An Bhruiséil,8.5.2020

COM(2020) 197 final

2020/0081(CNS)

Togra le haghaidh

TREOIR ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2011/16/AE chun aghaidh a thabhairt ar an bpráinn is gá le teorainneacha áirithe ama a chur siar chun faisnéis a chomhdú agus a mhalartú i réimse an chánachais de dheasca phaindéim COVID-19


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Géarchéim thromchúiseach sláinte poiblí is ea ráig COVID-19 a bhfuil difear déanta aici do na Ballstáit go léir. Is dúshlán mór do na córais cúraim sláinte poiblí é sin, agus is dócha go mbeidh impleachtaí tromchúiseacha aige ar gheilleagar an Aontais go ceann i bhfad. Sa chás sin, cuirtear isteach go han‑mhór ar shaol na saoránach agus ar na gnólachtaí atá ag streachailt lena ngníomhaíochtaí a chur i gcrích, go sonrach i ngeall ar na srianta a bhaineann leis na horduithe dianghlasála ina lán Ballstát.

I bhfianaise na n‑imthosca sin nach bhfacthas riamh cheana, d'iarr roinnt Ballstát agus daoine atá faoi dhliteanas faisnéis a thuairisciú i gcomhréir le Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais 1 sprioc-amanna áirithe a chur siar chun faisnéis a chomhdú agus a mhalartú faoin Treoir seo. Go sonrach, na hiarrataí ar chur siar le uathmhalartuithe faisnéise i ndáil le cuntais airgeadais a bhfuil a dtairbhithe ina gcónaí i mBallstát eile 2 chun críoch cánach agus i ndáil, is iarrata ó iad a bhaineann le socruithe infhógartha trasteorann 3 atá in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/16/AE ón gComhairle. Tá paindéim COVID-19 ag cur as go han‑mhór do chomhlíonadh tráthúil na n‑oibleagáidí institiúidí airgeadais agus na ndaoine atá faoi dhliteanas socruithe trasteorann a thuairisciú, agus tá an phaindéim ag imirt tionchar diúltach ar acmhainneacht chórais riaracháin cánach na mBallstát na sonraí a bhailiú agus a phróiseáil.

Sa chás seo, tá freagairt phráinneach chomhordaithe ag teastáil laistigh den Aontas agus, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal domhanda. I dtaca leis sin de, bheadh sé áisiúil an tionscnamh a chur san áireamh, tionscnamh ó Ghrúpa Stiúrtha an Fhóraim Dhomhanda um an gcomhchaighdeán tuairiscithe le haghaidh institiúidí airgeadais tuairiscithe, comhchaighdeán a dhéantar a thrasuí i ndlí an Aontais le Treoir (AE) 2014/107 ón gComhairle.

Dá bhrí sin, is gá an sprioc-am a chur siar i ndáil le uathmhalartuithe faisnéise i ndáil le cuntais airgeadais a bhfuil a dtairbhithe ina gcónaí i mBallstát eile chun críoch cánach. D'fhéadfadh na Ballstáit, dá réir sin, a sprioc-amanna náisiúnta a choigeartú chun go mbeidh an hinstitiúidí airgeadais tuairiscithe ábalta an fhaisnéis sin a chomhdú. Ar an dul céanna, ba cheart síneadh a chur leis na sprioc-amanna chun faisnéis a chomhdú agus a mhalartú i ndáil le socruithe trasteorann faoi Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/16/AE ón gComhairle.

Idir an dá linn, ba cheart a mheabhrú freisin gur rud fíor-riachtanach sa chomhrac i gcoinne seachaint agus imghabháil cánach atá sa mhalartú faisnéise faoi chuntais airgeadais a bhfuil a dtairbhithe ina gcónaí i mBallstát eile chun críoch cánach agus faoi shocruithe infhógartha trasteorann faoi Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/16/AE ón gComhairle. Beidh ioncam cánach ag teastáil ó na Ballstáit chun a n‑iarrachtaí suntasacha a mhaoiniú, iarrachtaí a bhfuil d'aidhm acu srian a chur le tionchar diúltach eacnamaíoch na mbeart i gcoinne phaindéim COVID-19. Is tábhachtaí ná riamh cothroime cánach a áirithiú trí sheachaint agus imghabháil cánach a chosc. Cé gur gá, na teorainneacha ama a choigeartú de bharr na géarchéime atá ann faoi láthair chun sonraí cánach ar leith a chomhdú agus a chur isteach, níor cheart do na córais riaracháin náisiúnta éirí as a gcuid iarrachtaí chun cothroime cánach a áirithiú.

Níor cheart struchtúr seanbhunaithe agus feidhmiú Threoir 2011/16/AE ón gComhairle a chur as a riocht mar gheall ar an tréimhse a mhairfidh an cur siar. Ina ionad sin, ba cheart teorainn a bheith leis an tréimhse sin, i gcomhréir leis na deacrachtaí praiticiúla is sliocht ar an dianghlasáil shealadach a bhfuil d'aidhm aige an phaindéim a shrianadh.

I bhfianaise na héiginnteachta atá ann faoi láthair a bhaineann le teacht chun cinn phaindéim COVID-19, is áisiúil foráil a dhéanamh gur féidir síneadh ama breise eile a chur leis an tréimhse chun comhdú agus malartú faisnéise a chur siar. Ba ghá sin dá mairfeadh na himthosca eisceachtúla, i rith cuid de thréimhse an chur siar nó i rith na tréimhse sin ar fad, imthosca as a dtagann rioscaí tromchúiseacha don tsláinte phoiblí arb í paindéim COVID-19 is cúis leo agus ba ghá sin dá mbeadh ar na Ballstáit bearta nua dianghlasála a chur chun feidhme nó leanúint ar aghaidh leis na bearta dianghlasála atá i bhfeidhm faoi láthair. Níor cheart struchtúr seanbhunaithe agus feidhmiú Threoir 2011/16/AE ón gComhairle a chur as a riocht mar gheall ar an síneadh ama sin. Ina ionad sin, ba cheart teorainn a bheith leis an tréimhse sin agus ba cheart an tréimhse sin a chinneadh roimh ré, i gcomhréir leis na deacrachtaí praiticiúla is sliocht ar an dianghlasáil shealadach. Mar gheall ar an síneadh ama, níor cheart difear a dhéanamh d'eilimintí bunriachtanacha na hoibleagáide chun faisnéis a thuairisciú agus a mhalartú i gcomhréir leis an Treoir seo. Mar gheall air sin, féadfar síneadh a chur leis an sprioc-am cur siar, agus é sin amháin, chun na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh agus, san am céanna, áiritheofar nach mbeidh aon fhaisnéis gan mhalartú luath nó mall.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Ó thosaigh ráig COVID-19, tá líon suntasach ceisteanna agus iarrataí faighte ag an gCoimisiún, agus chuaigh sé i mbun roinnt tionscnamh chun tionchar na géarchéime a mhaolú. Sa chomhthéacs sin, tá roinnt cinntí déanta ag AS TAXUD cheana, go mór mór i réimse an chustaim agus CBL, chun fadhbanna a réiteach chomh luath agus is féidir nó deimhniú a thabhairt ar a laghad. Tá achoimre orthu ar shuíomh gréasáin TAXUD ( COVID-19COVID-19 4 ).

Tá an tionscnamh seo comhsheasmhach leis na bearta a ghlac an Coimisiún chun na deacrachtaí eisceachtúla atá ann faoi láthair a chur san áireamh, deacrachtaí nach mór do ghnólachtaí agus córais riaracháin cánachais aghaidh a thabhairt orthu. Tugtar aghaidh ar na hiarrataí atá curtha isteach ag roinnt daoine atá faoi dhliteanas faisnéis a chomhdú i gcomhréir le Treoir 2011/16/AE ón gComhairle agus ar na hiarrataí atá curtha isteach ag na Ballstáit chun na teorainneacha ama a chur siar i ndáil le faisnéis a chomhdú agus a mhalartú i gcomhréir le Treoir 2011/16/AE ón gComhairle.

An tionscnamh atá beartaithe, is tionscnamh é atá ailínithe leis an tionscnamh ó Ghrúpa Stiúrtha an Fhóraim Dhomhanda um an gcomhchaighdeán tuairiscithe le haghaidh institiúidí airgeadais tuairiscithe chun síneadh a chur leis an sprioc-am i ndáil le faisnéis a mhalartú ó dheireadh Mheán Fhómhair 2020 go deireadh Nollag 2020.

