AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,16.7.2020
COM(2020) 319 final
2020/0142(APP)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
Lena leasaítear Cinneadh 2003/76/CE lena mbunaítear na bearta is gá chun an Prótacal a chur chun feidhme, ar Prótacal é atá i gceangal leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, maidir leis na hiarmhairtí airgeadais toisc Conradh CEGC a dhul in éag agus maidir leis an gCiste Taighde um Ghual agus Cruach
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Dhaingnigh an tAontas Eorpach Comhaontú Pháras an 4 Deireadh Fómhair 2016 ag geallúint go gcuideoidh an tAontas leis an ardú teochta domhanda a choimeád níos lú ná 2 °C agus go bhféachfaidh sé lena shrianadh ag 1.5 °C. De bhun na hoibleagáide idirnáisiúnta sin, tá aontaithe ag an Aontas agus ag na Ballstáit sraith spriocanna uaillmhianacha a shocrú chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú idir 80 % agus 95 % faoi 2050 agus 40 % faoi 2030.
I mí na Samhna 2018 chuir an Coimisiún i láthair a fhís fhadtéarmach chun geilleagar rachmasach, nua-aimseartha, iomaíoch agus aeráidneodrach a bhaint amach faoi 2050 - A Clean Planet for all [Pláinéad Glan do Chách]. I ndiaidh cuirí a fháil ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle Eorpach, thug an Coimisiún breac-chuntas ina Theachtaireacht ar roinnt beart, lena n‑áirítear féachaint ar bhealaí inar féidir le sócmhainní an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach faoi leachtú tacú le teicneolaíochtaí ceannródaíocha maidir le déanamh cruach atá beagnach saor ó charbón.
I gcomhréir lena fhís fhadtéarmach, i mí na Nollag 2019 d’fhoilsigh an Coimisiún an Teachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip. I measc na mbeart arna ndéanamh, chuir an Coimisiún dícharbónú na hearnála cruach ar an gclár oibre polaitiúil mar ábhar tosaíochta agus tá sé tiomanta féachaint an féidir cuid den chistiú faoin gComhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach faoi leachtú a úsáid chun tacú le próisis déanta cruach atá beagnach saor ó charbón faoi 2030. Tá idir €175 agus €290 billiún d’infheistíochtaí bliantúla breise ag teastáil ón Eoraip sna blianta seo amach romhainn. Sa chomhthéacs sin, laistigh de Phlean Infheistíochta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, molann an Coimisiún go ndéanfar athbhreithniú ar bhunúis dlí an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach chun sreabhadh caipitil phríobháidigh go dtí tionscadail ghlasa a spreagadh.
Is clár cistiúcháin de chuid an Aontais é Clár Taighde an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach (RFCS) lena maoinítear tionscadail taighde sna hearnálacha guail agus cruach. Tá a bhunúis dlí féin ag RFCS atá lasmuigh den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil. Tar éis don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach (CEGC) a dhul in éag in 2002 agus faoi Phrótacal 37 atá i gceangal le Conarthaí an Aontais, bhunaigh na Ballstáit “an Ciste Taighde nua um Ghual agus Cruach” (RFCS) chun teacht i gcomharba leanúnach ar Chláir Thaighde agus Cláir Fhorbairt Theicniúil um Ghual agus Cruach de chuid an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach. Chuireadh Clár Taighde RFCS cistiúchán EUR 40 milliún ar fáil go bliantúil d’earnálacha atá gaolmhar le gual agus cruach i gcomhair taighde agus nuálaíochta (le dáileadh 27,2 % don ghual agus 72,8 % don chruach) rud a thug páirtithe tionsclaíocha, FBManna, ceannionaid taighde agus ollscoileanna ar fud an Aontais le chéile chun eolas a fhorbairt agus nuálaíocht a chothú. Cistítear a chuid gníomhaíochta leis an ioncam a ghintear trí shocmhainní CEGC faoi leachtú, i gcomhréir le mír 2 d’Airteagal 1 de Phrótacal 37. Chun luaineachtaí i maoiniú an taighde a d’fhéadfadh teacht as gluaiseachtaí sna margaí airgeadais a laghdú a oiread agus is féidir, cuirtear socrú smúdála i bhfeidhm. Mar sin féin, i ndiaidh meath ar ioncaim ó bhainistiú sócmhainní, thit an méid cistithe a fuair buiséad RFCS ón nglanioncam agus ón sásra smúdála ó EUR 42 mhilliún in 2017 go dtí EUR 12 mhilliún in 2019. In 2017, mhol an Coimisiún úsáid a bhaint as gealltanais saortha agus orduithe aisghabhála lena gcuirfear EUR 40 milliún breise leis an mbuiséad go dtí 2020. In Aibreán 2018, ghlac Parlaimint na hEorpa rún reachtach [P8_TA (2018)0061] a bhí ag gabháil leis an toiliú a thug sí maidir le Cinneadh 2018/599 ón gComhairle, a raibh sé d’aidhm aige údarú a thabhairt d’úsáid na ngealltanas saortha agus na n‑orduithe gnóthaithe uile a rinneadh faoi chlár “an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach” (RFCS) ó 2003 i leith. Sa rún sin, d’iarr Parlaimint na hEorpa go mbainfear leas níos gníomhaí as bainistiú shócmhainní CEGC faoi leachtú, nó fiú roinnt de na cistí sin a úsáid chun mórthionscadail a sheoladh maidir le cuach ón Eoraip a dhéanamh glan agus iomaíoch.
Mar a aithnítear cheana féin, tá cistiú bliantúil EUR 40 milliún ar a laghad ag teastáil chun tionscadal taighde RFCS a chur chun feidhme go rathúil. Mar sin féin, faoin ráta úis reatha, ós rud é go n‑ídíodh na hacmhainní atá ar fáil chun an sásra smúdála a cheadú agus i bhfianaise tharraingt siar na Ríochta Aontaithe, beidh sé deacair fáltais iomchuí bhliantúla a ghiniúint ar na sócmhainní infheistithe sa ghearrthéarma nó sa mheántéarma.
Ba é tátal athbhreithnithe ón gCúirt Iniúchóirí le déanaí maidir leis an gComhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach nach inbhuanaithe RFCS a chistiú le hioncam ó bhainistiú sócmhainní amháin de bharr thimpeallacht reatha na rátaí úis. Go háirithe, mhol an Chúirt Iniúchóirí go raibh sé práinneach athbhreithniú a dhéanamh ar na treoirlínte airgeadais agus ba cheart gur freagraíodh leis sin conas gur féidir leas níos fearr a bhaint as cothromas CEGC faoi leachtú laistigh de chláir réime taighde an Aontais.
I mí an Mheithimh 2019, d’áitigh Grúpaí Comhairleacha um Ghual agus Cruach (CAG agus SAG) athbhreithniú a dhéanamh ar na bunúis dlí chun a áirithiú go leanfar den chlár, agus, ag an am céanna, cuspóirí na hearnála faoi láthair a oiriúnú. Ag an am céanna, d’fhormhuinigh siad sciar de na sócmhainní, atá comhionann, go garbh, le haon trian a úsáid ar bhealach forásach (arb ionann é agus EUR 50-70 milliún in aghaidh na bliana don bhliain 2021-2027) chun tionscadail taighde a chistiú san earnáil ghuail agus chruach, i sineirgíocht leis an Sásra um Aistriú Cóir, tionscnamh na réigiún guail atá i mbun aistrithe, Fís Eorpach agus an Ciste don Nuálaíocht. An 25 Meitheamh 2019 d’fhormhuinigh an comhghrúpa ad-hoc CAG-SAG sócmhainní CEGC a oscailt.
Le taighde agus nuálaíocht is féidir fearas a fhorbairt agus a léiriú sa scála iomchuí sna hearnálacha dian ar fhuinneamh maidir leis na sonraí teicniúla agus eacnamaíocha uile a thástáil chun leanúint den teicneolaíocht a shaothrú ó thaobh tionsclaíoch nó tráchtála de gan ach an riosca is lú. Sa Chomhaontú Glas don Eoraip 2019, moltar tacú le teicneolaíochtaí ceannródaíocha maidir leis an gcruach ghlan chun próiseas déanta cruach saor ó charbón a bhaint amach faoi 2030 agus chun féachaint más féidir cuid den chistiú atá á leachtú faoin gComhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach a úsáid. Is é an Ciste Taighde um Ghual agus Cruach go háirithe a fhorbróidh táirgeadh Cruach Glan a d’fhéadfadh an-difear a dhéanamh maidir le hearnálacha eile dian ar fhuinneamh, amhail na hearnálacha ceimiceán agus stroighne, a tharraingt i dtreo na haeráidneodrachta faoi 2050.
Dá bhrí sin, tá ábharthacht, práinn agus uaillmhian ag baint anois le hathbhreithniú a dhéanamh ar bhunúis dlí RFCS.
