AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,16.7.2020
COM(2020) 321 final
2020/0143(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Cinneadh 2003/77/CE lena leagtar síos treoirlínte airgeadais ilbhliantúla maidir le sócmhainní CEGC faoi leachtú agus, nuair a bheidh an leachtú críochnaithe, sócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach a bhainistiú
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
De réir na hIarscríbhinne a ghabhann le Cinneadh 2003/77/CE ón gComhairle an 1 Feabhra 2003, “(a). úsáidfear sócmhainní CEGC [an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach] atá faoi leachtú de réir mar is gá chun na hoibleagáidí atá fágtha ag CEGC a chomhlíonadh, i dtéarmaí a chuid iasachtaí gan aisíoc, a chuid gealltanas atá mar thoradh ar bhuiséid oibriúcháin a bhí ann roimhe seo agus aon dliteanais nárbh fhéidir a thuar. (b). sa mhéid nach bhfuil sócmhainní CEGC faoi leachtú ag teastáil chun na hoibleagáidí a thuairiscítear in (a) a chomhlíonadh, déanfar iad a infheistiú ionas go soláthrófar ioncam a úsáidfear mar mhaoiniú chun leanúint de thaighde sna hearnálacha a bhaineann leis an tionscal guail agus cruach. (c). déanfar sócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach a infheistiú ionas go soláthrófar ioncam a úsáidfear mar mhaoiniú chun leanúint de thaighde sna hearnálacha a bhaineann leis an tionscal guail agus cruach.”
Ós rud é nach ann d’iasachtaí gan aisíoc agus go bhfuil meath ar ghealltanais CEGC, beidh gníomhaíocht infheistíochta chun ioncam a ghiniúint chun taighde a mhaoiniú ina phríomhfhócas ag CEGC faoi leachtú, agus beidh méadú ar an tosaíocht sin i rith an ama. Foráiltear le Cinneadh 2003/77/CE ón gComhairle go ndéanfaidh an Coimisiún sócmhainní CEGC faoi leachtú a bhainistiú chun “a áirithiú go mbeidh cistí ar fáil de réir mar is gá, fad atá an toradh is fearr agus is féidir á ghiniúint, agus é sin a dhéanamh go comhsheasmhach le hardleibhéal slándála agus cobhsaíochta san fhadtéarma” (pointe 3 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2003/77/CE ón gComhairle).
Baineann an Coimisiún Eorpach úsáid as an ioncam ó CEGC faoi leachtú chun tacú le tionscadail taighde sna hearnálacha cruach agus guail. Le blianta beaga anuas tháinig acmhainneacht na punainne um thorthaí leordhóthanacha a ghiniúint chun clár taighde éifeachtach a mhaoiniú faoi bhrú, áfach, mar thoradh ar an meath leanúnach a tugadh faoi deara thar thréimhse fhada ar thorthaí an mhargaidh airgeadais. Fiú roimh an meathlúchán a bhí ar an margadh le déanaí de bharr phaindéim COVID-19, bhí torthaí níos lú á nginiúint ag an bpunann de bharr na timpeallachta a lean an ghéarchéim airgeadais, timpeallacht ina raibh rátaí úis níos ísle. Ghéaraigh géarchéim COVID-19 an meath struchtúrach fadtéarmach sin ar thorthaí ionchasacha. I gcomparáid le piarchistí chuaigh punann CEGC i ngleic leis an ngéarchrapadh sa mhargadh a lean géarchéim COVID-19 go measartha maith de bharr comhdhéanamh measartha coimeádach a bheith aici. D’ainneoin sin, beidh éifeachtaí fadtréimhseacha ag an ngéarchéim sin ar thorthaí ionchasacha agus neartófar an gá le modhanna eile a aimsiú chun sócmhainní an chiste a chur i bhfeidhm chun tacú le beartais an Aontais.
Is sa chomhthéacs sin is mian leis an gCoimisiún tacaíocht a neartú le haghaidh tionscadail taighde chomhoibríocha san earnáil guail agus cruach, agus leasú ar Chinneadh 2008/376 ón gComhairle á mholadh acu an tráth céanna chun é a chur i gcomhréir le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais. Is mian leis an gCoimisiún tacú freisin le tionscadail taighde mhóra cheannródaíocha a mbeidh próisis déanta cruach geall le bheith saor ó charbón mar thoradh orthu faoi 2030 agus le tionscadail taighde chun aistriú cóir na hearnála guail a bhainistiú. Meastar buiséad bliantúil socair de EUR [111 mhilliún] a bheith leordhóthanach le haghaidh clár den chineál seo. Ní mór sin chun tacaíocht fhónta a sholáthar do thionscadail fhiúntacha ar an leibhéal is gá chun reáchtáil na scéime a chumhdach.
Chun leithdháiltí tráthrialta bliantúla de EUR [111 mhilliún] a áirithiú go dtí an bhliain 2027, beidh athruithe ag teastáil sa bhealach a n‑úsáidtear agus a n‑infheistítear acmhainní shócmhainní CEGC faoi leachtú. Leis na hathruithe atá beartaithe ar an gCinneadh atá ann faoi láthair, ceadófar an leibhéal sin tacaíochta le haghaidh tionscadail taighde chomhoibríocha agus tionscadail taighde cheannródaíocha san earnáil cruach agus tionscadail taighde chun an t‑aistriú cóir a bhainistiú san earnáil guail. Cé go dtiocfaidh laghdú de réir a chéile ar mhéid iomlán na sócmhainní infheistithe mar gheall ar na leithdháiltí bliantúla sin, beidh méid réasúnta sócmhainní is féidir a infheistiú fós ann le haghaidh na tréimhse tar éis 2027.
•Feidhmíocht shócmhainní infheistithe CEGC faoi leachtú le déanaí agus a n‑ionchas:
Amhail ó 31.03.2020, c. EUR 1.5 BN atá sa phunann. Tháinig laghdú beag ar mhéid na punainne ó bhí 30.06.2012 ann, óir ba mhó eis-sreafaí chun taighde a mhaoiniú in earnálacha a bhaineann leis an tionscal guail agus cruach ná na torthaí iomlána agus na ranníocaíochtaí nua a fuarthas.
Ó bhí 2003 ann agus go dtí le déanaí, ghin sócmhainní CEGC faoi leachtú toradh dearfach, toradh lenar ceadaíodh tacaíocht bhliantúil luach EUR 50 milliún le haghaidh tionscadail taighde nuair a rinneadh é a chomhcheangal le hacmhainní a bhí ar fáil trí shásra smúdála. Amhail ó dheireadh 2017, bhí feidhmíocht na punainne dearfach ó glacadh Cinneadh 2003/77/CE ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh 2008/750/CE ón gComhairle: íocadh amach méideanna de réir mar a iarradh agus nuair a iarradh iad agus bhí torthaí na punainne sásúil nuair a chuirtear timpeallacht an mhargaidh agus treoirlínte a bhí sriantach i gcoitinne san áireamh. Le linn na tréimhse ón 1 Iúil 2012 go dtí an 31 Nollaig 2017, sholáthair an phunann toradh carnach dearfach de +8.5 %.
Tá torthaí na sócmhainní infheistithe tar éis pointe cóimheasa na punainne a shárú go comhsheasmhach, agus cruthaíodh go bhfuil sí níos fearr mar mhalairt ná infheistiú ag na rátaí úis saor ó riosca atá i réim faoi láthair, ar bhain torthaí diúltacha leo le blianta beaga anuas. Go deimhin, roimhe seo níor thuairiscigh an phunann torthaí diúltacha bliantúla riamh ó bunaíodh í, agus bhain sí amach toradh carnach de 80 % ón uair sin. Amach anseo, áfach, réamhfhíoraíonn leibhéal íseal (agus é diúltach go minic fiú) na dtorthaí bannaí atá ann faoi láthair torthaí ionchasacha níos ísle sa ghearrthéarma nó sa mheántéarma agus beidh sé dúshlánach torthaí dearfacha a aimsiú fiú.
Ina theannta sin, beidh meath breise ar an bpunann ar meastar gur fiú EUR [250] milliún é, faoi mar a bunaíodh sa Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”).
I bhfianaise an chomhthéacs sin, teastaíonn cur chuige difriúil maidir le húsáid shócmhainní CEGC chun na cuspóirí beartais a chomhlíonadh. Leis an togra seo cuirtear dhá phríomhathrú chun cinn, mar a leanas:
·I gcomhréir leis an togra maidir le leasú ar Chinneadh 2003/76/CE chun díolachán acmhainní na punainne a cheadú i gcás inar gá chun íocaíochtaí a bhaineann le leithdháileadh bliantúil EUR [111 mhilliún] a chumasú go dtí an bhliain 2027. De réir dálaí infheistíochta agus fás ar mhéid na punainne, beidh laghdú de réir a chéile ar líon na sócmhainní atá á mbainistiú ag gabháil leis sin;
·Na hinfheistíochtaí incháilithe sa phunann a éagsúlú chun a feidhmíocht riosca agus toraidh a neartú. Tá sé beartaithe domhan na sócmhainní incháilithe a mhéadú chun torthaí ionchasacha leibhéal ar leith riosca a fheabhsú.
•Athruithe atá beartaithe chun úsáid na sócmhainní a cheadú i gcás inar gá chun leithdháileadh bliantúil EUR [111 mhilliún] a sholáthar
Tá sé beartaithe Cinneadh 2003/77/CE a mhodhnú chun eis-sreafaí a cheadú go sainráite, ag tosú an 1 Eanáir 2021, i ndáil le leithdháileadh bliantúil ar fiú suas le EUR [111 mhilliún] é go dtí an bhliain 2027 chun tacú le tionscadail taighde sna hearnálacha cruach agus guail lasmuigh den chreatchlár um thaighde. Bunófar an leithdháileadh bliantúil de réir na gcritéar a leagtar síos i gCinneadh athbhreithnithe 2003/76/CE ón gComhairle. Comhlíonfar na hiarratais ar íocaíocht lena mbaineann an leithdháileadh sin trí dhul ar iontaoibh an ghlanioncaim ó infheistíochtaí agus sócmhainní a tharraingt siar ó CEGC faoi leachtú.
Ba cheart an leithdháileadh bliantúil a chumhdach go sainráite sa Chinneadh chun sreabhadh intuartha acmhainní a cheadú, sreabhadh ar leibhéal leordhóthanach le go mbeifear in ann leanúint de thacaíocht inmhianaithe a thabhairt do thaighde comhoibríoch sna hearnálacha cruach agus guail.
Go dtí seo, bainistíodh sócmhainní CEGC faoi leachtú ar an mbonn go mbeadh an toradh ar na sócmhainní a infheistíodh ina mhodh lena maoineofaí tionscadail taighde. Léirítear sin i bhfoclaíocht roinn 1 (“úsáid cistí”) den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2003/77/CE ón gComhairle agus in Aithris 3 den Chinneadh ina bhfuil sé beartaithe “gur cheart an caipiteal ar fad i Sócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach a chaomhnú mar atá sé”.
Ar na cúiseanna a mhínítear thuas, ba cheart an cur chuige sin a leasú chun na riachtanais a bhaineann le leibhéal áirithe íocaíochta a sholáthar a chomhlíonadh, is é sin an leibhéal íocaíochta a theastaíonn chun go bhféadfadh clár taighde fiúntach le haghaidh na n‑earnálacha cruach agus guail a bheith ann.
An bhuntuiscint gur féidir le sócmhainní CEGC faoi leachtú ioncam cobhsaí leordhóthanach a ghiniúint chun an Ciste Taighde um Ghual agus Cruach a mhaoiniú má choimeádtar ar bun é, níl sí inchosanta a thuilleadh de bharr an athraithe mharthanaigh i ndálaí an mhargaidh airgeadais. Chuige sin, ní mór an Cinneadh a nuashonrú chun léiriú níos fearr a thabhairt ar riachtanais an bheartais bhunúsaigh ar a bhfuil CEGC faoi leachtú chun freastal agus ar na dúshláin a bhaineann leis na torthaí a ghiniúint ar an leibhéal a theastaíonn i gcomhthéacs dhálaí an mhargaidh atá ann faoi láthair.
Ba cheart na híocaíochtaí a dhéanamh gach bliain tar éis na tionscadail ábhartha a shainaithint, agus é sin a dhéanamh laistigh de theorainneacha an leithdháilte bhliantúil de EUR [111 mhilliún]. Is é EUR [111 mhilliún] an t‑uasmhéid bliantúil is féidir a leithdháileadh ó CEGC faoi leachtú chun úsáid inbhuanaithe na n‑acmhainní a cheadú chun taighde a mhaoiniú amach anseo.
•Athruithe atá beartaithe chun éagsúlú na sócmhainní incháilithe a cheadú:
De réir traidisiúin, infheistíodh sócmhainní CEGC go príomha i bhfiachas ceannasach agus fiachas fornáisiúnta atá sloinnte in euro. Sa domhan infheistíochta sin b’fhéidir torthaí dearfacha a sholáthar fad a coinníodh an riosca a bhain leis an bpunann ar leibhéil íslithe. Le blianta beaga anuas, d’athraigh dálaí an mhargaidh agus dálaí eacnamaíocha ar bhealaí a laghdaigh go marthanach ar na deiseanna chun torthaí a thuilleamh as infheistíochtaí i bhfiachas ceannasach agus fiachas fornáisiúnta. Agus súil á caitheamh chun cinn againn, leanfaidh na margaí airgeadais go ginearálta agus margaí Eurobhannaí go háirithe de bheith dúshlánach de bharr torthaí atá an-íseal/diúltach (go háirithe maidir le hurrúis ó na heisitheoirí leis an gcáilíocht chreidmheasa is airde) agus leachtacht laghdaithe, arna spreagadh inter alia le beartas airgid réidh BCE agus a chláir cheannaithe bannaí. Beidh athluacháil anuas na sócmhainní atá ann faoi láthair mar thoradh ar aon mhéadú ar na rátaí úis ón mbonn íseal seo, rud a thugann le fios go bhfuil an baol ann go mbeidh torthaí an-ísle nó diúltacha ann go dtí go ndéanfar an éifeacht athluachála tionscnaimh a fhritháireamh de réir a chéile le hathinfheistíochtaí le torthaí níos airde.
Leis an togra seo táthar ag iarraidh punann CEGC a dhéanamh níos athléimní agus í ag tabhairt aghaidh ar na dúshláin seo, tríd an raon feidhme maidir le hinfheistiú i gcineálacha eile sócmhainní a mhéadú agus úsáid a bhaint as teicnící eile infheistíochta chun an phunann a chosaint ar spleáchas eisiach ar urrúis ioncaim sheasta.
D’ainneoin na n‑aistarraingtí a bhfuil coinne leo go dtí 2027, tá tréimhse infheistíochta ionchasach na gcistí atá fágtha measartha fadtéarmach, rud a fhágann gur féidir éagsúlú breise a dhéanamh. Go dtí seo bhí punann CEGC measartha saor ó dhliteanais ábharacha agus ní raibh sí faoi réir eis-sreafaí ar leibhéal a d’athraigh an tréimhse infheistíochta ionchasach nó líon na sócmhainní sa phunann go cáilíochtúil. Athrófar an staid seo tar éis íocaíochtaí lena mbaineann an leithdháileadh bliantúil a thabhairt isteach chun an clár taighde a mhaoiniú. Níor cheart tionchar ábharach a bheith ag íocaíochtaí intuartha den mhéid seo ar an tréimhse infheistíochta ionchasach ná ar lamháltas riosca na sócmhainní atá fágtha sa phunann, áfach, agus ina theannta sin déanfar na híocaíochtaí thar thréimhse roinnt blianta.
Mar thoradh ar a tréimhse infheistíochta ionchasach a bheith níos faide, tá inniúlacht níos fearr ag an bpunann sócmhainní a choinneáil ina seilbh i gcás inar gá chun ligean do luachanna téarnamh. I bhfianaise an mhéid sin, tá sé beartaithe domhan infheistíochta na dtreoirlínte airgeadais a mhéadú chun tionchar torthaí ísle nó diúltacha a mhaolú a mhéid agus is féidir agus chun éagsúlú agus athléimneacht na punainne a fheabhsú agus beartas infheistíochta coimeádach á shaothrú, beartas lena ndéanfar caipiteal a chaomhnú le leibhéal ard muiníne agus lena bhfeabhsófar an toradh i gcás inar féidir nuair atá sé sin comhsheasmhach leis an sprioc seo. Thar thréimhse fhadtéarmach, ba cheart leathnú cineálacha incháilithe sócmhainní a bheith ina chuidiú le bainistiú cobhsaí intuartha na punainne a sholáthar – lena n‑áirítear na híocaíochtaí intuartha a dhéantar as na sócmhainní agus a bhaineann leis an leithdháileadh bliantúil – agus ráta laghdaithe na n‑acmhainní bunúsacha a laghdú trí na tráthchodanna bliantúla a íoc.
Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún na Treoirlínte Airgeadais a fhorleathnú chun domhan incháilithe na sócmhainní/na n‑ionstraimí atá ar fáil agus teaglamaí na neamhchosaintí ar riosca a d’fhéadfadh a bheith ann a mhéadú (e.g. riosca úis agus creidmheasa agus riosca teoranta sa mhargadh cothromais). Le deiseanna nua infheistíochta beifear in ann bainistiú níos éifeachtúla a dhéanamh ar an bpunann (i dtéarmaí éagsúlaithe agus comhbhabhtáil idir riosca agus toradh) agus tacú le torthaí ionchasacha sa mheántéarma agus san fhadtéarma.
