AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,13.5.2020
COM(2020) 194 final
2020/0078(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais san Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta, i leith fógra a thabhairt faoi rannpháirtíocht shaorálach sa Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA) ón 1 Eanáir 2021, agus i leith an rogha a roghnaíodh chun ceanglais fritháirithe ar oibreoirí aerárthaí a ríomh le linn na tréimhse 2021-2023
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo le cinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais san Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) maidir le rannpháirtíocht shaorálach sa Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA) ón 1 Eanáir 2021, agus maidir leis an rogha a roghnaíodh chun ceanglais fritháirithe ar oibreoirí aerárthaí a ríomh le linn na tréimhse 2021-2023.
2.Comhthéacs an togra
2.1.Coinbhinsiún Chicago agus Comhaontú Pháras
Tá sé d'aidhm ag Coinbhinsiún Chicago (‘an Coinbhinsiún’) an t‑aeriompar idirnáisiúnta a rialú. Tháinig sé i bhfeidhm an 4 Aibreán 1947 agus bunaíodh leis an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta.
I mí na Nollag 2015, ghlac Comhdháil Pháirtithe Chreat‑Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide, Comhaontú Pháras, arb é is cuspóir dó an méadú domhanda ar an teocht a choinneáil roinnt mhaith faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh an méadú ar an teocht a theorannú go 1.5 °C. Ba cheart do gach earnáil den gheilleagar rannchuidiú leis na laghduithe astaíochtaí sin a bhaint amach, lena n‑áirítear earnáil na heitlíochta idirnáisiúnta.
Tá Ballstáit uile an Aontais ina bpáirtithe sa dá Chomhaontú. Tá an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit ina bPáirtithe i gComhaontú Pháras agus thug siad gealltanas i gcomhpháirt a n‑astaíochtaí gáis ceaptha teasa a laghdú.
2.2.An Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta
Is gníomhaíocht speisialaithe de chuid na Náisiún Aontaithe í an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta. Is iad aidhmeanna agus cuspóirí na heagraíochta prionsabail agus teicnící na haerloingseoireachta idirnáisiúnta a fhorbairt agus pleanáil agus forbairt an aeriompair idirnáisiúnta a chothú. Is breathnóir ad hoc é an tAontas in go leor comhlachtaí de chuid ICAO (an Tionól agus comhlachtaí teicniúla eile).
2.3.An Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA)
Ag a 214ú Seisiún an 27 Meitheamh 2018, ghlac Comhairle ICAO na Caighdeáin Idirnáisiúnta agus na Cleachtais Mholta (SARPs), Cosaint an Chomhshaoil – an Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA) mar Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.
Ón 1 Eanáir 2019, tá feidhm ag na ceanglais faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe (MRV) a bhaineann le hastaíochtaí CO2 ó eitiltí idirnáisiúnta faoi Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV. Ón 1 Eanáir 2021, beidh feidhm ag na ceanglais fritháirithe CO2 faoi Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV.
Le Caibidil 3, Míreanna 3.1.3 agus 3.2.1 agus Foscríbhinn 1 (‘Nósanna Imeachta Riaracháin’) a ghabhann le hIarscríbhinn 16, Imleabhar IV, ceanglaítear ar na Ballstáit ICAO a chur ar an eolas, faoin 30 Meitheamh 2020, maidir leis an méid seo a leanas
•
a gcinneadh a bheith rannpháirteach go saorálach, nó gan a bheith rannpháirteach go saorálach a thuilleadh ón 1 Eanáir 2021;
•
an rogha a roghnaigh siad chun ceanglais fritháirithe ar oibreoirí aerárthaí a ríomh le linn na tréimhse 2021-2023.
2.4.Scéim an Aontais i ndáil le Trádáil Astaíochtaí
Áirítear earnáil na heitlíochta i Scéim an Aontais i ndáil le Trádáil Astaíochtaí (EU ETS) ó bhí 2012 ann. Cumhdaítear le EU ETS astaíochtaí ó eitiltí a thuirlingíonn agus a imíonn ón Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), lena n‑áirítear teacht isteach go tríú tíortha agus imeacht ó thríú tíortha. Mar sin féin, chun móiminteam a thabhairt don Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta agus chun dul chun cinn i dtreo cur chuige domhanda ar mhaithe le dul i ngleic le hastaíochtaí eitlíochta idirnáisiúnta a éascú, ghlac an tAontas maoluithe sealadacha chun an raon feidhme geografach a theorannú d'eitiltí laistigh de LEE a chumhdach, agus dóibhsean amháin, agus ar an mbealach sin gan na heitiltí lasmuigh de LEE a chur san áireamh, ag fanacht ar fhorbairtí idirnáisiúnta.
