An Bhruiséil,28.5.2020

COM(2020) 223 final

2020/0105(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 i ndáil le tabhairt isteach bearta sonracha chun dul i ngleic le géarchéim COVID
x001e
19


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

•Forais agus cuspóirí an togra

Tá iarmhairtí díreacha nó indíreacha phandéim COVID‑19 fós ag méadú sna Ballstáit uile. Níor tharla a leithéid riamh roimhe agus tá bearta eisceachtúla ag teastáil a chuirfear in oiriúint don staid seo agus a bheidh le cur i bhfeidhm sna himthosca sin, lena n‑áirítear tacaíocht do na daoine is díothaí á cur ar fáil ag an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (FEAD). Ní hamháin go mbaineann rioscaí faoi leith leis an ngéarchéim sin do na daoine is díothaí, ach cuireann sí ar aghaidh cruatan eacnamaíocha chomh maith. Táthar ag súil gurb iad na daoine is leochailí is mó a bheidh buailte ag iarmhairtí socheacnamaíocha na géarchéime. Thairis sin, de dheasca iarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha phandéim COVID‑19, tá líon na ndaoine is díothaí ag dul i méid.

An chéad pacáiste beart, an “Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas” (CRII) 1 , tháinig sé i bhfeidhm an 1 Aibreán 2020, agus leis sin tugadh isteach roinnt athruithe tábhachtacha ar an gcreat reachtach is infheidhme maidir le Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa a cheadaíonn freagairt níos éifeachtaí sa staid reatha faoi mar atá. Glacadh bearta comhlántacha leis an “Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas” (CRII Plus) 2 . San áireamh leis an bpacáiste sin bhí leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 3 (Rialachán FEAD), trí Rialachán (AE) 2020/559 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2020 4 , a tháinig i bhfeidhm an 25 Aibreán 2020, lena dtugtar isteach bearta sonracha a bhfuil tuilleadh solúbthachta agus leachtachta leo chun go mbeidh na Ballstáit in ann aghaidh a thabhairt ar phandéim COVID‑19 faoi FEAD.

Tá an staid ag forbairt go mall agus tá go leor réigiún agus go leor Ballstát ag ullmhú do mhaolú cáiréiseach na srianta ar a sochaí agus ar a bhfiontair agus do thús a chur lena ngeilleagair in athuair. Ina ainneoin sin, tá iarmhairtí díreacha nó indíreacha na géarchéime tar éis a lorg a fhágáil ar go leor earnálacha. Glacfaidh an próiseas téarnaimh roinnt ama agus ní fhéadfar an gá le níos mó bearta dianghlasála a chur as an áireamh. Sa chomhthéacs sin, tá riosca tromchúiseach ann go méadóidh líon na ndaoine atá fulaingt de bharr díth bia agus ábhartha agus dá bhrí sin tá gá le tuilleadh beart d’fhonn freagairt ar iarmhairtí sóisialta phandéim COVID‑19 chun téarnamh atá cóir ó thaobh na sochaí de a áirithiú, téarnamh atá i gcomhréir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta.

Cé gur mhol an Coimisiún bearta urghnáthacha a dheonaigh an tsolúbthacht agus an tacaíocht is mó is féidir d’údaráis phoiblí, d’eagraíochtaí comhpháirteacha agus do ghníomhaí eile atá páirteach i gcur chun feidhme FEAD, mar sin féin, tá deacrachtaí ag na mBallstát freagairt a sholáthar ar ghéarchéim COVID‑19 agus ar na riachtanais atá ag dul i méid ar an láthair de dheasca fadhbanna leachtachta.

Dá bhrí sin, chun cabhrú le Ballstáit freagairt éifeachtach ar phandéim COVID‑19 a sholáthar, lena n‑áirítear freagairt ar na hiarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha, is iomchuí bearta breise a ghlacadh, lena n‑áirítear méadú ar na hacmhainní atá ar fáil do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), do Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE) agus freisin do FEAD. Sa chomhthéacs seo, molann an Coimisiún leasú nua ar Rialachán na bhForálacha Coiteanna (CPR) (REACT-EU)  5 agus ar Rialachán FEAD mar fhreagairt ar phandéim COVID‑19 d’fhonn foráil a dhéanamh chun go mbeidh acmhainní breise ar fáil do na blianta 2020, 2021 agus 2022 le haghaidh na cistí sin.

Eascraíonn na hacmhainní breise le haghaidh 2020 as méadú ar na hacmhainní domhanda le haghaidh comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach sa chreat airgeadais ilbhliantúil 2014-2020. Beidh na hacmhainní breise le haghaidh 2021 agus 2022 ina n‑ioncam sannta seachtrach a eascraíonn as [Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh].

Déanfar na méideanna seo a leithdháileadh i measc na mBallstát agus cuirfear san áireamh a rathúlacht choibhneasta agus méid iarmhairtí na géarchéime reatha ar a ngeilleagair agus ar a sochaithe. Is gá 0.35% de na hacmhainní breise a leithdháileadh ar chúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún. De mhaolú ar na rialacha is infheidhme ar ioncaim shannta sheachtracha arna leagan amach sa Rialachán Airgeadais, leanfaidh na hacmhainní breise sin na rialacha is infheidhme arna leagan amach i Rialachán na bhForálacha Coiteanna agus i Rialachán FEAD a luaithe is a shannfar iad do chláir oibríochtúla, lena n‑áirítear rialacha maidir le gealltanais agus saoraí.

Féadfaidh na Ballstáit na méideanna sin a úsáid faoi sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post chun tacú le hoibríochtaí a chothaíonn leigheas ar an díobháil de dheasca géarchéime i gcomhthéacs phandéim COVID‑19 sna réigiúin is mó a bhfuil an geilleagar agus an fhostaíocht buailte agus i gcomhthéacs ullmhaithe téarnaimh a ngeilleagair ó CFRE nó CSE nó chun leithdháileadh do chláir a dtacaíonn FEAD leo a mhéadú.

Tá leithdháileadh acmhainní breise ar FEAD deonach le haghaidh na mBallstát, de réir na riachtanas sonrach atá acu. Á chur sin san áireamh, ba cheart do na Ballstáit aird a thabhairt ar an méadú atá tagtha ar líon na ndaoine is díothaí ó bhí pandéim COVID‑19 ann.

Thairis sin, i gcomhréir leis na leasuithe arna moladh do Rialachán na bhForálacha Coiteanna (REACT-EU) 6 , molann an Coimisiún bearta breise a thabhairt isteach lena bhforáiltear níos mó leachtachta do na Ballstáit, go háirithe trí chead a thabhairt do na Ballstáit íocaíocht réamh‑mhaoinithe suntasach a fháil i gcás ina méadófar na hacmhainní faoi FEAD agus trí Bhallstáit a dhíolmhú ó ranníocaíocht náisiúnta a sholáthar do na acmhainní méadaithe. Thairis sin, agus amhail an méid a mholtar do Rialachán na bhForálacha Coiteanna (REACT-EU), i bhfianaise an gá le háirithiú go bhfuil na hacmhainní breise siúd imscartha go tapa d’infheistíochtaí ar an láthair agus go dtagann siad i bhfeidhm san fhíorgheilleagar, ní mholtar síneadh a chur leis an dáta deiridh incháilitheachta, a bheidh i gcónaí – le haghaidh na hacmhainní breise chomh maith – an 31 Nollaig 2023 (i gcomhair caiteachas arna thabhú ar leibhéal na dtairbhithe). Mar sin féin, soiléirítear go ndéanfar na gealltanais a bhaineann leis na hacmhainní breise a shaoradh i gcomhréir le leis na rialacha nach mór cloí leo maidir le dúnadh na gclár (i.e. in 2025 tar éis thíolacadh na ndoiciméad is gá de bhun Airteagal 52). Beartaítear freisin go ndéanfar coigeartú ar an córas um malartú leictreonach a úsáidtear le haghaidh malartuithe oifigiúla idir an Coimisiún agus na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 30(4) chun go mbeidh na Ballstáit in ann iarrataí maidir le leasuithe ar chláir oibríochta le haghaidh leithdháileadh na n‑acmhainní breise do na blianta 2020, 2021 agus 2022 a chur isteach gan aon mhoill.

Tá tionchar socheacnamaíoch díréireach ag pandéim COVID‑19 ar mhná. De bharr sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith ar an airdeall go leanann na hoibríochtaí go docht prionsabal cothrománach an chomhionannais idir mná agus fir mar a leagtar amach é in Airteagal 5 (11) de Rialachán FEAD.

Ar deireadh, molann an Coimisiún freisin forálacha breise lena bhforáiltear an tsolúbthacht do na Ballstáit chun leas a bhaint as cúnamh teicniúil.

•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an togra seo comhsheasmhach le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana, go háirithe le forálacha arna moladh ag an gCoimisiún maidir le Rialachán na bhForálacha Coiteanna (REACT-EU) mar fhreagairt ar ráig COVID‑19, mar chuid de mholadh an Choimisiúin solúbthacht eisceachtúil a chur ar fáil maidir le húsáid CFRE agus CSE mar fhreagairt ar ráig COVID‑19.

•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra comhsheasmhach le tograí eile arna nglacadh ag an gCoimisiún, go háirithe leis na tograí a ghlac an Coimisiún do CFRE agus CSE mar fhreagairt ar phandéim COVID‑19.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

•Bunús dlí

Tá an togra bunaithe ar Airteagal 175(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Foráiltear leis féidearthachtaí do na Ballstáit na hacmhainní faoi FEAD a mhéadú, chun íocaíocht réamh‑mhaoinithe suntasaí breise a fháil agus déantar leis na hacmhainní méadaithe a dhíolmhú ó ranníocaíocht náisiúnta. Is gan dochar do na rialacha a mbíonn feidhm acu de ghnáth atá na hathruithe eisceachtúla seo.

•Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Tá an togra i gcomhréireacht le prionsabal na coimhdeachta. Ní dhéantar leis an togra sin aon athrú ar mhodh seachadta FEAD, a fhágtar faoi bhainistíocht chomhroinnte.

Is é prionsabal na coimhdeachta atá mar bhonn faoi bhainistíocht chomhroinnte, mar a tharmligeann an Coimisiún cúraimí clársceidealúcháin agus cur chun feidhme straitéiseacha chuig na Ballstáit. Ina theannta sin, ní dhéantar leis de ghníomhaíochtaí an Aontais ach an méid sin is gá chun na cuspóirí a leagtar síos dó sna Conarthaí a bhaint amach.

Is é is aidhm don togra sin, chomh maith leis an togra chun Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 7 a leasú, cead a thabhairt acmhainní breise a chur ar fáil. Is é is aidhm dó freisin na rialacha lena rialaítear úsáid na n‑acmhainní a shoiléiriú i gcomhthéacs na gclár faoin gclárthréimhse 2014-2020.

•Comhréireacht

Tá an togra comhréireach agus ní áirítear leis forálacha nach gá chun cuspóirí an Chonartha a bhaint amach. Tá sé teoranta do na leasuithe a mheastar gá a bheith leo chun na rialacha a bhunú nach mór cloí leo i dtaca leis na hacmhainní breise agus chun dul i ngleic le fadhbanna a bhfuil na Ballstáit ag tabhairt aghaidh orthu le linn phandéim COVID‑19 i gcomhthéacs chur chun feidhme FEAD.

•An rogha ionstraime

Is é an rogha ionstraime Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, i gcomhréir leis an gnáthnós imeachta reachtach mar a leagtar amach in Airteagal 175(3) den Chonradh. Tá iniúchadh déanta ag an gCoimisiún ar an scóip atá ann le haghaidh gníomhaíochta faoin gcreat dlí agus tá sé den tuairim gur gá leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 a mholadh.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

I bhfianaise imthosca sonracha an togra seo, ní dhearnadh aon mheastóireacht ex post/ná seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana.

•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

I bhfianaise imthosca sonracha an togra seo, níor imíodh i gcomhairle le páirtithe leasmhara seachtracha.

•Bailiú agus úsáid saineolais

Níor ghá saineolas seachtrach a úsáid.

•Measúnú tionchair

Ní bhaineann le hábhar.

•Oiriúnacht rialála agus simpliú

Ní tionscnamh é seo atá faoi chuimsiú an Chláir um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT)

•Cearta bunúsacha

Níl aon iarmhairt ag an togra seo maidir le cosaint na gceart bunúsach.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Mar thoradh ar an togra seo beidh gealltanais bhreise sa bhliain 2020, arna maoiniú ó mhéadú ar uasteorainn an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil 2014-2020. Freisin, beidh gealltanais bhreise do na blianta 2021 agus 2022 dá bharr, arna maoiniú ag ioncaim shannta sheachtracha. Spreagfaidh sé íocaíochtaí breise sna blianta 2020 go dtí 2025. Cumhdaítear na himpleachtaí buiséadacha leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach a ghabhann le Rialachán REACT-EU.

5.EILIMINTÍ EILE

•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Déanfar faireachán agus tuairisciú ar chur chun feidhme na mbeart faoi chuimsiú na sásraí tuairiscithe ginearálta a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 223/2014.

•Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)

Neamhbhainteach.

2020/0105 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 i ndáil le tabhairt isteach bearta sonracha chun dul i ngleic le géarchéim COVID‑19

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 175(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Having regard to the opinion of the European Economic and Social Committee 8 ,

Having regard to the opinion of the Committee of the Regions 9 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Regulation (EU) No 223/2014 of the European Parliament and of the Council 10 lays down rules applicable to the Fund for European Aid to the Most Deprived (‘FEAD’).

(2)An 17 Samhain 2017, rinne Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a fhógairt i gcomhpháirt le chéile, mar fhreagairt ar na dúshláin shóisialta atá san Eoraip. Tá fiche bunphrionsabal ag an gcolún agus tá siad roinnte ina dtrí chatagóir: comhionannas deiseanna agus rochtain ar an margadh saothair; dálaí córa oibre; cosaint shóisialta agus cuimsiú sóisialta. Ba cheart na gníomhaíochtaí mar fhreagairt ar phaindéim COVID‑19 a bheith faoi threoir fiche bunphrionsabal Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta chun téarnamh cothrom agus cóir a áirithiú.

(3)Tá iarmhairtí ghéarchéim phaindéim COVID‑19 dulta i bhfeidhm ar na Ballstáit ar shlí dhífhasaigh. Is é toradh na géarchéime iarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta tromchúiseacha. Tháinig de sin staid eisceachtúil nach mór aghaidh a thabhairt uirthi le bearta sonracha i gcomhréir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta.

(4)Tá tionchar sonrach aige sin ar FEAD. I bhfianaise an mhéadaithe atá tagtha ar líon na ndaoine atá thíos le díth bia agus ábhartha de dheasca phaindéim COVID‑19 agus go bhfuil na daoine is díothaí neamhchosanta ar rioscaí faoi leith agus ar thuilleadh cruatain le linn na géarchéime sin, riachtanais bhreise chistiúcháin ag na Ballstáit i dtaca leis an dtacaíocht atá á cur ar fáil ag an gCiste.

(5)De dheasca srianta eisceachtúla arna gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit chun scaipeadh COVID‑19 a shrianadh, bhí suaití ollmhóra sa gheilleagar agus tionchair thromchúiseacha ar fheidhmiú an Mhargaidh Aonair agus de bharr sin, an 23 Aibreán 2020, d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an “Treochlár don Téarnamh” ina bhfuil comhpháirt láidir infheistíochta, d’iarr sí go mbunófaí an [Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh] agus thug sí sainordú don Choimisiún anailís a dhéanamh ar na riachtanais chun go ndíreofar na hacmhainní ar na hearnálacha agus ar na limistéir gheografacha den Eoraip is mó atá buailte agus freisin an nasc leis an Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) a shoiléiriú.

(6)The Commission issued a proposal for a Regulation 11 amending Council Regulation (EU, EURATOM) No 1311/2013 12 on 27 May 2020 and unlocked additional resources to support Member States in crisis repair in the context of the COVID‑19 pandemic and preparing the recovery of the economy. Mar chuid den phacáiste sin, cuirtear ar fáil chun na críche sin méid breise eisceachtúil dar luach EUR 58 272 800 000 le haghaidh gealltanas buiséadach ó na Cistí Struchtúrtha faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post, do na blianta 2020, 2021 agus 2022, d’fhonn iad a chur ar fáil go tapa don fhíorgheilleagar trí na struchtúir atá ann cheana féin le haghaidh na gclár beartas comhtháthaithe 2014-2020. Ba cheart don Choimisiún miondealú ar na hacmhainní breise do gach Ballstáit a leagan amach ar bhonn modh leithdháilte bunaithe ar na sonraí staidrimh oibiachtúla is déanaí atá ar fáil maidir le rathúlacht choibhneasta na mBallstát agus méid thionchar na géarchéime reatha ar an ngeilleagar atá acu. D’fhonn léiriú a thabhairt ar chineál athraitheach thionchair na géarchéime, ba cheart an miondealú a athbhreithniú in 2021 ar bhonn an mhodha leithdháilte céanna ag baint úsáid as na sonraí staidrimh is déanaí atá ar fáil faoin 19 Deireadh Fómhair 2021. D’fhonn foráil a dhéanamh maidir le freagairt éifeachtach ar thionchar sóisialta ráig COVID‑19 ar na daoine is díothaí, is iomchuí go bhféadfadh na Ballstáit acmhainní breise a leithdháileadh ar FEAD, i gcomhréir lena gcuid riachtanas. Á dhéanamh sin dóibh, ba cheart do na Ballstáit aird faoi leith a thabhairt ar mhéadú líon na ndaoine is mó díothaí ó thús phaindéim COVID‑19. Ina theannta sin, is gá uasmhéideanna a bhunú maidir le leithdháileadh na n‑acmhainní breise ar chúnamh teicniúil an Bhallstáit. Ag tabhairt san áireamh caiteachas tapa na n‑acmhainní breise a bhfuiltear ag súil leis, ba cheart na gealltanais atá nasctha leis na hacmhainní breise sin a shaoradh freisin tráth a ndúntar na cláir. Tabharfar isteach féidearthachtaí maidir le haistrithe airgeadais faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post idir CFRE, CSE agus FEAD i dtaca leis na hacmhainní breise freisin.

(7)Beidh feidhm ag rialacha airgeadais cothrománacha arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, soláthar, duaiseanna, cur chun feidhme indíreach, agus déantar foráil leo do sheiceálacha i dtaobh freagracht gníomhaithe airgeadais. Ina theannta sin, baineann na rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE le cosaint bhuiséad an Aontais ar easnaimh ghinearálaithe a mhéid a bhaineann leis an smacht reachta sna Ballstáit, óir réamhchoinníoll bunriachtanach le haghaidh na bainistíochta fónta airgeadais agus maoiniú éifeachtach an Aontais is ea urramú an smachta reachta.

(8)Is gá leibhéal níos airde íocaíochta réamh‑mhaoinithe a sholáthar chun gníomhaíochtaí arna dtacú ag na hacmhainní breise a chur chun feidhme go pras d’fhonn a áirithiú go bhfuil acmhainní airgeadais leordhóthanacha ag na Ballstáit chun bearta a chur chun feidhme go tapa, bearta chun díobháil de dheasca géarchéime a leigheas i gcomhthéacs phaindéim COVID‑19 agus chun téarnamh an gheilleagair a ullmhú. Ba cheart méid an réamh‑mhaoinithe a áirithiú le go mbeidh na Ballstáit in acmhainn réamhíocaíochtaí do thairbhithe a eagrú i gcás inar gá agus tairbhithe a chúiteamh go tapa tar éis thíolacadh éilimh ar íocaíochtaí.

(9)D'fhonn an t‑ualach a mhaolú ar bhuiséid phoiblí maidir le díobháil de dheasca géarchéime a leigheas i gcomhthéacs phaindéim COVID‑19 agus maidir le téarnamh an gheilleagair a ullmhú, is iomchuí nach mbeidh na hacmhainní breise faoi réir cómhaoinithe.

(10)D’fhonn a áirithiú go bhféadfaidh Ballstáit na beartais a choigeartú go tapa faoi FEAD mar fhreagairt ar ghéarchéim COVID‑19, is iomchuí forálacha sonracha a leagan amach chun raon feidhme an chúnaimh theicniúil a shoiléiriú.

(11)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon freagairt ar thionchar na géarchéime sláinte poiblí ar na daoine is díothaí, a ghnóthú go leordhóthanach astu féin agus gur fearr, mar gheall ar fhairsinge agus éifeachtaí an ghnímh atá beartaithe, is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(12)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 a leasú dá réir.

(13)I bhfianaise na práinne atá leis an staid a bhaineann le paindéim COVID‑19, is iomchuí go dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(14)I bhfianaise phaindéim COVID‑19 agus an phráinn atá le haghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim sláinte poiblí a bhaineann leis, meastar gurb iomchuí leas a bhaint as an eisceacht ón tréimhse 8 seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, a ghabhann leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

(15)Article 135(2) of the Agreement on the withdrawal of the United Kingdom of Great Britain and Northern Ireland from the European Union and the European Atomic Energy Community provides that amendments to Council Regulation (EU, Euratom) No 1311/2013 13 or to Council Decision 2014/335/EU, Euratom that are adopted on or after the date of entry into force of that Agreement shall not apply to the United Kingdom insofar as those amendments have an impact on the United Kingdom's financial obligations. Maoineofar an tacaíocht faoi Airteagal 6a de Rialachán (AE) Uimh. 223/2014, le haghaidh 2020, ó uasteorainn mhéadaithe den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus, le haghaidh 2021 agus 2022, ó mhéadú uasteorainn acmhainní dílse an Aontais, méadú a mbeadh tionchar aige ar oibleagáid airgeadais na Ríochta Aontaithe. Dá bhrí sin, ní bheidh feidhm ag an Rialachán sin leis an Ríocht Aontaithe ná sa Ríocht Aontaithe féin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 mar a leanas:

(1)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6 (2):

“2. Leagtar amach in Iarscríbhinn III an leithdháileadh ón gCiste le haghaidh gach Ballstáit don tréimhse 2014–2020 seachas na hacmhainní méadaithe mar fhreagairt ar phaindéim COVID‑19 dá dtagraítear in Airteagal 6a. Is é EUR 3 500 000 an t‑íosmhéid le haghaidh gach Ballstáit don tréimhse iomlán.”

(2)Cuirtear isteach an tAirteagal 6a nua seo a leanas:

“Airteagal 6a

Méadú deonach ar acmhainní mar fhreagairt ar ráig COVID‑19

1. D’fhéadfadh Ballstáit méadú ar bhonn deonach a chur leis na hacmhainní dá dtagraítear in Airteagal 6 mar fhreagairt ar phaindéim COVID‑19, i gcomhréir leis an seachtú fomhír de phointe 5 d’Airteagal 92b de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013. Féadfaidh an méadú tionchar a bheith aige ar ghealltanais bhuiséadacha do na blianta 2020, 2021 agus 2022.

2. De mhaolú ar Airteagal 7(1) is go dtí 31 Nollaig 2022 a bheidh an tréimhse le haghaidh cláir oibriúcháin a bhaineann tairbhe as acmhainní breise i gcomhréir le mír 1.

3. De mhaolú ar an gcéad fhomhír d’Airteagal 38, déanfar gealltanais bhuiséadacha na n‑acmhainní breise i ndáil le gach clár sna blianta 2020, 2021 agus 2022.

De mhaolú ar Airteagal 59(1), déanfar na gealltanais bhreise a shaoradh i gcomhréir leis na rialacha a bheidh le comhlíonadh maidir le dúnadh na gclár.

4. I dteannta an réamh‑mhaoinithe dá dtagraítear in Airteagal 44(1), íocfaidh an Coimisiún méid réamh‑mhaoinithe dar luach 50% de na hacmhainní breise a leithdháileadh don bhliain 2020 tar éis chinneadh an Choimisiúin lena bhformheastar an leasú ar chlár i gcomhair leithdháileadh na n‑acmhainní breise.

Déanfar an méid arna íoc mar réamh‑mhaoiniú dá dtagraítear sa chéad fhomhír a imréiteach ar fad ó chuntais an Choimisiúin tráth nach déanaí ná an tráth a ndúnfar an clár.

5. De mhaolú ar Airteagal 20, níl na hacmhainní breise faoi mhír 1 faoi réir cómhaoinithe.

(3)In Airteagal 27, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4. Ar thionscnamh ó na Ballstáit, agus faoi réir uasteorainn 5 % de leithdháileadh an Chiste, tráth a nglacfar an clár oibríochtúil agus 5% ar na hacmhainní breise dá dtagraítear in Airteagal 6a(1), féadfaidh an cláir oibríochtúla na bearta ullmhúcháin, bainistíochta, faireacháin, riaracháin agus cúnaimh theicniúil, iniúchóireachta, faisnéise, rialaithe agus meastóireachta is gá chun an Ciste seo a chur chun feidhme a mhaoiniú, lena n‑áirítear costais ullmhúcháin agus oibriúcháin maidir le scéimeanna dearbháin i gcás ina bhfuil na costais sin á n‑iompair ag an údarás bainistíochta nó ag comhlacht poiblí eile nach eagraíocht chomhpháirtíochta é. Féadfaidh sé freisin cúnamh teicniúil a mhaoiniú chomh maith le forbairt acmhainní eagraíochtaí comhpháirtíochta agus aon ghníomhaithe eile a bhaineann le cur chun feidhme an Chiste, lena n‑áirítear acmhainneacht freagartha ar phaindéim COVID‑19 a chothú. D’fhéadfadh sé go mbaineann na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa mhír sin leis an gclárthréimhse ina dhiaidh sin, lena n‑áirítear leanúnachas thacaíocht an Chiste seo trí Chistí eile a áirithiú.”

(4)Cuirtear isteach an tAirteagal 63a nua seo a leanas:

“Airteagal 63a

Forálacha idirthréimhseacha

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 6a leis an Ríocht Aontaithe ná sa Ríocht Aontaithe féin. Tuigfear nach n‑áireofar an Ríocht Aontaithe in aon tagairtí do na Ballstáit sna forálacha sin.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Rialachán (AE) 2020/460 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Márta 2020 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 508/2014 maidir le bearta sonracha chun infheistíochtaí a shlógadh i gcórais chúraim sláinte na mBallstát agus in earnálacha eile dá ngeilleagair mar fhreagairt ar ráig COVID‑19 (an Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas) (IO L 99, 31.03.2020, lch. 5)
(2)    Rialachán (EU) 2020/558 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 agus (AE) Uimh. 1303/2013 maidir le bearta sonracha lena soláthraítear solúbthacht eisceachtúil chun leas a bhaint as Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa mar fhreagairt ar ráig COVID‑19 (IO L 130, 24.04.2020, lch. 1).
(3)    Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 maidir leis an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (IO L 72, 12.3.2014, lch. 1-41)
(4)    IO L 130, 24.04.2020, lch. 7.
(5)    COM(2020)451 final.
(6)    COM(2020)451 final.
(7)    COM (2020) 251 final.
(8)    OJ C , , p. .
(9)    OJ C , , p. .
(10)    Regulation (EU) No 223/2014 of the European Parliament and of the Council of 11 March 2014 on the Fund for European Aid to the Most Deprived (OJ L 72, 12.03.2014, p. 1).
(11)     COM(2020) 446 .
(12)    Council Regulation (EU, EURATOM) No 1311/2013 laying down the multiannual financial framework for the years 2014-2020 (OJ L 347, 20.12.2013, p. 884).
(13)    Council Regulation (EU, Euratom) No 1311/2013 of 2 December 2013 laying down the multiannual financial framework for the years 2014-2020 (OJ L 347, 20.12.2013, p. 884).