An Bhruiséil,2.4.2020

COM(2020) 172 final

Togra le haghaidh

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an gCorrlach Teagmhais a shlógadh in 2020 chun cabhair éigeandála a sholáthar do na Ballstáit agus breis treisithe a dhéanamh ar an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta/rescEU mar fhreagairt ar an ráig COVID-19


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Le Rialachán (AE, EURATOM) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na mblianta 2014 go 2020 1 (‘Rialachán CAI’), is féidir an Corrlach Teagmhais a shlógadh go dtí suas le 0.03 % den Ollioncam Náisiúnta le go mbeidh AE-28 in ann freagairt ar imthosca gan choinne mar ionstraim na rogha deiridh. I coigeartú teicniúil CAI le haghaidh 2020 2 , bunaithe ar Airteagal 6 de Rialachán CAI, is é EUR 5 096,8 milliún dearbhmhéid an Chorrlaigh Teagmhais a leagtar síos le haghaidh na bliana 2020.

Inniu, chuir an Coimisiún isteach Dréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 2/2020 3 . San áireamh leis, tá méadú iomlán ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas faoi cheannteideal 3 Slándáil agus Saoránacht le haghaidh EUR 3 000,0 milliún chun athghníomhachtú na hIonstraime Tacaíochta Éigeandála laistigh den Aontas a chumhdach chun cuidiú leis na Ballstáit dul i ngleic le hiarmhairtí na ráige COVID-19 agus chun breis treisithe a dhéanamh ar an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta/rescEU ionas gurbh éasca stoc-charnadh forleitheadach a dhéanamh agus comhordú a dhéanamh ar dháileadh acmhainní bunriachtanacha ar fud na hEorpa. Comhlánaíonn an méadú sin treisithe eile a bhain leis an gceannteideal céanna arna mbeartú ag an gCoimisiún sa Dréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 1/2020 4 , is é sin méid foriomlán EUR 423.3 milliún.

I bhfianaise na heaspa spáis le haghaidh ath-slógadh faoi cheannteideal 3 agus i gcomhréir leis an togra, a cuireadh isteach inniu freisin, chun leasú a dhéanamh ar rialachán CAI lena mbaintear amach na srianta i raon feidhme na hionstraime 5 sin, tá beartaithe ag an gCoimisiún, i nDréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 2/2020, an Ionstraim Corrlaigh Aonair a úsáid le haghaidh an mhéid iomlán atá ar fáil faoin ionstraim speisialta sin, is é sin EUR 2 042,4 milliún 6 .

Ina theannta sin, tá togra 7 ag gabháil leis an Dréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 2/2020 chun leasú a dhéanamh ar an gCinneadh (AE) 2020/265 maidir leis an Ionstraim Sholúbthachta a shlógadh in 2020 8 . Fágfaidh an togra seo, togra a chuireann méadú EUR 316,3 milliún leis an méid a beartaíodh a shlógadh, go ndéanfar EUR 1 094,4 milliún a shlógadh san iomlán in 2020, suim a ídeoidh an méid atá ar fáil faoin ionstraim speisialta seo.

Ar deireadh, tá beartaithe ag an gCoimisiún, mar réiteach na rogha deiridh, an Corrlach Teagmhais a shlógadh le haghaidh 2020 ar ráta EUR 714,6 milliún chun leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a mhaoiniú go hiomlán i ndáil le caiteachas faoi cheannteideal 3 i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh le haghaidh na bliana airgeadais 2020, de bhreis ar an uasteorainn ghealltanais.

2.RÉASÚNÚ AN tSLÓGAIDH

2.1.RÉAMHRÁ

Féadfar tacaíocht éigeandála a dhámhachtain faoi Rialachán (AE) 2016/369 má thagann de dheasca scála agus tionchar eisceachtúil na tubaiste sin iarmhairtí daonnúla troma fadtréimhseacha i mBallstát amháin nó níos mó, ach ní fhéadfar an dámhachtain sin a dhéanamh ach amháin in imthosca eisceachtúla nach bhfuil aon ionstraim leordhóthanach eile ar fáil do na Ballstáit agus don Aontas.

I dtaca leis an ngéarshiondróm trom riospráide, coróinvíreas 2 (SARS-CoV-2), agus i dtaca leis an ngalar a bhaineann leis (COVID-19), tuairiscíonn an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS), agus an tuairisc sin arna bunú ar na saintréithe a bhaineann leo, gur éigeandáil sláinte poiblí arb ábhar imní 9 ar leibhéal idirnáisiúnta agus paindéim dhomhanda 10 iad, faoi seach. Is géar agus is fadréimseach iarmhairtí na ráige ar an tsláinte phoiblí cheana féin sna Ballstáit is mó atá buailte léi agus tá na hiarmhairtí sin ag dul in olcas de réir mar a dhéanann an ráig difear mór do na Ballstáit eile.

Rinneadh treisiú ar an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta/rescEU 11 i nDréachtbhuiséid Leasaitheacha Uimh. 1/2020 agus 2/2020, seoladh an Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas chun Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta a shlógadh 12 agus tá ionstraimí eile de chuid an Aontais ag rannchuidiú le haghaidh a thabhairt, ar bhonn páirteach, ar an éigeandáil sláinte poiblí. Mar sin féin, mar gheall ar scála agus raon feidhme an dúshláin seo, is gá aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí daonnúla na ráige ar an tsláinte phoiblí laistigh den Aontas, agus sin a dhéanamh go héifeachtach.

I bhfianaise a bhfuil ráite thuas, tá beartaithe ag an gCoimisiún an ionstraim tacaíochta éigeandála a athghníomhachtú agus a leasú faoi Rialachán (AE) 2016/369 i ndáil leis an ráig COVID-19 13 .

2.2.AN CORRLACH TEAGMHAIS MAR IONSTRAIM NA ROGHA DEIRIDH

In Airteagal 13(1) den Rialachán CAI, sainmhínítear an Corrlach Teagmhais mar ionstraim na rogha deiridh chun freagairt ar imthosca gan choinne. I gcomhréir le pointe 14 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, comhar in ábhair bhuiséadacha agus bainistíocht fhónta airgeadais 14 , tá anailís déanta ag an gCoimisiún féachaint arbh fhéidir méideanna suntasacha a athleithdháileadh laistigh den bhuiséad atá ann cheana. Sa bhuiséad le haghaidh 2020, tá beartaithe ag an gCoimisiún cheana úsáid iomlán a bhaint as an gcorrlach neamh-leithdháilte faoin uasteorainn gealltanas atá faoi cheannteideal 3. Ina theannta sin, slógadh EUR 778,1 milliún ón Ionstraim Sholúbthachta sa bhuiséad arna ghlacadh. Dá bhrí sin, níl dóigh ar bith ar féidir slógadh breise a dhéanamh faoin gceannteideal sin.

Tá sé beartaithe i nDréachtbhuiséid Leasaitheacha Uimh. 1/2020 agus 2/2020 an méid atá fágtha den Ionstraim Sholúbthachta a shlógadh chun EUR 1 094,4 milliún a bhaint amach san iomlán. Tá raon feidhme an Chorrlaigh Fhoriomláin le haghaidh Gealltanas teoranta don fhás agus don fhostaíocht agus don imirce agus don tslándáil agus ní féidir é a shlógadh le haghaidh bearta a bhaineann leis an ráig COVID-19. Dá bhrí sin, inniu bheartaigh an Coimisiún Rialachán CIA a leasú chun deireadh a chur leis an teorannú ar raon feidhme an Chorrlaigh Fhoriomláin le haghaidh Gealltanas 15 agus an méid iomlán atá ar fáil a shlógadh le haghaidh na hIonstraime Tacaíochta Éigeandála agus breis treisithe a dhéanamh ar rescEU trí bhíthin an Dréachtbhuiséid Leasaithigh Uimh. 2/2020. A bhfuil ar fáil san iomlán, faoi láthair, faoin Ionstraim Sholúbthachta agus faoin gCorrlach Teagmhasach, ní leor é chun an méadú ar leithreasuithe gealltanas atá beartaithe a mhaoiniú, is é slógadh an Chorrlaigh Teagmhais le haghaidh 2020 an t-aon ionstraim atá ar fáil – an rogha dheiridh – chun an chuid eile den chaiteachas breise os cionn theorainn cheannteideal 3 a mhaoiniú.

2.3.TIONCHAR BUISÉADACH IMTHOSCA GAN CHOINNE IN 2020

Tá an Coimisiún ag beartú EUR 714,6 milliún a shlógadh tríd an gCorrlach Teagmhais chun na riachtanais bhreise a bhaineann leis an ionstraim tacaíochta éigeandála a athghníomhachtú a chumhdach.

Déanfar freastal ar na leithreasuithe íocaíochta comhfhreagracha faoi bhun uasteorainn 2020 le haghaidh íocaíochtaí (agus ina dhiaidh sin freisin). Ní gá an Corrlach Teagmhais a shlógadh ó thaobh íocaíochtaí de.

3.AN CORRLACH TEAGMHAIS A FHRITHÁIREAMH IN AGHAIDH UASTEORAINNEACHA CAI

Cuireann Airteagal 13(3) den Rialachán CAI ceangal maidir leis na méideanna a chuirfear ar fáil tríd an gCorrlach Teagmhais a shlógadh, is é sin déanfar iad a fhritháireamh go hiomlán i gcoinne na gcorrlach le haghaidh na bliana reatha airgeadais nó le haghaidh na mblianta airgeadais a bheidh ann amach anseo.

De réir Airteagal 13(4) den Rialachán CAI i dtaca leis na méideanna arna bhfritháireamh, ní dhéanfar iad a shlógadh a thuilleadh i gcomhthéacs CAI ionas nach sárófar uasteorainneacha iomlána na leithreasuithe gealltanas agus na leithreasuithe íocaíochta a leagtar síos in CAI le haghaidh na bliana reatha airgeadais nó le haghaidh na mblianta airgeadais amach anseo. Dá réir sin, i dtaca le slógadh an Chorrlaigh Teagmhais le haghaidh leithreasuithe gealltanas in 2020 faoi cheannteideal 3 agus i dtaca leis an bhfritháireamh a ghabhann leis, ní mór dóibh an uasteorainn gealltanais iomlán le haghaidh na bliana 2020 a urramú, is é sin an bhliain dheireanach den tréimhse CAI reatha.

Tá beartaithe ag an gCoimisiún an treisiú atá beartaithe ar chaiteachas faoi cheannteideal 3 a fhritháireamh i gcoinne an chorrlaigh neamh-leithdháilte atá ar fáil faoi uasteorainn chaiteachais cheannteideal 5 Riarachán.

Tar éis an fhritháirimh, bheadh corrlaigh ar luach iomlán EUR 633,7 milliún fágtha faoi uasteorainn chaiteachais na gceannteideal seo a leanas:

·EUR 514,0 milliún faoi cheannteideal 2 (Fás inbhuanaithe: Acmhainní nádúrtha);

·EUR 103,4 milliún faoi cheannteideal 4 (An Eoraip Dhomhanda);

·EUR 16,2 milliún faoi cheannteideal 5 (Riarachán).

Ní bheadh aon chorrlach fágtha faoi na huasteorainneacha eile caiteachais.

D'fhágfadh sin nach mbeadh aon athrach ar an uasteorainn fhoriomlán gealltanas le haghaidh CAI ina iomláine.

4.EILIMINTÍ BREISE

Cuirtear i gcuimhne do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le foilsiú an Chinnidh seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, nach ndéanfaidh sé idirghabháil níos déanaí ná tráth a fhoilseofar an buiséad leasaitheach Uimh. 2/2020, i gcomhréir leis an abairt dheireanach d'Airteagal 13(1) den Rialachán CAI.

Togra le haghaidh

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an gCorrlach Teagmhais a shlógadh in 2020 chun cabhair éigeandála a sholáthar do na Ballstáit agus breis treisithe a dhéanamh ar an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta/rescEU mar fhreagairt ar an ráig COVID-19

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, comhar in ábhair bhuiséadacha agus bainistíocht fhónta airgeadais 16 , agus go háirithe pointe 14 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) Le hAirteagal 13 Rialachán (AE, Euratom) Uimh 1311/2013 17 ón gComhairle, bunaíodh Corrlach Teagmhais suas le 0,03 % d'Ollioncam Náisiúnta an Aontais.

(2) I gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013, tá dearbhmhéid an Chorrlaigh Teagmhais sin le haghaidh 2020 socraithe ag an gCoimisiún sa Teachtaireacht uaidh an 15 Bealtaine 2019 maidir le coigeartú teicniúil ar an gcreat airgeadais le haghaidh 2020 i gcomhréir le gluaiseachtaí in OIN  18 .

(3) Tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar gach féidearthacht airgeadais eile i dtaca le freagairt ar imthosca gan choinne laistigh den uasteorainn chaiteachais le haghaidh 2020 faoi cheannteideal 3 (Slándáil agus saoránacht) a leagtar síos sa chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI). I dtaca le ceannteideal 3 de CAI in 2020, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an Corrlach Foriomlán le haghaidh Gealltanas a chur faoin gceannteideal sin agus i ndáil le méid iomlán EUR 2 392 402 163 agus an Ionstraim Sholúbthachta a shlógadh le haghaidh méid iomlán EUR 1 094 414 188. Mar sin féin, is gá an Corrlach Teagmhais a shlógadh chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais a eascraíonn as an ráig COVID-19 trí na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas faoi cheannteideal 3 de CAI a mhéadú i mbuiséad ginearálta an Aontais le haghaidh na bliana airgeadais 2020, de bhreis ar theorainn an cheannteidil sin, de réir mar atá beartaithe sa dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 2/2020 19 .

(4) Ag féachaint don chás an-sonrach sin, comhlíontar an coinníoll rogha deiridh a leagtar síos in Airteagal 13(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013.

(5) Ba cheart an Cinneadh sin a theacht i bhfeidhm an lá céanna leis an leasú ar bhuiséad 2020 ós rud é go gceadaítear leis an gCorrlach Teagmhais roinnt gníomhaíochtaí a mhaoiniú de bhreis ar an uasteorainn a leagtar síos le haghaidh bhuiséad 2020 in CAI.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I dtaca le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh le haghaidh na bliana airgeadais 2020, déanfar an Corrlach Teagmhais a shlógadh chun suim EUR 714 558 138 a sholáthar i leithreasuithe íocaíochta de bhreis ar an uasteorainn gealltanas faoi theideal 3 (Slándáil agus saoránacht) den creat airgeadais ilbhliantúil.

Airteagal 2

Déanfar an méid EUR 714 558 138 dá dtagraítear in Airteagal 1 a fhritháireamh in aghaidh chorrlach na bliana airgeadais 2020 faoi cheannteideal 5 Riarachán.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    O L347, 20.12.2013, lch.884.
(2)    COM(2019) 310, 15.5.2019.
(3)    COM(2020) 170, 2.4.2020.
(4)    COM(2020) 145, 27.3.2020.
(5)    COM(2020) 174, 2.4.2020.
(6)    Cuirtear san áireamh sa mhéid sin an corrlach a bhí fágtha ó 2019 (EUR 1 316,9 milliún) arna chur ar fáil le haghaidh 2020 sa “Choigeartú teicniúil i leith ionstraim speisialta” arna ghlacadh inniu ag an gCoimisiún (COM(2020) 173, 2.4.2020).
(7)    Bhí togra ag gabháil leis an Dréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 1/2020 chun an cinneadh sin a leasú ach cuirtear an dara togra seo in ionad an togra sin.
(8)    COM(2020) 171, 2.4.2020.
(9)    An 30 Eanáir 2020.
(10)    An 11 Márta 2020.
(11)    Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924).
(12)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha chun infheistíochtaí a shlógadh i gcórais cúraim sláinte na mBallstát agus in earnálacha eile dá ngeilleagair mar fhreagairt ar an ráig COVID-19 [An Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas], COM(2020) 113 final, 13.3.2020.
(13)    COM(2020) 175, 2.4.2020.
(14)    IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.
(15)    COM(2020) 174, 2.4.2020.
(16)    IO L 373, 20.12.2013, lch. 1.
(17)    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na mblianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).
(18)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa an 15 Bealtaine 2019 maidir le gcoigeartú teicniúil ar an gcreat airgeadais le haghaidh 2020 i gcomhréir le gluaiseachtaí in OIN (COM(2019) 310).
(19)    COM(2020) 170, 2.4.2020.