I bhfianaise an mhéid thuas, moltar sa togra sin athruithe a dhéanamh ar an gCinneadh reatha. Tá sé d’aidhm aige go gceadófar cuid de shócmhainní CEGC faoi leachtú don tréimhse 2021-2027 a dhíol chun leithdháileadh bliantúil RFCS EUR 111 mhilliún in aghaidh na bliana a sholáthar. Leis an leithdháileadh bliantúil sin leanfar de thacú le taighde comhoibríoch sna hearnálacha atá gaolmhar le gual agus cruach faoi Chlár Taighde RFCS, tacófar freisin le teicneolaíochtaí ceannródaíocha lena mbainfear amach próiseas déanta cruach atá beagnach saor ó charbón faoi 2030 agus tionscadail taighde don earnáil ghuail maidir le haistriú cóir mianach guail a bhíodh ag feidhmiú roimhe seo nó mianaigh ghuail atá á ndúnadh, agus bonneagar gaolmhar i gcomhréir leis an Sásra um Aistriú Cóir agus i gcomhréir le hAirteagal 4(2). Beidh sé d’aidhm ag an gCoimisiún tacú le tionscadail taighde, go háirithe san earnáil atá gaolmhar leis an tionscal cruach, trí chomhpháirtíocht comhchláraithe tiomnaithe maidir leis an gCruach Ghlan atá i sineirgíocht le cláir eile de chuid an Aontais, go háirithe leis an gClár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht.
Meastar gur uirlis luachmhar é comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí Eorpach chun tacú le forbairt agus cur chun feidhme gníomhaíochtaí taighde a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo chun go gcuirfear ar chumas an Aontais aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda agus a leibhéal iomaíochais a choinneáil.
Athruithe atá beartaithe chun go gceadófar sócmhainní an chiste a úsáid i gcás inar gá chun leithdháileadh bliantúil eur 40 milliún a sholáthar agus tionscadail mhóra taighde agus nuálaíochta a mhaoiniú.
Moltar Cinneadh 2003/76/CE a mhodhnú chun leithdháileadh bliantúil a sholáthar go dtí an bhliain 2027 do RFCS a mbainfear úsáid as mar seo a leanas: Le EUR 40 milliún in aghaidh na bliana maoineofar taighde comhoibríoch san earnáil ghuail agus san earnáil chruach agus leis an EUR 71 mhilliún atá fágtha maoineofar teicneolaíochtaí ceannródaíocha lena mbainfear amach próiseas déanta cruach atá beagnach saor ó charbón agus tionscadail taighde maidir le haistriú cóir mianach guail a bhíodh ag feidhmiú roimhe seo nó mianaigh ghuail atá á ndúnadh, agus bonneagar gaolmhar i gcomhréir leis an Sásra um Aistriú Cóir. Ba cheart na leithdháiltí sin agus íocaíochtaí gaolmhara a ghiniúint tríd an nglanioncam ar infheistíochtaí agus, i gcás inar gá, trí fháltais arna nginiúint trí shócmhainní a dhíol.
Ba cheart an leithdháileadh sin a chumhdach go sonrach sa Chinneadh chun sreabhadh intuartha acmhainní a cheadú, ar scála leordhóthanach go n‑áiritheofar go leanfar den tacaíocht inmhianaithe maidir le taighde comhoibríoch sna hearnálacha cruach agus guail.
Go dtí seo, bhí sócmhainní CEGC faoi leachtú á mbainistiú ar bhonn go maoineofar tionscadail taighde trí fháltas na sócmhainní a infheistíodh. Léirítear an méid sin sna focail a úsáidtear i mír 1 (“cistí a úsáid”) den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2003/77/CE ón gComhairle agus in aithris 3 den Chinneadh céanna, lena bhforáiltear “gur cheart caipiteal uile Shócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach a choimeád slán”.
Ar na cúiseanna a leagtar amach thuas, níl an cur chuige sin ag teacht leis na riachtanais atá ann maidir leis an leibhéal cistiúcháin is gá a sholáthar chun clár taighde tábhachtach a bheith inmharthana sna hearnálacha cruach agus guail.
Mar sin, níl an t‑éileamh leanúnach go gcoinneofar sócmhainní an chiste slán réadúil agus ní mór é a mhodhnú. Ina theannta sin, níl oibleagáidí ann na cúlchistí a choinneáil chun dearbhuithe a sholáthar do chreidiúnaithe CEGC ós rud é nach bhfuil aon iasacht eile gan íoc.
Chuige sin, ní mór an Cinneadh a leasú chun léiriú níos fearr a thabhairt ar riachtanais an bheartais bhunúsaigh a sholáthróidh CEGC faoi leachtú, agus na dúshláin maidir le fáltais ar an leibhéal is gá a ghiniúint i gcomhthéacs dhálaí reatha an mhargaidh, agus, ag an am céanna, dóthain sócmhainní CEGC a choinneáil chun ioncaim a ghiniúint tar éis 2027.
Moltar deireadh a chur leis an sásra smúdála ó mheastar gur uirlis í atá imithe i léig tar éis ghlacadh na n‑athruithe arna moladh.
Ina theannta sin, bainfidh an Coimisiún úsáid as an athbhreithniú ar an gCinneadh chun éilimh a dhíscríobh i gcás go mbeadh an costas aisghabhála is intuartha os cionn an méid atá le haisghabháil agus nach ndéanfadh an díscríobh dochar d’íomhá an Aontais; i gcás nach féidir an t‑éileamh a aisghabháil i bhfianaise dhócmhainneacht an fhéichiúnaí, nó imeachtaí dócmhainneachta eile; i gcás nach bhfuil aisghabháil ag teacht le prionsabal na comhréireachta.
Ar deireadh, ba cheart go scriosfar mír 2 d’Airteagal 2, lena leagtar síos an nós imeachta maidir le glacadh na dtreoirlínte airgeadais ilbhliantúla le haghaidh na sócmhainní a bhainistiú agus mír 3 d’Airteagal 4, lena leagtar síos an nós imeachta maidir le treoirlínte teicniúla ilbhliantúla le haghaidh an chláir, ós rud é gur cuireadh as feidhm go hiomlán iad le mír 2 d’Airteagal 2 de Phrótacal 37.
Ba cheart na forálacha iomarcacha sin a scriosadh ar chúiseanna trédhearcachta agus ós rud é nach féidir a bheith ag brath orthu a thuilleadh.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Is cuid de phacáiste dlíthiúil é an togra lena ndéantar athbhreithniú ar chlár taighde RFCS. Tá sé nasctha go háirithe leis an méid seo a leanas:
·Togra ón gCoimisiún chun leasú a dhéanamh ar Chinneadh 2008/376/CE ón gComhairle maidir le glacadh Chlár Taighde an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach agus maidir leis na treoirlínte teicniúla ilbhliantúla le haghaidh an chláir sin.
·Togra ón gCoimisiún chun leasú a dhéanamh ar Chinneadh 2003/77/CE ón gComhairle lena leagtar síos na treoirlínte airgeadais ilbhliantúla le haghaidh bhainistiú shócmhainní an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach (CEGC) faoi leachtú agus, ar an leachtú a bheith críochnaithe, bhainistiú shócmhainní RFCS. Tá an t‑athbhreithniú arna dhéanamh ar Chinneadh 2003/77/CE, faoi fhreagracht Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid, ag teacht le hAthbhreithniú 2019 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir le foirceannadh CEGC.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Déantar an togra a athbhreithniú i gcomhréir le Comhaontú Pháras, an Teachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip’ lena leagtar amach creat a bhfuil sé d’aidhm aige an tAontas a bheith ar an gcéad ilchríoch ar domhan atá neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050 agus an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Plean Infheistíochta an Chomhaontaithe Ghlais – Plean Infheistíochta d’Eoraip Inbhuanaithe, a cuireadh i láthair an 14 Eanáir 2020.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é Airteagal 2 de Phrótacal (Uimh. 37) atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh an bunús dlí lena dtugtar cead don Aontas beart a dhéanamh maidir leis na hiarmhairtí airgeadais toisc Conradh CEGC a dhul in éag agus maidir leis an gCiste Taighde um Ghual agus Cruach.
•Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)
Bunaítear na bearta lena gcuirtear an Prótacal chun feidhme i gCinneadh ón gComhairle, agus tá ceart tionscnaimh eisiach ag an gCoimisiún maidir leis an athbhreithniú le haghaidh tograí reachtacha.
•Comhréireacht
Tá an togra riachtanach chun go mbunófar na bearta is gá le haghaidh chur chun feidhme an Phrótacail, atá i gceangal le Conarthaí an Aontais, maidir leis na hiarmhairtí airgeadais toisc Conradh CEGC a dhul in éag agus leis an gCiste Taighde um Ghual agus Cruach.
•An rogha ionstraime
Déantar Cinneadh ón gComhairle a leasú leis an ionstraim seo agus mar sin ní mór é a bheith ina Chinneadh.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Tá an togra bunaithe ar thorthaí na tuarascála a eisítear seacht n‑uaire in aghaidh na bliana, lena ndéantar faireachán ar Chlár RFCS, lena n‑áirítear measúnú a dhéanamh ar na tairbhí ionchasacha, le cúnamh ó phainéal saineolaithe. Foilsíodh an tuarascáil is déanaí a eisítear seacht n‑uaire in aghaidh na bliana an 5 Feabhra 2020. Rinne na saineolaithe anailís ar fheidhmiú an Chláir RFCS, rinne siad measúnú ar fhorbairtí teicneolaíochta an chláir agus ar thairbhí ionchasacha an chláir don earnáil agus don tsochaí, agus tharraing siad moltaí maidir le feabhas a chur ar an gclár, lena n‑áirítear athbhreithniú ar an mbunús dlí.
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Ghlac páirtithe leasmhara RFCS páirt i roinnt cruinnithe ad-hoc, cruinnithe de Ghrúpaí Comhairleacha sonracha (Grúpa Comhairleach Guail – CAG, Grúpa Comhairleach Cruach- SAG) agus cruinnithe COSCO (atá coibhéiseach le Coiste Cláir Fhís 2020). Mar thoradh díreach na gcruinnithe sin, d’fhormhuinigh an Comhghrúpa ad-hoc CAG-SAG sócmhainní CEGC a oscailt an 25 Meitheamh 2019.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Léirítear réamhthorthaí na tuarascála reatha maidir le Faireachán agus Measúnú RFCS ag an seimineár “Cruach agus Gual: Dearcadh Nua” arna thionól ag an gCoimisiún Eorpach an 28 Márta 2019 ag a raibh níos mó ná 100 páirtithe leasmhara i láthair.
•Measúnú tionchair
Ní gá measúnú tionchair a dhéanamh ar an athbhreithniú atá beartaithe, toisc go meastar nach mbeidh tionchar suntasach ar chúrsaí eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Tá an togra bunaithe ar thorthaí na tuarascála a eisítear seacht n‑uaire in aghaidh na bliana, ina bhforáiltear athbhreithniú rialta ar chlár RFCS, lena n‑áirítear measúnú a dhéanamh ar na tairbhí ionchasacha.
•Cearta bunúsacha
Tá an togra ag teacht le cosaint na gceart bunúsach.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Leis an togra seo ní chruthaítear aon dliteanas nua a mhuirearófar ar an mBuiséad Ginearálta faoi CAI reatha.
5.EILIMINTÍ EILE
•Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Tá an t‑athbhreithniú teoranta do na forálacha seo a leanas:
(1)Airteagal 1, mír 1a
Leis an airteagal seo tugtar isteach an clásal “de minimis” agus tá sé bunaithe ar Airteagal 101 den Rialachán Airgeadais maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais. Leis an airteagal seo ceadaítear don Choimisiún éilimh a dhíscríobh, fiú sula mbainfidh sé triail as gach réiteach féideartha, i gcásanna teoranta sonracha ina mbeadh an costas aisghabhála is intuartha os cionn an méid atá le haisghabháil agus nach ndéanfadh an díscríobh dochar d’íomhá an Aontais; nó i gcás dhócmhainneacht an fhéichiúnaí nó i gcás nach bhfuil an aisghabháil ag teacht le prionsabal na comhréireachta. Le cur i bhfeidhm an chlásail seo beifear in ann deireadh ordúil a chur leis an bpróiseas leachtaithe.
(2)Airteagal 2, mír 1
‑Bainisteoidh an Coimisiún na sócmhainní ar bhealach lena gcoimeádfar leithdháileadh RFCS bliantúil [EUR 111 mhilliún], go dtí an bhliain 2027 chun taighde sna hearnálacha atá gaolmhar leis an tionscal guail agus cruach a mhaoiniú agus eadhon [EUR 40 milliún] chun taighde comhoibríoch sna hearnálacha sin a mhaoiniú agus [EUR 71 mhilliún] chun taighde le haghaidh teicneolaíochtaí ceannródaíocha lena mbainfear amach próiseas déanta cruach atá beagnach saor ó charbón a mhaoiniú agus chun tionscadail taighde agus nuálaíochta maidir le haistriú cóir mianach guail a bhíodh ag feidhmiú roimhe seo nó mianaigh ghuail atá á ndúnadh a mhaoiniú, agus bonneagar gaolmhar i gcomhréir leis an Sásra um Aistriú Cóir agus le hAirteagal 4(2). I ndiaidh na bliana 2027, bainisteoidh an Coimisiún na sócmhainní ar bhealach ina náirithítear fáltas fadtéarmach. Déanfar na sócmhainní a infheistiú agus é mar chuspóir luach na sócmhainní sin a chaomhnú, nó i gcás inarb fhéidir, iad a fheabhsú.