Ba cheart a chur i dtábhacht go ngabhann neamhchosaint ar fhoinsí nua luaineachta sa mhargadh le héagsúlú punainne, luaineacht ar féidir léi luí ar fheidhmíocht sa ghearrtéarma agus sa mheántéarma. Mar gheall ar thréimhse infheistíochta ionchasach roinnt mhaith de na sócmhainní a bheith níos faide, áfach, tá sé go maith ar chumas phunann CEGC tréimhsí gearra tearcfheidhmíochta a sheasamh in aicme amháin nó aicme eile na sócmhainne, ionas go mbainfear tairbhe as na deiseanna ar thoradh riosca-choigeartaithe feabhsaithe san fhadtéarma. Ba cheart a thuiscint freisin nach ráthaíocht in aghaidh feidhmíocht dhiúltach a d’fhéadfadh a bheith ann thar thréimhse áirithe atá san éagsúlú, óir d’fhéadfadh éifeacht níos mó a bheith ag tearcfheidhmíocht in aicme na gcroíshócmhainní (bannaí rialtais agus bannaí fornáisiúnta) ná tairbhí an éagsúlaithe. Dlúthghné de bhainistíocht sócmhainní is ea na hagóidí ginearálta seo agus tuairiscítear anseo iad chun amharc cothrom a thabhairt ar raon na dtorthaí a d’fhéadfadh a bheith ann. Ar an iomlán, creideann an Coimisiún, atá ina mhaor freagrach maidir le cistí an Aontais, gur bealach iomchuí chun feabhas a chur ar fheidhmíocht fhadtéarmach shócmhainní infheistithe CEGC atá sa mhéadú ar an domhan incháilithe infheistíochta.
I bhfianaise an mhéid sin, tá an togra seo á chur chun cinn ag an gCoimisiún le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena leasófaí Cinneadh 2003/77/CE lena leagtar síos treoirlínte airgeadais ilbhliantúla maidir le sócmhainní CEGC faoi leachtú a bhainistiú. Déanfar na sócmhainní a bhainistiú i gcomhréir le rialacha stuamachta agus prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais agus i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta a leagann Oifigeach Cuntasaíochta an Choimisiúin amach.
Mar a mhínítear thuas, tá sé beartaithe leis an gCinneadh an Cinneadh lena rialaítear bainistiú shócmhainní CEGC faoi leachtú a athrú chun infheistíocht fhéideartha a cheadú iontu seo a leanas:
·Raon níos leithne ionstraimí margaidh airgid (go háirithe Cistí margaidh airgid);
·Raon níos leithne urrús a bhaineann le creidmheas agus dochar;
·Neamhchosaint ar mhargaidh chothromais agus ar tháirgí a fheidhmíonn mar a bheadh táirgí cothromais iontu (go háirithe trí ionstraimí iomchuí amhail Cistí arna dTrádáil ar an Malartán);
·An deis teicnící caighdeánacha infheistíochta a úsáid, amhail todhchaíochtaí ráta úis chun aibíocht a bhainistiú;
·An deis infheistiú in infheistíochtaí fálaithe in US$.
Ní bheadh aon ghá uathfheidhmeach le húsáid na sócmhainní ná na n‑ionstraimí sin de bharr an Chinnte. Ina ionad sin, ní dhéanfaí leis an gCinneadh ach an Coimisiún a údarú chun na hinfheistíochtaí sin a dhéanamh nuair a bheadh dálaí an mhargaidh fabhrach agus dá mbeadh na hinfheistíochtaí sin i gcomhréir le tréimhse infheistíochta ionchasach na punainne, agus na híocaíochtaí a bhaineann leis an leithdháileadh bliantúil go dtí 2027 á gcur san áireamh. Cuirfidh an Coimisiún stuamacht agus dícheall cuí i bhfeidhm agus úsáid á baint aige as na deiseanna feabhsaithe infheistíochta sin chun an dóchúlacht go mbeidh torthaí dearfacha orthu a uasmhéadú. Tuairisceoidh sé maidir leis an gcinneadh úsáid a bhaint as na cumhachtaí sin ina thuarascálacha bliantúla, agus na cúiseanna leis an domhan infheistíochta a leathnú á míniú aige agus na torthaí breathnaithe á dtuairisciú aige nuair a cheadaíonn sonraí feidhmíochta sin.
Áireofar scagadh diúltach (liosta gníomhaíochtaí a eisiafar chun críocha infheistíochta sa státchiste ar fhorais eiticiúla nó mhorálta) agus scagadh dearfach (chun fabhrú do cheisteanna comhshaoil, sóisialta agus rialachais a chomhtháthú agus infheistíochtaí á roghnú) araon i roghnú na sócmhainní. Tá ag méadú ar thábhacht na gcleachtas Comhshaoil, Sóisialta agus Rialachais (ESG) a bhaineann le hinfheistíocht agus tá sé beartaithe ag an gCoimisiún dea-shampla a thabhairt sa réimse seo.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais:
Tá nasc idir an togra agus Cinneadh 2003/76/CE ón gComhairle lena mbunaítear na bearta is gá chun an Prótacal a chur chun feidhme, Prótacal atá i gceangal leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach, maidir leis na hiarmhairtí airgeadais toisc Conradh CEGC a dhul in éag agus leis an gCiste Taighde um Ghual agus Cruach. Chinn an Chomhairle le déanaí go bhféadfaí méideanna a saoradh a athúsáid le haghaidh taighde. Leasófar Cinneadh 2003/76/CE ón gComhairle go comhthreomhar leis sin agus modhnuithe beartaithe Chinneadh 2003/77/CE ón gComhairle á gcur san áireamh.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is iad an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus an Prótacal atá i gceangal le Conarthaí an Aontais maidir leis na hiarmhairtí airgeadais toisc Conradh CEGC a dhul in éag agus leis an gCiste Taighde um Ghual agus Cruach, agus go háirithe an dara mír d’Airteagal 2 de, an bunús dlí le ceart an Aontais gníomhú.
•Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)
Tá na bearta lena gcuirtear an Prótacal chun feidhme bunaithe ar chinneadh ón gComhairle, agus baineann athbhreithniú an chinnte sin le ceart tionscnaimh eisiach an Choimisiúin.
•Comhréireacht
Tá forálacha coimhdeacha sa togra agus tá gá leis dá bhrí sin maidir le feidhmiú na bainistíochta sócmhainní a dhéanann an Coimisiún le haghaidh CEGC faoi leachtú agus ina dhiaidh sin maidir le sócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach.
•An rogha ionstraime
“Beart lena mbunaítear treoirlínte airgeadais ilbhliantúla maidir le sócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach a bhainistiú” faoi mar atá siad beartaithe in Airteagal 2(2) de Phrótacal Uimh. 37 atá i gCinneadh ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh 2003/77/CE ón gComhairle atá ann cheana.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Tá an togra bunaithe ar thorthaí na tuarascála a dhéantar gach cúig bliana, ina bhfuil sé beartaithe athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar oiriúnacht na dtreoirlínte. Foilsíodh an tuarascáil is déanaí de na tuarascálacha a dhéantar gach cúig bliana an 2 Márta 2018 (COM(2018) 84 final).
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Neamhbhainteach. Is Ballstáit iad na príomhpháirtithe leasmhara, lena rachfar i gcomhairle le linn an phróisis reachtaigh sa Chomhairle.
•Bailiú agus úsáid saineolais
In 2014, rinne an Banc Domhanda athbhreithniú piaraí ar na hoibríochtaí bainistithe sócmhainní a bhí déanta ag an gCoimisiún (lena n‑áirítear punann CEGC faoi leachtú). Cuireadh torthaí an athbhreithnithe piaraí sin maidir le creat na dtreoirlínte san áireamh agus an togra seo á dhréachtú le haghaidh athbhreithnithe.
Níos déanaí, in athbhreithniú a rinne an Chúirt Iniúchóirí ar an gComhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach agus a cuireadh ar fáil i mí Mheán Fómhair 2019, thángthas ar an gconclúid nach bhfuil maoiniú le haghaidh an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach ar bhonn ioncam bainistithe sócmhainní amháin inbhuanaithe i dtimpeallacht na rátaí úis atá ann faoi láthair.
•Measúnú tionchair
Níl gá le measúnú tionchair le haghaidh an athbhreithniú atá beartaithe, óir ní dócha go mbeidh na tionchair eacnamaíocha, chomhshaoil ná shóisialta suntasach.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Tá an togra bunaithe ar thorthaí na tuarascála a dhéantar gach cúig bliana, ina bhfuil sé beartaithe athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar oiriúnacht na dtreoirlínte.
