An Bhruiséil,8.5.2020

COM(2020) 199 final

2020/0083(NLE)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2026 a mhéid a bhaineann leis na dátaí cur i bhfeidhm de bharr ghéarchéim COVID
x001e
19



MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

An 21 Samhain 2019 ghlac an Chomhairle Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2026 1 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 2 maidir le soláthairtí earraí nó seirbhísí a éascaítear le comhéadain leictreonacha agus leis na scéimeanna speisialta do dhaoine inchánach a sholáthraíonn seirbhísí do dhaoine neamh‑inchánach, agus a dhéanann ciandíolacháin earraí agus soláthairtí earraí tí áirithe.

1 Eanáir 2021 an dáta a socraíodh LE hAGHAIDH cur i bhfeidhm an chuid is mó den phacáiste chuimsitheach reachtaíochta seo maidir le CBL a nuachóiriú LE hAGHAIDH ríomhthráchtáil thrasteorann gnólacht le tomhaltóir (‘pacáiste ríomhthráchtála CBL’), lena n‑áirítear na forálacha cur chun feidhme.

Chuir an Coimisiún staid na himeartha i láthair maidir le hullmhacht na mBallstát an 14 Feabhra 2020 agus dheimhnigh an chuid is mó de na Ballstáit go mbeadh siad in ann na rialacha a chur i bhfeidhm faoin dáta dlite. Chuir dhá Bhallstát imní in iúl agus d’iarr siad go gcuirfí siar an teacht i bhfeidhm go ceann bliana nó níos mó. Thairg an Coimisiún cúnamh do na Ballstáit a raibh deacrachtaí acu chun cabhrú leo na constaicí sin a shárú agus bhí sé muiníneach go mbeadh na Ballstáit réidh faoin 1 Eanáir 2021.

De dheasca ráig gan choinne ghéarchéim COVID‑19 agus a tionchar ollmhór, áfach, bhí ar na Ballstáit a gcuid tosaíochtaí a athrú agus acmhainní a ath‑leithdháileadh chun an phaindéim a chomhrac in áit an pacáiste ríomhthráchtála CBL a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, ní féidir leis na Ballstáit eile a dhearbhú níos mó go mbeidh siad in ann bailchríoch a chur ar an obair ullmhúcháin chun na rialacha nua a chur i bhfeidhm faoin 1 Eanáir 2021. Tá contúirt ann go mbeidh moill leis an gcóras TF ar an leibhéal náisiúnta, ar córas é a bhfuil gá leis chun na rialacha atá leagtha síos sna Treoracha ríomhthráchtála CBL a chur chun feidhme, agus dá dheasca sin cuirtear i gcontúirt ullmhacht roinnt Ballstát chun na rialacha nua a chur i bhfeidhm amhail ón 1 Eanáir 2021. Chuir príomhoibreoirí eacnamaíocha imní den chineál céanna in iúl, go háirithe oibreoirí cúiréara agus poist, a mhol go láidir don Choimisiún dáta chur i bhfeidhm an phacáiste ríomhthráchtála CBL a chur ar atráth go ceann 6 mhí de dheasca ghéarchéim COVID‑19.

Thionóil an Coimisiún cruinniú leis na Ballstáit an 24 Aibreán 2020 chun measúnú a dhéanamh ar a n‑ullmhacht maidir leis na rialacha nua a chur i bhfeidhm amhail ón 1 Eanáir 2021. Dheimhnigh formhór na mBallstát go bhfuil sé ar a gcumas fós na rialacha a chur i bhfeidhm in am, ach chuir siad i dtábhacht go bhfuil na forálacha ar fheidhmiú an phacáiste ríomhthráchtála CBL bunaithe ar an bprionsabal gur cheart go mbeadh sé ar chumas na mBallstát uile iad a chur i bhfeidhm i gceart, agus mar sin go mbeidís réidh chun tacú le cur i bhfeidhm na rialacha a chur ar atráth nach mairfeadh níos faide ná 6 mhí.

