An Bhruiséil,22.6.2020

COM(2020) 257 final

2020/0126(APP)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 216/2013 maidir le foilsiú leictreonach Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Foilsítear Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i bhfoirm leictreonach de bhun Rialachán (AE) Uimh. 216/2013 (“an Rialachán”) 1 .

Chun barántúlacht na hIrise Oifigiúla a ráthú, ní mór don fhoilsiú leictreonach sin ríomhshíniú cáilithe nó ríomhshéala cáilithe a bheith air i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 2 .

Is féidir barántúlacht, sláine agus neamh‑inathraitheacht an eagráin leictreonaigh den Iris Oifigiúil a ráthú trí mhodhanna éagsúla eagrúcháin agus teicniúla lena dtugtar ráthaíochtaí slándála inchomparáide. Féadann na modhanna sin athrú le himeacht aimsire. Chun go seachnófaí an gá an Rialachán a leasú i dtaca le gach modh nó teicneolaíocht nua nó i dtaca le gach athrú ar na sonraí teicniúla, tá sé beartaithe foclaíocht an Rialacháin a athfhoirmliú ar bhealach is cineálaí. Is ábhar inspioráide iad rialacha na Fraince agus Lucsamburg lena rialaítear foilsiú irisí náisiúnta na dtíortha sin faoi seach. Ar mhaithe leis an trédhearcacht, tabharfar tuairisc, ar shuíomh gréasáin EUR-Lex, ar an gcóras a chuirfear ar bun chun an bharántúlacht a áirithiú, rud a chuirfidh ar chumas na saoránach barántúlacht leagan leictreonach na hIrise Oifigiúla a fhíorú go héasca.

D'ainneoin an Iris Oifigiúil a bheith neamh‑inathraitheach, i bprionsabal, tagann sé i gceist go mbíonn gá faisnéis áirithe a bhaint anuas den Iris Oifigiúil, i ndiaidh a foilsithe. Baintear anuas an fhaisnéis sin trí reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint sonraí a chur i bhfeidhm nó bunaithe ar chinntí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh arna nglacadh de bhun rialacha nós imeachta na Cúirte sin 3 . Ar mhaithe leis an deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart rialáil a dhéanamh ar an gcur isteach sin ar na rialacha maidir leis an mbarántúlacht. An cleachtas atá ann maidir le bunleagan eagrán na hIrise Oifigiúla lena mbaineann an bhaint anuas, eadhon nach n‑athraítear an bunleagan sin sa phróiseas agus go gcoimeádtar é i gcartlann Oifig na bhFoilseachán ar feadh tréimhse neamhtheoranta, ní athróidh an leasú atá molta an cleachtas sin.

De réir an Rialacháin, is é an leagan den Iris Oifigiúil a fhoilsítear go leictreonach amháin atá barántúil agus a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla aige. Níl ach aon eisceacht amháin ón riail sin 4 : i gcás nach féidir an Iris Oifigiúil a fhoilsiú de dheasca suaitheadh eisceachtúil gan choinne ar chóras faisnéise Oifig na bhFoilseachán. Sna cásanna sin, is é leagan priontáilte na hIrise Oifigiúla amháin atá barántúil agus a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla aige. A luaithe a bheidh córas faisnéise Oifig na bhFoilseachán ag feidhmiú athuair, cuirfear leagan leictreonach a chomhfhreagraíonn don leagan priontáilte ar fáil don phobal ar shuíomh gréasáin EUR-Lex. Is chun críoch faisnéise amháin an leagan leictreonach sin.

Tá bearta teagmhasacha curtha i bhfeidhm ag Oifig na bhFoilseachán, lena maolaítear an riosca nach mbeifear in ann foilsiú a dhéanamh agus an t‑eagrán leictreonach den Iris Oifigiúil a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin EUR-Lex. Sna cásanna neamhdhóchúla sin ina dtagann an riosca sin chun cinn d'ainneoin na mbeart go léir, is fearr mar réiteach réamhshocraithe an Iris Oifigiúil a bheith ar taispeáint ag áitreabh Oifig na bhFoilseachán, i bhfoirm phriontáilte nó leictreonach (mar shampla, stóráilte ar ríomhaire pearsanta as líne), ag brath ar cibé réiteach is indéanta sa chás nithiúil féin. Mar sin, ba cheart an Rialachán a leasú dá réir sin.

