An Bhruiséil,20.5.2020

COM(2020) 205 final

2020/0087(NLE)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1838 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta áirithe le haghaidh 2020 i Muir Bhailt, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/123 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta áirithe in 2020 in uiscí an Aontais agus in uiscí nach de chuid an Aontais iad


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Ní mór Rialachán (AE) 2019/1838 ón gComhairle lena socraítear le haghaidh 2020 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme i Muir Bhailt a leasú chun a cheadú d’iascairí beagscála leanúint de shruthdhoruithe a úsáid mar a dhéanaidís roimhe seo le linn na dtréimhsí coiscthe atá bunaithe don dá stoc troisc. Le Rialachán (AE) 2020/123 ón gComhairle, socraítear le haghaidh 2020 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad. Déantar na deiseanna iascaireachta sin a leasú roinnt uaireanta, de ghnáth, le linn iad a bheith i bhfeidhm.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá na bearta atá beartaithe ceaptha i gcomhréir le cuspóirí agus rialacha an Chomhbheartais Iascaigh agus tá siad comhsheasmhach le beartas an Aontais maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá na bearta atá beartaithe comhsheasmhach le beartais eile de chuid an Aontais, go háirithe leis na beartais i réimse an chomhshaoil.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 43(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh bunús dlí an togra seo.

Eascraíonn oibleagáidí an Aontais maidir le saothrú inbhuanaithe beo-acmhainní uisceacha as oibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 2 de Bhunrialachán nua an CBI.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Baineann an togra le hinniúlacht eisiach an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 3(1)(d) den Chonradh. Níl feidhm le prionsabal na coimhdeachta dá bhrí sin.

Comhréireacht

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta ar an gcúis seo a leanas: is comhbheartas é CBI. De réir Airteagal 43(3) den Chonradh, tá sé de dhualgas ar an gComhairle na bearta maidir le socrú agus leithdháileadh deiseanna iascaireachta a ghlacadh.

An rogha ionstraime

An ionstraim a mholtar: rialachán.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Neamhbhainteach

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Tugtar san áireamh sa togra an t‑aiseolas a fuarthas ó na páirtithe leasmhara, ó Chomhairlí Comhairleacha, ó na húdaráis náisiúnta, ó eagraíochtaí iascairí agus ó eagraíochtaí neamhrialtasacha i rith na bliana, agus tugtar an t‑aiseolas sin uathu san áireamh agus na deiseanna iascaireachta á socrú.

Bailiú agus úsáid saineolais

Tá an Togra bunaithe ar chomhairle eolaíoch 1 na Comhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) agus an Choiste Eolaíoch, Theicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (STECF).

Measúnú tionchair

Cuireann Airteagal 43(3) den Chonradh teorainn le raon feidhme an rialacháin maidir le deiseanna iascaireachta.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Neamhbhainteach.

Cearta bunúsacha

Neamhbhainteach.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní bheidh aon impleachtaí buiséadacha ag na bearta atá beartaithe.

5.EILIMINTÍ EILE

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Leis na leasuithe atá beartaithe, féachtar le Rialachán (AE) 2019/1838 ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2020/123 ón gComhairle a mhodhnú mar a thuairiscítear thíos.

Maoluithe coiscthe maidir le Trosc Mhuir Bhailt le haghaidh sruthdhoruithe

Le Rialachán (AE) 2019/1838 ón gComhairle, bunaítear do dhá stoc troisc Mhuir Bhailt tréimhsí coiscthe le linn na tréimhse sceite, chun a áirithiú nach gcuirfear isteach ar an sceitheadh agus súil dá réir le hearcaíocht níos airde. Mar a bhí roimhe seo, tá maolú ar an tréimhse choiscthe le haghaidh iascach mionscála cósta lena n‑úsáidtear trealaimh éighníomhacha áirithe os rud é gur tionchar fíortheoranta a bhíonn acu ar sceitheadh na stoc sin. Murab ionann agus mar a tharla roimhe seo, fágadh ar lár go neamhbheartaithe an maolú le haghaidh úsáid sruthdhoruithe. Meastar gur cheart leanúint d’úsáid sruthdhoruithe a cheadú agus mar sin gur cheart í a áireamh sa mhaolú, mar a rinneadh sna blianta roimhe seo. Ba cheart, dá bhrí sin, an Rialachán a cheartú dá réir sin.

Bearta ceartaitheacha maidir le Troisc sa Mhuir Thuaidh

Meastar go bhfuil an ráta básmhaireachta iascaigh (F) maidir le troisc os cionn Flim. Tá bithmhais an stoic sceite laghdaithe ó bhí 2015 ann agus meastar go bhfuil sí faoi bhun Blim. I gcomhréir le hAirteagal 7(2) de phlean ilbhliantúil na Mara Thuaidh 2 , i gcás ina gcuirtear in iúl le comhairle eolaíoch go bhfuil bithmhais an stoic sceite maidir le haon cheann de na stoic éisc dá dtagraítear in Airteagal 1(1) den phlean sin faoi bhun Blim, ní mór bearta ceartaitheacha breise a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar leibhéil an stoic éisc a athbhunú go tapa os cionn na leibhéal atá in ann uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh. Féadfar a áireamh ar na bearta ceartaitheacha sin go háirithe iascaireacht dhírithe an stoic lena mbaineann a chur ar fionraí agus laghdú leordhóthanach deiseanna iascaireachta maidir leis na stoic sin agus/nó na stoic eile in iascaigh ina dtarlaíonn foghabhálacha trosc. I gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear sna comhaontuithe nó sna prótacail ar an gcaidreamh iascaigh leis an Iorua 3 , bhí comhairliúcháin maidir le cearta iascaireachta ag an Aontas leis an Iorua. Tá sé aontaithe ag na Páirtithe a mholadh dá n‑údaráis ar leith bearta ceartaitheacha breise a thabhairt isteach chun an TAC a aontaíodh cheana i Nollaig 2019 a fhorlíonadh, ionas go soláthrófar cosaint bhreise ar bhonn sealadach do throisc idir óg agus aosach le linn 2020. Ba cheart a áireamh ar na bearta sin tréimhsí coiscthe fíor-ama ar mhaithe le troisc a chosaint, tréimhsí coiscthe séasúracha ar mhaithe le troisc óga a chosaint, limistéir shrianta lena mbaineann coinníollacha sonracha rochtana, agus tabhairt isteach bearta nua atá bunaithe ar threalamh iascaireachta. Tá an chéad cheann de na bearta ceartaitheacha seo, limistéir a dhúnadh ar mhaithe le troisc a chosaint le linn na tréimhse sceite, tugtha isteach cheana 4 agus bíodh is gur ceapadh a ndúnadh sin ar mhaithe le cosaint a thabhairt le linn na tréimhse sceite, ní thugtar lena ndúnadh cosaint do throisc óga ná cosaint taobh amuigh den tréimhse sceite, nach maireann go hiondúil ach roinnt seachtainí. Maidir le tréimhsí agus suíomhanna sceite, tá siad sin seanbhunaithe agus is féidir dá bhrí sin iad a chur chun feidhme go tapa, ach ba ghá i gcás beart chun rochtain ar chineálacha trealaimh ar leith a shrianadh agus chun trealaimh níos roghnaí a thabhairt isteach go ndéanfaí comhairliúcháin níos mionsonraithe leis na páirtithe leasmhara. Dá bhrí sin ba cheart a chinneadh ar bhonn na gcomhairliúchán céanna cé acu a áireofar na bearta sin sa leasú seo ar an rialachán maidir le deiseanna iascaireachta nó nach n‑áireofar.

Chuir an Coimisiún síos togra le haghaidh an dara tacar beart sa chéad leasú a rinneadh ar na deiseanna iascaireachta. An tráth sin, áfach, d’fhéach na Ballstáit lena mbaineann le Moladh Comhpháirteach a bhunú chun bearta breise a mholadh trí mholadh comhpháirteach a úsáid. Mar thoradh air sin, d’eisigh an Chomhairle agus an Coimisiún an ráiteas comhpháirteach seo a leanas:

Cuireann an Coimisiún agus an Chomhairle i dtreis go bhfuil sé práinneach bearta ceartaitheacha breise a thabhairt isteach chun tacú le téarnamh trosc sa Mhuir Thuaidh agus in Skagerrak. Is gá bearta den sórt sin a ghlacadh i bhfianaise staid bhitheolaíoch an stoic, i gcomhréir le hAirteagal 7, mír 2  de Rialachán (AE) 2018/973 lena mbunaítear plean ilbhliantúil na Mara Thuaidh, agus tá an méid sin i gcomhréir leis an gcomhthuiscint leis an Iorua maidir le bearta den sórt sin. Breithneoidh an Coimisiún an ndéanfaidh sé tograí iomchuí a thíolacadh, agus an obair a rinneadh sa ghrúpa réigiúnach ábhartha á cur san áireamh, agus scrúdóidh an Chomhairle iad mar ábhar práinne.

Go dtí seo, níl dul chun cinn leordhóthanach déanta ag na Ballstáit lena mbaineann chun gur féidir na bearta seo a thabhairt isteach le linn 2020, i gcomhréir leis an ngealltanas idir an tAontas agus an Iorua. Dá bhrí sin molann an Coimisiún go n‑áireofar na bearta ábhartha sa 2ú leasú ar an rialachán maidir le deiseanna iascaireachta. Leantar an cur chuige céanna leis an togra sin agus a leanadh leis an gceann roimhe, cur chuige lena bhforáiltear do limistéir réamhchúramacha móra a mbaineann coinníollacha sonracha rochtana leo. Ina theannta sin rinneadh an togra a choigeartú chun tuairimí na mBallstát i leith dhá shaincheist a chur san áireamh. Áirítear ann anois liosta trealamh réamhshainithe a bhfuil siad measúnaithe cheana ag STECF nó a ndearadh athbhreithniú piaraí eolaíoch orthu. Is cuid den togra i gcónaí go n‑áirítear ann cur chuige níos solúbtha le haghaidh trealamh lena gcomhlíontar critéir shonracha, agus modhnaítear leis an próiseas trína ndéanann STECF na trealaimh chéanna a mheasúnú.

Leis an gcur chuige nua tugtar dhá bhealach fhéideartha do na Ballstáit agus na hoibreoirí: is féidir leo ceann de na trealaimh réamhshainithe a úsáid (eilimint nua) nó sin is féidir leo trealaimh nuálacha a úsáid, agus i gcomhthráth leis sin d’fhéachfadh an Coimisiún le tuairim STECF a fháil i leith an trealaimh. I gcás ina dtabharfadh STECF tuairim dhiúltach, dhéanfaí na trealaimh sin a aistarraingt. Ar an gcaoi chéanna, coinnítear leis an togra an fhéidearthacht go bhforbródh na Ballstáit pleananna seachanta trosc, agus maidir le comhairle ó STECF, ní hé go bhfanfar ar chomhairle roimh an gcur i bhfeidhm, ach is é a dhéanfar í a iarraidh i gcomhthráth. I gcás ina ndéanfaí measúnú diúltach, cheanglófaí ar na Ballstáit na pleananna atá acu a leasú dá réir.

An séacla Artach i ranna 3a agus 4a Thoir ICES

An 9 Márta 2020 d’eisigh ICES an chomhairle le haghaidh ghabhálacha an tséacla Artaigh (Pandalus borealis) i ranna 3a agus 4a Thoir ICES (Skagerrak, Kattegat, agus an taobh ó thuaidh den Mhuir Thuaidh i dTrinse na hIorua). I ndiaidh na gcomhairliúchán leis an Iorua, tá leithdháileadh an tséacla Artaigh don Aontas in Skagerrak socraithe ag 3 266 tona.

An salán sa Mhuir Thuaidh agus in 3a

Is speiceas é an salán (Sprattus sprattus) in 3a a bhfuil saolré gearr aige agus foilseoidh ICES a chomhairle eolaíoch bhliantúil an 14 Aibreán 2020. Ó bhí Aibreán 2019 ann, eisíonn ICES píosa amháin comhairle le haghaidh saláin in 3a agus saláin sa Mhuir Thuaidh, mar go meastar gur aon stoc bitheolaíoch amháin iad. I Rialachán 2020/123 ón gComhairle socraíodh an TAC le haghaidh saláin in 3a ón 1 Eanáir go dtí an 30 Meitheamh 2020. I Rialachán (AE) 2020/123 ón gComhairle socraíodh ag nialas teorainneacha na gabhála iomláine incheadaithe (TAC) ón 1 Iúil 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2021. Dá bhrí sin, ba cheart gabhálacha salán sa Mhuir Thuaidh a leasú i gcomhréir leis an gcomhairle eolaíoch is déanaí ó ICES agus i ndiaidh comhairliúcháin leis an Iorua.

Ba cheart an TAC le haghaidh an tsaláin in 3a a bhunú le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2021, i gcomhréir leis an gcomhairle eolaíoch is déanaí ó ICES agus de réir na tréimhse lena mbaineann an chomhairle sin, agus i ndiaidh comhairliúcháin leis an Iorua. Soláthraítear chun na críche sin cód sealadach um thuairisciú sonrach maidir le saláin agus foghabhálacha gaolmhara.

Is speiceas é an salán (Sprattus sprattus) sa Mhuir Thuaidh a bhfuil saolré gearr aige agus foilseoidh ICES a chomhairle eolaíoch bhliantúil an 14 Aibreán 2020.

An tAinseabhaí

Tá an TAC le haghaidh ainseabhaithe (Engraulis encrasicolus) i bhfolimistéir 9 agus 10 ICES agus in uiscí de chuid an Aontais a bhaineann leis an gCoiste Iascaigh um an Atlantach Thoir Láir (CECAF) 34.1.1. le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2021 socraithe ag nialas, go dtí go n‑eiseofar an chomhairle eolaíoch le haghaidh na tréimhse sin. Eiseoidh ICES a chomhairle le haghaidh an stoic éisc sin amháin ag deireadh Mheitheamh 2020. Chun a áirithiú go bhféadfar leanúint de ghníomhaíocht iascaireachta go dtí go socrófar an TAC ar bhonn na comhairle eolaíche is déanaí, ba cheart TAC sealadach 4 018 tona, arna bhunú ar na gabhálacha a rinneadh sa tríú ráithe de 2019, a bhunú. Dhéanfaí an TAC a leasú, i gcomhréir le comhairle eolaíoch ICES.

An Scadán sa Mhuir Thuaidh

I dTaifead Comhaontaithe an 19 Nollaig 2019 le haghaidh 2020 idir an tAontas Eorpach agus an Iorua, d’aontaigh na Páirtithe go ndéanfar líon breise 10 000 tona ar a mhéid a dheonú, anuas ar an 50 000 tona scadáin (Clupea harengus) arb é sin an líon comhaontaithe is féidir leis an Iorua a ghabháil óna cuóta in uiscí an Aontais in 4a agus 4b, agus is féidir leis an Aontas a ghabháil in uiscí na hIorua, má iarann an dá pháirtí méadú den sórt sin. Ní mór an comhaontú sin a léiriú i ndlí an Aontais.

An Eagraíocht Réigiúnach um Bainistíocht Iascaigh san Aigéan Ciúin Theas

Ag an gcruinniú bliantúil a bhí aige i bhFeabhra 2020, ghlac an Eagraíocht Réigiúnach um Bainistíocht Iascaigh san Aigéan Ciúin Theas (SPRFMO) teorainneacha nua gabhála le haghaidh bolmán (Trachurus murphyi). Ba cheart na bearta infheidhme a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh

Ag an gcruinniú bliantúil a bhí aige a reáchtáladh idir an 23 agus an 27 Meán Fómhair 2019, chinn Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (NAFO) an t‑iascach alfainsín thaibhsigh (Beryx splendens) a dhúnadh i bhfolimistéar 6 NAFO de bharr gurbh fhéidir go n‑ídeofaí an stoc. Ba cheart dá bhrí sin na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais. Dá bhrí sin ba cheart an liosta speiceas atá faoi thoirmeasc a leasú chun an cosc sin a léiriú.

An Coimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh

Le Moladh 16-05 ón gCoimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT) tugadh isteach le haghaidh 2020 an TAC le haghaidh colgáin Mheánmhuirí . Cuireadh an TAC sin chun feidhme i ndlí an Aontais. In Eanáir 2020, áfach, d’eisigh Rúnaíocht ICCAT treoirlínte maidir le ríomh an TAC le haghaidh colgáin Mheánmhuirí (Xiphias gladius). Mar thoradh air sin, caithfear cuóta an Aontais a nuashonrú dá réir.

An Coimisiún um Thuinníní an Aigéin Indiaigh

Ag an gcruinniú bliantúil a bhí aige a reáchtáladh idir an 17 agus an 21 Meitheamh 2019, ghlac an Coimisiún um Thuinníní an Aigéin Indiaigh (IOTC) teorainneacha nua gabhála le haghaidh tuinníní buí (Thunnus albacares) nach ndéanann difear do theorainneacha gabhála an Aontais faoi chreat IOTC. Ghlac sé bearta, áfach, lena laghdaítear na deiseanna úsáid a bhaint as feistí um chomhbhailiú éisc (FADanna), soithí soláthair agus baoithe uirlise. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán AE 2020/123 a athrú tuilleadh chun a áirithiú go léirítear i gceart leis na rialacha cur chun feidhme na cinntí atá glactha ag na Páirtithe in IOTC.

Comhaontú Iascaigh an Aigéin Indiaigh Theas

Shocraigh an 6ú seisiún rialta de Chomhaontú Iascaigh an Aigéin Indiaigh Theas (SIOFA), a reáchtáladh an 1-5 Iúil 2019, bearta maidir le hiascaireacht ghrinnill agus teorannú iarrachta i limistéar an Chomhaontaithe. Ní mór na bearta a aontaíodh sa seisiún sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais. Tá na bearta cur chun feidhme reatha le nuashonrú i bhfianaise na mbeart a aontaíodh ag an gcruinniú maidir le teorainneacha le hiascaireacht ghrinnill.

Ceadúnais sclamhaire a bhaineann leis an nGuáin

Tugann an Coimisiún Eorpach ceadúnais iascaireachta do shoithí a bhfuil bratach Veiniséala ar foluain acu chun a cheadú dóibh sclamhaire a ghabháil in uiscí de chuid na hEorpa amach ó chósta na Guáine. Foráiltear le Rialachán (AE) 2020/123 do dheonú 45 cheadúnas, ach ní mór mar sin féin chun go neiseofaí na húdaruithe sin fianaise a sholáthar go bhfuil conradh bailí tugtha chun críche idir an longúinéir agus cuideachta próiseála atá lonnaithe sa Ghuáin. Ba cheart forálacha a ghlacadh chun leanúnachas oibríochtaí iascaireachta a áirithiú idir dhá thréimhse arna gcumhdach le conarthaí, go dtí go gcomhlíonfar na nósanna imeachta. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2020/123 ón gComhairle a leasú dá réir chun na bearta sin a léiriú.

Comhairliúchán leis an Ríocht Aontaithe

Toisc go bhfuil an Rialachán seo le glacadh le linn na hidirthréimhse dá bhforáiltear sa Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 130(1) den Chomhaontú sin.



2020/0087 (NLE)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1838 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta áirithe le haghaidh 2020 i Muir Bhailt, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/123 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta áirithe in 2020 in uiscí an Aontais agus in uiscí nach de chuid an Aontais iad

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le Rialachán (AE) 2019/1838 ón gComhairle 5 , socraítear le haghaidh 2020 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme i Muir Bhailt. Bunaítear leis tréimhsí coiscthe le haghaidh an dá stoc troisc, tréimhsí atá ina dtréimhsí sceite ag na stoic sin, lena mbaineann maolú le haghaidh soithí iascaireachta ar lú a bhfad iomlán ná 12 mhéadar a bhíonn ag iascaireacht le trealaimh éighníomhacha áirithe. Tá iascaireacht a dhéantar le sruthdhoruithe eisiata ón maolú. Mar sin féin meastar gur cheart úsáid sruthdhoruithe a cheadú agus gur cheart dá réir í a áireamh leis an maolú, mar a rinneadh sna rialacháin maidir le deiseanna iascaireachta a bhí ann roimhe seo. Dá bhrí sin ba cheart Rialachán (AE) 2019/1838 a leasú dá réir.

(2)Le Rialachán (AE) 2020/123 ón gComhairle 6 , socraítear le haghaidh 2020 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad.

(3)Tá an bhásmhaireacht iascaireachta (F) le haghaidh an troisc sa Mhuir Thuaidh (Gadus morhua) méadaithe ó bhí 2016 ann agus meastar anois go bhfuil sí os cionn na teorann básmhaireachta iascaigh (pointe tagartha um an ráta básmhaireachta san iascaireacht teorann a mbeidh meánmhéid stoic ag Blim mar thoradh air san fhadtéarma. Má dhéantar iascaireacht ar leibhéil os cionn Flim ídeofar an stoc dá bharr go leibhéil faoi bhun Blim). Mar thoradh air sin, tá bithmhais an stoic sceite (SSB) laghdaithe ó bhí 2015 ann agus meastar go bhfuil sé faoi bhun Blim, (i.e. an pointe tagartha dá bhforáiltear sa chomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil, dá bhforálann ICES go háirithe, arbh fhéidir go mbeadh acmhainneacht síolraithe laghdaithe faoina bhun), agus bhí an earcaíocht, atá tearc i gcónaí ó bhí 1998 ann, thar a bheith tearc in 2016 agus 2018.