(3)Airteagal 2, mír 1(a)
1a.Ba cheart an leithdháileadh bliantúil [EUR 111 mhilliún] a bheith comhdhéanta de ghlanioncam ó na hinfheistíochtaí agus, nuair nach leor sin, cuid de shócmhainní CEGC faoi leachtú a dhíol agus ar an leachtú a bheith críochnaithe, sócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach a dhíol.
(4)In Airteagal 2, scriostar mír 2
(5)Airteagal 3, mír 1
1.Dréachtófar cuntas brabúis agus caillteanais, clár comhardaithe agus tuarascálacha airgeadais gach bliain chun go léireofar, ar leithligh ó oibríochtaí airgeadais eile an Aontais Eorpaigh, na hoibríochtaí leachtaithe dá bhforáiltear in Airteagal 1 agus na hidirbhearta infheistíochta agus oibríochtaí bainistíochta sócmhainní faoi Airteagal 2. Cuirfear na tuarascálacha airgeadais sin i gceangal leis na ráitis airgeadais arna dtarraingt suas ag an gCoimisiún go bliantúil faoi hAirteagal 318 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus faoin Rialachán Airgeadais maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais.
(6)Airteagal 3, mír 2
2.Beidh feidhm ag cumhachtaí Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus na Cúirte Iniúchóirí maidir le rialú agus urscaoileadh mar a leagtar amach sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus sa Rialachán Airgeadais maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, beidh feidhm acu maidir leis na hoibríochtaí dá dtagraítear i mír 1.
(7)Airteagal 4, mír 1
1.Ioncam sannta seachtrach i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a bheidh sa ghlanioncam ó infheistíochtaí dá bhforáiltear faoi Airteagal 2 agus sna fáltais a ghintear trí chuid de na sócmhainní a dhíol. Cuirfear an t‑ioncam seo in áirithe chun críoch sonrach, eadhon tionscadail taighde sna hearnálacha atá gaolmhar leis an tionscal guail agus cruach lasmuigh den Chlár Réime um Thaighde a mhaoiniú. Cruthófar an Ciste Taighde um Ghual agus Cruach leis seo agus is é an Coimisiún a bhainisteoidh é.
(8)In Airteagal 4, scriostar mír 3
(9)In Airteagal 5, scriostar mír 2
(10)Scriostar an Iarscríbhinn.
2020/0142 (APP)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
Lena leasaítear Cinneadh 2003/76/CE lena mbunaítear na bearta is gá chun an Prótacal a chur chun feidhme, ar Prótacal é atá i gceangal leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, maidir leis na hiarmhairtí airgeadais toisc Conradh CEGC a dhul in éag agus maidir leis an gCiste Taighde um Ghual agus Cruach
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Phrótacal Uimh. 37 maidir leis na hiarmhairtí airgeadais toisc Conradh CEGC a dhul in éag agus maidir leis an gCiste Taighde um Ghual agus Cruach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad mhír d’Airteagal 2 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Chuaigh an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach in éag an 23 Iúil 2002 i gcomhréir le hAirteagal 97 den Chonradh sin. Aistríodh sócmhainní agus dliteanais uile an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach (CEGC) chuig an Aontas an 24 Iúil 2002.
(2)I gcomhréir le Prótacal Uimh. 37, measfar glanfhiúchas na sócmhainní agus na ndliteanas, faoi mar a thaispeántar iad i gclár comhardaithe CEGC an 23 Iúil 2002, mar shócmhainní atá ceaptha le haghaidh taighde sna hearnálacha atá gaolmhar leis an tionscal guail agus cruach, dá ngairtear “CEGC faoi leachtú”, agus, ar an leachtú a bheith críochnaithe, dá ngairtear “sócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach”.
(3)Foráiltear le Prótacal Uimh. 37 go mbainfear leis eisiach as an ioncam ó na sócmhainní sin, dá ngairtear “An Ciste Taighde um Ghual agus Cruach” (RFCS), le haghaidh taighde, lasmuigh den chlár réime taighde, sna hearnálacha atá gaolmhar leis an tionscal guail agus cruach i gcomhréir le forálacha Phrótacal Uimh. 37 agus gníomhartha arna nglacadh ar an mbonn sin.
(4)An 1 Feabhra 2003, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2003/76/CE, lena mbunaítear na rialacha le haghaidh Prótacal Uimh. 37 a chur chun feidhme.
(5)De bharr an chomhthéacs rátaí ísle úis tá na hioncaim arna sannadh do chistiú na dtionscadal taighde maidir le gual agus cruach ag laghdú go gasta.
(6)Mar thoradh air sin, d’fhéadfadh nach mbainfear amach an t‑íosbhuiséad criticiúil atá ann chun glao bliantúil ar thogra a eagrú le haghaidh chlár taighde an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach (an “clár”).
(7)Tá gá le híosbhuiséad criticiúil le haghaidh glao a eagrú ionas go mbeidh an clár in ann tacaíocht thábhachtach a thabhairt do thionscadail taighde chomhoibríocha fhónta a bhfuil an mhais chriticiúil agus an breisluach Eorpach acu chun feabhas a chur ar an inbhuanaitheacht i.e. sláinte, sábháilteacht, dálaí oibre agus an tionchar atá ag na hearnálacha atá gaolmhar leis an tionscal guail agus cruach ar an gcomhshaol a laghdú.
(8)Sa Teachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip – COM(2019) 640 final, thug an Coimisiún gealltanas tacú le teicneolaíochtaí ceannródaíocha don chruach glan lena mbainfear próiseas déanta cruach atá beagnach saor ó charbón amach faoi 2030. Chun an méid sin a chumasú, thug an Coimisiún gealltanas féachaint an bhféadfaí cuid den chistiú faoin CEGC faoi leachtú a úsáid.
(9)Chun spriocanna an Aontais a bhaint amach, meastar i bPlean Infheistíochta an Chomhaontaithe Ghlais agus sa Teachtaireacht maidir leis an Sásra um Aistriú Cóir – COM(2020) 21 final - gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar bhunúis dlí RCFS chun go mbeifear in ann sócmhainní CEGC faoi leachtú a úsáid, agus ar an leachtú a bheith críochnaithe, sócmhainní RFCS a úsáid.
(10)Ba cheart go gceadófar cuid de shócmhainní CEGC faoi leachtú a dhíol agus, ar an leachtú a bheith críochnaithe, sócmhainní RFCS a dhíol, chun tionscadail taighde sna hearnálacha guail agus cruach a mhaoiniú, ar choinníoll go gcoinneofar cúlchistí chun na hoibleagáidí teoranta atá fágtha a ráthú, mar thoradh ar aon dliteanas nárbh fhéidir a thuar agus gur cheart aon chuid réasúnach de na sócmhainní, nach bhfuil gá léi a thuilleadh don mhéid dá dtagraítear thuas, a infheistiú chun ioncaim a ghiniúint.
(11)D’fhéadfadh go mbeadh gá cuid de shócmhainní CEGC faoi leachtú a dhíol, agus ar an leachtú a bheith críochnaithe, sócmhainní RFCS a dhíol chun leithdháileadh bliantúil [EUR 111 mhilliún] a sholáthar do RFCS go dtí an bhliain 2027, a mbainfear úsáid as mar seo a leanas: Le [EUR 40 milliún] in aghaidh na bliana maoineofar taighde comhoibríoch san earnáil ghuail agus san earnáil chruach agus leis an [EUR 71 mhilliún] atá fágtha maoineofar teicneolaíochtaí ceannródaíocha lena mbainfear amach próiseas déanta cruach atá beagnach saor ó charbón agus tionscadail taighde maidir le haistriú cóir mianach guail a bhíodh ag feidhmiú roimhe seo nó mianaigh ghuail atá á ndúnadh, agus bonneagar gaolmhar i gcomhréir leis an Sásra um Aistriú Cóir agus le hAirteagal 4(2). Tá an fhéidearthacht cuid de shócmhainní CEGC faoi leachtú a dhíol, agus ar an leachtú a bheith críochnaithe, sócmhainní RFCS a dhíol, teoranta do leithdháiltí bliantúla do na blianta airgeadais 2021 - 2027 a mhaoiniú.
(12)Ba cheart, mar sin, nach maoineofar RFCS leis an nglanioncam ó na hinfheistíochtaí amháin ach freisin, i gcás inar gá, leis na fáltais arna nginiúint trí chuid de shócmhainní an chiste a dhíol suas go dtí an méid a bheartaítear don tréimhse 2021-2027.
(13)Ba cheart go scriosfar mír 2 d’Airteagal 2, lena leagtar síos an nós imeachta maidir le glacadh na dtreoirlínte airgeadais ilbhliantúla le haghaidh na sócmhainní a bhainistiú agus mír 3 d’Airteagal 4, lena leagtar síos an nós imeachta maidir le treoirlínte airgeadais ilbhliantúla le haghaidh an chláir, ós rud é gur cuireadh as feidhm iad le mír 2 d’Airteagal 2 de Phrótacal 37.
(14)Moltar deireadh a chur leis an sásra smúdála toisc é a bheith imithe i léig.
(15)Ba cheart mír nua a chur le hAirteagal 1, chun go bhféadfar éilimh a dhíscríobh bunaithe ar na prionsabail a bunaíodh le hAirteagal 101(2), an chéad fhomhír, den Rialachán Airgeadais.
(16)Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2003/76/CE a leasú dá réir sin,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh 2003/76/CE mar a leanas:
(1)Leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:
(a)Cuirtear isteach mír 1a seo a leanas:
‘1a. Déanfaidh an Coimisiún éilimh a dhíscríobh, fiú sula mbainfidh sé triail as na réitigh uile, sna cásanna seo a leanas:
(a)I gcás nach mbeadh an costas aisghabhála is intuartha os cionn an méid atá le haisghabháil agus nach ndéanfadh an díscríobh dochar d’íomhá an Aontais
(b)I gcás nach féidir an t‑éileamh a aisghabháil i bhfianaise dhócmhainneacht an fhéichiúnaí, nó imeachtaí dócmhainneachta eile
(c)I gcás nach bhfuil aisghabháil ag teacht le prionsabal na comhréireachta.’
(2)Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
(a)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Bainisteoidh an Coimisiún na sócmhainní ar bhealach lena gcoimeádfar leithdháileadh RFCS bliantúil [EUR 111 mhilliún] go dtí an bhliain 2027 chun taighde sna hearnálacha atá gaolmhar leis an tionscal guail agus cruach a mhaoiniú agus eadhon [EUR 40 milliún] chun taighde comhoibríoch sna hearnálacha sin a mhaoiniú agus [EUR 71 mhilliún] chun taighde le haghaidh teicneolaíochtaí ceannródaíocha lena mbainfear amach próiseas déanta cruach atá beagnach saor ó charbón a mhaoiniú agus chun tionscadail taighde agus nuálaíochta maidir le haistriú cóir mianach guail a bhíodh ag feidhmiú roimhe seo nó mianaigh ghuail atá á ndúnadh a mhaoiniú, agus bonneagar gaolmhar i gcomhréir leis an Sásra um Aistriú Cóir agus le hAirteagal 4(2). I ndiaidh na bliana 2027, bainisteoidh an Coimisiún na sócmhainní ar bhealach ina n‑áiritheofar fáltas fadtéarmach. Déanfar na sócmhainní a infheistiú agus é mar chuspóir luach na sócmhainní sin a chaomhnú, nó i gcás inarb fhéidir, iad a fheabhsú.’
(b)Cuirtear isteach mír 1a seo a leanas:
‘1a. Ba cheart an leithdháileadh bliantúil [EUR 111 mhilliún] a bheith comhdhéanta de ghlanioncam ó na hinfheistíochtaí agus, nuair nach leor sin, cuid de shócmhainní CEGC faoi leachtú a dhíol agus ar an leachtú a bheith críochnaithe, sócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach a dhíol.’
(c)Scriostar mír 2.
(2)In Airteagal 3,
(a)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Dréachtófar cuntas brabúis agus caillteanais, clár comhardaithe agus tuarascálacha airgeadais gach bliain chun go léireofar, ar leithligh ó oibríochtaí airgeadais eile an Aontais Eorpaigh, na hoibríochtaí leachtaithe dá bhforáiltear in Airteagal 1 agus na hidirbhearta infheistíochta agus oibríochtaí bainistíocht sócmhainní faoi Airteagal 2.
Cuirfear na tuarascálacha airgeadais sin i gceangal leis na ráitis airgeadais arna dtarraingt suas ag an gCoimisiún go bliantúil faoi hAirteagal 318 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus faoin Rialachán Airgeadais maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais.’
(b)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. Beidh feidhm ag cumhachtaí Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus na Cúirte Iniúchóirí maidir le rialú agus urscaoileadh mar a leagtar amach sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus sa Rialachán Airgeadais maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, beidh feidhm acu maidir leis na hoibríochtaí dá dtagraítear i mír 1.’
(3)In Airteagal 4
(a)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Ioncam i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a bheidh sa ghlanioncam ó infheistíochtaí dá bhforáiltear faoi Airteagal 2 agus sna fáltais a ghintear trí chuid de na sócmhainní a dhíol. Cuirfear an t‑ioncam seo in áirithe chun críoch sonrach, eadhon tionscadail taighde sna hearnálacha atá gaolmhar leis an tionscal guail agus cruach nach gcumhdaítear leis an gClár Réime um Thaighde a mhaoiniú. Cruthófar an Ciste Taighde um Ghual agus Cruach leis seo agus is é an Coimisiún a bhainisteoidh é.’
(b)Scriostar mír 3.
(4)In Airteagal 5, scriostar mír 2.
(5)Scriostar an Iarscríbhinn.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021 nó ina dhiaidh sin.
Airteagal 3
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán