An Bhruiséil,5.5.2020

COM(2020) 178 final/2

2020/0069(COD)

CORRIGENDUM
This document corrects COM(2020) 178 final of 29.04.2020.
Concerns all language versions except the original version (English).
Withdrawal of the marking.
The text shall read as follows :

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal i bhfianaise phaindéim COVID
x001e
19

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Tá paindéim COVID‑19 ina cúis le géarchor chun donais eacnamaíoch mar gheall ar laghdú mór ar éileamh agus na bearta poiblí a rinneadh chun leathadh na paindéime a theorannú. Tá tionchair dhiúltacha thromchúiseacha na paindéime á mbrath san Aontas Eorpach agus ar fud an domhain. Braithfidh déine na n‑iarmhairtí ar fhad phaindéim COVID‑19 agus ar na bearta faoisimh agus téarnaimh atá á ndéanamh ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach. Go sonrach, tá tionchar aici nach bhfacthas a leithéid cheana ar an earnáil eitlíochta. D’fhéadfadh an ghéarchéim leachtachta san earnáil eitlíochta a bheith ina cúis le dócmhainneachtaí laistigh de chúpla mí mura dtugtar aghaidh uirthi.

Tá tábhacht straitéiseach leis an earnáil eitlíochta san Aontas Eorpach agus rannchuidíonn sí ar bhealach ríthábhachtach le geilleagar agus fostaíocht fhoriomlán an Aontais. In 2016 mar shampla, thacaigh an eitlíocht le 9.4 milliún post san Aontas agus chuir sí breis agus €624 billiún le OTI an Aontais. Mar sin féin, tá ról tábhachtach ag an eitlíocht i rathúnas FBManna agus na turasóireachta 1 . I ngeall ar gach €1 a chaitear san earnáil eitlíochta caitear €3 eile sa gheilleagar foriomlán; agus i ngeall ar gach post nua a chruthaítear san earnáil eitlíochta cruthaítear trí phost bhreise in earnálacha eile 2 .

I bhfianaise rannchuidiú tábhachtach na hearnála eitlíochta leis an bhfás eacnamaíoch agus leis an bhfostaíocht, féadfaidh iarmhairtí níos leithne ar gheilleagar an Aontais a bheith ag tionchar phaindéim COVID‑19 ar an earnáil sin, agus ar an nascacht, an trádáil, an inacmhainneacht agus rogha taistil, tionchar a bheidh le brath go ceann i bhfad.

I ngeall ar éileamh níos ísle, dúnadh teorainneacha, agus srianta sealadacha ar naisc aerthaistil laistigh den Aontas agus idir an tAontas agus margaí móra idirnáisiúnta, is dócha go dtiocfaidh laghdú suntasach eile ar an aerthaisteal. Go luath i mí Aibreáin, bhí laghdú 90 % ar an líon eitiltí ar fud an líonra Eorpaigh i gcomparáid leis an tréimhse chéanna in 2019 3 . I mí an Mhárta, ba 4.5 milliún níos mó líon na dticéad eitilte a cuireadh ar ceal ná an líon áirithintí nua a rinneadh ar eitiltí, agus sin eitiltí laistigh den Aontas amháin 4 . An t-éileamh paisinéirí le haghaidh 2020 ina hiomláine, meastar go mbeidh sé idir 35 % agus 46 % níos ísle na leibhéal 2019 5 .

D’fhonn tionchar na paindéime a mhaolú, tá gá le freagairt beartais uaillmhianach chomhordaithe. Os rud é go rannchuidíonn an eitlíocht ar bhealach nach beag le feidhmíocht fhoriomlán gheilleagar an Aontais agus gur suntasach a láithreacht dhomhanda, tá sé ríthábhachtach go ngníomhóidh an tAontas chun tacú leis an earnáil eitlíochta. Tá an Rialachán seo beartaithe modhnú sealadach a dhéanamh ar roinnt forálacha i ndlíthe a bhaineann leis an eitlíochta atá ann cheana chun ligean don Choimisiún agus do na húdaráis náisiúnta aghaidh a thabhairt ar roinnt iarmhairtí diúltacha phaindéim COVID‑19 agus chun na hiarmhairtí ar an earnáil eitlíochta a mhaolú le linn na géarchéime. Is éard atá sna bearta sealadacha an méid seo a leanas: (1) leasú ar na rialacha maidir le ceadúnú aeriompróirí i gcás deacrachtaí airgeadais arb í paindéim COVID‑19 is cúis leo, (2) na nósanna imeachta a bhfuil feidhm acu maidir le forchur srianta ceart tráchta a shimpliú, (3) lena bhféadfar deonú níos éifeachtúla conarthaí láimhseála ar an talamh a dhéanamh agus (4) lena bhféadfar síneadh a chur le conarthaí láimhseála ar an talamh go dtí an 31 Nollaig 2021.

1.1.Modhnú ar rialacha maidir le ceadúnú haeriompróirí faoi Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 6

De bhun Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, maidir le haon aeriompróir nach mbeadh ar a chumas a oibleagáidí airgeadais iarbhír nó féideartha a chomhlíonadh le linn na bliana atá romhainn, ní mór do na Ballstáit a cheadúnas oibríochta a chur ar fionraí nó a chúlghairm. De mhalairt air sin, féadfaidh na húdaráis ceadúnas sealadach a dheonú do na haerlínte sin. Ceadúnas sealadach, is é atá beartaithe leis sin ligean don aerlíne athstruchtúrú a dhéanamh agus a gníomhaíocht a shaothrú , ar choinníoll nach gcuirtear isteach ar an tsábháilteacht. Mar sin féin, is léir freisin ón taithí atá faighte go dtí seo gur teist dhiúltach don mhargadh atá ann ar an gcumas atá in aerlíne leanúint dá gnó, rud a chuireann lena fadhbanna airgeadais, i dtaca le sreabhadh airgid go háirithe. Is dócha gurb é an bhail a bheidh ar cuid mhaith aerlínte, a raibh bail shláintiúil orthu roimh an ngéarchéim, ina dtiocfaidh as a bhfadhbanna leachtachta an gá dlíthiúil lena a gceadúnas oibríochta a chur ar fionraí, a chúlghairm, nó ceadúnas sealadach a chur ina áit. I gcomhthéacs na géarchéime atá ann faoi láthair, d’fhéadfadh sin a bheith ina ualach neamhriachtanach riaracháin agus gan aon tairbhe eacnamaíoch nó sábháilteachta fairis.

Is é a mholtar dá bharr sin an oibleagáid fhoirmiúil atá ar na Ballstáit a chur ar fionraí go sealadach, ar choinníoll nach mbeidh riosca ann don tsláinte, agus leanúint den oibleagáid atá orthu faireachán a dhéanamh ar fholláine airgeadais a n‑iompróirí chun paisinéirí a chosaint ar rioscaí sábháilteachta míchuí agus a bheith in ann faisnéis ábhartha a chur ar fáil do na húdaráis sábháilteachta.

1.2.Modhnú ar rialacha maidir le bearta práinne faoi Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008

De bhun Airteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 féadfaidh Ballstát feidhmiú ceart tráchta a dhiúltú nó a theorannú, nó coinníollacha a fhorchur ar fheidhmiú ceart tráchta chun déileáil le fadhbanna tobanna sealadacha a eascraíonn as imthosca neamh-intuartha agus dosheachanta. Chun a áirithiú go n‑urramaítear leis an ngníomhaíocht sin prionsabail na coimhdeachta, na trédhearcachta, agus critéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha, ba cheart an Coimisiún agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas gan mhoill maidir leis an ngníomhaíocht sin agus údar leordhóthanach léi. Anuas air sin, más amhlaidh go mbíonn na fadhbanna a éilíonn gníomh den sórt sin ann ar feadh breis agus 14 lá, ní mór don Bhallstát an méid sin a chur i bhfios don Choimisiún agus do na Ballstáit eile dá réir agus féadfaidh sé, le comhaontú an Choimisiúin, an gníomh a fhadú ar feadh tréimhsí breise nach faide ná 14 lá.

Is trí bhíthin cinneadh ón gCoimisiún a dheonófar comhaontú an Choimisiúin maidir leis an dara tréimhse 14 lá agus aon tréimhse 14 lá a thiocfaidh ina dhiaidh sin. Ceapadh an fhoráil sin chun aghaidh a thabhairt ar chásanna sealadacha agus is léir cheana féin nach bhfuil sí in oiriúint do phaindéim COVID‑19 a mheastar go mairfidh sí roinnt míonna fós, rud a chuirfeadh ualach neamhriachtanach riaracháin ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún. Is léir nach bhfuil Airteagal 21, a bhfuil feidhm aige maidir le “fadhbanna sealadacha”, in oiriúint don ghéarchéim atá ann faoi láthair.

Dá bhrí sin is gá maolú sealadach ar cheanglais nós imeachta Airteagal 21. Soiléirítear leis an maolú go bhféadfaidh Ballstát beart éigeandála comhréireach a bhfuil údar cuí leis a choinneáil i bhfeidhm ar feadh tréimhse níos faide ná 14 lá – ach beidh sé teoranta le fad rioscaí do shláinte an phobail ar léir go bhfuil baint acu le paindéim COVID‑19. Féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin d’aon Bhallstáit atá i gceist nó ar a thionscnamh féin, an gníomh seo a fhionraí mura dtagann sé le ceanglais mhír 1 d’Airteagal 21 nó má tá sé contrártha do dhlí an Aontais ar bhealach eile. Chuige sin, tá oibleagáid ar na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas maidir le hathruithe ar fhad agus raon feidhme na bearta éigeandála.

1.3.Fad a chur leis an tréimhse ina bhféadfaidh soláthróir seirbhísí láimhseála ar an talamh a oibriú in aerfoirt an Aontais faoi Threoir 96/67/CE 7

Chun déileáil leis an laghdú tobann ar ghníomhaíochtaí, ar laghdú é nach bhfacthas a leithéid cheana, agus chun cuidiú le cuideachtaí láimhseála ar an talamh rochtain a fháil ar na hacmhainní is gá chun a gcostais socraithe a chumhdach sa ghearrthéarma, acmhainní, ó mhí Márta 2020, atá i bhfad níos airde ná a n‑ioncam, tá cuid de na Ballstáit ag déanamh ráthaíocht ar na hiasachtaí a fhéadfaidh na cuideachtaí a iarraidh ar eagraíochtaí baincéireachta chun íosbhonn leachtachta a athbhunú.

Mar sin féin, is é atá i gceist le ráthaíochtaí iasachta bainc scrúdú a dhéanamh ar roinnt critéar chun féachaint le measúnú a dhéanamh ar an gcuideachta atá cur isteach ar an iasacht. Maidir le cuideachtaí atá gníomhach sa mhargadh láimhseála ar an talamh, áfach, i dtaca le roinnt áirithe díobh, nó i dtaca le cuid dá ngníomhaíocht, bíonn siad, de bharr a gcineáil, faoi réir ag réimeas oibríochta nach ráthaítear leis go bhféadfaidís a bheith inbhuanaithe toisc go roghnaítear iad ar feadh thréimhse 7 mbliana le cur i bhfeidhm Airteagal 11(1)(d) de Threoir 96/67/CE.

Dhéanfadh féimheachtaí dochar don earnáil go léir (aerfoirt agus aerlínte) a mhéid is a chuirfidís srian ar an iomaíocht sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma agus chuirfeadh sin isteach ar sheirbhísí láimhseála ar an talamh, rud a dhéanfadh difear don téarnamh freisin. Dá bhrí sin, d’fhonn an tslándáil a cheanglaítear a chur ar fáil do chreidiúnaithe an lucht láimhseála ar an talamh ionas go bhféadfaidh siad iasachtaí a dheonú agus san am céanna féimheacht fhéideartha a sheachaint, foráiltear leis an rialachán atá beartaithe go bhféadfar, de mhaolú ar Airteagal 11(1)(d) de Threoir 96/67/CE, conarthaí soláthróirí a roghnaítear de bhun Airteagal 11(1) de Threoir 96/67/CE a rachaidh in éag idir dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus an 31 Nollaig 2020, go bhféadfar iad a shíneadh go dtí an 31 Nollaig 2021. Leis an síneadh sin ba cheart go dtabharfaí slándáil leordhóthanach do chreidiúnaithe an lucht láimhseála ar an talamh. Ina theannta sin, mar thoradh ar an ngéarchéim, b’fhéidir nach mbeadh seirbhísí láimhseála ar an talamh in ann brabús a dhéanamh a thuilleadh agus b’fhéidir go mbeadh gá ag cuideachtaí bainistíochta na seirbhísí sin a fháil. Ní mór a mheabhrú go bhfuil feidhm ag Treoir 2014/25/AE sna dálaí sin. 8

1.4.Nós imeachta práinneach a thabhairt isteach le haghaidh soláthróirí seirbhíse láimhseála ar an talamh a roghnú le linn ghéarchéim COVID19.

Le hAirteagal 11 (e) de Treoir 96/67/CE, foráiltear, i gcás ina scoireann soláthróir seirbhísí láimhseála ar an talamh dá ghníomhaíocht roimh dheireadh na tréimhse dar roghnaíodh é trí thairiscint a rinneadh i gcomhréir leis an Airteagal sin, go gcuirfear soláthróir eile in áit ar bhonn an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 11(1).

In imthosca ar nós phaindéim COVID‑19, d’fhéadfaí féimheach a dhéanamh de sholáthróir ag aerfoirt nach bhfuil iontu ach líon teoranta soláthróirí seirbhísí láimhseála trí chur i bhfeidhm Airteagail 6(2) agus 9 de Threoir 96/67/CE agus d’fhéadfadh gá a bheith ann soláthróir eile a chur in áit an tsoláthróra a raibh air a ghnó a scor. Foráiltear le hAirteagal 11(2) go bhféadfadh cuideachta bainistíocht an aerfoirt féin seirbhísí láimhseála ar an talamh a chur ar fáil gan pháirt a ghlacadh i bpróiseas tairisceana. Mar sin féin, ní féidir a chumhdach leis sin ach an t-achar ama a theastaíonn chun próiseas tairisceana nua a eagrú, agus ní dócha go bhféadfadh aerfoirt nach gcuireann seirbhísí láimhseála ar an talamh foráil a dhéanamh go pras maidir leis na seirbhísí sin. Tá feidhm ag an teorainn chéanna maidir le haerlínte a dhéanann a gcuid láimhseála ar an talamh féin nach bhfuil láithreacht shuntasach acu ag an aerfort i gceist.

Dá bhrí sin, i gcomhthéacs phaindéim COVID‑19, agus de mhaolú ar Threoir 96/67/CE, má chliseann ar cheann amháin nó níos mó de na soláthróirí láimhseála ar an talamh in aerfort le linn thréimhse phaindéim COVID‑19 agus ar chúiseanna a bhaineann go díreach leis an tionchar atá aici, ceadaítear, leis na forálacha sealadacha atá beartaithe, d’aerfort soláthróir seirbhísí láimhseála ar an talamh a roghnú go díreach gan d’iachall a bheith air nós imeachta roghnúcháin a reáchtáil i gcomhréir le hAirteagal 11(1), ar feadh thréimhse 6 mhí ar a mhéad.

Leis na modhnuithe foráiltear freisin maidir leis an bhféidearthacht ag an gCoimisiún fad a chur leis na tréimhsí ábhartha a ndéanann an gníomh tarmligthe difear dóibh, gníomh ar féidir a ghlacadh faoi nós imeachta práinne.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

2.1.Bunús dlí

Tá an tionscnamh seo bunaithe ar Airteagal 100(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Leis an bhforáil sin ceadaítear gach foráil iomchuí a ghlacadh maidir le haeriompar agus bhí feidhm aici cheana féin mar bhunús le haghaidh Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 agus do Threoir 96/67/CE a ghlacadh.

2.2.Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra a bhaint amach go leordhóthanach i ngeall ar na cúiseanna a leanas. I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha sa dara habairt d’Airteagal 9(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, ní cheadaítear leis an Rialachán sin do Bhallstáit an ceadúnas oibríochta a choimeád, gan ceadúnais shealadacha a chur ar fionraí, a chúlghairm nó a eisiúint. Beidh feidhm aige sin gan beann ar chomhthéacsanna amhail paindéim COVID‑19 agus fiú i gcás nach bhfuil fadhbanna leachtachta ach ina bhfadhbanna sealadacha. A mhéid a bhaineann le srianta tráchta, ní cheadaítear leis an Rialachán bearta nach maireann níos faide ná 14 lá ach amháin faoi údarú ón gCoimisiún le haghaidh gach tréimhse ábhartha. Ní cheadaítear le Treoir 96/67/CE soláthróirí eile a chur in ionad soláthróirí láimhseála ar an talamh ar theip orthu, faoi nós imeachta práinne nó faoi shíneadh na tréimhse ina bhféadfadh soláthróirí seirbhíse láimhseála oibriú. Ní féidir na cuspóirí sin a ghnóthú ach le forálacha sealadacha nua a thabhairt isteach i Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 lena ndéantar foráil maidir le maolú ar Airteagal 11 de Threoir 96/67/CE.

2.3.Comhréireacht

Ní théann an togra thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir a bhaint amach, is é sin tionchar phaindéim reatha COVID‑19 a mhaolú chun críocha Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 agus Threoir 96/67/CE a oibriú. Dá bhrí sin, tá an beart atá beartaithe comhréireach, lena n‑áirítear a mhéid a bhaineann sé le tréimhse theoranta na mbeart sealadach atá beartaithe.

2.4.An rogha ionstraime

D'fhonn an cuspóir lena mbaineann a bhaint amach, ní mór feidhm dhíreach agus ghinearálta a bheith i gceist leis an ionstraim dhlíthiúil. Rialachán is ea an ionstraim iomchuí dlí dá bhrí sin.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

3.1.Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Is beart práinneach é seo a eascraíonn as leathadh phaindéim COVID‑19.

3.2.Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

I bhfianaise phráinne an cháis, ní dhearnadh comhairliúchán foirmiúil le páirtithe leasmhara. Mar sin féin, d'iarr údaráis na mBallstát agus na páirtithe leasmhara araon ar an gCoimisiún togra a ghlacadh le haghaidh bearta iomchuí i gcomhthéacs Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 agus sholáthar seirbhísí láimhseála ar an talamh ag aerfoirt den Aontas de réir bhrí Threoir 93/67/CE.

3.3.Bailiú agus úsáid saineolais

Faoi mar a míníodh cheana, ní raibh bailiú cuí saineolais indéanta mar gheall ar phráinn an cháis. Mar sin féin, tá leas bainte ag an gCoimisiún as taithí a fuarthas trína theagmhálacha le Ballstáit agus le geallsealbhóirí eitlíochta lena n‑áiríodh comhairliúcháin le saineolaithe.

3.4.Measúnú tionchair

I bhfianaise phráinne an cháis, ní dhearnadh measúnú tionchair.

3.5.Cearta bunúsacha

Ní bhaineann le hábhar.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní bhaineann le hábhar.

5.EILIMINTÍ EILE

5.1.Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Ní áirítear sa bheart aon socruithe sonracha faireacháin nó tuairiscithe, ach ba cheart oibleagáid a bheith ar an gCoimisiún forbairt phaindéim COVID‑19 a leanúint mar aon lena tionchar ar aeriompar agus más gá an chumhacht a bheith aige gníomh tarmligthe a ghlacadh lena síneofaí na tréimhsí ama a bhaineann leis an mbeart.

5.2.Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Tá ceithre eilimint sa togra:

(1)Leis na míreanna nua 1a, 1b agus 1c a chur isteach in Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, is féidir le Ballstát, maidir le measúnú arna dhéanamh sa tréimhse ón 1 Márta 2020 go dtí an 31 Nollaig 2020, gan ceadúnas oibríochta aeriompróra a chur ar fionraí nó a chúlghairm fiú mura bhfuil an Ballstát sásta a thuilleadh go bhfuil aeriompróir Comhphobail in ann a oibleagáidí iarbhír agus a oibleagáidí ionchasacha a chomhlíonadh maidir le tréimhse 12 mhí, ar choinníoll nach mbeidh an tsábháilteacht i mbaol agus go bhfuil seans maith ann go ndéanfar atógáil shásúil airgeadais laistigh de 12 mhí. Tráth a mbeidh údar cuí leis, féadfaidh an Coimisiún an tréimhse a shíneadh le gníomh tarmligthe ar féidir a ghlacadh faoi nós imeachta práinne.

(2)Le hAirteagal 21a nua a chur isteach i Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, féadfaidh Ballstáit, ar choinníollacha sonracha, feidhmiú ceart tráchta a dhiúltú nó a theorannú, nó coinníollacha a fhorchur ar fheidhmiú ceart tráchta más gá an beart sin chun paindéim COVID19 a shrianadh le haghaidh na tréimhse ón 1 Márta 2020 go dtí an 31 Nollaig 2020. Tráth a mbeidh údar cuí leis, féadfaidh an Coimisiún an tréimhse a shíneadh le gníomh tarmligthe ar féidir a ghlacadh faoi nós imeachta práinne.

(3)Le Airteagal nua 24a, lena ndéantar Caibidil nua IVa i Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, ceadaítear do na comhlachtaí bainistithe aerfoirt conarthaí soláthróirí seirbhíse láimhseála ar an talamh a shíneadh go dtí an 31 Nollaig 2021, de mhaolú ar Threoir 96/67/CE. Ceadaítear leis don chomhlacht bainistithe aerfoirt seirbhís láimhseála ar an talamh a roghnú go díreach ar feadh tréimhse 6 mhí ar a mhéad. Tráth a mbeidh údar cuí leis, féadfaidh an Coimisiún an tréimhse a shíneadh le gníomh tarmligthe ar féidir a ghlacadh faoi nós imeachta práinne. Tá an t-athrú seo ar raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 léirithe sa leasú ar Airteagal 1(1).

(4)Le hAirteagal nua 25a agus le hAirteagal nua 25b i Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, leagtar síos an nós imeachta maidir le glacadh na ngníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 9(1b), Airteagal 21a(4) agus Airteagal 24a(3), atá beartaithe, de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008.

.

2020/0069 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal i bhfianaise phaindéim COVID‑19

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 9 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 10 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)De dheasca phaindéim COVID19, tá laghdú géar ar an aerthrácht i ngeall ar an titim shuntasach ar an éileamh agus ar bhearta díreacha ar nós dúnadh teorainneacha agus cosc ar aerthrácht atá déanta ag na Ballstáit chomh maith le tríú tíortha chun an phaindéim a shrianadh.

(2)Léiríonn figiúirí atá foilsithe ag Bainisteoir Líonra an Aontais Eorpaigh san Eagraíocht Eorpach um Shábháilteacht na hAerloingseoireachta (‘Eurocontrol’), go raibh titim thart ar 90 % san aerthrácht sa réigiún Eorpach ag deireadh mhí an Mhárta 2020 i gcomparáid le Márta 2019. Tá titim mhór á tuairisciú ag aeriompróirí sna háirithintí atá le teacht agus eitiltí á gcur ar ceal acu i dtréimhsí sceidealaithe gheimhreadh 2019-2020 agus shamhradh 2020 mar thoradh ar an bpaindéim. Mar thoradh ar an laghdú tobann sin ar éileamh agus ar an ráta cealaithe nach bhfacthas riamh cheana, tá fadhb mhór leachtachta ann d’aeriompróirí, fadhb a bhfuil baint dhíreach aici le paindéim COVID19.

(3)Maidir le haeriompróirí de chuid an Aontais, ar aeriompróirí iad a bhí fónta ó thaobh an airgeadais de roimh phaindéim COVID19, tá fadhbanna leachtachta acu a d’fhéadfadh a spreagadh a gceadúnas oibríochta a chur ar fionraí, a chúlghairm nó ceadúnas sealadach a chur ina áit de dheasca na bhfadhbanna seo, gan gá struchtúrach eacnamaíoch a bheith ann. D’fhéadfadh deonú ceadúnais shealadaigh de bhun Airteagal 9(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 11 comhartha diúltach a chur chuig an margadh maidir le cumas aerlíne leanúint dá gnó, rud a chuirfeadh leis na fadhbanna airgeadais a d'fhéadfadh a bheith aici. Ar bhonn an mheasúnaithe a dhéanfar le linn na tréimhse ó mhí an Mhárta 2020 go dtí an 31 Nollaig 2020, is iomchuí, dá bhrí sin, nach ndéanfar ceadúnas oibríochta na noibreoirí sin a chur ar fionraí ná a chúlghairm, ar choinníoll nach mbeidh an tsábháilteacht i mbaol, agus go mbeidh seans maith ann go ndéanfar atógáil shásúil airgeadais laistigh de 12 mhí. Ag deireadh na tréimhse 12 mhí sin, ba cheart an t-aeriompróir de chuid an Aontais a bheith faoi réir an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 9(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008. Ba cheart a thuiscint, ón oibleagáid dá bhforáiltear in Airteagal 9(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 i dtaca leis an gCoimisiún a chur ar an eolas, go bhfuil feidhm aici freisin maidir leis na cinntí a dhéantar gan an ceadúnas oibríochta a chur ar fionraí nó a chúlghairm.

