AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,18.6.2020
COM(2020) 240 final
2020/0118(CNS)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
lena n
x001e
údaraítear don Phortaingéil ráta dleachta máil laghdaithe a chur i bhfeidhm maidir le táirgí alcóil áirithe a tháirgtear i réigiúin fhéinrialaitheacha Mhaidéara agus na nAsór
{SWD(2020) 108 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
Forais agus cuspóirí an togra
Baineann an togra le Cinneadh ón gComhairle chun Cinneadh Uimh. 376/2014/AE ón gComhairle an 12 Meitheamh 2014, a glacadh de bhun Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus atá i bhfeidhm faoi láthair, a ionadú. Leis an airteagal sin is féidir bearta sonracha a ghlacadh maidir leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas Eorpach mar aithnítear ann go sriantar go mór a bhforbairt agus go ndéantar difear dá staid eacnamaíoch agus shóisialta de thoradh srianta buana comhcheangailte. Ceadaítear leis bearta den sórt sin ar choinníoll nach mbaineann siad de shláine ná de chomhsheasmhacht córas dlí an Aontais, lena n‑áirítear an margadh inmheánach agus na comhbheartais. Údaraítear an Phortaingéil leis an gcinneadh atá i bhfeidhm faoi láthair rátaí dleachta máil ar a bhfuil laghdú suas le 75 % de rátaí caighdeánacha na Portaingéile a chur i bhfeidhm maidir le rum agus licéir a tháirgtear agus a óltar i Maidéara agus maidir le licéir agus eaux-de-vie a tháirgtear agus a óltar sna hAsóir. Rachaidh an cinneadh atá i bhfeidhm faoi láthair in éag an 31 Nollaig 2020.
Is é is cuspóir don bheart seo táirgeoirí sna réigiúin is forimeallaí den Phortaingéil a chúiteamh as an míbhuntáiste iomaíochta de bharr iargúltacht, oileánachas, bheagmhéid, thopagrafaíocht agus aeráid achrannach na réigiún is forimeallaí den Phortaingéil, agus de bharr a spleáchais eacnamaíoch ar roinnt bheag táirgí, rud a dhéanann mórdhochar dá bhforbairt. De thoradh na saintréithe sin, is airde na costais táirgthe ar thairgeoirí sna réigiúin is forimeallaí ná ar thairgeoirí ar an mórthír.
I bhfianaise dháta éaga an Chinnidh, sheol an Coimisiún Eorpach staidéar seachtrach chun measúnú a dhéanamh ar an gcóras atá i bhfeidhm faoi láthair agus ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag roghanna féideartha maidir leis an tréimhse tar éis 2020, lena n‑áirítear an rogha ar a bhfuil an togra atá i bhfeidhm faoi láthair bunaithe.
Is é atá i gceist leis an togra seo an maolú a athnuachan go dtí 2027, é a leathnú chun díolacháin sna hAsóir de rum a tháirgtear go háitiúil a chumhdach agus an ráta laghdaithe a choinneáil ag 75 %, agus é a leathnú freisin chun go mbeidh laghdú 50 % ar an ráta dleachta máil ar dhíolacháin ar mhórthír na Portaingéile de gach táirge atá cumhdaithe.
Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Sonraítear sa Teachtaireacht maidir le Comhpháirtíocht straitéiseach leis na Réigiúin is Forimeallaí san Aontas Eorpach in 2017 go bhfuil dúshláin mhóra roimh na réigiúin is forimeallaí i gcónaí, agus gur dúshláin bhuana cuid mhór díobh sin. Sa Teachtaireacht sin, cuirtear i láthair cur chuige an Choimisiúin maidir le tacú leis na réigiúin sin i leith a sócmhainní uathúla a fhorbairt agus earnálacha nua fáis a bheith á sainaithint ag na réigiúin is forimeallaí chun gur féidir fás agus fostaíocht a chruthú.
Sa chomhthéacs sin, is é is aidhm don togra seo tacú leis na réigiúin is forimeallaí den Phortaingéil i leith a sócmhainní a fhorbairt chun gur féidir fás agus fostaíocht áitiúil a chruthú in earnáil shonrach – earnáil an alcóil. Leis an togra, déantar forlíonadh ar an gClár de Roghanna a bhaineann go sonrach le hIargúltacht agus le hOileánacht (POSEI) atá dírithe ar thacú leis an earnáil phríomhúil agus le táirgeadh amhábhar.
Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an togra i gcomhréir leis an Straitéis maidir le Margadh Aonair, 2015, ina mbeartaíonn an Coimisiún Margadh Aonair níos doimhne agus níos cothroime a sheachadadh a rachaidh chun tairbhe do na páirtithe leasmhara go léir. Ar na cuspóirí leis an mbeart atá beartaithe tá na costais bhreise a bhíonn ar chuideachtaí sna réigiúin is forimeallaí, lena gcuirtear bac ar a rannpháirtíocht iomlán sa Mhargadh Aonair, a mhaolú. I ngeall ar mhéideanna teoranta an táirgthe i gceist, ní mheastar go mbeidh aon tionchar diúltach ann ar fheidhmiú rianúil an Mhargaidh Aonair.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
|
Bunús dlí
Is é Airteagal 349 CFAE an bunús dlí. Cuirtear ar chumas na Comhairle leis an bhforáil sin forálacha sonracha a ghlacadh le cur i bhfeidhm na gConarthaí maidir leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas a oiriúnú.
|
|
Prionsabal na coimhdeachta
Is í an Chomhairle amháin atá údaraithe, ar bhonn Airteagal 349 CFAE, bearta sonracha a ghlacadh chun cur i bhfeidhm na gConarthaí a oiriúnú do na réigiúin is forimeallaí san Aontas, lena n‑áirítear na comhbheartais, de bharr na srianta buana a dhéanann difear do staid eacnamaíoch agus shóisialta na réigiún sin. Is fíor é sin freisin maidir le maoluithe ar Airteagal 110 CFAE. Dá bhrí sin, comhlíonann an togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle prionsabal na coimhdeachta.
|
|
Prionsabal na comhréireachta
|
|
Comhlíonann an togra seo prionsabail na comhréireachta mar a leagtar amach in Airteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Ní théann na leasuithe atá beartaithe thar a bhfuil riachtanach chun dul i ngleic leis na saincheisteanna i gceist agus, ar an gcaoi sin, chun cuspóirí an Chonartha a bhaint amach maidir lena áirithiú go mbeidh an margadh inmheánach ag feidhmiú go héifeachtach cuí.
Go háirithe, leis an leathnú atá beartaithe ar na rátaí laghdaithe chun mórthír na Portaingéile a chumhdach, chuirfí feabhas ar iomaíochas táirgeoirí sna réigiúin is forimeallaí den Phortaingéil gan ach éifeachtaí díobhálacha teoranta ann i leith ioncaim tharscaoilte agus ualaí riaracháin, agus chuirfí na tairgeoirí sin ar comhchéim le táirgeoirí táirgí comhchosúla ar mhórthír na Portaingéile.
|
|
An rogha ionstraime
|
|
Tá sé beartaithe Cinneadh ón gComhairle a chur in ionad Chinneadh Uimh. 376/2014/AE ón gComhairle.
|
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
Meastóireacht ex post ar an reachtaíocht atá ann
Fuarthas amach sa staidéar seachtrach go mbíonn costais táirgthe níos mó i gcónaí ar tháirgeoirí sna réigiúin is forimeallaí ná mar a bhíonn ar tháirgeoirí ar an mórthír, agus cúitítear na costais sin leis an laghdú ar mhál atá i bhfeidhm faoi láthair. Ina theannta sin, sainaithníodh an dá shaincheist seo a leanas a tháinig chun cinn ó glacadh an cinneadh atá i bhfeidhm faoi láthair.
Ar an gcéad dul síos, sonraítear sa staidéar seachtrach go mbíonn rum á tháirgeadh sna hAsóir ach ní chuimsítear é sa chóras atá i bhfeidhm faoi láthair. Mar sin féin, cumhdaítear leis an gcóras rum a tháirgtear i Maidéara, rud a fhágann go bhfuil éagothrom iomaíochta idir táirgeoirí rum sa dá réigiún is forimeallaí. Ansin, anuas ar an táirgeadh breise rum sna hAsóir, sonraítear sa staidéar go bhfuil méadú ag teacht ar an táirgeadh rum i Maidéara agus nach féidir an rum go léir a dhíol go háitiúil de bharr an mhargaidh theoranta sna réigiúin is forimeallaí. Bacainn eile ar na táirgeoirí sin is ea na costais bhreise a bhaineann le rochtain ar mhargadh mhórthír na Portaingéile, agus bíonn rum á stóráil ar chostas dá thoradh sin.
Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Mar chuid den staidéar seachtrach lena dtacaítear leis an anailís ar an gcóras atá i bhfeidhm faoi láthair, fuarthas freagraí i gceistneoirí, in agallaimh agus i bplé ó sheirbhísí ábhartha an Choimisiúin Eorpaigh, ó údaráis na Portaingéile, ó tháirgeoirí an dá réigiún is forimeallaí, agus ó dháileoirí sa Phortaingéil. D’ainneoin iarrachtaí speisialta a rinne an conraitheoir seachtrach, ní bhfuarthas aon fhreagra ó tháirgeoirí ar an mórthír ná ón tsochaí shibhialta.
Measúnú tionchair
Is mar bheart ‘droim le droim’ a ullmhaítear an tionscnamh seo: meastóireacht ex post ar an gcóras atá i bhfeidhm faoi láthair mar aon le measúnú réamhbhreathnaitheach díreach dá éis sin. Tá an measúnú sin, ar na tionchair fhéideartha a bhainfeadh le leanúint den chóras atá i bhfeidhm cheana féin agus b’fhéidir é a athrú, leagtha síos i ndoiciméad anailíseach, lena n‑áirítear iarscríbhinn mheastóireachta. Tá an doiciméad seo bunaithe ar staidéar seachtrach agus ar an bhfaisnéis atá curtha ar fáil ag an mBallstát.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉIDEACHA
Níl aon tionchar ag an togra ar bhuiséad an Aontais Eorpaigh, mar téann iomlán an ioncaim ó dhleachta máil chuig na Ballstáit.
5.EILIMINTÍ EILE
Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Is ag údaráis na Portaingéile agus ag an gCoimisiún a bheidh an ról maidir le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar fheidhmiú an mhaolaithe, mar a bhí go dtí seo.
Iarrfar ar an bPortaingéil tuarascáil faireacháin a chur isteach faoin 30 Meán Fómhair 2025 maidir leis an tréimhse ó 2019 go 2024. Cumhdófar na nithe seo a leanas sa tuarascáil faireacháin sin:
·faisnéis faoi chostais bhreise a bhaineann leis an táirgeadh
·saobhadh eacnamaíoch agus tionchair ar an margadh
·faisnéis chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht, éifeachtúlacht, comhleanúnachas le beartais eile an Aontais
·faisnéis faoi ábharthacht leanúnach agus breisluach AE na reachtaíochta nua.
Ba cheart féachaint sa bheart tuairiscithe freisin le hionchur a bhailiú ó gach páirtí leasmhar ábhartha maidir le leibhéal agus éabhlóid a gcostas táirgthe breise, a gcostas comhlíonta, agus aon chásanna de shaobhadh margaidh a tháinig chun cinn.
D’fhonn a áirithiú go gcumhdófar leis an bhfaisnéis arna bailiú ag údaráis na Portaingéile na sonraí a bheidh de dhíth ar an gCoimisiún chun cinneadh feasach a ghlacadh maidir le bailíocht agus inmharthanacht na scéime amach anseo, dréachtóidh an Coimisiún treoirlínte sonracha maidir leis an bhfaisnéis riachtanach. Beidh na treoirlínte sin, a mhéid is féidir, amhail scéimeanna comhchosúla eile do na réigiúin is forimeallaí san Aontas, faoi réir reachtaíocht chomhchosúil.
Ar an gcaoi sin, cuirfear ar chumas an Choimisiúin a mheasúnú an bhfuil do na cúiseanna leis an údar maith leis an maolú ann i gcónaí, an bhfuil an buntáiste cánach arna dheonú ag an bPortaingéil comhréireach i gcónaí, agus an féidir bearta eile seachas córas maoluithe cánach a chur i bhfeidhm, agus a ngné idirnáisiúnta á cur san áireamh.
Tá struchtúr na tuarascála faireacháin agus na sonraí riachtanacha le fáil in Iarscríbhinn 1 i gceangal leis an togra.
Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Ní infheidhme an chuid seo mar tá na hairteagail féinmhínitheach.
2020/0118 (CNS)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
lena n‑údaraítear don Phortaingéil ráta dleachta máil laghdaithe a chur i bhfeidhm maidir le táirgí alcóil áirithe a tháirgtear i réigiúin fhéinrialaitheacha Mhaidéara agus na nAsór
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 349 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa,
Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le Cinneadh Uimh. 376/2014/AE ón gComhairle, údaraíodh don Phortaingéil ráta dleachta máil laghdaithe a chur i bhfeidhm i réigiún féinrialaitheach Mhaidéara maidir le rum agus licéir a tháirgtear agus a óltar sa réigiún agus i réigiún féinrialaitheach na nAsór maidir le licéir agus eaux-de-vie a tháirgtear agus a óltar sa réigiún, ar féidir leis an ráta sin a bheith níos lú ná an ráta íosta dleachta máil a leagtar amach le Treoir 92/84/CEE ón gComhairle, ach nach mó é ná 75 % níos lú ná an dleacht mháil chaighdeánach náisiúnta ar alcól.
(2)Mí Feabhra 2019, d’iarr údaráis na Portaingéile ar an gCoimisiún togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle a chur isteach lena leathnófaí teorainn ama an údaraithe a leagtar amach i gCinneadh Uimh. 376/2014/AE, faoi na coinníollacha céanna mar aon leis an raon feidhme geografach a leathnú chun mórthír na Portaingéile a chumhdach le laghdú níos teoranta, le haghaidh tréimhse seacht mbliana eile, ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.
(3)Bíonn deacrachtaí ag na táirgeoirí i réigiúin fhéinrialaitheacha Mhaidéara agus na nAsór maidir le margaí lasmuigh de na réigiúin sin a rochtain, agus is iad na margaí réigiúnacha agus áitiúla amháin atá ina n‑ionaid díolacháin ag táirgí alcóil áirithe. Bíonn costais bhreise ar na táirgeoirí sin mar is costasaí na hamhábhair de bhunús talmhaíochta ná mar a bhíonn faoi ghnáthdhálaí táirgthe, i ngeall ar bheagmhéid na ngabháltas talmhaíochta, ar a ilroinnte atá siad, agus ar an leibhéal íseal meicniúcháin atá iontu. Ina theannta sin, is ísle an t‑aschur ó phróiseáil cána siúcra ná sna réigiúin is forimeallaí eile i ngeall ar an topagrafaíocht, ar an aeráid, ar an ithir, agus ar an táirgeadh mionscála. Thairis sin, bíonn costas breise i gceist ós gá amhábhair agus ábhair phacáistithe áirithe, nach dtáirgtear go háitiúil, a iompar chuig na hoileáin.
(4)I gcás na nAsór, tá dhá ghné leis an oileánachas mar is grúpa oileán an-scaipthe amach ó chéile iad. Cuirtear leis na costais bhreise arís de thoradh an iompair sna réigiúin iargúlta oileánacha sin. Is amhlaidh freisin i leith aistir agus seoltaí earraí riachtanacha eile chuig an mórthír. Bíonn costais bhreise i gceist freisin le táirgí críochnaithe a stóráil mar ní óltar an t‑aschur go léir go háitiúil, go háirithe an táirgeadh rum. Méadaítear na costais in aghaidh an aonaid de thoradh bheagmhéid an mhargaidh réigiúnaigh, go háirithe mar gheall ar an gcaidreamh neamhfhabhrach idir costais sheasta agus aschur. Ar deireadh, bíonn costais bhreise ar na táirgeoirí lena mbaineann ar costais iad a bhíonn á n‑iompar ag na geilleagair áitiúla go ginearálta, go háirithe costais mhéadaithe saothair agus fuinnimh.