Is í príomhsprioc an togra seo dátaí chur i bhfeidhm rialacha chur chun feidhme an phacáiste ríomhthráchtála CBL atá leagtha síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2026 a beartaíodh don 1 Eanáir 2021 a chur ar atráth go ceann 6 mhí. Dá dheasca sin, is é dáta nua an cur i bhfeidhm an 1 Iúil 2021. Moltar é a chur ar atráth go ceann 6 mhí, mar gur ceart an mhoill a choinneáil chomh gairid agus is féidir ar mhaithe le caillteanais bhuiséadacha bhreise do Bhallstáit a íoslaghdú.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Is í sprioc ghinearálta an togra seo feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh, iomaíochas ghnólachtaí an Aontais agus an gá atá le cánachas éifeachtach an gheilleagair dhigitigh a áirithiú. Tá an pacáiste ríomhthráchtála CBL ag teacht le cur i bhfeidhm phrionsabal an chinn scríbe maidir le CBL amach anseo, mar atá leagtha amach sa phlean gníomhaíochta maidir le CBL a dtacaíonn an Chomhairle leis 3 .

De bhreis ar an bplean gníomhaíochta maidir le CBL, aithnítear an pacáiste ríomhthráchtála CBL ina phríomhthionscnamh den Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach 4 (‘Straitéis DSM’) chomh maith leis an Straitéis maidir le Margadh Aonair 5 agus an Plean Gníomhaíochta Ríomhrialtais 6 .

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an togra bunaithe ar Airteagal 397 de Threoir 2006/112/CE 7 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (an ‘Treoir CBL'). Foráiltear leis an airteagal seo go nglacfaidh an Chomhairle na bearta is gá chun Treoir CBL a chur chun feidhme, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Athraíonn an togra seo dáta chur i bhfeidhm na rialacha cur chun feidhme maidir leis an bpacáiste ríomhthráchtála CBL a ghlac an Chomhairle i mí na Samhna 2019 agus an dáta sin socraithe an 1 Eanáir 2021. Tá dlúthbhaint aige seo leis an togra chun an dáta LE hAGHAIDH chur i bhfeidhm an phacáiste ríomhthráchtála CBL, lena n‑áirítear, dá bharr, na gníomhartha dlíthiúla ar fad lena mbaineann. Déantar an togra seo de dheasca ghéarchéim COVID‑19 agus mar fhreagra air óir tugann sé dúshlán do na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta chun dul i ngleic leis an staid éigeandála atá ann faoi láthair agus dá dheasca sin, tá deacrachtaí ag cuid acu a dhearbhú go gcuirfidh siad bailchríoch leis an obair ullmhúcháin chun na rialacha nua a chur i bhfeidhm amhail ón 1 Eanáir 2021. Tá na forálacha maidir le feidhmiú an phacáiste ríomhthráchtála CBL bunaithe ar an bprionsabal gur cheart do gach Ballstát a bheith in ann iad a chur i bhfeidhm mar is ceart.

Glacann an Chomhairle na bearta is gá chun Treoir CBL a chur chun feidhme, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún. Dá bharr sin, tá ga le togra ón gCOMHAIRLE chun an dáta a athrú LE hAGHAIDH cur i bhfeidhm na mbearta cur chun feidhme ar glacadh leo cheana, ar athrú é nach féidir a bhaint amach trí bhíthin gníomhaíochtaí aontaobhacha ar an leibhéal náisiúnta.

Dá bhrí sin, tá an togra ag teacht le prionsabal na coimhdeachta.

Comhréireacht

Tá an togra ag teacht le prionsabal na comhréireachta, i.e. ní théann sé thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí na gConarthaí a ghnóthú, go háirithe i leith fheidhmiú rianúil an mhargaidh aonair. Faoi mar atá leis an tástáil coimhdeachta, ní féidir leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin gan togra chun leasú a dhéanamh ar dhátaí chur i bhfeidhm an Rialacháin Cur Chun Feidhme ón gCOMHAIRLE.

An rogha ionstraime

Leasaítear leis an togra seo Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2019/2026 ón gCOMHAIRLE. Is é an t‑aon leasú a dhéantar leis an togra an dáta cur i bhfeidhm a chur ar atráth.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Is léiriú é an togra seo ar an imní mhór atá ar roinnt Ballstát agus ar oibreoirí poist agus cúiréara, imní a chuir siad in iúl don Choimisiún, is í sin nach mbeidh sé ar a gcumas obair ullmhúcháin an phacáiste ríomhthráchtála CBL a chur i gcrích ar an leibhéal náisiúnta agus na rialacha nua a chur i bhfeidhm faoin 1 Eanáir 2021 de dheasca ghéarchéim COVID‑19.

Thionóil an Coimisiún cruinniú leis na Ballstáit an 24 Aibreán 2020 chun measúnú a dhéanamh ar a n‑ullmhacht maidir leis na rialacha nua a chur i bhfeidhm amhail ón 1 Eanáir 2021. Dheimhnigh formhór na mBallstát go bhfuil sé ar a gcumas fós na rialacha a chur i bhfeidhm in am, ach chuir siad i dtábhacht go bhfuil na forálacha ar fheidhmiú an phacáiste ríomhthráchtála CBL bunaithe ar an bprionsabal gur cheart go mbeadh sé ar chumas na mBallstát uile iad a chur i bhfeidhm i gceart, agus mar sin go mbeidís réidh chun tacú le cur i bhfeidhm na rialacha a chur ar atráth nach mairfeadh níos faide ná 6 mhí.

Measúnú tionchair

Rinneadh measúnú tionchair ar an togra agus glacadh an Treoir um ríomhthráchtáil CBL 8 mar thoradh air sin, treoir arb í bunús na rialacha cur chun feidhme a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 282/2011, arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme(AE) 2019/2026. Ní leasaítear leis an togra reatha ach dáta chur i bhfeidhm na leasuithe sin de dheasca ghéarchéim COVID‑19.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Is í príomhsprioc an togra seo dáta chur i bhfeidhm an phacáiste ríomhthráchtála CBL a chur ar atráth go ceann 6 mhí de dheasca ghéarchéim COVID‑19.

Ní athraítear substaint na rialacha cur chun feidhme leis an togra, ach déantar dáta a gcur i bhfeidhm a chur ar atráth leis.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Tá an togra seo mar chuid den tionscadal chun dáta chur i bhfeidhm an phacáiste ríomhthráchtála CBL a chur ar atráth.

A mhéid a bhaineann le himpleachtaí buiséadacha an phacáiste ríomhthráchtála CBL ina iomláine, pacáiste a glacadh cheana, leagtar amach na himpleachtaí sin go mionsonraithe i meabhrán míniúcháin an togra LE hAGHAIDH Threoir 2017/2455 ón gCOMHAIRLE, doiciméad COM(2016)757 final 9 .

Meastar na caillteanais bhuiséadacha LE hAGHAIDH na mBallstát ag thart ar EUR 5‑7 mbilliún in aghaidh na bliana mura ndéantar an pacáiste ríomhthráchtála CBL a chur chun feidhme mar is ceart. Dá bhrí sin, caillteanais thart ar EUR 2.5‑3.5 billiún a bheadh mar thoradh ar mhoill 6 mhí. Mura bhfuil Ballstáit agus gnólachtaí réidh chun na rialacha ríomhthráchtála CBL nua a chur i bhfeidhm, áfach, d'fhéadfadh na caillteanais chéanna, nach mór, a bheith i gceist mura n‑oibríonn an córas i gceart.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Déanfaidh an Buanchoiste um Chomhar Riaracháin (SCAC) an cur chun feidhme a mhaoirsiú, le tacaíocht óna Fhochoiste um TF, an Buanchoiste um Theicneolaíocht Faisnéise (SCIT).

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Ní bhaineann an togra seo ach le dáta chur i bhfeidhm na bhforálacha a glacadh cheana i ndáil leis an bpacáiste ríomhthráchtála CBL a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2026. 1 Eanáir 2021 an dáta a socraíodh LE hAGHAIDH cur i bhfeidhm na rialacha seo, a chuirfear ar atráth go ceann 6 mhí. Ciallaíonn sé sin go ndéanfar na forálacha a chur i bhfeidhm amhail ón 1 Iúil 2021 seachas ón 1 Eanáir 2021. Féadfar duine inchánach a chlárú chun leas a bhaint as ceann de na scéimeanna nua 3 mhí roimh an dáta cur i bhfeidhm, i.e. amhail ón 1 Aibreán 2021. Beidh feidhm ag an sásra um cheartúcháin tuairisceán CBL atá i bhfeidhm faoi láthair go dtí an dara ráithe de 2021 agus le linn na ráithe sin.

Is éard is cúis leis an togra seo géarchéim COVID‑19, géarchéim a chuireann brú ar na Ballstáit gníomhú láithreach agus bearta a ghlacadh go práinneach ar an leibhéal náisiúnta chun na hiarmhairtí do ghnólachtaí agus don phobal i gcoitinne a laghdú. De dheasca na n‑imthosca eisceachtúla sin nach bhfacthas a leithéid riamh, ní bheidh sé ar chumas roinnt Ballstát an obair ullmhúcháin a chur i gcrích chun rialacha nua an phacáiste ríomhthráchtála CBL a chur i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta amhail ón 1 Eanáir 2021.

2020/0083 (NLE)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2026 a mhéid a bhaineann leis na dátaí cur i bhfeidhm de bharr ghéarchéim COVID‑19


TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2006/112/CE ón gCOMHAIRLE an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha 10 , agus go háirithe Airteagal 397 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Leagtar síos le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 ón gCOMHAIRLE 11 forálacha mionsonraithe maidir leis na scéimeanna speisialta do dhaoine inchánach a sholáthraíonn seirbhísí áirithe do dhaoine neamhinchánach.

(2)Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2026 ón gCOMHAIRLE 12 déantar na forálacha sin a leasú i gcomhréir le leathnú raon feidhme na scéimeanna speisialta atá ann cheana agus tabhairt isteach scéime nua faoi chuimsiú an phacáiste reachtaíochta maidir leis an gcáin bhreisluacha (CBL) a nuachóiriú i gcás na ríomhthráchtála trasteorann gnólacht le tomhaltóir. Tá na leasuithe sin le cur i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2021.

(3)An 30 Eanáir 2020, dhearbhaigh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) gur éigeandáil sláinte poiblí arb ábhar imní ar leibhéal idirnáisiúnta í ráig COVID19. An 11 Márta 2020, dhearbhaigh EDS gur paindéim í ráig COVID19. Is cúis le hionfhabhtuithe sna Ballstáit ar fad í COVID19. De bharr an mhéadaithe scáfair ar an líon cásanna agus an easpa modhanna éifeachtacha atá ar fáil láithreach chun dul i ngleic le ráig COVID19, tá staid éigeandála náisiúnta fógartha ag roinnt mhaith Ballstát.

(4)Éigeandáil nach raibh coinne léi agus nach bhfacthas a leithéid cheana atá i ráig COVID19, ráig atá ag imirt tionchar tromchúiseach ar na Ballstáit ar fad agus a fhágann go bhfuil orthu gníomhú láithreach ar an leibhéal náisiúnta chun déileáil mar thosaíocht leis an ngéarchéim atá ar siúl trí acmhainní a athleithdháileadh chuig saincheisteanna eile. De dheasca na géarchéime seo, beidh deacrachtaí ag roinnt Ballstát an fhorbairt a chríochnú ar na córais TF atá riachtanach LE hAGHAIDH chur i bhfeidhm na rialacha a leagtar síos le Rialachán (AE) 2019/2026 agus na rialacha sin a chur i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2021. Dá bhrí sin d’iarr roinnt Ballstát chomh maith le hoibreoirí poist agus cúiréara go gcuirfí siar dátaí cur i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2026.

(5)Agus na dúshláin atá le sárú ag na Ballstáit chun dul i ngleic le géarchéim COVID19 á gcur san áireamh, chomh maith lena chur san áireamh go bhfuil na forálacha nua bunaithe ar an bprionsabal go gcaithfidh na Ballstáit ar fad na córais TF atá acu a thabhairt cothrom le dáta chun go mbeidh siad in ann na forálacha a leagtar síos le Rialachán (AE) 2019/2026 a chur i bhfeidhm, ionas go náiritheofar bailiú agus tarchur faisnéise agus íocaíochtaí faoi na scéimeanna modhnaithe, tá sé riachtanach dátaí cur i bhfeidhm an Rialacháin sin a chur siar sé mhí. Is iomchuí iad a chur siar sé mhí, mar gur ceart an mhoill a choinneáil chomh gairid agus is féidir ar mhaithe le caillteanais bhuiséadacha bhreise do Bhallstáit a íoslaghdú.

(6)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2019/2026 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2019/2026 mar a leanas:

(1)in Airteagal 1 pointe (5) atá curtha in ionad Roinn 2 de Chaibidil XI de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 d’Airteagal 61:

1.Na figiúirí atá i dtuairisceán CBL a bhaineann le tréimhsí suas go dtí an dara tréimhse thuairisceáin in 2021, an tréimhse sin san áireamh, ní dhéanfar aon athrú orthu tar éis don tuairisceán CBL sin a bheith curtha isteach ach amháin trí leasuithe ar an tuairisceán céanna, agus ní dhéanfar athruithe orthu trí choigeartuithe ar thuairisceán ina dhiaidh sin.

Na figiúirí a bheidh i dtuairisceán CBL a bhaineann le tréimhsí ón tríú tréimhse thuairisceáin in 2021 ar aghaidh, ní dhéanfar aon athrú orthu tar éis don tuairisceán CBL sin a bheith curtha isteach ach amháin trí choigeartuithe ar thuairisceán ina dhiaidh sin.’;

(2)in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír agus an tríú mír:

‘Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2021.

Bíodh sin mar atá, ceadóidh na Ballstáit do dhaoine inchánach agus idirghabhálaithe atá ag gníomhú thar a gceann, ón 1 Aibreán 2021 an fhaisnéis a chur isteach a cheanglaítear de réir Airteagail 360, 369c nó 369o de Threoir 2006/112/CE chun clárú faoi chuimsiú na scéimeanna speisialta.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2026 ón gCOMHAIRLE an 21 Samhain 2019 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 a mhéid a bhaineann le soláthairtí earraí nó seirbhísí a éascaítear le comhéadain leictreonacha agus leis na scéimeanna speisialta do dhaoine inchánach a sholáthraíonn seirbhísí do dhaoine neamh‑inchánach, agus a dhéanann ciandíolacháin earraí agus soláthairtí baile áirithe earraí (IO L 313, 4.12.2019, lch. 14).
(2)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 ón gCOMHAIRLE an 15 Márta 2011 lena leagtar síos bearta cur chun feidhme LE hAGHAIDH Treoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 77, 23.3.2011, lch. 1).
(3)     http://www.consilium.europa.eu/en/press/press‑releases/2016/05/25‑conclusions‑vat‑action‑plan/  
(4)    COM(2015) 192 final.
(5)    COM(2015) 550 final.
(6)    COM(2016) 179 final.
(7)    IO L 347, 11.12.2006, lch. 1.
(8)    DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN – MEASÚNÚ TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad ‘Tograí LE hAGHAIDH Treoir ón gCOMHAIRLE, Rialachán Cur Chun Feidhme ón gCOMHAIRLE agus Rialachán ón gCOMHAIRLE maidir le nuachóiriú CBL LE hAGHAIDH ríomhthráchtáil thrasteorann gnólacht le tomhaltóir’, https://eur‑lex.europa.eu/legal‑content/EN/TXT/?uri=SWD:2016:0379:FIN
(9)    Togra LE hAGHAIDH TREOIR ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 2006/112/CE agus Treoir 2009/132/CE a mhéid a bhaineann le hoibleagáidí áirithe i ndáil le cáin bhreisluacha i gcás soláthairtí seirbhísí agus ciandíolachán earraíCOM/2016/0757 final ‑ 2016/0370 (CNS), https://eur‑lex.europa.eu/legal‑content/EN/TXT/?qid=1586260266830&uri=CELEX:52016PC0757
(10)    IO L 347, 11.12.2006, lch. 1.
(11)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 ón gCOMHAIRLE an 15 Márta 2011 lena leagtar síos beartais cur chun feidhme do Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 77, 23.3.2011, lch. 1).
(12)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2026 ón gCOMHAIRLE an 21 Samhain 2019 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 a mhéid a bhaineann le soláthairtí earraí nó seirbhísí a éascaítear le comhéadain leictreonacha agus leis na scéimeanna speisialta do dhaoine inchánach a sholáthraíonn seirbhísí do dhaoine neamh‑inchánach, agus a dhéanann ciandíolacháin earraí agus soláthairtí earraí tí áirithe (IO L 313, 4.12.2019, lch. 14).