Le tabhairt isteach an eagráin leictreonaigh bharántúil den Iris Oifigiúil simplítear an rochtain ar dhlí an Aontais agus méadaítear an deimhneacht dhlíthiúil.     Bunaithe ar an réasúnaíocht chéanna, is fearr go bhféadann saoránaigh brath a mhéid is féidir ar an leagan den Iris Oifigiúil atá curtha ar fáil ar shuíomh gréasáin EUR-Lex. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe gurb é an leagan leictreonach, a chuirfear ar fáil don phobal ar shuíomh gréasáin EUR-Lex tar éis suaitheadh ar na córais faisnéise, a bheidh ar an leagan barántúil a luaithe a chuirfear ar fáil é. Dá réir sin, ón bpointe sin ar aghaidh, ceanglaítear leis an deimhneacht dhlíthiúil nach mbeidh stádas barántúil a thuilleadh ag an leagan ní ba luaithe (priontáilte nó leictreonach).

Ar deireadh, ó tháinig an Rialachán i bhfeidhm, níor foilsíodh ach trí eagrán den Iris Oifigiúil san eagrán priontáilte barántúil de bhun Airteagal 3 den Rialachán sin 5 . I gcomhréir leis an réasúnaíocht a mhínítear thuas, agus chun comhleanúnachas a áirithiú, is iomchuí barántúlacht agus éifeachtaí dlíthiúla a thabhairt do na heagráin leictreonacha a chomhfhreagraíonn do na heagráin phriontáilte sin. Tá na heagráin sin bunaithe ar na comhaid fhíordheimhnithe chéanna leis na heagráin phriontáilte agus cuireadh ar fáil iad don phobal ar shuíomh gréasáin EUR-Lex go pras tar éis fhoilsiú na n‑eagrán páipéir. Dá bhrí sin, ní chaithfear amhras ar an deimhneacht dhlíthiúil leis an bhforáil atá molta.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Is comhlánú é an leasú atá molta, i dtaca le barántúlacht na hIrise Oifigiúla, ar an rogha - a chuirtear ar fáil de dhroim Rialachán Uimh. 910/2014 maidir le ríomh‑shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh‑idirbheart sa mhargadh inmheánach - doiciméad a fhíordheimhniú le ríomhshíniú nó le ríomhshéala. Is comhlánú é freisin ar rialacha reatha an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Neamhbhainteach

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an Togra seo le haghaidh Rialacháin bunaithe ar Airteagal 352 CFAE. Is é sin bunús dlí Rialachán Uimh. 216/2013 agus Rialachán (AE) 2018/2056 lena leasaítear é. Moltar go ndéanfaí an dara leasú ar Rialachán Uimh. 216/2013 agus ba chóir an bunús dlí céanna a bheith leis.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Neamhbhainteach

Comhréireacht

Is é is aidhm don Togra foilsiú na hIrise Oifigiúla a shimpliú mar aon le rochtain na saoránach uirthi. Le foclaíocht níos cineálaí an Togra beifear in ann an Iris Oifigiúil a fhíordheimhniú trí mhodhanna nua teicneolaíochta, gan aon ghá le leasuithe breise. Leis an bhfoclaíocht sin, tugtar an oibleagáid faisnéis áirithe a bhaint anuas den Iris Oifigiúil agus prionsabal na neamh‑inathraitheachta chun réitigh agus leagtar síos barántúlacht na n‑eagrán leictreonach a fhoilsítear tar éis suaitheadh ar na córais faisnéise. Is iad na leasuithe atá molta is gá chun an aidhm sin a bhaint amach.

An rogha ionstraime

Neamhbhainteach

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Neamhbhainteach

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Rinneadh an dréacht‑togra a thíolacadh do na hInstitiúidí ag cruinniú Choiste Bainistíochta Oifig na bhFoilseachán an 18 Deireadh Fómhair 2019, agus ag cruinniú Grúpa Idirinstitiúideach Lex (GIL) an 15 Deireadh Fómhair 2019.

