh siad faoi réir na scéime ceadúnúcháin FLEGT:
−
Adhmad faoi bhealach
Is éard is adhmad faoi bhealach ann adhmad ó thríú tíortha nó adhmad a théann isteach i Hondúras go sealadach faoi dhearbhú idirthurais aonair, arb í tír eile an ceann scríbe deiridh. Ní mór é a shainaithint agus a scaradh ó shlabhra soláthair an adhmaid a tháirgtear i Hondúras nó a allmhairítear. Ní áireofar adhmad faoi bhealach le LAS agus dá bhrí sin ní fhéadfar aon cheadúnas FLEGT nó H‑Dlíthiúil le haghaidh onnmhairithe a eisiúint ina thaobh.
Mínítear i Roinn 7.5 den Iarscríbhinn seo conas a oibreoidh na sásraí chun idirthuras na dtáirgí sin a rialú chun a áirithiú nach dtéann siad isteach i slabhra soláthair an mhargaidh náisiúnta.
−
Adhmad coigistithe
Ní chuirtear san áireamh le LAS táirgí adhmaid a choigistítear mar gheall go sáraíonn siad reachtaíocht Hondúras nó, i gcás adhmad allmhairithe, mar gheall nach gcomhlíontar oibleagáidí díchill chuí. Tá sé de chumhacht ag ICF agus ag na fórsaí slándála na himscrúduithe is gá a dhéanamh chun cásanna a ionchúiseamh trí Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí. Mínítear i Roinn 7.6 den Iarscríbhinn seo cad a tharlaíonn d’adhmad a ghabhtar nó a choigistítear.
5.4
Raon feidhme na n‑oibreoirí a áirítear in LAS
Faoin gComhaontú seo, is ‘oibreoir’ é aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach a dhéanann gníomhaíochtaí sa slabhra táirgeachta foraoise. Tugtar tuairisc ar raon feidhme ghníomhaíochtaí na n‑oibreoirí a chumhdaítear le LAS i dTábla 1.
Tábla 1.
Raon feidhme ghníomhaíochtaí oibreoirí na hearnála foraoiseachta.
|
Oibreoir
|
Raon feidhme na gníomhaíochta faoi LAS
|
|
1.Úinéir limistéir foraoise phríobháidigh (lena n‑áirítear pobail dhúchasacha ag a bhfuil teideal talún) agus talún comónta (bardais)
|
Déanann sé iarratas ar úinéireacht talún nó soláthraíonn sé fianaise uirthi.
Sula ndéantar gníomhaíochtaí lománaíochta, déanann sé iarratas chuig ICF chun plean bainistíochta foraoise agus na pleananna bliantúla oibriúcháin lena mbaineann, plean tarrthála nó plean téarnaimh a fhormheas.
Déanann sé iarratas chuig ICF maidir le ceadanna iompair chun adhmad lománaithe a iompar, agus tuairiscíonn sé na ceadanna iompair a úsáidtear, agus iontráiltear i mbunachar sonraí SIRMA iad.
Soláthraíonn sé fianaise gur leanadh prionsabail FPIC, de réir mar is iomchuí.
|
|
2.Úinéir limistéir ina bhfuil córas agrafhoraoiseachta
|
Déanann sé iarratas ar PESA agus AFP a fhormheas le haghaidh lománaíochta mar chuid de chóras agrafhoraoiseachta. Déanann sé iarratas chuig ICF maidir le ceadanna iompair chun adhmad lománaithe a iompar, agus tuairiscíonn sé na ceadanna iompair a úsáidtear, agus iontráiltear i mbunachar sonraí SIRMA iad.
|
|
3.Úinéir plandála foraoise
|
Déanann sé iarratas chuig ICF chun an phlandáil foraoise a dheimhniú agus chun plandáil dheimhnithe a lománú.
Déanann sé iarratas chuig ICF maidir le ceadanna iompair chun adhmad lománaithe a iompar, agus tuairiscíonn sé na ceadanna iompair a úsáidtear, agus iontráiltear i mbunachar sonraí SIRMA iad.
|
|
4.Úsáideoir/Áititheoir
|
Faigheann sé conradh cirt úsáide de thoradh na nósanna imeachta um thalamh a dhlisteanú lena gceadaítear don úsáideoir/áititheoir gníomhaíochtaí bainistíochta foraoise a dhéanamh. Leagtar síos sa Dlí Foraoiseachta na ceanglais nach mór do thairbhithe príobháideacha a chomhlíonadh maidir le limistéir foraoise náisiúnta a dhlisteanú.
Déanann sé iarratas chuig ICF ar chead chun an t‑eastát a athfhoraoisiú nó gníomhaíochtaí eile foraoiseachta/comhshaoil a dhéanamh.
Déanann sé iarratas ar an bplandáil a dheimhniú agus ansin déanann sé iarratas ar chead chun í a lománú.
|
|
5.Duine ag a bhfuil ceart úsáide i dtaobh limistéir foraoise (lena n‑áirítear grúpaí pobail)
|
D’fhonn gníomhaíochtaí bainistíochta foraoise a dhéanamh, déanann sé iarratas chun conradh bainistíochta foraoise a shíniú; agus chun an limistéar foraoise a lománú, déanann sé iarratas chuig ICF i leith plean bainistíochta foraoise, plean tarrthála nó plean téarnaimh a fhormheas.
|
|
6.Conraitheoir
|
Fostaíonn úinéir na foraoise é nuair nach ndéanann an t‑úinéir an t‑adhmad a lománú lena acmhainní féin. Déanann sé an t‑adhmad a lománú, a tharraingt, agus a iompar ón bhforaois chuig cuideachtaí príomhúla táirgí foraoise nó chuig clóis adhmaid agus féadfaidh sé é a dhíol freisin.
Comhdaíonn sé tuairisceán leis an oifig réigiúnach foraoiseachta lena chur in iúl gur cláraíodh é agus liostaíonn sé an trealamh agus na príomhphearsanra atá aige le haghaidh oibríochtaí lománaíochta agus iompair.
Tá sé freagrach as an gcead iompair (arna údarú ag ICF) agus an bille iompair (arna údarú ag SAR) a úsáid. Tá tairbhí nó sealbhóir ceadúnais lománaíochta a ligeann obair ar fochonradh le conraitheoir freagrach as comhlíonadh na rialachán is infheidhme a áirithiú.
|
|
7.Iompróir
|
Soláthraíonn sé an tseirbhís iompair earraí, sa chás seo, iompar adhmaid, cibé acu is lomáin chruinne iad ó láithreán na lománaíochta atá á n‑iompar chuig an gcuideachta táirgí foraoise nó chuig an gclós adhmaid, nó táirgí adhmaid phróiseáilte ón gcuideachta táirgí foraoise atá á n‑iompar chuig an gceann scríbe deiridh. Go ginearálta, fostaíonn úinéir na foraoise, an conraitheoir nó an chuideachta táirgí foraoise an tseirbhís sin.
I gcás foraoisí leathanduilleacha, ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, bíonn baint ag an iompróir ón am a ndéantar an t‑adhmad cearnaithe go garbh a tháinig ón bhforaois a stoc‑charnadh lasmuigh di ag pointe bailiúcháin, agus úsáidtear feithiclí chun é a iompar as sin chuig cuideachtaí foraoiseachta nó chuig clóis adhmaid.
Cuireann sé na doiciméid a chruthaíonn dlíthiúlacht na dtáirgí a iompraítear (cead iompair, sonrasc arna údarú ag SAR agus bille iompair nó sonrasc, de réir mar is iomchuí) faoi bhráid na n‑údarás.
|
|
8.Teicneoir cáilithe foraoiseachta (TFC)
|
Ceapann sé pleananna bainistíochta foraoise, pleananna speisialta le haghaidh córais agrafhoraoiseachta agus pleananna bliantúla lena mbaineann, pleananna tarrthála agus pleananna téarnaimh thar ceann úinéir na foraoise.
(Is air amháin atá an fhreagracht as cur chun feidhme phleananna bliantúla oibriúcháin na bpleananna bainistíochta foraoise a riar. Chun na críche sin, cuireann sé meabhrán ceapacháin agus glactha faoi bhráid ICF thar ceann úinéir na foraoise agus déantar riarthóir an phlean bhliantúil oibriúcháin de.)
Tá sé freagrach as comhlíonadh na gcaighdeán teicniúil lena rialaítear aon mhodh lománaíochta a riarann sé. Tá sé freagrach freisin as tuarascálacha míosúla ar dhul chun cinn a chur isteach maidir leis na ceadanna iompair a úsáidtear san fhoraois, agus ina dtugtar faisnéis mhionsonraithe faoin adhmad a bhaintear, agus ina bhfuil cóipeanna de na ceadanna a úsáidtear mar thacaíocht.
|
|
9.Teicneoir neamhspleách foraoiseachta (TFI)
|
Ceapann sé pleananna bainistíochta foraoise, pleananna speisialta le haghaidh córais agrafhoraoiseachta agus pleananna bliantúla, pleananna tarrthála agus pleananna téarnaimh lena mbaineann.
Tá sé freagrach as comhlíonadh na gcaighdeán teicniúil lena rialaítear aon mhodh lománaíochta a riarann sé. Tá sé freagrach freisin as tuarascálacha míosúla ar dhul chun cinn a chur isteach maidir leis na ceadanna iompair a úsáidtear san fhoraois, agus ina dtugtar faisnéis mhionsonraithe faoin adhmad a bhaintear, agus ina bhfuil cóipeanna de na ceadanna a úsáidtear mar thacaíocht.
|
|
10.Onnmhaireoir
|
Déanann sé iarratas chuig ICF chun ceadúnas FLEGT (don Aontas) nó an ceadúnas H‑dlíthiúil (do chinn scríbe eile) a eisiúint ag brath ar an áit a bhfuil na lastais le seoladh.
Déanann sé iarratas chuig an Údarás Custaim ar cheadanna onnmhairiúcháin, lena n‑áirítear an sonrasc allmhairí tráchtála, an Dearbhú Custaim Aonair agus doiciméid eile lena gcruthaítear dlíthiúlacht an táirge atá á onnmhairiú, maidir le srianta sláinte poiblí agus rialacháin taraife agus neamhtharaife, lena n‑áirítear deimhnithe CITES nuair is infheidhme.
|
|
11.Allmhaireoir
|
Déanann sé iarratas chuig an Údarás Custaim ar cheadanna allmhairiúcháin, lena n‑áirítear an sonrasc allmhairí tráchtála, an Dearbhú Custaim Aonair agus doiciméid eile lena gcruthaítear dlíthiúlacht an táirge atá á allmhairiú, maidir le srianta sláinte poiblí agus rialacháin taraife agus neamhtharaife, lena n‑áirítear deimhnithe CITES nuair is infheidhme.
Cuireann sé sásraí díchill chuí chun feidhme chun dlíthiúlacht an adhmaid atá á cheannach a fhíorú.
|
|
12.Úinéir cuideachta príomhúla táirgí foraoise
|
Coinníonn sé leabhar taifid cothrom le dáta maidir le hionchuir agus aschuir agus comhdaíonn sé tuarascálacha míosúla táirgeachta le ICF agus ceanglaítear na sonraisc údaraithe díolacháin leo. Iarrann sé go n‑eiseofar sonraisc agus comhdaíonn sé tuairisceáin míosúla agus bliantúla díolacháin le SAR, agus ceanglaítear na sonraisc údaraithe díolacháin agus na billí iompair ábhartha leo.
Cuireann sé sásraí díchill chuí chun feidhme chun dlíthiúlacht na dtáirgí atá á gceannach a fhíorú.
I gcás foraoisí leathanduilleacha, níl ann do chuideachtaí príomhúla táirgí foraoise faoi láthair ós rud é go gcearnaítear an t‑adhmad go garbh sula bhfágann sé an fhoraois agus go gcuirtear ar an margadh é trí chuideachtaí tánaisteacha táirgí foraoise nó clóis adhmaid.
|
|
13.Úinéir cuideachta tánaistí táirgí foraoise (lena n‑áirítear siopaí siúinéireachta agus micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide eile (MiPyME))
|
Coinníonn sé leabhar taifid cothrom le dáta maidir le hionchuir agus aschuir agus comhdaíonn sé tuarascálacha míosúla táirgeachta le ICF agus ceanglaítear na sonraisc údaraithe díolacháin leo.
Iarrann sé go n‑eiseofar sonraisc agus comhdaíonn sé tuairisceáin míosúla agus bliantúla díolacháin le SAR, agus ceanglaítear na sonraisc údaraithe díolacháin agus na billí iompair ábhartha leo.
Cuireann sé sásraí díchill chuí chun feidhme chun dlíthiúlacht na dtáirgí atá á gceannach a fhíorú.
|
|
14.Úinéir clóis adhmaid
|
Coinníonn sé leabhar taifid cothrom le dáta maidir le hionchuir agus aschuir agus comhdaíonn sé tuarascálacha míosúla táirgeachta le ICF agus ceanglaítear na sonraisc údaraithe díolacháin leo.
Iarrann sé go n‑eiseofar sonraisc agus comhdaíonn sé tuairisceáin míosúla agus bliantúla díolacháin le SAR, agus ceanglaítear na sonraisc údaraithe díolacháin agus na billí iompair ábhartha leo.
Cuireann sé sásraí díchill chuí chun feidhme chun dlíthiúlacht na dtáirgí atá á gceannach a fhíorú.
|
|
15.Fostóir (d'aon fhiontar a bhaineann leis na catagóirí oibreoirí thuas)
|
Cláraíonn sé fostaithe le hInstitiúid Hondúras um Shlándáil Shóisialta (IHSS) agus comhlíonann sé an reachtaíocht fostaíochta.
|
6.
FÍORÚ AR CHOMHLÍONADH AN TSAINMHÍNITHE DLÍTHIÚLACHTA
Meastar go bhfuil táirgí adhmaid de chuid Hondúras dleathach ar bhonn an tsainmhínithe a thuairiscítear in Iarscríbhinn II.
Déanann gníomhaireachtaí rialtais an fíorú (más iomchuí ach úsáid a bhaint as ionchuir arna soláthar ag sásraí aitheanta um dheimhniúchán príobháideach mar a leagtar síos i Roinn 8 den Iarscríbhinn seo) agus is éard atá i gceist seiceálacha leormhaithe a dhéanamh chun dlíthiúlacht táirgí adhmaid a áirithiú.
Caithfidh sé a bheith láidir agus éifeachtach go leor chun a áirithiú go sainaithneofar aon neamhchomhlíonadh i ndáil leis na ceanglais a leagtar síos sna maitrísí dlíthiúlachta a leagtar síos in Iarscríbhinn II, sna céimeanna éagsúla den slabhra soláthair ar an margadh náisiúnta. Ní mór dlíthiúlacht an adhmaid a allmhairítear agus a thiocfaidh isteach sa slabhra náisiúnta soláthair a fhíorú freisin.
6.1
Prionsabail maidir le fíorú dlíthiúlachta
Le linn chéim ullmhúcháin agus eagrúcháin an Chomhaontaithe seo, déanfaidh na Páirtithe, trí JIC, lámhleabhar fíorúcháin a nuashonrú agus a fhormheas ina dtugtar tuairisc ar an modheolaíocht fíorúcháin nach mór a chur i bhfeidhm chun comhlíonadh dlí a sheiceáil le haghaidh gach ceann de na táscairí agus de na modhanna fíoraithe a shainaithnítear mar phríomhghnéithe chun na maitrísí dlíthiúlachta a bhunú. Sonraítear le gach ceann de na táscairí an comhlacht nó an t‑aonad i ngach institiúid atá i gceannas ar an bhfíorú agus na doiciméid atá le fíorú. Ina theannta sin, sonrófar a mhinice a sheiceálfar an táscaire, agus an áit a bhfuil na taifid ina bhfuil an fhaisnéis agus na doiciméid (páipéar‑bhunaithe agus digiteach araon) a stóráiltear sna hinstitiúidí éagsúla i gcomhréir lena réimsí freagrachta.
6.1.1
Institiúidí a bhaineann le fíorú dlíthiúlachta
Is iad institiúidí a shainaithnítear go soiléir ag a bhfuil acmhainní leordhóthanacha, córais bhainistíochta agus pearsanra oilte, mar aon le sásraí láidre éifeachtacha chun coinbhleachtaí leasa a rialú a dhéanann an fíorú. Tá na scileanna agus an taithí is gá ag an bpearsanra fíorúcháin ar fad i ngach institiúid chun a gcuid oibre a dhéanamh agus déantar maoirseacht cheart orthu.
Tá struchtúr eagrúcháin agus feidhme ag ICF agus ag na hinstitiúidí eile a bhfuil baint acu le LAS chun a fhíorú cibé atá na hoibreoirí go léir ag comhlíonadh na dTáscairí dlíthiúlachta nó nach bhfuil. I bhfianaise an mhéid faisnéise a ghinfidh an fíorú a dhéanfaidh gach institiúid maidir le hoibreoirí, agus an gá atá leis an bhfaisnéis sin a thaifeadadh agus a choinneáil cothrom le dáta, cuirfear na torthaí fíorúcháin i mbunachar sonraí a bheidh ar fáil d’Aonad um Fhíorú Dlíthiúlachta ICF. Soláthrófar leis sin an fhaisnéis uile is gá don Aonad um Fhíorú ar bhonn leanúnach chun go bhféadfar deimhniú um chomhlíonadh dlí a eisiúint agus bailíocht deimhnithe um chomhlíonadh na n‑oibreoirí a athbhreithniú. Éilíonn féidearthacht an bhailithe agus an nuashonraithe sonraí sin comhordú idir na hinstitiúidí mar a thuairiscítear i Roinn 11 den Iarscríbhinn seo.
Léirítear leis an léaráid seo a leanas an sreabhadh sonraí idir na gníomhaithe éagsúla LAS chun comhlíonadh dlíthiúil a fhíorú:
Table 2
lena dtugtar tuairisc ar na sásraí chun comhlíonadh dlí a léirítear sa léaráid thuas a fhíorú.
Tábla 2.
Tuairisc ar na sásraí chun comhlíonadh dlí a fhíorú.
|
Uimh
|
Cur Síos
|
|
1
|
Oibreoir in earnáil na foraoiseachta: duine nádúrtha nó duine dlítheanach a dhéanann gníomhaíochtaí sa slabhra soláthair táirgí foraoise.
|
|
2
|
Déantar iarratas ar mhodh fíoraithe (Iarscríbhinn II).
|
|
3
|
Modheolaíocht lena gcruthaíonn gach institiúid an modh fíoraithe. Ní chruthaítear roinnt modhanna fíoraithe ach uair amháin agus cruthaítear modhanna eile go tréimhsiúil.
|
|
4
|
Cruthaítear modhanna fíoraithe fisiciúla agus/nó leictreonacha (Iarscríbhinn II).
|
|
5
|
Modheolaíocht fíorúcháin. Ar chás neamhchomhlíontachta a shainaithint, cuireann gach institiúid nósanna imeachta chun feidhme chun doiciméadú, próiseáil agus faireachán a dhéanamh agus chun bunachar sonraí an Aonaid um Fhíorú Dlíthiúlachta a chur ar an eolas.
|
|
6
|
Gníomhaíocht cheartaitheach nó phionósach a bhaineann le neamhchomhlíontacht dlí mar thoradh ar ghníomhaíocht riaracháin nó ex officio (Iarscríbhinn V, Roinn 9).
|
|
7
|
Sonraí comhpháirtíochta fíorúcháin um chomhlíonadh dlí a thiomsaíonn na hinstitiúidí go léir lena mbaineann ach úsáid a bhaint as SIRMA, SNIF agus ICF Geoportal agus uirlisí eile de chuid na n‑institiúidí sin (Iarscríbhinn V, Roinn 6 agus Roinn 7).
|
|
8
|
Iarratas chuig an Aonad um Fhíorú Dlíthiúlachta ar dheimhniú um chomhlíonadh dlí lena bhfianaítear dlíthiúlacht an oibreora (Iarscríbhinn V, Roinn 6 agus Roinn 7).
|
|
9
|
Na sonraí atá i seilbh an Aonaid um Fhíorú Dlíthiúlachta a thiomsú d’fhonn comhlíonadh na maitrísí dlíthiúlachta agus rialú an tslabhra soláthair ag an oibreoir a mheas. Má tá an chonclúid dearfach, eisíonn an tAonad um Fhíorú Dlíthiúlachta deimhniú um chomhlíonadh dlí lena gcruthaítear do cheannaitheoirí sa mhargadh intíre gur chomhlíon an t‑oibreoir ceanglais LAS (Iarscríbhinn V, Roinn 6 agus Roinn 7).
|
|
10
|
Iarratas chuig an Aonad Ceadúnúcháin ar cheadúnas FLEGT nó H‑Dlíthiúil lena bhfianaítear dlíthiúlacht ghníomhaíochtaí an oibreora ionas gur féidir leis an oibreoir a tháirgí a onnmhairiú chuig aon mhargadh (Iarscríbhinn IV).
|
|
11
|
Cinneadh ón Aonad Ceadúnúcháin cibé a chomhlíonann an t‑oibreoir an dlí nó nach gcomhlíonann. Má tá conclúid an Aonaid um Fhíorú fabhrach (i.e. go gcomhlíonann an t‑oibreoir ceanglais LAS go léir), eisítear ceadúnas FLEGT (margadh an Aontais) nó ceadúnas H‑Dlíthiúil (margaí eile), lena gcruthaítear do chustaiméirí sa mhargadh idirnáisiúnta gur chomhlíon an t‑oibreoir ceanglais LAS. Má tá an cinneadh neamhfhabhrach, tugann an tAonad Ceadúnúcháin fógra don iarratasóir (oibreoir) (Iarscríbhinn IV).
|
|
12
|
Dréachtaíonn iniúchóirí neamhspleácha LAS tuarascálacha ar a dtorthaí lena n‑áirítear conclúidí agus moltaí don Chomhchoiste Cur Chun Feidhme, atá freagrach as na tuarascálacha iniúchóireachta sin a fhoilsiú ar bhonn rialta (Iarscríbhinn VI).
|
|
13
|
Dréachtaíonn eagraíochtaí na sochaí sibhialta tuarascálacha fíorúcháin maidir le ceadúnais lománaíochta agus earnáil na foraoiseachta go ginearálta, a chuirtear ar fáil do JIC (Iarscríbhinn V, Roinn 4.4.2).
|
6.1.2
Nósanna imeachta fíorúcháin bunaithe ar na maitrísí dlíthiúlachta
Sa lámhleabhar a chomhaontóidh na Páirtithe trí JIC, tabharfar tuairisc ar an modheolaíocht a chuireann na hinstitiúidí lena mbaineann i bhfeidhm, institiúidí a bhfuil sé de fhreagracht orthu cuid den táscaire nó an táscaire ar fad a fhíorú. Sainaithneofar leis an lámhleabhar an comhlacht nó an oifig atá freagrach as an bhfíorú agus an ghníomhaíocht a dhéanann sé chun an tasc sin a dhéanamh. Tagrófar sa lámhleabhar do “Minicíocht Fíorúcháin” freisin, lena léireofar cathain a bheidh na modhanna fíoraithe le fíorú; áireofar leis freisin an comhlacht agus an oifig ina stórálfar na cóipeanna páipéir agus digiteacha den fhaisnéis sin.
6.1.3
Stóráil an mhodha chun dlíthiúlacht a fhíorú
Coinnítear cóipeanna páipéarbhunaithe agus comhaid dhigiteacha na ndoiciméad le haghaidh gach modha fíoraithe i ngach institiúid atá freagrach as an modh lena mbaineann a chruthú. Coinnítear na taifid “institiúideacha” sin ar feadh 10 mbliana ar a laghad, mar a éilítear faoin dlí maidir le trédhearcacht agus rochtain ar fhaisnéis phoiblí (LTAIP). Bunaítear leis an dlí freisin an nós imeachta chun faisnéis a phróiseáil (Airteagail 30, 31 agus 32), sainmhínítear leis a bhfuil i gceist le “faisnéis phoiblí” (Airteagal 3) agus cad ba cheart a mheas mar shonraí pearsanta rúnda (Airteagal 7) nó faisnéis rúnaicmithe (Airteagal 8).
I bhfianaise a thábhachtaí atá dlíthiúlacht agus barántúlacht an mhodha fíoraithe, áirithíonn na hinstitiúidí freagracha go gcoinnítear taifid fhisiciúla agus dhigiteacha le haghaidh gach modha fíoraithe. Ar mhaithe le trédhearcacht agus éifeachtúlacht na bainistíochta faisnéise, ní mór do na hinstitiúidí a bhfuil baint acu leis an modh fíoraithe a áirithiú go gcuirtear an fhaisnéis ina dtaifid ar fáil d’eagraíochtaí eile – lena n‑áirítear an t‑aonad um fhíorú dlíthiúlachta de chuid ICF ‑ ar bhealach tráthúil agus éifeachtach nuair is gá é. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart do gach institiúid a bhaineann leis an bhfíorú dlíthiúlachta leas a bhaint as na dlíthe, na rialacháin agus na nósanna imeachta atá i bhfeidhm laistigh dá réimse inniúlachta chun an fhaisnéis is gá a lorg ó oibreoirí agus í a choinneáil ina taifid.
6.1.4
Córais faisnéise agus feidhmiúlachtaí fíorúcháin
De bharr na gcóras ríomhaireachta, na n‑uirlisí agus na bprótacal atá ann cheana agus a fhorbrófar chun comhlíonadh na dtáscairí sna maitrísí dlíthiúlachta a fhíorú, beifear in ann tacar fíoruithe doiciméadacha agus allamuigh a bhailiú agus na sonraí a réiteach ar fud an tslabhra soláthair adhmaid. I Roinn 3.2 den Iarscríbhinn seo leagtar amach na príomhuirlisí agus prótacail ríomhaireachta a úsáideann na hinstitiúidí a bhfuil baint acu le LAS. Tugtar tuairisc ghairid sna hailt seo a leanas ar na córais TF atá i bhfeidhm faoi láthair chun tacú leis na hinstitiúidí a sainchúraimí a dhéanamh.
Ag ICF:
−
Córas Náisiúnta Faisnéise Foraoiseachta (SNIF)
Is féidir an uirlis ríomhaire sin a úsáid chun bunachair dinimiciúla sonraí a choinneáil ar thaifid lena léirítear úinéireacht ar fhoraoisí príobháideacha, náisiúnta agus bardasacha, agus ar chuideachtaí táirgí foraoise agus clóis adhmaid. Tá faisnéis sa chóras faoi na ceadúnais lománaíochta go léir, lena n‑áirítear pleananna bainistíochta, pleananna oibriúcháin, pleananna tarrthála, pleananna téarnaimh, pleananna speisialta le haghaidh córais agrafhoraoiseachta agus lománaíocht plandálacha a dheimhníonn ICF. A bhuí le SNIF, féadfar faireachán a dhéanamh ar an adhmad a shreabhann idir oibreoirí lománaíochta tríd an slabhra soláthair.
−
An Córas TF um Inrianaitheacht Adhmaid (SIRMA)
A bhuí leis an uirlis ríomhaire sin, féadfar faireachán a dhéanamh ar bhaint adhmaid agus sreafaí iompair bunaithe ar thaifead na gceadanna iompair a úsáidtear le haghaidh gach ceadúnais lománaíochta. Úsáideann an córas an fhaisnéis ó SNIF chun taifead a choinneáil ar cheadanna iompair. Réitítear an fhaisnéis faoi na ceadanna a chláraítear le haghaidh iompar ón bhforaois chuig cuideachtaí táirgí foraoise agus faoi na hionchuir agus na haschuir ag gach nasc den slabhra trí na tuarascálacha míosúla a chomhdaíonn gach oibreoir. De bharr na faisnéise a choinnítear ar taifead is féidir faireachán a dhéanamh ar tháirgeadh, dáileadh nó díolacháin agus stoic/fardail.
−
Geoportal
Taispeántar ar an ardán fíorúil sin de mhapa foraoise Hondúras suíomh geografach agus achar dromchla na limistéar faoi chosaint, limistéir a shanntar faoi chonarthaí bainistíochta, micrimchuacha dearbhaithe, bonneagar bóthair, pleananna bainistíochta foraoise agus léarscáileanna tagartha. Nasctar Geoportal le SNIF. Úsáidtear an fhaisnéis sin chun na bealaí sreafa adhmaid a bhreacadh agus éascaíonn sí seicphointí a phleanáil chun críocha fíorúcháin ar mhórbhealaí agus ag pointí íogaire den ghréasán bóithre. De réir mar a chruthaítear modúil nua SNIF, nascfar le Geoportal iad: taifead ar phleananna tarrthála, pleananna speisialta le haghaidh córais agrafhoraoiseachta, plandálacha deimhnithe foraoise agus cuideachtaí táirgí foraoise, i measc nithe eile.
Ag SAR:
−
Córas Leictreonach Inmheánach um Ioncam (R‑cháin)
Soláthraíonn an tairseach sin na foirmeacha clóite do cháiníocóirí chun tuairisceáin chánach a chomhdú. Leis an gcóras sin, féadfar, mar shampla, faisnéis a chros‑seiceáil idir comhdúcháin mhíosúla a dhéanann cáiníocóirí, i.e. cánacha ioncaim, agus na tuarascálacha míosúla a chomhdaíonn oibreoirí le ICF.
−
Córas Riaracháin Cánach agus Airgeadais (SAFT)
Leis an gcóras sin, feabhsaítear éifeachtúlacht, éifeachtacht, tráthúlacht agus trédhearcacht riaracháin bhardasaigh airgeadais trí bhainistíocht uathoibrithe agus chomhtháite a dhéanamh ar nósanna imeachta riaracháin agus airgeadais bunaithe ar reachtaíocht na tíre. Leis an gcóras, is éasca rialuithe inmheánacha a chur chun feidhme, láimhseáiltear faisnéis airgeadais bardasaí ar bhonn comhtháite leis, agus is féidir é a nascadh le cláir eile chun staitisticí agus léarscáileanna digiteacha a ghiniúint.
−
An Clár Náisiúnta Cánach (RTN)
I gcás daoine nádúrtha agus daoine dlítheanacha agus eagraíochtaí nó eintitis nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu ach a bhíonn i mbun gníomhaíochtaí a fhágann go bhfuil siad faoi dhliteanas cánach, ní mór dóibh clárú leis an gClár Náisiúnta Cánach a choinníonn na húdaráis chánach mar a leagtar síos sa reachtaíocht is infheidhme.
I gcás daoine nádúrtha, is ionann a n‑uimhir ar an gClár Náisiúnta Cánach agus a n‑uimhir ar an gClár Náisiúnta Daoine (RNP), ach amháin go gcuirtear digit amháin breise léi, agus coinnítear an uimhir chéanna ar feadh a saoil. Ní mór daoine dlítheanacha a iontráil ar an gClár Náisiúnta Cánach nuair a chláraítear nó nuair a bhunaítear iad.
Ag IP:
−
Córas Náisiúnta Riaracháin Maoine Hondúras (SINAP)
Is córas TF é sin a úsáidtear mar ardán oifigiúil rialtas Hondúras chun faisnéis faoi chearta maoine a riar. Tá fochórais in SINAP lena n‑áirítear SURE:
−
Córas Comhaontaithe Clárúcháin Hondúras (SURE)
Is córas faisnéise é sin a ceapadh le nuachóiriú a dhéanamh diaidh ar ndiaidh ar an nós imeachta chun cearta maoine, cearta úinéireachta agus clárú talún a chlárú ar fud na tíre.
Ag IHSS:
−
Córas Slándála Sóisialta Hondúras
Feidhmíonn IHSS Córas Faisnéise faoi Chomhaltaí (SICA), lena gcoinnítear taifead ar fhostóirí agus ar fhostaithe fiontar cláraithe. Tá raon feidhme geografach náisiúnta ag IHSS agus tá ionadaíochtaí agus oifigí aige i mórchathracha uile na tíre.
Ag MiAmbiente:
−
Córas Simplithe Ceadúnúcháin Comhshaoil (SLAS)
Dearadh an uirlis sin chun sásra solúbtha a sholáthar do ghnólachtaí lena gcuirtear ar a gcumas dóibh tús a chur láithreach le tionscadal ach anailís thapa a sholáthar ar ghnéithe dlí lena dtoirmisctear nó lena n‑eisiatar tionscadail áit ar bith sa tír, déantar staidéar domhain ar thréithriú an lín tionchair comhshaoil le haghaidh aon chineál tionscadail, agus leagtar amach go huathoibríoch na bearta maolaithe a éilítear leis an tionscadal atá i gceist sna comhordanáidí geografacha a thugtar don áit a bhfuil sé le lonnú.
Ag INA:
−
An Clár Náisiúnta Talúntais
Maidir leis an gClár Náisiúnta Talúntais, tá clár doiciméadach agus bunachair shonraí geografacha ag INA lena gcuirtear ar a chumas faireachán a dhéanamh ar cheantair ina bhfuil teidil maoine. Faoi láthair, níl córas TF ná ailtireacht bunachair sonraí coibhneasta aige lena gcumasaítear idirghníomhú le córais eile.
Ag DARA:
−
Córas Uathoibríoch Hondúras um Ioncaim ó Chustaim (SARAH)
Leis an gcóras seo, úsáidtear teicneolaíochtaí ceannródaíocha bunaithe ar chaighdeáin oscailte lena soláthraítear seirbhís custaim ar líne a bhfuil sé an‑éasca rochtain a fháil uirthi ach úsáid a bhaint as brabhsálaí caighdeánach agus seirbhísí gréasáin. Tá feidhmchláir bhreise aige freisin lean dtacaítear le bainistíocht custaim agus a fhágann gur féidir rialuithe a bhunú agus trádáil idirnáisiúnta á éascú ag an am céanna.
−
Córas Leictreonach Hondúras um Thrádáil Sheachtrach (SECEH) agus a mhodúl ar líne um dhearbhuithe onnmhairiúcháin a údarú
Tacaíonn SECEH leis an earnáil onnmhairiúcháin toisc gur féidir na doiciméid onnmhairiúcháin a theastaíonn le haghaidh imréiteach custaim earraí a fháil ar líne.
−
An Córas um Idirthuras Idirnáisiúnta Earraí (TIM)
Leis an gcóras TF sin, éascaítear nósanna imeachta caighdeánaithe custaim ag teorainneacha Mheiriceá Láir chun foirmiúlachtaí imirceacha, custaim agus coraintín a bharrfheabhsú trí dhoiciméad amháin: an Doiciméad Aonair um Idirthuras Idirnáisiúnta Earraí.
−
An Córas Comhtháite um Thrádáil Sheachtrach (SICE)
Leis an gcóras sin, soláthraítear staitisticí trádála seachtraí d’úsáideoirí i mBanc Ceannais Hondúras (BCH) agus taispeántar faisnéis i gcomhréir le Córas Taraife Mheiriceá Láir, agus déantar sin go hiontaofa mar go bhfíoraítear an fhaisnéis ar dtús trí roinnt foinsí faisnéise.
Le linn chéim ullmhúcháin agus eagrúcháin an Chomhaontaithe seo, forbrófar na huirlisí TF seo a leanas:
−
Cruthófar córas bainistíochta le haghaidh na faisnéise a thaifeadtar ag ICF
Leis an leabharlann fhíorúil sin, cuirfear ar chumas ICF an fhaisnéis dhoiciméadaithe a bhaineann le hearnáil na foraoiseachta a eagrú, a chothabháil agus faireachán a dhéanamh uirthi, mar shampla dlíthe, straitéis an rialtais láir agus cáipéisí beartais, staidéir, comhaontuithe, fiosrúcháin, tuarascálacha, coinbhinsiúin agus cúltacaí doiciméad teicniúil, i measc nithe eile. Ní mór an córas seo a dhearadh chun na cuspóirí atá ann a chomhlíonadh, is é sin limistéar ar líne a chothabháil ina bhféadtar fiosrúcháin a dhéanamh agus ina dtugtar rochtain d’oibreoirí ar an bhfaisnéis dhoiciméadach chun cinnteoireacht a éascú. Ach an córas sin a chruthú, éascófar na nósanna imeachta fíorúcháin a dhéanann ICF, arb é ceann de phríomhghnéithe LAS é. Dá bhrí sin, is é an cuspóir atá ann é a fhorbairt sa ghearrthéarma, le linn chéim ullmhúcháin agus eagrúcháin an Chomhaontaithe seo.
−
Cruthófar bunachar sonraí don Aonad um Fhíorú Dlíthiúlachta
Le go mbeifear in ann a fhíorú go gcomhlíonann oibreoirí na táscairí sna maitrísí dlíthiúlachta agus ceanglais LAS, beidh uirlis ag teastáil ón Aonad um Fhíorú Dlíthiúlachta chun faisnéis a fháil agus a nuashonrú, uirlis a thugann rochtain ar ghníomhaithe a bhfuil baint acu le LAS, trí idirnascadh le bunachair shonraí chórais faisnéise na n‑institiúidí a bhfuil baint acu le LAS a fhorfheidhmiú. Ach an córas sin a chruthú, éascófar fíorú ar an slabhra soláthair agus nósanna imeachta rialaithe, arb é ceann de phríomhghnéithe LAS é. Dá bhrí sin, is é an cuspóir atá ann é a fhorbairt sa mheántéarma, le linn chéim ullmhúcháin agus eagrúcháin an Chomhaontaithe seo.
−
Cruthófar Córas TF um Chlárú, Riarachán agus Rialú Foraoiseachta (SIRACOF)
Áirítear an córas sin le torthaí na Straitéise Náisiúnta i gcoinne na Lománaíochta Neamhdhleathaí (ENCTI) mar uirlis ríomhaire chun éifeachtúlacht phróiseáil na bhfoirmiúlachtaí, trédhearcacht nósanna imeachta riaracháin agus cáilíocht na faisnéise sna taifid a mhéadú, agus chun tacú leis na sásraí rialaithe sa slabhra luacha foraoise, ón bhforaois go dtí na hionaid phróiseála agus na táirgí a chur ar an margadh. Rinneadh dul chun cinn suntasach maidir le forbairt a dhéanamh ar SIRACOF ach na córais atá mar bhunús léi a chruthú agus a uasghrádú go leanúnach, ós rud é go ndéanann siad an fhaisnéis bhunúsach a bhainistiú, a phróiseáil agus a riar, díreach cosúil le SNIF, SIRMA agus Geoportal.
−
Cruthófar Córas Coimeádta Taifead ag STSS
Beidh córas ag teastáil ó STSS a chuirfidh ar a chumas a fhíorú go bhfuil oibreoirí ag comhlíonadh na dtáscairí a bhaineann lena réimsí freagrachta.
Le céim ullmhúcháin agus eagrúcháin an Chomhaontaithe seo, beidh deis ann modúil nó córais faisnéise eile a shainaithint chun leanúint d’éascú a dhéanamh ar fhaisnéis maidir le fíorú ar chomhlíonadh dlí a ghiniúint, a aistriú, a idirnascadh agus a riar ar bhealach atá comhsheasmhach leis an acmhainneacht airgeadais, theicniúil agus dhaonna atá ar fáil. Déanfar anailís níos mionsonraithe ar cheanglais agus ar acmhainneacht chun a fháil amach cad é an leibhéal is iomchuí de ríomhairiú córais i ngach cás. Ciallaíonn sin go mbeidh athrú seasta á dhéanamh ar liosta na gcóras faisnéise lena bhfíoraítear an chomhlíontacht dlí.
6.1.5
Prionsabal bainistíochta riosca i gcás neamhchomhlíonadh LAS
Is é an príomhdhúshlán maidir le LAS a chur chun feidhme cleachtais neamhdhleathacha a laghdú. Éilíonn sé sásra cuimsitheach bainistíochta riosca atá le cur chun feidhme ar fud an tslabhra soláthair ar fad. I gcásanna nach bhfuil na hacmhainní is gá ag na húdaráis chun a áirithiú go ndéantar fíorú éifeachtach leis an déine agus leis an minicíocht chéanna, is deis é fíorú dlíthiúlachta riosca‑bhunaithe chun an locht sin a shárú.
Is éard atá i gceist leis an mbainistíocht riosca agus LAS á chur chun feidhme meastóireacht a dhéanamh ar an dóchúlacht go dtarlóidh gach ceann de na rioscaí agus a dtionchar ar dhlíthiúlacht an adhmaid. Áireofar leis an meastóireacht sin torthaí an staidéir bunlíne ar leibhéal comhlíonta oibreoirí, a áirítear in Iarscríbhinn VIII. Athraíonn nádúr an riosca de réir cá háit agus cathain a thagann sé chun cinn. Ar an gcúis sin, bunaítear cinnteoireacht ar mhodheolaíocht oibiachtúil chomhtháite a chuireann ICF agus na gníomhaireachtaí eile rialtais i bhfeidhm, agus tosaíonn sé leis an riosca a chatagóiriú agus na critéir le haghaidh cinntí a bhunú i gcomhréir leis na cúinsí.
Sa lámhleabhar fíorúcháin faoi fhreagracht JIC, tíolacfar na bunphrionsabail maidir le catagóiriú rioscaí, a bheidh mar bhunús leis an gcinneadh faoin gcaoi chun dul i ngleic leis an bhfíorú dlíthiúlachta; tabharfar anailís ansin ar na rioscaí a bhaineann le cleachtais neamhdhleathacha a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn LAS a chur chun feidhme.
Cuirfear na cleachtais neamhdhleathacha seo a leanas san áireamh leis na nósanna imeachta bainistíochta riosca ar fud an tslabhra soláthair:
−
ábhar ó fhoinsí anaithnid agus ábhar a lománaíodh gan cearta dlíthiúla oibriúcháin lománaíochta ag dul isteach sa slabhra ag aon phointe;
−
cásanna ina bhfuil an méid táirge le tréithe áirithe níos mó ná cion an táirge bunaidh nó an méid amhábhair leis na tréithe céanna ó fhoinsí dleathacha a úsáidtear sa phróiseas táirgthe nó díola don chineál sin táirge.
Ag an am céanna, cuirfear san áireamh leis na nósanna imeachta bainistíochta riosca na doiciméid tacaíochta lena ndearbhaítear dlíthiúlacht oibreoirí agus a gcuid adhmaid, mar shampla deimhnithe aitheanta ó chórais fhormheasta um dheimhniúchán príobháideach, mar a shainítear i Roinn 8 den Iarscríbhinn seo.
Bunófar na bearta a dhéanfar chun comhlíonadh dlí a rialú agus a fhíorú ar na catagóirí riosca sin. Saineofar gníomhaíochtaí idirinstitiúideacha comhpháirteacha chun éifeachtúlacht na bainistíochta allamuigh a mhéadú trí idirghníomhaíocht na gcóras TF atá ann cheana sa tír.
Dá bhrí sin, déanann bainistíocht riosca níos éasca é cuspóirí agus spriocanna straitéiseacha náisiúnta a cheapadh chun dul i ngleic leis na dúshláin a gcaithfear aird faoi leith a thabhairt orthu sa rialachas foraoise. Cuidíonn sé freisin lena mheas cibé atá acmhainní leordhóthanacha ag na hinstitiúidí atá freagrach as fíorú dlíthiúlachta sa slabhra soláthair adhmaid nó nach bhfuil, nó le bearta a cheapadh ar bhealach eile chun laigí a shárú.
Maidir leis an mbainistíocht riosca i ndáil le hallmhairí, féadfar cigireachtaí custaim a dhéanamh ag trasnuithe teorann nó trí nósanna imeachta cigireachta a chuirtear i gcrích tar éis imréiteach custaim i gcomhréir leis an leibhéal riosca. Féadfar cigireacht tar éis imréiteach custaim a chur i bhfeidhm ar lastais allmhairithe ina bhfuil adhmad. I gcomhréir leis an reachtaíocht custaim, cuirfidh an t‑údarás custaim modhanna bainistíochta riosca i bhfeidhm chun cinneadh a dhéanamh ar raon feidhme, ábhar agus modh na gcigireachtaí iar‑imréitigh ar lastais allmhairithe.
Ní mór cigireacht iar‑imréitigh a dhéanamh ar shainchomhaid custaim agus ar earraí a scaoiltear laistigh de thréimhse nach faide ná cúig bliana ó dháta cláraithe an dearbhaithe custaim. Tá dlúthchomhar ann idir an t‑údarás custaim agus ICF chun faireachán agus seiceáil a dhéanamh ar allmhairí adhmaid, lena n‑áirítear seiceálacha rialta córasacha teorann agus imréitigh custaim go rialta agus go córasach, chomh maith le cásanna ina bhfuil amhras ann go bhfuil riosca ann.
Beidh feidhm ag bainistíocht riosca maidir le LAS a chur chun feidhme i dtaca le córais díchill chuí oibreoirí príobháideacha, go háirithe allmhaireoirí, chun an riosca a bhaineann le táirgí mídhleathacha adhmaid nó adhmad mídhleathach a chur ar an margadh náisiúnta.
Mar a shainítear i Roinn 6.2 den Iarscríbhinn seo, is í an dara príomhghné de na córais díchill chuí an mheastóireacht a dhéanfaidh gach oibreoir ar an riosca go bhfuil adhmad mídhleathach ina shlabhra soláthair, a bhunófar ar an bhfaisnéis a bhaileofar faoi na soláthróirí adhmaid agus lena gcuirfear san áireamh na critéir a leagtar síos sna nósanna imeachta atá le forbairt le linn chéim ullmhúcháin agus eagrúcháin an Chomhaontaithe seo.
Áirítear go gcuirfidh oibreoirí príobháideacha dícheall cuí chun feidhme agus nósanna imeachta rialaithe riosca‑bhunaithe na n‑institiúidí poiblí i mbearta forlíontacha in Iarscríbhinn VIII. Déanfaidh JIC na nósanna imeachta is gá chun iad a chur chun feidhme a tharraingt suas, a chur i bhfeidhm agus a bhailíochtú sula n‑eiseofar an chéad cheadúnas FLEGT.
6.1.6
Iniúchadh dlíthiúlachta a mbíonn deimhniú um chomhlíonadh dlí mar thoradh air
Fíoróidh ICF, tríd an Aonad um Fhíorú Dlíthiúlachta, comhlíonadh dlí gach oibreora i ndáil leis na táscairí dlíthiúlachta a leagtar síos in Iarscríbhinn II, na ceanglais maidir leis an slabhra soláthair a leagtar amach san Iarscríbhinn seo, a bhfuil feidhm acu maidir le gach oibreoir, agus leanfar nósanna imeachta a fhágann gur féidir deimhniú um chomhlíonadh dlí a eisiúint chuig gach oibreoir in earnáil na foraoiseachta.
Caithfidh na nósanna imeachta maidir le hiniúchóireachtaí dlíthiúlachta agus deimhniú um chomhlíonadh dlí a eisiúint na nithe seo a leanas a léiriú:
−
Táirgeadh na táirgí adhmaid ar bhealach a chomhlíonann na ceanglais go léir a chuimsítear sa sainmhíniú ar dhlíthiúlacht. Ní mór na táscairí agus modhanna fíoraithe an tsainmhínithe sin a chomhlíonadh i gcomhréir leis an dlí agus caithfidh siad dlíthiúlacht an oibreora a fhianú; ní mór nach mbeidh aon fhianaise ar aon sárú reatha ann;
−
Tugtar dearbhú leis na rialuithe a dhéanann na hinstitiúidí lena mbaineann nach bhfuil sna táirgí ach adhmad ó oibríochtaí dleathacha;
−
Déanann na hinstitiúidí lena mbaineann an t‑iniúchadh dlíthiúlachta trí chigireachtaí allamuigh a dhéanamh ar na hoibreoirí, agus áirítear leis rialú doiciméadach agus na bunachair shonraí atá ar fáil ann a fhíorú.
−
Coinnítear tuarascáil i scríbhinn ar an bpróiseas fíorúcháin agus bailíochtaithe sin ar taifead i gcomhréir le nósanna imeachta a shainítear i gcéim ullmhúcháin agus eagrúcháin an Chomhaontaithe seo.
Mar thoradh ar an bpróiseas fíorúcháin sin, eiseofar deimhniú um chomhlíonadh dlí lena sheachadadh ar an iarratasóir agus beidh na céimeanna seo a leanas ann:
Modheolaíocht chruthaithe:
1.
Déanann an t‑oibreoir iarratas chuig an Aonad um Fhíorú Dlíthiúlachta de chuid ICF ar dheimhniú um chomhlíonadh dlí.
2.
Bunaithe ar sceideal bliantúil iniúchóireachta dlíthiúlachta SIIAVA, fíoraíonn gach institiúid comhlíonadh dlí an oibreora i gcomhréir leis na rialacháin is infheidhme faoina freagracht agus cuireann sí an toradh in iúl don Aonad um Fhíorú Dlíthiúlachta de chuid ICF.
3.
Déanann an tAonad um Fhíorú Dlíthiúlachta de chuid ICF anailís ar na modhanna fíorúcháin atá ar fáil dó, agus ar na tuarascálacha fíorúcháin ó na hinstitiúidí lena mbaineann.
4.
Déanann an tAonad um Fhíorú Dlíthiúlachta meastóireacht ar cibé a chomhlíonann an t‑oibreoir gach ceann de na táscairí sna maitrísí dlíthiúlachta agus ceanglais LAS nó nach gcomhlíonann.
5.
Má chomhlíonann an t‑oibreoir na ceanglais sin go léir, tugann an tAonad um Fhíorú Dlíthiúlachta iniúchadh dlíthiúlachta an oibreora i gcrích ach deimhniú um chomhlíonadh dlí a eisiúint.
Modheolaíocht fíorúcháin:
Ar iarratas ó ICF nó ó aon institiúid eile a bhfuil leas aige ann, seiceálann an tAonad um Fhíorú Dlíthiúlachta SIRMA, SNIF nó córas eile faisnéise atá le sainiú le linn chéim ullmhúcháin agus eagrúcháin an Chomhaontaithe seo le fáil amach cibé atá deimhniú bailí um chomhlíonadh dlí ag an oibreoir nó nach bhfuil. Ar an gcaoi chéanna, gach uair a dhéanann an t‑oibreoir iarratas chuig an Aonad um Fhíorú Dlíthiúlachta chun a dheimhniú um chomhlíonadh dlí a athnuachan, seiceálfar go bhfuil deimhniú bailí aige.
Sula rachaidh an deimhniú um chomhlíonadh dlí in éag, ní mór don oibreoir iarratas a dhéanamh ar a athnuachan nó a fhadú, de réir mar is iomchuí. Agus iarratas á dhéanamh aige ar an tréimhse bhailíochta a fhadú, caithfidh an t‑iarratasóir doiciméid tacaíochta a chur isteach lena dtugtar fianaise ar an ngá le fadú (e.g. má tá sé ag fanacht ar mhodh fíoraithe a fháil ó institiúid) nuair a cuireadh a iarratas isteach in am agus i gcomhréir leis na modheolaíochtaí cruthaithe a shainmhínítear sa lámhleabhar a fhormheasfaidh na Páirtithe trí JIC. Déanfaidh an tAonad um Fhíorú Dlíthiúlachta anailís ar na doiciméid tacaíochta agus cinnfidh sé cibé atá sé iomchuí deimhniú nua um chomhlíonadh a eisiúint, nó an deimhniú reatha a athnuachan nó a fhadú.
Mar a shainítear i Roinn 8 den Iarscríbhinn seo, cuirfear san áireamh leis an nós imeachta chun deimhnithe um chomhlíonadh dlí a eisiúint aon deimhnithe aitheanta a eisítear faoi chórais um dheimhniúchán príobháideach a fhormheasann an Stát i gcomhthéacs an Chomhaontaithe seo. D’fhéadfadh sé sin laghdú a chur ar fhad na hiniúchóireachta is gá d’fhonn teideal chun deimhnithe um chomhlíonadh dlí a bhunú.
Maidir leis na nósanna imeachta chun tréimhse bhailíochta na ndeimhnithe um chomhlíonadh dlí a eisiúint, a athnuachan agus a fhadú, lena n‑áirítear sainmhíniú ar chomhpháirteanna an tsainchomhaid riaracháin, oibriú an chórais chun sonraí ó na hinstitiúidí éagsúla lena mbaineann a réiteach agus an nós imeachta chun deimhnithe um chomhlíonadh dlí a athnuachan, déanfar iad a shainiú i bhforáil shonrach rialála ICF le linn chéim ullmhúcháin agus eagrúcháin an Chomhaontaithe seo, agus cuirfear faoi bhráid JIC í lena formheas.
6.2
Oibleagáidí na n‑oibreoirí maidir le fíorú dlíthiúlachta
Beidh oibreoirí foraoiseachta ar fud an tslabhra soláthair freagrach as dlíthiúlacht na dtáirgí a cheannaíonn siad a fhíorú ach dícheall cuí a chur i bhfeidhm, mar a shainmhínítear i Roinn 7.4 den Iarscríbhinn seo.
Ní mór dícheall cuí a dhéanamh ar adhmad a cheannaítear, idir tháirgí a fhaightear ar an margadh náisiúnta agus tháirgí a allmhairítear. Cé go mbeidh feidhm ag an bhfíorú dlíthiúlachta maidir le gach oibreoir, caithfidh an fíorú sin a thaispeáint go ndéanann gach soláthróir adhmaid comhlíonadh dlí an adhmaid a cheannaíonn siad a fhíorú agus a dhoiciméadú. Féadfar faisnéis a rangaítear mar fhaisnéis faoi rún, mar shampla, sonraí cuntasaíochta nó sonraí eile, a eisiamh ón ngnás díchill chuí, mar a chinnfear i ndáil leis na nósanna imeachta díchill chuí le linn chéim ullmhúcháin agus eagrúcháin an Chomhaontaithe seo.
Maidir le gach ceannach adhmaid ag gach pointe feadh an tslabhra soláthair, is éard atá i gceist leis na seiceálacha a dhéanann oibreoirí fíorú a dhéanamh ar bhailíocht, barántúlacht agus comhlíonadh an adhmaid leis na táscairí a bhfuil feidhm acu maidir leis an soláthróir ábhartha, lena n‑áirítear comhghaolú tréithe fisiceacha an adhmaid (lena n‑áirítear speicis agus toisí), chun a ráthú go bhfuil an t‑adhmad de thionscnamh dleathach. Má tá aon riosca ann a bhfuil amhras faoi go bhfuil adhmad mídhleathach, caithfidh na hoibreoirí bearta maolaithe riosca a ghlacadh sula gceannaítear táirgí adhmaid, mar a shainmhínítear i Roinn 7.1 den Iarscríbhinn seo.
Má tá deimhniú bailí um chomhlíonadh dlí ag soláthróir arna eisiúint go cuí ag an Aonad um Fhíorú Dlíthiúlachta de chuid ICF, féadfar an gnás díchill chuí a theorannú do chóip den deimhniú sin a iarraidh. Ní mór don oibreoir bailíocht agus barántúlacht an deimhnithe um chomhlíonadh dlí a sheiceáil áfach ach úsáid a bhaint as uirlis shonrach ón Aonad um Fhíorú Dlíthiúlachta a fhorbrófar le linn chéim ullmhúcháin agus eagrúcháin an Chomhaontaithe seo.
Nuair a bhaileofar an fhaisnéis ar chomhlíonadh dlí a soláthróirí, tá oibreoirí freagrach as an bhfaisnéis sin a choinneáil suas chun dáta.
Caithfear na nithe seo a leanas a thaispeáint leis an bhfíorú comhlíonta a dhéanann oibreoirí foraoiseachta a úsáideann an próiseas díchill chuí:
−
Táirgeadh na táirgí ar bhealach a chomhlíonann na ceanglais go léir a chuimsítear sa sainmhíniú ar dhlíthiúlacht; agus
−
tá seiceálacha leordhóthanacha i bhfeidhm chun a áirithiú nach bhfuil ach adhmad a fhaightear ó oibríochtaí dleathacha sna táirgí.
7.
AN SLABHRA SOLÁTHAIR ADHMAID AGUS TÁIRGÍ ADHMAID A FHÍORÚ
Áirítear le ceann de fhreagrachtaí ICF, a oibríonn trí SIIAVA chun na hinstitiúidí eile a bhfuil baint acu le LAS a chomhordú, an slabhra soláthair adhmaid agus táirgí adhmaid a áirítear leis an gComhaontú seo a fhíorú.
Áirítear leis an slabhra soláthair a chumhdaíonn bainistíocht, táirgeadh agus sreabhadh adhmaid agus táirgí adhmaid de speicis péine agus leathanduilleacha na pointí criticiúla seo a leanas a mhionsonraítear in Aguisíní 1 agus 2 a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo:
−
Táirgí adhmaid a allmhairiú
−
Idirthuras táirgí adhmaid
−
Fardal foraoise
−
Crainn a lománú, lomáin chruinne nó adhmad sáfa a tháirgeadh agus stoc‑charnadh san fhoraois nó i lárionaid bailithe
−
Maidir le foraoisí péine:
−
Lomáin chruinne a iompar ón bhforaois chuig cuideachtaí príomhúla táirgí foraoise.
−
Maidir le foraoisí leathanduilleacha:
−
Adhmad sáfa a iompar ón bhforaois chuig lárionaid shealadacha bailithe
−
Adhmad a stóráil ag lárionaid shealadacha bailithe
−
Adhmad sáfa a iompar ó lárionaid shealadacha bailithe chuig cuideachtaí príomhúla táirgí foraoise
−
Cuideachtaí príomhúla táirgí foraoise
−
Táirgí adhmaid phróiseáilte a iompar.
−
Cuideachtaí tánaisteacha táirgí foraoise
−
Clóis adhmaid
−
Ceadúnú FLEGT agus H‑Dlíthiúil
−
Táirgí adhmaid a onnmhairiú
−
Táirgí adhmaid a choigistiú.
Ar an dáta a thiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm, tá na naisc sa slabhra foraoise leathanduillí mórán mar an gcéanna leo siúd sa slabhra foraoise péine. Tugtar tuairisc ar na difríochtaí atá ann in Aguisíní 1 agus 2 a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
7.1
Prionsabail maidir le slabhra soláthair a fhíorú
Áirítear le rialú an tslabhra soláthair na táirgí go léir a chumhdaítear leis an gComhaontú seo, is cuma más tomhaltas intíre nó idirnáisiúnta atá i gceist, agus clúdaítear leis na naisc go léir sa slabhra soláthair, idir an fardal foraoise agus an plean bainistíochta agus adhmad a lománú, a iompar, a phróiseáil, a allmhairiú agus a dháileadh sa bhaile agus ar mhargaí seachtracha lena n‑áirítear an tAontas.
Chun rialú ar an slabhra soláthair a chur chun feidhme, beidh roinnt córas faisnéise uathoibrithe ar fáil do ICF agus d’institiúidí eile lena mbaineann, cuid acu atá ann cheana agus cuid eile atá le forbairt, rud a fhágfaidh go mbeidh sé indéanta faisnéis a bhailiú, a eagrú, a choinneáil agus a aistriú, laistigh den riarachán foraoiseachta agus leis na hinstitiúidí agus na gníomhaithe eile go léir a bhfuil baint acu leis.
Cuimseofar leis na córais faisnéise sin uirlisí chun an fhaisnéis a bhailíochtú agus a réiteach, faisnéis a mbeidh rochtain ag an hinstitiúidí go léir atá páirteach uirthi agus a úsáidfidh na hinstitiúidí chun dlíthiúlacht an adhmaid ag gach céim den slabhra soláthair a fhíorú.
Bunaítear fíorú an tslabhra soláthair faoi LAS ar an dá ghníomhaíocht seo a leanas:
(a)
Comhlíonadh dlí an adhmaid a cheannaíonn gníomhaithe príobháideacha a sheiceáil
Tá ról riachtanach ag an earnáil phríobháideach maidir le rioscaí na gcleachtas neamhdhleathach a mhaolú i LAS a chur chun feidhme. Dírítear gealltanas na hearnála príobháidí ar shásra díchill chuí a ghlacadh chun dlíthiúlacht na dtáirgí a cheannaíonn sí a fhíorú. Faoi LAS, beidh dícheall cuí ina oibleagáid rialaithe fíorúcháin d’oibreoirí príobháideacha chun faisnéis a fháil faoi chomhlíonadh dlí na bhfoinsí adhmaid a cheannaíonn siad, beag beann ar cibé atá an táirge de thionscnamh intíre nó idirnáisiúnta, agus déanfar anailís ar rioscaí féideartha agus cuirfear bearta maolaithe chun feidhme atá iomchuí do na rioscaí a shainaithnítear.
D’fhéadfadh sé go n‑áireofaí leis an bhfaisnéis atá le fáil maidir le comhlíonadh dlí adhmaid doiciméid lena ndearbhaítear dlíthiúlacht adhmaid allmhairithe agus adhmaid a ceannaíodh i Hondúras, mar shampla deimhnithe a eisíonn córais um dheimhniúchán príobháideach a aithníonn Hondúras (de réir an nós imeachta a thuairiscítear i Roinn 8) i gcás adhmaid intíre, nó ceadúnais FLEGT ón tír thionscnaimh i gcás adhmaid allmhairithe. Measfar go huathoibríoch nach mbeidh aon riosca féideartha d’iompar mídhleathach ag baint le hadhmad a chumhdaítear le deimhnithe agus ceadúnais den sórt sin.
Fíoróidh ICF go gcomhlíonann na hoibreoirí na ceanglais díchill chuí trí iniúchóireachtaí dlíthiúlachta a dhéanamh a mbeidh sé mar thoradh orthu go n‑eiseofar deimhniú um chomhlíonadh dlí má chomhlíonann an t‑oibreoir atá i gceist an dlí. Chuige sin, áirítear leis na bearta forlíontacha a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII nósanna imeachta agus ionstraimí dlí a chruthú chun dícheall cuí a chur chun feidhme, don mhargadh náisiúnta agus don mhargadh allmhairiúcháin araon.
(b)
Sonraí a bhailíochtú agus a réiteach le haghaidh rialú ICF ar an slabhra soláthair
Chun rialú éifeachtach ar an slabhra soláthair a bhaint amach, úsáidfear ar bhealach comhtháite an fhaisnéis ó chórais ríomhaireachta de chuid ICF atá ann cheana (SNIF, SIRMA agus Geoportal) agus SAR (RTN agus SARAH) a chuirtear chun feidhme agus a chomhlánaíonn a chéile, mar a thuairiscítear i Roinn 6.1.4 den Iarscríbhinn seo. Caithfidh feidhmiúlachtaí comhcheangailte na gcóras sin anailís a chumasú ach sonraí cáilíochtúla agus cainníochtúla a réiteach agus a bhailíochtú mar seo a leanas:
−
sonraí a chuireann oibreoirí foraoiseachta isteach agus sonraí ó chigireachtaí allamuigh a dhéanann ICF agus institiúidí eile (sonraí a bhailíochtú); agus
−
sonraí cainníochtúla ó chéimeanna éagsúla den slabhra soláthair mar a shainaithnítear in Aguisíní 1 agus 2 a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo (sonraí a réiteach).
Comhlíonfar na feidhmeanna réitigh agus bailíochtaithe sin ag gach céim den slabhra soláthair i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá i bhfeidhm cheana féin, nó atá le hathbhreithniú nó le dréachtú sula n‑eiseofar an chéad cheadúnas FLEGT.
I ngach ceann de na córais faisnéise sin, fágann an réiteach faisnéise gur féidir neamhrialtachtaí féideartha a aithint agus iniúchóireachtaí a dhéanamh ar na foraoisí, na cuideachtaí táirgí foraoise agus na clóis adhmaid a mbíonn tionchar acu orthu. Sna cásanna sin, osclaíonn ICF comhad le haghaidh imscrúdú agus pionós riaracháin, más iomchuí, cé go bhféadfadh sé an t‑ábhar a thuairisciú d’Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí má tá fianaise ann go bhfuil dliteanas coiriúil ann.
7.2
Táirgí adhmaid a shainaithint
Ach táirgí adhmaid a shainaithint, éascaítear an faireachán a dhéantar orthu agus iad ag bogadh ar feadh an tslabhra soláthair. Úsáidtear cineálacha éagsúla cur chuige aitheantais le haghaidh táirgí ó fhoraoisí péine agus táirgí ó fhoraoisí leathanduilleacha. Mar gheall ar a dtréithe fisiceacha, úsáidtear doiciméid go príomha chun lomáin phéine sáibh a shainaithint trí na ceadúnais lománaíochta agus na ceadanna iompair. I gcodarsnacht leis sin, sainaithnítear lomáin sáibh de speicis leathanduilleacha a chumhdaítear le pleananna oibriúcháin ach gach crann agus lomán sáibh a fhaightear a áireamh agus tuairisc a thabhairt orthu ina n‑aonar. Sonraítear in Aguisíní 1 agus 2 a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo an cineál sainaitheanta a úsáidtear ar fud an tslabhra soláthair.
7.3
Faisnéis a dhearbhaíonn oibreoirí faoin slabhra soláthair
Cuimsítear leis an slabhra soláthair adhmaid roinnt cineálacha oibreoirí atá freagrach as an bhfaisnéis is gá a chomhdú leis an údarás inniúil mar chruthúnas ar chomhlíonadh dlíthiúil ag gach nasc sa slabhra. Déantar achoimre ar an bhfaisnéis nach mór do gach cineál oibreora a chomhdú i dTábla 1, Roinn 5.4, agus tugtar sonraí faoi in Aguisíní 1 agus 2 a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
7.4
Táirgí allmhairithe adhmaid a fhíorú
Tá sé ríthábhachtach bunús dlíthiúil na dtáirgí allmhairithe adhmaid a fhíorú, ó thír na lománaíochta, chun sláine shlabhra soláthair LAS a áirithiú. Bunaítear fíorú dlíthiúlachta na dtáirgí adhmaid a allmhairítear isteach i Hondúras ar an ngnás díchill chuí lena gcuimsítear na nithe seo a leanas:
(a)
An toirmeasc ar adhmad mídhleathach a allmhairiú isteach i Hondúras, bunaithe ar chreat náisiúnta dlíthiúil na tíre nó na dtíortha tionscnaimh.
(b)
Freagracht an allmhaireora dlíthiúlacht na dtáirgí allmhairithe adhmaid a áirithiú ach na bearta seo a leanas a dhéanamh:
(i)
Faisnéis a bhailiú faoi dhlíthiúlacht fhoinse an adhmaid sa tír nó sna tíortha lománaíochta agus próiseála;
(ii)
Anailís a dhéanamh ar an riosca maidir le hiompar mídhleathach bunaithe ar an bhfaisnéis a bhailítear faoi phointe (i); agus
(iii)
An riosca a shainaithnítear faoi phointe (ii) a mhaolú.
(c)
Sainordú an údaráis custaim maidir le seiceálacha a dhéanamh ar dhlíthiúlacht adhmaid allmhairithe ag pointe iontrála na dtáirgí ar an teorainn nó, má thagann an cás chun cinn, mar fhíorú a posteriori, a luaithe a bheidh na táirgí allmhairithe i Hondúras.
Sula n‑eiseofar an chéad cheadúnas FLEGT, tarraingeofar suas reachtaíocht shonrach maidir le táirgí allmhairithe adhmaid a fhíorú, mar aon le nósanna imeachta mionsonraithe maidir le dícheall cuí a fheidhmíonn oibreoirí príobháideacha maidir le hallmhairí táirgí adhmaid.
7.5
Táirgí adhmaid faoi bhealach a fhíorú
Ní mór táirgí adhmaid faoi bhealach trí Hondúras a shainaithint, a chur ar fhardal agus a scaradh ó shlabhra soláthair an adhmaid a tháirgtear i Hondúras nó a allmhairítear agus dá bhrí sin, ní mór dó dul faoi na nósanna imeachta rialaithe custaim a bhunaítear. Ní bheidh táirgí adhmaid atá faoi bhealach mar chuid de LAS, agus dá bhrí sin ní bheifear in ann ceadúnas FLEGT a fháil lena n‑onnmhairiú ó Hondúras.
Ní mór d’Údarás Custaim Hondúras táirgí adhmaid atá faoi bhealach a iniúchadh agus iad faoi bhealach faoin aicmiú “idirthuras idirnáisiúnta earraí”, a nasctar le SARAH. Ní mór an tír thionscnaimh, i.e. an tír inar gearradh agus inar lománaíodh an t‑adhmad, a chur in iúl go soiléir ar an mbille iompair agus ar dhoiciméid eile iompair.
Ní mór go mbeadh dearbhú aonair agus taifead inrianaitheachta ó gach ceann de na húdaráis custaim a ndeachaigh siad tríd agus iad faoi bhealach in éineacht le táirgí adhmaid atá faoi bhealach idirnáisiúnta, agus ní mór go dtaifeadtar a n‑iontráil i Hondúras agus a n‑imeacht chuig an tír chinn scríbe ar an dá dhoiciméad.
Sonróidh Hondúras na doiciméid dlí agus seiceálacha shonracha eile custaim a mbeidh feidhm acu maidir le táirgí adhmaid atá faoi bhealach le linn chéim ullmhúcháin agus eagrúcháin an Chomhaontaithe seo. Sula n‑eiseofar an chéad cheadúnas FLEGT, cuirfear nósanna imeachta mionsonraithe ar fáil maidir leis an gcaoi a gcaithfear leis an adhmad sin.
7.6
Táirgí adhmaid coigistithe a fhíorú
Faoin Dlí Foraoiseachta, cláraítear táirgí adhmaid a choigistítear i LAS, ach ní féidir leo dul isteach sa slabhra soláthair arís ach amháin má úsáidtear chun críocha sóisialta amháin iad, go háirithe chun troscán scoile a dhéanamh.
Faoi Airteagal 106 den Dlí Foraoiseachta, arna leasú, tá sé de chumhacht ag ICF agus ag údaráis inniúla eile (Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí, póilíní náisiúnta coisctheacha agus fórsaí armtha Hondúras) táirgí adhmaid nó seachtháirgí a lománaíodh nó a iompraíodh de shárú ar na forálacha dlí is infheidhme a choigistiú.
Faoi réir tuairim shaineolach agus doiciméad um scaoileadh táirgí arna eisiúint ag Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí, leithdháileann ICF na táirgí nó na seachtháirgí adhmaid a coigistíodh ar phríosúin nó ar institiúidí teicniúla roinne, a chaithfidh an t‑adhmad a úsáid go heisiach chun troscán scoile a dhéanamh, agus iar gcríochnú an troscáin sin, caithfear é a sheachadadh ar an Aireacht Oideachais.
Déanfaidh ICF taifead ar gach coigistiú i LAS, iontrálfar sonraí faoin áit a ndearnadh an coigistiú, áit thionscnaimh an adhmaid, ainm an chiontóra, an toirt de réir an chineáil adhmaid a coigistíodh agus seolaí an lastais. Chuige sin, áirítear beart forlíontach in Iarscríbhinn VIII chun modúil nua shonracha SIRMA a fhorbairt.
7.7
Táirgí adhmaid a fhaightear ó thalamh faoi réir athrú úsáide a fhíorú
Feadfaidh táirgí adhmaid a fhaightear ó thalamh faoi réir athrú úsáide a údaraítear go cuí dul isteach sa slabhra soláthair. Féadfar údarú a dheonú chun na crainn go léir ar láithreán ar leith a ghearradh nó a leagan sna cásanna seo a leanas:
(a)
Foraoisí a dtéann tubaistí nádúrtha, lotnaidí nó galair i bhfeidhm orthu. Ní fhéadfar plean tarrthála a údarú ach amháin nuair a leagtar crainn dá leithéid go nádúrtha, nó má bhuailtear go dona le lotnaidí nó má mharaítear le lotnaidí iad.
(b)
Bonneagar poiblí nó príobháideach a thógáil. I gcás crainn a ghearrtar nó a leagtar chun sreanga tarchuir cumhachta, uiscerianta nó oibreacha poiblí nó príobháideacha eile a bhfuil leas an phobail iontu a dhéanamh, éilítear go ndéanfaidh MiAmbiente Measúnú Tionchair Comhshaoil sula dtugann ICF cead chun na crainn a leagan.
(c)
Crainn ar thalamh talmhaíochta dá bhfuil an t‑úinéir ag iarraidh athrú ar fhásra, ar leagan agus ar lománaíocht chun an láithreán a úsáid le haghaidh feirmeoireachta beostoic, nó chun barra sealadacha nó buana a bhunú. Éilítear leis sin go ndéanfaidh MiAmbiente Measúnú Tionchair Comhshaoil sula dtabharfaidh ICF cead chun na crainn a leagan. Cead den sórt sin chun crainn a leagan a nasctar le hathrú ar fhásra le haghaidh barra sealadacha nó buana talmhaíochta, ní bhaineann sé ach le talamh talmhaíochta. Ordaítear le hAirteagal 93 den Dlí Foraoiseachta nach mór úsáid nádúrtha talún foraoise a chaomhnú agus a urramú i gcomhréir leis na beartais agus na rialacháin dlí maidir le pleanáil úsáide talún. Chomh maith leis sin, toirmisctear le hAirteagal 294 de rialachán an Dlí Foraoiseachta athruithe a dhéanamh ar fhásra ar thalamh a bhfuil acmhainneacht ard foraoiseachta inti.
Seiceálann na hOifigí Réigiúnacha Foraoiseachta nach mbaineann an t‑iarratas ar athrú úsáide le limistéir ina bhfuil cosc ar lománaíocht foraoise faoi Airteagal 157 den rialachán ginearálta lena rialaítear an Dlí Foraoiseachta. Mura mbaineann an t‑iarratas ar athrú úsáide le limistéar den sórt sin, údaraíonn ICF na crainn a leagan agus a lománú ach ceadúnas lománaíochta “plean tarrthála” a eisiúint. Áirítear sin mar tháscaire 3.3.2 sna maitrísí dlíthiúlachta. Ní mór go mbeadh an plean tarrthála sin a eisíonn ICF ag oibreoirí na hearnála foraoiseachta sula ndéantar na crainn a lománú, cibé atá sé ar intinn ag an úinéir an t‑adhmad a lománú chun críocha tráchtála nó nach bhfuil.
Tar éis na crainn a lománú faoi phlean tarrthála, féadfar plean téarnaimh a údarú chun na crainn atá fágtha ar an láithreán a ghlanadh. Go ginearálta, faightear seachtháirgí, mar shampla, connadh agus gualach ó na pleananna téarnaimh sin. Faightear píosaí beaga d’adhmad sáfa go hannamh. Féadfaidh na táirgí adhmaid sin dul isteach sa slabhra soláthair freisin.
De réir an dlí, ní eisíonn ICF ceadúnais lománaíochta d’adhmad ó limistéir a glanadh cheana féin, agus is é an t‑aon eisceacht pleananna tarrthála le haghaidh adhmad ar bhuail lotnaidí é. Má aimsítear limistéar glanta gan plean formheasta tarrthála a bheith ann, seachas cás sonrach lotnaidí, cuirfear an t‑ábhar in iúl d’Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí mar chion foraoiseachta. Sa chás sin, ní fhéadfaidh an t‑adhmad dul isteach sa slabhra soláthair.
8.
DEIMHNIÚCHÁN PRÍOBHÁIDEACH A AITHINT
I Hondúras, tá sásraí um dheimhniúchán príobháideach i bhfeidhm chun foraoisí leathanduilleacha agus péine a bhainistiú, chomh maith le córais chun an líne chúraim a rialú. Má fhaigheann siad aitheantas agus formheas an Rialtais faoin gComhaontú seo, is iomchuí go nglacfaí leis na córais sin chun bainistíocht foraoise, líne chúraim agus aon chórais eile den sórt sin a d’fhéadfadh teacht chun cinn – cibé acu is córais idirnáisiúnta nó náisiúnta iad – a dheimhniú, trí dheimhnithe arna n‑eisiúint ag eagraíochtaí neamhspleácha creidiúnaithe, mar fhianaise ar chomhlíonadh dlí na n‑oibreoirí atá deimhnithe chun dúbláil ar iarrachtaí fíorúcháin a sheachaint agus chun dlús a chur leis na deimhnithe um chomhlíonadh dlí a eisiúint chuig na hoibreoirí sin.
Chun go ndeonóidh an Rialtas an t‑aitheantas sin, ní mór go mbeadh ráthaíocht ann go n‑áirítear leis na sásraí a úsáidtear sna córais um dheimhniúchán príobháideach na ceanglais ar fad a shainítear i maitrísí dlíthiúlachta an Chomhaontaithe seo, mar aon leis na ceanglais maidir leis an líne chúraim a leagtar síos in LAS. Mura gcumhdaíonn na sásraí a úsáideann na córais um dheimhniúchán príobháideach ach fo‑thacar de na táscairí agus de na modhanna fíoraithe a shainítear i maitrísí dlíthiúlachta an Chomhaontaithe seo, ní bhainfidh aitheantas agus formheas an Rialtais ach le haghaidh an fho‑thacair sin de tháscairí agus de mhodhanna fíoraithe. Ní mór na seiceálacha a dhéantar ar an líne chúraim sa chóras um dheimhniúchán príobháideach a bheith comhsheasmhach go leor le forálacha LAS chun a gcomhlíonadh dlí a áirithiú.
Cinnfear an nós imeachta agus an cineál aitheantais le linn chéim ullmhúcháin agus eagrúcháin an Chomhaontaithe seo agus déanfaidh JIC é a bhailíochtú sula gcuirfear chun feidhme é, is cuma cibé a bhaineann sé leis na maitrísí dlíthiúlachta go léir nó cuid díobh agus/nó leis an gcóras chun an líne chúraim a rialú dá bhforáiltear in LAS, nó aon teaglaim eile a d’fhéadfadh a bheith ann.
Is féidir achoimre a dhéanamh ar na príomhthreoirlínte a chuirfear i bhfeidhm mar seo a leanas:
1.Meastóireacht a dhéanamh ar chaighdeáin um dheimhniúchán príobháideach
Aithneoidh Rialtas Hondúras, trí ICF, deimhnithe príobháideacha maidir le dlíthiúlacht, bainistíocht inbhuanaithe ar fhoraoisí agus an líne chúraim tar éis anailís a dhéanamh ar na treoirlínte agus ar na critéir a úsáidtear agus na nósanna imeachta fíorúcháin a chuireann eagraíochtaí neamhspleácha deimhniúcháin phríobháidigh a chreidiúnaítear leis na córais um dheimhniúchán príobháideach iad féin chun feidhme, chun a áirithiú go n‑áirítear na ceanglais go léir a leagtar síos sna maitrísí dlíthiúlachta agus in LAS iontu.
Nuair a iarrann córas um dheimhniúchán príobháideach air amhlaidh a dhéanamh, déanfaidh ICF meastóireacht ar na treoirlínte, na critéir agus na nósanna imeachta a chuirtear i bhfeidhm sa chóras sin chun a chinneadh cibé a chomhlíonann siad maitrísí dlíthiúlachta LAS.
I measc nithe eile, déanfar measúnú leis an meastóireacht freisin ar chumas gach córais deimhniúcháin rialú córasach a dhéanamh ar oibreoirí trína eagraíochtaí neamhspleácha creidiúnaithe, agus cumhdófar léi gnéithe níos ginearálta de cháilíocht an chórais, mar shampla, trédhearcacht maidir le faisnéis agus sonraí a sholáthar, infhaighteacht phoiblí chonclúidí na hiniúchóireachta, agus infhaighteacht bunachar sonraí atá cothrom le dáta de shealbhóirí deimhnithe príobháideacha.
Tar éis an mheasúnaithe sin, tarraingeofar suas tuarascáil a fhoilseofar agus a mbeidh rochtain phoiblí uirthi.
2.Formheas an Stáit do chórais um dheimhniúchán príobháideach
Má tá toradh na meastóireachta a thuairiscítear i mír 1 den roinn seo fabhrach, fógróidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin ICF, thar ceann Stát Hondúras, go poiblí gur formheasadh an córas um dheimhniúcháin príobháideach, agus sonrófar, más iomchuí, an fo‑thacar táscairí agus modhanna fíoraithe a chumhdaítear leis an aitheantas.
3.Aitheantas an Stáit d’oibreoirí deimhnithe
Tabharfaidh an Stát aitheantas d’oibreoirí a fhaigheann deimhniú ó chóras formheasta um dheimhniúchán príobháideach i dtaobh na ngníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an deimhniú. Maidir le gníomhaíochtaí eile nach n‑áirítear leis an deimhniú, caithfidh gach oibreoir na hoibleagáidí eile a leagtar síos sna maitrísí dlíthiúlachta agus in LAS a chomhlíonadh. Soláthrófar an t‑aitheantas sin do na gnéithe den chóras um dheimhniúchán príobháideach, cibé a bhaineann sé le dlíthiúlacht, bainistíocht foraoise nó an líne chúraim, a measadh a bheith comhlíontach maidir le forálacha Iarscríbhinn II agus na hIarscríbhinne seo, mar a thuairiscítear i míreanna 1 agus 2 den roinn seo. Beidh aitheantas faoi réir anailíse freisin ar thorthaí thuarascálacha iniúchóireachta tréimhsiúla an deimhnitheora phríobháidigh don oibreoir is iarratasóir.
4.Deimhnithe um chomhlíonadh dlí a eisiúint d’oibreoirí ag a bhfuil deimhniú príobháideach aitheanta
I gcás oibreoirí a gcumhdaíonn an deimhniú príobháideach aitheanta atá acu a ngníomhaíochtaí go léir agus na táscairí uile sna maitrísí dlíthiúlachta freisin, gheobhaidh siad deimhniú um chomhlíonadh dlí arna eisiúint ag an Aonad um Fhíorú Dlíthiúlachta de chuid ICF go huathoibríoch. Eiseofar an deimhniú um chomhlíonadh dlí tar éis scrúdú a dhéanamh ar bhailíocht deimhnithe bhailí um chomhlíonadh dlí atá ar tí dul in éag (i gcás oibreoirí a bhfuil deimhniú den sórt sin acu cheana féin), agus tar éis scrúdú a dhéanamh freisin ar bhailíocht agus barántúlacht deimhnithe phríobháidigh aitheanta agus scrúdú a dhéanamh ar thuarascálacha iniúchóireachta tréimhsiúla deimhnitheora phríobháidigh aitheanta lena bhfianaítear comhlíonadh dlí an oibreora.
Má eisíodh deimhniú príobháideach an oibreora trí shásra aitheanta deimhniúcháin phríobháidigh nach gcumhdaíonn ceanglais uile na maitrísí dlíthiúlachta, ní eiseofar an deimhniú um chomhlíonadh dlí ach amháin má chomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas ag an am céanna:
(a)
Cruthaíonn tuarascálacha iniúchóireachta tréimhsiúla an deimhnitheora phríobháidigh go gcomhlíonann an t‑oibreoir na ceanglais dlíthiúlachta is coiteann don chóras um dheimhniúchán príobháideach agus do na maitrísí dlíthiúlachta.
(b)
Fíoraíonn na hinstitiúidí a bhfuil baint acu le LAS go gcomhlíonann an t‑oibreoir na táscairí sna maitrísí dlíthiúlachta agus ceanglais LAS nach gcumhdaítear leis an gcóras um dheimhniúchán príobháideach.
Má théann oibreoir ag a bhfuil deimhniú príobháideach aitheanta i mbun gníomhaíochtaí eile atá lasmuigh de raon feidhme an deimhnithe ach a thagann faoi raon feidhme an Chomhaontaithe seo, ní eiseofar an deimhniú um chomhlíonadh dlí ach amháin má fhíoraíonn na hinstitiúidí a bhfuil baint acu le LAS go gcomhlíonann gníomhaíochtaí neamhdheimhnithe an oibreora an dlí.
Ar an mbealach sin, féadfar deimhnithe um chomhlíonadh dlí a eisiúint chuig oibreoirí a dheimhnítear faoi chóras aitheanta um dheimhniúchán príobháideach, gan gá le misean fíorúcháin ar leith, chun fíorú dúblach ar dhlíthiúlacht an oibreora a sheachaint, nó a íoslaghdú i gcás aitheantas páirteach.
5.
Tuarascálacha iniúchóireachta um dheimhniúchán príobháideach a thaisceadh
Ní mór d’oibreoirí a bhfuil deimhnithe príobháideacha aitheanta acu na tuarascálacha iniúchóireachta uile a tharraingíonn an córas um dheimhniúchán príobháideach suas a thaisceadh leis an Aonad um Fhíorú Dlíthiúlachta de chuid ICF, lena n‑áirítear an fhaisnéis ar aon athrú ar bhailíocht nó raon feidhme a ndeimhnithe, agus go háirithe aon chásanna ina gcuirtear na deimhnithe ar fionraí nó ina ndéantar iad a fhoirceannadh. Mar gheall air sin, ba cheart go mbeadh sé indéanta a áirithiú go ndéantar faireachán ar chomhlíonadh dlí na n‑oibreoirí sin, agus ar an gcaoi sin, go gceadófaí athnuachan a dhéanamh amach anseo ar na deimhnithe um chomhlíonadh dlí do na hoibreoirí lena mbaineann.
Dá réir sin, uaslódálfaidh na heagraíochtaí aitheanta um dheimhniúchán príobháideach tuarascálacha iniúchóireachta maidir leis na hoibreoirí a dheimhníonn siad chuig SNIF. Úsáidfidh an tAonad um Fhíorú Dlíthiúlachta na tuarascálacha sin chun críocha réitithe faisnéise.
Le linn chéim ullmhúcháin agus eagrúcháin an Chomhaontaithe seo, tarraingeofar suas na nósanna imeachta agus na treoirlínte chun meastóireacht a dhéanamh ar chórais um dheimhniúchán príobháideach agus ar na hoibreoirí a dheimhníonn siad agus chun iad a fhormheas agus a aithint. Tarraingeofar suas na nósanna imeachta a úsáidfidh an tAonad um Fhíorú Dlíthiúlachta chun faireachán a dhéanamh ar an aitheantas sin, lena n‑áirítear faireachán a dhéanamh ar bhailíocht na ndeimhnithe agus na bearta ceartaitheacha a iarrtar faoi na córais deimhniúcháin a láimhseáil, le linn na céime sin den Chomhaontú seo freisin. Cuirfear na doiciméid sin uile ar fáil go poiblí.
9.
CÁSANNA NEAMHCHOMHLÍONTA LAS A LÁIMHSEÁIL
Leagtar síos bearta sonracha le LAS chun cásanna nuair nach gcomhlíonann gníomhaithe in earnáil na foraoiseachta na forálacha a shainaithint, a chlárú agus a láimhseáil. Bíonn neamhchomhlíonadh i gceist i gcásanna nuair nach gcomhlíonann oibreoirí sa slabhra soláthair na maitrísí dlíthiúlachta agus ceanglais LAS, chomh maith le cásanna nuair a theipeann ar na húdaráis a bhfuil baint acu le LAS na nósanna imeachta um chruthú agus um fhíorú a chomhlíonadh.
Nuair a shainaithníonn institiúid le linn cleachtadh faisnéise nó cleachtadh fíorúcháin allamuigh cás nuair nach gcomhlíonann oibreoir LAS, déanfaidh sí measúnú chun a fháil amach cibé an sárú nó cion coiriúil é an neamhchomhlíonadh. Déileálfaidh sí leis an ngníomhaíocht mhídhleathach a rinneadh, de réir mar is iomchuí, ach an fhaisnéis a chur ar aghaidh chuig an institiúid inniúil iomchuí le go ngearrfaidh sí na pionóis ábhartha air. Ag an am céanna, tabharfaidh an institiúid inniúil fógra don Aonad um Fhíorú Dlíthiúlachta de chuid ICF ionas gur féidir léi bailíocht an deimhnithe um chomhlíonadh dlí a chur ar fionraí nó a thabhairt ar ais, de réir mar is iomchuí.
Iontrálfar gach cás neamhchomhlíontachta dlí i mbunachar sonraí an Aonaid um Fhíorú Dlíthiúlachta, a oibreoidh mar chartlann láraithe chun faisnéis a choimeád faoi neamhchomhlíonadh ag oibreoirí i ndáil le ceanglais LAS agus faoi na bearta feabhais nó na pionóis a nasctar leis na cásanna neamhchomhlíontachta sin a réiteach agus chun taifead a choimeád ar na nithe sin freisin. Déanfaidh na hinstitiúidí uile a nasctar le ceanglais LAS an bunachar sonraí seo a sholáthar agus a choinneáil suas chun dáta de réir a bhfreagrachtaí agus a réimsí inniúlachta.
Nuair a dhéantar an neamhchomhlíonadh a aicmiú mar chion coiriúil, ní eiseofar deimhniú um chomhlíonadh dlí, ceadúnas FLEGT ná ceadúnas H‑Dlíthiúil don oibreoir ná don lastas táirgí adhmaid lena mbaineann, agus ionchúiseofar an cás faoi threoir Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí. I gcás sáruithe, cuirfidh na hinstitiúidí atá freagrach pionóis riaracháin i bhfeidhm (fionraí sealadach ar cheadanna, fíneálacha nó cúiteamh damáiste), a d’fhéadfadh cosc a chur freisin ar dheimhniú um chomhlíonadh dlí, ceadúnas FLEGT nó ceadúnas H‑Dlíthiúil a eisiúint, ar a laghad go dtí go gcuirfear na sáruithe ina gceart ach bearta a dhéanamh chun réiteach a sholáthar. Caithfear gach cás neamhchomhlíontachta a bhaineann le lasta ar leith a réiteach, tríd an gcás neamhchomhlíontachta a chur ina cheart agus an fhíneáil lena mbaineann a íoc, sula n‑údarófar an lasta atá le honnmhairiú, beag beann ar a cheann scríbe onnmhairiúcháin.
Le linn na céime ullmhúcháin agus eagrúcháin den Chomhaontú seo, sula n‑eiseofar an chéad cheadúnas FLEGT, saineoidh na hinstitiúidí go léir a bhfuil baint acu le LAS na catagóirí éagsúla neamhchomhlíontachta i ndáil le LAS agus a dtionchair faoi seach ar dheimhniú um chomhlíonadh dlí nó ceadúnas FLEGT nó H‑Dlíthiúil a eisiúint agus ar a mbailíocht. Baileoidh JIC an catagóiriú sin sula gcuirfear i bhfeidhm é. Chomh maith leis sin, bunóidh gach institiúid nach bhfuil sásraí aici fós chun cásanna neamhchomhlíontachta i ndáil le LAS a láimhseáil na treoirlínte mionsonraithe is gá chun iad a láimhseáil, lena n‑áirítear pionóis a fhéadfar a ghearradh.
Chun comhordú na faisnéise ar chásanna neamhchomhlíontachta atá ar fáil ag na hinstitiúidí éagsúla a áirithiú, forbrófar bunachar sonraí don Aonad um Fhíorú Dlíthiúlachta freisin chun an fhaisnéis faoi chásanna den sórt sin a stóráil. Saineofar cén fhaisnéis atá sa bhunachar sonraí sin a mbeidh rochtain phoiblí uirthi agus conas a bhainfear sin amach.
10.
SÁSRAÍ CHUN GEARÁIN A LÁIMHSEÁIL
10.1
Réamhrá
Beidh na sásraí chun gearáin a láimhseáil trédhearcach, éifeachtach, inrochtana agus cuirfidh comhlachtaí ar leithligh chun feidhme iad seachas na cinn a chuireann na nósanna imeachta cruthaithe agus fíorúcháin chun feidhme a shainítear sna maitrísí dlíthiúlachta agus in LAS. De bharr sásraí atá ann cheana nó a bhunófar le linn chéim ullmhúcháin agus eagrúcháin an Chomhaontaithe seo beifear in ann a chinntiú go láimhseáiltear agus go ndéileálfar le gearáin faoi LAS a chur chun feidhme agus a oibriú agus na heagraíochtaí a bhfuil baint acu leis i gcomhréir leis na prionsabail a shainítear i Roinn 10.4 den Iarscríbhinn seo.
Faoi chuimsiú na sásraí sin, áirítear na nithe seo a leanas leis an téarma “gearáin”: gearáin, díospóidí, easaontais, coimhlintí nó aon chomhchiallaigh eile, ó na gníomhaithe a bhfuil baint dhíreach acu le LAS a chur chun feidhme, chomh maith leis na gníomhaithe uile a bhféadfadh na gníomhaíochtaí nó na cinntí a dhéantar faoin gComhaontú seo dul i bhfeidhm orthu.
10.2
Cuspóirí
Is iad seo a leanas cuspóirí na sásraí láimhseála gearán:
−
gach gearán a chuireann páirtithe leasmhara isteach a dhoiciméadú, a anailísiú agus a réiteach go héifeachtúil agus i gcomhréir le modheolaíochtaí foilsithe réamhbhunaithe;
−
bealach a sholáthar do na páirtithe éagóirithe chun a iarraidh ar na hinstitiúidí lena mbaineann earráidí nó easnaimh a leasú;
−
cur le héifeachtacht nósanna imeachta riaracháin agus iad a neartú; agus
−
creidiúnacht agus muinín i bhfeidhmiú LAS a threisiú i measc na ngníomhaithe agus an phobail.
Forbrófar raon feidhme na sásraí sin le linn chéim ullmhúcháin agus eagrúcháin an Chomhaontaithe seo. Bunófar na nósanna imeachta chun na gearáin a fháil, a chomhdú agus a láimhseáil ar na prionsabail a liostaítear i Roinn 10.4 den Iarscríbhinn seo agus forbrófar iad le linn chéim ullmhúcháin agus eagrúcháin an Chomhaontaithe seo.
10.3
Cineálacha sásraí láimhseála gearán
Sainmhíníonn an Comhaontú seo ceithre chineál sásra láimhseála gearán ar a laghad, a athraíonn de réir na ngníomhaithe agus na réimsí faoi seach.
1.Sásraí láimhseála gearán gach institiúide a bhfuil baint aici le LAS
Gheobhaidh gach institiúid a bhfuil baint aici le LAS, trí na sásraí láimhseála gearán atá ann cheana féin nó iad siúd atá beartaithe lena bhforbairt, gearáin a bhaineann le gnéithe de chur chun feidhme LAS agus iompar oibreoirí nó iompar na ranna, na seirbhísí nó na n‑aonad laistigh de gach institiúid. Caithfidh sásraí gach institiúide gearáin a láimhseáil go háirithe maidir leis na feidhmeanna a chomhlíonann na hinstitiúidí sin agus na cinntí a dhéanann siad.
Mura socraítear gearán a fhaightear tríd an sásra sin roimh an spriocdháta réamhbhunaithe nó mura gcomhlíonann an réiteach ionchais an ghearánaigh, féadfaidh an gearánach achomharc a thaisceadh le SIIAVA.
2.
Sásra láimhseála gearán Aonad Ceadúnúcháin FLEGT
Anuas ar an sásra láimhseála gearán a luaitear i gcuid 1 den roinn seo, bunóidh ICF an dara sásra láimhseála gearán in Aonad Ceadúnúcháin FLEGT. Leis an sásra sin, láimhseálfar gearáin a bhaineann go sonrach leis na ceadúnais FLEGT agus H‑Dlíthiúil a éilíonn freagairt go pras, mar shampla, cinntí a gcuirtear ina n‑aghaidh, moilleanna míchuí agus eile.
Mura socraítear gearán a fhaightear tríd an sásra sin roimh an spriocdháta réamhbhunaithe nó mura gcomhlíonann an réiteach ionchais an ghearánaigh, féadfaidh an gearánach achomharc a thaisceadh le SIIAVA.
3.Sásra láimhseála gearán le haghaidh iniúchóireachtaí neamhspleácha
Cuimseofar leis an iniúchóireacht neamhspleách sásra chun gearáin a fháil agus a láimhseáil maidir lena gníomhaíochtaí agus a torthaí agus maidir le feidhmiú LAS (modheolaíocht fíorúcháin, córas ceadúnúcháin, etc.).
Mura socraítear gearán a fhaightear tríd an sásra sin roimh an spriocdháta réamhbhunaithe nó mura gcomhlíonann an socrú ionchais an ghearánaigh, féadfaidh an gearánach achomharc a thaisceadh le JIC. Cuirfear gach gearán a bhaineann leis an iniúchóireacht nó le feidhmiú LAS faoi bhráid JIC lena n‑admháil, lena n‑anailísiú agus lena gclárú agus chun na bearta comhfhreagracha socraíochta a shainiú.
4.
Sásra láimhseála gearán JIC
Beidh sásra láimhseála gearán ag JIC chun déileáil leis na fadhbanna a shainaithníonn páirtithe leasmhara, go háirithe maidir le gealltanais fhoriomlána an Chomhaontaithe seo, mar shampla, trédhearcacht, rochtain ar fhaisnéis phoiblí, rialachas a fheabhsú agus tionchar an Chomhaontaithe seo ar earnáil na foraoiseachta.
Is le sásra láimhseála gearán JIC a láimhseálfar na hachomhairc a thaiscfear i ndáil le gearáin maidir le hiompar na n‑institiúidí a bhfuil baint acu le creat LAS, Aonad Ceadúnúcháin FLEGT agus an iniúchóireacht neamhspleách mura socraítear iad ar a leibhéil faoi seach.
5.Rannpháirtíocht na sochaí sibhialta i sásraí láimhseála gearán
Déanfaidh na Comhairlí Comhairleacha Foraoiseachta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta maoirseacht shóisialta ar LAS agus ar fheidhmiú an Chomhaontaithe seo i gcoitinne. Ag an am céanna, déanfaidh siad gearáin fhoirmiúla agus gearáin eile a chuirfidh na gníomhaithe éagsúla faoina mbráid maidir le feidhmiú LAS a threorú agus a chomhdú. Chun na críche sin, beidh rochtain acu ar an bhfaisnéis a theastaíonn chun na himscrúduithe comhfhreagracha a dhéanamh agus urramóidh siad rúndacht agus rúndacht ghairmiúil maidir leis an bhfaisnéis sin. Chun comhordú ceart a áirithiú, déanfaidh siad comhaontuithe comhair le ICF. Déanfar torthaí agus moltaí na formhaoirseachta sóisialta, chomh maith le gearáin fhoirmiúla agus gearáin eile a admháil agus a láimhseáil ar an leibhéal comhfhreagrach agus sa deireadh cuirfear faoi bhráid JIC iad lena n‑admháil agus lena socrú.
6.
Rannpháirtíocht CONADEH in LAS
Faoin dlí orgánach a chuir an Coimisiún Náisiúnta um Chearta an Duine (CONADEH) chun feidhme, tá oibleagáid ar gach údarás poiblí agus institiúid eile rialtais tacú lena imscrúduithe nó lena chigireachtaí mar ábhar tosaíochta agus práinne. Dá réir sin, féadfaidh CONADEH gearáin a fháil i ndáil le feidhmiú an Chomhaontaithe seo agus beidh rochtain aige ar na sásraí láimhseála gearán a chuireann na hinstitiúidí a bhfuil baint acu le LAS agus leis an gComhaontú seo i gcoitinne chun feidhme.
10.4
Sásraí agus prionsabal rialaithe a bhunú maidir le gearáin a láimhseáil
Caithfear na prionsabail seo a leanas a chomhlíonadh agus caithfear iad a léiriú sna téarmaí tagartha chun nósanna imeachta agus cur chun feidhme na sásraí láimhseála gearán a bhunú sna heagraíochtaí glactha gearán agus sa Chomhchoiste Cur Chun Feidhme:
1.
Tá sé de cheart ag gach duine agus eagraíocht, mar oibreoirí nó páirtithe leasmhara in earnáil na foraoiseachta, nó mar ionadaí dlíthiúil dóibh, gearáin a chomhdú.
2.
Ní mór do na nósanna imeachta chun gearáin a chomhdú a bheith soiléir, éasca le tuiscint agus poiblí.
3.
Ní mór na sásraí a chuireann na hinstitiúidí i bhfeidhm a bheith inrochtana go héasca agus ní mór an chríoch a chumhdach go leormhaith trí oifigí, láithreáin ghréasáin nó bealaí oiriúnacha eile.
4.
Ní mór d’fhoirmeacha chun gearáin a chomhdú a bheith éasca a líonadh isteach agus aird chuí a thabhairt ar acmhainn agus ar scileanna pearsanta iarratasóirí (litearthacht, rochtain ar an idirlíon, etc.).
5.
Ní mór don ghearán forais an ghearáin agus an áit, an dáta, an institiúid agus an t‑oibreoir dá dtagraíonn an gearán, de réir mar is cuí, a shonrú ar a laghad.
6.
I gcás inar gá, féadfar gearáin a chomhdú gan ainm, agus ar an gcaoi sin, ráthaítear go bhfanfaidh céannacht an iarratasóra faoi rún.
7.
Ní mór do shásraí a sheachaint, a mhéid is féidir, srian ama a chur ar an tréimhse ama nach mór an gearán a chomhdú laistigh di.
8.
Ní mór do na sásraí a áirithiú go ndéileálfar le gearáin a luaithe a chuireann an t‑iarratasóir isteach iad.
9.
Ní mór do na sásraí a bheith trédhearcach maidir le gearáin a admháil agus a fhiosrú agus a áirithiú go dtugtar aghaidh ar ghearáin go tráthúil agus go hiomchuí.
10.
Ní mór d’iniúchóireachtaí inmheánacha gach institiúide lena mbaineann a áirithiú go ndéileáiltear le gearáin ar bhealach iomchuí agus nach dtugtar neamhaird orthu.
11.
Níor cheart trácht a dhéanamh go poiblí ar chomhaid ghearáin go dtí go ndéantar cinneadh agus go gcuirfear gach páirtí lena mbaineann, lena n‑áirítear eagraíochtaí na sochaí sibhialta a sholáthraíonn tacaíocht dóibh, ar an eolas faoin gcinneadh.
12.
Ní mór sábháilteacht an iarratasóra, lena n‑áirítear an rogha chun anaithnideacht an iarratasóra a chaomhnú, más iomchuí, a mheas sula bhfoilsítear comhaid ghearáin.
13.
Ní mór do na sásraí a chuireann institiúidí i bhfeidhm gearáin a dhoiciméadú agus a áirithiú go ndéanann oifigigh atá difriúil ó na daoine a bhfuil baint dhíreach acu leis an gcinneadh bunaidh, go bhfuil siad neamhspleách ar na daoine sin agus nach bhfuil siad faoi údarás na ndaoine sin. Ní mór do na hinstitiúidí oifigigh a chosaint ar bhearta féideartha díoltais.
14.
Ní mór iarratais iarratasóirí a fhreagairt nó a phróiseáil go cuí. I gcás diúltú, caithfear na cúiseanna a réasúnú go cuí.
15.
Má dhiúltaítear gearán nó mura féidir é a shocrú ar an leibhéal tosaigh, féadfaidh an páirtí lena mbaineann achomharc a dhéanamh chuig an leibhéal os a chionn, mar a shainmhínítear i Roinn 10.3 den Iarscríbhinn seo, agus sa deireadh chuig an gcúirt chuí.
Má rinneadh an gearán mar gheall ar neamhchomhlíontacht i ndáil le LAS, beidh na téarmaí a thuairiscítear i Roinn 9 den Iarscríbhinn seo infheidhme. Mar a mhínítear i Roinn 10.2 den Iarscríbhinn seo, bunófar na nósanna imeachta chun na gearáin a fháil, a chomhdú agus a láimhseáil ar na prionsabail a liostaítear sa roinn seo agus forbrófar le linn chéim ullmhúcháin agus eagrúcháin an Chomhaontaithe seo iad. Leagfar síos leis na nósanna imeachta sin, i measc gnéithe eile, na tréimhsí ama chun gearáin a fhreagairt agus na critéir thrédhearcachta is infheidhme maidir leis na sásraí sin. Cuirfear na prótacail agus na treoirlínte maidir leis na sásraí láimhseála gearán agus na bearta a dhéantar faoi bhráid JIC.
Déanfaidh na sásraí láimhseála gearán a leagtar amach thuas gach gearán a fhaightear a dhoiciméadú agus a anailísiú go córasach. Forbróidh ICF agus na hinstitiúidí eile lena mbaineann bunachar sonraí ar leith chun gearáin a dhoiciméadú agus faireachán a dhéanamh orthu laistigh dá réimsí inniúlachta. Nascfar an bunachar sonraí sin leis an mbunachar sonraí lárnach maidir le gearáin de chuid ICF, mar a shainítear i Roinn 9 den Iarscríbhinn seo.
Bunófar na sásraí láimhseála gearán ar dhlúthchomhar idir na páirtithe uile lena mbaineann, go háirithe an institiúid is ábhar don ghearán. Chuige sin, déanfaidh ICF comhaontuithe comhair leis na hinstitiúidí poiblí a bhfuil baint acu leis an gComhaontú seo, chun éascú a dhéanamh ar mhalartú faisnéise agus comhar, gearáin a láimhseáil agus a fhiosrú agus, go háirithe, chun tarchur faisnéise a áirithiú nuair nach seachadtar an gearán ar an institiúid inniúil ar dtús.
Déanfaidh ICF comhaontuithe comhair freisin le heagraíochtaí na sochaí sibhialta ar spéis leo feidhmiú an tsásra a úsáideann ICF chun gearáin a láimhseáil agus a fhiosrú agus tuarascálacha deiridh ar imscrúdú na ngearán a fhoilsiú ar bhealach comhordaithe lena gcomhlánaítear obair ICF agus na n‑institiúidí poiblí eile a bhfuil baint acu le LAS.
Forbrófar na nósanna imeachta, na treoirlínte, na ceanglais agus na rátálacha do na sásraí láimhseála gearán, chomh maith leis na comhaontuithe comhair a luaitear thuas, agus feidhmeoidh siad sula n‑eiseofar an chéad cheadúnas FLEGT.
11.
SÁSRAÍ COMHAIRLIÚCHÁIN, RANNPHÁIRTÍOCHTA AGUS COMHORDAITHE A BHAINEANN LE LAS A CHUR CHUN FEIDHME
Maidir le LAS a chur chun feidhme do tháirgí adhmaid, éilítear rannpháirtíocht na ngníomhaithe uile atá páirteach agus go mbeadh róil agus freagrachtaí a shainítear go soiléir acu, de bhun na n‑inniúlachtaí a dheonaítear dóibh de réir dlí, chun leas iomlán a bhaint as a speisialtóireacht agus an chaoi a gcomhlánaíonn siad a chéile.
Chun comhordú, comhairliúchán agus rannpháirtíocht éifeachtach i measc na ngníomhaithe, na bpáirtithe leasmhara, an Stáit, na hearnála príobháidí, Phobail Dhúchasacha Hondúras agus Phobail Hondúras de shliocht na hAfraice a áirithiú, comhaontaíonn na grúpaí sin comhthoil a lorg ar shaincheisteanna bunúsacha lasmuigh dá bhfreagrachtaí agus dá n‑inniúlachtaí éagsúla.
Is féidir an comhordú sin a bhaint amach ar dhá leibhéal chomhlántacha: an leibhéal straitéiseach agus an leibhéal oibriúcháin. Féadfar leis an leibhéal straitéiseach sainiú a dhéanamh ar nósanna imeachta comhpháirteacha um fhíorú agus féadfar leis an leibhéal oibriúcháin na nósanna imeachta sin a chur chun feidhme go praiticiúil, nach bhfuil aon teorainn ann ar rannpháirtíocht na ngníomhaithe éagsúla.
11.1
Comhchoiste Cur Chun Feidhme
Is é sin an comhlacht comhordaithe is airde de chuid Hondúras agus an Aontais a bheidh, i gcomhréir le hAirteagal 19 agus Iarscríbhinn X a ghabhann leis an gComhaontú seo, freagrach as formhaoirseacht agus faireachán a dhéanamh ar an gComhaontú a chur i bhfeidhm, lena n‑áirítear an iniúchóireacht neamhspleách a bhainistiú. Éascóidh JIC idirphlé agus malartuithe faisnéise idir na Páirtithe freisin.
Léireofar le rannpháirtíocht pháirtithe leasmhara Hondúras ar JIC na grúpaí éagsúla páirtithe leasmhara in earnáil foraoiseachta Hondúras: na hearnálacha poiblí agus príobháideacha, Pobail Dhúchasacha Hondúras agus Pobail Hondúras de Shliocht na hAfraice, pobail áitiúla agus eile, i gcás inarb infheidhme.
Maidir le LAS a chur chun feidhme, beidh JIC freagrach as forbairt, formheas agus formhaoirseacht a dhéanamh ar na doiciméid agus na nósanna imeachta fíorúcháin uile dá dtagraítear san Iarscríbhinn seo agus a shainaithin na Páirtithe le linn na céime ullmhúcháin agus eagrúcháin agus le linn chéim cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo.
Mar a fhoráiltear in Airteagal 14 den Chomhaontú seo, formheasfaidh na Páirtithe, freisin, trí JIC, sceideal cur chun feidhme don Chomhaontú seo. Chomh maith leis an tráthchlár cur chun feidhme do na bearta forlíontacha agus tacaíochta a thuairiscítear san Iarscríbhinn seo, tabharfaidh an sceideal seo mionsonraí freisin ar na céimeanna cur chun feidhme don Chomhaontú seo mar a chomhaontaigh na Páirtithe, suas go dtí an chéad cheadúnas FLEGT a eisiúint.
11.2
An coiste teicniúil
Is é seo an comhlacht comhordaithe is airde i Hondúras agus tá na páirtithe leasmhara go léir ann: institiúidí poiblí, an earnáil phríobháideach, an tsochaí shibhialta agus Pobail Dhúchasacha Hondúras agus Pobail Hondúras de Shliocht na hAfraice. Tá an Coiste Teicniúil freagrach as an méid seo a leanas:
−
Ionchur straitéiseach a sholáthar do JIC chun cinnteoireacht a éascú chun tacú leis an gComhaontú seo a chur chun feidhme go héifeachtach;
−
Faireachán a dhéanamh ar phróisis chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo, bunaithe ar an tráthchlár a chomhaontaíonn na Páirtithe;
−
Faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na mbeart forlíontach a shainítear in Iarscríbhinn VIII;
−
Idirphlé a éascú agus comhaontú a bhaint amach, agus rannpháirtíocht na ngníomhaithe uile a bhfuil baint acu leis an gComhaontú seo a áirithiú;
−
Tionchar a imirt ar na hinstitiúidí poiblí agus ar ghníomhaithe eile chun dlús a chur leis an gcinnteoireacht a bhaineann le comhlíonadh an Chomhaontaithe seo.
11.3
Rúnaíocht Idirinstitiúideach maidir le FLEGT‑VPA a chur chun feidhme
Ar leibhéal straitéiseach, cruthóidh Stát Hondúras, trí ionstraim iomchuí dlí, an Rúnaíocht Idirinstitiúideach maidir le FLEGT‑VPA a Chur Chun Feidhme ina mbeidh ionadaithe do ghníomhaithe na hearnála poiblí a bhfuil baint acu le LAS. Cuirfidh an comhlacht seo spás ar fáil i gcomhair idirphlé agus comhordaithe lena gcumasófar cur chun feidhme LAS.
In SIIAVA, comhordóidh institiúidí poiblí a ngníomhaíochtaí chun na sásraí fíorúcháin a leagtar amach in Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn V a ghabhann leis an gComhaontú seo a chur chun feidhme, agus mar sin áiritheofar go gcuirfear an dlí i bhfeidhm sna réimsí ar leith a áirítear leis an sainmhíniú ar dhlíthiúlacht agus LAS.
Ní mór na hinniúlachtaí, na hacmhainní agus na modhanna a theastaíonn chun faireachán a dhéanamh ar LAS agus LAS a chur chun feidhme a bheith ag na hinstitiúidí sin agus dá bhrí sin ní mór dóibh acmhainneacht a fhothú san fhoireann sna hinstitiúidí agus sna ranna rialtais atá freagrach as a chur i bhfeidhm. Dá réir sin, áirítear le hIarscríbhinn VIII beart forlíontach ar leith ar SIIAVA.
Chun a fhíorú go gcomhlíontar na táscairí sna maitrísí dlíthiúlachta agus ceanglais LAS agus go ndéantar faireachán orthu, tuairisceoidh na hinstitiúidí atá mar chuid de SIIAVA do SIIAVA agus don Choiste Teicniúil go tréimhsiúil, más infheidhme, ar an dul chun cinn a dhéantar maidir le LAS a fhorbairt agus a chur chun feidhme agus ar na dúshláin a bhí rompu. Cuirfidh SIIAVA na tuarascálacha tréimhsiúla sin ó na hinstitiúidí a bhfuil baint acu le LAS san áireamh, chomh maith le sonraí agus faisnéis faoi LAS a sholáthraíonn aonaid agus córais faisnéise éagsúla na n‑institiúidí sin.
Chun aghaidh a thabhairt ar neamhchomhlíonadh córasach na gceanglas a leagtar síos in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an gComhaontú seo a mbíonn coireanna comhshaoil mar thoradh air, déanfaidh SIIAVA anailís ar thorthaí na sásraí eile atá i bhfeidhm ag ICF agus ag institiúidí eile a bhfuil baint acu le LAS. Áirítear leis na sásraí sin aonaid shoghluaiste agus seicphointí buana, an Fórsa Slándála Idirinstitiúideach Náisiúnta (FUSINA) agus an Tascfhórsa Idirinstitiúideach i gcoinne na Coireachta Comhshaoil (FTIA), a gheobhaidh tacaíocht ó na póilíní náisiúnta coisctheacha, an tSeirbhís Speisialta um Ionchúiseamh Comhshaoil, Oifig an Ard‑Aighne agus fórsaí armtha Hondúras, i measc daoine eile.
Ina theannta sin, gheobhaidh SIIAVA na tuarascálacha formhaoirseachta sóisialta a tharraingíonn CONADEH, CCF agus an tsochaí shibhialta suas agus cuirfidh siad san áireamh iad, chomh maith leis na gearáin a chomhdaigh na gníomhaithe éagsúla maidir le feidhmiú LAS agus nár shocraigh na hinstitiúidí poiblí a bhfuil baint acu le LAS, mar a shainítear i Roinn 10 den Iarscríbhinn seo. Láimhseálfar na gearáin sin gan mhoill agus le dícheall cuí agus cuirfear freagra ar fáil go pras.
Cuirfidh SIIAVA na hionchuir a sholáthraíonn a ionadaithe ón earnáil phoiblí chun an Comhaontú seo a ullmhú, a eagrú agus a chur chun feidhme faoi bhráid JIC agus an Choiste Teicniúil. Déanfar na nósanna imeachta maidir le SIIAVA a oibriú a leagan síos go mion le linn chéim ullmhúcháin agus eagrúcháin an Chomhaontaithe seo.
11.4
Straitéis náisiúnta i gcoinne na lománaíochta neamhdhleathaí (ENCTI) agus a naisc leis an gComhaontú seo
In Airteagal 18, mír 22 den Dlí Foraoiseachta, leagtar síos nach mór do ICF an Straitéis Náisiúnta um Rialú ar Leagan agus Iompar Neamhdhleathach Táirgí Foraoiseachta (ENCTI) a cheapadh agus a chur chun feidhme. Ní mór do ICF “gníomhaíochtaí na n‑eintiteas a dhéanann ionadaíocht d’earnáil na foraoiseachta, na limistéir faoi chosaint agus an fiadhúlra a chomhordú agus a struchtúrú, agus bainistíocht rannpháirtíochta agus díláraithe a chur chun cinn” (Airteagal 18 (5)).
Iarrfaidh ICF ar gach gníomhaí institiúideach eile, chomh maith le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, úinéirí foraoise, tionscal na foraoiseachta ina chumais éagsúla agus ag céimeanna éagsúla breisluacha agus pobail áitiúla, comhairlí críochacha, comhairlí comhairleacha ar leibhéal réigiúnach, bardasach agus áitiúil agus earnálacha eile eacnamaíocha a bhfuil baint acu le hearnáil na foraoiseachta, páirt ghníomhach a ghlacadh i gcur chun feidhme ENCTI.
I gcomhthéacs an Chomhaontaithe seo, cuideoidh cur chun feidhme ENCTI le leagan agus iompar mídhleathach táirgí foraoise a rialú agus soláthróidh sé ionstraim feidhmiúcháin do ICF. Cuirfidh ICF na torthaí a bhaintear amach agus na moltaí a dhéantar faoi ENCTI faoi bhráid SIIAVA, an comhlacht ina nglacann gníomhaithe is coiteann don dá phróiseas páirt agus ina dtugann siad a n‑iarrachtaí le chéile, ina gcomhlánaíonn siad a chéile agus ina gcruthaíonn siad sineirgí chun neamhdhleathacht in earnáil na foraoiseachta a chomhrac. Beidh tábhacht ar leith ag baint leis an gcion a dhéanfaidh an tSeirbhís Speisialta um Ionchúiseamh Comhshaoil (FEMA), Oifig an Ard‑Aighne, na póilíní náisiúnta, fórsaí armtha Hondúras, na breithiúna, na bardais agus an Coimisiún Náisiúnta um Chearta an Duine i Hondúras.
Ina ról maidir le comhordú a áirithiú idir na hinstitiúidí a bhfuil baint acu leis an gComhaontú seo, déanfaidh SIIAVA anailís ar thorthaí ENCTI a chuirtear faoi bhráid ICF chun aghaidh a thabhairt ar choireanna córasacha comhshaoil agus chun freagrachtaí agus na gníomhaíochtaí lena bhfuiltear ag súil ó na hinstitiúidí lena mbaineann a shannadh. Roinnfidh sé faisnéis freisin maidir le feidhmiú na n‑aonad soghluaiste agus na seicphointí buana agus na torthaí a fhaigheann an Fórsa Slándála Náisiúnta Idirinstitiúideach agus an Tascfhórsa Idirinstitiúideach i gcoinne na Coireachta Comhshaoil.
12.
BEARTA DREASAITHE, CUR CHUN CINN, COSANTA AGUS MAOLAITHE A CEAPADH CHUN RÓL A THABHAIRT DO GHNÍOMHAITHE ÉAGSÚLA NA hEARNÁLA CHUN LAS A CHUR CHUN FEIDHME
Tá roinnt dúshlán ag baint le rialachas na hearnála náisiúnta foraoiseachta, dúshláin a eascraíonn as, i measc tosca eile, an deacracht a bhaineann le dlíthiúlacht ghníomhaíochtaí na n‑oibreoirí iomadúla in earnáil na foraoiseachta a áirithiú, lena n‑áirítear gnóthais ar mhionscála. Maidir leis seo, soláthróidh cur chun feidhme LAS deiseanna chun dul i ngleic leis na dúshláin sin trí rannpháirtíocht na ngníomhaithe sa slabhra soláthair ar leibhéal náisiúnta, agus trí bhearta sonracha a shainaithint chun comhlíonadh dlí na ngníomhaithe uile a neartú agus a fheabhsú, agus ar an gcaoi sin cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo a éascú.
Déanfar LAS a chur chun feidhme de réir a chéile le linn chéim ullmhúcháin agus eagrúcháin an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Saorálaí, agus tabharfar tosaíocht do na bearta a theastaíonn chun dlíthiúlacht na dtáirgí atá beartaithe lena n‑onnmhairiú a áirithiú. Tá sin amhlaidh toisc go n‑oibríonn go leor oibreoirí, go háirithe na cinn bheaga a tháirgeann don mhargadh náisiúnta, go neamhfhoirmiúil agus is dócha go mbeidh níos mó ama ag teastáil uathu chun na ceanglais náisiúnta dlíthiúlachta agus ceanglais LAS a chomhlíonadh ina n‑iomláine.
Cé go ndéanfar LAS a chur chun feidhme de réir a chéile, tosóidh na gníomhaíochtaí a bheartaítear in Iarscríbhinn VIII, lena ndírítear ar an margadh náisiúnta, ag an am céanna le céim ullmhúcháin agus eagrúcháin an Chomhaontaithe chun comhlíonadh forásach dlí na n‑oibreoirí táirgí adhmaid go léir i Hondúras a éascú. Áirítear leis na gníomhaíochtaí sin na bearta forlíontacha a shainítear in Iarscríbhinn VIII chun baic chomhlíonta a shainaithint agus inniúlachtaí na n‑oibreoirí in earnáil na foraoiseachta a threisiú.
Tabharfar tuairisc i ndoiciméad atá faoi fhreagracht JIC ar bhearta forlíontacha a bhreithneoidh SIIAVA agus JIC chun rannpháirtíocht na ngníomhaithe éagsúla i gcur chun feidhme LAS a threisiú.
Aguisín 1
Naisc sa slabhra soláthair (foraois péine)
|
|
1 An táirge a shainaithint
|
2 Sonraí a dhearbhú
|
3 Sonraí a fhíorú
|
|
|
|
2.1 Gníomhaíocht agus freagracht
|
2.2 Sonraí le dearbhú
|
3.1 Bailíochtú
|
3.2 Réiteach
|
|
1.Táirgí adhmaid a allmhairiú
|
Sainaithnítear an táirge sa Dearbhú Custaim Aonair (SCD) agus i sonraí an táirge ar an sonrasc allmhairiúcháin.
|
An t‑allmhaireoir, trí SCD agus sonrasc allmhairiúcháin do gach lastas.
|
An t‑allmhaireoir, trí SCD agus sonrasc allmhairiúcháin do gach lastas:
−
Uimhir shéala.
−
Tionscnamh.
−
Sonraí allmhaireora.
−
Tuairisc ar an táirge (speiceas).
−
Cainníocht (meáchan agus/nó toirt).
−
Ceannteideal taraife.
−
Nós imeachta custaim a úsáideadh.
−
Cód iompair.
|
Fíoraíonn an tÚdarás Custaim doiciméid tacaíochta an lastais go córasach agus féadfaidh sé na hearraí a sheiceáil go fisiciúil i gcoinne na doiciméadachta (SCD agus sonrasc), de réir leibhéal an riosca a shainaithnítear.
|
Tá allmhairiú táirgí adhmaid ar cheann de na chéad naisc sa slabhra soláthair agus ní féidir sonraí a chur i gcomparáid le céimeanna roimhe sin.
|
|
Barúlacha:
−
Bunófar nósanna imeachta iomchuí chun allmhairí táirgí adhmaid faoi CITES (a bunaíodh i gcomhar leis an Údarás Custaim, SAG agus ICF) a fhíorú agus a sheiceáil.
−
Nós imeachta custaim a úsáideadh: sainmhínítear ceann scríbe deiridh na n‑earraí agus is é an t‑allmhaireoir a bhunaíonn é (e.g. saorchrios, stóras custaim, idirthuras, tomhaltas deiridh nó úsáid).
−
Cód iompair: sainítear an modh iompair (cineál, acmhainn, etc.).
|
|
2.Idirthuras táirgí adhmaid
|
Sainaithnítear an táirge sa Dearbhú Idirthurais Aonair agus i sonraí an táirge ar an sonrasc allmhairiúcháin.
|
An t‑allmhaireoir, tríd an Dearbhú Idirthurais Aonair agus sonrasc do gach lastas.
|
Áirítear na nithe seo a leanas ar an sonrasc agus ar an Dearbhú Idirthurais Aonair maidir le gach lastas.
−
Uimhir shéala.
−
Tionscnamh.
−
Sonraí allmhaireora.
−
Tuairisc ar an táirge (speiceas).
−
Cainníocht (meáchan agus/nó toirt).
−
Ceannteideal taraife.
−
Nós imeachta custaim a úsáideadh.
−
Cód iompair.
|
Fíoraíonn an tÚdarás Custaim doiciméid tacaíochta an lastais go córasach agus féadfaidh sé an modh iompair a sheiceáil i gcoinne na doiciméadachta (Dearbhú Idirthurais Aonair agus sonrasc), de réir leibhéal an riosca a shainaithnítear.
|
Réitíonn an tÚdarás Custaim an fhaisnéis ar an Dearbhú Idirthurais Aonair agus an fhaisnéis a taifeadadh ar iontráil leis an bhfaisnéis ar an Dearbhú Idirthurais Aonair ag an bpointe imeachta ach úsáid a bhaint as an uirlis TF um Idirthuras Idirnáisiúnta Earraí (TIM).
|
|
Barúlacha:
−
Ní fhéadfaidh táirgí adhmaid faoi bhealach dul isteach sa slabhra soláthair.
−
Bunófar nósanna imeachta iomchuí chun allmhairí táirgí adhmaid faoi CITES (a bunaíodh i gcomhar leis an Údarás Custaim, SAG agus ICF) a fhíorú agus a sheiceáil.
−
Nós imeachta custaim a úsáideadh: sainmhínítear ceann scríbe deiridh na n‑earraí agus is é an t‑allmhaireoir a bhunaíonn é (e.g. saorchrios, stóras custaim, idirthuras, tomhaltas deiridh nó úsáid).
−
Cód iompair: sainítear an modh iompair a úsáideadh.
|
|
3.Fardal foraoise
(I gcás Limistéir Foraoise Náisiúnta a shanntar do ghrúpaí pobail, is é Stát Hondúras úinéir na talún agus is é an grúpa pobail comhfhreagrach sealbhóir an phlean bainistíochta).
|
|
3.1Fardal foraoise i bpleananna bliantúla oibriúcháin (AOPanna) faoi phleananna bainistíochta foraoise
|
Fardal foraoise do gach láithreán leagtha a áirítear le AOP. Sa pháirc, sainaithnítear gach crann atá le leagan le marcanna péinteáilte ar bhun an chrainn agus ar an tamhan.
|
Cuireann sealbhóir an phlean bainistíochta foraoise an t‑iarratas ar AOP a fhormheas, ina bhfuil an fardal foraoise, faoi bhráid ICF.
|
Áirítear na nithe seo a leanas le fardal foraoise AOP:
−
suíomh geografach agus achar gach láithreáin leagtha,
−
líon na gcrann atá le leagan, agus
−
an toirt atá le baint.
|
Sa chigireacht allamuigh, déanann ICF na nithe seo a leanas:
−
Fíoraítear marcáil na dteorainneacha sa pháirc, déantar comparáid idir iad agus an tuairisc gheografach a thugtar ar gach láithreán leagtha a liostaítear in AOP.
−
Sampláiltear crainn atá le baint agus déantar meastachán ar an toirt in aghaidh an láithreáin leagtha, agus cuirtear i gcomparáid leis na sonraí allamuigh a cuireadh isteach san iarratas AOP iad.
|
Réitíonn ICF sonraí an iarratais AOP le sonraí sceideal lománaíochta an phlean fhormheasta bainistíochta foraoise.
|
|
Barúlacha:
−
Tarraingítear AOPanna suas do limistéir dá bhfuil plean bainistíochta foraoise ann.
−
Is iad na láithreáin leagtha na haonaid riaracháin atá i gceist le AOP.
|
|
3.2Fardal foraoise i bpleananna bliantúla leagtha (AFPanna) faoi phleananna speisialta le haghaidh córais agrafhoraoiseachta (SPAS)
|
Fardal foraoise a áirítear le AFP ina bhfuil sonraí faoin toirt atá le baint de réir speicis. Sa pháirc, sainaithnítear gach crann atá le leagan le marcanna péinteáilte ar bhun an chrainn agus ar an tamhan.
|
Cuireann an sealbhóir SPAS an t‑iarratas ar AFP a fhormheas, lena n‑áirítear an fardal foraoise, faoi bhráid ICF.
|
Áirítear le fardal foraoise AFP:
−
suíomh geografach agus achar AFP,
−
líon na gcrann atá le leagan de réir speicis, agus
−
an toirt atá le baint de réir speicis.
|
Cuirtear cigireacht allamuigh ICF i gcomparáid leis an iarratas AFP chun na nithe seo a leanas a sheiceáil:
−
marcáil na dteorainneacha AFP,
−
líon na gcrann atá le leagan de réir speicis, agus
−
an toirt atá le baint de réir speicis.
|
Réitíonn ICF na sonraí ar an iarratas AFP leis na sonraí in SPAS formheasta.
|
|
Barúlacha: Tarraingítear AFPanna suas do limistéir a bhfuil SPAS iontu.
|
|
3.3Fardal foraoise i bpleananna tarrthála
|
Sainaithnítear gach crann atá le leagan le marcanna péinteáilte ar bhun an chrainn agus ar an tamhan.
|
Cuireann an t‑iarratasóir an fardal foraoise san iarratas ar fhormheas ICF don phlean tarrthála.
|
Áirítear an fhaisnéis seo a leanas i dtaobh gach crainn le fardal foraoise an phlean tarrthála:
−
suíomh geografach,
−
toirt, agus
speiceas.−
|
Cuirtear cigireacht allamuigh ICF i gcomparáid leis an bhfaisnéis san iarratas ar phlean tarrthála chun na nithe seo a leanas a sheiceáil:
(1)údar cuí leis an tarrtháil.
(2)An fhaisnéis seo a leanas maidir le gach crann a shainaithnítear sa tsampláil:
−
suíomh geografach
−
toirt, agus
−
speiceas.
|
Tá an fardal foraoise ar cheann de na chéad naisc sa slabhra soláthair agus ní féidir sonraí a chur i gcomparáid le céimeanna roimhe sin.
|
|
Barúlacha:
−
Plean tarrthála: údarú chun crainn a mbíonn tionchar ag feiniméin nádúrtha, lotnaidí nó galair orthu a lománú, nó i gcásanna ina dteastaíonn oibreacha tógála.
−
Forbrófar acmhainneacht ICF chun cigireachtaí a dhéanamh le haghaidh gach iarratais ar phlean tarrthála nuair a tharlaíonn ráigeanna lotnaidí. Ar an ábhar sin, áirítear beart forlíontach in Iarscríbhinn VIII.
|
|
3.4Fardal foraoise i bpleananna téarnaimh
|
Iarsmaí crainn a áirítear faoi réamhcheadúnas lománaíochta a shainaithint.
|
Cuireann sealbhóir an réamhcheadúnais lománaíochta an t‑iarratas ar phlean téarnaimh faoi bhráid ICF.
|
Áirítear na nithe seo a leanas le fardal foraoise an phlean téarnaimh:
−
suíomh geografach an limistéir a fhreagraíonn don réamhcheadúnas,
−
toirt mheasta na dtáirgí atá le baint, agus
−
speiceas.
|
Cuirtear cigireacht allamuigh ICF i gcomparáid leis an bhfaisnéis san iarratas ar phlean téarnaimh chun na nithe seo a leanas a sheiceáil:
(1)Údar cuí leis an téarnamh.
(2)Suíomh geografach an limistéir a fhreagraíonn don réamhcheadúnas.
(3)Toirt mheasta na dtáirgí atá le baint.
(4)Speiceas.
|
Réitíonn ICF na sonraí ar an iarratas ar phlean téarnaimh leis na sonraí a bhí ar an réamhcheadúnas lománaíochta.
|
|
Barúlacha:
−
Plean téarnaimh: údarú chun iarsmaí crainn nó seachtháirgí atá ann mar thoradh ar na húdaruithe seo a leanas a lománú: AOP, AFP, deimhnithe plandála agus pleananna tarrthála.
|
|
3.5Fardal foraoise le haghaidh plandálacha foraoise a dheimhníonn ICF a lománú
|
Fardal iomlán na gcrann atá le leagan sa phlandáil dheimhnithe de réir speicis. Sainaithnítear gach crann atá le leagan le marcanna péinteáilte ar bhun an chrainn agus ar an tamhan.
|
Cuireann sealbhóir an deimhnithe plandála foraoise an fardal foraoise isteach san iarratas lománaíochta a chuirtear chuig ICF.
|
Áirítear na nithe seo a leanas san fhardal foraoise don phlandáil dheimhnithe:
−
suíomh geografach na plandála deimhnithe,
−
líon na gcrann atá le leagan de réir speicis, agus
−
an toirt atá le baint de réir speicis.
|
Cuirtear cigireacht allamuigh ICF i gcomparáid leis an bhfaisnéis san iarratas ar lománaíocht foraoise deimhnithe chun na nithe seo a leanas a sheiceáil:
(1)Cineál deimhnithe.
(2)Marcáil theorainneacha na foraoise deimhnithe.
(3)Na crainn atá le leagan de réir speicis.
(4)An toirt atá le baint de réir speicis.
|
Réitíonn an ICF an fhaisnéis san iarratas a chuirtear isteach leis an bhfaisnéis ar an deimhniú plandála foraoise formheasta.
|
|
Barúlacha:
−
Tá dhá chineál deimhnithe plandála ann: CPROTE (le haghaidh cosanta) agus CPLANTA (le haghaidh lománaíochta).
−
Áirítear le hIarscríbhinn VIII beart forlíontach chun lománaíocht i bplandálacha deimhnithe a rialáil.
|
|
4.Crainn a lománú, lomáin sáibh a tháirgeadh agus stoc‑charnadh san fhoraois nó i lárionaid bailithe
|
Teorainneacha an láithreáin lománaíochta a mharcáil agus sonraí na gcrann atá le leagan san iarratas lománaíochta.
|
Cuireann sealbhóir AOP, AFP, plean tarrthála, plean téarnaimh nó deimhnithe plandála foraoise an t‑iarratas lománaíochta faoi bhráid ICF.
|
Áirítear na nithe seo a leanas leis an iarratas lománaíochta:
−
suíomh geografach an láithreáin
−
líon na gcrann atá le leagan,
−
an toirt atá le baint,
−
gréasán bóithre, agus
−
suíomh na stoc‑charn nó na lárionad bailithe.
|
Cuirtear cigireacht allamuigh ICF i gcomparáid leis an bhfaisnéis a chuirtear isteach san iarratas lománaíochta chun na nithe seo a leanas a sheiceáil:
(1)Suíomh geografach an láithreáin lománaíochta
(2)Gréasán bóithre.
(3)Suíomh na stoc‑charn nó na lárionad bailithe.
(4)Sampláil ar chrainn a leagadh (stumpaí).
|
Le himeacht ama, réitíonn ICF an toirt a lománaítear leis an méid a údaraítear de réir na gceadanna iompair a thuairiscítear ach úsáid a bhaint as na huirlisí réitigh a sholáthraítear leis an gCóras TF um Inrianaitheacht Adhmaid (SIRMA).
|
|
Barúlacha:
−
Maidir le gach cineál limistéar foraoise atá faoi réir fardal foraoise, tá lománaíocht crann faoi réir iarratas a chuireann an sealbhóir isteach agus formheas a thugann ICF.
−
Stoc‑charn nó lárionad bailithe: áit ina ndéantar táirgí adhmaid a charnadh lena n‑aistriú níos déanaí.
|
|
5.Lomáin chruinne a iompar ón bhforaois chuig cuideachtaí príomhúla táirgí foraoise
|
Sonraítear na toisí, líon na bpíosaí agus toirt in aghaidh na feithicle ar an gcead iompair.
|
Ar an gcead iompair, dearbhaíonn an ceadúnaí lománaíochta an fhaisnéis i ndáil leis na táirgí atá le hiompar.
|
Dearbhaítear na nithe seo a leanas ar an gcead iompair:
−
Dáta an iompair.
−
Tionscnamh.
−
Ceann scríbe agus coinsíní.
−
Uimhir aitheantais an cheadúnais lománaíochta.
−
An líon píosaí.
−
Toirt iomlán.
−
Iompróir, agus
−
Cláruimhir na feithicle.
|
Le linn seiceálacha cois bóthair, fíoraíonn gníomhaithe forfheidhmithe dlí go dtagann ábhar an lasta leis na sonraí ar an gcead iompair.
|
Le himeacht ama, réitíonn ICF na ceadanna iompair a dhearbhaíonn an ceadúnaí lománaíochta leis na ceadanna iompair a dhearbhaíonn na cuideachtaí táirgí foraoise agus na clóis adhmaid ach úsáid a bhaint as na huirlisí réitigh a sholáthraítear le SIRMA.
|
|
Barúlacha:
−
Glacann ICF, na póilíní, Oifig an Ard‑Aighne agus fórsaí armtha Hondúras páirt i seiceálacha cois bóthair..
|
|
6.Cuideachtaí príomhúla táirgí foraoise
|
Déantar na cainníochtaí laethúla a thaifeadadh de réir cineál táirge i dtaifead na méideanna táirgeachta.
|
Úinéir na cuideachta príomhúla táirgí foraoise, trí thuarascálacha míosúla ar tháirgeacht a bhunaítear ar thaifead na méideanna táirgeachta.
|
Cuimsítear na nithe seo a leanas leis an tuarascáil mhíosúil ar tháirgeacht:
(i)Fardal tosaigh de lomáin chruinne agus de tháirgí adhmaid.
(ii)
Ionchuir de lomáin chruinne agus de tháirgí adhmaid.
(iii)
Méid táirgeachta, de réir an chineáil adhmaid.
(iv)
Aschuir (díolacháin nó aistrithe).
(v)
Fardal deiridh de lomáin chruinne agus de tháirgí adhmaid.
|
Le linn na cigireachta allamuigh, seiceálann ICF an fhaisnéis i dtuarascáil mhíosúil na cuideachta táirgí foraoise ar tháirgeacht i gcoinne na faisnéise a bhailítear:
(1)Ríomh an toraidh táirgeachta
(2)Comparáid idir fardal na toirte atá ann agus sonraí iniúchóireachta.
|
Trí SIRMA, réitíonn ICF na hionchuir de lomáin chruinne agus de tháirgí adhmaid a dhearbhaítear sa tuarascáil mhíosúil leis na ceadanna iompair a dhearbhaíonn sealbhóirí an cheadúnais lománaíochta.
|
|
7.Táirgí adhmaid próiseáilte a iompar
|
Sonraítear ar an mbille iompair na táirgí atá le hiompar in aghaidh na feithicle.
|
An t‑iompróir, tríd an mbille iompair in aghaidh na feithicle.
|
Áirítear na nithe seo a leanas leis an mbille iompair in aghaidh na feithicle:
−
Uimhir an bhille iompair.
−
Dáta an iompair.
−
Tionscnamh.
−
Ceann scríbe agus coinsíní.
−
An líon píosaí.
−
Toirt iomlán.
−
Iompróir.
−
Cláruimhir na feithicle.
−
Speiceas.
|
Le linn seiceálacha cois bóthair, fíoraíonn gníomhaithe forfheidhmithe dlí go dtagann ábhar an lasta leis na sonraí ar an mbille iompair in aghaidh na feithicle.
|
Le himeacht ama, réitíonn ICF na billí iompair a dhearbhaíonn an díoltóir leis na billí iompair in aghaidh na feithicle a dhearbhaíonn an ceannaitheoir ach úsáid a bhaint as na huirlisí réitigh a sholáthraítear le SIRMA.
|
|
Barúlacha:
−
Tugtar réamhúdarú don bhille iompair i gCóras Riaracháin na gCoimisinéirí Ioncaim (SAR).
−
Glacann ICF, na póilíní, Oifig an Ard‑Aighne agus fórsaí armtha Hondúras páirt i seiceálacha cois bóthair..
|
|
8.Cuideachtaí tánaisteacha táirgí foraoise
|
Déantar próiseáil táirgí adhmaid a thaifeadadh i dtaifead na méideanna táirgeachta.
|
Úinéir na cuideachta tánaistí táirgí foraoise, trí thuarascálacha míosúla ar tháirgeacht a bhunaítear ar thaifead na méideanna táirgeachta.
|
Cuimsítear na nithe seo a leanas leis an tuarascáil mhíosúil ar tháirgeacht:
(i)Fardal tosaigh de tháirgí adhmaid
(ii)
Ionchuir de tháirgí adhmaid.
(iii)
Táirgeadh (táirgí adhmaid).
(iv)
Aschuir (díolacháin nó aistrithe), agus
(v)
Fardal deiridh na dtáirgí adhmaid.
|
Le linn na gcigireachtaí allamuigh, seiceáiltear an fhaisnéis a sholáthraítear i dtuarascáil mhíosúil na cuideachta tánaistí táirgí foraoise ar tháirgeacht i gcoinne na faisnéise a bailíonn ICF:
(1)Athbhreithniú ar thaifid ar ionchuir, ar mhéideanna táirgeachta agus ar dhíolacháin.
(2)Fardal na toirte atá ann.
|
Trí SIRMA, réitíonn ICF na sonraí i dtuarascáil mhíosúil na cuideachta táirgí foraoise leis na sonraí i dtuarascálacha na ndíoltóirí maidir le sonraisc agus billí iompair a cuireadh isteach.
Nuair a thagann na táirgí adhmaid go díreach ón bhforaois, réitíonn ICF na sonraí i
dtuarascáil mhíosúil na cuideachta táirgí foraoise leis na sonraí ar na ceadanna iompair a dhearbhaigh an ceadúnaí.
|
|
Barúlacha:
−
Eisítear an sonrasc a údaraíonn SAR nuair a dhíoltar táirgí adhmaid agus gabhann sé leis an mbille iompair le linn táirgí adhmaid a iompar ó nasc amháin sa slabhra go dtí an chéad cheann eile.
|
|
9.Clós adhmaid
|
Déantar gluaiseachtaí táirgí adhmaid a thaifeadadh sa taifead ar ionchuir agus ar aschuir.
|
Úinéir an chlóis adhmaid, trí thuarascálacha míosúla ar ionchuir agus ar aschuir a bhunaítear ar an taifead ar ionchuir agus ar aschuir.
|
Áirítear na nithe seo a leanas leis an tuarascáil mhíosúil ar ionchuir agus ar aschuir:
(i)Fardal tosaigh de tháirgí adhmaid.
(ii)
Ionchuir de tháirgí adhmaid.
(iii)
Aschuir (díolacháin nó aistrithe), agus
(iv)
Fardal deiridh na dtáirgí adhmaid.
|
Le linn na gcigireachtaí allamuigh, seiceálann ICF an fhaisnéis a sholáthraítear i dtuarascáil mhíosúil an chlóis adhmaid ar ionchuir agus ar aschuir i gcoinne na faisnéise a bhailítear:
(1)Athbhreithniú ar an taifead ar ionchuir agus ar aschuir.
(2)Fardal na toirte atá ann.
|
Trí SIRMA, réitíonn ICF na sonraí i dtuarascáil mhíosúil an chlóis adhmaid ar ionchuir agus ar aschuir leis na sonraí i dtuarascálacha na ndíoltóirí maidir le sonraisc arna n‑údarú ag SAR agus billí iompair a cuireadh isteach.
Nuair a thagann na táirgí adhmaid go díreach ón bhforaois, réitíonn ICF na sonraí i dtuarascáil mhíosúil an chlóis adhmaid ar ionchuir agus ar aschuir leis na sonraí ar na ceadanna iompair a dhearbhaigh sealbhóir an cheadúnais lománaíochta.
|
|
Barúlacha:
−
Eisítear an sonrasc a údaraíonn SAR nuair a dhíoltar táirgí adhmaid agus gabhann sé leis an mbille iompair le linn táirgí adhmaid a iompar ó nasc amháin sa slabhra go dtí an chéad cheann eile.
|
|
10.Ceadúnú FLEGT agus H‑Dlíthiúil
|
Earraí a dhearbhú in iarratais ar cheadúnas FLEGT agus H‑dlíthiúil
|
Cuireann an t‑onnmhaireoir an t‑iarratas ar cheadúnas FLEGT nó ceadúnas H‑dlíthiúil agus an deimhniú um chomhlíonadh dlí faoi bhráid Aonad Ceadúnúcháin ICF.
|
Tá sonraí na dtáirgí adhmaid atá le honnmhairiú sa doiciméad iarratais:
−
Tuairisc thráchtála ar an adhmad nó ar na táirgí adhmaid.
−
Cóid CC.
−
Gnáthainm agus ainm eolaíoch an speicis.
−
Toirt (m3) agus glanmheáchan (kg).
−
Líon na n‑aonad, agus
−
Marcanna sainiúla.
|
Treoraíonn an tAonad Ceadúnúcháin don Aonad um Fhíorú seiceáil i SIRMA nó i gcóras eile go gcomhlíonann an t‑oibreoir agus na táirgí go léir a áirítear leis an lasta ceanglais LAS.
|
Réitíonn ICF an fhaisnéis a dhearbhaítear sna hiarratais ar cheadúnas FLEGT agus ar cheadúnas H‑dlíthiúil:
− réitítear an fhaisnéis a dhearbhaíonn an chuideachta phríomhúil nó thánaisteach táirgí foraoise leis na sonraí i dtuarascálacha míosúla táirgeachta, ceadanna iompair agus billí iompair,
− réitítear an fhaisnéis a dhearbhaíonn an clós adhmaid leis na tuarascálacha míosúla ar ionchuir agus ar aschuir, ceadanna iompair agus billí iompair.
|
|
Barúlacha:
−
Forbrófar uirlisí réitigh i SIRMA chun iarratais ar cheadúnas FLEGT do mhargadh an Aontais agus iarratais ar cheadúnas H‑dlíthiúil do mhargaí eile a sheiceáil.
|
|
11.Táirgí adhmaid a onnmhairiú
|
Sainaithnítear an táirge sa Dearbhú Custaim Aonair (SCD) agus i sonraí an táirge ar an sonrasc allmhairiúcháin arna údarú ag SAR agus ar dhearbhú onnmhairiúcháin BCH.
|
Cuireann an t‑onnmhaireoir, tríd an ngníomhaire custaim, SCD, sonrasc onnmhairiúcháin arna údarú ag SAR agus dearbhú onnmhairiúcháin BCH isteach le haghaidh gach lastais.
|
I gcás gach lastais áirítear na nithe seo a leanas leis an gcomhad iarratais:
−
Sonrasc onnmhairiúcháin arna údarú ag SAR.
−
SCD.
−
Dearbhú onnmhairiúcháin BCH.
−
Ceadúnas FLEGT i gcás onnmhairiúcháin chuig an Aontas.
−
Ceadúnas H‑Dlíthiúil i gcás onnmhairiúchán taobh amuigh den Aontas.
|
Seiceálann an tÚdarás Custaim go córasach go bhfuil na doiciméid a áirítear leis an iarratas ar onnmhairiúchán ag teacht lena chéile.
|
Seiceálann an tÚdarás Custaim barántúlacht an doiciméid (ceadúnas FLEGT nó ceadúnas H‑dlíthiúil) ar na córais TF (SIRMA agus TIM).
|
|
Barúlacha:
−
Forbrófar uirlisí chun sonraí a réiteach idir an Córas Idirnáisiúnta um Idirthuras Earraí agus an córas TF um Inrianaitheacht Adhmaid chun eisiúint an cheadúnais FLEGT do mhargadh na hEorpa agus eisiúint an cheadúnais H‑Dlíthiúil do mhargaí eile a fhíorú.
|
|
12.Táirgí adhmaid a choigistiú
|
Ordú coigistíochta arna eisiúint ag Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí (MP), in éineacht le tuairim shaineolach lena soláthraítear sonraí faoin táirge adhmaid.
|
Déanann ICF, le tacaíocht ó na fórsaí slándála (póilíní náisiúnta coisctheacha agus fórsaí armtha Hondúras) na táirgí adhmaid a choigistiú.
Ullmhaíonn MP, le cúnamh teicniúil ó ICF, an réamhfhianaise láithreach agus eisíonn sé an tuairim shaineolach.
|
Áirítear na nithe seo a leanas leis an tuairim shaineolach:
−
Luach tráchtála an táirge adhmaid.
−
Tréithe an táirge adhmaid.
−
Áit tionscnaimh, más eol, agus
−
Cáilíocht nó riocht an táirge adhmaid.
Áirítear leis an ordú coigistíochta a eisíonn MP:
−
Ainm an chiontóra.
−
Cainníocht (meáchan agus/nó toirt).
−
Speiceas, agus
−
Cineál táirge adhmaid.
|
Seiceálann ICF an táirge adhmaid a sheachadtar i gcoinne na tuairime saineolaí a eisíonn MP.
|
Réitíonn ICF an fhaisnéis a dearbhaítear san ordú coigistíochta leis an bhfaisnéis a cuireadh isteach agus faisnéis eile a bhaineann leis an úinéir agus lena thionscnamh, agus déantar sin ach úsáid a bhaint as uirlisí réitigh a sholáthraítear le SIRMA.
|
|
Barúlacha:
−
Ní fhéadfaidh táirgí adhmaid a coigistíodh dul isteach sa slabhra soláthair.
−
Tá modúl in SIRMA a chuireann ar chumas úsáideoirí taifead a dhéanamh ar cheadanna iompair d’adhmad a coigistíodh.
−
Déantar cur síos i Roinn 7.6 den Iarscríbhinn seo ar an gcaoi a láimhseáiltear táirgí adhmaid a coigistíodh.
|
Aguisín 2
Naisc sa slabhra soláthair (foraois leathanduilleach)
|
0 Pointí rialúcháin criticiúla
|
1 An táirge a shainaithint
|
2 Sonraí a dhearbhú
|
3 Sonraí a fhíorú
|
|
|
|
2.1 Gníomhaíocht agus freagracht
|
2.2 Sonraí le dearbhú
|
3.1 Bailíochtú
|
3.2 Réiteach
|
|
1.Táirgí adhmaid a allmhairiú
|
Cosúil le foraois péine.
|
Cosúil le foraois péine.
|
Cosúil le foraois péine.
|
Cosúil le foraois péine.
|
Cosúil le foraois péine.
|
|
2.Idirthuras táirgí adhmaid
|
Cosúil le foraois péine.
|
Cosúil le foraois péine.
|
Cosúil le foraois péine.
|
Cosúil le foraois péine.
|
Cosúil le foraois péine.
|
|
3.Fardal foraoise
(I gcás Limistéir Foraoise Náisiúnta a shanntar do ghrúpaí pobail, is é Stát Hondúras úinéir na talún agus is é an grúpa pobail comhfhreagrach sealbhóir an phlean bainistíochta).
|
|
3.1Fardal foraoise i bpleananna bliantúla oibriúcháin (AOPanna) faoi phleananna bainistíochta foraoise
|
Fardal foraoise do gach láithreán bliantúil leagtha, áirithe in AOP. Sa pháirc, uimhrítear gach crann atá le leagan agus sainaithnítear le marcanna péinteáilte ar bhun an chrainn agus ar an tamhan iad.
|
Cuireann sealbhóir an phlean bainistíochta foraoise an t‑iarratas ar AOP a fhormheas, ina bhfuil an fardal foraoise do 100 % de na crainn atá le baint ó gach láithreán bliantúil leagtha, faoi bhráid ICF.
|
Áirítear le fardal foraoise AOP maitrís toirteanna lena sonraítear na nithe seo a leanas i dtaobh gach crainn:
−
uimhir an chrainn,
−
toirt, agus
−
speiceas.
|
Sa chigireacht allamuigh, roghnaíonn ICF sampla de na crainn a mharcáiltear sa pháirc agus seiceálann sé iad i gcoinne an iarratais AOP.
Seiceálann ICF an fhaisnéis seo a leanas maidir le gach crann a shainaithnítear:
−
uimhir
−
toirt, agus
−
speiceas
|
Réitíonn ICF sonraí an iarratais AOP le sonraí sceideal lománaíochta an phlean fhormheasta bainistíochta foraoise.
|
|
Barúlacha:
−
Tarraingítear AOPanna suas do limistéir dá bhfuil plean bainistíochta foraoise ann.
−
Is iad na láithreáin leagtha na haonaid riaracháin atá i gceist le AOP.
|
|
3.2Fardal foraoise i bpleananna bliantúla leagtha (AFPanna) faoi phleananna speisialta le haghaidh córais agrafhoraoiseachta (SPAS)
|
Cosúil le foraois péine.
|
Cosúil le foraois péine.
|
Cosúil le foraois péine.
|
Cosúil le foraois péine.
|
Cosúil le foraois péine.
|
|
Barúlacha:
−
Tarraingítear AFPanna suas do limistéir dá bhfuil SPAS ann.
|
|
3.3Fardal foraoise i bpleananna tarrthála
|
Cosúil le foraois péine.
|
Cosúil le foraois péine.
|
Cosúil le foraois péine.
|
Cosúil le foraois péine.
|
Cosúil le foraois péine.
|
|
Barúlacha:
−
Plean tarrthála: údarú chun crainn a mbíonn tionchar ag feiniméin nádúrtha, lotnaidí nó galair orthu a lománú, nó i gcásanna ina dteastaíonn oibreacha tógála.
|
|
3.4Fardal foraoise i bpleananna téarnaimh
|
Cosúil le foraois péine.
|
Cosúil le foraois péine.
|
Cosúil le foraois péine.
|
Cosúil le foraois péine.
|
Cosúil le foraois péine.
|
|
Barúlacha:
−
Plean téarnaimh: údarú chun iarsmaí crainn nó seachtháirgí atá ann mar thoradh ar na húdaruithe seo a leanas a lománú:
−
AOP, AFP, deimhnithe plandála agus pleananna tarrthála.
|
|
3.5Fardal foraoise le haghaidh plandálacha foraoise a dheimhníonn ICF a lománú
|
Cosúil le foraois péine.
|
Cosúil le foraois péine.
|
Cosúil le foraois péine.
|
Cosúil le foraois péine.
|
Cosúil le foraois péine.
|
|
Barúlacha:
−
Tá dhá chineál deimhnithe plandála ann: CPROTE (le haghaidh cosanta) agus CPLANTA (le haghaidh lománaíochta).
−
Áirítear le hIarscríbhinn VIII beart forlíontach chun lománaíocht i bplandálacha deimhnithe a rialáil.
|
|
4.Crainn a lománú agus lomáin chruinne agus adhmad sáfa a tháirgeadh
|
Teorainneacha an láithreáin lománaíochta a mharcáil agus sonraí na gcrann atá le leagan san iarratas lománaíochta.
|
Cuireann sealbhóir AOP, AFP, plean tarrthála, plean téarnaimh nó deimhnithe plandála foraoise an t‑iarratas lománaíochta faoi bhráid ICF.
|
Áirítear na nithe seo a leanas leis an iarratas lománaíochta:
−
suíomh geografach an láithreáin,
−
comhordanáidí geografacha na gcrann atá le baint,
−
líon na gcrann atá le leagan,
−
an toirt atá le baint, agus
−
suíomh geografach na stoc‑charn.
|
Cuireann ICF faisnéis ó chigireachtaí allamuigh i gcomparáid leis an bhfaisnéis a chuirtear isteach san iarratas lománaíochta:
(1)Suíomh geografach an láithreáin lománaíochta
(2)Sampla de chrainn a lománaíodh (líon, speiceas).
|
Le himeacht ama, réitíonn ICF an toirt a lománaítear leis an méid a údaraítear de réir na gceadanna iompair a thuairiscítear ach úsáid a bhaint as na huirlisí réitigh a sholáthraítear leis an gCóras TF um Inrianaitheacht Adhmaid (SIRMA).
|
|
Barúlacha:
−
Maidir le gach cineál limistéar foraoise atá faoi réir fardail, tá lománaíocht crann faoi réir iarratais a dhéanann an sealbhóir agus formheas a thugann ICF.
−
Maidir le mahagaine agus céadar a lománú, ní mór forálacha Chomhaontú Aireachta ICF‑047‑2011 a chomhlíonadh; líne chúraim a chur chun feidhme maidir le mahagaine agus céadar a fhaightear ó fhoraoisí nádúrtha.
|
|
5.Adhmad sáfa a iompar ón bhforaois chuig lárionaid shealadacha bailithe
|
Baineann roinnt oibreoirí lománaíochta úsáid as córais iompair atá ar fáil go háitiúil (e.g. daonchumhacht, abhainn nó ainmhithe) chun an t‑adhmad sáfa a bhogadh ón láithreán lománaíochta go dtí na lárionaid shealadacha bailithe mar gheall ar an easpa bóithre atá oiriúnach d’fheithiclí.
|
Foráiltear le beart forlíontach in Iarscríbhinn VIII do rialachán speisialta lena rialaítear iompar (ar abhainn, miúil, etc.) ón bhforaois go dtí an lárionad bailithe.
|
|
6.Adhmad a stóráil ag lárionaid bhailithe
|
Stóráiltear an t‑adhmad a iompraítear ag lárionad bailithe agus taifeadtar toirt gach speicis. Is í sin an fhaisnéis a úsáidtear nuair a dhéantar iarratas chuig ICF ar cheadanna iompair.
|
Foráiltear le beart forlíontach in Iarscríbhinn VIII do rialachán speisialta lena rialaítear stóráil ag an lárionad bailithe.
|
|
7.Lomáin chruinne agus adhmad sáfa a iompar ó lárionaid shealadacha bailithe
|
Cosúil le nasc 5.
|
Cosúil le nasc 5.
|
Cosúil le nasc 5.
|
Cosúil le nasc 5.
|
Cosúil le nasc 5
|
|
Barúlacha:
−
Glacann ICF, na póilíní, Oifig an Ard‑Aighne agus fórsaí armtha Hondúras páirt i seiceálacha cois bóthair.
−
Meastar gur amhábhar é adhmad sáfa a iompraítear ó lárionaid shealadacha bailithe nó ó stoc‑chairn agus iompraítear faoi chead iompair um adhmad sáfa é.
−
Críochnaíonn an slabhra soláthair ag an nasc sin má cheannaíonn tomhaltóir deiridh na lomáin chruinne nó an t‑adhmad sáfa.
−
Áirítear beart forlíontach le hIarscríbhinn VIII chun rialachán speisialta a chruthú lena mbunaítear sásraí rialaithe um iompar (ar abhainn, miúil, etc.) ón bhforaois go dtí na lárionaid bailithe agus um stóráil ag na lárionaid sin.
−
Tá lárionaid shealadacha bailithe suite go straitéiseach in áiteanna san fhoraois nó in áiteanna lasmuigh di arbh fhéidir teacht chucu ar bhóthar nó ar abhainn.
|
|
8.Cuideachtaí príomhúla táirgí foraoise
|
Cosúil le foraois péine.
|
Cosúil le foraois péine.
|
Cosúil le foraois péine.
|
Cosúil le foraois péine.
|
Cosúil le foraois péine.
|
|
9.Táirgí adhmaid próiseáilte a iompar
|
Cosúil le foraois péine.
|
Cosúil le foraois péine.
|
Cosúil le foraois péine.
|
Cosúil le foraois péine.
|
Cosúil le foraois péine.
|
|
Barúlacha:
−
Tugtar réamhúdarú don bhille iompair i gCóras Riaracháin na gCoimisinéirí Ioncaim (SAR).
−
Glacann ICF, na póilíní, Oifig an Ard‑Aighne agus fórsaí armtha Hondúras páirt i seiceálacha cois bóthair.
−
Ciallaíonn adhmad próiseáilte adhmad a phróiseálann cuideachta táirgí foraoise agus ní airítear leis adhmad sáfa a choinnítear in ionaid shealadacha bailithe nó i stoc‑chairn foraoise.
|
|
10.Cuideachtaí tánaisteacha táirgí foraoise
|
Cosúil le foraois péine.
|
Cosúil le foraois péine.
|
Cosúil le foraois péine.
|
Cosúil le foraois péine.
|
Cosúil le foraois péine.
|
|
11.Clós adhmaid.
|
Cosúil le foraois péine.
|
Cosúil le foraois péine.
|
Cosúil le foraois péine.
|
Cosúil le foraois péine.
|
Cosúil le foraois péine.
|
|
12.Ceadúnú FLEGT agus H‑Dlíthiúil
|
Cosúil le foraois péine.
|
Cosúil le foraois péine.
|
Cosúil le foraois péine.
|
Cosúil le foraois péine.
|
Cosúil le foraois péine.
|
|
13.Táirgí adhmaid a onnmhairiú
|
Cosúil le foraois péine.
|
Cosúil le foraois péine.
|
Cosúil le foraois péine.
|
Cosúil le foraois péine.
|
Cosúil le foraois péine.
|
|
14.Táirgí adhmaid a choigistiú
|
Cosúil le foraois péine.
|
Cosúil le foraois péine.
|
Cosúil le foraois péine.
|
Cosúil le foraois péine.
|
Cosúil le foraois péine.
|
________________
IARSCRÍBHINN VI
Iniúchóireachtaí neamhspleácha
1.
RÉAMHRÁ
Tugtar tuairisc san Iarscríbhinn seo ar an nós imeachta chun iniúchóireacht neamhspleách a dhéanamh ar Chóras Dearbhaithe Dlíthiúlachta Hondúras le haghaidh Táirgí Foraoise ‑ LAS (Sistema para Asegurar la Legalidad de los Productos Forestales de Honduras) faoin gComhaontú seo.
Seiceálfar leis an iniúchóireacht neamhspleách go bhfuil na sásraí a chuirtear chun feidhme laistigh de LAS chun a thaispeáint go bhfuil dlíthiúlacht na lománaíochta, an allmhairiúcháin, na próiseála, an iompair agus na trádála i dtáirgí foraoise ag feidhmiú agus go gcomhlánaíonn siad na ceanglais maidir leis an slabhra soláthair agus na forálacha a leagann údarás ceadúnúcháin FLEGT síos.
Leagtar amach san Iarscríbhinn seo liosta tascanna agus prótacal chun faisnéis a bhailiú agus a thuairisciú. Tugtar tuairisc ann freisin ar na cáilíochtaí a theastaíonn ón iniúchóir neamhspleách, agus liosta de na príomhfhoinsí faisnéise.
2.
CUSPÓIRÍ
Is iad seo a leanas cuspóirí na hiniúchóireachta neamhspleáiche:
(a)
meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht LAS, agus
(b)
aon choigeartuithe a mheastar is gá a mholadh maidir le LAS a chur chun feidhme.
3.
CÚRAIMÍ
Leis an iniúchóireacht neamhspleách, déanfar meastóireacht ar chomhlíonadh dlí i ngach gné a ndírítear uirthi in Iarscríbhinní II, IV agus V (LAS).
Tá fíorthábhacht leis na seiceálacha chun a áirithiú go gcloítear leis an sainmhíniú dlíthiúlachta sa chleachtas, go bhfuil táirgí sa slabhra luacha inrianaithe agus go ndéantar fíorú sula n‑eisítear ceadúnas FLEGT. Beidh an modh bunaithe ar fhianaise agus áireofar leis seiceálacha doiciméadacha agus cuairteanna ar an toirt.
Is iad seo a leanas cúraimí sonracha na hiniúchóireachta neamhspleáiche:
(a)
seiceáil go bhfuil córais ag feidhmiú go héifeachtach agus go gcomhlíonann adhmad a lománaítear, a iompraítear, a phróiseáiltear agus a mhargaítear, lena n‑áirítear adhmad allmhairithe, na ceanglais dhlíthiúla. Áirítear leis sin ceanglais dhlíthiúla maidir le lománaíocht adhmaid a fhormheas, cearta Phobail Dhúchasacha Hondúras agus Phobail Hondúras de shliocht na hAfraice a urramú, oibleagáidí fostaíochta agus sábháilteachta a chomhlíonadh, iompar, próiseáil, trádáil, agus cánacha, táillí agus taraifí a íoc;
(b)
a fhíorú go bhfuil inrianaitheacht, ar príomhchuid de LAS í, éifeachtach agus ag feidhmiú go sásúil, deimhnítear go gcomhlíontar na ceanglais ó thráth na n‑oibríochtaí réamhlománaíochta go dtí onnmhairiú nó díol ar an margadh intíre;
(c)
meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht agus ar éifeachtúlacht an Aonaid um Fhíorú Dlíthiúlachta de chuid ICF, ina ról maidir le dlíthiúlacht a fhíorú, agus meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht agus ar éifeachtúlacht na ngníomhaireachtaí rialtais gaolmhara a bhfuil baint acu leis an bpróiseas fíorúcháin chun a áirithiú go gcomhlíontar ceanglais LAS;
(d)
meastóireacht a dhéanamh ar an gcóras a bhunaítear chun a áirithiú nach n‑eisíonn Aonad Ceadúnúcháin FLEGT de chuid ICF ceadúnais FLEGT nó ceadúnais H‑Dlíthiúil ach amháin le haghaidh coinsíneachtaí a tháirgtear, a phróiseáiltear, a iompraítear agus a onnmhairítear i gcomhréir go hiomlán leis na táscairí is infheidhme sna maitrísí dlíthiúlachta agus in LAS;
(e)
measúnú a dhéanamh ar an bpróiseas chun bailíocht ceadúnais FLEGT agus H‑Dlíthiúil a chinneadh chun a áirithiú go bhfuil an córas fíorúcháin éifeachtúil agus nach gcuireann sé moill nó ualach míchuí ar an gceadúnaí;
(f)
meastóireacht a dhéanamh ar an gcaoi a dtéann údaráis inniúla i ngleic le sáruithe a thuairiscítear agus cibé a ndéileáiltear leo go pras nó nach ndéileáiltear;
(g)
meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht aon bheart a dhéantar chun fadhbanna a shainaithnítear sa phróiseas a chur ina gceart;
(h)
bearnaí agus laigí in LAS foriomlán a shainaithint ach staidéar a dhéanamh ar fheidhmiú an chórais inrianaitheachta, ar chomhlíonadh dlí agus ar chomhpháirteanna ceadúnúcháin FLEGT agus H‑Dlíthiúil a fhíorú, mar aon leis an tionchar ar chreidiúnacht LAS;
(I)seiceáil agus meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeart cosanta a thuairiscítear in LAS nó bearta eile a glacadh níos déanaí agus moltaí a thabhairt;
(j)
a torthaí a dhréachtú agus a thuairisciú, lena n‑áirítear conclúidí agus moltaí don Chomhchoiste Cur Chun Feidhme (JIC), atá freagrach as na tuarascálacha iniúchóireachta neamhspleáiche sin a fhoilsiú ar bhonn rialta.
4.
MODHEOLAÍOCHT: MODHANNA MAIDIR LE FAISNÉIS A FHÁIL AGUS A MHEASÚNÚ, AGUS TUAIRISCIÚ
Déanfar an iniúchóireacht neamhspleách faoi chúram comhlacht neamhspleách a chruthaigh a ghairmiúlacht agus a ionracas i gcomhlíonadh a fhreagrachtaí. Ullmhóidh an comhlacht iniúchóireachta lámhleabhar nósanna imeachta ina leagtar amach na modhanna chun faisnéis a bhailiú, fianaise a mheas agus tuairisciú a dhéanamh. Déanfaidh JIC an lámhleabhar a bheartaítear a athbhreithniú agus a fhormheas.
Ní mór don chomhlacht iniúchóireachta na nósanna imeachta a bhunaítear sa lámhleabhar a úsáid chun a ghníomhaíochtaí éagsúla a dhéanamh, lena n‑áirítear cuairteanna allamuigh agus imscrúduithe a dhéanamh, aiseolas a lorg ó pháirtithe leasmhara, a thorthaí agus a mholtaí a dhoiciméadú agus tuarascálacha a tharraingt suas do JIC lena bhfoilsiú ina dhiaidh sin.
4.1
Sceideal oibre
(a)
Sa chéad bhliain d'oibriú na scéime ceadúnúcháin FLEGT, déanfaidh an comhlacht iniúchóireachta neamhspleáiche iniúchóireacht chéimnithe, idirghníomhach;
(b)
Sa dá bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh an comhlacht iniúchóireachta iniúchóireacht bhliantúil amháin ar a laghad ar LAS. Ina dhiaidh sin, déanfaidh na Páirtithe meastóireacht ar cibé is ceart an mhinicíocht bhliantúil a choinneáil nó nach ceart;
(c)
Féadfaidh an comhlacht iniúchóireachta iniúchóireachtaí impromptu agus spotseiceálacha a dhéanamh freisin, nó iad a sheoladh ar iarratas ó cheann de na Páirtithe.
4.2
Raon feidhme na hoibre
(a)
Cumhdófar gach gné de LAS le hobair an chomhlachta iniúchóireachta neamhspleáiche, lena n‑áirítear comhlíonadh an tsainmhínithe dlíthiúlachta, an córas inrianaitheachta, fíorú agus ceadúnú, agus aon scéim deimhniúcháin a d’fhormheas an Rialtas mar scéim a sholáthraíonn fianaise go gcomhlíontar LAS.
(b)
Déanfaidh an comhlacht iniúchóireachta iniúchóireacht ar chomhlíonadh na dtáscairí in institiúidí poiblí agus i gcuideachtaí príobháideacha atá freagrach as gnéithe éagsúla de LAS.
(c)
Ní mór don chomhlacht iniúchóireachta neamhspleáiche seiceáil a dhéanamh ar na córais a chuireann údaráis inniúla an Aontais chun feidhme chun ceadúnais FLEGT arna n‑eisiúint ag Hondúras a fhíorú.
4.3
Fianaise a bhailiú
Leagfar amach sa lámhleabhar um iniúchóireacht neamhspleách na nósanna imeachta agus na cleachtais chun fianaise a bhailiú, lena n‑áireofar seiceálacha ar an toirt, imscrúduithe, agallaimh, doiciméadacht agus an chaoi a bhfreagraíonn an t‑iniúchóir neamhspleách gearáin.
4.4
Meastóireacht
Le linn a chuid imscrúduithe, áiritheoidh an comhlacht iniúchóireachta neamhspleáiche go ndéantar meastóireacht ar fhianaise i gcomhréir le ISO 19011 nó caighdeán coibhéiseach a chomhaontaíonn JIC.
4.5
Córais iniúchóireachta
Nuair a dhéanann sé fianaise iniúchóireachta a dhoiciméadú chun lochtanna agus sáruithe in aon chuid de LAS a aithint agus nuair a sheiceálann sé aon bheart ceartaitheach a rinneadh, ní mór don iniúchóir neamhspleách na nithe seo a leanas a dhéanamh:
(a)
taifid iomchuí a choinneáil ar fhianaise iniúchóireachta ina sonraítear feidhmíocht, comhlíonadh, neamhfheidhmíocht agus neamhchomhlíonadh, i ndáil le LAS;
(b)
sampla a thaifeadadh agus a mheas, a roghnaítear ar bhonn measúnú riosca, ó phointe ina mbraitear neamhfheidhmíocht nó neamhchomhlíonadh le haon ghné de LAS, lena n‑áirítear ceanglais ceadúnúcháin FLEGT, agus na bearta a dhéantar chun aghaidh a thabhairt ar an neamhfheidhmíocht nó neamhchomhlíonadh;
(c)
laigí agus bearnaí in LAS a thaifeadadh, agus réimsí atá le cur ina gceart agus le feabhsú a shainaithint;
(d)
taifead agus meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart ceartaitheach go léir a chuireann na páirtithe lena mbaineann chun feidhme, lena n‑áirítear ICF, agus údaráis phoiblí eile agus comhlachtaí príobháideacha atá freagrach as gnéithe eile de LAS.
(e)
meastóireacht a dhéanamh ar na bearta cosanta a chur chun feidhme agus a chomhlíonadh.
6.TUARASCÁLACHA AGUS SCAIPEADH
5.1
Tarraingeoidh an comhlacht iniúchóireachta neamhspleáiche a thuarascálacha suas i gcomhréir leis an bhformáid agus leis an bprótacal a chomhaontaítear le JIC. Ní mór di na nithe seo a leanas a dhéanamh:
(a)
tuairisc a thabhairt ar a gníomhaíochtaí i gcomhréir leis an sceideal oibre a chomhaontaítear le JIC;
(b)
a tuarascálacha a tharraingt suas i gcomhréir le prionsabail iniúchóireachta a nglactar leo go hidirnáisiúnta, mar a shonraítear ina comhaontú le JIC;
(c)
na tuarascálacha uile a thíolacadh do JIC, a thabharfaidh trácht orthu;
(d)
tuarascálacha deiridh a tharraingt suas ina léirítear barúlacha JIC.
5.2
Measfar gur doiciméid phoiblí iad tuarascálacha a fhormheasann JIC agus caithfear iad a fhoilsiú ar shuíomhanna gréasáin na bPáirtithe.
6.
FOINSÍ FAISNÉISE
Áireofar leis na príomhfhoinsí faisnéise athbhreithnithe ar dhoiciméid, cuairteanna ar an toirt agus comhairliúcháin/cruinnithe le páirtithe leasmhara ábhartha a liostaítear sna maitrísí dlíthiúlachta (Iarscríbhinn II).
Áiritheoidh Rialtas Hondúras agus an tAontas go mbeidh rochtain ag an gcomhlacht iniúchóireachta ar an bhfaisnéis ar fad is gá, lena n‑áirítear doiciméid agus bunachair shonraí a mheasann sé a bheith ábhartha, go háirithe iad siúd a theastaíonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht na gcóras a bhunaítear chun comhlíonadh LAS a fhíorú. Áireofar leis sin rochtain ar fhaisnéis a ghineann nó a choinníonn brainsí agus gníomhaireachtaí na n‑údarás poiblí, agus comhlachtaí príobháideacha a n‑earcaíonn na húdaráis phoiblí sin iad.
Ní mór rochtain iomlán a bheith ag an gcomhlacht iniúchóireachta ar gach limistéar bainistíochta foraoise sula ndéantar oibríochtaí foraoise, lena linn agus ina ndiaidh. Áireofar leis sin rochtain ar fhoraoisí lena mbaineann ceadanna lománaíochta, ar thionscail phríomhúla foraoise, ar thionscail phróiseála, ar chlóis adhmaid agus ar phointí onnmhairiúcháin. Tugtar an rochtain leathan sin chun a chur ar chumas an iniúchóra neamhspleách laigí a nochtadh cibé áit a bhfuil siad in LAS.
Ní mór rochtain a bheith ag an gcomhlacht iniúchóireachta ar ghníomhaireachtaí rialtais agus ar chomhlachtaí eile arna gceapadh nó arna n‑earcú ag an Rialtas chun feidhmeanna a bhaineann le haon chuid de LAS a chomhlíonadh, móide aon pháirtithe eile a d’fhéadfadh faisnéis ábhartha a sholáthar. Áirítear orthu sin:
6.1
Rialtas Hondúras agus comhlachtaí arna gceapadh ag an Rialtas
(a)
ICF, trí na ranna rialála dá dtagraítear in Iarscríbhinn V; an Rúnaíocht Ghinearálta agus oifigí réigiúnacha agus áitiúla foraoiseachta ICF a bhfuil baint acu le gnéithe éagsúla de ghníomhaíocht foraoiseachta a chumhdaítear leis an gComhaontú seo;
(b)
an sainchomhlacht um Fhaireachán Neamhspleách ar Fhoraoisí (IM), a eisíonn tuarascálacha ar ghníomhaíochtaí faireacháin a dhéanann sé ar chodanna éagsúla den slabhra táirgeachta ar leibhéal náisiúnta;
(c)
institiúidí poiblí agus a bhfochomhlachtaí a bhfuil baint acu le LAS a chur chun feidhme agus le forfheidhmiú an dlí dá dtagraítear in Iarscríbhinn V, mar shampla: MiAmbiente, SAG, Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí agus an Ard‑Chúirt Iniúchóirí, lena n‑áirítear roinn inmheánach iniúchóireachta ICF, SEFIN, INA, IP, SAR, IHSS agus STSS, i measc nithe eile.
6.2
An tsochaí shibhialta, pobail áitiúla agus Pobail Dhúchasacha Hondúras agus Pobail Hondúras de Shliocht na hAfraice
(a)
Eagraíochtaí áitiúla, náisiúnta, réigiúnacha agus idirnáisiúnta na sochaí sibhialta a bhfuil baint acu le faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí foraoiseachta i Hondúras.
(b)
Pobail agus daoine aonair a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí foraoiseachta a bhainistiú.
(c)
Comhlachtaí bainistíochta foraoiseachta pobail, mar shampla, na comhairlí comhairleacha lena mbaineann ar leibhéil náisiúnta, roinne, bhardasacha agus phobail, agus comhlachtaí eile a bhfuil baint acu le gnéithe éagsúla d’earnáil na foraoiseachta.
(d)
Eagraíochtaí de chuid Phobail Dhúchasacha Hondúras agus Phobail Hondúras de Shliocht na hAfraice.
6.3
Foinsí eile
−
Cuideachtaí foraoiseachta
−
Grúpaí agrafhoraoiseachta
−
Úinéirí foraoise
−
Institiúidí acadúla
−
Údaráis áitiúla (bardais, cláir uisce, iontaobhais, etc.)
−
Comhlachtaí um dheimhniúchán príobháideach foraoise agus torthaí na dtuarascálacha ar phróisis um dheimhniúchán príobháideach
−
An Cumann Náisiúnta Foraoiseachta
−
Allmhaireoirí agus onnmhaireoirí táirgí foraoise
−
Páirtithe leasmhara a chláraíonn gearán nó a iarrann iniúchadh impromptu ar ghnéithe áirithe de LAS
−
Foinsí eile a mheasann an t‑iniúchóir neamhspleách a bheith ábhartha.
7.
CÁILÍOCHTAÍ A ÉILÍTEAR
Ní mór don chomhlacht iniúchóireachta neamhspleáiche is iarratasóir ionracas a thaispeáint agus cuntas teiste a bheith aige maidir le hiniúchóireachtaí den chineál céanna a dhéanamh, agus an cumas a bheith aige anailís chórasach a dhéanamh. Ní mór don chomhlacht iniúchóireachta a bheith inchreidte agus a bheith neamhspleách ar oibreoirí Hondúras agus ar institiúidí Hondúras a bhfuil ról tráchtála nó rialála in earnáil na foraoiseachta acu.
Tá sé de fhreagracht ar an gcomhlacht iniúchóireachta is iarratasóir a áirithiú go ndearbhaíonn a phearsanra aon choinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann agus, i gcás ina bhfuil coinbhleachtaí den sórt sin ann, a mhíniú cad iad na bearta a dhéanfaidh sé chun iad a mhaolú. Ina theannta sin, ní mór don chomhlacht iniúchóireachta is iarratasóir na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh:
(a)
ní mór córas inmheánach doiciméadaithe bainistíochta cáilíochta a bheith aige lena gcomhlíontar ceanglais ISO 17021 , nó caighdeáin choibhéiseacha agus ní mór dó iniúchóireachtaí a dhéanamh i gcomhréir le nósanna imeachta lena gcomhlíontar ISO 19011 , nó caighdeáin choibhéiseacha;
(b)
ní mór taithí a bheith aige ar iniúchóireachtaí a dhéanamh ar chórais bhainistíochta;
(c)
ní mór modh agus sásra a bheith aige chun gearáin agus casaoidí a láimhseáil go trédhearcach;
(d)
ní mór réimse scileanna a bheith aige anuas ar an iniúchóireacht, sa bhainistíocht foraoisí más féidir, agus ní mór saineolas agus taithí leormhaith a bheith aige ar fheidhmeanna comhchosúla a chomhlíonadh i gcodanna eile den domhan, i Meiriceá Laidineach más féidir;
(e)
ní mór dó a thaispeáint go bhfuil foireann saineolaithe aige ag a bhfuil taithí ar Hondúras nó ar chodanna eile de Mheiriceá Laidineach. Ba cheart rannpháirtíocht saineolaithe ón réigiún in éineacht le saineolaithe idirnáisiúnta a spreagadh;
(f)
ní mór tuiscint dhomhain a bheith aige ar earnáil na foraoiseachta tráchtála, i Meiriceá Láir más féidir;
(g)
ní mór pearsanra a bheith aige ag a bhfuil saineolas ar réimsí éagsúla foraoiseachta, lena n‑áirítear bainistíocht foraoisí, próiseáil, inrianaitheacht agus trádáil idirnáisiúnta in adhmad agus i dtáirgí adhmaid.
Féadfaidh an t‑iniúchóir neamhspleách cuimhneamh ar chomhpháirtíocht nó ar chomhfhiontar le heagraíocht de chuid Hondúras.
8.
AN PRÓISEAS ROGHNÚCHÁIN AGUS SOCRUITHE INSTITIÚIDEACHA
Earcófar an comhlacht iniúchóireachta is iarratasóir trí thairiscint iomaíoch atá oscailte d’eintitis náisiúnta agus idirnáisiúnta i gcomhréir le dlí Hondúras. Ar bhonn na dtéarmaí tagartha thuas, faoi réir riachtanais an phróisis tairisceana, féadfaidh an JIC téarmaí tagartha níos sainiúla a tharraingt suas. Tá sé de fhreagracht ar Rialtas Hondúras tús a chur le hearcaíocht agus roghnú an chomhlachta chun an iniúchóireacht neamhspleách a dhéanamh, ar bhonn mholtaí JIC.
Ní mór an mheastóireacht a dhéantar ar thairiscintí a bheith trédhearcach agus ní mór gach páirtí leasmhar a chur ar an eolas faoi na critéir a chuirfear i bhfeidhm. Déanfaidh eintiteas a ainmníonn Hondúras agus atá ina bhall de JIC an conradh a shíniú leis an gcomhlacht a roghnófar chun iniúchóireacht neamhspleách a dhéanamh ar LAS, tar éis dul i gcomhairle leis an Aontas. Poibleofar an dícheall cuí a dhéantar ar na heintitis iomaíocha agus an tuarascáil meastóireachta ar thairiscintí.
9.
FREAGRACHTAÍ EILE
Cumhdaítear leis an roinn seo freagrachtaí breise an chomhlachta a roghnaítear chun an iniúchóireacht neamhspleách a dhéanamh, lena n‑áirítear na nithe seo a leanas:
9.1
Inrochtaineacht
Meastar go mbeidh pointe teagmhála nó ionadaí i Hondúras ag an gcomhlacht a bheidh ar conradh chun an iniúchóireacht neamhspleách a dhéanamh ionas go mbeidh teacht ag an Rialtas, an earnáil phríobháideach, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, Pobail Dhúchasacha Hondúras agus Pobail Hondúras de Shliocht na hAfraice agus páirtithe leasmhara eile air.
9.2
Fothú acmhainneachta agus inbhuanaitheacht
Ní mór don chomhlacht ag a bhfuil an conradh don iniúchóireacht neamhspleách na nithe seo a leanas a dhéanamh:
(a)
teagmháil a dhéanamh le gníomhaireachtaí rialtais, an earnáil phríobháideach, an tsochaí shibhialta agus le Pobail Dhúchasacha Hondúras agus Pobail Hondúras de Shliocht na hAfraice ar bhealaí a chuireann ar a gcumas do mhuintir Hondúras tuiscint shoiléir a fháil ar obair an iniúchóra neamhspleách, mar shampla trí cheardlanna oiliúna nó seisiúin faisnéise;
(b)
foireann cháilithe ó Hondúras a earcú agus cumas a chothú iontu chun iniúchóireacht neamhspleách a dhéanamh ar LAS.
________________
IARSCRÍBHINN VII
Critéir chun meastóireacht a dhéanamh
ar Chóras Dearbhaithe Dlíthiúlachta (LAS) Hondúras
le haghaidh táirgí adhmaid
Foráiltear leis an gComhaontú seo do Chóras Dearbhaithe Dlíthiúlachta Hondúras (LAS) le haghaidh táirgí adhmaid a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun a áirithiú go dtáirgtear go dleathach gach táirge adhmaid a shonraítear in Iarscríbhinn I agus a onnmhairítear ó Hondúras chuig an Aontas Eorpach, nó a dhíoltar ar mhargaí onnmhairiúcháin nó ar mhargaí náisiúnta eile. Ba cheart do LAS na nithe seo a leanas a chuimsiú:
(1)
an sainmhíniú ar adhmad dleathach agus ar tháirgí adhmaid dhleathaigh a thugtar sna Maitrísí Dlíthíochta in Iarscríbhinn II chun na dlíthe agus na rialacháin atá le comhlíonadh nuair a eisítear deimhniú um chomhlíonadh dlí, ceadúnas FLEGT nó ceadúnas H‑Dlíthiúil a chur in iúl;
(2)
rialuithe ar an slabhra soláthair chun adhmad a rianú ó oibríochtaí foraoise nó ón bpointe allmhairiúcháin go dtí an margadh deiridh intíre nó go dtí an pointe onnmhairiúcháin.
(3)
nósanna imeachta fíorúcháin chun a áirithiú agus a dhoiciméadú go gcomhlíontar gach gné de na Maitrísí Dlíthiúlachta agus rialuithe ar an slabhra soláthair;
(4)
nósanna imeachta fíorúcháin dlíthiúlachta nuair a eisítear deimhnithe um chomhlíonadh dlí le haghaidh ceadúnais don mhargadh náisiúnta, ceadúnais FLEGT nó H‑Dlíthiúil do mhargaí onnmhairiúcháin;
(5)
iniúchóireachtaí neamhspleácha chun a áirithiú go bhfuil an córas chomh héifeachtach agus chomh héifeachtúil agus ba cheart dó a bheith.
Beidh LAS faoi réir iniúchóireacht neamhspleách sula dtiocfaidh an scéim ceadúnúcháin i bhfeidhm go hiomlán; comhaontóidh na Páirtithe na téarmaí tagartha go comhpháirteach tríd an gComhchoiste Cur Chun Feidhme (JIC). Leagtar amach leis na critéir mheasúnaithe sin an méid a mheastar a bhainfear amach le córas LAS agus soláthrófar leo bunús do théarmaí tagartha na hiniúchóireachta agus na haidhmeanna seo a leanas léi:
(i)
an tuairisc ar an gcóras a athbhreithniú agus fócas speisialta a chur ar aon athruithe atá le déanamh ar shíniú an Chomhaontaithe seo,
(ii)
scrúdú a dhéanamh ar fheidhmiú an chórais i gcleachtas, agus
(iii)
anailís a dhéanamh ar chumas oibreoirí agus comhlachtaí poiblí LAS a chur chun feidhme.
ROINN 1
SAINMHÍNIÚ AR DHLÍTHIÚLACHT
Chun críocha an Chomhaontaithe seo, is é an sainmhíniú ar adhmad dleathach an ceann a thugtar in Iarscríbhinn II.
Sainmhínítear adhmad dleathach ar bhonn na ndlíthe agus na n‑ionstraimí dlí atá i bhfeidhm i Hondúras tráth a n‑eisítear na ceadúnais FLEGT. Ní mór an sainmhíniú a úsáidtear a bheith gan débhrí, infhíoraithe go hoibiachtúil agus inoibrithe go hoibríochtúil, ar a laghad i gcás na ndlíthe lena rialaítear na réimsí seo a leanas:
Cearta leagtha agus lománaíochta: leithdháileadh ceart dlíthiúil ar adhmad a leagan agus a lománú/a bhaint i limistéar a chinntear go dlíthiúil lena ngabhann údarú ICF (Institiúid um Chaomhnú Foraoiseachta).
Oibríochtaí foraoiseachta: ceanglais dhlíthiúla maidir le bainistíocht foraoisí a chomhlíonadh, go háirithe na dlíthe comhshaoil agus na dlíthe fostaíochta a chomhlíonadh ag gach céim den slabhra soláthair táirgí foraoise.
Táillí agus cánacha: táillí agus cánacha a bhunaítear go dlíthiúil a íoc ar allmhairí adhmaid, ar leibhéal bardasach agus náisiúnta, mar réamhriachtanas chun cearta leagtha, lománaíochta, iompair, táirgeachta ar scála mór, próiseála agus margaíochta a fháil i dtaobh adhmaid.
Úsáideoirí eile: urraim a thabhairt do thionacht nó do chearta páirtithe eile i dtaobh talamh agus acmhainní nádúrtha eile a úsáid, i gcás ina bhféadfadh páirtithe eile na cearta sin a éileamh toisc go bhféadfadh sé go ndéanfadh sé difear dóibh adhmad a leagan agus a lománú agus acmhainní nádúrtha eile a bhaint.
Trádáil agus custaim: ceanglais dhlíthiúla agus nósanna imeachta trádála agus custaim a chomhlíonadh, lena n‑áirítear taraifí allmhairiúcháin ar tháirgí foraoise agus dleachtanna ar onnmhairí a íoc.
Ba cheart don iniúchóireacht ar LAS na ceisteanna seo a leanas a chuimsiú:
1.1
An bhfuil sé soiléir cén ionstraim dlí atá mar bhonn agus mar thaca le gach gné de na Maitrísí Dlíthiúlacht?
1.2
An bhfuil sé soiléir cén ionstraim dlí agus cé na rialacha sonracha lena dtacaítear le gach prionsabal, critéar agus táscaire sna Maitrísí Dlíthiúlacht?
1.3
An sonraítear na critéir agus na táscairí atá le húsáid chun a sheiceáil go gcomhlíontar gach gné de na Maitrísí Dlíthíochta?
1.4
An mbunaítear na modhanna a úsáidtear chun a sheiceáil cibé a comhlíonadh gach prionsabal, critéar agus táscaire sna Maitrísí Dlíthíochta nó nár comhlíonadh ar ionstraimí bailí doiciméadaithe dlí?
1.5
An bhfuil na critéir agus na táscairí soiléir, oibiachtúil agus inoibrithe go hoibríochtúil?
1.6
An aithnítear róil agus freagrachtaí na bpáirtithe leasmhara éagsúla go soiléir leis na critéir agus leis na táscairí, agus leis an modheolaíocht lena mbunú agus lena seiceáil? An bhféadfar na seiceálacha a úsáid chun feidhmíocht na bpáirtithe leasmhara uile a mheas?
1.7
An áirítear leis na Maitrísí Dlíthiúlachta príomhréimsí an dlí atá ann cheana (cearta leagtha agus lománaíochta, oibríochtaí foraoiseachta, táillí agus cánacha, úsáideoirí eile, trádáil agus custaim? Mura n‑áirítear, cén fáth ar fágadh réimsí áirithe dlí ar lár ó na Maitrísí Dlíthiúlachta?
1.8
An áirítear leis na Maitrísí Dlíthiúlachta na foinsí adhmaid féideartha go léir a théann isteach sa slabhra soláthair? Ar forbraíodh táscairí iomchuí i dtaobh na nósanna imeachta éagsúla leithdháilte le haghaidh foinsí nó cearta?
1.9
Nuair a tarraingíodh suas na Maitrísí Dlíthiúlachta, ar chuir na páirtithe lena mbaineann gach príomhréimse den dlí is infheidhme san áireamh?
1.10
An áirítear na príomhfhorálacha dlíthiúla a sainaithníodh trí phlé i measc na bpáirtithe lena mbaineann leis an gCóras Dearbhaithe Dlíthiúlachta?
1.11
Ar leasaíodh na Maitrísí Dlíthiúlachta agus an mhaitrís forfheidhmithe ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Saorálaí idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Hondúras maidir le forfheidhmiú an dlí foraoise, rialachas agus trádáil i dtáirgí adhmaid chuig an Aontas Eorpach? Ar forbraíodh critéir agus táscairí chun a áirithiú go ndéantar na hathruithe sin a sheiceáil?
Má leasaítear na Maitrísí Dlíthiúlachta tar éis don Chomhaontú seo teacht i bhfeidhm, ba cheart na príomhcheisteanna seo a leanas a chur freisin:
1.12
An ndeachthas i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha maidir le leasuithe ar VPA FLEGT agus ar cuireadh a gcuid barúlacha agus moltaí san áireamh?
1.13
An bhfuil sé soiléir cén ionstraim dlí atá mar bhonn agus mar thaca le gach gné nua de na Maitrísí Dlíthiúlacht? An sonraítear na critéir agus na táscairí atá le húsáid chun a sheiceáil go gcomhlíontar gach gné de na Maitrísí Dlíthíochta?
1.14
An bhfuil na critéir agus na táscairí soiléir, oibiachtúil agus inoibrithe go hoibríochtúil?
1.15
Ar forbraíodh critéir agus táscairí chun a áirithiú go ndéantar na leasuithe sin a sheiceáil? An aithnítear róil agus freagrachtaí na bpáirtithe leasmhara éagsúla go soiléir leis na critéir agus leis na táscairí?
ROINN 2
RIALUITHE AR AN SLABHRA SOLÁTHAIR
Ní mór do na córais a úsáidtear chun an slabhra soláthair a sheiceáil dearbhú inchreidte a thabhairt gur féidir táirgí adhmaid a rianú ar fud an tslabhra soláthair ón bpointe lománaíochta nó ón bpointe allmhairiúcháin dhleathaigh go dtí an pointe onnmhairiúcháin nó pointe díola ar an margadh náisiúnta. Ní gá i gcónaí inrianaitheacht fhisiciúil a choinneáil le haghaidh lomáin, lasta lomán nó táirge adhmaid ón bpointe onnmhairiúcháin nó ón bpointe díola ar ais go dtí an fhoraois tionscnaimh, ach is gá sin a dhéanamh i gcónaí idir an fhoraois agus an chéad phointe measctha (e.g. lárionad bailithe adhmaid, cuideachtaí príomhúla agus tánaisteacha táirgí foraoise, agus clóis adhmaid).
2.1
Cearta lománaíochta
Línítear go soiléir na limistéir nó na heastáit inar leithdháileadh cearta acmhainní foraoise agus inar aithníodh sealbhóirí na gceart sin.
2.1.1
An áirithítear leis an gcóras rialaithe nach dtéann ach adhmad ó limistéar foraoise nó eastát ag a bhfuil cearta bailí údaraithe lománaíochta isteach sa slabhra soláthair?
2.1.2
An áirithítear leis an gcóras rialaithe gur eisíodh cearta lománaíochta iomchuí do chuideachtaí a dhéanann oibríochtaí lománaíochta i dtaobh na limistéar foraoise nó na n‑eastát lena mbaineann?
2.1.3
Ar foilsíodh na nósanna imeachta chun cearta lománaíochta a eisiúint agus faisnéis maidir le cearta lománaíochta a eisíodh agus a sealbhóirí?
2.2
Córais chun an slabhra soláthair a sheiceáil
Tá sásraí éifeachtacha ann chun adhmad a rianú ar fud an tslabhra soláthair ón bpointe lománaíochta go dtí an pointe díola ar na margaí náisiúnta agus onnmhairiúcháin.
Féadfaidh an modh chun adhmad a aithint a bheith éagsúil, idir lipéid a úsáid le haghaidh earraí aonair agus doiciméadacht a ghabhann le hualach nó baisc a úsáid. Ba cheart modh a roghnú bunaithe ar thionscnamh, cineál agus luach an adhmaid agus an riosca atá ann go meascfar le hadhmad mídhleathach nó adhmad nach bhfuil fíoraithe é.
2.2.1
An aithnítear sa chóras rialaithe na naisc agus na hoibreoirí uile sa slabhra soláthair agus an dtugtar tuairisc orthu ann?
2.2.2
An aithnítear sa chóras rialaithe na céimeanna uile sa slabhra soláthair agus an dtugtar tuairisc orthu ann?
2.2.3
Ar bunaíodh agus ar doiciméadaíodh modhanna chun na nithe seo a leanas a dhéanamh: (a) tionscnamh an táirge a shainaithint agus (b) cosc a chur ar mheascadh le hadhmad ó fhoinsí anaithnid sna céimeanna seo a leanas den slabhra soláthair:
−
adhmad san fhoraois,
−
le linn é a iompar idir pointí den slabhra soláthair,
−
in áiteanna ina ndéantar stóráil shealadach,
−
ar theacht chuig áiseanna próiseála príomhúla,
−
ar theacht chuig áiseanna próiseála tánaistí,
−
ar theacht chuig clóis adhmaid nó áiteanna ina ndéantar stóráil shealadach dó, agus
−
ar theacht chuig an bpointe onnmhairiúcháin?
2.2.4
Cé na heagraíochtaí/na comhlachtaí atá i gceannas ar shreabha adhmaid a sheiceáil? An bhfuil acmhainní oiriúnacha agus leormhaithe daonna agus acmhainní eile acu chun gníomhaíochtaí rialaithe a dhéanamh?
2.2.5
An bhfuil prótacal ann chun fíorú a dhéanamh ar thorthaí na nósanna imeachta rialaithe a bunaíodh agus a cuireadh i bhfeidhm?
2.2.6
An ndearnadh na nósanna imeachta um rialú ar an slabhra soláthair a bhunú go soiléir agus a chur in iúl do na páirtithe leasmhara go léir?
2.3
Cainníochtaí
Tá sásraí láidre éifeachtacha ann chun cainníochtaí adhmaid nó táirgí adhmaid a thomhas agus a thaifeadadh ag gach céim den slabhra soláthair, lena n‑áirítear meastacháin iontaofa chruinne réamhlománaíochta ar thoirt an adhmaid coille i ngach limistéar, eastát nó aonaid leagtha/lománaíochta.
2.3.1
An ngineann an córas rialaithe sonraí cainníochtúla ar ionchuir agus ar aschuir ag na céimeanna seo a leanas den slabhra soláthair:
−
adhmad coille,
−
lomáin sáibh san fhoraois,
−
adhmad a iompraítear agus a stóráiltear,
−
adhmad ag teacht isteach chuig an muileann/chuig an monarcha,
−
dul isteach i línte táirgeachta nó in áiseanna próiseála,
−
teacht amach as línte táirgeachta nó as áiseanna próiseála,
−
imeacht ón muileann/ón monarcha,
−
teacht chuig clóis áitiúla agus imeacht uathu,
−
teacht chuig an bpointe onnmhairiúcháin?
2.3.2
Cé na heagraíochtaí/na comhlachtaí atá freagrach as na sonraí cainníochtúla a chur isteach sa chóras rialaithe? Cén nasc atá idir na heagraíochtaí/comhlachtaí sin? Má tá eagraíochtaí/comhlachtaí éagsúla freagrach, cad a rinneadh chun a áirithiú go ndéanann gach eagraíocht oibríochtaí rialaithe agus bainistíocht sonraí i gceart agus ar an gcaighdeán céanna?
2.3.3
An gcuirtear oiliúint chaighdeánach ar bhainistíocht sonraí d’fhoireann na n‑eagraíochtaí/na gcomhlachtaí sin? An bhfuil acmhainní leordhóthanacha ag na heagraíochtaí/ag na comhlachtaí i dtéarmaí pearsanra agus trealaimh?
2.3.4
Conas a dhéantar cáilíocht na sonraí a rialú?
2.4
Réiteach
Déantar na sonraí go léir a thaifeadadh sa chaoi is gur féidir iad a réiteach in am trátha le sonraí ag céimeanna roimhe sin agus ina dhiaidh sin sa slabhra soláthair.
2.4.1
An ndéantar réiteach iontaofa don slabhra soláthair ar fad?
2.4.2
An ndéantar na sonraí cainníochtúla go léir a thaifeadadh sa chaoi is gur féidir iad a réiteach in am trátha le cainníochtaí ag céimeanna roimhe sin agus ina dhiaidh sin sa slabhra soláthair?
2.4.3
Ar forbraíodh modhanna chun meastóireacht a dhéanamh ar chomhsheasmhacht idir ionchuir amhábhar agus aschuir de tháirgí próiseáilte ag muilte sábhadóireachta agus saoráidí eile próiseála?
2.4.4
An féidir réiteach iontaofa a dhéanamh ar earraí aonair nó ar bhaisceanna de tháirgí adhmaid ar fud an tslabhra soláthair ina iomláine?
2.4.5
Cé na córais agus na teicneolaíochtaí faisnéise a chuirtear i bhfeidhm chun na sonraí a stóráil agus a réiteach, agus chun tuairisciú a dhéanamh? An bhfuil córais láidre i bhfeidhm chun na sonraí a dhaingniú?
2.4.6
Cén eagraíocht/comhlacht atá freagrach as sonraí a réiteach? An bhfuil acmhainní leordhóthanacha daonna agus acmhainní eile aige chun na sonraí a bhainistiú?
2.4.7
Cén fhaisnéis a fhoilsítear faoi rialuithe ar an slabhra soláthair? Conas is féidir le páirtithe leasmhara rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin?
2.4.8
An dtugann an córas rialaithe faoi shonraí cainníochtúla a réiteach i gcomhréir leis na caighdeáin náisiúnta nó idirnáisiúnta, más infheidhme?
2.5Adhmad a fhíoraítear go dlíthiúil a mheascadh le hadhmad údaraithe eile:
Má cheadaítear adhmad ó fhoinsí fíoraithe dleathacha a mheascadh le hadhmad ó fhoinsí eile,
2.5.1
an bhfuil seiceálacha leormhaithe i bhfeidhm chun ábhar ó fhoinsí anaithnid nó ábhar a lománaíodh gan cearta dlíthiúla lománaíochta a eisiamh?
2.5.2
An údaraítear leis an gcóras rialaithe adhmad fíoraithe a mheascadh le hadhmad údaraithe eile (e.g. le hadhmad allmhairithe nó le hadhmad de thionscnamh limistéar foraoise nó eastát inar deonaíodh cearta lománaíochta dlíthiúla, ach nach gcumhdaítear leis an bpróiseas iomlán fíorúcháin fós)?
2.5.3
Cé na bearta rialaithe a chuirtear i bhfeidhm sna cásanna sin? Mar shampla, an áirithítear le seiceálacha nach mó an t‑aschur a dhearbhaítear agus a fhíoraítear ná an t‑ionchur a fhíoraítear ag gach céim?
2.6
Táirgí adhmaid allmhairithe
Tá dlíthe, nósanna imeachta agus rialuithe leordhóthanacha ann chun a chinntiú go ndearnadh táirgí adhmaid allmhairithe a allmhairiú go dleathach.
2.6.1
Conas a léirítear dlíthiúlacht adhmaid allmhairithe agus táirgí adhmaid allmhairithe?
2.6.2
Cén fhianaise a theastaíonn chun a thaispeáint go bhfuil táirgí allmhairithe de thionscnamh crainn a lománaíodh go dleathach i dtríú tír?
2.6.3
An sainaithnítear adhmad allmhairithe agus táirgí adhmaid allmhairithe ar fud an tslabhra soláthair le LAS?
2.6.4
I gcás ina n‑úsáidtear adhmad allmhairithe, an féidir an tír thionscnaimh a shainaithint ar an gceadúnas FLEGT, lena n‑áirítear tír thionscnaimh na gcomhpháirteanna i dtáirgí ilchodacha?
2.6.5
An bhfuil sásra éigin i bhfeidhm chun a fhíorú go ndearna allmhaireoirí an dícheall cuí is gá, lena n‑áirítear an tionscnamh dleathach sa tír lománaíochta a dhoiciméadú, anailís ar an riosca a bhaineann le gníomhaíochtaí mídhleathacha agus, más gá, na bearta maolaithe comhfhreagracha?
2.6.6
An bhfuil an cur chuige díchill chuí agus anailíse riosca in LAS chun meastóireacht a dhéanamh ar dhlíthiúlacht adhmaid allmhairithe ag obair go héifeachtúil?
2.6.7
Conas a chomhordaítear na heagraíochtaí atá i gceannas ar a áirithiú nach ndéantar ach adhmad dleathach a allmhairiú isteach i Hondúras? An bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu?
ROINN 3
FÍORÚ
Leis an bhfíorú, soláthraítear seiceálacha leordhóthanacha ar dhlíthiúlacht an adhmaid. Caithfidh sé a bheith láidir agus éifeachtach go leor chun a áirithiú go sainaithnítear aon neamhchomhlíonadh ceanglas, cibé atá sé san fhoraois nó laistigh den slabhra soláthair, agus go ndéantar gníomhaíocht cheartaitheach in am trátha.
3.1
Eagraíocht
Is rialtas nó eagraíocht tríú páirtí nó meascán de dá rud, ag a bhfuil acmhainní leordhóthanacha, córais bhainistíochta agus pearsanra oilte, mar aon le sásraí láidre éifeachtacha chun coinbhleachtaí leasa a rialú a dhéanann an fíorú.
3.1.1
Ar cheap an Rialtas eagraíocht nó eagraíochtaí chun cúraimí fíorúcháin a dhéanamh? An bhfuil na téarmaí tagartha (lena n‑áirítear freagrachtaí bainteacha) soiléir agus ar fáil go poiblí?
3.1.2
An bhfuil acmhainní leordhóthanacha ag an eagraíocht atá i gceannas ar an bhfíorú chun dlíthiúlacht an adhmaid a fhíorú agus an bhfuil córais aige chun an t‑adhmad sa slabhra soláthair adhmaid a sheiceáil?
3.1.3
An bhfuil acmhainní leordhóthanacha ag ICF ar gach leibhéal chun dlíthiúlacht an adhmaid a fhíorú?
3.1.4
An bhfuil acmhainní leordhóthanacha ar gach leibhéal ag institiúidí eile Stáit a bhfuil baint acu le LAS chun gnéithe sonracha den fhíorú ar dhlíthiúlacht adhmaid a chur i gcrích?
3.1.5
An bhfuil córas bainistíochta ag an eagraíocht atá i gceannas ar fhíorú lena gcomhlíontar na ceanglais seo a leanas:
−
fuarthas údaruithe chun na cigireachtaí is gá a dhéanamh ar an láthair chun córas an‑éifeachtach agus iontaofa a áirithiú,
−
tá acmhainní leordhóthanacha ar fáil chun na cigireachtaí is gá a dhéanamh ar an láthair chun córas an‑éifeachtach agus iontaofa a áirithiú,
−
tá an oiliúint agus na scileanna is gá ag an bpearsanra ar fad chun fíorú éifeachtach a áirithiú,
−
tá sásraí i bhfeidhm chun coinbhleachtaí leasa a rialú,
−
ráthaítear córas trédhearcach i gcomhréir le VPA FLEGT,
−
tá rochtain ag an bpobal ar an gcóras bainistithe gearán,
−
rinneadh modheolaíocht fíorúcháin a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, agus
−
tá téarmaí tagartha na n‑eagraíochtaí atá i gceannas ar an bhfíorú soiléir agus tá siad ar fáil go poiblí?
3.2
Dlíthiúlacht a fhíorú
Déantar an modh fíorúcháin a dhoiciméadú, rud a áirithíonn go bhfuil an próiseas córasach, trédhearcach agus bunaithe ar fhianaise, agus go ndéantar é go tráthrialta agus go gcumhdaítear leis gach rud a chuimsítear sna Maitrísí Dlíthiúlachta.
3.2.1
An bhfuil sainmhíniú soiléir ann lena leagtar amach a bhfuil le fíorú?
3.2.2
An gcumhdaítear gach gné de na Maitrísí Dlíthiúlachta leis an modheolaíocht fíorúcháin agus an áirítear tástálacha ar chomhlíonadh na dtáscairí sonraithe uile leis?
An éilítear na nithe seo a leanas leis an bhfíorú:
−
seiceálacha ar dhoiciméadacht, ar thaifid oibriúcháin agus ar oibríochtaí allamuigh (gan fógra freisin),
−
faisnéis arna bailiú ag páirtithe leasmhara seachtracha,
−
gníomhaíochtaí fíorúcháin a thaifeadadh lena chur ar a gcumas d’iniúchóirí inmheánacha agus don iniúchóir neamhspleách iad a sheiceáil?
3.2.3
An sainítear róil agus freagrachtaí institiúideacha go soiléir agus an gcuirtear i bhfeidhm iad?
3.2.4
An gcuirtear na torthaí fíorúcháin do na Maitrísí Dlíthiúlachta ar fáil go poiblí? Conas is féidir le páirtithe leasmhara rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin?
3.3
Deimhniú um Chomhlíonadh Dlí
Ar an margadh intíre, eisítear Deimhniú um Chomhlíonadh Dlí d’oibreoirí a chomhlíonann ceanglais uile LAS.
3.3.1
Eagraíocht
3.3.1.1
Cén comhlacht a bhfuil sé de fhreagracht air Deimhnithe um Chomhlíonadh Dlí a eisiúint?
3.3.1.2
An sainítear go soiléir róil an chomhlachta sin agus a phearsanra maidir le Deimhnithe um Chomhlíonadh Dlí a eisiúint agus an bhfuil na róil sin ar fáil go poiblí?
3.3.1.3
An sainítear na ceanglais inniúlachta do phearsanra an chomhlachta sin agus an mbunaítear rialuithe inmheánacha dóibh?
3.3.1.4
An bhfuil acmhainní leordhóthanacha ag an gcomhlacht sin chun a chúram a dhéanamh maidir le Deimhnithe um Chomhlíonadh Dlí a eisiúint?
3.3.2
Deimhnithe um Chomhlíonadh Dlí a eisiúint
3.3.2.1
An bhfuil nósanna imeachta doiciméadaithe ag an gcomhlacht sin maidir le Deimhnithe um Chomhlíonadh Dlí a eisiúint? Ar foilsíodh na nósanna imeachta sin, lena n‑áirítear aon táillí iníoctha?
3.3.2.2
Cén fhianaise atá ann go gcuirtear na nósanna imeachta sin i bhfeidhm i gceart i gcleachtas?
3.3.2.3
An bhfuil taifid leordhóthanacha ar fáil maidir le Deimhnithe um Chomhlíonadh Dlí a eisíodh agus a diúltaíodh? An léirítear go soiléir leis na taifid an fhianaise ar bunaithe uirthi a eisítear na Deimhnithe um Chomhlíonadh Dlí?
3.3.2.4
An sonraítear go soiléir na ceanglais maidir le Deimhnithe um Chomhlíonadh Dlí a eisiúint agus an bhfuil na ceanglais ar fáil d’oibreoirí?
3.3.2.5
Cén fhaisnéis a chuirtear ar fáil go poiblí faoi Dheimhnithe um Chomhlíonadh Dlí a eisíodh agus cé chomh minic agus a chuirtear an fhaisnéis sin ar fáil?
3.4
Fíorú a dhéanamh ar chórais chun an slabhra soláthair a rialú
Sainítear raon feidhme an mhéid atá le fíorú go soiléir agus cumhdaítear leis an slabhra soláthair iomlán ó lománaíocht crann go dtí na margaí náisiúnta agus onnmhairiúcháin. Doiciméadaítear an próiseas sa mhodheolaíocht fíorúcháin agus áirithítear leis go bhfuil an próiseas córasach agus trédhearcach; bunaítear ar fhianaise é agus déantar é go tráthrialta, agus cumhdaítear gach rud atá laistigh dá raon feidhme, amhail comparáid agus réiteach rialta agus tráthúil ar shonraí ag gach céim den slabhra.
3.4.1
An gcumhdaítear leis an modheolaíocht fíorúcháin na seiceálacha ar rialuithe ar an slabhra soláthair ina n‑iomláine?
3.4.2
An leagtar amach an slabhra soláthair go soiléir sa mhodheolaíocht fíorúcháin?
3.4.3
Cén fhianaise atá ann chun a thaispeáint gur fíoraíodh na rialuithe ar an slabhra soláthair i ndáiríre?
3.4.4
An sainítear róil agus freagrachtaí institiúideacha go soiléir agus an gcuirtear i bhfeidhm iad? An bhfuil an pearsanra agus na hacmhainní ag an eagraíocht atá i gceannas chun rialuithe ar an slabhra soláthair a dhéanamh?
3.4.5
An gcuirtear torthaí fíorúcháin na rialuithe ar an slabhra soláthair ar fáil go poiblí? Conas is féidir le páirtithe leasmhara rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin?
3.4.6
An gcabhraíonn cur chuige riosca‑bhunaithe LAS le hadhmad a rialú go héifeachtach ar fud an tslabhra soláthair?
3.4.7
Cén córas TF a úsáidtear chun sonraí a chomhdú, a fhíorú agus a thaifeadadh? An bhfuil córas i bhfeidhm chun na sonraí a dhaingniú agus rochtain a fháil orthu?
3.5
Córais um dheimhniúchán deonach a aithint
Bhailíochtaigh JIC nósanna imeachta chun córais um dheimhniúchán deonach a shainaithint. Áirítear leis na nósanna imeachta aitheantas sin fíorú LAS a bhunaítear ar anailís riosca.
3.5.1
An bhfuil na nósanna imeachta chun córais um dheimhniúchán deonach a shainaithint cothrom le dáta? An bhfuil siad inrochtana don phobal?
3.5.2
Ar aithníodh aon chórais um dheimhniúchán deonach fós? An gcabhraíonn an bealach a sainaithnítear córais fíorúcháin d’allmhairí le dlíthiúlacht a áirithiú?
3.6
Cásanna neamhchomhlíontachta
Tá sásra éifeachtach feidhmiúil ann chun gníomhaíocht iomchuí cheartaitheach a éileamh agus a fhorfheidhmiú i gcás ian sainaithnítear cásanna neamhchomhlíontachta.
3.6.1
An ndéantar foráil leis an gcóras fíorúcháin don cheanglas thuas?
3.6.2
Ar forbraíodh sásra chun cásanna neamhchomhlíontachta a láimhseáil, ag a bhfuil tionchar acu ar cheadúnú FLEGT agus ar Dheimhnithe um Chomhlíonadh Dlí, agus an gcuirtear i bhfeidhm go praiticiúil é?
3.6.3
An bhfuil an córas fíorúcháin in ann cásanna neamhchomhlíontachta a aithint i gceart?
3.6.4
An bhfuil taifid leordhóthanacha ar fáil maidir leis na cásanna neamhchomhlíontachta a sainaithníodh agus na bearta ceartaitheacha a rinneadh? An ndéantar meastóireacht ar éifeachtacht na mbeart ceartaitheach sin?
3.6.5
An gcuirtear faisnéis a bhailíonn páirtithe leasmhara eile san áireamh chun cásanna neamhchomhlíontachta a shainaithint agus chun meastóireacht a dhéanamh orthu?
3.6.6
Cén fhaisnéis faoi na cásanna neamhchomhlíontachta a sainaithníodh a chuirtear ar fáil don phobal?
3.7
Sásraí chun gearáin a láimhseáil
3.7.1
An bhfuil córas ann chun gearáin a láimhseáil agus an bhfuil sé ar fáil do na páirtithe leasmhara go léir?
3.7.2
An bhfuil sásraí i bhfeidhm ag na comhlachtaí fíorúcháin chun gearáin ó pháirtithe leasmhara nó ón iniúchóir neamhspleách a fháil agus a fhreagairt?
3.7.3
An bhfuil sásraí i bhfeidhm ag na comhlachtaí fíorúcháin chun sáruithe a bhraitheann oifigigh Rialtais a fháil agus a fhreagairt?
3.7.4
An bhfuil sé soiléir conas a fhaightear gearáin, conas a thaifeadtar iad, conas a chuirtear gearáin ar aghaidh go dtí an chéad leibhéal eile (i gcás inar gá) agus conas a fhreagraítear iad?
ROINN 4
CEADÚNAIS FLEGT
Shann Hondúras údarás ceadúnúcháin ar a bhfuil freagracht fhoriomlán as ceadúnais FLEGT a eisiúint. Eisítear ceadúnais FLEGT ar bhonn coinsíneachtaí aonair nó oibreoirí formheasta.
4.1
Eagraíocht
4.1.1
Cén comhlacht a bhfuil sé de fhreagracht air ceadúnais FLEGT a eisiúint?
4.1.2
An sainítear go soiléir róil údarás ceadúnúcháin FLEGT agus a phearsanra maidir le Ceadúnais FLEGT a eisiúint agus an bhfuil na róil sin ar fáil go poiblí?
4.1.3
Ar leagadh síos na scileanna atá ag teastáil ó phearsanra údarás ceadúnúcháin FLEGT agus ar bunaíodh rialuithe inmheánacha?
4.1.4
An bhfuil acmhainní leordhóthanacha ag údarás ceadúnúcháin FLEGT chun a chúraimí a dhéanamh?
4.2
Ceadúnais FLEGT a eisiúint
4.2.1
An bhfuil nósanna imeachta doiciméadaithe ag an údarás ceadúnúcháin chun na ceadúnais a eisiúint? Ar foilsíodh na nósanna imeachta sin, lena n‑áirítear aon táillí iníoctha?
4.2.2
Cén fhianaise atá ann go gcuirtear na nósanna imeachta sin i bhfeidhm i gceart i gcleachtas?
4.2.3
An bhfuil taifid leordhóthanacha ar fáil maidir le ceadúnais FLEGT a eisíodh agus a diúltaíodh? An léirítear go soiléir leis na taifid an fhianaise ar bunaithe uirthi a eisítear na ceadúnais FLEGT?
4.2.4
An sonraítear go soiléir na ceanglais maidir le Ceadúnais FLEGT a eisiúint agus an bhfuil na ceanglais ar fáil d’onnmhaireoirí?
4.2.5
Cén fhaisnéis a chuirtear ar fáil go poiblí faoi cheadúnais FLEGT a eisíodh agus cé chomh minic agus a chuirtear an fhaisnéis sin ar fáil?
4.3
Ceadúnais FLEGT bunaithe ar choinsíneachtaí
4.3.1
An mbunaítear ceadúnú FLEGT ar choinsíneacht aonair?
4.3.2
An féidir dlíthiúlacht coinsíneachta onnmhairiúcháin a thaispeáint trí chórais fíorúcháin agus inrianaitheachta an Rialtais?
4.4
Ceisteanna maidir le ceadúnais FLEGT a eisíodh
An bhfuil sásra leordhóthanach ann chun ceisteanna a láimhseáil ó údaráis inniúla Bhallstáit an Aontais maidir le ceadúnais FLEGT, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III den Chomhaontú seo? Áirítear na ceisteanna seo a leanas leis na príomhcheisteanna:
4.4.1
An féidir le húdaráis inniúla Bhallstáit an Aontais soiléiriú a fháil maidir le ceadúnais FLEGT a eisítear i Hondúras?
4.4.2
An bhfuil nósanna imeachta soiléire ann maidir le cumarsáid idir údaráis inniúla Bhallstáit an Aontais agus Údarás Ceadúnúcháin FLEGT Hondúras?
4.4.3
An bhfuil bealaí ann do pháirtithe leasmhara náisiúnta nó idirnáisiúnta eile chun fiosrú a dhéanamh faoi cheadúnais FLEGT a eisíodh?
ROINN 5
TREORACHA MAIDIR LE hINIÚCHÓIREACHT NEAMHSPLEÁCH AR LAS
Is feidhm í an iniúchóireacht neamhspleách ar LAS atá neamhspleách ar chomhlachtaí rialála earnáil na foraoiseachta i Hondúras. Ceaptar í chun creidiúnacht a sholáthar don scéim ceadúnúcháin FLEGT ach a sheiceáil go bhfuil gach gné de LAS ag feidhmiú mar a bhí beartaithe.
5.1
Socruithe institiúideacha
Údarás a ainmniú: D'ainmnigh Hondúras údarás go foirmiúil, a oibríonn go héifeachtach agus go trédhearcach, chun iniúchóireacht neamhspleách a dhéanamh ar LAS.
Neamhspleáchas ar fheidhmeanna eile LAS: tá deighilt shoiléir ann idir na heagraíochtaí agus na daoine aonair a bhfuil baint acu le hacmhainní foraoise a bhainistiú nó a rialáil agus iad siúd a bhfuil baint acu leis an iniúchóireacht neamhspleách.
5.1.1
An bhfuil ceanglais doiciméadaithe ag an Rialtas maidir le neamhspleáchas an iniúchóra neamhspleách?
5.1.2
An sonraítear nach bhféadfaidh na heagraíochtaí nó na daoine aonair a bhfuil leas tráchtála nó ról institiúideach acu in earnáil foraoiseachta Hondúras gníomhú mar iniúchóir neamhspleách?
An t‑iniúchóir neamhspleách a cheapadh: ceapadh an eagraíocht atá ag gníomhú mar iniúchóir neamhspleách trí shásra trédhearcach agus tá rialacha soiléire ar fáil go poiblí maidir lena gníomhaíochtaí.
5.1.3
Ar chuir an Rialtas téarmaí tagartha na heagraíochta atá ag gníomhú mar iniúchóir neamhspleách ar LAS ar fáil go poiblí?
5.1.4
Ar dhoiciméadaigh an Rialtas na nósanna imeachta chun eagraíocht atá ag gníomhú mar iniúchóir neamhspleách ar LAS a cheapadh agus an bhfuil na nósanna imeachta sin ar fáil go poiblí?
Sásra a bhunú chun gearáin a láimhseáil: tá sásra ann chun láimhseáil a dhéanamh ar ghearáin agus ar dhíospóidí a d’fhéadfadh teacht chun cinn ó thorthaí na hiniúchóireachta neamhspleáiche. De bharr an tsásra sin, is féidir déileáil le haon ghearán a bhaineann le hoibriú na scéime ceadúnúcháin FLEGT.
5.1.5
An bhfuil sásra doiciméadaithe ann chun gearáin a láimhseáil atá ar fáil do na páirtithe leasmhara go léir?
5.1.6
An bhfuil sé soiléir conas a fhaightear gearáin, conas a dhoiciméadaítear iad, conas a chuirtear ar aghaidh go dtí an chéad leibhéal eile iad (i gcás inar gá) agus conas a fhreagraítear iad?
5.2 Eagraíocht atá ag feidhmiú mar iniúchóir neamhspleách ar LAS
Ceanglais eagrúcháin agus theicniúla: tá an eagraíocht atá ag gníomhú mar iniúchóir neamhspleách ar LAS neamhspleách ar chodanna eile de LAS agus oibríonn sí i gcomhréir le struchtúir dhoiciméadaithe bhainistíochta agus le beartais agus nósanna imeachta atá ar aon dul leis na dea‑chleachtais a nglactar leo go hidirnáisiúnta.
5.2.1
An oibríonn an eagraíocht atá ag feidhmiú mar iniúchóir neamhspleách ar LAS ach úsáid a bhaint as córas doiciméadaithe bainistíochta lena gcomhlíontar ceanglais ISO 17021 agus 17065 nó caighdeáin chomhchosúla?
Modheolaíocht faireacháin: bunaítear modheolaíocht an iniúchóra neamhspleách ar LAS ar fhianaise agus déantar faireachán ag eatraimh íosta shonraithe.
5.2.2
An sonraítear i modheolaíocht an iniúchóra neamhspleách ar LAS cibé a bhunaítear na torthaí uile ar fhianaise oibiachtúil maidir le feidhmiú LAS nó nach mbunaítear?
5.2.3
An sonraítear i modheolaíocht an iniúchóra neamhspleách ar LAS na heatraimh uasta ag a seiceálfar gach gné de LAS?
Raon feidhme na hiniúchóireachta neamhspleáiche: tá téarmaí tagartha ag an eagraíocht atá ag gníomhú mar iniúchóir neamhspleách ina sonraítear go soiléir cad air is gá faireachán a dhéanamh agus lena gcumhdaítear na ceanglais chomhaontaithe uile maidir le ceadúnais FLEGT a eisiúint.
5.2.4
An gcumhdaítear le modheolaíocht an iniúchóra neamhspleách ar LAS na gnéithe uile de LAS agus an sonraítear leis an modheolaíocht na príomhthástálacha éifeachtachta?
Ceanglais maidir le tuairisciú: An dtugann an eagraíocht atá ag gníomhú mar iniúchóir neamhspleách tuairisc do JIC go rialta ar shláine LAS, lena n‑áirítear aon chásanna neamhchomhlíontachta, agus ar a measúnú ar bhearta ceartaitheacha a rinneadh chun aghaidh a thabhairt orthu?
5.2.5
An sonraítear na ceanglais maidir le tuairisciú agus na heatraimh thuairiscithe i dtéarmaí tagartha na heagraíochta atá ag gníomhú mar iniúchóir neamhspleách ar LAS?
________________
IARSCRÍBHINN VIII
Bearta forlíontacha agus tacaíochta
RÉAMHRÁ
Chun an Comhaontú seo a chur chun feidhme go héifeachtach i Hondúras, ní mór bearta forlíontacha agus tacaíochta a bhunú d’institiúidí agus do ghníomhaithe atá freagrach as an gComhaontú seo a chomhlíonadh.
Tá na bearta forlíontacha agus tacaíochta mar thoradh ar chomhairliúcháin le hinstitiúidí a bhfuil baint acu leis an bpróiseas, torthaí agus moltaí na tástála allamuigh a rinneadh le linn an phróisis idirbheartaíochta maidir leis an gComhaontú seo, agus moltaí a rinneadh i staidéir éagsúla maidir leis an earnáil foraoiseachta i Hondúras. Áireofar gníomhaíochtaí nár sainaithníodh le linn na hidirbheartaíochta i bpleananna oibre na Rúnaíochta Teicniúla agus na Rúnaíochta Idirinstitiúidí um VPA a chur chun feidhme (SIIAVA) mar bhearta forlíontacha nó tacaíochta breise.
Tar éis don Chomhaontú seo teacht i bhfeidhm, tosóidh Hondúras ar an bplean oibre chun na bearta sin a chur i gcrích, lena n‑áirítear próiseas ionduchtaithe d’údaráis reatha agus nua na n‑institiúidí lena mbaineann; cuideoidh an próiseas sin le haistriú tapa éifeachtach a áirithiú ach an t‑eolas agus an taithí a fuarthas le linn na hidirbheartaíochta don Chomhaontú seo a aistriú.
Chun críocha pleanála, grúpáiltear na bearta forlíontacha agus tacaíochta i gcúig chatagóir:
−
Comhordú a mhéadú idir institiúidí poiblí agus gníomhaithe eile a bhfuil baint acu leis an gComhaontú seo
−
Fothú acmhainneachta
−
Gníomhaíocht straitéiseach
−
Staidéir
−
Ionstraimí dlí.
Tá trí leibhéal tosaíochta ann maidir le bearta forlíontacha agus bearta tacaíochta a chur chun feidhme:
−
Ard = bearta nach féidir déanamh dá n‑uireasa chun LAS Hondúras a chur ar bun.
−
Meánach = bearta úsáideacha chun feidhmiú LAS a bharrfheabhsú nó bearta chun a áirithiú go mbeidh sciar maith d’oibreoirí in ann ceanglais dhlíthiúla LAS a chomhlíonadh.
−
Íseal = bearta tacaíochta níos ginearálta don earnáil (institiúideach, an earnáil phríobháideach, an tsochaí shibhialta, etc.).
Tabharfar tuairisc i Lámhleabhar um Bearta Forlíontacha agus Tacaíochta ar fhócas agus ar raon feidhme na mbeart a liostaítear san Iarscríbhinn seo, faoi fhreagracht JIC, a dhéanfaidh an Lámhleabhar a athbhreithniú agus a nuashonrú más gá.
1.
COMHORDÚ A MHÉADÚ IDIR INSTITIÚIDÍ POIBLÍ AGUS GNÍOMHAITHE EILE A BHFUIL BAINT ACU LEIS AN gCOMHAONTÚ SEO
1.1
Comhaontuithe idirinstitiúideacha comhair don Chomhaontú seo a thabhairt i gcrích agus a chur chun feidhme
Chun comhaontuithe institiúideacha a bhunú maidir le comhdhéanamh SIIAVA agus JIC agus an Comhaontú seo a chur chun feidhme, tabharfar meabhrán tuisceana chun críche idir institiúidí na hearnála poiblí lena n‑áirítear: an Aireacht Fuinnimh, Acmhainní Nádúrtha, Comhshaoil agus Mianach (MiAmbiente), an Institiúid um Chaomhnú Foraoiseachta (ICF), an Institiúid Réadmhaoine (IP), an Institiúid Náisiúnta Talúntais (INA), Seirbhís Riaracháin na gCoimisinéirí Ioncaim (SAR), an Fho‑stiúrthóireacht um Ioncam ó Chustaim (DARA), Cumann Bhardais Hondúras (AMHON), Institiúid Hondúras um Shlándáil Shóisialta, (IHSS), An Aireacht Fostaíochta agus Slándála Sóisialta (STSS), An Aireacht Talmhaíochta agus Beostoic (SAG), Stiúrthóireacht Náisiúnta na bPobal Dúchasach agus Phobail Hondúras de Shliocht na hAfraice (DINAFROH), an Institiúid um Rochtain ar Fhaisnéis Phoiblí (IAIP), Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí (MP), An Aireacht Slándála (SSN, a dhéanann ionadaíocht do na Póilíní Náisiúnta Coisctheacha (PNP)), An Aireacht Slándála Náisiúnta (SEDENA, a dhéanann ionadaíocht d’fhórsaí armtha Hondúras (FFAA)), Oifig an Ard‑Aighne (PGR), Banc Ceannais Hondúras (BCH), Scoil Náisiúnta na nEolaíochtaí Foraoise (ESNACIFOR) agus institiúidí acadúla eile a bhfuil baint acu leis an gcomhshaol agus saincheisteanna foraoiseachta. Thairis sin, bunófar comhaontuithe comhair i gcás ina meastar iad a bheith úsáideach don chomhordú idir institiúidí éagsúla atá páirteach sa Chomhaontú seo.
1.2
Na coigeartuithe eagraíochtúla ábhartha a dhéanamh in institiúidí poiblí a bhfuil nasc acu leis an gComhaontú seo agus foráil a dhéanamh ina mbuiséid don mhaoiniú is gá chun an Comhaontú seo a chur chun feidhme
Déanfaidh gach institiúid tagairt do théacs agus d’iarscríbhinní an Chomhaontaithe seo, go háirithe an Iarscríbhinn seo, agus úsáidfear mar threoir iad do na coigeartuithe buiséid a theastaíonn. Glacfaidh an Aireacht Airgeadais (SEFIN) na bearta is gá chun a áirithiú go gcumhdaítear ceanglais bhuiséadacha ghaolmhara an Chomhaontaithe seo arna n‑iarraidh ag MiAmbiente, ICF, IP, INA, SAR, DARA, AMHON, IHSS, STSS, SAG, DINAFROH, IAIP, MP, SSN, SEDENA, PGR, BCH, ESNACIFOR agus institiúidí acadúla eile a bhaineann le saincheisteanna comhshaoil agus foraoiseachta. Úsáidfear na hacmhainní sin chun gníomhaíochtaí a bhaineann leis an gComhaontú seo a chur chun feidhme agus áireofar iad sna pleananna straitéiseacha institiúideacha nuashonraithe agus sna pleananna bliantúla oibriúcháin ag tosú ón tréimhse sé mhí i ndiaidh don Chomhaontú seo teacht i bhfeidhm.
1.3
Straitéisí a fhorbairt agus a chur chun feidhme maidir le comhordú idirinstitiúideach chun a áirithiú go gcomhlíontar na táscairí a shonraítear sna Maitrísí Dlíthíochta agus ceanglais LAS a thagann faoi fhreagracht gach institiúide
Le cur chun feidhme LAS i gcoitinne agus oibriú an Aonaid um Fhíorú Dlíthiúlachta de chuid ICF go háirithe, éilítear comhordú dlúth idir ICF agus institiúidí a bhaineann leis an gComhaontú seo chun sreabhadh faisnéise chuig an Aonad sin a chaighdeánú. Comhordófar gníomhaíochtaí straitéiseacha atá le cur chun feidhme tríd an Rúnaíocht Idirinstitiúideach maidir le FLEGT‑VPA a chur chun feidhme (SIIAVA).
1.4
Sásraí a bhunú chun faisnéis a mhalartú idir institiúidí a bhfuil baint acu le LAS, agus tosaíocht a thabhairt d’idirchumarsáid na gcóras TF
Méadóidh malartuithe faisnéise an sreabhadh sonraí idir córais na n‑institiúidí atá freagrach as LAS a chur chun feidhme agus monatóireacht a dhéanamh ar tháscairí dlíthiúlachta. Bunófar bunachar sonraí chun sonraí a chur ar fáil don Aonad um Fhíorú Dlíthiúlachta atá le bunú laistigh de ICF. Cumasóidh an beart idirghníomhaíocht idir SIRMA, SNIF, Geoportal (den ICF) agus córais institiúidí eile, agus le córais reatha i gcumainn ghairmiúla.
Forbrófar córas ríomhaireachta ag a mbeidh gnéithe atá oiriúnaithe d’inniúlacht cur chun feidhme institiúidí aonair. De réir thorthaí na diagnóisice agus na hanailíse féidearthachta ar an gcóras malairte, d’fhéadfadh sé go mbeifí in ann réitigh neamh‑ríomhairithe a mheas le haghaidh roinnt codanna den chóras.
1.5
Plean gníomhaíochta le haghaidh na Straitéise Náisiúnta i gcoinne na Lománaíochta Neamhdhleathaí (ENCTI) a chur chun feidhme
Is straitéis trasearnála í seo chun an Comhaontú seo a chur chun feidhme toisc go n‑áirítear leis gníomhaíochtaí a bhaineann le roinnt prionsabal de na Maitrísí Dlíthíochta, mar a thuairiscítear i Roinn 11 d’Iarscríbhinn V iad. Rinne ICF roinnt iarrachtaí ENCTI a chur chun feidhme, ach níor éirigh leis, go príomha mar gheall ar easpa acmhainní airgeadais. In 2017 beartaíodh go gcuirfí cúpla gníomhaíocht coisctheach agus faireacháin chun feidhme agus rinneadh buiséadú dóibh mar chéim tosaigh i dtreo méadú a chur de réir a chéile ar na gníomhaíochtaí agus na hacmhainní is féidir leis na hinstitiúidí ábhartha a úsáid chun ENCTI a chur chun feidhme.
1.6
Modheolaíocht a chruthú agus a chur chun feidhme chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn a dhéantar maidir leis an gComhaontú seo a chur chun feidhme
Chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn a dhéantar maidir leis an gComhaontú seo a chur chun feidhme, tá bunlíne agus modheolaíocht bhunaithe de dhíth ar gach institiúid chun a chur ar a cumas faireachán a dhéanamh go córasach ar an dul chun cinn a dhéantar maidir leis an gComhaontú seo a chur chun feidhme, rud a úsáidfear freisin mar threoir don tuarascáil bhliantúil ar an gComhaontú seo agus don athbhreithniú débhliantúil a dhéanfaidh Páirtithe.
1.7
Modheolaíocht a chruthú agus a chur chun feidhme chun tionchar an Chomhaontaithe a thomhas
Chun tionchar an Chomhaontaithe seo a thomhas, go háirithe ar ghrúpaí leochaileacha, teastaíonn bunlíne agus modheolaíocht bhunaithe le haghaidh na ngníomhaithe éagsúla chun tionchar an Chomhaontaithe seo a thomhas go córasach, mar a leagtar síos in Airteagal 19(3)(h) agus in Airteagal 17.
1.8
Plean sonrach reachtaíochta a chur chun feidhme le haghaidh na limistéar foraoise náisiúnta agus chríocha na bpobal dúchasach.
Déanfar plean speisialta a tharraingt suas agus a chur chun feidhme arb é an aidhm atá leis comhaontuithe atá ann cheana idir ICF, IP agus INA a fhorfheidhmiú.
1.9
Treisiú a dhéanamh ar an gcumas chun comhordú a dhéanamh leis na hoifigigh bhreithiúnacha agus leis na húdaráis forfheidhmithe dlí maidir le cásanna a bhaineann le hearnáil na foraoiseachta
Ceaptar an beart sin chun cumas a fhothú, go háirithe oiliúint a chur ar bhreithiúna agus ar ghiúistísí maidir le saincheisteanna ar leith a bhaineann le dlíthe comhshaoil agus foraoiseachta a chur chun feidhme, i bhfianaise a róil i gcur i bhfeidhm éifeachtach an Chomhaontaithe seo.
1.10
Comhordú a dhéanamh ar dréachtú na reachtaíochta a theastaíonn chun nósanna imeachta gearán LAS a chur chun feidhme
Leagtar síos leis an mbeart sin idirghníomhaíocht, feidhmiú agus inniúlacht gach comhlachta a thuairiscítear i Roinn 10 d’Iarscríbhinn V a dhéileálann le nósanna imeachta gearán LAS, cibé acu atá siad ann cheana nó atá siad le forbairt. Áirítear leis na comhlachtaí sin gach institiúid a bhfuil baint aici le LAS, an t‑údarás iniúchóireachta neamhspleáiche, an Comhchoiste Cur Chun Feidhme agus an tsochaí shibhialta.
1.11
Rannpháirtíocht phoiblí lena ndírítear ar fheabhas a chur ar an rialachas foraoise a neartú agus a chur ar bhonn oifigiúil
Síneoidh ICF comhaontuithe maidir le fothú acmhainneachta agus comhordú idirinstitiúideach le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le heagraíochtaí Phobail Dhúchasacha Hondúras agus Phobail Hondúras de Shliocht na hAfraice (PIAH) chun faireachán neamhspleách a dhéanamh ar fheidhmiú LAS le haghaidh táirgí adhmaid. Beidh formhaoirseacht a dhéanfaidh daoine áitiúla ar fhoraoiseacht agus ar oibríochtaí tionsclaíocha i gceist leis sin.
1.12
Córas bainistíochta faisnéise poiblí a chruthú agus a chur chun feidhme
Forbrófar bunachar sonraí le haghaidh comhairliúcháin, ina mbeidh faisnéis is ábhar spéise don phobal a thuairiscítear in Iarscríbhinn IX, chomh maith le faisnéis ábhartha eile a d’fhéadfaí a ghiniúint.
2.
FOTHÚ ACMHAINNEACHTA
2.1
Clár um fothú acmhainneachta a fhorbairt agus a chur chun feidhme le haghaidh institiúidí a bhfuil baint acu leis an gComhaontú seo a chur chun feidhme
Déanfaidh ICF agus institiúidí a bhfuil baint acu leis an gComhaontú seo a chur chun feidhme clár oiliúna a oiriúnaítear do fhreagrachtaí gach institiúide a fhorbairt agus a chur chun feidhme d’fhonn an t‑eolas atá aici a fheabhsú.
2.2
Plean um fhothú acmhainneachta a fhorbairt agus a chur chun feidhme le haghaidh oibreoirí in earnáil na foraoiseachta
Leis an tástáil allamuigh a rinneadh le linn na hidirbheartaíochta don Chomhaontú seo i mí Dheireadh Fómhair 2016, léiríodh na laigí agus na bealaí éalaithe i gcomhlíonadh dlí oibreoirí foraoise, mar shampla úinéirí foraoise, cuideachtaí táirgí foraoise, grúpaí agrafhoraoiseachta, FBManna agus micrifhiontair. Beidh an staidéar dá bhforáiltear i mbeart 4.4 mar bhunús chun cúrsaí oiliúna a dhearadh d’oibreoirí in earnáil na foraoiseachta. Áirítear leis an bplean oiliúint theicniúil d’oibreoirí, tosaíocht a thabhairt do FBManna agus do mhicrifhiontair agus a gcuid sainriachtanas a chur san áireamh.
3.
GNÍOMHAÍOCHTAÍ STRAITÉISEACHA
3.1
Nósanna imeachta um ghníomhaíochtaí institiúidí rialtais maidir leis an earnáil foraoise a chuíchóiriú agus a shimpliú
Éilítear leis sin athbhreithniú mionsonraithe a dhéanamh ar na nósanna imeachta riaracháin reatha lena rialaítear an slabhra soláthair foraoise. Is é is aidhm don bheart sin infheistíocht in earnáil na foraoiseachta a dhéanamh tarraingteach agus an saol a dhéanamh níos éasca do FBManna agus do mhicrifhiontair ach dlús a chur le foirmiúlachtaí VPA i ngach institiúid.
3.2
Measúnú agus nuashonrú a dhéanamh ar na nósanna imeachta in institiúidí a bhfuil baint acu leis an gComhaontú seo a chur chun feidhme maidir le sáruithe a láimhseáil agus pionóis a ghearradh
Leis an mbeart sin, déanfar athbhreithniú ar na rialacháin agus ar na nósanna imeachta maidir le cionta agus pionóis a chuirtear i bhfeidhm i ngach ceann de na hinstitiúidí a bhfuil baint acu leis an gComhaontú seo a chur chun feidhme. Comhordóidh SIIAVA an beart sin.
3.3
Nós imeachta seiceála agus fíorúcháin riosca‑bhunaithe a bhunú agus a chur chun feidhme
Chun cleachtais neamhdhleathacha a laghdú ‑ an príomhdhúshlán maidir le LAS a chur chun feidhme ‑ ní mór sásra cuimsitheach bainistíochta riosca a chur chun feidhme ar fud an tslabhra soláthair ar mhaithe le fíorú tráthúil éifeachtach a dhéanamh, mar a leagtar síos i Roinn 6.1.5 d’Iarscríbhinn V.
3.4
An Córas Náisiúnta TF um Inrianaitheacht Adhmaid (SIRMA) a nuashonrú, a chothabháil agus a chur chun feidhme
Taifeadann SIRMA an doiciméadacht ar oibríochtaí lománaíochta, seiceála, faireacháin agus fíorúcháin; áirithítear leis sin inrianaitheacht sa slabhra soláthair foraoise.
Tá nasc idir an beart sin agus beart 3.5 i ndáil le hidirghníomhaíocht idir SNIF agus SIRMA i dtaobh bainistíocht faisnéise.
3.5
Modúil nua sa Chóras Náisiúnta Faisnéise Foraoiseachta (SNIF) a chruthú agus a chur chun feidhme
Cumasóidh an beart sin idirghníomhaíocht idir SIRMA agus SNIF trí nasc gréasáin chun tuarascálacha rialaithe toirte a ghiniúint le haghaidh gach ceadúnais lománaíochta, nach mór a údarú leis an tseiceáil dhoiciméadach a dhéantar agus SNIF á úsáid. Ina theannta sin, bainistíonn SIRMA a lán faisnéise faoi láthair faoi cheadúnais lománaíochta nach bhfuil in SNIF, rud a chiallaíonn go mbeidh na modúil chun na córais a nascadh lena chéile ag teastáil.
3.6
Polasaithe a dhréachtú agus a chur chun feidhme chun nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hearnáil na foraoiseachta in institiúidí rialtais a dhílárú agus a dhéabhlóidiú
Is é is aidhm don bheart seo straitéis a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun nósanna imeachta a dhéabhlóidiú agus, mar sin, a bhrostú, in institiúidí lena mbaineann na táscairí sna Maitrísí Dlíthíochta. Tá sé d’aidhm leis freisin straitéis díláraithe a chruthú agus a chur chun feidhme lena n‑aistreofar cumhachtaí riaracháin de réir a chéile ó ICF go dtí na bardais mar aon leis na hacmhainní agus an inniúlacht chun tacú leo.
3.7
Cosaintí a chruthú, agus an Comhaontú seo á chur chun feidhme, do ghrúpaí leochaileacha
Is bearta dírithe iad sin chun cearta grúpaí leochaileacha a chosaint. Le cur chun feidhme na modheolaíochta faireacháin, meastóireachta agus tionchair ar an gComhaontú seo a chur chun feidhme (beart forlíontach 1.7) sainaithneofar cosaintí breise sa bhreis orthu siúd a shonraítear in Iarscríbhinn V (Roinn 12).
3.8
Straitéis chéimnithe a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun comhlíonadh dlí micrifhiontar, fiontar beag agus fiontar meánmhéide in earnáil na foraoiseachta a threisiú
Chun an straitéis sin a tharraingt suas, ba cheart beart forlíontach 4.6 (daonáireamh na n‑oibreoirí) a fhorbairt, agus bearta forlíontacha 2.2 (fothú acmhainneachta), 3.1 (nósanna imeachta riaracháin a bhrostú) agus 3.12 (dreasachtaí) mar bhonn agus mar thaca leis.
3.9
Córas náisiúnta le haghaidh aicmiú úsáide talún a dhearadh agus a chur chun feidhme
Leis an gcóras náisiúnta aicmithe, déanfar aicmiú agus faireachán ar úsáid talún le himeacht ama, lena n‑áirítear talamh foraoise, crainn scaipthe lasmuigh d’fhoraoisí, agus cineálacha eile cumhdaigh ithreach.
Áiritheofar leis na critéir aicmithe toisí eacnamaíocha agus sóisialta d’úsáid talún chomh maith lena ghnéithe bithfhisiceacha. Dearfar an córas ach tagairt a dhéanamh do staidéir theicniúla‑eolaíocha atá ann cheana nó atá beartaithe, mar a fhoráiltear sa Dlí maidir le Foraoiseacht, Limistéir faoi Chosaint agus Fiadhúlra.
Beidh ICF i gceannas ar an gcóras náisiúnta aicmithe, agus beidh sé freagrach as é a dhearadh, a phleanáil agus a chur chun feidhme, le tacaíocht ó MiAmbiente, SAG, an Rúnaíocht um Chearta an Duine, Dlí agus Cirt, Rialachas agus Dílárú agus INA faoina n‑inniúlacht. Cuimseofar le dearadh an chórais bearta sonracha chun a áirithiú go gcoinnítear an acmhainneacht is gá chun é a riar agus a chothabháil le himeacht ama agus go bhfuil na tacair shonraí a tháirgtear inrochtana agus cothrom le dáta.
3.10
Tábla catagóirithe comhshaoil MiAmbiente a nuashonrú don Deimhniú Ceadúnais Comhshaoil le haghaidh cuideachtaí foraoiseachta agus clóis adhmaid
Is é is aidhm don bheart sin na catagóirí tionchair comhshaoil do ghníomhaíochtaí cuideachtaí foraoiseachta agus clós adhmaid a nuashonrú trí chomhordú idirinstitiúideach idir ICF agus MiAmbiente; foilseofar na catagóirí sin agus glacfar go hoifigiúil iad d’fhonn iad a chur chun feidhme. Cruthófar modúl chun deimhnithe a eisiúint lena ndíolmhaítear tionscadail a bhfuil tionchar íseal comhshaoil acu ón Deimhniú Ceadúnais Comhshaoil, mar aon le modúl sa Chóras Simplithe Ceadúnúcháin Comhshaoil (SLAS) chun an t‑am a theastaíonn chun díolúine a fháil ón Deimhniú Ceadúnais Comhshaoil a laghdú i gcás tionscadail nach gcumhdaítear leis an Tábla Aicmithe Comhshaoil.
3.11
Córas a bhunú san Aireacht Fostaíochta agus Slándála Sóisialta chun faisnéis faoi fhostaíocht in earnáil na foraoiseachta a thaifeadadh agus a bhainistiú
D’fhonn measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh dlí leis na táscairí i dtaobh conarthaí fostaíochta, íocaíocht an phá íosta agus bearta sláinte agus sábháilteachta (táscairí le haghaidh Phrionsabal 4 sna Maitrísí Dlíthíochta), caithfear acmhainneacht reatha STSS a threisiú ach córas TF a bhunú chun oibreoirí foraoiseachta intíre a chlárú agus na fiosrúcháin is gá a dhéanamh, agus simpliú na bhfoirmiúlachtaí á chur san áireamh.
Féadfar an córas TF chun faisnéis a thaifeadadh agus a bhainistiú a bhunú de réir a chéile, de réir acmhainneacht na ranna STSS atá i gceist agus na n‑oibreoirí foraoiseachta ar an leibhéal náisiúnta, agus leis sin, cruthófar idirnasc le hinstitiúidí eile (lena n‑áirítear IHSS).
3.12
Straitéis bunaithe ar dhreasachtaí a fhorbairt agus a chur chun feidhme lena ndírítear ar mhicrifhiontair, ar fhiontair bheaga agus ar fhiontair mheánmhéide in earnáil na foraoiseachta
Is é is aidhm don bheart sin Airteagail 35 agus 149 den Dlí Foraoiseachta maidir le dreasachtaí a chur chun feidhme agus bealaí a lorg chun na hacmhainní atá ar fáil a úsáid agus iad a chur ar fáil do thairbhithe atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí foraoiseachta, go háirithe micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide in earnáil na foraoiseachta. Cumhdófar úinéirí foraoise leis na dreasachtaí sin freisin.
3.13
Straitéis Náisiúnta Cumarsáide maidir leis an gComhaontú seo a dhearadh agus a chur chun feidhme
Leis an Straitéis Náisiúnta Cumarsáide sin, scaipfear faisnéis faoi raon feidhme an Chomhaontaithe seo agus músclófar feasacht ar chomhlíonadh dlí i measc oibreoirí in earnáil na foraoiseachta. Cuirfear an Straitéis chun feidhme diaidh ar ndiaidh, agus tosófar le gnéithe fostaíochta agus sóisialta.
3.14
Beartais a chomhaontú lena ndírítear ar na hearnálacha talmhaíochta agus foraoiseachta a fheabhsú agus a chomhoiriúnú
Leis an mbeart sin a chur chun feidhme, déanfar athbhreithniú ar bheartais a bhaineann leis na hearnálacha talmhaíochta, foraoiseachta agus úsáide talún, inter alia, agus é mar aidhm aige tiontú talún foraoise ina talamh talmhaíochta a laghdú agus seiceálacha ar dhlíthiúlacht na dtiontaithe a threisiú. Beidh ról ceannasach ag ICF, MiAmbiente, SAG agus an Secretaría de Desarrollo Económico (SDE), i measc comhlachtaí eile, sa phróiseas sin.
4.
STAIDÉIR
Déanfaidh ICF nó an institiúid ábhartha a shainaithnítear i liosta na mbeart forlíontach ag deireadh na hIarscríbhinne seo, i gcomhar le hinstitiúidí eile agus gach ceann acu a rangú in ord tosaíochta, na staidéir seo a leanas:
4.1
Anailís ar acmhainneacht theicniúil agus oibríochtúil institiúidí maidir leis an gComhaontú seo a chur chun feidhme
Úsáidfear toradh na hanailíse sin chun bearta forlíontacha 1.2 agus 2.1 a fhorbairt, toisc go soláthróidh sé an fhaisnéis a theastaíonn mar threoir don fhothú institiúideach acmhainneachta.
4.2
Staidéar ar thionchar an Chomhaontaithe seo ar shlí bheatha grúpaí leochaileacha, lena n‑áirítear bunlíne a chruthú
Cumhdaítear leis an téarma “grúpaí leochaileacha” Pobail Dhúchasacha Hondúras agus Pobail Hondúras de Shliocht na hAfraice (PIAH), eagraíochtaí agrafhoraoiseachta agus ceardlanna beaga siúinéireachta, i measc nithe eile. Úsáidfear toradh an staidéir sin chun beart forlíontach 3.7 a fhorbairt.
4.3
Athbhreithniú ar an nós imeachta custaim a bhaineann le leibhéal an fhíoraithe dlíthiúlachta (allmhairí agus onnmhairí) chun é a chomhoiriúnú le nósanna imeachta an Chomhaontaithe seo
Déanfar athbhreithniú leis an staidéar sin ar an nós imeachta custaim a bhaineann le leibhéal an fhíoraithe dlíthiúlachta le haghaidh allmhairí agus onnmhairí adhmaid, ionas go bhféadfar é a chomhoiriúnú más gá.
4.4
Staidéar bunlíne ar leibhéal comhlíonta oibreoirí in earnáil na foraoiseachta, lena n‑áirítear na gnéithe comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha a chumhdaítear le prionsabail, critéir agus táscairí an Chomhaontaithe seo
Déanfaidh an staidéar níos éasca é sásraí rialaithe agus fíorúcháin a chur chun feidhme, agus cláir fothaithe acmhainneachta a dhearadh.
4.5
Staidéar ar fheidhmíocht i bpróiseáil phríomhúil agus thánaisteach tionscail mar bhonn chun rialuithe i gcórais inrianaitheachta a bhunú
Soláthrófar sonraí do ICF leis na staidéir sin ar fheidhmíocht próiseála príomhúla adhmaid agus úsáidfear iad chun rialuithe ar chuideachtaí foraoiseachta a chur chun feidhme.
4.6
Áireamh na gcuideachtaí príomhúla agus tánaisteacha foraoiseachta agus na gclós adhmaid a nuashonrú chun sásraí rialaithe agus fíorúcháin a chur chun feidhme
Chun críocha an bhirt fhorlíontaigh sin, agus i gcomhréir leis na tuairiscí sa Dlí Foraoiseachta, is cuid den tionscal tánaisteach iad ceardlanna beaga siúinéireachta agus cearpantóireachta agus ceardlanna den sórt sin.
5.
IONSTRAIMÍ DLÍ
Déanfaidh ICF nó an institiúid ábhartha a shainaithnítear i liosta na mbeart forlíontach, i gcomhar le hinstitiúidí eile a bhfuil baint acu leis an gComhaontú a chur chun feidhme, na nithe seo a leanas:
5.1
SIIAVA a chruthú agus gnás a dhéanamh de, trí ionstraim dlí
5.2
Ionstraim dlí a chruthú agus a chur chun feidhme maidir le dícheall cuí sa mhargadh náisiúnta táirgí adhmaid
5.3
Ionstraim dlí a chruthú agus a chur chun feidhme maidir le dícheall cuí in allmhairí táirgí adhmaid
5.4
Measúnú agus nuashonrú a dhéanamh ar na rialacha maidir le sásraí rialaithe le haghaidh adhmad agus táirgí adhmaid atá faoi bhealach agus le haghaidh adhmad agus táirgí adhmaid a allmhairítear isteach sa tír agus na rialacha sin a chur chun feidhme freisin
5.5
Rialachán a chruthú agus a chur chun feidhme chun sainiú a dhéanamh ar na nósanna imeachta chun deimhnithe dlíthiúlachta agus ceadúnais FLEGT agus H‑Dlíthiúil a eisiúint
5.6
Rialacha a chruthú agus a chur chun feidhme maidir le crainn scaipthe lasmuigh d’fhoraoisí a lománú
Leis na rialacha sin, bunófar sásraí teicniúla agus dlíthiúla trínar féidir le húinéir crann scaipthe iad a lománú nó gan iad a lománú. Meastar go soláthrófar na toirteanna adhmaid a gheofar ach na crainn sin a lománú do chuideachtaí beaga foraoiseachta (ceardlanna cearpantóireachta) mar thosaíocht. Clúdóidh na rialacha, áfach, gach cineál oibreoir a d’fhéadfadh an cineál sin adhmaid a úsáid, beag beann ar mhéid na cuideachta.
5.7
Rialacha a chruthú agus a chur chun feidhme maidir le crainn a lománú faoi cheadúnais neamhthráchtála
Leis na rialacha sin, bunófar sásraí teicniúla agus dlíthiúla trínar féidir leis an bpáirtí leasmhar (a d’fhéadfadh a bheith ina úinéir orthu nó gan a bheith ina úinéir orthu) crann scaipthe a lománú dá úsáid féin. Ní rachaidh na táirgí a fhaightear trí na ceadúnais neamhthráchtála sin isteach sa slabhra soláthair. Cláróidh ICF iad agus déanfaidh sé faireachán orthu, áfach.
5.8
Rialachán agus socruithe eile a fhorbairt agus a chur chun feidhme maidir le FPIC a chur chun feidhme
A luaithe a bheidh an Dlí maidir le Réamhthoiliú Deonach Feasach (FPIC) ceangailteach ó thaobh dlí de sa tír, ní mór na sásraí chun é a chur chun feidhme a chruthú.
Chuige sin, geallann Stát Hondúras a mhéid is féidir, ar gach leibhéal agus i ngach comhlacht, agus laistigh de raon feidhme a chumhachtaí, go dtacóidh sé leis an bpróiseas chun an rialachán ábhartha a chruthú agus a fhorbairt, agus áiritheofar rannpháirtíocht Phobail Dhúchasacha Hondúras, phobail Hondúras de Shliocht na hAfraice agus phobail Hondúras.
Forbrófar prótacal cur chun feidhme FPIC freisin i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta, a chuirfear i bhfeidhm in earnáil na foraoiseachta go dtí go nglacfar an Dlí sin.
5.9
Rialachán a chruthú agus a chur chun feidhme lena leagfar síos na nósanna imeachta don chatagóiriú a dhéanfaidh oifigigh phoiblí ar sháruithe agus ar chásanna neamhchomhlíontachta
5.10
Treoirlínte a dhréachtú agus a chur chun feidhme maidir le sáruithe a láimhseáil agus pionóis a ghearradh ar oibreoirí in earnáil na foraoiseachta
5.11
An creat rialála le haghaidh oibríochtaí conraitheoirí a chruthú agus a chur chun feidhme
5.12
Treoirlínte agus caighdeáin maidir le bainistíocht níos fearr ar fhoraoisí a athbhreithniú, a nuashonrú agus a chur chun feidhme
Ach na treoirlínte agus na caighdeáin a nuashonrú, cuirfear níos mó béime ar fhoraoisí leathanduilleacha, ós rud é go bhfuil rialacha ann cheana féin lena rialaítear foraois péine a shaothrú.
5.13
Na rialacha maidir le plandálacha foraoise deimhnithe a nuashonrú agus a chur chun feidhme
5.14
Treoracha a chruthú agus a chur chun feidhme chun comhlíonadh chlár cosanta na bPleananna Bliantúla Oibriúcháin formheasta a sheiceáil
5.15
Ionstraim a chruthú agus a chur chun feidhme lena sainítear ról na nAonad Bardasach Comhshaoil (UMAanna) maidir le Deimhnithe Ceadúnais Comhshaoil a eisiúint i gcomhar le MiAmbiente agus AMHON
5.16
Na rialacha maidir le pleananna speisialta le haghaidh córais agrafhoraoiseachta (PESAanna) a mheasúnú, a nuashonrú agus a chur chun feidhme, agus achair dhromchla níos mó ná 100 heicteár á gcur san áireamh
5.17
Sásra a fhorbairt agus a chur chun feidhme do ICF chun scéimeanna um dheimhniúchán príobháideach foraoise a aithint
6.
Sásraí maoinithe le haghaidh bearta forlíontacha agus tacaíochta
Chinn na Páirtithe go bhfuil gá le hacmhainní breise teicniúla agus airgeadais le haghaidh cur chun feidhme an chuid is mó de na bearta dá dtagraítear san Iarscríbhinn seo agus bearta eile a theastaíonn le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo. Áiritheofar leis na hacmhainní sin go bhféadfaidh na hinstitiúidí a shainaithnítear go soiléir san fhíorú dlíthiúlachta bearta a chur chun feidhme agus iad deimhin d’acmhainní leordhóthanacha, córais bhainistíochta agus foireann oilte agus sásraí éifeachtúla chun an Comhaontú seo a chur chun feidhme agus beifear in ann aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna agus na spreagthaí leis an lománaíocht neamhdhleathach. Beidh foráil d’acmhainní breise faoi réir na ngnáthnósanna imeachta maidir le cúnamh cláraithe do Hondúras agus nósanna imeachta buiséadacha Hondúras féin.
Ciallaíonn sin go bhféadfaí cuid de na bearta forlíontacha agus tacaíochta dá dtagraítear san Iarscríbhinn seo a mhaoiniú ar na bealaí seo a leanas:
−
Cistí Rialtas Hondúras féin:
−
An Buiséad Ginearálta Stáit.
−
Ranníocaíochtaí ón gCoimisiún Eorpach agus/nó Ballstáit an Aontais:
−
Tionscadail
−
Tacaíocht bhuiséadach, i gcás inarb iomchuí.
−
Foinsí eile cistiúcháin.
Chinn na Páirtithe, má theastaíonn acmhainní breise airgeadais, go ngeallfaidh siad foinsí eile cistiúcháin bhreise a lorg. Sa chomhthéacs sin, áiritheoidh na Páirtithe go gcomhordaítear gníomhaíochtaí a bhaineann leis an gComhaontú seo a chur chun feidhme le tionscnaimh forbartha ábhartha atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo, go háirithe REDD+.
BEARTA FORLÍONTACHA AGUS TACAÍOCHTA DE RÉIR RÉIMSE STRAITÉISIGH
|
Uimh
|
Tosaíocht
|
Catagóir
|
Beart/Gníomhaíocht
|
Institiúid atá freagrach
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
1.1
|
Ard
|
Comhordú a neartú
|
Conclude and implement interinstitutional cooperation agreements
faoi chuimsiú an Chomhaontaithe seo.
|
ICF, SIIAVA
|
|
1.2
|
Ard
|
Comhordú a neartú
|
Make the relevant organisational adjustments in public institutions linked to this Agreement and provision in their budgets for the financing necessary to implement this Agreement
.
|
SEFIN, SIIAVA
|
|
1.3
|
Ard
|
Comhordú a neartú
|
Develop and implement strategies for interinstitutional coordination to ensure fulfilment of the indicators specified in the Legality Matrices and the LAS requirements coming under the responsibility of each institution
.
|
SIIAVA
|
|
1.4
|
Ard
|
Comhordú a neartú
|
Establish mechanisms for exchanging information between institutions involved in the LAS, prioritising the intercommunication of IT systems
.
|
SIIAVA
|
|
1.5
|
Ard
|
Comhordú a neartú
|
Implement the Action Plan for the National Strategy Against Illegal Logging (ENCTI)
.
|
ICF, FFAAH, FEMA, PGR, PNP, FTIA, FUSINA.
|
|
1.6
|
Ard
|
Comhordú a neartú
|
Create and implement a methodology for monitoring and evaluating progress in implementing this Agreement
.
|
ICF, SIIAVA
|
|
1.7
|
Ard
|
Comhordú a neartú
|
Create and implement a methodology for measuring the impact of this Agreement
.
|
ICF, SIIAVA
|
|
1.8
|
Ard
|
Comhordú a neartú
|
Implement a specific legalisation plan for national forest areas and territories
na bPobal Dúchasach.
|
ICF, INA, IP, AMHON
|
|
1.9
|
Ard
|
Comhordú a neartú
|
Strengthen capacity for coordination with the judicial officers and with the law enforcement authorities on cases relating to the forestry sector
.
|
ICF, FEMA, PGR, An Chúirt Uachtarach
|
|
1.10
|
Ard
|
Comhordú a neartú
|
Coordinate the drafting of the legislation required for implementation of the LAS complaint procedures
.
|
ICF, SIIAVA
|
|
1.11
|
Ard
|
Comhordú a neartú
|
Strengthen and put on official footing public participation aimed at improving forest governance
.
|
ICF
|
|
1.12
|
Meánach
|
Comhordú a neartú
|
Create and implement a public information management system
.
|
SIIAVA
|
|
2.1
|
Ard
|
Fothú acmhainneachta
|
Develop and implement a capacity
‑building programme for institutions involved in the
an Comhaontú seo a chur chun feidhme.
|
ICF, SIIAVA, ESNACIFOR agus institiúidí acadúla eile.
|
|
2.2
|
Meánach
|
Fothú acmhainneachta
|
Develop and implement a capacity
‑building plan for operators in the forestry sector
.
|
ICF
|
|
3.1
|
Ard
|
Gníomhaíocht straitéiseach
|
Streamline and simplify procedures for the activities of government institutions concerning the forest sector
.
|
ICF, SAR, SAG, IHSS, STSS
|
|
3.2
|
Ard
|
Gníomhaíocht straitéiseach
|
Evaluate and update the procedures in institutions involved in the implementation of this Agreement for handling infringements and imposing penalties
.
|
SIIAVA
|
|
3.3
|
Ard
|
Gníomhaíocht straitéiseach
|
Establish and implement a risk
‑based checking and verification procedure
.
|
ICF, MiAmbiente, PNP, MP
|
|
3.4
|
Ard
|
Gníomhaíocht straitéiseach
|
Update, maintain and implement the National Timber Traceability IT System (SIRMA)
.
|
ICF
|
|
3.5
|
Ard
|
Gníomhaíocht straitéiseach
|
Create and implement new modules in the National Forestry Information System (SNIF)
.
|
ICF
|
|
3.6
|
Meánach
|
Gníomhaíocht straitéiseach
|
Draw up and implement policies to decentralise and devolve administrative procedures relating to the forestry sector in government institutions
.
|
ICF, SAR, SAG, IHSS, STSS
|
|
3.7
|
Meánach
|
Gníomhaíocht straitéiseach
|
Create safeguards, in the implementation of this Agreement, for vulnerable groups
.
|
SIIAVA
|
|
3.8
|
Meánach
|
Gníomhaíocht straitéiseach
|
Develop and implement a phased strategy to reinforce legal compliance by micro
‑, small and medium
‑sized enterprises in the forestry sector
.
|
SIIAVA
|
|
3.9
|
Meánach
|
Gníomhaíocht straitéiseach
|
Design and implement a national system of land
‑use classification
.
|
IP, ICF, INA
|
|
3.10
|
Meánach
|
Gníomhaíocht straitéiseach
|
Update MiAmbiente’s environmental categorisation table for the Environmental Licence Certificate for forestry companies and timber yards
.
|
ICF, MiAmbiente
|
|
3.11
|
Meánach
|
Gníomhaíocht straitéiseach
|
Establish a system in the Ministry of Labour and Social Security for recording and managing information on employment in the forestry sector
.
|
STSS
|
|
3.12
|
Íseal
|
Gníomhaíocht straitéiseach
|
Design and implement an incentive
‑based strategy focusing on micro
‑, small and medium
‑sized enterprises in the forestry sector
.
|
ICF, SAR, SAG, IHSS, STSS
|
|
3.13
|
Íseal
|
Gníomhaíocht straitéiseach
|
Design and implement a National Communication Strategy for this Agreement
.
|
ICF, SIIAVA
|
|
3.14
|
Íseal
|
Gníomhaíocht straitéiseach
|
Agree on policies aimed at improving and harmonising the agricultural and forestry sectors
.
|
SDE, ICF, SAG, MiAmbiente, IHCAFE
|
|
4.1
|
Ard
|
Staidéir
|
Analyse institutional technical and operational capacities for the implementation of this Agreement
.
|
SIIAVA
|
|
4.2
|
Ard
|
Staidéir
|
Study the impact of this Agreement on the livelihoods of vulnerable groups, including the creation of a baseline
.
|
Rúnaíocht um Chuimsiú Sóisialta (SEDIS) ‑DINAFROH, ICF
|
|
4.3
|
Ard
|
Staidéir
|
Review the customs procedure related to the level of legality verification (imports and exports) in order to harmonise it with procedures
an Chomhaontaithe seo.
|
DARA, SAR, ICF
|
|
4.4
|
Ard
|
Staidéir
|
Carry out a baseline study on the level of compliance of forestry sector operators, including the environmental, social and economic aspects covered by the principles, criteria and indicators of this Agreement
.
|
ICF, SIIAVA
|
|
4.5
|
Meánach
|
Staidéir
|
Study performance in primary and secondary industry processing as a basis for establishing controls in traceability systems
.
|
ICF, AMADHO, ESNACIFOR agus institiúidí acadúla eile.
|
|
4.6
|
Meánach
|
Staidéir
|
Update the census of primary and secondary forestry companies and timber yards in order to implement control and verification mechanisms
.
|
ICF
|
|
5.1
|
Ard
|
Ionstraimí dlí
|
Create and institutionalise the SIIAVA
.
|
SDE, ICF, IP, INA, DINAFROH, MiAmbiente, SAG, SAR, DARA, IAIP, na póilíní, FFAA, PGR, IHSS, STSS, ESNACIFOR agus institiúidí acadúla eile.
|
|
5.2
|
Ard
|
Ionstraimí dlí
|
Create and implement a legal instrument for due diligence in the national timber product market
.
|
ICF, PGR, MP
|
|
5.3
|
Ard
|
Ionstraimí dlí
|
a chruthú agus a chur chun feidhme
legal instrument for due diligence in imports of timber products
.
|
ICF, DARA, BCH
|
|
5.4
|
Ard
|
Ionstraimí dlí
|
Assess, update and implement the rules on control mechanisms for timber and timber products in transit and timber and timber products imported into the country
.
|
DARA, ICF, SAR
|
|
5.5
|
Ard
|
Ionstraimí dlí
|
Create and implement a regulation to define the procedures for issuing legality certificates and FLEGT and H
‑Legal licences
.
|
ICF
|
|
5.6
|
Ard
|
Ionstraimí dlí
|
Create and implement rules for the harvesting of scattered trees outside forests
.
|
ICF
|
|
5.7
|
Ard
|
Ionstraimí dlí
|
Create and implement rules for tree harvesting under non
‑commercial licences
.
|
ICF
|
|
5.8
|
Ard
|
Ionstraimí dlí
|
Develop and implement a regulation and other arrangements for implementing FPIC
.
|
STSS, DINAFROH, CONPAH, cumainn dhúchasacha agus eagraíochtaí eile lena mbaineann
|
|
5.9
|
Meánach
|
Ionstraimí dlí
|
Create and implement a regulation to lay down the procedures for categorising infringements or non
‑compliances by public officials
.
|
SIIAVA
|
|
5.10
|
Meánach
|
Ionstraimí dlí
|
Draft and implement guidelines on the treatment of infringements and the imposition of penalties on forestry sector operators
.
|
ICF, SIIAVA
|
|
5.11
|
Meánach
|
Ionstraimí dlí
|
Create and implement the regulatory framework for contractors’ operations
.
|
ICF
|
|
5.12
|
Meánach
|
Ionstraimí dlí
|
Review, update and implement the guidelines and standards for better forest management
.
|
ICF
|
|
5.13
|
Meánach
|
Ionstraimí dlí
|
Na rialacha maidir le plandálacha foraoise deimhnithe a nuashonrú agus a chur chun feidhme.
|
ICF
|
|
5.14
|
Íseal
|
Ionstraimí dlí
|
Create and implement instructions to check the compliance of the protection programme with approved Annual Operating Plans.
|
ICF
|
|
5.15
|
Íseal
|
Ionstraimí dlí
|
Create and implement an instrument defining the role of Municipal Environmental Units (UMAs) in issuing Environmental Licence Certificates in coordination with MiAmbiente and the AMHON
.
|
MiAmbiente, AMHON
|
|
5.16
|
Íseal
|
Ionstraimí dlí
|
Assess, update and implement the rules for special plans for agroforestry systems (PESAs), taking into account surface areas greater than 100 hecta
res.
|
ICF
|
|
5.17
|
Íseal
|
Ionstraimí dlí
|
Develop and implement a mechanism for the ICF to recognise private forest certification schemes
.
|
ICF
|
________________
IARSCRÍBHINN IX
Trédhearcacht agus rochtain ar fhaisnéis phoiblí
1.
RÉAMHRÁ
Chun an Comhaontú seo a chur chun feidhme, i measc rudaí eile, caithfear faisnéis a chur ar fáil faoi VPA FLEGT agus faoina chuspóirí, a chur chun feidhme, an faireachán a dhéantar air agus a rialú. Ní mór don Chomhchoiste Cur Chun Feidhme (JIC) agus do gach ceann de na Páirtithe an fhaisnéis sin a fhoilsiú chun a chinntiú go dtuigeann na páirtithe leasmhara go léir an scéim ceadúnúcháin FLEGT agus go gcuirtear dea‑rialachas i bhfeidhm maidir le bainistíocht foraoiseachta.
Chun an cuspóir sin a bhaint amach, leagtar amach san Iarscríbhinn seo (i) an fhaisnéis a bhaineann le foraoiseacht atá le cur ar fáil go poiblí, (ii) na comhlachtaí atá freagrach as an bhfaisnéis sin a chur ar fáil agus (iii) na sásraí chun í a rochtain.
Áirithítear na nithe seo a leanas leis na bearta cur chun feidhme chun an fhaisnéis sin a chur ar fáil: 1) tá gníomhaíochtaí JIC agus institiúidí agus comhlachtaí eile atá bainteach agus an Comhaontú seo á chur chun feidhme trédhearcach, intuigthe agus oiriúnach do na páirtithe leasmhara go léir sa slabhra soláthair táirgí foraoise agus don phobal; 2) tá sásra i bhfeidhm ionas go bhféadfaidh páirtithe leasmhara rochtain a fháil go saor ar phríomhfhaisnéis faoi earnáil na foraoiseachta; 3) neartaítear feidhmiú Chóras Dearbhaithe Dlíthiúlachta (LAS) Hondúras le haghaidh táirgí adhmaid leis an bhfaisnéis atá ar fáil le haghaidh faireachán neamhspleách, agus 4) baintear amach cuspóirí foriomlána an Chomhaontaithe seo.
Comhlíonann forálacha an Chomhaontaithe seo reachtaíocht Hondúras maidir le rochtain ar fhaisnéis phoiblí agus áirithítear go bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil, go scaiptear ar bhonn rialta í agus go gcuirtear ar fáil láithreach í arna iarraidh sin. Ina theannta sin, tá na dlíthe, na rialacháin agus na comhaontuithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn II, agus na dlíthe dá dtagraítear in Iarscríbhinn V mar bhonn agus mar thaca leis an Iarscríbhinn seo.
Leis an sásra trédhearcachta, tugtar rochtain do pháirtithe leasmhara ar fhaisnéis ábhartha agus iad ag déanamh faireacháin ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe agus ar phríomhfhaisnéis faoi earnáil na foraoiseachta chun rialachas na hearnála sin i Hondúras a neartú.
2.
CUSPÓIRÍ
−
Creidiúnacht agus rialachas an chórais náisiúnta bainistíochta foraoiseachta agus na scéime ceadúnúcháin FLEGT a neartú,
−
feasacht ar an bhfaisnéis a fhoilsíonn Hondúras a mhéadú,
−
a áirithiú go scaiptear faisnéis ar earnáil na foraoiseachta, agus
−
a chur ar a gcumas do na páirtithe leasmhara faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo.
3.
CÚLRA
Comhlíonann forálacha na hIarscríbhinne seo an Dlí maidir le Trédhearcacht agus Rochtain ar Fhaisnéis Phoiblí (LTAIP) a rith Comhdháil Náisiúnta Hondúras an 30 Nollaig 2006. Is é is aidhm don dlí sin an beartas náisiúnta trédhearcachta a fhorbairt agus a chur chun feidhme, agus an ceart a chinntiú do gach duine rochtain a fháil ar fhaisnéis phoiblí d’fhonn an smacht reachta a neartú agus an daonlathas a dhaingniú trí rannpháirtíocht saoránach.
Tagraíonn Airteagal 6 de LTAIP do chultúr trédhearcachta agus rochtana poiblí ar fhaisnéis a chur chun cinn, deirtear go gcuirfidh “na hinstitiúidí a chumhdaítear leis an Dlí seo oiliúint rialta agus cothrom le dáta ar sheirbhísigh phoiblí maidir le rochtain a thabhairt ar fhaisnéis i gcultúr trédhearcachta, ar mhaithe le faisnéis agus rialachas poiblí araon ...”.
Chun LTAIP a chomhlíonadh, tá “Tairseach Trédhearcachta” ag gach institiúid phoiblí i Hondúras lena soláthraítear faisnéis don phobal faoin institiúid, a feidhmeanna, a cumhachtaí, a gníomhaíochtaí agus a bainistíocht acmhainní. Ina theannta sin, tá Oifigeach Faisnéise Poiblí ag gach institiúid atá freagrach as ceisteanna ó shaoránaigh a fhreagairt agus faisnéis a sholáthar dóibh arna iarraidh sin, fad is nach marcáiltear uirthi go bhfuil sí faoi rún. Féadfar an fhaisnéis a iarrtar a thabhairt go pearsanta, a facsáil, a sheoladh sa phost nó i ríomhphost.
Sonraítear le hAirteagal 17 de LTAIP “go meastar go bhfuil faisnéis phoiblí faoi rún más mó an dochar a d’fhéadfadh an fhaisnéis a dhéanamh ná leas an phobail a bheith ar an eolas fúithi, nó dá gcuirfeadh sé na nithe seo a leanas i mbaol dá nochtfaí í nó dá mbeadh drochthionchar orthu dá nochtfaí í:
(1)
an tslándáil náisiúnta;
(2)
saol, sábháilteacht agus sláinte aon duine aonair, cabhair dhaonnúil, leasanna cosanta dlíthiúla leanaí nó daoine eile, nó ráthaíocht sonraí habeas;
(3)
dul chun cinn imscrúduithe faoi rún i ndáil le coireanna a chosc, a imscrúdú agus a ionchúiseamh nó le ceartas a bhaint amach;
(4)
na leasanna a chosnaítear leis an mBunreacht agus leis na dlíthe náisiúnta;
(5)
idirbheartaíocht agus caidreamh idirnáisiúnta a dhéanamh, agus
(6)
cobhsaíocht eacnamaíoch, airgeadais nó airgeadaíochta Hondúras nó a rialachas.“.
Chun rialachas a threisiú in earnáil na foraoiseachta, tá straitéis chumarsáide ag an Institiúid Náisiúnta um Fhoraoisí a Chaomhnú agus a Fhorbairt, Limistéir faoi Chosaint agus Fiadhúlra (ICF) lena dtreorófar cumarsáid maidir leis an gComhaontú seo i Hondúras.
Tá an straitéis chumarsáide sin i bhfoirm treoirlínte arb é is aidhm leo cumarsáid a fheabhsú agus ar an gcaoi sin obair Hondúras sa bhainistíocht foraoisí a dhéanamh níos infheicthe do lucht féachana náisiúnta agus idirnáisiúnta. Áirítear léi moltaí maidir le sineirgí i gcomhair oibre a mhéadú idir roinnt páirtithe leasmhara (an earnáil phríobháideach, an tsochaí shibhialta agus Pobail Dhúchasacha Hondúras agus Pobail Hondúras de Shliocht na hAfraice) ionas gur féidir, trí chumarsáid straitéiseach agus chomhordaithe, bealaí cumarsáide atá ann cheana agus atá ag teacht chun cinn a fhorbairt.
Má tá tuiscint níos mó ag an bpobal ar obair Hondúras chun tacú leis an gComhaontú seo agus ar na buntáistí sóisialta a bhaineann leis an mbainistíocht foraoisí a neartú, spreagfaidh sé an pobal chun páirt ghníomhach a ghlacadh sa dea‑rialachas a chur chun cinn agus cuirfidh sé le creidiúnacht institiúidí poiblí.
4.
FAISNÉIS ATÁ LE FOILSIÚ
4.1
Faisnéis a fhoilseoidh JIC
(a)
Struchtúr agus feidhmiú JIC.
(b)
Miontuairiscí chruinnithe JIC agus na cinntí a dhéantar.
(c)
Tuarascáil Bhliantúil JIC ina bhfuil na nithe seo a leanas go háirithe:
−
dul chun cinn a rinneadh maidir le cuspóirí an Chomhaontaithe seo a bhaint amach laistigh de thréimhse shonraithe ama, agus gach ábhar a bhaineann lena chur chun feidhme;
−
na cainníochtaí adhmaid agus táirgí adhmaid a allmhairítear isteach i Hondúras agus na bearta a rinne na Páirtithe chun allmhairiú adhmaid agus táirgí adhmaid de thionscnamh mídhleathach a chosc chun sláine na scéime ceadúnúcháin FLEGT a chaomhnú;
−
cásanna neamhchomhlíontachta i ndáil leis an scéim ceadúnúcháin FLEGT i Hondúras agus bearta a rinneadh chun aghaidh a thabhairt ar chásanna den sórt sin, lena n‑áirítear iarratais ar cheadúnas FLEGT a dhiúltú;
−
líon na gcásanna, agus cainníochtaí d’adhmad agus de tháirgí adhmaid lena mbaineann, a tháinig chuig pointí custaim an Aontais gan ceadúnas FLEGT;
−
bearta chun onnmhairiú adhmaid agus táirgí adhmaid de thionscnamh neamhdhleathach chuig margaí nach margaí an Aontais nó a ndíol ar an margadh náisiúnta a chosc;
−
liosta de cheadúnais FLEGT arna n‑eisiúint ag Hondúras;
−
cainníochtaí táirgí adhmaid a allmhairíodh chuig an Aontas faoin scéim ceadúnúcháin FLEGT, de réir cheannteidil ábhartha an Chórais Chomhchuibhithe (CC) agus Bhallstát an Aontais inar tharla allmhairiú isteach san Aontas.
(d)
Faisnéis ghinearálta ar an iniúchóireacht neamhspleách, lena n‑áirítear na nithe seo a leanas:
−
téarmaí tagartha don iniúchóireacht neamhspleách;
−
fógra na hiniúchóireachta;
−
téarmaí tagartha agus tuarascálacha cigireachta agus iniúchóireachta ón iniúchóir neamhspleách;
−
gearáin faoin iniúchóir agus faoin iniúchóireacht neamhspleách agus an chaoi a láimhseáiltear iad.
(e)
Treoirlínte maidir le dlíthiúlacht a fhíorú, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II.
(f)
An sceideal le haghaidh an Comhaontú seo a chur chun feidhme, agus achoimre ar ghníomhaíochtaí a rinneadh, ina bhfuil measúnú ar an dul chun cinn a rinneadh maidir lena chur chun feidhme, lena n‑áirítear faisnéis faoin dul chun cinn a rinneadh maidir leis na bearta forlíontacha a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII a chur chun feidhme.
4.2
Faisnéis maidir leis an gComhaontú seo a chur chun feidhme agus a fheidhmiú
−
Téacs an Chomhaontaithe seo, na hIarscríbhinní agus aon leasuithe.
4.2.1
Faisnéis faoi LAS
−
Doiciméadacht maidir le LAS Hondúras le haghaidh táirgí adhmaid,
−
treoirlínte maidir le dlíthiúlacht a fhíorú, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II, agus
−
nósanna imeachta maidir le ceadúnais FLEGT a eisiúint.
4.2.2
Faisnéis faoi struchtúir agus nósanna imeachta le haghaidh an Chomhaontaithe seo
−
Liosta na n‑institiúidí/na n‑eagraíochtaí a bhfuil baint acu leis an gComhaontú seo,
−
struchtúr agus feidhmiú an Aonaid um Fhíorú Dlíthiúlachta, agus
−
struchtúr agus feidhmiú Aonad Ceadúnúcháin FLEGT.
4.2.3
Doiciméadacht a bhaineann leis an gComhaontú seo
−
An Straitéis Náisiúnta i gcoinne na Lománaíochta Neamhdhleathaí (ENCTI),
−
straitéis chumarsáide le haghaidh VPA FLEGT agus rialachas in earnáil na foraoiseachta a fheabhsú, agus
−
plean speisialta chun úinéireacht talún a dhlisteanú.
4.3
Faisnéis Gheografach
−
Rannáin pholaitiúla‑riaracháin,
−
cumhdach fásra,
−
limistéir faoi chosaint,
−
micrimchuacha dearbhaithe,
−
Pleananna Bainistíochta Foraoise formheasta le haghaidh talamh atá faoi úinéireacht phríobháideach, náisiúnta nó bhardasach (limistéar ejido),
−
limistéir a thaifeadtar i gCatalóg na nAcmhainní Doshannta Foraoise Poiblí, agus
−
teidil maoine a chláraítear in ainm ICF agus teidil cláraithe chríocha Phobail Dhúchasacha Hondúras agus Pobail Hondúras de Shliocht na hAfraice.
4.4
Faisnéis faoi bhainistíocht foraoisí agus lománaíocht
−
Pleananna Bainistíochta a formheasadh le linn na bliana,
−
Pleananna Bliantúla Oibriúcháin a formheasadh le linn na bliana,
−
Pleananna Tarrthála a formheasadh le linn na bliana,
−
Pleananna Speisialta le haghaidh Córais Agrafhoraoiseachta a formheasadh le linn na bliana,
−
Deimhnithe plandála a eisíodh le linn na bliana,
−
lománaíocht plandálacha deimhnithe foraoise a formheasadh le linn na bliana,
−
lománaíocht foraoisí náisiúnta trí thairiscintí (más infheidhme),
−
conarthaí bainistíochta do phobail, do ghrúpaí eagraithe agus do dhaoine dlítheanacha nó daoine nádúrtha,
−
cuideachtaí táirgí foraoise, agus clóis adhmaid atá cláraithe le ICF, agus
−
cainníochtaí de tháirgí agus de sheachtháirgí a lománaíodh go bliantúil de réir an chineáil údaraithe, foraoise, tionachta talún agus réigiúin foraoiseachta.
4.5
Faisnéis faoi tháirgeadh adhmaid
−
Táirgeadh bliantúil táirgí adhmaid próiseáilte de réir an chineáil foraoise, réigiúin foraoiseachta agus cuideachta táirgí foraoise.
4.6
Faisnéis faoi thrádáil idirnáisiúnta
−
Clár allmhairiúcháin/onnmhairiúcháin le haghaidh táirgí adhmaid lena n‑áirítear na nithe seo a leanas: cainníochtaí, cineálacha táirgí agus tíortha trádála,
−
praghsanna foilsithe baile ar adhmad, agus
−
deimhnithe CITES a eisíodh.
4.7
Ioncam ó tháillí riaracháin
Rialaítear bailiú na n‑ioncam sin le hAirteagal 503 den Rialachán Ginearálta Foraoiseachta trí fhoirmeacha agus íocaíochtaí a chuirtear chuig Státchiste Náisiúnta Hondúras.
Faoi na cumhachtaí a thugtar dó leis an dlí agus i gcomhlíonadh na gcúraimí agus na bhfeidhmeanna a shanntar dó sa Dlí maidir le Foraoiseacht, i measc nithe eile, foilseoidh ICF na hioncaim sin go rialta agus go gnáthúil ach modhanna leictreonacha nó ríomhairithe a úsáid, nó i bhfoirm chlóite más gá (Airteagal 13 de LTAIP).
(a)
Tuarascáil ar ioncaim ó tháillí riaracháin a chuireann ICF i bhfeidhm
Maidir le lománaíocht foraoise agus muirir, táillí agus cánacha a íoc, socraíodh na rudaí seo a leanas a chur san áireamh lena bhfoilsiú:
(1)
Íocaíochtaí le ICF as costais riaracháin a thabhaítear nuair a fhormheastar Pleananna Bainistíochta agus Pleananna Bliantúla Oibriúcháin d’fhoraoisí faoi úinéireacht phríobháideach agus bhardasach (ejido) agus nuair a dhéantar faireachán orthu (Airteagal 507 den Rialachán Ginearálta Foraoiseachta). Leagtar síos na muirir is iníoctha ó dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo i Rún GG‑486‑1996 (adhmad péine) agus i Rún GG‑MP‑ 104‑2007 (adhmad leathanduilleach) agus féadfar iad a mhodhnú. Má dhéantar modhnuithe ar na muirir seirbhíse seo, foilseofar na modhnuithe i rúin nua.
(2)
Íoctar táille lománaíochta le ICF as adhmad péine nó adhmad leathanduilleach a lománú i bhforaoisí faoi úinéireacht náisiúnta, mar a leagtar síos i gComhaontú Uimh. 033‑2015 arna eisiúint ag ICF agus féadfar é a mhodhnú. Foilseofar aon athruithe a dhéanfar ar aon rún.
(b)
Tuarascálacha ar ioncaim eile
(1)
Íocaíochtaí fíneálacha agus smachtbhannaí as coireanna agus cionta a leagtar síos sa Dlí maidir le Foraoiseacht agus ina Rialachán Cur Chun Feidhme. Maidir le cionta foraoiseachta, socraíonn agus riarann ICF na fíneálacha agus na smachtbhannaí, mar a leagtar síos sa Rialachán Speisialta ar Fheidhmiú Fíneálacha agus Smachtbhannaí ag an gCoimisiún um Chionta Riaracháin (Comhaontú ICF Uimh. 010‑2014).
4.8
Coireanna agus cionta foraoiseachta
Faisnéis faoi na cásanna uile coireachta foraoiseachta a tugadh os comhair na gCúirteanna agus a ndearnadh rialú deiridh orthu.
5.
SÁSRAÍ SCAIPTHE
Gabhann na Páirtithe orthu féin trédhearcacht a áirithiú sna gníomhaíochtaí ar fad a dhéantar faoi raon feidhme an Chomhaontaithe seo. Agus aird á tabhairt air sin, i gcás iarraidh ar leith a dhéanann páirtí leasmhar eile san earnáil seo, déanfaidh siad gach faisnéis a mheasann siad is gá a chur ar fáil.
Ní mór na nithe seo a leanas a áireamh leis na modhanna agus leis na bealaí a úsáidtear chun an fhaisnéis atá i gceist a fhoilsiú:
Tuarascálacha oifigiúla agus na meáin chlóite,
−
Foilsítear faisnéis faoi earnáil foraoiseachta Hondúras sna Staitisticí Bliantúla Foraoiseachta (ICF); cuireann sin an pobal ar an eolas faoina bhfuil ag tarlú in earnáil na foraoiseachta. Ina theannta sin, spreagfar comhghuaillíochtaí le páirtithe leasmhara éagsúla in earnáil na foraoiseachta chun infheistíocht a dhéanamh sna meáin chlóite (nuachtlitreacha, bileoga, bratacha, etc.) agus faisnéis cothrom le dáta a fhoilsiú. Foilsíonn an tAontas comhaontuithe comhpháirtíochta saorálaí FLEGT ina Iris Oifigiúil. Is foinse faisnéise eile i gcló maidir leis na comhaontuithe sin í tuarascáil bhliantúil gach tíre ar VPA FLEGT.
Suíomhanna idirlín
−
Bunóidh ICF leathanach ar a shuíomh gréasáin, ar a mbeidh naisc chuig na hinstitiúidí agus chuig na heagraíochtaí go léir a bhfuil baint acu leis an gComhaontú seo. Foilseofar faisnéis gheografach faoi earnáil foraoiseachta Hondúras ar Geoportal ICF.
−
Foilseoidh an tAontas faisnéis faoi JIC (féach 4.1), téacs an Chomhaontaithe seo (féach 4.2) agus nasc chuig leathanach gréasáin ICF ar shuíomhanna gréasáin Thoscaireacht an Aontais i Hondúras agus an Choimisiúin Eorpaigh.
Modhanna eile scaipthe
−
Ardáin ilpháirtithe leasmhara,
−
cruinnithe poiblí,
−
preasagallaimh,
−
scannáin físe agus
−
raidió agus teilifís.
6.
FAISNÉIS Ó PHÁIRTITHE LEASMHARA EILE
Ar mhaithe le trédhearcacht, ba cheart d’institiúidí poiblí, eagraíochtaí neamhrialtasacha, eagraíochtaí agus tionscadail phríobháideacha forbartha a dhéanann gníomhaíochtaí a bhaineann le hearnáil na foraoiseachta sásraí comhordúcháin a bhunú le ICF chun rochtain phoiblí ar fhaisnéis faoin gComhaontú seo agus faoin obair chun rialachas a fheabhsú in earnáil na foraoiseachta a éascú trína suíomhanna gréasáin agus suíomh gréasáin ICF. Thairis sin, ba cheart an pobal a chur ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí na n‑eagraíochtaí sin trí leathanach ar shuíomh gréasáin oifigiúil ICF.
Ní mór sásraí cumarsáide a fheabhsú ionas go gcuirtear ICF ar an eolas faoi aon tacaíocht a bhaineann le hearnáil na foraoiseachta agus a bhfuil baint ag an Aontas léi sa chás go soláthraíonn institiúidí nó eagraíochtaí eile í. Chun sin a bhaint amach, comhaontaíonn na Páirtithe cruinnithe rialta comhordúcháin a eagrú idir ICF agus Toscaireacht an Aontais i Hondúras.
________________
IARSCRÍBHINN X
Comhchoiste Cur Chun Feidhme
De bhun Airteagal 19 den Chomhaontú seo, bunóidh na Páirtithe comhlacht faireacháin agus cinnteoireachta ar a dtugtar an “Comhchoiste Cur Chun Feidhme” (JIC). Beidh JIC freagrach as an gComhaontú seo a chur chun feidhme agus maoirseacht a dhéanamh air, lena n‑áirítear an iniúchóireacht neamhspleách a bhainistiú. Éascóidh JIC idirphlé agus malartuithe faisnéise idir na Páirtithe freisin. Léireofar le foirmiú agus comhdhéanamh JIC na páirtithe leasmhara in earnáil na foraoiseachta i Hondúras: na hearnálacha poiblí agus príobháideacha, an tsochaí shibhialta, Pobail Dhúchasacha Hondúras agus Pobail Hondúras de Shliocht na hAfraice, pobail áitiúla agus eile, i gcás inarb infheidhme.
Déanfaidh JIC na nithe seo a leanas go háirithe:
(a)
Maidir leis an gComhaontú seo a bhainistiú:
1.
Foilseoidh sé tuarascáil bhliantúil maidir leis an gComhaontú seo a chur chun feidhme i gcomhréir le hIarscríbhinn IX.
2.
Tar éis meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú Chóras Dearbhaithe Dlíthiúlachta Hondúras (LAS) le haghaidh táirgí adhmaid agus bunaithe ar na critéir mheasúnaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn VII, molfaidh sé an dáta a thosóidh an scéim ceadúnúcháin FLEGT ag feidhmiú.
3.
Déanfaidh sé doiciméid agus socruithe cur chun feidhme don Chomhaontú seo a tharraingt suas, a athbhreithniú, a nuashonrú agus a bhailíochtú, mar shampla, lámhleabhar fíorúcháin LAS, treoirlínte maidir le bearta forlíontacha agus tacaíochta a chur chun feidhme, agus sceideal cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo.
4.
Bunaithe ar na doiciméid sin agus ar na socruithe cur chun feidhme, a bhfuil sé freagrach astu, déanfaidh sé athbhreithniú ar an dul chun cinn i dtreo na gcuspóirí agus na spriocdhátaí a leagtar síos do gníomhaíochtaí éagsúla sa Chomhaontú seo agus dá chur chun feidhme, agus déanfaidh sé bearta a mholadh agus a dhéanamh lena ndírítear ar fheidhmiú an Chomhaontaithe seo a fheabhsú.
5.
Déanfaidh sé gach leasú is gá ar an gComhaontú seo a anailísiú agus a thaifeadadh. Déanfaidh JIC anailís freisin, uair amháin gach dhá bhliain ar a laghad, ar aon leasuithe nó nuashonruithe ar an gComhaontú agus ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil chun aon athruithe ábhartha ar na creataí rialála, riaracháin agus institiúideacha i Hondúras a chur san áireamh.
6.
Tabharfaidh sé aghaidh ar ábhair imní a ardaíonn ceachtar de na Páirtithe agus réiteoidh sé aon choimhlintí a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn Airteagal 11 den Chomhaontú seo a chur chun feidhme.
7.Tabharfaidh sé aghaidh ar ábhair imní a ardaíonn ceachtar de na Páirtithe agus réiteoidh sé aon choimhlintí a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn Airteagal 24 den Chomhaontú seo a chur chun feidhme.
8.Foilseoidh sé tuarascálacha agus meamraim chun obair JIC a dhéanamh trédhearcach.
(b)
Maidir le faireachán agus measúnú a dhéanamh ar an gComhaontú seo:
1.
Comhaontóidh sé modh chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo agus ar thionchar an Chomhaontaithe.
2.
Déanfaidh sé faireachán foriomlán ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo, lena n‑áirítear feidhmiú LAS.
3.
Gabhfaidh sé i gceann misin chomhpháirteacha go rialta chun éifeachtacht an Chomhaontaithe seo agus a thionchar a athbhreithniú, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil.
4.
Déanfaidh sé faireachán ar staid an mhargaidh agus dréachtóidh sé tuarascálacha rialta air, coimisiúnóidh sé staidéir air de réir mar is gá agus molfaidh sé bearta atá le déanamh mar fhreagairt ar thuarascálacha faisnéise ar staid an mhargaidh i dtáirgí adhmaid.
5.
Déanfaidh sé measúnú ar thionchar sóisialta, eacnamaíoch agus comhshaoil an Chomhaontaithe seo, i gcomhréir le dea‑chleachtais agus critéir atá le comhaontú ag na Páirtithe agus tabharfaidh sé aghaidh ar na fadhbanna a thagann chun cinn sa mheasúnú sin.
6.
Sainaithneoidh sé na deacrachtaí a bhaineann leis an gComhaontú seo a chur chun feidhme agus molfaidh sé bearta oiriúnacha chun aghaidh a thabhairt orthu.
(c)
Maidir leis an iniúchóireacht neamhspleách ar an gComhaontú seo:
1.
Eiseoidh sé cinneadh “gan agóid” a eisiúint chun an t‑iniúchóir neamhspleách a roghnaigh na Páirtithe a cheapadh agus chun a chonradh a athnuachan, i gcás inarb infheidhme.
2.
Formheasfaidh sé lámhleabhar nósanna imeachta agus tráthchlár oibre an iniúchóra neamhspleách i gcomhréir le hIarscríbhinn VI.
3.
Déanfaidh sé na tuarascálacha ón eagraíocht atá ag gníomhú mar iniúchóir neamhspleách a athbhreithniú agus a fhormheas, scrúdóidh sé aon ghearáin maidir le feidhmiú an chórais ceadúnúcháin FLEGT, agus bainisteoidh sé cur chun feidhme na moltaí ar chríoch gach Páirtí.
4.
Iarrfaidh sé tuarascálacha ar leith sa bhreis ar an iniúchóireacht neamhspleách, más gá iad.
5.
Scrúdóidh sé gearáin faoi obair an iniúchóra neamhspleách agus comhaontóidh sé na bearta atá le déanamh.
6.
Foilseoidh sé tuarascálacha LAS, i gcomhréir le hIarscríbhinní VI agus IX.
7.
Déa
nfaidh sé faireachán, i gcás inarb infheidhme, ar bhearta a dhéantar chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna a shainaithníonn an t‑iniúchóir neamhspleách.
(d)
Maidir le páirtithe leasmhara a bheith páirteach i gcur chun feidhme an Chomhaontaithe seo agus i bhfaireachán a dhéanamh air:
1.
Déanfaidh sé bearta iomchuí chun rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara i gcur chun feidhme an Chomhaontaithe seo a spreagadh.
2.
Déanfaidh sé moltaí a mholadh agus a fhiosrú maidir leis an bhfothú acmhainneachta a theastaíonn chun an Comhaontú seo a chur chun feidhme go rathúil, agus, más infheidhme, maidir leis an ngá le hacmhainneacht agus rannpháirtíocht na hearnála príobháidí, na sochaí sibhialta, na bpobal áitiúil agus Phobail Dhúchasacha Hondúras agus Phobail Hondúras de Shliocht na hAfraice i gcur chun feidhme an Chomhaontaithe seo a mhéadú i gcomhréir leis na dlíthe agus leis na rialacháin a bhaineann le bainistíocht foraoisí i Hondúras.
3.
Bunóidh sé meithleacha nó fochomhlachtaí eile más gá, le haghaidh réimsí a dteastaíonn saineolas sonrach nó aiseolas ó pháirtithe leasmhara ina leith.
4.
Formheasfaidh sé rialacha JIC agus déanfaidh sé faireachán ar a gcur chun feidhme.
________________