(4)I gcomhréir le hAirteagal 7(2) de phlean ilbhliantúil na Mara Thuaidh 7 , i gcás ina léireofar leis an gcomhairle eolaíoch go bhfuil bithmhais stoic sceite aon cheann de na stoic éisc dá dtagraítear in Airteagal 1(1) den phlean sin faoi bhun Blim, ní mór bearta ceartaitheacha breise a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar leibhéil an stoic éisc a athbhunú go tapa os cionn na leibhéal atá in ann uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh. Féadfar a áireamh ar na bearta ceartaitheacha sin go háirithe iascaireacht dhírithe an stoic lena mbaineann a chur ar fionraí agus laghdú leordhóthanach deiseanna iascaireachta le haghaidh na stoc sin nó le haghaidh stoc eile in iascaigh ina dtarlaíonn foghabhálacha trosc, nó lena naghaidh sin araon.

(5)In éagmais Moladh Comhpháirteach ó ghrúpa réigiúnach Bhallstáit na Mara Thuaidh, tá an Coimisiún ag moladh bearta teicniúla breise a thabhairt isteach i gcomhréir leis na gealltanais atá tugtha idir an tAontas agus an Iorua, atá comhsheasmhach leis an ráiteas comhpháirteach ón gCoimisiún Eorpach agus ón gComhairle 8 .

(6)D'fhonn gabhálacha na stoc éisc a socraítear gabhálacha iomlána incheadaithe (TACanna) ina leith a laghdú, ba cheart na deiseanna iascaireachta le haghaidh na niascach as a ngabhtar na stoic sin a shocrú ag leibhéil a chuidíonn le bithmhais na stoc leochaileach a athshlánú go leibhéal inbhuanaithe. Ba cheart bearta teicniúla agus rialaithe atá nasctha go feidhmiúil le deiseanna iascaireachta a bhunú freisin chun aischur neamhdhleathach a chosc. Ina fhorbhreathnú maidir le hiascach measctha le haghaidh na Mara Thuaidh, measann an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) 9 go dtiocfaidh gabhálacha trosc tuairim is 40 000t in aghaidh TAC comhaontaithe 17 679t i gceist, is é sin i gcás nach dtiocfaidh aon athrú ar phatrúin iascaireachta agus i bhfianaise an aischuir neamhdhleathaigh a bhítear a dhéanamh. Chun an riosca go ndéanfaí gabhálacha i bhfad níos mó ná an TAC comhaontaithe a íoslaghdú, teastaíonn bearta breise chun gabhálacha a theorannú tuilleadh.

(7)I gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear sna comhaontuithe nó sna prótacail ar an gcaidreamh iascaigh leis an Iorua 10 , bhí comhairliúcháin maidir le cearta iascaireachta ag an Aontas leis an Iorua. Tá sé comhaontaithe ag na Páirtithe a mholadh dá núdaráis ar leith bearta ceartaitheacha breise a thabhairt isteach chun an TAC a aontaíodh cheana i Nollaig 2019 a fhorlíonadh, ionas go soláthrófar cosaint bhreise ar bhonn sealadach do throisc idir óg agus aosach le linn 2020. Ba cheart a áireamh ar na bearta sin tréimhsí coiscthe séasúracha ar mhaithe le troisc óga a chosaint, limistéir shrianta lena mbaineann coinníollacha sonracha rochtana, tabhairt isteach beart nua atá bunaithe ar threalamh iascaireachta, agus a áireamh orthu freisin go mbeidh rogha ann ar bhonn deonach d’oibreoirí aonair go suiteálfaí trealamh le haghaidh iascaigh lándoiciméadaithe lena gceadófaí rochtain ar limistéir shrianta den sórt a luadh, dá dteastódh sin uathu mar rogha malartach.

(8)An 9 Márta 2020, d’eisigh ICES comhairle le haghaidh gabhálacha séaclaí Artacha (Pandalus borealis) i ranna 3a agus 4a Thoir ICES (Skagerrak, Kattegat, agus an taobh ó thuaidh den Mhuir Thuaidh i dTrinse na hIorua). Ar bhonn na comhairle sin agus i ndiaidh comhairliúcháin leis an Iorua, is iomchuí cuóta an Aontais le haghaidh séaclaí Artacha i roinn 3a ICES a shocrú ag 3 266 thona, i gcomhréir leis an uastáirgeacht inbhuanaithe.

(9)De réir chomhairle ICES an 14 Aibreán 2020, ní ceart gabhálacha salán (Sprattus sprattus) sa Mhuir Thuaidh, sa Mhuir Ioruach, in Skagerrak agus in Kattegatt a bheith níos mó ná XXX tona le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2021. Ba cheart na deiseanna iascaireachta le haghaidh salán i roinn 2a (an Mhuir Ioruach) ICES, folimistéar 4 (an Mhuir Thuaidh) ICES agus roinn 3a ICES le haghaidh na tréimhse sin a shocrú dá réir sin.

(10)Tá an TAC le haghaidh ainseabhaithe (Engraulis encrasicolus) i bhfolimistéir 9 agus 10 ICES agus in uiscí de chuid an Aontais a bhaineann leis an gCoiste Iascaigh um an Atlantach Thoir Láir (CECAF) 34.1.1. le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2021 socraithe ag nialas, go dtí go neiseofar an chomhairle eolaíoch le haghaidh na tréimhse sin. Eiseoidh ICES a chomhairle le haghaidh an stoic éisc sin ag deireadh Mheitheamh 2020. Chun a áirithiú go bhféadfar leanúint de ghníomhaíocht iascaireachta go dtí go socrófar an TAC ar bhonn na comhairle eolaíche is déanaí, ba cheart TAC sealadach 4 018 tona, arna bhunú ar na gabhálacha a rinneadh sa tríú ráithe de 2019, a bhunú. Leasófar an TAC i gcomhréir le comhairle eolaíoch ICES.

(11)I dTaifead Comhaontaithe na gComhairliúchán Iascaigh idir an Iorua agus an tAontas Eorpach le haghaidh 2020 11 an 19 Nollaig 2019 idir an tAontas agus an Iorua, d’aontaigh na Páirtithe go ndéanfar líon breise 10 000 tona ar a mhéid a dheonú, anuas ar an 50 000 tona scadáin (Clupea harengus) arb é sin an líon comhaontaithe is féidir leis an Iorua a ghabháil óna cuóta in uiscí an Aontais in 4a agus 4b, agus is féidir leis an Aontas a ghabháil in uiscí na hIorua laisteas de 62°T, má iarann an Iorua nó an tAontas méadú den sórt sin. Ní mór an comhaontú sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

(12)Ag an gcruinniú bliantúil a bhí aici in 2020 a reáchtáladh ón 14 go dtí an 18 Feabhra 2020, rinne an Eagraíocht Réigiúnach um Bainistíocht Iascaigh san Aigéan Ciúin Theas (SPRFMO) an beart caomhnaithe le haghaidh bolmán (Trachurus murphyi) a athbhreithniú. Ba cheart na bearta infheidhme a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

(13)Ag an gcruinniú bliantúil a bhí aici a reáchtáladh idir an 23 agus an 27 Meán Fómhair 2019, chinn Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (NAFO) an tiascach alfainsín thaibhsigh (Beryx splendens) a dhúnadh i bhfolimistéar 6 NAFO de bharr gurbh fhéidir go nídeofaí an stoc. Dá bhrí sin ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais agus an liosta speiceas atá faoi thoirmeasc a leasú dá réir.

(14)Tá Moladh 16-05 ón gCoimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT), lenar laghdaíodh an TAC le haghaidh colgáin Mheánmhuirí in 2020, curtha chun feidhme cheana i ndlí an Aontais. In Eanáir 2020, áfach, d’eisigh Rúnaíocht ICCAT treoirlínte maidir le ríomh an TAC le haghaidh colgáin Mheánmhuirí (Xiphias gladius). Mar thoradh air sin, caithfear cuóta an Aontais a nuashonrú dá réir.

(15)Ag an gcruinniú bliantúil a bhí aige in 2019 a reáchtáladh idir an 17 agus an 21 Meitheamh 2019, ghlac an Coimisiún um Thuinníní an Aigéin Indiaigh (IOTC) teorainneacha nua gabhála le haghaidh tuinníní buí (Thunnus albacares) nach ndéanann difear do theorainneacha gabhála an Aontais faoi chreat IOTC. Mar sin féin, laghdaigh sé na deiseanna úsáid a bhaint as feistí um chomhbhailiú éisc (FADanna), soithí soláthair agus baoithe uirlise freisin. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán AE 2020/123 a athrú tuilleadh chun a áirithiú go léirítear i gceart leis na rialacha cur chun feidhme na cinntí atá glactha ag na Páirtithe in IOTC.

(16)Ag an gcruinniú bliantúil a bhí acu in Iúil 2019, shocraigh na Páirtithe i gComhaontú Iascaigh an Aigéin Indiaigh Theas (SIOFA) bearta maidir le hiascaireacht ghrinnill agus teorannú iarrachta i limistéar SIOFA. Cuireadh chun feidhme na bearta sin i ndlí an Aontais le Rialachán 2020/123.. Dá bhrí sin, ba cheart tuilleadh athruithe a dhéanamh chun a áirithiú go léirítear i gceart leis na rialacha cur chun feidhme na cinntí atá glactha ag na Páirtithe in SIOFA.

(17)Tugann an Coimisiún Eorpach ceadúnais iascaireachta do shoithí a bhfuil bratach Veiniséala ar foluain acu chun a cheadú dóibh sclamhaire a ghabháil in uiscí de chuid na hEorpa amach ó chósta Ghuáin na Fraince. Foráiltear le Rialachán (AE) 2020/123 do dheonú 45 cheadúnas. Chun go neiseofar na húdaruithe sin, ní mór fianaise a sholáthar go bhfuil conradh bailí tugtha chun críche idir an longúinéir agus cuideachta próiseála atá lonnaithe i Roinn Ghuáin na Fraince. Le linn an phróisis údaraithe a bhíonn ar siúl idir dhá bhliain, ba cheart leanúnachas oibríochtaí iascaireachta a cheadú faoi choinníollacha áirithe.

(18)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2020/123 a leasú agus a leasú dá réir.

(19)Tá feidhm ag na teorainneacha gabhála dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2019/1838 agus Rialachán (AE) 2020/123 ón 1 Eanáir 2020. Dá bhrí sin ba cheart na forálacha maidir le teorainneacha gabhála a thugtar isteach leis an Rialachán leasaitheach seo a theacht i bhfeidhm a luaithe is féidir agus feidhm a bheith acu ón 1 Eanáir 2020. Ní dochar an cur i bhfeidhm cúlghabhálach sin do phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus don phrionsabal i dtaobh ionchais dhlisteanacha a chosaint, mar nach bhfuil na deiseanna iascaireachta atá i gceist ídithe go fóill.

(20)Chuathas i gcomhairle leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 130(1) den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Rialachán (AE) 2019/1838

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1838 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Leasú ar Rialachán (AE) 2020/123

Leasaítear Rialachán (AE) 2020/123 mar a leanas:

(1)    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14:

Airteagal 14

Bearta ceartaitheacha le haghaidh troisc sa Mhuir Thuaidh

l.    Leagtar amach in Iarscríbhinn IV na limistéir atá coiscthe don iascaireacht seachas le trealamh peiligeach (peas-saighne agus tráil), agus na tréimhsí a mbeidh feidhm ag na tréimhsí coiscthe lena linn.

2.    Soithí a bhíonn ag iascaireacht le tráil ghrinnill agus saighní lena mbaineann mogallmhéid íosta 70 mm ar a laghad, eangacha geolbhaigh agus soithí spiléireachta 12 , toirmiscfear orthu sin a bheith ag iascaireacht in uiscí de chuid an Aontais i roinn 4a ICES, lastuaidh de dhomhanleithead 58° 30'00 T agus laisteas de dhomhanleithead 61° 30’00 T agus in uiscí de chuid an Aontais i ranna 3a.20 (Skagerrak), 4a agus 4b ICES, lastuaidh de dhomhanleithead 57° 00’00 O agus lastoir de dhomhanleithead 005 00’.00 O.

3.    De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh soithí iascaireachta dá dtagraítear i mír 2 iascaireacht a dhéanamh sna limistéir dá dtagraítear i mír 1 ar choinníoll go gcomhlíontar leo ceann amháin ar a laghad de na critéir a leanas:

(a)níl céatadán na ngabhálacha troisc níos mó ná 5 % de na gabhálacha iomlána in aghaidh an turais iascaireachta;

(b) úsáidtear trál grinnill nó saighean rialáilte agus ardroghnaíoch, agus dá bharr sin, de réir staidéar eolaíoch, bíonn laghdú 50% ann maidir le gabhálacha troisc i gcomparáid le soithí a dhéanann iascaireacht le trealamh lena mbaineann mogallmhéid 120 mm. Is féidir go ndéanfaidh STECF meastóireacht ar staidéir den sórt sin. I gcás ina ndéanfadh STECF meastóireacht dhiúltach agus nárbh fhéidir, ar an mbonn sin, na trealaimh sin a mheas a thuilleadh mar threalaimh atá bailí lena núsáid sna limistéir a shainmhínítear i mír 2;

(c)maidir le soithí atá ag oibriú le grinnill nó saighní lena mbaineann mogallmhéid atá cothrom le 100 mm nó níos mó ná sin [TR1], úsáidtear na trealaimh ardroghnaíocha a leanas:

Tráil bhoilg lena mbaineann mogallmhéid boilg íosta 600mm;

Líne iascaireachta ardaithe (0.6 m);

Painéal deighilte cothrománach ina bhfuil painéal éalaithe mogaill mhóir;

(d)maidir le soithí atá ag oibriú le tráil ghrinnill nó saighní lena mbaineann mogallmhéid atá cothrom le 70 mm nó níos mó ná sin agus atá níos lú ná 100 mm TR2, úsáidtear na trealaimh ardroghnaíocha a leanas:

greille shórtála nach mó ná 50 mm an spás idir na barraí inti lena scartar na speicis d'iasc cruinn, agus d’iasc leathógach, agus ina bhfuil sceithbhealach iasc neamhbhlocáilte don iasc leathógach;

painéal Seltra agus méid mogall cearnach 300 mm ann;

greille shórtála nach mó ná 35 mm an spás idir na barraí inti, agus ina bhfuil sceithbhealach iasc neamhbhlocáilte;

(e)tá soithí faoi réir plean náisiúnta seachanta trosc arna cheapadh chun gabhálacha trosc a bheidh ar a laghad 50% níos ísle ná leibhéil 2019 a bhaint amach trí bhearta spásúla nó teicniúla, nó meascán den dá chineál birt sin. Ba cheart pleananna den sórt sin a mheasúnú tráth nach déanaí ná dhá mhí i ndiaidh a gcur chun feidhme, i gcás Bhallstáit an Aontais is é STECF a dhéanfaidh measúnú agus i gcás tríú tíortha is é an comhlacht eolaíoch náisiúnta a dhéanfaidh measúnú, agus nuair a mheastar gur gá ba cheart na pleananna sin a athbhreithniú tuilleadh, is é sin nuair a mheastar le measúnuithe den sórt a luadh nach mbainfear amach an cuspóir gabhálacha troisc a laghdú 50%;

(f) suiteáiltear cian-trealamh leictreonach i gcomhréir le hAirteagal 15(13) de Rialachán (AE) Uimh 1380/2013 ar mhaithe le doiciméadú iomlán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí iascaigh.

4.    Beidh soithí a dtagraítear dóibh i mír 3 den airteagal seo faoi réir faireachán feabhsaithe, rialaithe agus faireachais agus eiseofar dóibh údarú iascaireachta i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh 1224/2009. Faireachán agus fíorú a dhéanfar i dtaca leis na coinníollacha a shonraítear i mír 2(a) go (e) den airteagal sin trí scéim breathnóirí eolaíocha, nó cigireachtaí ar muir agus anailís ar an ngabháil dheireanach mar chuid díobh.”;

(2)    Leasaítear Airteagal 16(1) mar a leanas:

cuirtear isteach an pointe (o) seo a leanas:

“(o) alfainsín taibhseach (Beryx splendens) i bhfolimistéar 6 NAFO.";

(3)    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 27:

“Airteagal 27
Sruthfheistí um chomhbhailiú éisc agus soithí tacaíochta

1.    Ní dhéanfaidh soitheach peas-saighne níos mó ná 300 sruthfheiste um chomhbhailiú éisc ghníomhach a imlonnú in aon am amháin.

2.    Tá an líon baoithe uirlise is féidir a fháil go bliantúil le haghaidh gach soithigh spiléireachta socraithe ag líon nach mó ná 500. Ní bheidh níos mó ná 500 baoi uirlise ag aon soitheach spiléireachta (idir bhaoithe atá sa stoc agus bhaoithe oibríochtúla) tráth ar bith.

3.    Ní bheidh an líon soithí soláthair níos mó ná dhá shoitheach soláthair mar thaca le líon nach lú ná cúig shoitheach peas-saighne, agus bratach an Bhallstáit chéanna ar foluain acu uile. Ní bheidh feidhm ag an bhforáil seo maidir le Ballstáit nach mbainfidh úsáid ach as an aon soitheach soláthair amháin.

4.    Ní bheidh níos mó ná an t‑aon soitheach soláthair amháin mar thaca ag soitheach peas-saighne de chuid an Bhallstáit brataí chéanna tráth ar bith.

5.    Ní chláróidh an tAontas soithí soláthair nua nó breise i gclár soithí údaraithe IOTC.”;

(4)    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 46:

“Airteagal 46
Teorainneacha le hiascaireacht ghrinnill

“Áiritheoidh Ballstáit, maidir le soithí a bhfuil a mbratach ar foluain acu a bhíonn ag iascaireacht i Limistéar Chomhaontú SIOFA:

(a)go mbeidh srian ag na soithí céanna ar a niarracht iascaireachta grinnill bhliantúil agus a ngabhálacha ó iascaireacht ghrinnill, ionas nach sárófar an meánleibhéal bliantúil a bhí acu sna blianta sin nuair a bhí siad gníomhach sa limistéar, thar tréimhse ionadaíoch a bhfuil sonraí atá fógartha don Choimisiún ann lena haghaidh;

(b)nach méadóidh siad dáileadh spásúil a niarrachta iascaireachta grinnill, iarracht nach náirítear léi modhanna líne agus gaiste, thar limistéir ina ndearnadh iascaireacht le blianta beaga anuas;

(c)nach núdaraítear dóibh a bheith ag iascaireacht i limistéir Atlantis Bank, Coral, Fools Flat, Middle of What, ná Walter’s Shoal, ar limistéir iad atá faoi chosaint eatramhach, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn IK, seachas más modhanna líne agus gaiste a úsáideann siad agus ar an gcoinníoll breathnóir eolaíoch a bheith ar bord acu i gcónaí le linn dóibh a bheith ag iascach sna limistéir sin.”;

(5)    Leasaítear Iarscríbhinní, IA, ID, IK agus V i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2020.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)     http://www.ices.dk/community/advisory-process/Pages/Latest-advice.aspx  
(2)    Rialachán (AE) 2018/973 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do stoic ghrinnill sa Mhuir Thuaidh agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena sonraítear mionsonraí maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír sa Mhuir Thuaidh agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 676/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008 ón gComhairle (IO L 179, 16.7.2018, lch. 1).
(3)    An Comhaontú ar iascaigh idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua (IO L 226, 29.8.1980, lch. 48).
(4)    Iarscríbhinn IV a ghabhann le RIALACHÁN (AE) 2020/123
(5)    Rialachán (AE) 2019/1838 ón gComhairle an 30 Deireadh Fómhair 2019, lena socraítear le haghaidh 2020 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme i Muir Bhailt, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/124 maidir le deiseanna iascaireachta áirithe in uiscí eile (IO L 281, 31.10.2019, lch. 1).
(6)    Rialachán (AE) 2020/123 ón gComhairle an 27 Eanáir 2020 lena socraítear le haghaidh 2020 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L 25, 30.1.2020, lch. 1)
(7)    Rialachán (AE) 2018/973 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do stoic ghrinnill sa Mhuir Thuaidh agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena sonraítear mionsonraí maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír sa Mhuir Thuaidh agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 676/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008 ón gComhairle (IO L 179, 16.7.2018, lch. 1).
(8)    ST 6841/20 REV1 ADD1
(9)    Comhairle ICES 2019 - ICES advice 2019 - ICES Greater North Sea Ecoregion - Fisheries overviews, including mixed fisheries considerations, pp 3-15 [Éiciréigiún Mhórcheantar na Mara Thuaidh ICES - Forbhreathnuithe maidir le hiascaigh, lena n‑áirítear gnéithe maidir le hiascaigh mheasctha, lch. 3-15]. Sa Tuarascáil ó Choiste Comhairleach ICES, 2019. Comhairle ICES 2019, roinn 9.2. 42 lch.  https://doi.org/10.17895/ices.advice.5710   http://www.ices.dk/sites/pub/Publication%20Reports/Advice/2019/2019/FisheriesOverview_GreaterNorthSea_2019.pdf  
(10)    An Comhaontú ar iascaigh idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua (IO L 226, 29.8.1980, lch. 48).
(11)    https://ec.europa.eu/fisheries/sites/fisheries/files/docs/body/2020-norway-fisheries-consultations-north-sea_en.pdf
(12)    Cóid trealaimh: OTB, OTT, OT, TBN, TBB, TBS, TB, TX , PTB, SDN, SSC, SX, GN, GNS, LL, LLS.

An Bhruiséil,20.5.2020

COM(2020) 205 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle

lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1838 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta áirithe le haghaidh 2020 i Muir Bhailt, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/123 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta áirithe in 2020 in uiscí an Aontais agus in uiscí nach de chuid an Aontais iad


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1838 mar a leanas:

(1)    Sa tábla deiseanna iascaireachta le haghaidh troisc i bhforanna 25-32 ICES, cuirtear an méid seo a leanas in áit fhonóta 2:

(2) I bhforanna 25 agus 26 beidh toirmeasc ar iascaireacht an chuóta seo ón 1 Bealtaine go dtí an 31 Lúnasa.

De mhaolú ar an gcéad mhír, féadfar tabhairt faoi oibríochtaí iascaireachta ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad agus chun na críche sin amháin, ar choinníoll go ndéanfar na himscrúduithe céanna go hiomlán i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241.

De mhaolú ar an gcéad mhír, ní bheidh feidhm ag an tréimhse choiscthe sin maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar lú a bhfad iomlán ná 12 mhéadar agus a mbíonn siad ag iascaireacht le heangacha geolbhaigh, líonta fostúcháin nó líonta traimlí, le doruithe grinneallsocraithe, spiléir, doruithe láimhe agus trealamh díreoige, nó gléasanna iascaireachta éighníomhacha eile i gceantair inar lú ná 20 méadar doimhneacht an uisce de réir na gcomhordanáidí ar an gcairt loingseoireachta oifigiúil arna heisiúint ag na húdaráis náisiúnta inniúla. Áiritheoidh máistrí na soithí iascaireachta sin go bhféadfaidh údaráis rialúcháin inniúla an Bhallstáit faireachán a dhéanamh ar a ngníomhaíochtaí iascaireachta am ar bith.”;

(2)    Sa tábla deiseanna iascaireachta le haghaidh troisc i bhforanna 22-24 ICES, cuirtear an méid seo a leanas in áit fhonóta 2:

(2) Beidh toirmeasc ar iascaireacht an chuóta seo i bhforanna 22 agus 23 ón 1 Feabhra go dtí an 31 Márta, agus i bhforoinn 24 ón 1 Meitheamh go dtí an 31 Iúil.

De mhaolú ar an gcéad mhír, féadfar tabhairt faoi oibríochtaí iascaireachta ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad agus chun na críche sin amháin, ar choinníoll go ndéanfar na himscrúduithe céanna go hiomlán i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241.

De mhaolú ar an gcéad mhír, ní bheidh feidhm ag an tréimhse choiscthe sin maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar lú a bhfad iomlán ná 12 mhéadar agus a mbíonn siad ag iascaireacht le heangacha geolbhaigh, líonta fostúcháin nó líonta traimlí, le doruithe grinneallsocraithe, spiléir, doruithe láimhe agus trealamh díreoige, nó gléasanna iascaireachta éighníomhacha eile i gceantair inar lú ná 20 méadar doimhneacht an uisce de réir na gcomhordanáidí ar an gcairt loingseoireachta oifigiúil arna heisiúint ag na húdaráis náisiúnta inniúla. Áiritheoidh máistrí na soithí iascaireachta sin go bhféadfaidh údaráis rialúcháin inniúla an Bhallstáit faireachán a dhéanamh ar a ngníomhaíochtaí iascaireachta am ar bith.”.

IARSCRÍBHINN II

Leasaítear Iarscríbhinní IA, ID, IH agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/123 mar a leanas:

(1)Leasaítear Iarscríbhinn IA mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in áit an tábla deiseanna iascaireachta le haghaidh an tséacla Artaigh i roinn 3a ICES:

“Speiceas:

an séacla Artach

 

Limistéar:

3a

 

 

 

Pandalus borealis

 

 

 

(PRA/03A.)

 

 

An Danmhairg

 

2 123

TAC anailíseach

 

 

An tSualainn

1 143

An tAontas

3 266

TAC

6 116”

;

(b)    cuirtear isteach an tábla deiseanna iascaireachta seo a leanas le haghaidh salán agus foghabhálacha gaolmhara in uiscí de chuid an Aontais i roinn 3a ICES:

“Speiceas:

an salán agus foghabhálacha gaolmhara

Limistéar:

3a

 

 

 

Sprattus sprattus

 

 

(SPR/03A.2)

 

 

An Danmhairg

pm

(1)(2)

TAC anailíseach

 

 

An Ghearmáin

pm

(1)(2)

An tSualainn

pm

(1)(2)

An tAontas

pm

(1)(2)

TAC

pm

(2)

_____________ 
(1)

Féadfaidh suas le 5 % den chuóta a bheith ina fhoghabhálacha faoitíní agus cadóg (OTH/*03A.2). Foghabhálacha faoitíní agus cadóg arna gcomhaireamh in aghaidh an chuóta de bhun na forála seo agus foghabhálacha speiceas arna gcomhaireamh in aghaidh an chuóta de bhun Airteagal 15(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní rachaidh siad, i dteannta a chéile, thar 9 % den chuóta.

(2)

Ní fhéadfar an cuóta seo a iascaireacht ach ón 1 Iúil 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2021. Féadfar aistrithe an chuóta seo a dhéanamh chuig uiscí de chuid an Aontais in 2a agus 4. Tabharfar fógra, áfach, don Choimisiún roimh ré faoi aistrithe dá leithéid.

;

(c)    cuirtear an méid seo a leanas in áit an tábla deiseanna iascaireachta le haghaidh salán agus foghabhálacha gaolmhara in uiscí de chuid an Aontais i roinn 2a agus folimistéar 4 ICES:

“Speiceas:

an salán agus foghabhálacha gaolmhara

Limistéar:

uiscí de chuid an Aontais in 2a agus 4

 

 

Sprattus sprattus

 

 

(SPR/2AC4-C)

 

 

An Bheilg

 

pm

(1)(2)

TAC anailíseach

 

 

An Danmhairg

pm

(1)(2)

An Ghearmáin

pm

(1)(2)

An Fhrainc

pm

(1)(2)

An Ísiltír

pm

(1)(2)

An tSualainn

pm

(1) (2)(3)

An Ríocht Aontaithe

pm

(1)(2)

An tAontas

pm

(1)

An Iorua

pm

(1)

Oileáin Fharó

pm

(1)(4)

TAC

pm

(1)

_______________ 
(1)

Ní fhéadfar an cuóta a ghabháil ach ón 1 Iúil 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2021.

(2)

Féadfaidh suas le 2 % den chuóta a bheith ina fhoghabhálacha faoitíní (OTH/ *2AC4C). Foghabhálacha faoitíní arna gcomhaireamh in aghaidh an chuóta de bhun na forála seo agus foghabhálacha speiceas arna gcomhaireamh in aghaidh an chuóta de bhun Airteagal 15(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní rachaidh siad, i dteannta a chéile, thar 9 % den chuóta.

(3)

Lena n‑áirítear spéirlintí.

(4)

Féadfaidh suas le 4 % de a bheith ina fhoghabhálacha scadán.

 

 

 

 

;

(d)    an tábla deiseanna iascaireachta le haghaidh ainseabhaithe i bhfolimistéir 9 agus 10 ICES; Cuirtear an méid seo a leanas in áit uiscí de chuid an Aontais i roinn 34.1.1. CECAF:

“Speiceas:

an t‑ainseabhaí

 

 

Limistéar:

9 agus 10; uiscí de chuid an Aontais i roinn 34.1.1 CECAF

 

Engraulis encrasicolus

 

 

(ANE/9/3411)

 

An Spáinn

 

1 922

(1)

TAC réamhchúraim

 

 

An Phortaingéil

2 096

(1)

An tAontas

4 018

(1)

TAC

4 018

(1)

(1)

Ní fhéadfar an cuóta a ghabháil ach ón 1 Iúil 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2021.

;

(e)    cuirtear an méid seo a leanas in áit an tábla deiseanna iascaireachta le haghaidh scadáin in uiscí de chuid an Aontais agus uiscí de chuid na hIorua in 4 lastuaidh de 53° 30' T:

“Speiceas:

an scadán(1)

Limistéar:

uiscí de chuid an Aontais agus uiscí de chuid na hIorua in 4 lastuaidh de 53º 30' T

Clupea harengus

(HER/4AB.)

An Danmhairg

59 468

TAC anailíseach

An Ghearmáin

39 404

Tá feidhm ag Airteagal 7(2) den Rialachán seo

An Fhrainc

20 670

An Ísiltír

51 717

An tSualainn

3 913

An Ríocht Aontaithe

55 583

An tAontas

230 755

Oileáin Fharó

250

An Iorua

111 652

(2)

TAC

385 008

(1)

Gabhálacha scadán a thógtar in iascaigh a úsáideann líonta a bhfuil méid a mogaill cothrom le 32 mm nó níos mó ná sin.

(2)

Gabhálacha a thógtar laistigh den chuóta seo, asbhainfear iad ó sciar na hIorua den TAC. Laistigh de theorainn an chuóta seo, ní fhéadfar níos mó ná an chainníocht a thugtar thíos a thógáil in uiscí de chuid an Aontais in 4a agus 4b (HER/*4AB-C). Deonófar cainníocht bhreise 10 000 tona ar a mhéid má iarrann an Iorua méadú den sórt sin.

50 000

Coinníoll speisialta: laistigh de theorainneacha na gcuótaí thuasluaite, ní fhéadfaidh an tAontas níos mó ná na cainníochtaí a thugtar thíos a thógáil in uiscí na hIorua laisteas de 62° T. Deonófar cainníocht bhreise 10 000 tona ar a mhéid má iarrann an tAontas méadú den sórt sin.

Uiscí na hIorua laisteas de 62° T

(HER/*04N-)(1)

 

50 000

;

(2)In Iarscríbhinn ID, cuirtear an méid seo a leanas in áit an tábla deiseanna iascaireachta le haghaidh colgáin sa Mheánmhuir:

“Speiceas

Colgáin

Xiphias gladius

Limistéar:

An Mheánmhuir

(SWO/MED)

An Chróit

14,60

(1)

TAC anailíseach

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

An Chipir

53,85

(1)

An Spáinn

1 663,34

(1)

An Fhrainc

115,93

(1)

An Ghréig

1 101,10

(1)

An Iodáil

3 409,98

(1)

Málta

404,55

(1)

An tAontas

6 763,35

(1)

TAC

9 583,07”

(1)

Ní fhéadfar an cuóta seo a ghabháil ach ón 1 Aibreán go dtí an 31 Nollaig.

;

(3)In Iarscríbhinn IH, cuirtear an méid seo a leanas in áit an tábla deiseanna iascaireachta le haghaidh bolmáin i limistéar choinbhinsiún SPRFMO:

“Speiceas:

an bolmán

Trachurus murphyi

Limistéar:

Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO

(CJM/SPRFMO)

An Ghearmáin

10 446,80

TAC anailíseach

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

An Ísiltír

11 323,26

An Liotuáin

7 269,16

An Pholainn

12 498,78

An tAontas

41 538

TAC

Ní bhaineann le hábhar”

;

(4)In Iarscríbhinn V, i gcuid B an tábla maidir leis “An líon uasta údaruithe iascaireachta le haghaidh soithí tríú tír a dhéanann iascaireacht in uiscí an Aontais”, cuirtear an méid seo a leanas in áit fhonóta 1:

“(1) Ionas go bhféadfar na húdaruithe iascaireachta sin a eisiúint, ní mór cruthúnas a chur ar fáil go bhfuil conradh bailí ann idir úinéir an tsoithigh ag a bhfuil iarratas á dhéanamh ar údarú iascaireachta agus gnóthas próiseála atá lonnaithe i Roinn Ghuáin na Fraince, agus go gcuimsítear ann oibleagáid chun 75 % ar a laghad de na gabhálacha sclamhairí uile ón soitheach sin a thabhairt i dtír sa roinn sin ionas go bhféadfar iad a phróiseáil i monarcha an ghnóthais sin. Ní mór d'údaráis na Fraince conradh den sórt sin a fhormhuiniú, agus áiritheofar leis an bhformhuiniú sin go bhfuil an conradh comhsheasmhach le cumas iarbhír an ghnóthais próiseála chonarthaigh agus leis na cuspóirí chun geilleagar na Guáine a fhorbairt. Cuirfear cóip den chonradh atá formhuinithe mar is cuí i gceangal leis an iarratas ar údarú iascaireachta. I gcás ina ndiúltaítear d'fhormhuiniú den sórt sin, tabharfaidh údaráis na Fraince fógra faoin diúltú sin agus luafaidh siad na cúiseanna a bhí acu leis don pháirtí lena mbaineann agus don Choimisiún. Féadfaidh soitheach iascaireachta a bhfuil bratach Veiniséala ar foluain aige agus é údaraithe gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh in 2020 leanúint den iascaireacht go dtí an 1 Aibreán 2021, go dtí go n‑athnuafar an t‑údarú iascaireachta atá aige agus ar choinníoll:

- go bhfuil conradh soláthair nua sínithe ag oibreoir an tsoithigh le haghaidh 2021,

- go bhfuil na nósanna imeachta um athnuachan údaraithe ar siúl faoi láthair maidir leis an soitheach sin,

- gur chomhlíon oibreoir an tsoithigh a oibleagáidí tuairiscithe agus a oibleagáidí conarthacha gabhálacha a thabhairt i dtír in 2020.

Téann an síneadh ama sin in éag ar dháta teacht i bhfeidhm chinneadh an Choimisiún lena n‑eisítear údarú iascaireachta le haghaidh 2021 don soitheach, nó nuair a fhaightear fógra ón gCoimisiún gur diúltaíodh údarú a thabhairt.”.

IARSCRÍBHINN[…]