Bailiú agus úsáid saineolais

Neamhbhainteach

Measúnú tionchair

Ós rud é nach raibh iontu ach mionathruithe, ní dhearnadh aon mheasúnú tionchair.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

I dtaca le foilsiú na hIrise Oifigiúla faoi choinníollacha lena gcinnteofar a barántúlacht, ní athróidh an méid sin beag ná mór na roghanna teicneolaíochta atá ann faoi láthair. Leis an leasú atá molta cuirtear isteach rialacha soiléire, lena dtugtar chun réitigh ceanglas neamh‑inathraitheacht na hIrise Oifigiúla agus na hoibleagáidí a eascraíonn as reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta nó as cinntí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh faisnéis áirithe a bhaint anuas i ndáil leis an bpobal. I dtaca le rochtain ar an Iris Oifigiúil a shimpliú, baintear amach é sin trína áirithiú gurb é an t‑eagrán leictreonach agus sin amháin, nuair is ann dó, leagan a chuirtear ar fáil don phobal ar shuíomh gréasáin EUR-Lex, atá barántúil agus a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla aige. Cuidítear leis an simpliú sin freisin trí fhoráil a thugann stádas barántúlachta eisiach do na heagráin leictreonacha den líon beag eagrán priontáilte barántúil den Iris Oifigiúil a foilsíodh tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 216/2013.

Cearta bunúsacha

Neamhbhainteach

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleachtaí buiséadacha ag an togra.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Tá sé beartaithe iad a chur chun feidhme ón uair a thagann siad i bhfeidhm.

Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)

Neamhbhainteach

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Neamhbhainteach

2020/0126 (APP)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 216/2013 maidir le foilsiú leictreonach Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 352 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le Rialachán (AE) Uimh. 216/2013( 6 ) ón gComhairle, foráiltear go mbeidh ríomhshíniú cáilithe nó ríomhshéala cáilithe, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ar Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a fhoilsítear i bhfoirm leictreonach (“eagrán leictreonach na hIrise Oifigiúla”)( 7 ). Leagtar amach oibleagáid freisin le Rialachán (AE) Uimh. 216/2013 na deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshínithe nó ríomhshéala a fhoilsiú, chomh maith le haon athnuachan orthu, ar shuíomh gréasáin EUR-Lex chun é a chur ar chumas an phobail barántúlacht eagrán leictreonach na hIrise Oifigiúla a fhíorú.

(2)Is féidir barántúlacht, sláine agus neamhinathraitheacht an eagráin leictreonaigh den Iris Oifigiúil a áirithiú trí mhodhanna éagsúla teicniúla, a mhéid a thugtar leo ráthaíochtaí is inchomparáide leis na ráthaíochtaí sin a thugtar le ríomhshíniú cáilithe nó le ríomhshéala cáilithe mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, lena náirítear réitigh agus teicneolaíochtaí nuálacha don todhchaí. Ba cheart go seachnófaí an gá Rialachán (AE) Uimh. 216/2013 a leasú gach uair a bhíonn réiteach nó teicneolaíocht nua le húsáid nó nuair a athraíonn an creat dlíthiúil lena rialaítear an réiteach nó an teicneolaíocht sin.

(3)Is gá rialacha soiléire a leagan síos lena dtabharfar chun réitigh ceanglas neamhinathraitheacht na hIrise Oifigiúla agus na hoibleagáidí a eascraíonn as reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta nó as cinntí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh faisnéis áirithe a bhaint anuas i ndáil leis an bpobal.

(4)Ar mhaithe leis an deimhneacht dhlíthiúil, i gcásanna áirithe nach féidir an Iris Oifigiúil a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin EUR-Lex agus go ndéantar an foilsiú ar mhodhanna eile, i leagan priontáilte nó leictreonach, is gá a áirithiú maidir leis an eagrán leictreonach a chuirfear ar fáil don phobal ina dhiaidh sin ar shuíomh gréasáin EUR-Lex, gurb é a bheidh ann an taon eagrán barántúil amháin agus go mbeidh éifeachtaí dlíthiúla aige.

(5)Chun go mbeadh an tairbhe is mó is féidir ann do shaoránaigh i dtaca le héascaíocht rochtana ar an Iris Oifigiúil, chomh maith leis an deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, is iomchuí freisin stádas barántúlachta eisiach a thabhairt do na heagráin leictreonacha den líon beag eagrán priontáilte barántúil den Iris Oifigiúil a foilsíodh tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 216/2013.

(6)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 216/2013 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 216/2013 mar a leanas:

(1)Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.    Foilseofar an t‑eagrán leictreonach den Iris Oifigiúil faoi choinníollacha teicniúla lena n‑áiritheofar barántúlacht a ábhair.

Maidir leis an gcóras a chuirfear ar bun chun barántúlacht a áirithiú, déanfar é a dhoiciméadú ar shuíomh gréasáin EUR-Lex agus beifear in ann, mar gheall ar an gcóras sin, barántúlacht an eagráin leictreonaigh den Iris Oifigiúil a fhíorú go héasca.’;

(b)Cuirtear mír 4 seo a leanas leis:

‘4.    I gcás nach mór faisnéis áirithe san Iris Oifigiúil a bhaint anuas tar éis a foilsithe de bhun cinneadh ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nó ar chúiseanna cosanta sonraí pearsanta i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais, foilseofar leagan nua den eagrán leictreonach den Iris Oifigiúil lena mbaineann, mar aon le fógra maidir leis an méid sin Coimeádfar bunleagan an eagráin leictreonaigh den Iris Oifigiúil lena mbaineann i gcartlann Oifig na bhFoilseachán ar feadh tréimhse neamhtheoranta.’;

(2)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

Airteagal 3

1.    I gcás nach féidir an t‑eagrán leictreonach den Iris Oifigiúil a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin EUR-Lex de dheasca suaitheadh eisceachtúil gan choinne ar na córais faisnéise i gceist, cuirfear eagrán na hIrise Oifigiúla lena mbaineann, i bhfoirm phriontáilte nó leictreonach, ar taispeáint in áitreabh Oifig na bhFoilseachán. Beidh an t‑eagrán sin barántúil agus beidh éifeachtaí dlíthiúla aige.

2.    A luaithe a bheidh na córais faisnéise dá dtagraítear i mír 1 ag feidhmiú athuair, cuirfear ar fáil ar shuíomh gréasáin EUR-Lex an t‑eagrán leictreonach den Iris Oifigiúil, eagrán a chomhfhreagróidh don eagrán atá foilsithe i gcomhréir le mír 1. Ón bpointe sin ar aghaidh, measfar gurb é sin an t‑aon eagrán barántúil amháin agus beidh éifeachtaí dlíthiúla aige.

3.    Maidir le gach eagrán leictreonach den Iris Oifigiúil a chomhfhreagraíonn do na heagráin phriontáilte bharántúla den Iris Oifigiúil a foilsíodh tar éis an 1 Iúil 2013, measfar gurb é an t‑eagrán leictreonach an t‑aon eagrán barántúil ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Rialachán (AE) Uimh. 216/2013 ón gComhairle an 7 Márta 2013 maidir le foilsiú leictreonach Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (IO L 69, 13.3.2013, lch. 1).
(2)    Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh‑shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh‑idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n‑aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).
(3)    Airteagal 66 de Rialacha nós imeachta na Cúirte Ginearálta agus Airteagal 95 de Rialacha nós imeachta na Cúirte Breithiúnais.
(4)    Airteagal 3 den Rialachán.
(5)    IO L 347, 20.12.2013, IO L 221, 25.7.2014 agus IO L 261I, 14.10.2019.
(6)    Rialachán (AE) Uimh. 216/2013 ón gComhairle an 7 Márta 2013 maidir le foilsiú leictreonach Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (IO L 69, 13.3.2013, lch. 1).
(7)    Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh‑shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh‑idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n‑aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).