•Cearta bunúsacha
Tá an togra i gcomhréir le cosaint na gceart bunúsach.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Ní chruthaíonn an togra aon dliteanas nua a bheidh le muirearú ar an mBuiséad Ginearálta faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Mar a fhoráiltear i bPointe 7 de na treoirlínte airgeadais, tugann an Coimisiún tuairisc do na Ballstáit gach sé mhí maidir leis na hoibríochtaí bainistithe a dhéantar faoi na treoirlínte airgeadais sin.
Ina theannta sin, déantar Tuarascáil Airgeadais a tharraingt suas gach bliain, lena ngabhann na ráitis airgeadais iniúchta, ina dtugtar tuairisc ar thorthaí na bliana ar fad.
Ar deireadh, tuairiscíonn an Coimisiún go sonrach ar chur chun feidhme na dtreoirlínte airgeadais gach cúig bliana (Airteagal 2).
•Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)
Neamhbhainteach.
•Míniú mionsonraithe ar fhorálacha an togra chun éagsúlú breise a cheadú maidir leis na sócmhainní incháilithe
Leis na treoirlínte airgeadais atá ann faoi láthair cuirtear cur chuige measartha sriantach chun feidhme maidir le sainiú na sócmhainní incháilithe. Tagraíonn siad, mar shampla, do mhéideanna teorann dosháraithe agus méideanna teorann ainmniúla (e.g. EUR 250 milliún ar a mhéad in aghaidh an Bhallstáit), do rátálacha creidmheasa (e.g. íosrátáil chreidmheasa AA, ach amháin le haghaidh Bhallstáit agus Institiúidí an Aontais) nó d’uasaibíocht (e.g. 10.5 bliana ar a mhéad fágtha ar uair an cheannaigh).
Fágtar codanna móra de mhargaí airgeadais as an áireamh de bharr na srianta seo.
Mar shampla,
·sna srianta rátála eisiatar an margadh bannaí airgeadais agus an margadh bannaí corparáide go hiomlán nach mór, margaí a d’fhéadfadh éagsúlú agus torthaí níos airde a bheith mar thoradh orthu agus a d’fhéadfadh a bheith ina gcuidiú maidir le tionchar rátaí diúltacha a mhaolú sa timpeallacht atá ann faoi láthair;
·tagann cúrsaí cosúla chun solais i ndáil leis na srianta aibíochta, a chuireann bac le hinfheistíochtaí i mbannaí a bhfuil dáta níos faide acu agus a d’fhéadfadh tairbhí comhchosúla a bheith ag gabháil leo. Dá ndéanfaí na srianta sin a mhodhnú cheadófaí leithdháiltí éagsúlaithe sócmhainní le torthaí ionchasacha níos airde don phunann, agus riosca iomlán na punainne á choinneáil ar leibhéil atá comhchosúil leo siúd atá ann faoi láthair a bhuí le héifeachtaí fabhracha comhghaoil.
Tar éis na géarchéime airgeadais in 2008, d’éirigh dálaí an mhargaidh le haghaidh bainisteoirí sócmhainní ioncaim sheasta níos deacra de bharr thimpeallacht na rátaí ísle úis a bhí ann, agus ba mhinic iad a bheith diúltach, go háirithe le haghaidh infheistíochtaí le riosca mainneachtana níos ísle. Sa chomhthéacs seo, tá sé an-dúshlánach le haghaidh bainisteoirí sócmhainní ioncaim sheasta feidhmíocht dhearfach a ghiniúint, thar thréimhsí infheistíochta ionchasacha sa mheántéarma nó san fhadtéarma go háirithe. In 2020, d’éirigh cúrsaí níos measa arís le géarchéim an choróinvíris, a d’fhéadfadh síneadh a chur le timpeallacht na rátaí úis ísle/diúltacha san am atá romhainn amach.
Chun teorainn a chur le hiarmhairtí diúltacha na bhfachtóirí sin, tá sé tábhachtach go mbeadh rochtain ag bainisteoirí sócmhainní ar an domhan is leithne infheistíochta agus is féidir. Ar an gcaoi sin, féadfaidh na bainisteoirí sócmhainní cur leis an éagsúlú agus tairbhiú de chineálacha sócmhainní a thaispeánann patrúin dhifriúla torthaí agus comhghaolta níos ísle. Thar thréimhsí infheistíochta ionchasacha san fhadtéarma, agus leibhéil chomhchosúla riosca ann, ba cheart do phunanna atá an-éagsúlaithe feidhmiú níos fearr ná punanna nár éagsúlaíodh chomh mór sin iad.
Dá bhrí sin, tá sé beartaithe na treoirlínte airgeadais atá ann faoi láthair a athrú sna slite seo a leanas:
A. Na teorainneacha dosháraithe, na rátaí agus na srianta aibíochta a choigeartú
Tá sé beartaithe cur chuige níos dinimiciúla a ghlacadh a mhéid a bhaineann le gnéithe teicniúla den chur chun feidhme a dteastaíonn méid éigin solúbthachta uathu (amhail teorainneacha riosca, aibíochta agus comhchruinnithe a chinneadh).
A bhuí leis sin, bheifí in ann iad a chalabrú ar bhonn níos tráthrialta de réir athruithe ar dhálaí margaidh agus chuirfí le treoirlíne an Choimisiúin a glacadh le déanaí le haghaidh an Chiste Choitinn Soláthairtí, ceann de na mórphunanna eile atá á mbainistiú ag an gCoimisiún. Déanfar na sócmhainní a bhainistiú ar bhonn straitéis infheistíochta a chuirfear in iúl i bhfoirm Leithdháileadh Straitéiseach Sócmhainní, agus na cuspóirí infheistíochta agus an lamháltas riosca á léiriú. Léireofar an straitéis infheistíochta le tagarmharc straitéiseach. Socrófar an tagarmharc i gcomhréir le cleachtais tionsclaíochta.
D’fhéadfaí an lamháltas riosca a shainiú i dtéarmaí níos leithne freisin (e.g. trí na cineálacha incháilithe sócmhainní agus na paraiméadair shonracha riosca, mar shampla Luach faoi Riosca, a liostú). D’fhéadfaí teorainneacha a chur in iúl níos fearr i dtéarmaí an mhargaidh ná mar luach barúlach agus iad a shainiú mar neamhchosaintí uaschéatadáin de luach margaidh na punainne iomláine. Shaineofaí neamhchosaintí ar bhonn níos beaichte mar sin, óir déantar a lán urrús a phraghsáil go mór os cionn an phar (100 %) de bharr na timpeallachta ina bhfuil torthaí íseal nó diúltach agus b’fhéidir nach léireofaí fíorluach eacnamaíoch na neamhchosaintí sin sna luachanna ainmniúla. Cúis eile le cur chuige ina bhfuil teorainneacha bunaithe ar luach an mhargaidh agus ar chéatadáin a bheith tar éis éirí níos ábhartha ná i gcás go n‑athraíonn luach margaidh na punainne iomláine, de bharr luachála margaidh nó insreafaí nó eis-sreafaí.
D’fhéadfaí na teorainneacha comhchruinnithe a choigeartú chun difreáil a cheadú idir neamhchosaintí ar chreidmheas atá níos sábháilte agus cinn a bhfuil riosca níos airde ag gabháil leo, trí neamhchosaintí a cheadú d’eisitheoirí ar an gcaighdeán is airde amháin (ardghrád) mar shampla.
Tá sé beartaithe na hionstraimí incháilithe a shainiú laistigh de na Treoirlínte maidir le Sócmhainní a Bhainistiú, fad a saineofar an tagarmharc agus na teorainneacha le hinfheistíochtaí sonracha laistigh de dhoiciméid inmheánacha an Choimisiúin Eorpaigh.
B. Infheistíochtaí a cheadú in airgeadraí eile
Faoi láthair, ní deirtear aon ní sna Treoirlínte Airgeadais maidir le hincháilitheacht infheistíochtaí in airgeadraí eachtracha. Sa chomhthéacs seo, ba cheart a thabhairt faoi deara nach bhfuil ach c. 25 % de mhargadh bannaí an domhain in infheistíochtaí atá sloinnte in euro.
Tá sé beartaithe dá bhrí sin infheistíochtaí in urrúis fhálaithe atá sloinnte in US$ arna n‑eisiúint ag rannpháirtithe ceannasacha, rannpháirtithe fornáisiúnta, rannpháirtithe focheannasacha agus gníomhaireachtaí a cheadú go sainráite.
Infheistíocht (go páirteach) i mbannaí fíorleachtacha atá sloinnte in US$ arna n‑eisiúint ag na heintitis sin, cheadófaí rochtain ar mhargaí móra agus margaí leachtacha léi, mar shampla ar mhargadh fiachais rialtas na Stát Aontaithe. D’fhéadfadh sé sin a bheith cuiditheach agus na srianta leachtachta thuasluaite sna margaí Eurobhannaí á gcur san áireamh. Thairis sin, d’fhéadfaí neamhchosaintí difriúla ar an gcuar toraidh a bhaint amach dá bharr, le deiseanna a d’fhéadfadh a bheith níos fearr maidir leis an méid atá le tabhairt anuas nó le rolladh anuas.
D’fhéadfaí an riosca go mbeadh caillteanais ann de bharr luaineacht an ráta malairte eachtraí a fhálú. Tá ionstraimí ann chun an riosca airgeadra sin a fhálú, ach ní deirtear aon ní sna Treoirlínte Airgeadais atá ann faoi láthair mar gheall ar an gcineál seo oibríochta. Féadfaidh an Coimisiún cinneadh, faoi réir comhaontú leis an Oifigeach Cuntasaíochta, go bhféadfadh infheistíochtaí fálaithe in airgeadraí eile (seachas US$) a bheith incháilithe go sainráite de réir na gcritéar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh. Bheadh raon feidhme teoranta ag úsáid iarbhír na n‑ionstraimí sin agus chuirfí na costais ábhartha agus dálaí an mhargaidh atá i réim san áireamh san úsáid sin.
C. Raon feidhme na meán comhinfheistíochta a leathnú
In 2014, rinne foireann speisialtóirí ón mBanc Domhanda meastóireacht ar státchiste agus gníomhaíochtaí bainistithe sócmhainní an Choimisiúin. Rinne an Banc Domhanda athbhreithniú mionsonraithe ar na próisis atá in úsáid ag an gCoimisiún, agus tháinig siad ar an gconclúid go mbaineann an Coimisiún a chuspóirí amach maidir leis na punanna atá ar a fhreagracht a bhainistiú, i gcomhréir le caighdeáin fhónta tionsclaíochta. Mhol an Banc Domhanda roinnt moltaí freisin chun a thuilleadh feabhais a chur ar phróiseas agus ar thorthaí na hinfheistíochta.
Maidir le cistí le tréimhsí infheistíochta ionchasacha fadtéarmacha go háirithe, mhol an Banc Domhanda céatadán áirithe de na cistí sin a infheistiú i sealúchais chothromais, trí bhíthin cistí comhinfheistíochta b’fhéidir. Beidh an deis ann leis na hionstraimí sin, má roghnaítear iad go cúramach, neamhchosaint ar chothromas atá éagsúlaithe go maith a thuilleamh. Óir is ísle an comhghaol atá ag gnáthscaireanna le hinfheistíochtaí ioncaim sheasta i gcomparáid le hinfheistíochtaí eile, chuirfidís feabhas ar phróifíl riosca agus luaíochta na punainne san ionchas fadtéarmach. Ar an lámh eile, d’fhéadfadh méadú teacht ar luaineacht thorthaí na punainne sa ghearrthéarma nó sa mheántéarma de bharr leithdháiltí ar ghnáthscaireanna.
Luadh meáin chomhinfheistíochta cheana sna treoirlínte atá ann faoi láthair, ach gabhann siad le ceanglas rátála creidmheasa nach lú ná AA, rud a thugann le tuiscint de facto nach mbíonn ach gnóthais chomhinfheistíochta ghearrthéarmacha ioncaim sheasta ann den chuid is mó, gan an chuid is mó de na cistí ioncaim sheasta agus na cistí cothromais nach bhfuil rátáil chreidmheasa acu a chur san áireamh.
Tá sé beartaithe mar sin raon feidhme na gcineálacha sócmhainní incháilithe agus na meán comhinfheistíochta a shoiléiriú chun cothromas a cheadú chomh maith le hinfheistíochtaí ioncaim sheasta níos leithne, lena n‑áirítear gnóthais a ndearnadh éagsúlú chomh maith sin orthu.
Go hachomair, tá sé beartaithe roinnt cineálacha meán comhinfheistíochta a incháiliú (e.g. Cistí Margaidh Airgid, Cistí arna dTrádáil ar an Malartán nó Cistí Frithpháirteacha). Ar leibhéil éagsúla, d’fhéadfaí neamhchosaint éagsúlaithe ar innéacsanna margaidh leathana, earnálacha geografacha áirithe agus/nó cineálacha sócmhainní ar leith, mar atá ioncam seasta agus/nó gnáthscaireanna, a chur ar fáil mar gheall orthu sin.
D. Ionstraimí eile fálaithe a cheadú chun riosca an ráta úis a bhainistiú
Uirlisí chun riosca an ráta úis a bhainistiú go héifeachtúil atá sna díorthaigh ráta úis agus is minic a úsáideann institiúidí airgeadais poiblí iad sa lá atá inniu ann. Is gnách na margaí seo a bheith leachtach freisin – le linn na géarchéime airgeadais, mar shampla, lean an margadh todhchaíochtaí de bheith an-leachtach i gcodarsnacht leis an margadh bannaí rialtais airgid. In úsáid na n‑ionstraimí sin bheadh gá le nósanna imeachta riosca agus córais TF láidre chun faireachán a dhéanamh ar na sreafaí oibre oibríochtúla gaolmhara agus ar riosca intreach an mhargaidh seo agus chun dul i ngleic leo.
Mar a míníodh thuas, ní ghabhfadh aon taobhú uathfheidhmeach le húsáid na sócmhainní ná na n‑ionstraimí sin de bharr an Chinnte. Ina ionad sin, ní dhéanfadh an Cinneadh ach an Coimisiún a údarú chun na hinfheistíochtaí sin a dhéanamh nuair a bheadh dálaí an mhargaidh fabhrach. Cuirfidh an Coimisiún stuamacht agus dícheall cuí i bhfeidhm agus úsáid á baint aige as na cumhachtaí feabhsaithe infheistíochta sin chun an dóchúlacht go mbeidh torthaí dearfacha orthu a uasmhéadú. Tuairisceoidh sé maidir leis an gcinneadh úsáid a bhaint as na cumhachtaí sin ina thuarascálacha bliantúla, agus na cúiseanna leis an domhan infheistíochta a leathnú á míniú aige agus na torthaí breathnaithe á dtuairisciú aige nuair a cheadaíonn sonraí feidhmíochta sin.
E. Critéir Chomhshaoil, Shóisialta agus Rialachais a chomhtháthú
Óir tá ag méadú ar thábhacht na gcleachtas Comhshaoil, Sóisialta agus Rialachais (ESG) a bhaineann le hinfheistíocht agus tá sé beartaithe ag an gCoimisiún dea-shampla a thabhairt sa réimse seo, chuirfí a dtábhacht sa phróiseas roghnaithe sócmhainní i dtábhacht leis an gCinneadh seo. D’áireofaí scagadh dearfach (chun fabhrú do cheisteanna comhshaoil, sóisialta agus rialachais a chomhtháthú agus infheistíochtaí á roghnú) agus scagadh diúltach (liosta gníomhaíochtaí a eisiafar chun críocha infheistíochta sa státchiste ar fhorais eiticiúla nó mhorálta) ann araon.
2020/0143 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Cinneadh 2003/77/CE lena leagtar síos treoirlínte airgeadais ilbhliantúla maidir le sócmhainní CEGC faoi leachtú agus, nuair a bheidh an leachtú críochnaithe, sócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach a bhainistiú
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Phrótacal Uimh. 37 maidir leis na hiarmhairtí airgeadais toisc Conradh CEGC a dhul in éag agus leis an gCiste Taighde um Ghual agus Cruach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 2(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le bheith aeráidneodrach faoi 2050, teastaíonn “ceannródaithe aeráide agus acmhainní” ón Aontas Eorpach chun na chéad fheidhmeanna tráchtála a fhorbairt le haghaidh teicneolaíochtaí ceannródaíocha sna príomhearnálacha tionsclaíochta faoi 2030, chomh maith le próiseas déanta cruach saor ó charbón faoi 2030.
(2)De bhun Chinneadh 2003/76/CE ón gComhairle, déanfaidh an Coimisiún sócmhainní an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach (CEGC) faoi leachtú agus, nuair a bheidh an leachtú críochnaithe, sócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach a bhainistiú sa chaoi go n‑áiritheofar toradh fadtéarmach. Le Cinneadh 2003/77/CE ón gComhairle leagtar síos na treoirlínte airgeadais ilbhliantúla maidir leis na sócmhainní sin a bhainistiú. De réir Airteagal 2 de Chinneadh 2003/77/CE, tá an Coimisiún le hathbhreithniú a dhéanamh ar na treoirlínte sin nó iad a fhorlíonadh agus tá sé lena n‑oibríocht agus a n‑éifeachtacht a athbhreithniú.
(3)Chun tacaíocht fhónta a sholáthar do thionscadail taighde chomhoibríocha fhiúntacha a bhfuil an mhais chriticiúil agus an breisluach Eorpach acu chun feabhas a chur ar inbhuanaitheacht, iomaíochas, sláinte, sábháilteacht agus dálaí oibre sna hearnálacha a bhaineann leis an tionscal guail agus cruach, ní mór a áirithiú go soláthrófar na híocaíochtaí a bhaineann leis an leithdháileadh bliantúil arna shainmhíniú in [Airteagal 2 de] Chinneadh 2003/76/CE agus arna bhunú leis go dtí an bhliain 2027 chun na tionscadail sin a mhaoiniú. Ba cheart na híocaíochtaí sin a mhaoiniú leis an nglanioncam ó na hinfheistíochtaí agus leis na fáltais arna nginiúint trí chuid de na sócmhainní a dhíol, suas leis an méid bliantúil a leagann seirbhís ainmnithe an Choimisiúin amach arna bhunú ar Chinneadh 2003/76/CE agus Cinneadh 2008/376/CE.
(4)Ón taithí a fuarthas ón tréimhse cúig bliana is déanaí maidir leis na treoirlínte airgeadais a chur chun feidhme (2012-2017) agus ó fhorbairtí i ndálaí an mhargaidh airgeadais is léir nach mór na treoirlínte sin a oiriúnú.
(5)Na sócmhainní a bheidh fágtha tar éis na n‑aistarraingtí go dtí go mbeidh 2027 ann, aistarraingtí a bhaineann leis an leithdháileadh bliantúil arna bhunú le Cinneadh 2003/76/CE, ba cheart iad a bhainistiú ar bhonn tréimhse infheistíochta ionchasach níos fadtéarmaí, agus éagsúlú breise á cheadú dá réir.
(6)Ar an meán, tá sé comhsheasmhach le torthaí ionchasacha níos airde cuid mhór de na sócmhainní a infheistiú san fhadtéarma, gan dearmad a dhéanamh ar na féidearthachtaí maidir le méadú ar an luaineacht sa gearrthéarma. D’ainneoin sin, ba cheart é a bheith d'aidhm ag na hinfheistíochtaí méid leordhóthanach sócmhainní leachtacha a áirithiú le haghaidh na n‑íocaíochtaí bliantúla a d’iarr seirbhís ainmnithe an Choimisiúin bunaithe ar Chinneadh 2003/76/CE agus Cinneadh 2008/376/CE.
(7)De bharr na dtreoirlínte airgeadais, ba cheart cur chuige níos solúbtha a bheith ann a mhéid a bhaineann leis na gnéithe teicniúla den chur chun feidhme agus ba cheart ionstraimí iomchuí infheistíochta a chinneadh chun na cuspóirí infheistíochta a bhaint amach.
(8)Níor cheart gach cineál sócmhainní a mheas as féin, ach mar gheall ar a ról i bpunann éagsúlaithe. Go stairiúil bíonn torthaí méadaithe mar gheall ar éagsúlú idir cineálacha sócmhainní, gan ach an leibhéal céanna riosca a bheith i gceist. Tá an comhghaol idir sócmhainní tábhachtach maidir le cinntí a bhaineann le leithdháileadh na sócmhainní laistigh de chomhthéacs riosca agus thoradh foriomlán na hinfheistíochta.
(9)Ba cheart sócmhainní CEGC faoi leachtú agus, nuair a bheidh an leachtú críochnaithe, sócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach a bhainistiú ar bhonn straitéis infheistíochta ar cheart a chur in iúl i bhfoirm leithdháileadh straitéiseach sócmhainní nó tagarmhairc, agus cuspóirí infheistíochta agus lamháltas riosca na sócmhainní á léiriú. Leis an tagarmharc soláthraítear treoraíocht fhadtéarmach infheistíochta do na bainisteoirí punainne, i bhfoirm leithdháiltí ar chineálacha difriúla sócmhainní.
(10)Sna treoirlínte airgeadais, ba cheart infheistíochtaí a cheadú i mbannaí fíorleachtacha atá sloinnte in US$ arna n‑eisiúint ag rannpháirtithe ceannasacha, rannpháirtithe fornáisiúnta, rannpháirtithe focheannasacha agus gníomhaireachtaí rialtais chun cur leis an éagsúlú, agus an riosca go mbeadh caillteanais ann de bharr luaineacht an ráta malairte eachtraí á fhálú – ar leibhéal iomchuí – san am céanna. Ba cheart an deis a bheith ag an gCoimisiún cinneadh a dhéanamh, faoi réir comhaontú le hoifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin, maidir le hinfheistíochtaí i sócmhainní eile atá sloinnte in airgeadraí geilleagar sárfhorbartha eile agus/nó in airgeadraí Ballstát eile. Ba cheart cinntí mar sin a bheith bunaithe ar léiriú lánréasúnaithe ar bhuntáistí na hinfheistíochta i gceist maidir le feidhmíocht na sócmhainní. De bharr na dtreoirlínte airgeadais ba cheart leathnú a theacht ar raon feidhme na n‑infheistíochtaí incháilithe maidir le deiseanna ar neamhchosaint éagsúlaithe ar innéacsanna margaidh leathana, earnálacha geografacha áirithe agus cineálacha sócmhainní ar leith a chur ar fáil.
(11)Ba cheart ionstraimí eile airgeadais a cheadú sna treoirlínte airgeadais, mar atá todhchaíochtaí, réamhchonarthaí agus babhtálacha chun rioscaí agus neamhchosaintí a bhainistiú, mar atá rátaí úis agus riosca airgeadra.
(12)Tá ag méadú ar thábhacht na gcleachtas Comhshaoil, Sóisialta agus Rialachais (ESG) a bhaineann le hinfheistíocht agus ba cheart iad a chur san áireamh le haghaidh na gcinntí infheistíochta. Ba cheart Cinneadh 2003/77/CE a leasú freisin chun cleachtais ESG a thabhairt isteach trí scagadh dearfach a áireamh, lena bhfabhrófar do cheisteanna comhshaoil, sóisialta agus rialachais a chomhtháthú agus infheistíochtaí á roghnú, agus scagadh diúltach, ina mbeadh liosta gníomhaíochtaí a eisiafar chun críocha infheistíochta sa státchiste ar fhorais eiticiúla nó mhorálta.
(13)Sa tuarascáil bhliantúil a thugann an Coimisiún do na Ballstáit maidir leis na hoibríochtaí bainistithe a dhéantar faoi na treoirlínte airgeadais, ba cheart faisnéis a sholáthar maidir leis an leithdháileadh ar na haicmí difriúla sócmhainní. Ba cheart aon athrú mór ar an leithdháileadh straitéiseach sócmhainní a mhíniú sa tuarascáil bhliantúil freisin.
(14)Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2003/77/CE a leasú dá réir.
(15)Mar gheall ar an nascáil struchtúrach le Cinneadh 2003/76/CE, níor cheart go mbeadh feidhm ag an leasú seo ach ón dáta a mbeidh feidhm ag Cinneadh [XXXX/XX] lena leasaítear Cinneadh 2003/76/CE lena mbunaítear na bearta is gá chun an Prótacal a chur chun feidhme, Prótacal atá i gceangal leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach, maidir leis na hiarmhairtí airgeadais toisc Conradh CEGC a dhul in éag agus leis an gCiste Taighde um Ghual agus Cruach. Agus Airteagal 145 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag Tarraingt Siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach á chur san áireamh, is iomchuí nach mbeidh feidhm ag an leasú seo go dtí an 1 Eanáir 2021 nó dá éis sin,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh 2003/77/CE mar seo a leanas:
(1)cuirtear Airteagal 1a isteach mar a leanas:
“Airteagal 1a
Déanfar sócmhainní CEGC faoi leachtú agus, nuair a bheidh an leachtú críochnaithe, sócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach a bhainistiú chun íocaíochtaí bliantúla a sholáthar, laistigh de theorainneacha an leithdháilte bhliantúil de EUR [111 mhilliún], chun taighde comhoibríoch sna hearnálacha a bhaineann leis an tionscal guail agus cruach a mhaoiniú. Déanfar na híocaíochtaí bliantúla a mhaoiniú leis an nglanioncam ó na hinfheistíochtaí agus leis na fáltais arna nginiúint trí chuid de shócmhainní CEGC faoi leachtú agus, nuair a bheidh an leachtú críochnaithe, sócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach a dhíol, suas leis an méid bliantúil a leagann seirbhís ainmnithe an Choimisiúin amach arna bhunú ar Chinneadh 2003/76/CE agus Cinneadh 2008/376/CE.’;
(2)cuirtear an téacs san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na hIarscríbhinne.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón dáta a mbeidh feidhm ag Cinneadh [XXXX/XX] lena leasaítear Cinneadh 2003/76/CE lena mbunaítear na bearta is gá chun an Prótacal a chur chun feidhme, Prótacal atá i gceangal leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach, maidir leis na hiarmhairtí airgeadais toisc Conradh CEGC a dhul in éag agus leis an gCiste Taighde um Ghual agus Cruach nó ón 1 Eanáir 2021, cibé acu is déanaí.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,16.7.2020
COM(2020) 321 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an
gCINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Cinneadh 2003/77/CE lena leagtar síos treoirlínte airgeadais ilbhliantúla maidir le sócmhainní CEGC faoi leachtú agus, nuair a bheidh an leachtú críochnaithe, sócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach a bhainistiú
IARSCRÍBHINN
Treoirlínte airgeadais maidir le sócmhainní CEGC faoi leachtú agus, nuair a bheidh an leachtú críochnaithe, sócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach a bhainistiú
1.ÚSÁID CISTÍ
Úsáidfear sócmhainní CEGC faoi leachtú, lena n‑áirítear a phunann iasachta agus a infheistíochtaí, de réir mar is gá chun oibleagáidí CEGC atá fágtha a chomhlíonadh, i dtéarmaí a iasachtaí gan íoc, a ghealltanais a eascraíonn as buiséid oibriúcháin roimhe seo, agus aon dliteanas nárbh fhéidir a thuar.
Sa mhéid nach bhfuil sócmhainní CEGC faoi leachtú ná, nuair a bheidh an leachtú críochnaithe, sócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach ag teastáil chun na hoibleagáidí a dtugtar tuairisc orthu sa chéad fhomhír a chomhlíonadh, déanfar na sócmhainní sin a infheistiú go stuama i gcomhréir leis an tréimhse infheistíochta ionchasach a roghnaíodh chun torthaí a bhaint amach is féidir a úsáid chun leanúint de thaighde a mhaoiniú sna hearnálacha a bhaineann leis an tionscal guail agus cruach.
Úsáidfear sócmhainní CEGC faoi leachtú agus, nuair a bheidh an leachtú críochnaithe, sócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach chun íocaíochtaí bliantúla a sholáthar, laistigh de theorainneacha an leithdháilte bhliantúil de EUR [111 mhilliún], le haghaidh taighde sna hearnálacha a bhaineann leis an tionscal guail agus cruach. Déanfar na híocaíochtaí sin a ghiniúint tríd an nglanioncam ó na hinfheistíochtaí. I gcás nach leor an glanioncam sin chun an leithdháileadh bliantúil a chomhlíonadh, déanfar é a fhorlíonadh leis na fáltais arna nginiúint trí chuid de shócmhainní CEGC faoi leachtú agus, nuair a bheidh an leachtú críochnaithe, cuid de shócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach a dhíol. Tar éis na bliana 2027, déanfar Sócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach a infheistiú ar bhealach lena soláthrófar ioncam is féidir a úsáid mar mhaoiniú chun leanúint de thaighde sna hearnálacha a bhaineann leis an tionscal guail agus cruach.
2.AN TRÉIMHSE INFHEISTÍOCHTA IONCHASACH, LAMHÁLTAS OIBIACHTÚIL AGUS LAMHÁLTAS RIOSCA
Déanfar sócmhainní CEGC faoi leachtú agus, nuair a bheidh an leachtú críochnaithe, sócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach a infheistiú agus é de chuspóir acu luach na sócmhainní sin a chaomhnú agus, nuair is féidir, a fheabhsú (“an cuspóir infheistíochta”). Déanfar an cuspóir infheistíochta a shaothrú thar an tréimhse infheistíochta ionchasach, agus déanfar é a chomhlíonadh le leibhéal ard muiníne.
Déanfar na sócmhainní a bhainistiú i gcomhréir le rialacha stuamachta agus prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais agus i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta a leagann oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin amach.
Déanfar an cuspóir infheistíochta a chomhlíonadh trí straitéis stuama infheistíochta a chur chun feidhme arna bunú ar ardleibhéal éagsúlaithe thar chineálacha sócmhainní, limistéir gheografacha, eisitheoirí agus aibíochtaí incháilithe (“an straitéis infheistíochta”). Agus an straitéis infheistíochta á leagan amach cuirfear an tréimhse infheistíochta ionchasach san áireamh agus áiritheofar go mbeidh na cistí is gá ar fáil i bhfoirm leachtach a dóthain de réir mar is gá agus nuair is gá.
Cuirfear an straitéis infheistíochta in iúl i bhfoirm leithdháilte straitéisigh sócmhainní, lena leagfar amach na sprioc-leithdháiltí táscacha ar chatagóirí difriúla sócmhainní airgeadais incháilithe.
Léireoidh an Coimisiún an Leithdháileadh Straitéiseach Sócmhainní i dtagarmharc straitéiseach (“an tagarmharc”) lena gcuirfear feidhmíocht shócmhainní CEGC faoi leachtú agus, nuair a bheidh an leachtú críochnaithe, shócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach i gcomparáid.
Beartóidh an Coimisiún an straitéis infheistíochta agus an tagarmharc agus déanfar iad a chomhaontú le hOifigeach Cuntasaíochta an Choimisiúin, tar éis dul i gcomhairle le hoifigigh údarúcháin an Choimisiúin trí tharmligean.
Féadfaidh an Coimisiún an straitéis infheistíochta agus an tagarmharc a mhodhnú má bhíonn athrú ar na dálaí eacnamaíocha arna dhoiciméadú agus arna réasúnú go cuí, athrú substaintiúil ar riachtanais agus staid na n‑ionstraimí ranníocaíochta nó athrú nach beag ar mheastacháin insreafa/eis-sreafa. Is ionann an nós imeachta chun an straitéis infheistíochta a mhodhnú agus an ceann a bhí ann nuair a glacadh i dtosach í.
Agus an straitéis infheistíochta á bunú cuirfear an tréimhse infheistíochta ionchasach agus lamháltas riosca shócmhainní CEGC faoi leachtú agus, nuair a bheidh an leachtú críochnaithe, shócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach san áireamh.
3.NA PRIONSABAIL MAIDIR LE SÓCMHAINNÍ A LEITHDHÁILEADH AGUS INFHEISTÍOCHTAÍ INCHÁILITHE
Áiritheofar éagsúlú leordhóthanach i measc na gcineálacha sócmhainní ar fad agus laistigh díobh chun rioscaí infheistíochta a laghdú. I bprionsabal, dá mhéad riosca agus/nó leachtacht a bhaineann le sócmhainn, is ea is lú dlúithe na neamhchosainte.
Is féidir neamhchosaint ar na cineálacha difriúla sócmhainní agus éagsúlú a bhaint amach freisin trí infheistíochtaí i ngnóthais chomhinfheistíochta nó táirgí arna dtrádáil ar an malartán.
Ní dhéanfar sócmhainní CEGC faoi leachtú ná, nuair a bheidh an leachtú críochnaithe, sócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach a infheistiú ach iontu seo a leanas:
(a)
sócmhainní margaidh airgid arna sloinneadh in euro;
(b)
urrúis ioncaim sheasta, agus;
(c)
comhinfheistíochtaí rialáilte i bhfiachas agus cothromas.
Beidh neamhchosaint ag sócmhainní CEGC faoi leachtú agus, nuair a bheidh an leachtú críochnaithe, sócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach ar na cineálacha sócmhainní dá dtagraítear san fhomhír roimhe seo trí infheistiú sna hionstraimí seo a leanas nó trí na hoibríochtaí seo a leanas a dhéanamh:
(a)
taiscí;
(b)
ionstraimí margaidh airgid agus cistí margaidh airgid, lena dtugtar leachtacht laethúil, arna rialú le Rialachán (AE) 2017/1131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
(c)
ionstraimí fiachais, amhail bannaí, billí, agus nótaí, agus ionstraimí urrúsaithe i gcomhréir leis na critéir Shimplí, Thrédhearcacha agus Chaighdeánaithe (STS) a leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
(d)
gnóthais chomhinfheistíochta a chumhdaítear le Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena n‑áirítear cistí arna dtrádáil ar an malartán a infheistítear in ionstraimí cothromais nó fiachais i gcás nach féidir le huaschaillteanais a bheith níos mó ná na méideanna a infheistíodh;
(e)
comhaontuithe athcheannaigh i gcomhréir leis an bprionsabal a bunaíodh le hAirteagal 212(2) den Rialachán Airgeadais;
(f)
comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais;
(g)
oibríochtaí iasachta urrús le córais imréitigh aitheanta amhail Clearstream agus Euroclear, nó le príomhinstitiúidí airgeadais a shainfheidhmíonn sa chineál seo oibríochta.
Ní húsáidfear díorthaigh, i bhfoirm conarthaí todhchaíochtaí, conarthaí réamhcheaptha agus babhtálacha, ach chun punanna a bhainistiú go héifeachtúil, agus ní úsáidfear iad chun críocha amhantraíochta ná chun suíomhanna a ghiaráil. Is féidir na díorthaigh sin a úsáid chun an fad a choigeartú, chun creidmheas nó riosca ábhartha eile a mhaolú nó le haghaidh athruithe i leithdháileadh na sócmhainní atá comhsheasmhach leis an bpolasaí infheistíochta.
Is féidir sócmhainní CEGC faoi leachtú agus, nuair a bheidh an leachtú críochnaithe, sócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach a infheistiú i mbannaí fíorleachtacha atá sloinnte i ndollair na Stát Aontaithe arna n‑eisiúint ag eintitis rialtais agus eintitis fhornáisiúnta ar mhaithe le héagsúlú agus neamhchosaint ar chuar eile ráta úis, agus ar mhaithe leo siúd amháin. Déanfar aon riosca airgeadra a fhálú agus úsáid iomchuí á baint as babhtálacha nó ionstraimí eile le haghaidh fálú airgeadra eachtraigh, faoi mar a shonraítear san fhomhír roimhe seo.
Féadfaidh an Coimisiún, faoi réir chomhaontú an oifigigh cuntasaíochta, raon feidhme na n‑infheistíochtaí incháilithe a mhéadú chun cineálacha eile sócmhainní agus oibríochtaí eile infheistíochta a áireamh, infheistíochtaí a bheadh comhsheasmhach leis an straitéis infheistíochta agus leis na cuspóirí infheistíochta, chomh maith le bheith comhsheasmhach le hairgeadraí geilleagar sárfhorbartha eile, mar a liostaíonn an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta iad ó am go ham agus a bheadh faoi réir fhálú an riosca airgeadra. Aon chinneadh aicmí nua sócmhainní, oibríochtaí nua infheistíochta nó airgeadraí nua geilleagar sárfhorbartha a áireamh, tacófar leis le réasúnú réasúnaithe de réir aicme sócmhainní, oibríochta nó airgeadra maidir leis an gcaoi a gcuirfear feabhas ar fheidhmíocht riosca agus toraidh shócmhainní CEGC faoi leachtú agus, nuair a bheidh an leachtú críochnaithe, shócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach de bharr na bhféidearthachtaí leathnaithe infheistíochta. Sa réasúnú sin áireofar measúnú ar na hinniúlachtaí oibríochtúla lena mbeidh gá chun tacú leis na féidearthachtaí nua infheistíochta sin.
4.BREITHNITHE COMHSHAOIL, SÓISIALTA, RIALACHAIS AGUS MORÁLTA
Beidh feidhm ag na critéir chomhshaoil, shóisialta agus rialachais seo a leanas:
(a)
cuirfear infheistíochtaí shócmhainní CEGC faoi leachtú agus, nuair a bheidh an leachtú críochnaithe, shócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach chun feidhme i gcomhréir le cuspóir beartais an Aontais maidir le cothroime inbhuanaithe airgeadais agus shóisialta a chaomhnú a mhéad atá comhsheasmhach le caipiteal na sócmhainní a chosaint;
(b)
agus an beartas infheistíochta á chur chun feidhme déanfar an reachtaíocht ábhartha ar fad a chomhlíonadh, reachtaíocht lena gcuirtear ionstraimí airgeadais comhshaoil, sóisialta agus rialachais (ESG) chun cinn, agus déanfar na caighdeáin, córais, critéir agus próisis ábhartha arna mbunú le creat rialacháin an Aontais a urramú;
(c)
féadfaidh an Coimisiún dul i gcomhairle leis an Sainghrúpa Teicniúil um Maoiniú Inbhuanaithe, nó lena chomharba, maidir le fachtóirí ESG a chur chun feidhme ar straitéis infheistíochta le haghaidh shócmhainní CEGC faoi leachtú agus, nuair a bheidh an leachtú críochnaithe, shócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach;
(d)
déanfaidh an Coimisiún faireachán ar phróifíl ESG shócmhainní CEGC faoi leachtú agus, nuair a bheidh an leachtú críochnaithe, shócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach, agus tuairisceoidh sé uirthi sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear i bpointe 7 (nósanna imeachta Bainistíochta).
Ar fhorais mhorálta nó eiticiúla, déanfar na gníomhaíochtaí sa liosta seo a leanas a eisiamh chun críoch infheistíochta:
(a)
infheistíochtaí in urrúis arna n‑eisiúint ag eintitis a fuarthas amach maidir leo, i bhfios don Choimisiún agus trí bhreithiúnas críochnaitheach nó cinneadh riaracháin críochnaitheach, go raibh ceann de na gníomhaíochtaí seo a leanas á dhéanamh acu:
(i). gníomhaíochtaí a mheastar a bheith mídhleathach nó ar cuireadh cosc orthu ar fhorais mhorálta nó eiticiúla faoi chreat rialacháin an Aontais agus coinbhinsiúin agus comhaontuithe idirnáisiúnta;
(ii). gníomhaíochtaí a bhaineann le forbairt, táirgeacht agus trádáil armlóin nó arm a bhfuil cosc orthu de bharr an dlí idirnáisiúnta is infheidhme.
(b)
infheistíochtaí in urrúis arna n‑eisiúint ag gnóthais a ghineann, i bhfios don Choimisiún, níos mó ná 25 % dá n‑ioncam bliantúil foriomlán ó na gníomhaíochtaí a liostaítear thíos:
(i). gníomhaíochtaí cearrbhachais (gníomhaíochtaí a bhaineann le táirgeacht, tógáil, dáileadh, próiseáil, trádáil nó bogearraí);
(ii). táirgí agus gníomhaíochtaí a bhaineann le tobac (táirgeadh, dáileadh, próiseáil, agus trádáil);
(iii). trádáil an ghnéis agus bonneagar, seirbhísí agus meáin ghaolmhara.
5.AN tAISTRIÚ CHUIG BUISÉAD AN AONTAIS EORPAIGH
An glanioncam ó infheistíochtaí shócmhainní CEGC faoi leachtú agus, nuair a bheidh an leachtú críochnaithe, shócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach agus na bhfáltas arna nginiúint trí chuid de na sócmhainní a dhíol, cuirfear iad le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh mar ioncam tiomnaithe agus aistreofar iad ó shócmhainní CEGC faoi leachtú agus, nuair a bheidh an leachtú críochnaithe, ó shócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach nuair is gá chun na hoibleagáidí ón líne buiséid atá dírithe ar chláir thaighde na n‑earnálacha a bhaineann leis an tionscal guail agus cruach a chomhlíonadh.
6.CUNTASAÍOCHT
Cuirfear bainistiú na gcistí san áireamh i gcuntais bhliantúla shócmhainní CEGC faoi leachtú agus, nuair a bheidh an leachtú críochnaithe, shócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach. Bunófar iad seo ar Rialacha Cuntasaíochta CE mar a ghlac Oifigeach Cuntasaíochta an Choimisiúin iad agus cuirfear i láthair iad i gcomhréir leo, agus cineál sonrach CEGC faoi leachtú agus, nuair a bheidh an leachtú críochnaithe, shócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach á chur san áireamh. Déanfaidh an Coimisiún na cuntais a fhormheas agus déanfaidh an Chúirt Iniúchóirí scrúdú orthu. Fostóidh an Coimisiún gnólachtaí seachtracha chun iniúchadh bliantúil a dhéanamh ar a chuntais.
7.NÓSANNA IMEACHTA BAINISTÍOCHTA
I ndáil le CEGC faoi leachtú agus, nuair a bheidh an leachtú críochnaithe, sócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach, déanfaidh an Coimisiún na hoibríochtaí bainistíochta thuasluaite i gcomhréir leis na treoirlínte seo agus faoina rialacha agus nósanna imeachta inmheánacha a bheidh i bhfeidhm ar CEGC ar uair a dhíscaoilte nó faoi mar a mhodhnófar iad ina dhiaidh sin.
Dréachtóidh an Coimisiún tuarascáil mhionsonraithe bhliantúil ar na hoibríochtaí bainistíochta a dhéanfar faoi na treoirlínte airgeadais seo agus seolfaidh sé chuig na Ballstáit í. Sa tuarascáil bhliantúil, áireoidh an Coimisiún faisnéis faoi úsáid na gcineálacha difriúla sócmhainní, na cúiseanna leis an rogha infheistiú i gcineálacha sonracha sócmhainní agus feidhmíocht bhreathnaithe gach cineál sócmhainní.