(4)Mar aon le bearta éigeandála a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm i gcás fadhbanna tobanna sealadacha a eascraíonn as imthosca neamh-intuartha dosheachanta, de bhun Airteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit feidhmiú ceart tráchta a dhiúltú nó a theorannú, nó coinníollacha a fhorchur ar fheidhmiú ceart tráchta chun déileáil le fadhbanna a eascraíonn as paindéim COVID19, ar fadhbanna iad a d'fhéadfadh a bheith i gceist ar feadh i bhfad. Ba cheart go nurramófaí leis na bearta éigeandála sin a ghlactar i gcomhthéacs phaindéim COVID19 prionsabail na comhréireachta agus na trédhearcachta agus ba cheart iad a bheith bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha is infheidhme i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008.

(5)In aerfoirt ina bhfuil teorainn ar líon na soláthróirí seirbhísí láimhseála ar an talamh de bhun Airteagal 6(2) agus Airteagal 9 de Threoir 96/67/CE ón gComhairle 12 , féadfar soláthróirí a roghnú ar feadh uastréimhse 7 mbliana. Ar an gcúis sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh deacrachtaí ag soláthróirí a bhfuil an tréimhse sin ag dul in éag dóibh rochtain a bheith acu ar mhaoiniú. Ba cheart, dá bhrí sin, síneadh ama a chur leis an tréimhse sin.

(6)Mar thoradh ar phaindéim COVID19, in aerfoirt ina bhfuil teorainn le líon na soláthróirí seirbhísí láimhseála ar an talamh, féadfaidh soláthróir amháin nó roinnt soláthróirí scor dá seirbhísí a sholáthar ag aerfort ar leith sula bhféadfaí soláthróir nua a roghnú ar bhonn an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 11(1) de Treoir 96/67/CE. Sna himthosca sin, is iomchuí go bhféadfaidh comhlacht bainistíochta an aerfoirt cinneadh a dhéanamh soláthróir seirbhísí láimhseála ar an talamh a roghnú chun na seirbhísí a sholáthar go díreach ar feadh uastréimhse 6 mhí. I gcás inar gá do chomhlacht bainistithe an aerfoirt seirbhísí láimhseála ar an talamh a sholáthar mar thoradh ar phaindéim COVID19 agus inar eintiteas conarthach é de réir bhrí Airteagal 4 de Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 13 , comhlíonfaidh sé Treoir 2014/25/AE.

(7)Is deacair a thuar cé na forbairtí breise a thiocfaidh ar phaindéim COVID19 agus cén tionchar breise a bheidh aici ar an earnáil aeriompair. Ba cheart don Choimisiún anailís leanúnach a dhéanamh ar thionchar phaindéim COVID19 ar an earnáil aeriompair agus ba cheart é a bheith de chumas ag an Aontas síneadh a chur, gan moill mhíchuí, leis an tréimhse ina mbeidh na bearta atá beartaithe faoin Rialachán seo i bhfeidhm dá leanfadh na drochdhálaí ar aghaidh.

(8)Chun síneadh a chur, i gcás inar gá agus ina bhfuil údar cuí leis, leis an tréimhse ar lena linn a fhéadfaidh na húdaráis cheadúnaithe inniúla cinneadh a dhéanamh gan na ceadúnais oibríochta a chur ar fionraí nó a chúlghairm, an tréimhse ar lena linn a fhéadfaidh na Ballstáit coinníollacha maidir le feidhmiú ceart tráchta a dhiúltú, a theorannú nó a fhorchur, agus an tréimhse ar lena linn a fhéadfar síneadh a chur le conarthaí soláthróirí seirbhísí láimhseála ar an talamh agus a bhféadfaidh comhlacht bainistíochta aerfoirt seirbhís láimhseála ar talamh a roghnú go díreach lena linn, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(9)I bhfianaise na práinne atá i gceist leis na cúinsí eisceachtúla atá mar bhonn cirt leis na bearta atá beartaithe, agus go háirithe leis an bpráinn chun glacadh leis na bearta is gá d’fhonn aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna tromchúiseacha atá ag an earnáil faoi láthair, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

(10)I ngeall ar an ráig thobann de phaindéim COVID19 nárbh fhéidir a thuar, agus ar na nósanna imeachta reachtacha ábhartha is gá chun bearta ábhartha a ghlacadh, níorbh fhéidir na bearta sin a ghlacadh in am trátha. Ar an gcúis sin, ba cheart go gcumhdódh forálacha an Rialacháin seo an tréimhse roimh a theacht i bhfeidhm. I bhfianaise chineál na bhforálacha sin, níor cheart go sárófaí ionchais dhlisteanacha na ndaoine lena mbaineann mar thoradh ar chur chuige den sórt sin.

(11)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 a leasú dá réir sin.

(12)I bhfianaise na práinne atá i gceist leis na cúinsí eisceachtúla a thugann bonn cirt do na bearta arna mbunú, is iomchuí foráil a dhéanamh go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm láithreach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán(CE) Uimh. 1008/2008 mar a leanas:

(1)in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. Rialaítear leis an Rialachán seo ceadúnú aeriompróirí Comhphobail, ceart aeriompróirí Comhphobail aersheirbhísí laistigh den Chomhphobal a oibriú, agus praghsáil aersheirbhísí laistigh den Chomhphobal. Leagtar síos leis rialacha sealadacha maidir le soláthar seirbhísí láimhseála ar an talamh ag aerfoirt an Aontais.’

(2)cuirtear mír 1a, mír 1b agus mír 1c le hAirteagal 9 mar a leanas:

‘1a. Féadfaidh an t-údarás ceadúnaithe inniúil a chinneadh roimh dheireadh na tréimhse sin, bunaithe ar mheasúnuithe, arna ndéanamh idir an 1 Márta 2020 agus an 31 Nollaig 2020 dá dtagraítear i mír 1, gan ceadúnas oibríochta iompróra an Aontais a chur ar fionraí nó a chúlghairm ar choinníoll nach mbeidh an tsábháilteacht i mbaol agus gur dóigh go réadúil go ndéanfar atógáil shásúil airgeadais laistigh den 12 mhí ina dhiaidh sin. Déanfaidh sé athbhreithniú ar fheidhmíocht iompróra an Aontais ag deireadh na tréimhse 12 mhí agus cinnfidh sé cé acu an ndéanfar an ceadúnas oibríochta a chur ar fionraí nó a chúlghairm agus deonófar ceadúnas sealadach ar bhonn mhír 1.

1b. I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún ar bhonn sonraí arna bhfoilsiú ag Eurocontrol go bhfuil an laghdú ar leibhéal an aerthráchta ag leanúint ar aghaidh i gcomparáid leis an leibhéal le linn thréimhse chomhfhreagrach na bliana roimhe agus gur dócha go leanfaidh sin ar aghaidh, agus ina bhfaigheann an Coimisiún freisin, ar bhonn na sonraí eolaíochta is fearr atá ar fáil, gur mar thoradh ar thionchar phaindéim COVID‑19 an staid sin, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 25a chun an tréimhse a leasú dá dtagraítear i mír 1a ón 1 Márta 2020 go dtí an 31 Nollaig 2020 dá réir.

1c.    Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar an staid de réir na gcritéar a leagtar amach i mír 1b. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil achomair ar fáil, bunaithe ar an eolas atá ar fáil dó, faoin ábhar seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 15 Samhain 2020. Nuair a chomhlíonfar na critéir dá luaitear i mír 1b, glacfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe dá bhforáiltear i mír 1b a luaithe is féidir.

1d. Más rud é, i gcás ina mbeidh tionchar fada ag paindéim COVID‑19 ar an earnáil aeriompair san Aontas, go n‑éilítear amhlaidh ar mhórfhoras práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 25b maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun an Airteagail seo.’

(3)Cuirtear isteach Airteagal 21a mar a leanas:

“Airteagal 21a

Bearta éigeandála a bhaineann le paindéim COVID‑19

1.D'ainneoin Airteagal 21, maidir leis an tréimhse ón 1 Márta 2020 go dtí an 31 Nollaig 2020, féadfaidh na Ballstáit, gan chomhaontú ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 21(1), feidhmiú ceart tráchta a theorannú nó coinníollacha a fhorchur air más gá an beart sin chun dul i ngleic le paindéim COVID19. Urramóidh an gníomh sin prionsabail na comhréireachta agus na trédhearcachta agus bunófar é ar chritéir oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha.

2.Cuirfidh an Ballstát an gníomh sin, a fhad agus an t-údar leordhóthanach a bheidh leis in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile gan mhoill. Má dhéanann an Ballstát an gníomh sin a mhodhnú, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, cuirfidh an Ballstát sin in iúl don Choimisiún dá réir.

3.Féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin d'aon cheann de na Ballstáit eile atá i gceist, nó ar a thionscnamh féin, an gníomh seo dá dtagraítear i mír 2, a chur ar fionraí mura gcomhlíonann sé na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 nó má tá sé contrártha do dhlí an Aontais ar bhealach eile.

4.I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún, ar bhonn an eolais, na fianaise agus na sonraí eolaíocha is fearr lena ndeimhnítear marthanacht phaindéim COVID19 gur dócha go mbeidh gá le srianta a chur ar fheidhmiú ceart tráchta nó é a theorannú, nó coinníollacha a fhorchur air, tar éis na tréimhse dá dtagraítear i mír 1, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 25a chun leasú a dhéanamh ar an tréimhse sin dá réir.

5.Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar an staid de réir na gcritéar dá dtagraítear i mír 4. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil achomair ar fáil, bunaithe ar an eolas atá ar fáil, faoin ábhar seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 15 Samhain 2020. I gcás inar gá, glacfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 4 a luaithe is féidir.

6.Más rud é, i gcás ina mbeidh tionchar fada ag paindéim COVID19 ar an earnáil aeriompair san Aontas, go néilítear amhlaidh ar mhórfhoras práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 25b maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun an Airteagail seo.’;

(4)cuirtear isteach Caibidil IVa agus Airteagal 24a mar a leanas:

CAIBIDIL IVa

RIALACHA SEALADACHA MAIDIR LE SEIRBHÍSÍ LÁIMHSEÁLA AR AN TALAMH

Airteagal 24 a

1.De mhaolú ar phointe (d) d’Airteagal 11 de Threoir 96/67/CE, féadfaidh comhlacht bainistithe aerfoirt conarthaí a shíneadh go dtí an 31 Nollaig 2021 maidir le soláthróirí láimhseála ar an talamh a roghnaítear ar bhonn an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 11(1) den Treoir sin, conarthaí a rachaidh in éag ón [cuir isteach dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] go dtí an 31 Nollaig 2020.

2.De mhaolú ar phointe (e) d’Airteagal 11 de Threoir 96/67/CE agus gan dochar do Threoir 2014/25/AE, maidir leis an tréimhse ón 1 Márta 2020 go dtí an 31 Nollaig 2020, i gcás ina scoirfidh soláthróir seirbhísí láimhseála ar an talamh a ghníomhaíocht roimh dheireadh na tréimhse dar roghnaíodh é, féadfaidh comhlacht bainistithe an aerfoirt soláthróir seirbhíse láimhseála ar an talamh a roghnú go díreach chun na seirbhísí a sholáthar ar feadh uastréimhse sé mhí nó go dtí an 31 Nollaig 2020, cibé acu is faide.

3.I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún ar bhonn sonraí arna bhfoilsiú ag Eurocontrol go bhfuil an laghdú ar leibhéal an aerthráchta ag leanúint ar aghaidh i gcomparáid leis an leibhéal le linn thréimhse chomhfhreagrach na bliana roimhe agus gur dócha go leanfaidh sé ar aghaidh, gur mar thoradh ar thionchar phaindéim COVID19 an staid sin, agus dá dheasca sin go gcuirtear isteach ar sholáthar seirbhísí láimhseála ar an talamh nó go bhfuil deacrachtaí ag soláthróirí seirbhísí láimhseála ar an talamh ag aerfoirt an Aontais maidir le rochtain a fháil ar mhaoiniú, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 25a chun an tréimhse a leasú dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 dá réir.

4.Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar an staid de réir na gcritéar a leagtar amach i mír 3. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil achomair ar fáil, bunaithe ar an eolas atá ar fáil dó, faoin ábhar seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 15 Samhain 2020. Más gá, glacfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe dá bhforáiltear i mír 3 a luaithe is féidir.

5.Más rud é, i gcás ina mbeidh tionchar fada ag paindéim COVID19 ar an earnáil aeriompair san Aontas Eorpach, go néilítear amhlaidh ar mhórfhoras práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 25b maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun an Airteagail seo.

6.Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar an staid de réir na gcritéar a leagtar amach i mír 3. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil achomair ar fáil, bunaithe ar an eolas atá ar fáil dó, faoin ábhar seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 15 Samhain 2020. Más gá, glacfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe dá bhforáiltear i mír 3.

7.Más rud é, i gcás ina mbeidh tionchar fada ag paindéim COVID19 ar an earnáil aeriompair san Aontas Eorpach, go néilítear amhlaidh ar mhórfhoras práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 4 maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun an Airteagail seo.’

(5)cuirtear isteach Airteagal 25a agus Airteagal 25b mar a leanas:

“Airteagal 25a
An tarmligean a fheidhmiú

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear san Airteagal seo a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse aon bhliain amháin ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 9(1b), Airteagal 21a(4) agus Airteagal 24a(3) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.Sula nglacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe, rachaidh sé i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.A luaithe a ghlacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe, tabharfaidh sé fógra faoi, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun an Airteagail seo i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 25b
Nós imeachta práinne

1.Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu ar choinníoll nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomh tarmligthe a thabharfar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gníomh tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 25a. I gcás den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm láithreach tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh agóid a dhéanamh.’

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Foinse: ATAG – Tairbhe eitlíochta trasteorann 2018
(2)    Foinse: ACI
(3)    Foinse; Eurocontrol
(4)    Foinse: Córais Dhomhanda Dáileacháin
(5)    Foinse: ACI/IATA
(6)    Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal (Athmhúnlú), IO L 293, 31.10.2008, lch. 3.
(7)    Treoir 96/67/CE ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 1996 maidir le rochtain ar an margadh láimhsithe ar talamh ag aerfoirt Chomhphobail, IO L 272, 15.10.1996, lch. 36.
(8)    Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 ar sholáthar trí eintitis a oibríonn sna hearnálacha uisce, fuinnimh, iompair agus poist agus lena n‑aisghairtear Treoir 2004/17/CE, IO L 94, 28.3.2014, lch. 243.
(9)    IO C , , lch. .
(10)    IO C , , lch. .
(11)    Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal (IO L 293, 31.10.2008, lch. 3).
(12)    Treoir 96/67/CE ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 1996 maidir le rochtain ar an margadh láimhsithe ar talamh ag aerfoirt an Chomhphobail (IO L 272, 15.10.1996, lch. 36).
(13)    Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 ar sholáthar trí aonáin a oibríonn sna hearnálacha uisce, fuinnimh, iompair agus poist agus lena n‑aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).