(5)Tá méadú tagtha ar an táirgeadh rum de thoradh táirgeadh níos mó cána siúcra. Cé go ndéantar cuid den rum a thabhairt chun cineáil nó a úsáid mar bhonn ag licéir, stóráiltear an rum nach ndíoltar ar chostas a chuireann arís leis na costais bhreise ar tháirgeoirí. De thoradh na gcostas breise, ní féidir le táirgeoirí i réigiúin fhéinrialaitheacha Mhaidéara agus na nAsór dul in iomaíocht le táirgeoirí lasmuigh de na réigiúin sin i ngeall ar phraghas níos airde ar an táirge deiridh agus dá bhrí sin ní féidir leo margaí eile a rochtain. Is féidir dul i ngleic leis an bhfadhb sin trí na rátaí dleachta máil atá le rochtain ar mhargadh mhórthír na Portaingéile a laghdú.
(6)Ionas nach ndéanfar mórdhochar d’fhorbairt réigiúin fhéinrialaitheacha Mhaidéara agus na nAsór agus chun tionscal an alcóil agus na poist a sholáthraítear leis an tionscal sna réigiúin sin a choinneáil, is gá raon feidhme an údaraithe a leagtar amach i gCinneadh Uimh. 376/2014/AE a athnuachan agus a leathnú.
(7)Beidh feidhm ag Cinneadh Uimh. 376/2014/AE go dtí an 31 Nollaig 2020. Ar mhaithe leis an tsoiléireacht, is gá Cinneadh nua a ghlacadh lena n‑údarófar an Phortaingéil ráta dleachta máil laghdaithe a chur i bhfeidhm i réigiúin fhéinrialaitheacha Mhaidéara agus na nAsór.
(8)Ó tharla nach dtéann an buntáiste cánach níos faide ná mar is gá chun costais bhreise a fhritháireamh, agus ó tharla go bhfuil na méideanna i gceist beag agus go bhfuil an buntáiste cánach teoranta don tomhaltas i réigiúin fhéinrialaitheacha Mhaidéara agus na nAsór agus ar mhórthír na Portaingéile, ní bhaintear de shláine ná de chomhsheasmhacht dhlíchóras an Aontais leis an mbeart.
(9)Chun go bhféadfaidh an Coimisiún measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil na coinníollacha lena dtugtar údar maith leis an údarú á gcomhlíonadh i gcónaí, ba cheart don Phortaingéil tuarascáil faireacháin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2025.
(10)Tá an Cinneadh seo gan dochar do chur i bhfeidhm féideartha Airteagal 107 agus Airteagal 108 CFAE,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
De mhaolú ar Airteagal 110 CFAE, údaraítear leis seo don Phortaingéil ráta dleachta máil a chur i bhfeidhm arb ísle é ná an ráta iomlán ar alcól a leagtar síos in Airteagal 3 de Threoir 92/84/CEE i réigiún féinrialaitheach Mhaidéara maidir le rum agus licéir a tháirgtear agus a óltar sa réigiún agus i réigiún féinrialaitheach na nAsór maidir le rum, licéir agus eaux-de-vie a tháirgtear agus a óltar sa réigiún.
Airteagal 2
De mhaolú ar Airteagal 110 CFAE, údaraítear leis seo don Phortaingéil ráta dleachta máil a chur i bhfeidhm arb ísle é ná an ráta iomlán ar alcól a leagtar síos in Airteagal 3 de Threoir 92/84/CEE maidir le rum agus licéir a tháirgtear i réigiún féinrialaitheach Mhaidéara i gcás ina n‑ólfar iad ar mhórthír na Portaingéile agus maidir le rum, licéir agus eaux-de-vie a tháirgtear i réigiún féinrialaitheach na nAsór i gcás ina n‑ólfar iad ar mhórthír na Portaingéile.
Airteagal 3
I Maidéara, beidh an t‑údarú a leagtar amach in Airteagal 1 agus Airteagal 2 teoranta do na táirgí seo a leanas:
(a) go dtí an 24 Bealtaine 2021, rum mar a shainmhínítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn II le Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena mbaineann an tásc geografach ‘Rum da Madeira’ dá dtagraítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn III leis an Rialachán sin, agus ón 25 Bealtaine 2021, do rum mar atá sainmhínithe i bpointe 1 d’Iarscríbhinn I le Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena mbaineann an tásc geografach ‘Rum da Madeira’;
(b) go dtí an 24 Bealtaine 2021, licéir agus ‘crème de’ mar a shainmhínítear i bpointí 32 agus 33 faoi seach d’Iarscríbhinn II le Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, a tháirgtear ar bhonn torthaí nó plandaí ón réigiún, agus ón 25 Bealtaine 2021 ar aghaidh, do licéir agus do ‘crème de’ mar a shainmhínítear i bpointí 33 agus 34 faoi seach d’Iarscríbhinn I le Rialachán (AE) 2019/787, a tháirgtear ar bhonn torthaí nó plandaí ón réigiún;
Sna hAsóir, beidh an t‑údarú a leagtar amach in Airteagal 1 agus Airteagal 2 teoranta do na táirgí seo a leanas:
(a) go dtí an 24 Bealtaine 2021, rum mar atá sainmhínithe i bpointe 1 d’Iarscríbhinn II le Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, a tháirgtear ar bhonn cána siúcra ón réigiún, agus ón 25 Bealtaine 2021 ar aghaidh, rum mar a sainmhínitear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn I le Rialachán (AE) 2019/787, a tháirgtear ar bhonn cána siúcra ón réigiún;
(b) go dtí an 24 Bealtaine 2021, licéir agus ‘crème de’ mar a shainmhínítear i bpointí 32 agus 33 faoi seach d’Iarscríbhinn II le Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, a tháirgtear ar bhonn torthaí nó amhábhar ón réigiún, agus ón 25 Bealtaine 2021 ar aghaidh, licéir agus ‘crème de’ mar a shainmhínítear i bpointí 33 agus 34 faoi seach d’Iarscríbhinn I le Rialachán (AE) 2019/787, a tháirgtear ar bhonn torthaí nó amhábhar ón réigiún;
(c) go dtí an 24 Bealtaine 2021, do eaux-de-vie a tháirgtear ar bhonn fíona nó mairc fíonchaor lena mbaineann na saintréithe agus na buntréithe atá sainmhínithe i bpointe 4 agus i bpointe 6 d’Iarscríbhinn II le Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, agus amhail ón 25 Bealtaine 2021, do eaux-de-vie a tháirgtear ar bhonn fíona nó mairc fíonchaor lena mbaineann na saintréithe agus na buntréithe mar atá sainmhínithe i bpointe 4 agus i bpointe 6 d’Iarscríbhinn I le Rialachán (AE) Uimh. 2019/787.
Airteagal 4
Féadfaidh an ráta dleachta máil laghdaithe is infheidhme maidir leis na táirgí dá dtagraítear in Airteagal 1 den Chinneadh seo a bheith níos lú ná an ráta íosta dleachta máil a leagtar amach le Treoir 92/84/CEE, ach ní fhéadfaidh sé a bheith níos mó ná 75 % níos lú ná an dleacht mháil chaighdeánach náisiúnta ar alcól.
Airteagal 5
Féadfaidh an ráta dleachta máil laghdaithe is infheidhme maidir leis na táirgí dá dtagraítear in Airteagal 2 den Chinneadh seo a bheith níos lú ná an ráta íosta dleachta máil a leagtar amach le Treoir 92/84/CEE, ach ní fhéadfaidh sé a bheith níos mó ná 50 % níos lú ná an dleacht mháil chaighdeánach náisiúnta ar alcól.
Airteagal 6
Faoin 30 Meán Fómhair 2025 ar a dhéanaí, cuirfidh an Phortaingéil tuarascáil faireacháin faoi bhráid an Choimisiúin le cur ar a chumas measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil na coinníollacha lena dtugtar údar maith leis an údarú a leagtar amach in Airteagal 1 agus in Airteagal 2 á gcomhlíonadh i gcónaí. Beidh sa tuarascáil faireacháin an fhaisnéis riachtanach atá san Iarscríbhinn.
Airteagal 7
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.
Airteagal 8
Is chuig Poblacht na Portaingéile a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,18.6.2020
COM(2020) 240 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an
Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle
lena n‑údaraítear don Phortaingéil ráta dleachta máil laghdaithe a chur i bhfeidhm maidir le táirgí alcóil áirithe a tháirgtear i réigiúin fhéinrialaitheacha Mhaidéara agus na nAsór
{SWD(2020) 108 final}
IARSCRÍBHINN
Faisnéis atá le cur san áireamh sa tuarascáil faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 6
1.Costais bhreise mheasta. Soláthrófar faisnéis faoi gach táirge a bhainfidh tairbhe as an ráta dleachta máil laghdaithe. Líonfaidh údaráis na Portaingéile isteach Tábla 1 leis an bhfaisnéis seo a leanas ar a laghad, i gcás ina mbeidh fáil ar an bhfaisnéis sin. Beidh an fhaisnéis a sholáthrófar sa tábla leordhóthanach lena dhearbhú an bhfuil costas breise ann, rud a chuireann le costas na dtáirgí a tháirgtear go háitiúil i gcomparáid le costais táirgí a tháirgtear in áiteanna eile.
Tábla 1.
|
|
MAIDÉARA (euro)
|
NA hASÓIR (euro)
|
Nótaí2
|
|
Praghas an chána siúcra (in aghaidh an 100 kg)
|
|
|
|
|
Praghas na páiseoige (in aghaidh an 100 kg)
|
|
|
|
|
Praghas na teile (in aghaidh an 100 kg)
|
|
|
|
|
Praghas an alcóil (in aghaidh an hl d’fhíoralcól3 - gan cánacha san áireamh)
|
|
|
|
|
Costas an lasta (in aghaidh an kg)
|
|
|
|
|
Costais eile1
|
|
|
|
Nótaí a ghabhann leis an Tábla:
1. Tabhair faisnéis ar chostais uisce agus fuinnimh agus ar chostais a bhaineann le dramhaíl, ar chostais i gcás ilbhunaíochtaí agus ar chostais ábhartha eile.
2. Tabhair faisnéis ar na sonraíochtaí agus ar na soiléirithe go léir atá ina mbonn agus ina dtaca ag na modhanna ríofa.
3. Heictilítir d’fhíoralcól.
2.Fóirdheontais eile. Líonfaidh údaráis na Portaingéile isteach Tábla 2 le faisnéis faoi gach réigiún agus tabharfaidh siad liosta de gach cabhair agus gach beart tacaíochta eile lena dtéitear i ngleic leis na costais oibriúcháin bhreise a bhíonn ar oibreoirí eacnamaíocha a bhaineann le stádas réigiúin Mhaidéara agus na nAsór mar na réigiúin is forimeallaí.
Tábla 2.
|
Cabhair / beart tacaíochta1
|
Tréimhse2
|
Sprioc-earnáil3
|
Méid an bhuiséid in EUR4
|
Caiteachas bliantúil, in EUR (2019-2024)5
|
Sciar an bhuiséid atá inchurtha i leith cúiteamh ar chostais bhreise6
|
Líon measta na ngnólachtaí is tairbhithe7
|
Nótaí8
|
|
[liostaigh]
|
|
|
|
|
|
|
|
Nótaí a ghabhann leis an Tábla:
(1)Sonraigh an ainmníocht agus cineál an bhirt.
(2)Tabhair faisnéis faoi na blianta a chumhdaítear leis an mbeart.
(3)Ná tabhair faisnéis ach faoi bhearta atá dírithe ar an earnáil.
(4)Tabhair faisnéis faoi bhuiséad foriomlán an bhirt agus faoi na foinsí cistiúcháin.
(5)Tabhair faisnéis faoin gcaiteachas iarbhír in aghaidh gach bliana sa tréimhse faireacháin (2019-2024), i gcás ina bhfuil fáil ar an bhfaisnéis sin.
(6)Tabhair gar-mheastachán, i % den bhuiséad foriomlán.
(7)Tabhair gar-mheastachán, i gcás inarb indéanta.
(8)Luaigh aon tuairimí agus soiléirithe.
3.Tionchar ar an mbuiséad poiblí. Líonfaidh údaráis na Portaingéile isteach Tábla 3 agus soláthróidh siad an méid iomlán measta (in EUR) den cháin nár bailíodh de thoradh na ndifreálach cánach atá curtha i bhfeidhm.
Tábla 3.
|
|
2019
|
2020
|
2021
|
2022
|
2023
|
2024
|
|
Ioncam cánach tarscaoilte
|
|
|
|
|
|
|
4.Tionchar ar an bhfeidhmiú eacnamaíoch foriomlán. Líonfaidh údaráis na Portaingéile isteach Tábla 4 maidir le gach réigiún agus soláthróidh siad aon sonraí lena léirítear tionchar na ndleachtanna máil laghdaithe ar fhorbairt shocheacnamaíoch na réigiún. Tagraítear leis na táscairí riachtanacha sa Tábla d’fheidhmiú na hearnála lena bhfuiltear ag tacú i gcomparáid leis an bhfeidhmiú ginearálta i ngeilleagar Mhaidéara agus i ngeilleagar na nAsór. Más rud é nach bhfuil fáil ar tháscairí áirithe, cuirfear san áireamh sonraí tuairiscithe malartacha ar an tionchar ar an bhfeidhmiú eacnamaíoch foriomlán lenar féidir anailís a dhéanamh ar an tionchar socheacnamaíoch.
Tábla 4.
|
Bliain2
|
2019
|
2020
|
2021
|
2022
|
2023
|
2024
|
Nótaí3
|
|
Oll-bhreisluach réigiúnach
|
|
|
|
|
|
|
|
|
-San earnáil lena bhfuiltear ag tacú1
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fostaíocht réigiúnach fhoriomlán
|
|
|
|
|
|
|
|
|
-San earnáil lena bhfuiltear ag tacú1
|
|
|
|
|
|
|
|
|
An líon táirgeoirí gníomhacha
|
|
|
|
|
|
|
|
|
-San earnáil lena bhfuiltear ag tacú1
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Innéacs praghasleibhéal – mórthír na Portaingéile
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Innéacs praghasleibhéal an réigiúin
|
|
|
|
|
|
|
|
|
An líon turasóirí sa réigiún
|
|
|
|
|
|
|
|
Nótaí a ghabhann leis an Tábla:
(9)Tabhair faisnéis faoi tháirgeoirí rum, licéar, agus eaux-de-vie.
(10)D’fhéadfaí nach mbeadh fáil ar an bhfaisnéis i gcás gach bliana ar an liosta.
(11)Luaigh tuairimí agus soiléirithe má mheastar go bhfuil siad ábhartha.
5.Sonraíochtaí an chórais. Líonfaidh údaráis na Portaingéile isteach Tábla 5 maidir le gach táirge agus maidir le gach réigiún de Mhaidéara agus de na hAsóir.
Tábla 5.
|
Méid (i hl d’fhíoralcól1)
|
2019
|
2020
|
2021
|
2022
|
2023
|
2024
|
|
Táirgeadh licéar
|
|
|
|
|
|
|
|
Táirgeadh eaux de vie
|
|
|
|
|
|
|
|
Táirgeadh rum
|
|
|
|
|
|
|
|
Licéir a seoladh chuig mórthír na Portaingéile
|
|
|
|
|
|
|
|
Licéir a seoladh chuig Ballstáit eile
|
|
|
|
|
|
|
|
Licéir a onnmhairíodh chuig tríú tíortha
|
|
|
|
|
|
|
|
Eaux de vie a seoladh chuig mórthír na Portaingéile
|
|
|
|
|
|
|
|
Eaux de vie a seoladh chuig Ballstáit eile
|
|
|
|
|
|
|
|
Eaux de vie a onnmhairíodh chuig tríú tíortha
|
|
|
|
|
|
|
|
Rum a seoladh chuig mórthír na Portaingéile
|
|
|
|
|
|
|
|
Rum a seoladh chuig Ballstáit eile
|
|
|
|
|
|
|
|
Rum a onnmhairíodh chuig tríú tíortha
|
|
|
|
|
|
|
Nótaí a ghabhann leis an Tábla:
1.
Heictilítir d’fhíoralcól.
6.Neamhrialtachtaí. Soláthróidh údaráis na Portaingéile faisnéis faoi aon imscrúdú ar neamhrialtachtaí riaracháin, go háirithe faoi imghabháil cánach nó faoi smuigléireacht, i gcomhthéacs chur i bhfeidhm an údaraithe. Soláthróidh siad faisnéis mhionsonraithe freisin, lena n‑áirítear ar a laghad faisnéis faoi chineál an cháis, faoin luach, agus faoin tréimhse ama.
7.Gearáin. Soláthróidh údaráis na Portaingéile faisnéis faoi cé acu atá nó nach bhfuil aon ghearán faighte ag na húdaráis áitiúla, réigiúnacha nó náisiúnta maidir le cur i bhfeidhm an údaraithe, ó thairbhithe nó ó dhaoine nach tairbhithe iad.