AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,7.5.2020
COM(2020) 182 final
2020/0072(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais, mar chuid den Choinbhinsiún maidir le cosaint mhuirthimpeallacht an Atlantaigh Thoir Thuaidh, maidir leis an Macrainéis a chomhtháthú le limistéar muirí OSPAR
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an Togra
Baineann an togra seo leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i ndáil leis an leasú atá beartaithe a ghlacadh ar an gCoinbhinsiún maidir le cosaint mhuirthimpeallacht an Atlantaigh Thoir Thuaidh (‘Coinbhinsiún OSPAR’).
2.Comhthéacs an togra
2.1.Coinbhinsiún OSPAR
Tá sé d’aidhm ag Coinbhinsiún OSPAR limistéar muirí an Atlantaigh Thoir Thuaidh a chosaint ar na héifeachtaí díobhálacha atá ag gníomhaíochtaí an duine, chun sláinte an duine a chosaint, agus éiceachórais mhuirí a chaomhnú agus, nuair is indéanta, limistéir mhuirí a ndearnadh dochar dóibh a athshlánú. Tá 16 Pháirtí Chonarthacha aige: An Bheilg, an Danmhairg, an tAontas, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Íoslainn, Éire, an Ísiltír, an Iorua, an Phortaingéil, an Spáinn, an tSualainn, an Ríocht Aontaithe, Lucsamburg agus an Eilvéis. Bhí an Coinbhinsiún ar oscailt lena shíniú ag Cruinniú Aireachta Choimisiúin Osló agus Pháras i bPáras an 22 Meán Fómhair 1992, agus tháinig sé i bhfeidhm an 25 Márta 1998.
2.2.Coimisiún OSPAR
Tá Coimisiún OSPAR (arna bhunú de réir Airteagal 10 den Choinbhinsiún) comhdhéanta d’ionadaithe de chuid gach ceann de na Páirtithe Conarthacha; tagann sé le chéile go tráthrialta agus ag aon am a éilítear sin de bharr imthosca speisialta. Áirítear leis na dualgais atá air maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an Choinbhinsiúin agus athbhreithniú a dhéanamh ar bhail an limistéir mhuirí, ar éifeachtacht na mbeart arna nglacadh, ar na tosaíochtaí agus ar an ngá atá le haon bheart breise nó éagsúil.
De réir Airteagal 20 den Choinbhinsiún, tá vóta amháin sa Choimisiún ag gach Páirtí Conarthach. Tá an tAontas i dteideal líon vótaí atá cothrom leis an líon Ballstát is Páirtithe Conarthacha don Choinbhinsiún. Ní fheidhmeoidh an tAontas a cheart vótála nuair a fheidhmeoidh na Ballstáit a gceart vótála féin, ná ní fheidhmeoidh na Ballstáit a gceart vótála nuair a fheidhmeoidh an tAontas a cheart vótála féin.
De réir Airteagal 15(3) den Choinbhinsiún, glacfaidh an Coimisiún leasuithe ar an gCoinbhinsiún de réir vóta d’aon toil ag na Páirtithe Conarthacha.
2.3.An gníomh atá beartaithe ag Coimisiún OSPAR
Le linn na míre aireachta ag cruinniú bliantúil, tá Coimisiún OSPAR le leasú ar Airteagal 1(a) den Choinbhinsiún a ghlacadh, lena leasófar teorainneacha limistéar muirí OSPAR chun go n‑áireofar ann uiscí atá faoi dhlínse na Portaingéile agus na Spáinne agus uiscí idirnáisiúnta eatarthu sin (‘an gníomh atá beartaithe’).
Tá sé de chuspóir ag an ngníomh beartaithe na huiscí atá timpeall na Macrainéise (Maidéara agus na hOileáin Chanáracha) a chur le limistéar muirí OSPAR, chun a áirithiú gur mó a bheidh OSPAR i gcomhréir le Treoir Réime um Straitéis Mhuirí an Aontais, agus chun feabhas a chur, dá réir sin, ar chomhordú ar mhaithe le cosaint agus caomhnú na bithéagsúlachta saibhre agus na n‑éiceachóras leochaileach atá i limistéar na Macrainéise.
Do na Páirtithe Conarthacha sin a mbeidh an leasú ar an gCoinbhinsiún daingnithe, glactha nó formheasta acu, tiocfaidh an leasú i bhfeidhm ar an tríochadú lá tar éis don Rialtas Taiscíochta fógraí a fháil ó sheacht bPáirtí Chonarthacha ar a laghad, i gcomhréir le forálacha Airteagal 15 de Choinbhinsiún OSPAR. Ina dhiaidh sin, tiocfaidh an leasú i bhfeidhm d’aon Pháirtí Conarthach eile ar an tríochadú lá i ndiaidh deimhniú, glacadh, nó formheas lena mbaineann a bheith tugtha.
Go dtí go dtiocfaidh an leasú ar Choinbhinsiún OSPAR i bhfeidhm, féadfaidh an Phortaingéil agus an Spáinn, chomh maith le haon Pháirtí Conarthach eile, é a chur i bhfeidhm go sealadach, de réir na bhforálacha ábhartha de Choinbhinsiún Vín maidir le dlí na gconarthaí an 23 Bealtaine 1969, go háirithe Airteagal 25 maidir le “Cur i bhfeidhm sealadach”.
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais
De réir Airteagal 4 den Treoir Réime um Straitéis Mhuirí, is cuid de limistéar an Atlantaigh Thoir Thuaidh é folimistéar na Macrainéise, agus tá sé ar an bhfolimistéar muirí is mó i bhfarraigí na hEorpa. Tá éagsúlacht shaibhir speiceas agus gnáthóg ag baint leis, a bhfuil cinn áirithe díobh ar liosta OSPAR de “Speicis agus Gnáthóga faoi bhagairt agus/nó atá ag dul i léig”. Faoi láthair, níl ach cuid d’uiscí fholimistéar na Macrainéise laistigh de limistéar muirí OSPAR, de réir mar atá teorannaithe agus comhaontaithe ar leibhéal an Aontais.
An Phortaingéil agus an Spáinn, arb iad na tíortha sin amháin i measc thíortha an Aontais agus OSPAR a bhfuil uiscí teorann acu sa Mhacrainéis, d’eisigh siad togra comhpháirteach maidir le Coinbhinsiún OSPAR a leasú chun limistéar muirí OSPAR a ailíniú le teorainneacha MSFD. Leis an ailíniú sin, déanfar cur chun feidhme MSFD don dá thír a éascú trí chomhoibriú feabhsaithe ag leibhéal OSPAR, agus neartófar leis, trí OSPAR a shlógadh, cosaint speicis agus ghnáthóga leochaileacha an limistéir sin chomh maith le cosaint a bithéagsúlachta muirí agus cósta uathúil.
Is gá don Aontas seasamh a ghlacadh de bhrí go gcaithfear téacs atá ceangailteach de réir dlí, Coinbhinsiún OSPAR lena bhfuil an tAontas ina Pháirtí, a leasú chun an t‑ailíniú sin a bhaint amach. Moltar gur seasamh ar son an leasaithe sin ar Airteagal 1(a) de Choinbhinsiún OSPAR a ghlacfaidh an tAontas, toisc go n‑éascófar leis cur chun feidhme reachtaíocht de chuid an Aontais, agus go bhfeabhsófar cosaint an chomhshaoil.
4.Bunús dlí
4.1.Bunús dlí nós imeachta
4.1.1.Prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagtar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Áirítear orthu freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a ‘d’fhéadfadh tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’.
4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Is comhlacht a bunaíodh le comhaontú, mar atá Coinbhinsiún OSPAR, é Coimisiún OSPAR
Is é atá sa ghníomh a iarrtar ar Choimisiún OSPAR a ghlacadh gníomh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Tá éifeachtaí dlíthiúla leis an ngníomh atá beartaithe toisc go leasaítear leis gníomh atá ann cheana a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis, mar atá Coinbhinsiún OSPAR.
Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach Choinbhinsiún OSPAR.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) de CFAE an bunús dlí nós imeachta don chinneadh atáthar a mholadh.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Prionsabail
An bunús substaintiúil dlí do chinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm leis an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh-chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm theagmhasach nó mar chomhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús substaintiúil dlí aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear faoin bpríomhaidhm nó faoin bpríomh-chomhpháirt.
4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Baineann príomhchuspóir agus príomhábhar an ghnímh atá beartaithe le cosaint an chomhshaoil
Dá bhrí sin, is é Airteagal 192(1) CFAE bunús dlí an nós imeachta don chinneadh atáthar a mholadh.
4.3.Conclúid
Ba cheart Airteagal 192(1) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, a bheith mar bhunús dlí don chinneadh atáthar a mholadh.
5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe
Ós rud é go leasófar Coinbhinsiún OSPAR, lena bhfuil an tAontas ina Pháirtí, le gníomh ó Choimisiún OSPAR, is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.
2020/0072 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais, mar chuid den Choinbhinsiún maidir le cosaint mhuirthimpeallacht an Atlantaigh Thoir Thuaidh, maidir leis an Macrainéis a chomhtháthú le limistéar muirí OSPAR
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Rinne an tAontas Coinbhinsiún OSPAR (‘an Comhaontú’) a thabhairt i gcrích le Cinneadh 98/249/CE ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 1997, agus tháinig sé i bhfeidhm an 25 Márta 1998.
(2)De bhun Airteagal 15 den Chomhaontú, féadfaidh Coimisiún OSPAR leasuithe ar an gCoinbhinsiún a ghlacadh de réir vóta d’aon toil ag na Páirtithe Conarthacha.
(3)Glacfaidh Coimisiún OSPAR leasú ar Airteagal 1(a) de Choinbhinsiún OSPAR, leasú a bhaineann leis an Macrainéis a chomhtháthú le limistéar muirí OSPAR.
(4)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoimisiún OSPAR a leagan síos, ós rud é go mbeidh an leasú ar Choinbhinsiún OSPAR ina cheangal ar an Aontas,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais sa chruinniú de Choimisiún OSPAR go dtacóidh sé leis na leasuithe ar Airteagal 1(a) de Choinbhinsiún OSPAR maidir leis an Macrainéis a chomhtháthú le limistéar muirí OSPAR.
Airteagal 2
Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán