An Bhruiséil,29.4.2020

COM(2020) 183 final

2020/0073(APP)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

maidir le bearta sealadacha a bhaineann le cruinnithe ginearálta cuideachtaí Eorpacha (SE) agus Comharchumann Eorpach (SCE)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Soláthraítear le Rialachán (CE) Uimh. 2157/2001 ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2001 i dtaca leis an Reacht um Chuideachta Eorpach agus le Rialachán (CE) Uimh. 1435/2003 ón gComhairle an 22 Iúil 2003 i dtaca leis an Reacht maidir le Comharchumann Eorpach (SCE) rialacha i dtaca le cur ar bun agus feidhmiú na n‑eintiteas a ndéanann siad rialáil orthu (SEnna agus SCEnna). Déanann an Rialachán SE agus Rialachán SCE araon comhchuibhiú freisin ar an spriocdháta chun an cruinniú ginearálta a thionól. Foráiltear an riail chéanna faoi Airteagal 54 sa dá Rialachán go mbeidh cruinniú ginearálta ag SEnna agus SCEnna uair amháin ar a laghad gach bliain féilire, laistigh de 6 mhí tar éis dheireadh a mbliana airgeadais. Ní thugtar aon eisceacht air sin leis na Rialacháin sin.

Tá tionchar tromchúiseach á imirt ag ráig phaindéim COVID-19 ar chuideachtaí agus ar chomharchumainn, lena n‑áirítear SEnna agus SCEnna. Go háirithe, de bharr na mbeart gaibhniúcháin agus na mbeart scartha sóisialta, chomh maith leis an ngá atá lena n‑iarrachtaí a dhíriú ar bhainistiú shrianta na gníomhaíochta eacnamaíche, tá deacrachtaí móra ag SEnna agus ag SCEnna maidir leis an spriocdháta a urramú chun a gcruinniú ginearálta, dá dtagraítear in Airteagal 54 sa dá Rialachán, a thionól. Cé go bhfuil bearta éigeandála curtha i bhfeidhm ag na Ballstáit i réimse dhlí na gcuideachtaí chun tacú le cuideachtaí agus cabhrú leo sna himthosca eisceachtúla reatha, ní thugann na bearta sin aghaidh ar na SEnna ná ar na SCEnna, toisc, sa dá chás, gur Rialachán de chuid an Aontais Eorpaigh é an Reacht a ghabhann leo.

Tá sé ríthábhachtach cruinnithe ginearálta a thionól chun a áirithiú go ndéanfar cinntí in am trátha a bhfuil ceangal dlí leo nó a bhfuil gá leo ó thaobh na heacnamaíochta de agus a bhfuil tionchar acu ar an gcuideachta féin, ar a scairshealbhóirí agus ar thríú páirtithe. Ós rud é nach bhfuil smacht ag na SEnna, na SCEnna ná ag na Ballstáit ar na himthosca eisceachtúla a bhaineann le COVID-19, leagtar síos sa togra seo ar leibhéal an Aontais Eorpaigh maolú sealadach ar an spriocdháta dá bhforáiltear in Airteagal 54 de Rialachán SE agus in Airteagal 54 de Rialachán SCE. Ba cheart go dtabharfaí, le maolú sealadach den sórt sin, an tsolúbthacht do na SEnna agus do na SCEnna a gcruinniú ginearálta a thionól laistigh de 12 mhí tar éis dheireadh na bliana airgeadais, ach in aon chás tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2020 . Tá gá leis an maolú sealadach sin chun go mbeidh na SEnna agus na SCEnna in ann a áirithiú go ndéanfar na hullmhúcháin is gá do na cruinnithe ginearálta agus chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar maidir le comhlíonadh na n‑oibleagáidí atá leagtha síos i Rialacháin SE agus SCE.

Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 53 de Rialachán SE go mbeidh eagrú agus stiúradh cruinnithe ginearálta mar aon le nósanna imeachta vótála faoi rialú ag an dlí is infheidhme maidir le cuideachtaí poiblí faoi dhliteanas teoranta sa Bhallstát ina bhfuil oifig chláraithe na cuideachta Eorpaí suite. Foráiltear riail chomhfhreagrach le hAirteagal 53 de Rialachán SCE. Ar nós bearta éigeandála náisiúnta arna nglacadh cheana ag roinnt mhaith Ballstát maidir le dliteanas teoranta poiblí nó cuideachtaí nó eintitis eile, tá sé tábhachtach go n‑áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 53 den dá rialachán, go gceadófar do SEnna agus do SCEnna uirlisí digiteacha agus próisis dhigiteacha a úsáid agus go bhféachfaidh SEnna agus SCEnna le huirlisí agus próisis den sórt sin a chur i bhfeidhm a mhéid is féidir chun a áirithiú go nglacfar na cinntí is gá.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an togra seo bunaithe ar Airteagal 352 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Sonraítear san fhoráil sin, más gá don Aontas gníomhú, faoi chuimsiú na mbeartas atá sainithe sna Conarthaí, chun ceann de na cuspóirí dá dtagraítear sna Conarthaí a bhaint amach, ach nach dtugtar na cumhachtaí is gá sna Conarthaí, go ndéanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, na bearta iomchuí a ghlacadh. Bhí an fhoráil sin ina bunús dlí cheana féin chun Rialachán (CE) Uimh. 2157/2001 agus Rialachán (CE) Uimh. 1435/2003 a ghlacadh.

Coimhdeacht

Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra a bhaint amach go leordhóthanach toisc go rialaítear Cuideachtaí Eorpacha (SEnna) ar leibhéal an Aontais le Rialachán (CE) Uimh. 2157/2001 ón gComhairle agus go rialaítear Comharchumainn Eorpacha (SCEnna) ar leibhéal an Aontais le Rialachán (CE) Uimh. 1435/2003 ón gComhairle. Aon bhearta sealadacha a bhaineann leis an ngéarchéim COVID-19 nach bhfuil ag teacht leis na Rialacháin sin, is gá iad a ghlacadh ar leibhéal an Aontais.

Comhréireacht

Ní théann an togra thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir a bhaint amach, is é sin an tionchar atá ag ráig reatha COVID-19 ar chruinnithe ginearálta SEnna agus SCEnna a thionól. Dá bhrí sin, tá an beart atá beartaithe comhréireach, lena n‑áirítear maidir lena chur i bhfeidhm in am.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Is é an ráig thobann gan choinne den phaindéim COVID-19 is cúis leis an mbeart práinneach seo. Ar an gcúis sin, ní dhearnadh aon mheasúnú tionchair ná aon mheastóireacht ex-post. Tá sé iarrtha ag roinnt geallsealbhóirí go n‑aimseofaí réiteach reachtach ar an tsaincheist.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Neamhbhainteach.

2020/0073 (APP)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

maidir le bearta sealadacha a bhaineann le cruinnithe ginearálta cuideachtaí Eorpacha (SE) agus Comharchumann Eorpach (SCE)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 352 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Chun leathadh an Choróinvíris COVID-19 a shrianadh, coróinvíreas ar fhógair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte gur paindéim é an 11 Márta 2020, tá sraith beart nár glacadh riamh cheana curtha i bhfeidhm ag na Ballstáit, go háirithe bearta a bhaineann le gaibhniú agus scaradh sóisialta daoine.

(2)D’fhéadfadh na bearta sin bac a chur ar chuideachtaí agus ar chomharchumainn a gcuid oibleagáidí dlíthiúla faoi dhlí na gcuideachtaí de chuid na mBallstát agus an Aontais a chomhlíonadh, go háirithe, trí dheacrachtaí suntasacha a chruthú dóibh maidir le heagrú a gcuid cruinnithe ginearálta.

(3)Ar leibhéal náisiúnta, tá bearta éigeandála curtha i bhfeidhm ag Ballstáit chun tacú le cuideachtaí agus comharchumainn agus chun na huirlisí agus an tsolúbthacht is gá sna himthosca eisceachtúla reatha a chur ar fáil. Go háirithe, ceadaíonn go leor Ballstát úsáid uirlisí digiteacha agus próisis dhigiteacha chun cruinnithe ginearálta a thionól agus shín siad na teorainneacha ama chun cruinnithe ginearálta a thionól in 2020.

(4)Ar leibhéal an Aontais, rialaítear cuideachtaí Eorpacha (SEnna) le Rialachán (CE) ón gComhairle Uimh. 2157/2001 1 agus Comharchumainn Eorpacha (SCEnna) le Rialachán (CE) Uimh. 1435/2003 ón gComhairle 2 . Éilítear in Airteagal 54 den dá Rialachán go ndéanfar cruinniú ginearálta a thionól laistigh de 6 mhí tar éis dheireadh na bliana airgeadais. Ag féachaint do na himthosca eisceachtúla atá ann faoi láthair ba cheart maolú sealadach ón gceanglas sin a dheonú. Ar an ábhar go mbíonn tionól cruinnithe ríthábhachtach chun a áirithiú go ndéantar cinntí a bhfuil ceangal dlí leo nó cinntí atá riachtanach ó thaobh na heacnamaíochta de in am trátha, ba cheart cead a bheith ag na cuideachtaí Eorpacha agus ag na Comharchumainn Eorpacha a gcruinniú ginearálta a thionól laistigh de 12 mhí tar éis dheireadh na bliana airgeadais ar an gcoinníoll go ndéanfar é a thionól tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2020. Ós beart sealadach é seo mar gheall ar COVID-19, níor cheart go mbeadh an maolú infheidhme ach amháin i leith cruinnithe a éilítear iad a thionól in 2020.

(5)Ní fhoráiltear sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, maidir le glacadh an Rialacháin seo, ach na cumhachtaí sin a leagtar amach faoi Airteagal 352.

(6)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, mar atá réiteach éigeandála sealadach a chur ar fáil chun maolú a thabhairt ar fhoráil de Rialachán (CE) Uimh. 2157/2001 agus ar fhoráil de Rialachán (CE) Uimh. 1435/2003, a ghnóthú go leordhóthanach ach, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gcuspóirí sin, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(7)I bhfianaise go rachaidh an tréimhse 6 mhí dá dtagraítear in Airteagal 54 de Rialachán (CE) Uimh. 2157/2001 agus de Rialachán (CE) Uimh. 1435/2003, in éag i mBealtaine nó Meitheamh 2020, agus ar an ábhar go gcaithfear na tréimhsí comórtha a chur san áireamh, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm mar ábhar práinne.

(8)Meastar, i bhfianaise na práinne sin, gurb iomchuí leas a bhaint as an eisceacht ón tréimhse 8 seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Beart sealadach a bhaineann le cruinnithe ginearálta cuideachtaí Eorpacha (SE)

Nuair a bheidh cruinniú ginearálta de chuideachta Eorpach le tionól in 2020, i gcomhréir leis an gcéad abairt d’Airteagal 54(1) de Rialachán (CE) Uimh. 2157/2001, féadfaidh an chuideachta Eorpach, trí mhaolú ón bhforáil sin, an cruinniú a thionól laistigh de 12 mhí tar éis dheireadh na bliana airgeadais, ar an gcoinníoll go dtionólfar an cruinniú faoin 31 Nollaig 2020 ar a dhéanaí.

Airteagal 2

Beart sealadach a bhaineann le cruinnithe ginearálta Comharchumann Eorpach (SCE)

Nuair a bheidh cruinniú ginearálta de chomharchumann Eorpach le tionól in 2020, i gcomhréir leis an gcéad abairt d’Airteagal 54(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1435/2003, féadfaidh comharchumann Eorpach, trí mhaolú ón bhforáil sin, an cruinniú a thionól laistigh de 12 mhí tar éis dheireadh na bliana airgeadais, ar an gcoinníoll go dtionólfar an cruinniú faoin 31 Nollaig 2020 ar a dhéanaí.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Rialachán (CE) Uimh. 2157/2001 ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2001 i dtaca leis an Reacht um Chuideachta Eorpach (SE) (IO L 294, 10.11.2001, lch. 1).
(2)    Rialachán (CE) Uimh. 1435/2003 ón gComhairle an 22 Iúil 2003 i dtaca leis an Reacht maidir le Comharchumann Eorpach (SCE) (IO L 207, 18.8.2003, lch. 1).