Reáchtáil an Chomhairle cruinniú neamhfhoirmiúil leis na Ballstáit an 29 Aibreán 2020 nuair a chomhaontaigh na Ballstáit go léir faoin ngá atá le comhdú agus malartú faisnéise a chur siar i gcomhréir le ceanglais Threoir 2011/16/AE ón gComhairle.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é an bunús dlí atá leis an tionscnamh reachtach seo Airteagail 113 agus 115 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais (CFAE). Is ar Airteagal 115 CFAE atá an chuid is mó de na tionscnaimh bunaithe, tionscnaimh a bhaineann leis an gcreat dlí i réimse an chánachais dhírigh a chomhchuibhiú agus a chomhordú, agus na tionscnaimh a bhaineann leis an gcreat dlí i réimse an chánachais indírigh a chomhchuibhiú agus a chomhordú, is ar Airteagal 113 CFAE atá siad sin bunaithe. Is é is aidhm do na rialacha atá beartaithe leasú a dhéanamh ar na teorainneacha ama sonracha i ndáil le faisnéis áirithe a chomhdú agus a mhalartú (faisnéis faoi chuntais airgeadais agus socruithe infhógartha trasteorann), lena gcuirtear sna áireamh na deacrachtaí atá ann faoi láthair le comhlíonadh na n‑oibleagáidí faoi Threoir 2011/16/AE ón gComhairle de dheasca ghéarchéim COVID-19. Ós rud é go bhféadfaidh go mbaineann socruithe infhógartha trasteorann le scéimeanna cánach dhírigh agus scéimeanna cánach indírigh araon, baineann an dá bhunús dlí sin leis na rialacha atá beartaithe.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Leis an togra seo déantar prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 CFAE a chomhlíonadh ina iomláine. Dírítear ar chomhar riaracháin i réimse an chánachais. Deimhneacht dhlíthiúil agus soiléireacht i dtaca le cur siar sprioc-amanna áirithe, ní féidir cur i bhfeidhm an dá rud sin a áirithiú faoin Treoir ach amháin má bhíonn cur chuige comhordaithe i leith na faidhbe sainaitheanta ann ó Bhallstát go chéile.

Comhréireacht

Is é atá i gceist leis an togra coigeartú a dhéanamh ar fhorálacha na Treorach atá ann cheana maidir leis na sprioc-amanna infheidhme i ndáil le faisnéis áirithe a chomhdú agus a mhalartú, chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin nach mór do na daoine atá faoi dhliteanas faisnéis a thuairisciú agus nach mór do na córais riaracháin déileáil leo de dheasca ráig COVID-19 atá ann faoi láthair. Ní théann na coigeartuithe thar a bhfuil riachtanach chun cuspóir an chomhair riaracháin idir na Ballstáit a bhaint amach. Foráiltear leo tréimhse cur siar, lena gcuirtear san áireamh an tréimhse a mhairfidh na bearta dianghlasála, agus lena n‑áirithítear nach mbeidh aon fhaisnéis a bheidh le tuairisciú sa tréimhse a mhairfidh an cur siar gan tuairisciú ná gan mhalartú fós dá éis sin.

An rogha ionstraime

Is é a leagtar síos go sainráite le bunús dlí an togra seo (Airteagal 115 CFAE) nach bhféadfar an reachtaíocht sa réimse seo a achtú ach i bhfoirm dhlíthiúil na Treorach.

Is é atá sa Treoir seo freisin atá beartaithe an séú leasú ar Threoir 2011/16/AE ón gComhairle agus leanann sí Treoracha (AE) 2014/107/AE, 2015/2376, 2016/881, 2016/2258 agus 2018/822 ón gComhairle.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Cearta bunúsacha

Urramaítear na cearta bunúsacha leis an Treoir seo mar aon leis na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

4.MÍNIÚ MIONSONRAITHE AR FHORÁLACHA SONRACHA AN TOGRA

Is é atá beartaithe sa Treoir athrú a dhéanamh ar theorainneacha ama áirithe chun faisnéis a chomhdú agus a mhalartú faoi Threoir 2011/16/AE ón gComhairle, go sonrach i ndáil le faisnéis faoi chuntais airgeadais faoi mar a fhoráiltear le Treoir 2014/107/AE ón gComhairle agus i ndáil le socruithe infhógartha trasteorann mar a fhoráiltear i dTreoir 2018/822/AE ón gComhairle.

Ag seo na rialacha atá beartaithe:

·An teorainn ama chun faisnéis faoi chuntais airgeadais infhógartha a chur siar go ceann 3 mhí, i.e go dtí an 31 Nollaig 2020;

·An dáta a athrú ón 31 Deireadh Fómhair 2020 go dtí an 31 Eanáir 2021 le haghaidh an chéad mhalartaithe faisnéise faoi shocruithe infhógartha trasteorann atá in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/16/AE ón gComhairle;

·An dáta is tús don tréimhse 30 lá a athrú ón 1 Iúil 2020 go dtí an 1 Deireadh Fómhair 2020, is é sin an tréimhse chun socruithe trasteorann a thuairisciú, socruithe atá sna sainmharcanna a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2018/822/AE ón gComhairle;

·An dáta a athrú ón 31 Lúnasa 2020 go dtí an 30 Samhain 2020 i gcás na socruithe trasteorann "stairiúla" (i.e. socruithe a bhí le tuairisciú ón 25 Meitheamh 2018 go dtí an 30 Meitheamh 2020).

I bhfianaise na héiginnteachta atá ann faoi láthair a bhaineann le teacht chun cinn phaindéim COVID-19, déantar foráil leis an tionscnamh atá beartaithe gur féidir síneadh ama a chur leis an tréimhse chun comhdú agus malartú faisnéise a chur siar uair amháin. Is trí bhíthin gníomhartha tarmligthe a thabharfar de chumhacht don Choimisiún an síneadh ama sin a thabhairt.

2020/0081 (CNS)

Togra le haghaidh

TREOIR ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2011/16/AE chun aghaidh a thabhairt ar an bpráinn is gá le teorainneacha áirithe ama a chur siar chun faisnéis a chomhdú agus a mhalartú i réimse an chánachais de dheasca phaindéim COVID-19

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 113 agus 115 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa 5 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 6 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)De bharr na mbeart dianghlasála a chuir na Ballstáit i bhfeidhm chun féachaint le paindéim COVID-19 a shrianadh, táthar ag cur as go mór d'acmhainneacht gnólachtaí agus córas riaracháin a gcuid oibleagáidí faoi Threoir 2011/16/AE ón gComhairle a chur i gcrích 7 .

(2)Tá roinnt Ballstát ann agus daoine atá faoi dhliteanas faisnéis a thuairisciú d’údaráis inniúla na mBallstát faoi Treoir 2011/16/AE a d'iarr na teorainneacha ama áirithe a leagtar síos sa Treoir sin a chur siar i ndáil le huathmhalartú faisnéise faoi chuntais airgeadais a bhfuil a dtairbhithe ina gcónaí i mBallstát eile chun críoch cánach agus i ndáil le socruithe infhógartha trasteorann freisin a áirítear ar na sainmharcanna a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir sin 8 .

(3)Tá paindéim COVID-19 ag cur as go hanmhór do ghníomhaíochtaí na ninstitiúidí airgeadais agus na ndaoine atá faoi dhliteanas socruithe trasteorann a thuairisciú, agus tá an phaindéim ag cur bac ar chomhlíonadh tráthúil a noibleagáidí tuairiscithe faoi Threoir 2011/16/AE. I láthair na huaire, ní mór do na hinstitiúidí airgeadais aghaidh a thabhairt ar thascanna práinneacha a bhaineann le COVID-19. Ina theannta sin, institiúidí airgeadais agus na daoine atá faoi dhliteanas socruithe trasteorann a thuairisciú, institiúidí agus daoine a airítear ar na sainmharcanna a liostaítear in iarscríbhinn IV, ní mór dóibh cur suas leis na dálaí oibre míáisiúla, go príomha mar gheall ar an teilea-obair arb í an dianghlasáil i bhformhór na mBallstát is cúis léi. Ar an gcaoi chéanna, tá tionchar diúltach ar acmhainneacht chórais riaracháin cánach na mBallstát i mbailiú agus i bpróiseáil na sonraí.

(4)Sa chás seo, is práinneach agus is comhordaithe atá freagairt ag teastáil laistigh den Aontas. Chuige sin, is gá an teorainn ama a chur siar i ndáil le malartú faisnéise faoi chuntais airgeadais a bhfuil a dtairbhithe ina gcónaí i mBallstát eile chun críoch cánach le gur féidir leis na Ballstáit na teorainneacha ama a choigeartú i ndáil le hinstitiúidí airgeadais tuairiscithe a bheith ag comhdú na faisnéise sin. Ar an dul céanna, ba cheart síneadh a chur leis na teorainneacha ama chun faisnéis a chomhdú agus a mhalartú i ndáil le socruithe trasteorann a áirítear ar na sainmharcanna a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/16/AE.

(5)Chun an tréimhse a mhairfidh an cur siar a chinneadh, is gá a mheas gurb é is aidhm dó aghaidh a thabhairt ar chás urghnách agus nár cheart cur as do struchtúr bunaithe agus feidhmiú Threoir 2011/16/AE. Dá bharr sin, b’iomchuí teorainn a chur leis an gcur siar ionas nach mbeadh ann ach tréimhse atá i gcomhréir leis na deacrachtaí le comhdú agus malartú faisnéise atá ann de dheasca phaindéim COVID-19.

(6)I bhfianaise na héiginnteachta atá ann faoi láthair, éiginnteacht a bhaineann le an gcéad chor eile i scéal phaindéim COVID-19, b'fhiú foráil a dhéanamh gur féidir síneadh ama breise eile a chur leis an tréimhse chun comhdú agus malartú faisnéise a chur siar. Ba ghá sin dá mairfeadh na himthosca urghnácha, i rith cuid den tréimhse cur siar nó i rith na tréimhse cur siar ar fad, imthosca as a neascraíonn rioscaí tromchúiseacha don tsláinte phoiblí arb í paindéim COVID-19 is cúis leo, agus ba ghá sin dá mbeadh ar na Ballstáit bearta nua dianghlasála a chur chun feidhme nó leanúint de na bearta dianghlasála atá i bhfeidhm faoi láthair. Níor cheart struchtúr seanbhunaithe agus feidhmiú Threoir 2011/16/AE ón gComhairle a chur as a riocht mar gheall ar an síneadh ama sin. Ina ionad sin, ba cheart teorainn a bheith leis an tréimhse sin agus ba cheart an tréimhse sin a chinneadh roimh ré, i gcomhréir leis na deacrachtaí praiticiúla arb í an dianghlasáil shealadach is cúis leo. Mar gheall ar an síneadh ama, níor cheart difear a dhéanamh d'eilimintí bunriachtanacha na hoibleagáide chun faisnéis a thuairisciú agus a mhalartú i gcomhréir leis an Treoir seo. Mar gheall air sin, féadfar síneadh a chur le cur siar na teorann ama, agus é sin amháin, chun na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh agus áiritheofar san am céanna nach mbeidh aon fhaisnéis gan mhalartú fós luath nó mall.

(7)Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/16/AE a leasú dá réir sin.

(8)Ós rud é go mbaineann bearta na Treorach seo le hoibleagáidí a leagtar síos i dTreoir 2011/16/AE a bheadh infheidhme laistigh de thréimhse ama ghairid murach sin, ba cheart an Treoir seo teacht i bhfeidhm le teann práinne ,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Treoir 2011/16/AE mar a leanas:

(1)leasaítear Airteagal 8ab mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 12:

"12.Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a cheangal ar na hidirghabhálaithe agus ar cháiníocóirí ábhartha faisnéis faoi shocruithe infhógartha trasteorann a chomhdú, a ndearnadh an chéad chéim ina leith a chur chun feidhme idir an 25 Meitheamh 2018 agus 30 Meitheamh 2020. Déanfaidh idirghabhálaithe agus cáiníocóirí ábhartha faisnéis maidir leis na socruithe infhógartha trasteorann sin a chomhdú de réir mar is iomchuí faoin Dé Luain 30 Samhain 2020.";

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 18:

"18.Déanfar an tuathmhalartú faisnéise laistigh de mhí amháin ó dheireadh na ráithe sin a ndéantar an fhaisnéis a chomhdú lena linn. Tuairisceofar an chéad fhaisnéis faoin 31 Eanáir 2021.

(2)cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

‘Airteagal 27a
Teorainneacha ama a chur siar mar fhreagairt ar COVID-19

1.Ainneoin na teorann ama a leagtar síos i bpointe (b) d’Airteagal 8(6), an fhaisnéis a leagtar síos in Airteagal 8(3a) a bhaineann leis an mbliain féilire 2019, nó le tréimhse tuairiscithe iomchuí eile, cuirfear an fhaisnéis sin in iúl laistigh de 12 mhí i ndiaidh dheireadh na bliana féilire 2019, nó i ndiaidh tréimhse tuairiscithe iomchuí eile.

2.I gcás ina gcuirfear socrú infhógartha trasteorann ar fáil lena chur chun feidhme, nó i gcás go mbeidh sé faoi réir a chur chun feidhme, nó i gcás go mbeidh an chéad chéim den chur chun feidhme curtha i gcrích idir an 1 Iúil 2020 agus an 30 Meán Fómhair 2020, nó i gcás go mbeidh cúnamh, cabhair nó comhairle tugtha ag idirghabhálaithe dá dtagraítear sa dara mír de phointe 21 in Airteagal 3, go díreach nó le cuidiú ó dhaoine eile, idir an 1 Iúil 2020 agus an 30 Meán Fómhair 2020, is faoin 1 Deireadh Fómhair 2020 a bheidh tús leis an tréimhse 30 lá chun faisnéis a chomhdú a leagtar síos i míreanna 1 agus 7 d’Airteagal 8ab.

I gcás socruithe indíolta, cuirfidh an t‑idirghabhálaí an chéad tuarascáil thréimhsiúil i dtoll a chéile faoin 31 Eanáir 2021 i gcomhréir le hAirteagal 8ab (2).

Airteagal 27b
Síneadh ama chur leis an tréimhse a mhairfidh an cur siar

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 27c, chun síneadh a chur leis an tréimhse chun comhdú agus malartú faisnéise a chur siar, mar a fhoráiltear i míreanna 12 agus 18 d'Airteagal; 8ab agus in Airteagal 27a, go ceann 3 mhí eile ar a fhad.

An gníomh tarmligthe a shonraítear sa chéad mhír, ní fhéadfaidh an Coimisiún an gníomh sin a ghlacadh ach amháin má mhaireann na himthosca urghnácha, más i rith cuid de thréimhse an chur siar é, nó i rith na tréimhse sin ar fad, imthosca as an‑eascraíonn rioscaí tromchúiseacha don tsláinte phoiblí arb í paindéim COVID-19 is cúis leo agus más rud é nach mór do na Ballstáit bearta dianghlasála a chur chun feidhme.

Airteagal 27c
An tarmligean a fheidhmiú

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún an gníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 27b a ghlacadh.

2.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 27b maidir leis an tréimhse chun teorainneacha ama i ndáil le comhdú agus malartú faisnéise a chur siar, agus maidir leis an tréimhse sin amháin, faoi mar a fhoráiltear i míreanna 12 agus 18 d'Airteagal 8ab agus in Airteagal 27a.

3.Féadfaidh an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 27b a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.Sula nglacfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe, rachaidh sé i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le reachtóireacht níos fearr.

5.A luaithe a ghlacfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe, tabharfaidh sé fógra don Chomhairle faoi. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoin ngníomh tarmligthe a thabharfar don Chomhairle.

6.An gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 27b, is gníomh é a thiocfaidh i bhfeidhm gan mhoill, agus beidh feidhm aige ar choinníoll nach ndéanfaidh an Chomhairle agóid. Féadfaidh an Chomhairle an gníomh tarmligthe a agóid laistigh de chúig lá oibre ón uair a fhaigheann siad fógra faoin ngníomh sin. I gcás den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm láithreach tar éis don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh agóid a dhéanamh.

7.Más rud é go nglacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe, más rud é go ndéanfar agóid ina choinne, agus más rud é go ndéanfaidh an Chomhairle tarmligean cumhachtaí a aisghairm, cuirfear sin in iúl do Pharlaimint na hEorpa.’.

Airteagal 2

1.Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, is forálacha iad a ndéanfaidh na Ballstáit a nglacadh agus a bhfoilsiú faoin 31 Bealtaine 2020 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Meitheamh 2020.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den chineál sin a dhéanamh.

2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 64, 11.3.2011, lch. 1.
(2)    Treoir (AE) 2014/107 ón gComhairle an 9 Nollaig 2014 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le malartú faisnéise uathoibríoch éigeantach i réimse na cánach (IO L 359, 16.2.2014, lch. 1).
(3)    Treoir (AE) 2018/822 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le huathmhalartú éigeantach faisnéise i réimse an chánachais i ndáil le socruithe infhógartha trasteorann (IO L 139, 5.6.2018, lch.1-13).
(4)     https://ec.europa.eu/taxation_customs/covid‑19-taxud‑response_en
(5)    IO C , , lch. .
(6)    IO C , , lch. .
(7)    Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n‑aisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO L 64, 11.3.2011, lch. 1).
(8)    Treoir (AE) 2018/822 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir (AE) 2011/16 maidir le huathmhalartú éigeantach faisnéise i réimse an chánachais i ndáil le socruithe infhógartha trasteorann (IO L 139, 5.6.2018, lch. 1).