Leis an athbhreithniú deireanach a rinneadh ar Threoir 2003/87/CE in 2017, cuirtear in iúl, in Airteagal 28b, go gcuirfí CORSIA san áireamh trí bhíthin leasú ar an scéim lena rialaítear EU ETS, faoi réir measúnú ar phríomhghnéithe CORSIA, lena n‑áirítear i dtéarmaí rannpháirtíochta agus ba cheart sin a bhaint amach ar bhealach atá i gcomhréir le cuspóir aeráide an Aontais Eorpaigh le haghaidh 2030 (i gcomhréir le prionsabal an neamh‑chúlaithe faoi Chomhaontú Pháras).
3.Seasamh le glacadh thar ceann an Aontais
3.1. Cúlra
Tá an tAontas ina thacaí láidir de bheart domhanda margadhbhunaithe ICAO i ndáil le hastaíochtaí eitlíochta idirnáisiúnta, CORSIA, lena rannchuidítear le dul i ngleic leis an athrú aeráide. Léiríodh tacaíocht an Aontais, inter-alia, nuair a rinne Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle EU ETS a leasú trí huaire chun dul chun cinn maidir le ICAO a éascú.
Cé go bhfuil an cuspóir bunaidh atá le CORSIA srianta d'fhás astaíochtaí a chúiteamh ó 2020, tá sé tábhachtach tacú leis an dul chun cinn bunaidh agus rannchuidiú le rannpháirtíocht leordhóthanach ar mhaithe lena chuspóir a bhaint amach.
Cinneadh (AE) 2016/915 ón gComhairle lena mbunaítear seasamh an Aontais maidir leis an ionstraim idirnáisiúnta atá le tarraingt suas laistigh de chomhlachtaí ICAO agus a bhfuil sé beartaithe gurb é a thiocfadh aisti cur chun feidhme birt domhanda mhargadhbhunaithe aonair le haghaidh astaíochtaí eitlíochta idirnáisiúnta ó 2020.
Le hAirteagal 28b de Threoir 2003/87/CE (Treoir ETS) bunaítear an méid seo a leanas: ‘faoi cheann 12 mhí ón dáta a nglacfaidh ICAO na hionstraimí ábhartha, agus sula mbeidh feidhm leis an mbeart domhanda margadhbhunaithe, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina mbreithneoidh sé bealaí chun na hionstraimí sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais trí leasú a dhéanamh ar an Treoir seo. Déanfaidh an Coimisiún breithniú sa tuarascáil sin freisin ar na rialacha is infheidhme maidir le heitiltí laistigh de LEE, de réir mar is iomchuí. Scrúdóidh sé freisin uaillmhian agus sláine fhoriomlán comhshaoil an bhirt domhanda mhargadhbhunaithe, lena n‑áirítear an uaillmhian ghinearálta a bhaineann leis i ndáil leis na spriocanna faoi Chomhaontú Pháras, i ndáil le leibhéal na rannpháirtíochta, lena infhorghníomhaitheacht, leis an trédhearcacht, leis na pionóis as neamh‑chomhlíonadh, leis na próisis chun ionchur a fháil ón bpobal, le cáilíocht na creidmheasanna fritháirimh, leis an bhfaireachán, tuairisciú agus an fíorú a dhéantar ar astaíochtaí, cláir, agus cuntasacht mar aon le rialacha maidir le bithbhreoslaí a úsáid.”
Le Cinneadh (AE) 2018/2027 ón gComhairle, leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh de ICAO i leith an Chéad Eagráin de SARPs maidir le CORSIA i ndáil leis na difríochtaí a bhfuil fógra le tabhairt mar gheall orthu. I gcomhréir leis an gCinneadh sin, thug na Ballstáit fógra maidir le difríochtaí i dtaca le ICAO, lena leagtar béim ar na difríochtaí idir EU ETS agus CORSIA (atá, bunaithe ar aerbhealaí nó ar Stáit, faoi seach) agus gur trí athbhreithniú a dhéanamh ar EU ETS a chuirfeadh an tAontas CORSIA chun feidhme mar a comhaontaíodh san athbhreithniú deireanach a ndearnadh air ó bhí 2017 ann. Ba é an cuspóir a bhí leis acquis an Aontais Eorpaigh agus solúbthacht maidir le beartais amach anseo a chaomhnú chomh maith le leibhéal uaillmhéine comhshaoil an Aontais Eorpaigh.
An 4 Márta 2020, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh ‘Dlí Aeráide Eorpach’ faoina mbeadh cuspóir maidir le haeráidneodracht faoi 2050 san Aontas ina cheangal ar an Aontas, chun an sprioc teochta fhadtéarmach a leagtar amach in Airteagal 2 de Chomhaontú Pháras a bhaint amach. Tá an togra bunaithe ar an gconclúid go bhfuil gá le gníomhaíochtaí breise agus go mbeidh ról le himirt ag gach uile earnáil mar go meastar nach laghdófaí astaíochtaí gás ceaptha teasa ach 60 % faoi 2050 leis na beartais atá ann faoi láthair agus dá bhrí sin tá go leor le déanamh fós chun an aeráidneodracht a bhaint amach.
Ar dheireadh, tá a thiomantas polaitiúil CORSIA a chur chun feidhme ó thús a chéime píolótaí léirithe arís agus arís eile ag an Aontas. An uair is deireanaí, leis an ráiteas a tugadh thar ceann an Aontais Eorpaigh agus a mBallstát ag an 40ú Comhthionól ICAO in 2019, sa chéad chás de, léiríodh go gcaomhnódh an tAontas a spás beartais agus a uaillmhian aeráide maidir le CORSIA a chur chun feidhme trí bhíthin EU ETS agus, os a choinne sin, luadh go bhfuil an tAontas agus a mBallstáit ag leanúint de bheith ‘ag tacaíocht go láidir le CORSIA’ agus fós ‘tiomanta go hiomlán é a chur i bhfeidhm ó thús na céime píolótaí’. Mheabhraigh an tAontas arís is arís eile an gá reachtaíocht is ábhartha agus uaillmhian aeráide an Aontais a chaomhnú, i gcomhréir le EU ETS mar a athbhreithníodh an uair dheireanach é, agus a athdhearbhaíodh sa difríocht a cuireadh ar thaifead in 2018, chomh maith le ráiteas an Aontais a tugadh ag an 40ú Tionóil ICAO. D'iarr Parlaimint na hEorpa ó shin ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit neamhspleáchas reachtaíochta an Aontais Eorpaigh a choimirciú i gcur i bhfeidhm Threoir ETS.
3.2. An seasamh atá á bheartú
Is gá an seasamh thar ceann an Aontais a ghlacadh roimh an sprioc-am an 30 Meitheamh 2020 a leagtar síos le SARPS CORSIA ionas go mbeidh na Ballstáit in ann na fógraí is gá a chur isteach.
Maidir leis an gcéad saincheist – i.e. fógra aon chinneadh a bheith rannpháirteach go saorálach, nó gan a bheith rannpháirteach go saorálach a thuilleadh ón 1 Eanáir 2021 – an gealltanas polaitiúil a thug an tAontas arís agus arís eile, agus atá aitheanta cheana ag ICAO, na sochair iompair idirnáisiúnta agus comhshaoil ionchasacha a bhaineann le CORSIA agus an easpa rogha malartaí inmharthana ar an leibhéal domhanda, é sin uile á chur san áireamh, tá sé beartaithe rannpháirtíocht shaorálach na mBallstát a chur in iúl ó thús na céime píolótaí ón 1 Eanáir 2021. Bheadh an fógra faoi réir na ndifríochtaí a cuireadh ar thaifead in 2018, le Cinneadh (AE) 2018/2027 ón gComhairle, agus le haon difríochtaí a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo agus bheadh sé gan dochar d'athbhreithníu EU ETS mar a comhaontaíodh in 2017 agus d'uaillmhian aeráide an Aontais chomh maith leis an Treoir maidir le Fuinneamh in‑athnuaite.
Maidir leis an dara saincheist – i.e. fógra a tabhairt maidir leis an rogha a roghnaíodh chun ceanglais fritháirithe ar oibreoirí aerárthaí a ríomh le linn na tréimhse 2021-2023 – moltar rogha astaíochtaí 2021, 2022 agus 2023 faoi seach a roghnú le haghaidh gach bliain den chéim phíolótach, seachas astaíochtaí 2020 le haghaidh gach bliain faoi seach. Cuirtear san áireamh leis an gcur chuige sin na sochair chomhshaoil agus iompair idirnáisiúnta ionchasacha, an gá le dreasachtaí a chur ar fáil do na hoibreoirí chun a tionchar comhshaoil a laghdú agus an tábhacht a bhaineann le luathghníomhaíocht, agus san am céanna a chur san áireamh méid na gcostas fritháirithe féideartha le haghaidh oibreoirí Eorpacha agus aon tionchar ar a n‑iomaíocht idirnáisiúnta. Go deimhin, i gcomparáid leis an mbliain 2020 a roghnú mar thagairt, ba cheart éifeachtacht chomhshaoil níos mó teacht as tagairt do na blianta 2021, 2022 agus 2023 faoi seach. Is é is cúis leis sin go meastar go mbeidh na hastaíochtaí ó eitlíocht idirnáisiúnta níos airde le linn 2021, 2022 agus 2023 ná le linn 2020, go háirithe mar gheall ar an tionchar suntasach a bhí ag paindéim COVID-19 ar an aerthrácht agus ar astaíochtaí.
Sa chomhthéacs sin, tá sé riachtanach a áirithiú go gcuirtear san áireamh go cuí na difríochtaí atá ann idir dlí an Aontais agus CORSIA faoi láthair chomh maith leis na difríochtaí a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo. Dá bhrí sin, ba cheart tagairt don difríocht a dtugadh fógra fúithi ar bhonn Chinneadh (AE) 2018/2027 ón gComhairle a bheith san fhógra dá tagraítear thuas. Ós rud é nach mbaineann an difríocht sin, a mhéid a bhfuil sí fós ábhartha, ach le sannadh inniúlachta Stát vis‑à-vis na n‑oibreoirí éagsúla, mar gheall ar dhifríochtaí áirithe idir dearadh CORSIA agus dearadh EU ETS, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann fós san fhógra thuasluaite fógra a thabhairt faoi na difríochtaí breise.
4.Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an Cinneadh atá molta i gcomhréir le beartais eile an Aontais, beartais fuinnimh, chomhshaoil agus iompair, go háirithe, agus comhlánaíonn sé go maith iad. Meabhraítear leis sin an nasc idir rannpháirtíocht in CORSIA agus athbhreithniú ar Threoir EU ETS ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, mar a leagtar amach i Rialachán 2017/2392. Mar sin féin, níor chuir an Coimisiún an tuarascáil dá bhforáiltear faoi Airteagal 28b de Threoir ETS i láthair go fóill agus, ar bhealach níos ginearálta, ní fios an cinneadh a bheidh ann amach anseo ón reachtóir sa réimse seo go fóill. Dá bhrí sin, tá an fógra sin le meas mar chéim eatramhach, ag féachaint do Chaibidil 3, Míreanna 3.1.3 agus 3.2.1 agus Foscríbhinn 1 d'Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.
Chun a áirithiú go mbeidh an chéim eatramhach gan dochar do chinntí beartais na gcomhreachtóirí amach anseo, ní mór tagairt don difríocht a dtugadh fógra fúithi cheana a bheith san fhógra i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2018/2027 ón gComhairle agus don fhéidearthacht go dtabharfar fógra faoi dhifríochtaí breise eile, dá dtagraítear thuas.
5.Bunús dlí
5.1.Bunús dlí nós imeachta
5.1.1.Prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagtar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Tá feidhm ag Airteagal 218(9) CFAE gan beann ar cibé acu atá an tAontas ina bhall den chomhlacht nó ina pháirtí sa chomhaontú, nó nach bhfuil.
5.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
De bhun Chaibidil 3, Mhír 3.1.3 agus Fhoscríbhinn 1 (‘Nósanna Imeachta Riaracháin’) d'Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann leis an gCoinbhinsiún, ceanglaítear ar na Stáit ICAO a chur ar an eolas faoin 30 Meitheamh 2020 maidir lena gcinneadh a bheith rannpháirteach go saorálach, nó gan a bheith rannpháirteach go saorálach a thuilleadh ón 1 Eanáir 2021, agus maidir leis an rogha a roghnaigh siad, i gcomhréir le mír 3.2.1 d'Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV, chun ceanglais fritháirithe ar oibreoirí aerárthaí a ríomh le linn na tréimhse 2021-2023.
Is é a thagann as na forálacha sin, gur de réir fógraí ábhartha a chur faoi bhráid ICAO, agus ar théarmaí na bhfógraí sin atá éifeachtaí dlíthiúla áirithe CORSIA, a glacadh trí chinneadh ó Chomhairle ICAO, comhlacht a cuireadh ar bun trí chomhaontú. Dá bhrí sin, tagann sé faoi raon feidhme Airteagal 218(9) CFAE go nglacfaidh an tAontas seasamh i leith na bhfógraí sin.
5.2.Bunús substainteach dlí
I gcomhréir le hAirteagal 192(1) agus 191 CFAE, rannchuideoidh an tAontas Eorpach leis na cuspóirí seo a leanas inter alia a bhaint amach: cáilíocht an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú; bearta a chur chun cinn ar an leibhéal idirnáisiúnta chun dul i ngleic le fadhbanna comhshaoil réigiúnacha nó fadhbanna comhshaoil ar fud an domhain, agus go háirithe dul i ngleic leis an athrú aeráide.
5.2.1.Prionsabail
Braitheann an bunús substainteach dlí maidir le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE go príomha ar chuspóir agus inneachar an ghnímh bheartaithe a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh‑chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús substainteach dlí aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh‑chomhpháirte.
5.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
Baineann príomhchuspóir agus inneachar na ngníomhartha atá beartaithe le beartas aeráide, i gcomhthéacs na heitlíochta idirnáisiúnta.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 192(1) CFAE bunús substainteach dlí nós imeachta an chinnidh atáthar a bheartú.
5.3.Conclúid
Ba cheart Airteagal 192(1) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, a bheith mar bhunús dlí don chinneadh atáthar a bheartú.
2020/0078 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais san Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta, i leith fógra a thabhairt faoi rannpháirtíocht shaorálach sa Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA) ón 1 Eanáir 2021, agus i leith an rogha a roghnaíodh chun ceanglais fritháirithe ar oibreoirí aerárthaí a ríomh le linn na tréimhse 2021-2023
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tháinig an Coinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (‘An Coinbhinsiún’), arb é is aidhm dó aeriompar idirnáisiúnta a rialú, i bhfeidhm an 4 Aibreán 1947. Bunaíodh an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) leis.
(2)Is stáit chonarthacha de Choinbhinsiún Chicago iad Ballstáit uile an Aontais agus is comhaltaí de ICAO iad, cé go bhfuil stádas breathnóra ag an Aontas i gcomhlachtaí áirithe ICAO.
(3)I mí na Nollag 2015, ag an 21ú Comhdháil de Pháirtithe Chreat‑Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide, glacadh Comhaontú Pháras, arb é is aidhm dó an méadú domhanda ar an teocht a choinneáil roinnt mhaith faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh an méadú ar an teocht a theorannú go 1,5 °C. Is ceart gach earnáil den gheilleagar rannchuidiú leis na laghduithe astaíochtaí sin a bhaint amach, lena n‑áirítear earnáil na heitlíochta idirnáisiúnta.
(4)In 2016, ag 39ú Tionól ICAO, trí bhíthin Rún A39-3, cinneadh sásra margadhbhunaithe a fhorbairt chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ó eitlíocht idirnáisiúnta a theorannú do leibhéil 2020. Bunaíodh seasamh an Aontais i leith mionsaothrú agus glacadh an tsásra sin agus a eilimintí mionsonraithe éagsúla le Cinneadh (AE) 2016/915 ón gComhairle.
(5)An 27 Meitheamh 2018, ag an deichiú cruinniú dá 214ú seisiún, ghlac Comhairle ICAO an chéad eagrán d'Imleabhar IV d'Iarscríbhinn 16 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún: na Caighdeáin Idirnáisiúnta agus na Cleachtais Mholta maidir le Cosaint Chomhshaoil – an Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (‘CORSIA’).
(6)In 2017, rinne Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Treoir 2003/87/CE a athbhreithniú trí bhíthin Rialachán (AE) 2017/2392 go háirithe chun cur chun feidhme birt domhanda mhargadhbhunaithe ó 2021 a ullmhú, chun foráil a dhéanamh maidir le ceanglais dlí an Aontais le haghaidh faireachán, tuairisciú agus fíorú astaíochtaí chun críoch CORSIA, agus chun forálacha tuairiscithe agus athbhreithnithe a shonrú i leith CORSIA.
(7)D'fhéadfadh na rialacha in CORSIA teacht chun bheith ceangailteach i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún, agus laistigh de na teorainneacha sin. D'fhéadfaidís teacht chun bheith ina gceangal ar an Aontais agus ar na Ballstáit, faoi chomhaontuithe aeriompar idirnáisiúnta atá ann faoi láthair.
(8)Ionas gur féidir le ICAO aird iomlán a thabhairt ar an staid dhlíthiúil atá ann faoi láthair ar leibhéal an Aontais, tá difríochtaí curtha in iúl ag na Ballstáit i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2018/2027 ón gComhairle. De réir na bhfógraí sin, tá feidhm le Treoir 2003/87/CE, mar atá faoi láthair, gan beann ar náisiúntacht an oibreora aerárthaí agus i bprionsabal, cumhdaítear léi eitiltí a imíonn ó aeradróm nó a thagann isteach in aeradróm atá i gcríoch Ballstáit lena mbaineann an Conradh. Tá feidhm ag Treoir 2003/87/CE gan idirdhealú maidir le heitiltí laistigh de na Ballstáit agus/nó tíortha LEE agus eatarthu sin. Tá feidhm ag na prionsabail sin maidir le ceanglais faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe (MRV) agus maidir le ceanglais fritháirithe,
(9)Faoi réir na n‑difríochtaí sin, ionchorpraíodh ceanglais MRV, mar a leagtar amach iad in CORSIA agus is infheidhme amhail ón 1 Eanáir 2019, i ndlí an Aontais. Faoin reachtaíocht sin, baileofar sonraí maidir le hastaíochtaí agus tarchuirfear chuig Ardrúnaíocht ICAO na sonraí sin i leith astaíochtaí le linn na céime píolótaí.
(10)De bhun Chaibidil 3, Mhír 3.1.3 agus Fhoscríbhinn 1 (‘Nósanna Imeachta Riaracháin’) d'Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann leis an gCoinbhinsiún, ceanglaítear ar Stáit ICAO a chur ar an eolas faoin 30 Meitheamh 2020 maidir lena gcinneadh a bheith rannpháirteach go saorálach, nó gan a bheith rannpháirteach go saorálach a thuilleadh ón 1 Eanáir 2021, agus maidir leis an rogha a roghnaigh siad, i gcomhréir le mír 3.2.1 d'Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV, chun ceanglais fritháirithe ar oibreoirí aerárthaí a ríomh le linn na tréimhse 2021-2023.
(11)Is é a thagann as na forálacha sin, go bhfuil éifeachtaí dlíthiúla áirithe CORSIA, a glacadh le cinneadh ó Chomhairle ICAO, comhlacht a cuireadh ar bun trí chomhaontú, coinníollach ar fhógraí ábhartha a chur faoi bhráid ICAO agus ar théarmaí na bhfógraí sin. Dá bhrí sin, tagann sé faoi raon feidhme Airteagal 218(9) CFAE go nglacfaidh an tAontas seasamh i leith na bhfógraí sin.
(12)I ndáil leis sin, is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais a bhunú, agus an ceanglas thuasluaite maidir le fógra a thabhairt á chur san áireamh, go háirithe mar go bhféadfadh rannpháirtíocht shaorálach in CORSIA agus an rogha a roghnaítear faoi mhír 3.2.1 d'Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV den Choinbhinsiún tionchar cinntitheach a imirt ar chearta agus oibleagáidí i réimse a chumhdaítear le dlí an Aontais, go háirithe Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le húsáid fuinnimh ó acmhainní in‑athnuaite a chur chun cinn.
(13)Dhearbhaigh an tAontas agus na Ballstáit arís is arís eile go bhfuil siad toilteanach páirt a ghlacadh in CORSIA ón 1 Eanáir 2021.
(14)Tugtar le tuiscint le rannpháirtíocht shaorálach in CORSIA nach mór rogha a roghnú, i gcomhréir le mír 3.2.1 d'Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV, den Choinbhinsiún, chun ceanglais fritháirithe ar oibreoirí aerárthaí a ríomh le linn na tréimhse 2021-2023. I ndáil leis sin, is iomchuí na ríomhanna a bhunú ar na hastaíochtaí le linn 2021, 2022, 2023 faoi seach. Is dócha go mbeidh an rogha sin chun sochair níos mó ó thaobh comhshaoil agus iompair idirnáisiúnta de ná an rogha eile atá ar fáil, i.e. na ríomhanna a bhunú ar na hastaíochtaí le linn 2020, ós rud é go meastar go mbeidh na hastaíochtaí ó eitlíocht idirnáisiúnta níos airde le linn 2021, 2022 agus 2023 ná le linn 2020 agus dá bhrí sin leanfaidh ceanglais fritháirithe níos airde as sin. D'áiritheofaí leis sin leanúnachas níos mó, agus é á thabhairt ar aird, le haghaidh na mblianta ó 2024, go ndéantar foráil i bpointe 3.2.2 d'Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV, maidir le ríomh bunaithe ar an mbliain féin.
(15)I dtaca le roghnú astaíochtaí na mblianta 2021, 2022 agus 2023 faoi seach chun ceanglais fritháirithe a ríomh, bheadh feidhme aige sin le linn na tréimhse 2021-2023 maidir leis na hoibreoirí aerárthaí uile a sannadh don Bhallstát lena mbaineann.
(16)Mar a luadh thuas, tá difríochtaí áirithe ann idir Treoir 2003/87/CE agus CORSIA faoi láthair. Le hAirteagal 28b de Threoir 2003/87/CE ceanglaítear ar an gCoimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina mbreithnítear bealaí chun CORSIA a chur i bhfeidhm san Aontas trí bhíthin athbhreithniú ar an Treoir, i gcomhréir le gealltanas an Aontais le haghaidh 2030 gáis ceaptha teasa a laghdú ar fud an gheilleagair, a bhfuil sé d'aidhm aige sláine chomhshaoil agus éifeachtacht ghníomhaíocht aeráide an Aontais a chaomhnú. Chun na críche sin, laistigh de bhliain amháin ón uair a ghlacfaidh ICAO na hionstraimí dlíthiúla ábhartha agus sula mbeidh siad i mbun oibríochta, tá an Coimisiún le tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanann sé measúnú, inter alia, ar uaillmhian agus sláine comhshaoil ionstraim ICAO. I gcás inarb iomchuí, tá togra reachtaíochta le gabháil leis an tuarascáil. Níor chuir an Coimisiún an tuarascáil sin i láthair go fóill.
(17)Sa chomhthéacs sin, tá sé riachtanach a áirithiú go gcuirtear san áireamh go cuí difríochtaí atá ann faoi láthair idir dlí an Aontais agus CORSIA, chomh maith leis na difríochtaí a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo, d'fhonn córas an Aontais a chaomhnú de réir mar is gá, lena n‑áirítear saoirse an reachtóra cinneadh a dhéanamh maidir le scéim an Aontais amach anseo is infheidhme maidir leis an réimse lena mbaineann. I ndáil leis sin, d'iarr Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit neamhspleáchas reachtaíochta an Aontais Eorpaigh agus cur i bhfeidhm Threoir 2003/87/CE á choimirciú.
(18)Dá bhrí sin, ba cheart tagairt don difríocht a dtugadh fógra fúithi ar bhonn Chinneadh (AE) 2018/2027 ón gComhairle a bheith san fhógra dá tagraítear thuas, a bhfuil feidhm aige maidir leis na hábhair a chumhdaítear leis an rannpháirtíocht shaorálach. Ós rud é nach mbaineann an difríocht sin, a mhéid a bhfuil sí fós ábhartha, ach le sannadh inniúlachta Stát vis‑à-vis na n‑oibreoirí éagsúla, ba cheart, go bhféadfaí féin leis an bhfógra thuasluaite fógra a thabhairt faoi dhifríochtaí breise.
(19)Ba cheart do Bhallstáit an Aontais atá ina mball de ICAO seasamh an Aontais a chur in iúl.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i bhfianaise Chaibidil 3, Mhíreanna 3.1.3 agus 3.2.1 agus Fhoscríbhinn 1 d'Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV, a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago maidir le hEitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta agus a bhaineann le fógra a chur chuig an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta i leith an mhéid seo a leanas
– rannpháirtíocht shaorálach Ballstáit sa Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta amhail ón Eanáir 2021 agus
– an rogha a roghnaíodh chun ceanglais fritháirithe ar oibreoirí aerárthaí a ríomh le linn na tréimhse 2021-2023,
leagtar amach an seasamh sin san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh.
Airteagal 2
Cuirfidh Ballstáit an Aontais atá ina mball den Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1 in iúl.
Airteagal 3
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán