An Bhruiséil,24.4.2020

COM(2020) 157 final

2020/0063(NLE)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1388/2013 lena n
x001e
osclaítear bainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí talmhaíochta agus tionsclaíocha áirithe agus lena bhforáiltear maidir leis an mbainistiú sin


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Tá gá le taraif-chuótaí uathrialaitheacha le haghaidh táirgí áirithe i gcás nach leor an táirgeacht san Aontas le freastal ar riachtanais thionscail an úsáideoirí. Ba cheart taraif-chuótaí an Aontais a oscailt ag nialas nó ag rátaí laghdaithe dleachta le haghaidh méideanna iomchuí, gan na margaí do tháirgí den sórt sin a shuaitheadh.

An 17 Nollaig 2013 ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh Rialachán (AE) Uimh. 1388/2013 lena n‑osclaítear bainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí talmhaíochta agus tionsclaíocha áirithe agus lena bhforáiltear maidir leis an mbainistiú sin chun go bhféadfaí freastal ar éileamh an Aontais le haghaidh na dtáirgí i gceist faoi na coinníollacha is fabhraí.

Déantar an Rialachán a thabhairt cothrom le dáta gach sé mhí chun freastal ar riachtanais thionscal an Aontais. Tá athbhreithniú déanta ag an gCoimisiún, le cúnamh ó Ghrúpa na gCeisteanna Taraife Eacnamaíocha, ar gach iarraidh ó na Ballstáit le haghaidh dleachtanna ar tharaif-chuótaí uathrialaitheacha.

Tar éis an athbhreithnithe sin, measann an Coimisiún go bhfuil bonn cirt le taraif-chuótaí uathrialaitheacha a oscailt i gcás táirgí nua áirithe, ar táirgí iad nach liostaítear faoi láthair san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1388/2013 ón gComhairle. I ndáil le roinnt táirgí eile, ní mór an fhoclaíocht atá in úsáid sa tuairisc a athrú, ba cheart cóid TARIC nua a shannadh, nó bhí gá le méid an chuóta tosaigh a mhéadú, agus sin a dhéanamh go cúlghabhálach freisin. Táirgí a bhfuil taraif-chuóta ag gabháil leo nach bhfuil chun leas eacnamaíoch an Aontais níos mó, ba cheart iad a tharraingt siar.

Ar mhaithe leis an tsoiléire, moltar leagan comhdhlúite den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1388/2013 ón gComhairle a fhoilsiú, iarscríbhinn a chuirfear in ionad na hIarscríbhinne roimhe sin ina hiomláine.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Níl tionchar ag an togra seo ar thíortha a bhfuil comhaontú um thrádáil fhabhrach acu leis an Aontas ná ar thíortha is iarrthóirí nó ar iarrthóirí ionchasacha i ndáil le comhaontuithe fabhracha leis an Aontas (e.g. Córas Ginearálaithe um Fhabhair; an córas grúp-thrádála san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin; Comhaontuithe Saorthrádála).

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra i gcomhréir le beartais an Aontais maidir leis an talmhaíocht, an trádáil, an fhiontraíocht, an fhorbairt, an comhshaol agus an caidreamh seachtrach.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 31 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) bunús dlí an togra seo.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Tagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais. Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.

Comhréireacht

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta. Mar shonraítear i dteachtaireacht ón gCoimisiún maidir le fionraíochtaí agus cuótaí taraifí uathrialaitheacha, tá na bearta a bheartaítear i gcomhréir leis na prionsabail maidir le nósanna imeachta a shimpliú le haghaidh oibreoirí atá i mbun trádáil eachtrach 1 . Ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí arna saothrú a ghnóthú, i gcomhréir le hAirteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE).

An rogha ionstraime

De bhua Airteagal 31 de CFRE, “Déanfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, dleachtanna na Comhtharaife Custaim a shocrú”. Dá bhrí sin, Rialachán ón gComhairle an ionstraim iomchuí sa chás seo.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Bhí an scéim um tharaif-chuótaí uathrialaitheacha mar chuid de staidéar meastóireachta maidir le fionraíochtaí taraife uathrialaitheacha a rinneadh in 2013 2 .

Is é is cúis leis sin go bhfuil cosúlachtaí idir an dá bheart, seachas go gcuireann taraif-chuótaí teorainn le méideanna allmhairí. Is é an chonclúid a bhí ag an meastóireacht go bhfuil an bhunréasúnaíocht atá ann don scéim fós bailí. D’fhéadfadh gur shuntasach iad na coigiltis ar chostais a bheidh ann do ghnólachtaí an Aontais a bhíonn ag allmhairiú earraí faoin scéim. Ar an mbonn céanna, d’fhéadfadh tairbhí níos ginearálta a bheith leis na coigiltis sin, de réir an táirge, na cuideachta agus na hearnála, amhail borradh a chur faoin iomaíochas, modhanna táirgthe a dhéanamh níos éifeachtúla agus poist a chruthú nó a choimeád san Aontas. Is féidir teacht ar na mionsonraí maidir le coigiltis an rialacháin seo sa ráiteas airgeadais reachtach a ghabhann leis seo.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Grúpa na gCeisteanna Taraife Eacnamaíocha, grúpa atá comhdhéanta de thoscaireachtaí ó gach Ballstát agus ón Tuirc, thug sé cúnamh don Choimisiún chun an togra seo a mheas. Bhuail an grúpa le chéile trí huaire sular tháinig sé ar chomhaontú faoi na hathruithe a rinneadh ar an togra seo.

Rinne sé measúnú cúramach ar gach iarraidh (iarraidh nua nó iarraidh le haghaidh leasú). Rinne sé scrúdú faoi leith ar gach cás chun a áirithiú nach raibh aon dochar á dhéanamh do tháirgeoirí an Aontais agus go raibh sé ag neartú agus ag daingniú iomaíochas táirgthe an Aontais. Is trí bhíthin comhphlé a rinne baill Ghrúpa na gCeisteanna Taraife Eacnamaíocha an measúnú agus chuaigh na Ballstáit i gcomhairle leis na tionscail, leis na comhlachais, leis na comhlachais tráchtála agus leis na páirtithe leasmhara rannpháirteacha eile lena mbaineann.

Na taraif-chuótaí uile a liostaítear bhí siad mar ábhar do na comhaontuithe nó do na comhréitithe a baineadh amach le linn chomhphléití Grúpa na gCeisteanna Taraife Eacnamaíocha. Níor luadh aon riosca tromchúiseach ionchasach a mbeadh iarmhairtí do-athraithe aige.

Measúnú tionchair

Is leasú de chineál teicniúil é an leasú atá á bheartú, agus é sin amháin, agus ní bhaineann sé ach le cumhdach na dtaraif-chuótaí a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1388/2013. Dá bhrí sin, ní dhearnadh aon mheasúnú tionchair le haghaidh an togra seo.

Cearta bunúsacha

Níl aon iarmhairt ag an togra ar chearta bhunúsacha.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra seo ar chaiteachas ach beidh tionchar airgeadais aige ar ioncam. Is fiú thart ar EUR 1.4 milliún in aghaidh na bliana na dleachtanna custaim nach mbailítear. Is fiú EUR 1.1 milliún in aghaidh na bliana an éifeacht ar acmhainní dílse traidisiúnta an bhuiséid (i.e. 80 % den iomlán). Leis an ráiteas airgeadais reachtach leagtar amach ar bhealach níos mionsonraithe impleachtaí buiséadacha an togra.

Is trí bhíthin ollioncam náisiúnta (OIN) na mBallstát, agus é bunaithe ar ranníocaíochtaí acmhainní dílse, a chúiteofar caillteanas ioncaim in acmhainní dílse traidisiúnta.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Na bearta a mholtar tá siad á mbainistiú laistigh de chreat Tharaif Chomhtháite an Aontais Eorpaigh (TARIC) agus tá siad á gcur i bhfeidhm ag riaracháin chustaim na mBallstát.

2020/0063 (NLE)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1388/2013 lena n‑osclaítear bainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí talmhaíochta agus tionsclaíocha áirithe agus lena bhforáiltear maidir leis an mbainistiú sin

COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 31 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Chun soláthar leordhóthanach gan bhriseadh táirgí áirithe talmhaíochta agus tionsclaíocha a áirithiú, ar táirgí iad nach dtáirgtear cainníocht leordhóthanach díobh san Aontas, agus dá bhrí sin chun aon suaitheadh sa mhargadh i gcás na dtáirgí sin a sheachaint, osclaíodh taraif-chuótaí uathrialaitheacha le Rialachán (AE) Uimh. 1388/2013 3 . Laistigh de na taraif-chuótaí sin, féadfar táirgí a allmhairiú isteach san Aontas ag rátaí laghdaithe dleachta nó ag rátaí nialasacha dleachta.

(2)Ó tharla gur chun leas an Aontais é soláthar leordhóthanach táirgí tionsclaíocha áirithe a áirithiú agus ós rud é nach ndéantar cainníochtaí leordhóthanacha de tháirgí comhionanna, coibhéiseacha ná ionadacha a tháirgeadh laistigh den Aontas, is gá taraif-chuótaí nua a oscailt agus na huimhreacha ordaithe 09.2580, 09.2581 agus 09.2583 acu ag rátaí nialasacha dleachta le haghaidh cainníochtaí iomchuí na dtáirgí sin.

(3)Ó tharla gur chun leas an Aontais é soláthar leordhóthanach táirgí tionsclaíocha áirithe a áirithiú ba cheart méideanna taraif-chuótaí agus na huimhreacha ordaithe 09.2634 agus 09.2668 acu a mhéadú.

(4)Toisc nach leordhóthanach a thuilleadh raon feidhme an taraif-cuóta a bhfuil uimhir ordaithe 09.2652 aige chun freastal ar riachtanais oibreoirí eacnamaíocha laistigh den Aontas, ba cheart tuairisc an táirge seo a chumhdaítear leis an gcuóta sin a leasú.

(5)I gcás taraif-cuóta a bhfuil huimhir ordaithe 09.2588 aige, ba cheart síneadh ama go dtí an 31 Nollaig 2020 a chur le tréimhse an chuóta de bharr nach raibh an taraif-chuóta ar oscailt ach ar feadh tréimhse sé mhí agus go bhfuil sé fós chun leas an Aontais é a choinneáil ar bun.

(6)Na substaintí Sulfáit Démheitile (CAS RN 77-78-1) nach lú ná 99 % a híonacht, 2-Meitiolanailín (CAS RN 95-53-4) ag a bhfuil íonacht atá cothrom le 99 % nó níos mó ná sin de réir meáchain agus 4,4’-Meatáindé-ildé-anailín (CAS RN 101-77-9) ag a bhfuil íonacht atá cothrom le 97 % nó níos mó ná sin de réir meáchain, cuirtear san áireamh iad ar an liosta iarrthóirí dá dtagraítear in Airteagal 59 de Rialachán (AE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 4 agus cuirtear an tsubstaint le CAS RN 101-77-9 san áireamh le hIarscríbhinn XIV a ghabhann leis an Rialachán sin. Ar an mbonn sin, déanfar taraif-chuótaí atá ann cheana le haghaidh táirgí den sórt sin a dhúnadh de réir a chéile agus beidh feidhm ag aon taraif-chuóta a osclófar as an nua ar feadh tréimhse theoranta. Dá bhrí sin, na taraif-chuótaí a bhfuil uimhreacha ordaithe 09.2648 agus 09.2730 acu ba cheart feidhm a bheith acu go dtí an 31 Nollaig 2020 agus ráta caighdeánach dleachta 2 % a bheith acu. Ina theannta sin, dúnfar taraif-chuótaí a bhfuil uimhir ordaithe 09.2590 acu agus ba cheart taraif-chuóta nua a bhfuil uimhir ordaithe 09.2582 aige a oscailt go dtí an 31 Nollaig 2020 a mbeidh ráta caighdeánach dleachta 2 % aige.

(7)Agus na leasuithe atá le déanamh á gcur san áireamh agus ar mhaithe leis an tsoiléire, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh 1388/2013 a ionadú.

(8)Chun nach gcuirfear isteach ar chur i bhfeidhm scéim na dtaraif-chuótaí agus chun na treoirlínte a leagtar amach i dTeachtaireacht ón gCoimisiún maidir le fionraíochtaí agus cuótaí taraifí uathrialaitheacha 5 a chomhlíonadh, ba cheart na hathruithe dá bhforáiltear leis an Rialachán seo maidir le taraif-chuótaí le haghaidh na dtáirgí lena mbaineann a chur i bhfeidhm ón 1 Iúil 2020. Ba cheart an Rialachán seo a thabhairt i bhfeidhm ar bhonn práinne,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1388/2013 mar a leanas:

   

Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1388/2013.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 1 ón 1 Iúil 2020.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.    AINM AN TOGRA:

Rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1388/2013 lena n‑osclaítear bainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí talmhaíochta agus tionsclaíocha áirithe agus lena bhforáiltear maidir leis an mbainistiú sin

2.    LÍNTE BUISÉID

Caibidil agus Airteagal:
Caibidil 12 agus Airteagal 120 – Dualgais chustaim agus dualgais eile dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 2(1) de Chinneadh 2014/335/AE, Euratom;

An méid arna bhuiséadú don bhliain 2020 (EUR 22 156 900 000)

3.    TIONCHAR AIRGEADAIS

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra

X    Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra seo ar chaiteachas ach beidh tionchar airgeadais aige ar ioncam. Is mar seo a leanas a bheidh an éifeacht:

(EUR milliúin go dtí an chéad deachúil)

Líne bhuiséid

Ioncam 6

Tréimhse 6 mhí dar tús ll/mm/bbbb

[Bliain: An dara leath de 2020]

Airteagal 120

Tionchar ar acmhainní dílse

01/07/2020

-0,5

Tá trí tháirge nua san iarscríbhinn. Na dleachtanna neamhbhailithe a fhreagraíonn do na taraif cuótaí sin, arna ríomh ar bhonn réamh-mheastacháin an Bhallstáit iarrthaigh le haghaidh 2020, is fiú EUR 1 554 954 in aghaidh na bliana iad.

Rinneadh an ráta nialasach dleachta le haghaidh trí chuóta atá ann cheana a mhéadú go 2 %. Is ionann sin agus méadú EUR 182 864 in aghaidh na bliana i gcás bailiú dleachtanna, mar a mheastar ar bhonn staitisticí 2019.

Ar bhonn an mhéid atá thuas, meastar gurb é EUR 1 554 954 – 182 864 = EUR 1 372 090 (an méid comhlán, lena n‑áirítear costais bhailithe) x 0,8 = EUR 1 097 672 in aghaidh na bliana (glanmhéid) an tionchar a bheidh ar an gcaillteanas ioncaim do bhuiséad an Aontais a eascróidh as an Rialachán seo.

4.    BEARTA FRITHCHALAOISE

Déanfar seiceálacha ar úsáid deiridh roinnt de na táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán seo ón gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 254 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos forálacha maidir le Cód Custaim an Aontais.

(1)    IO C 363, 13.12.2011, lch. 6.
(2)     http://ec.europa.eu/taxation_customs/common/publications/studies/index_en.htm
(3)    Rialachán (AE) Uimh. 1388/2013 an 17 Nollaig 2013 ón gComhairle lena n‑osclaítear bainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí talmhaíochta agus tionsclaíocha áirithe agus lena bhforáiltear maidir leis an mbainistiú sin, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 7/2010 (IO L 354, 28.12.2013, lch. 319).
(4)    Rialachán (AE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú, agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).
(5)     IO C 363, 13.12.2011, lch. 6 .
(6)    I gcás acmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna custaim, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna    (i.e. méideanna comhlána agus 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu).

An Bhruiséil,24.4.2020

COM(2020) 157 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1388/2013 lena n‑osclaítear bainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí talmhaíochta agus tionsclaíocha áirithe agus lena bhforáiltear maidir leis an mbainistiú sin


‘IARSCRÍBHINN

Uimhir ordaithe

Cód CN

TARIC

Tuairisc

Tréimhse an chuóta

Méid an chuóta

Dleacht an chuóta (%)

09.2637

ex 0710 40 00

ex 2005 80 00

20

30

Diasa arbhair (Zea mays var. saccharata), bídís gearrtha nó ná bídís, atá 10 mm nó níos mó, ach nach bhfuil níos mó ná 20 mm, ar trastomhas, atá lena núsáid i monarú táirgí de chuid thionscal an bhia atá lena gcóireáil ar shlí seachas trí athphacáil amháin

 (1)(2)(3)

1.1.-31.12.

550 tonnes

0 % (3)

09.2849

ex 0710 80 69

10

Beacáin den speiceas Auricularia polytricha (iad neamhchócaráilte nó cócaráilte trína ngalbhruith nó trína mbruith), iad reoite, le haghaidh monarú béilí réamhullmhaithe

 (1)(2)

1.1.-31.12.

700 tonnes

0 %

09.2664

ex 2008 60 39

30

Silíní milse a bhfuil biotáille bhreise curtha leo, ina bhfuil cion siúcra nach mó ná 9 % de réir meáchain, nach bhfuil níos mó ná 19,9 mm ar trastomhas, ina bhfuil clocha, agus atá lena núsáid i dtáirgí seacláide

 (2)

1.1.-31.12.

1 000 tonnes

10 %

09.2740

ex 2309 90 31

87

Tiúchán próitéine pónairí soighe ina bhfuil, de réir meáchain: 

60 % (± 10 %) amhphróitéin, 

5 % (± 3 %) amhshnáithín, 

5 % (± 3 %) amhluaith, agus

3 % nó níos mó ach méid nach mó ná 6,9 % stáirse,

atá lena núsáid i monarú táirgí beatha ainmhithe

 (2)

1.1.-31.12.

30 000 tonnes

0 %

09.2913

ex 2401 10 35

ex 2401 10 70

ex 2401 10 95

ex 2401 10 95

ex 2401 10 95

ex 2401 20 35

ex 2401 20 70

ex 2401 20 95

ex 2401 20 95

ex 2401 20 95

91

10

11

21

91

91

10

11

21

91

Tobac nádúrtha neamh-mhonaraithe, bíodh sé gearrtha de réir gnáthmhéid nó ná bíodh, ag a bhfuil luach custaim nach lú ná EUR 450 in aghaidh an 100 kg de ghlanmheáchan, atá lena úsáid mar cheanglóir nó mar chumhdach le haghaidh monarú táirgí atá faoi fho-cheannteideal 2402 10 00

 (2)

1.1.-31.12.

6 000 tonnes

0 %

09.2587

ex 2710 19 81

ex 2710 19 99

20

40

Bonn-ola atá hidrea-isiméirithe agus díchiartha go catalaíoch ó hidreacarbóin shár-iseapairifíneacha, ina bhfuil:

90 % nó níos mó sáitheáin de réir meáchain, agus

méid nach mó ná 0,03 % sulfar de réir meáchain,

agus ag a bhfuil

innéacs slaodachta atá cothrom le 80 nó níos mó ná sin, ach gan bheith níos mó ná 120, agus

slaodacht chinéimiteach atá cothrom le 5,0 cSt ag 100 °C nó níos mó ná sin, ach gan bheith níos mó ná 13,0 cSt ag 100 °C

1.7.-31.12.

200 000 tonnes

0 %

09.2828

2712 20 90

Céir phairifín ina bhfuil níos lú ná 0,75 % ola de réir meáchain

1.4.-31.10.

60 000 tonnes

0 %

09.2600

ex 2712 90 39

10

Céir ola (CAS RN 64742-61-6)

1.1.-31.12.

100 000 tonnes

0 %

09.2928

ex 2811 22 00

40

Líonach silice i bhfoirm gráinníní ag a bhfuil íonacht dé-ocsaíde sileacain atá cothrom le 97 % nó níos mó ná sin de réir meáchain

1.1.-31.12.

1 700 tonnes

0 %

09.2806

ex 2825 90 40

30

Trí-ocsaíd tungstain, lena náirítear ocsaíd ghorm tungstain (CAS RN 1314-35-8 nó CAS RN 39318-18-8)

1.1.-31.12.

12 000 tonnes

0 %

09.2872

ex 2833 29 80

40

Sulfáit chaeisiam (CAS RN 10294-54-9) i bhfoirm sholadach nó ina tuaslagán uiscí ina bhfuil 48 % nó níos mó ach méid nach mó ná 52 % sulfáit chaeisiam

1.1.-31.12.

200 tonnes

0 %

09.2837

ex 2903 79 30

20

Brómaclóraimeatán (CAS RN 74-97-5)

1.1.-31.12.

600 tonnes

0 %

09.2933

ex 2903 99 80

30

1,3-Déchlóraibeinséin (CAS RN 541-73-1)

1.1.-31.12.

2 600 tonnes

0 %

09.2700

ex 2905 12 00

10

Própán-1-ól (alcól próipile) (CAS RN 71-23-8)

1.1.-31.12.

15 000 tonnes

0 %

09.2830

ex 2906 19 00

40

Cioglapróipilmeatanól (CAS RN 2516-33-8)

1.1.-31.12.

20 tonnes

0 %

09.2851

ex 2907 12 00

10

O-créasól (CAS RN 95-48-7) ag a bhfuil íonacht nach lú ná 98,5 % de réir meáchain

1.1.-31.12.

20 000 tonnes

0 %

09.2704

ex 2909 49 80

20

2,2,2',2'-Teitricis(hiodrocsaimeitiol)-3,3'-ocsaidéphrópán-1-ól (CAS RN 126-58-9)

1.1.-31.12.

500 tonnes

0 %

09.2624

2912 42 00

Eitiolfanailin (3-eatocsai-4-hiodrocsaibeansaildéad) (CAS RN 121-32-4)

1.1.-31.12.

1 950 tonnes

0 %

09.2683

ex 2914 19 90

50

Aicéitiolaicéatónáit chailciam (CAS RN 19372-44-2) atá lena húsáid i monarú córas cobhsaitheoirí i bhfoirm taibléid

 (2)

1.1.-31.12.

200 tonnes

0 %

09.2852

ex 2914 29 00

60

Cioglapróipilmeitilcéatón (CAS RN 765-43-5)

1.1.-31.12.

300 tonnes

0 %

09.2638

ex 2915 21 00

10

Aigéad aicéiteach (CAS RN 64-19-7) ag a bhfuil íonacht atá cothrom le 99 % nó níos mó ná sin de réir meáchain

1.1.-31.12.

1 000 000 tonnes

0 %

09.2972

2915 24 00

Ainhidríd aicéiteach (CAS RN 108-24-7)

1.1.-31.12.

50 000 tonnes

0 %

09.2679

2915 32 00

Aicéatáit vinile (CAS RN 108-05-4)

1.1.-31.12.

400 000 tonnes

0 %

09.2728

ex 2915 90 70

85

Trífhluaraicéatáit eitile (CAS RN 383-63-1)

1.1.-31.12.

400 tonnes

0 %

09.2665

ex 2916 19 95

30

(E,E)-heicsi-2,4-dé-eanóáit photaisiam (CAS RN 24634-61-5)

1.1.-31.12.

8 250 tonnes

0 %

09.2684

ex 2916 39 90

28

Clóiríd 2,5-démheitilfeiniolaicéitile (CAS RN 55312-97-5)

1.1.-31.12.

400 tonnes

0 %

09.2599

ex 2917 11 00

40

Ocsaláit dé-eitile (CAS RN 95-92-1)

1.1.-31.12.

500 tonnes

0 %

09.2769

ex 2917 13 90

10

Seabacáit dé-mheitile (CAS RN 106-79-6)

1.1.-31.12.

1 000 tonnes

0 %

09.2634

ex 2917 19 80

40

Aigéad dóideacáindé-óch (CAS RN 693-23-2) ar mó ná 98,5 % a íonacht de réir meáchain

1.7.-31.12.

4 000 tonnes

0 %

09.2808

ex 2918 22 00

10

Aigéad O-aicéitiolsalaicileach (CAS RN 50-78-2)

1.1.-31.12.

120 tonnes

0 %

09.2646

ex 2918 29 00

75

3-(3,5-déthreasbhúitil-4-hiodrocsaifeiniol)próipianáit ochtaideicile (CAS RN 2082-79-3) s:

ar mó ná 99 % de réir meáchain an ráta ar dá réir a théann sí trí chriathar arb é 500 μm leithead a mhogaill, agus

a bhfuil a leáphointe cothrom le 49 °C nó níos mó ná sin, ach gan bheith níos mó ná 54 °C,

atá lena húsáid i monarú cobhsaitheoirí aon phaca ar meascáin púdar (púdair nó gráinníní) is bonn dóibh le haghaidh próiseáil PVC

 (2)

1.1.-31.12.

380 tonnes

0 %

09.2647

ex 2918 29 00

80

Teitricis(3-(3,5-déthreasbhúitil-4-hiodrocsaifeiniol)próipianáit) peinteiritríotóil (CAS RN 6683-19-8):

ar mó ná 75 % de réir meáchain an ráta ar dá réir a théann sí trí chriathar arb é 250 μm leithead a mhogaill, agus ar mó ná 99 % de réir meáchain an ráta ar dá réir a théann sí trí chriathar arb é 500 μm leithead a mhogaill, agus

a bhfuil a leáphointe cothrom le 110 °C nó níos mó ná sin, ach gan bheith níos mó ná 125 °C,

atá lena húsáid i monarú cobhsaitheoirí aon phaca ar meascáin púdar (púdair nó gráinníní) is bonn dóibh le haghaidh próiseáil PVC

 (2)

1.1.-31.12.

140 tonnes

0 %

09.2975

ex 2918 30 00

10

Dé-ainhidríd bheinseafeanóin-3,3’,4,4’-teitreacarbocsaileach (CAS RN 2421-28-5)

1.1.-31.12.

1 000 tonnes

0 %

09.2688

ex 2920 29 00

70

Foisfít tris(2,4-déthreasbhúitilfeinile) (CAS RN 31570-04-4)

1.1.-31.12.

6 000 tonnes

0 %

09.2648

ex 2920 90 10

75

Sulfáit démheitile (CAS RN 77-78-1) nach lú ná 99 % a híonacht

1.7.-31.12.

9 000 tonnes

2 %

09.2598

ex 2921 19 99

75

Ochtaideiciolaimín (CAS RN 124-30-1)

1.1.-31.12.

400 tonnes

0 %

09.2649

ex 2921 29 00

60

Bis(2-démheitiolaimíneitil)(meitiol)aimín (CAS RN 3030-47-5)

1.1.-31.12.

1 700 tonnes

0 %

09.2682

ex 2921 41 00

10

Anailín (CAS RN 62-53-3) ag a bhfuil íonacht atá cothrom le 99 % nó níos mó ná sin de réir meáchain

1.1.-31.12.

150 000 tonnes

0 %

09.2617

ex 2921 42 00

89

4-Fluarai-N-(1-meitileitil)beinséanaimín (CAS RN 70441-63-3)

1.1.-31.12.

500 tonnes

0 %

09.2582

ex 2921 43 00

80

2-Meitiolanailín (CAS RN 95-53-4) nach lú ná 99 % a íonacht

1.7.-31.12.

1 999 tonnes

2 %

09.2602

ex 2921 51 19

10

o-feiniléindé-aimín (CAS RN 95-54-5)

1.1.-31.12.

1 800 tonnes

0 %

09.2730

ex 2921 59 90

85

4,4'-Meatáindé-ildé-anailín (CAS RN 101-77-9) nach lú ná 97 % a íonacht de réir meáchain, i bhfoirm gráinníní, lena úsáid i monarú réamhpholaiméirí

 (2)

1.7.-31.12.

100 tonnes

2 %

09.2591

ex 2922 41 00

10

Hidreaclóiríd L-lísín (CAS RN 657-27-2)

1.1.-31.12.

445 000 tonnes

0 %

09.2592

ex 2922 50 00

25

L-Tréóinín (CAS RN 72-19-5)

1.1.-31.12.

166 000 tonnes

0 %

09.2854

ex 2924 19 00

85

N-búitiolcarbamáit 3-iadapróip-2-inile (CAS RN 55406-53-6)

1.1.-31.12.

250 tonnes

0 %

09.2874

ex 2924 29 70

87

Paraicéiteamól (CAS RN 103-90-2)

1.1.-31.12.

20 000 tonnes

0 %

09.2583

ex 2926 10 00

20

Aicrilinítríl (CAS RN 107-13-1), lena húsáid i monarú earraí atá faoi Chaibidil 55 agus faoi cheannteideal 6815

 (2)

1.7.-31.12.

20 000 tonnes

0 %

09.2742

ex 2926 10 00

10

Aicrilinítríl (CAS RN 107-13-1), lena húsáid i monarú earraí atá faoi cheannteidil 2921, 2924, 3906 agus 4002

 (2)

1.1.-31.12.

60 000 tonnes

0 %

09.2856

ex 2926 90 70

84

2-Nítri-4-(trífhluaraimeitil)beinsinítríl (CAS RN 778-94-9)

1.1.-31.12.

900 tonnes

0 %

09.2708

ex 2928 00 90

15

Monaimeitilhiodraisín (CAS 60-34-4) ina thuaslagán uiscí inarb é 40 (± 5) % an cion monaimeitilhiodraisín de réir meáchain

1.1.-31.12.

900 tonnes

0 %

09.2581

ex 2929 10 00

25

Dé-isicianáit 1,5-naiftiléin (CAS RN 3173-72-6) nach lú ná 90 % a híonacht

1.7.-31.12.

205 tonnes

0 %

09.2685

ex 2929 90 00

30

Nítreaguainidín (CAS RN 556-88-7)

1.1.-31.12.

6 500 tonnes

0 %

09.2597

ex 2930 90 98

94

Bis[3-(trí-eatocsaisiliol)próipil]déshuilfíd (CAS RN 56706-10-6)

1.1.-31.12.

6 000 tonnes

0 %

09.2596

ex 2930 90 98

96

Aigéad beansóch 2-clórai-4-(meitiolsulfóinil)-3-((2,2,2-trífhluarifluaireatocsai)meitile) (CAS RN 120100-77-8)

1.1.-31.12.

300 tonnes

0 %

09.2580

ex 2931 90 00

75

Heicsideiciltrímheatocsaisiolán (CAS RN 16415-12-6) nach lú ná 95 % a íonacht de réir meáchain lena úsáid i monarú poileitiléine

 (2)

1.7.-31.12.

83 tonnes

0 %

09.2842

2932 12 00

2-Fúraildéad (fúrfúraildéad)

1.1.-31.12.

10 000 tonnes

0 %

09.2955

ex 2932 19 00

60

Fluartamón (ISO) (CAS RN 96525-23-4)

1.1.-31.12.

300 tonnes

0 %

09.2696

ex 2932 20 90

25

Deacán-5-óilíd (CAS RN 705-86-2)

1.1.-31.12.

6 000 kilograms

0 %

09.2697

ex 2932 20 90

30

Dóideacán-5-óilíd (CAS RN 713-95-1)

1.1.-31.12.

6 000 kilograms

0 %

09.2812

ex 2932 20 90

77

Heacsán-6-óilíd (CAS RN 502-44-3)

1.1.-31.12.

4 000 tonnes

0 %

09.2858

2932 93 00

Pipearóinil (CAS RN 120-57-0)

1.1.-31.12.

220 tonnes

0 %

09.2673

ex 2933 39 99

43

2,2,6,6-Teitrimeitilpipiridín-4-ól (CAS RN 2403-88-5)

1.1.-31.12.

1 000 tonnes

0 %

09.2674

ex 2933 39 99

44

Clóirpireafos (ISO) (CAS RN 2921-88-2)

1.1.-31.12.

9 000 tonnes

0 %

09.2880

ex 2933 59 95

39

Iobrúitinib (INN) (CAS RN 936563-96-1)

1.1.-31.12.

5 tonnes

0 %

09.2860

ex 2933 69 80

30

1,3,5-Tris[3-(démheitiolaimínea)próipil]heacsaihidri-1,3,5-trí-aisín (CAS RN 15875-13-5)

1.1.-31.12.

600 tonnes

0 %

09.2595

ex 2933 99 80

49

1,4,7,10-Teatrasaiciogladóideacán (CAS RN 294-90-6)

1.1.-31.12.

40 tonnes

0 %

09.2658

ex 2933 99 80

73

5-(Aicéataicéitiolaimíni)beinsimíodasólón (CAS RN 26576-46-5)

1.1.-31.12.

400 tonnes

0 %

09.2593

ex 2934 99 90

67

Aigéad 5-clóraitiaifín-2-carbocsaileach (CAS RN 24065-33-6)

1.1.-31.12.

45 000 kilograms

0 %

09.2675

ex 2935 90 90

79

Clóiríd 4-[[(2-meatocsaibeansóil)aimínea]sulfóinil]beansóile (CAS RN 816431-72-8)

1.1.-31.12.

1 000 tonnes

0 %

09.2710

ex 2935 90 90

91

(3R,5S,6E)-7-(4-(4-fluaraifeinil)-6-iseapróipil-2-(N-meitiolsulfónaimídi)pirimidín-5-il)-3,5-déhiodrocsaiheapt-6-anóáit 2,4,4-trímheitilpeantán-2-aiminiam (CAS RN 917805-85-7)

1.1.-31.12.

5 000 kilograms

0 %

09.2945

ex 2940 00 00

20

D-Xiolós (CAS RN 58-86-6)

1.1.-31.12.

400 tonnes

0 %

09.2686

ex 3204 11 00

75

Dathán C.I. Disperse Yellow 54 (CAS RN 7576-65-0) agus ullmhóidí atá bunaithe air sin ag a bhfuil cion den dathán C.I. Disperse Yellow 54 atá cothrom le 99 % nó níos mó ná sin de réir meáchain

1.1.-31.12.

250 tonnes

0 %

09.2676

ex 3204 17 00

14

Ullmhóidí atá bunaithe ar an Dathán C.I. Pigment Red 48:2 (CAS RN 7023-61-2) ag a bhfuil cion den dathán sin atá cothrom le 60 % nó níos mó ná sin ach gan bheith níos mó ná 85 % de réir meáchain

1.1.-31.12.

50 tonnes

0 %

09.2698

ex 3204 17 00

30

Dathán C.I. Pigment Red 4 (CAS RN 2814-77-9) agus ullmhóidí atá bunaithe air sin ag a bhfuil cion den dathán C.I. Pigment Red 4 atá cothrom le 60 % nó níos mó ná sin de réir meáchain

1.1.-31.12.

150 tonnes

0 %

09.2659

ex 3802 90 00

19

Cré ionfúsórach arna cailcíniú le flosc sóide

1.1.-31.12.

35 000 tonnes

0 %

09.2908

ex 3804 00 00

10

Ligneasulfáit sóidiam (CAS RN 8061-51-6)

1.1.-31.12.

40 000 tonnes

0 %

09.2889

3805 10 90

Tuirpintín sulfáite

1.1.-31.12.

25 000 tonnes

0 %

09.2935

ex 3806 10 00

10

Aigéid róisín agus roisín ó olaroisíní úra

1.1.-31.12.

280 000 tonnes

0 %

09.2832

ex 3808 92 90

40

Ullmhóid ina bhfuil cion since piritióin (CAS RN 13463-41-7) ina heasrán uiscí atá cothrom le 38 % nó níos mó ná sin ach gan bheith níos mó ná 50 % de réir meáchain

1.1.-31.12.

500 tonnes

0 %

09.2876

ex 3811 29 00

55

Breiseáin arb é atá iontu táirgí imoibriúcháin défheiniolaimín agus nóinéiní brainseacha ina bhfuil, de réir meáchain:

28 % nó níos mó ach méid nach mó ná 55 % 4-monanaoinildéfheiniolaimín,

45 % nó níos mó ach méid nach mó ná 65 % 4,4’-dénaoinildéfheiniolaimín, agus

méid nach mó ná 5 % 2, 4-dénaoinildéfheiniolaimín agus 2, 4’-dénaoinildéfheiniolaimín,

a úsáidtear le haghaidh monarú olaí bealaithe

 (2)

1.1.-31.12.

900 tonnes

0 %

09.2814

ex 3815 90 90

76

Catalaíoch arb é atá ann dé-ocsaíd tíotáiniam agus trí-ocsaíd tungstain

1.1.-31.12.

3 000 tonnes

0 %

09.2820

ex 3824 79 00

10

Meascáin ina bhfuil, de réir meáchain:

60 % nó níos mó ach méid nach mó ná 90 % 2-clórapróipéin (CAS RN 557-98-2),

8 % nó níos mó ach méid nach mó ná 14 % (Z)-1-clórapróipéin (CAS RN 16136-84-8),

5 % nó níos mó ach méid nach mó ná 23 % 2-clóraprópán (CAS RN 75-29-6),

méid nach mó ná 6 % 3-clórapróipéin (CAS RN 107-05-1), agus

méid nach mó ná 1 % clóiríd eitile (CAS RN 75-00-3)

1.1.-31.12.

6 000 tonnes

0 %

09.2644

ex 3824 99 92

77

Ullmhóid ina bhfuil, de réir meáchain:

55 % nó níos mó ach méid nach mó ná 78 % glútaráit démheitile (CAS RN 1119-40-0),

10 % nó níos mó ach méid nach mó ná 30 % adapáit démheitile (CAS RN 627-93-0),

méid nach mó ná 35 % sucsanáit démheitile (CAS RN 106-65-0)

1.1.-31.12.

10 000 tonnes

0 %

09.2681

ex 3824 99 92

85

Meascán de bhis[3-(trí-eatocsaisiliol)próipil]suilfídí (CAS RN 211519-85-6)

1.1.-31.12.

9 000 tonnes

0 %

09.2650

ex 3824 99 92

87

Aicéitifeanón (CAS RN 98-86-2) ag a bhfuil íonacht atá cothrom le 60 % nó níos mó ná sin ach gan bheith níos mó ná 90 % de réir meáchain

1.1.-31.12.

2 000 tonnes

0 %

09.2888

ex 3824 99 92

89

Meascán d’aimíní ailcildémheitile treasacha ina bhfuil, de réir meáchain:

60 % nó níos mó ach méid nach mó ná 80 % dóideicildémheitiolaimín (CAS RN 112-18-5), agus

20 % nó níos mó ach méid nach mó ná 30 % démheitil(teitrideicil)imín (CAS RN 112-75-4)

1.1.-31.12.

25 000 tonnes

0 %

09.2829

ex 3824 99 93

43

Úsc soladach ón iarmhar, agus é dothuaslagtha i dtuaslagóirí alafatacha, a fuarthas le linn úscadh róisín as adhmad, agus na saintréithe seo a leanas ag baint leis:

cion aigéid roisín nach mó ná 30 % de réir meáchain,

aigéad-uimhir nach airde ná 110, agus

leáphointe atá cothrom le 100 °C nó níos mó ná sin

1.1.-31.12.

1 600 tonnes

0 %

09.2907

ex 3824 99 93

67

Meascán d’fhítistéaróil, i bhfoirm púdair, ina bhfuil, de réir meáchain:

75 % stéaróil nó níos mó ná sin,

méid nach mó ná 25 % stanóil,

atá lena húsáid i monarú stanól/stéaról nó eistear stanóil/stéaróil

 (2)

1.1.-31.12.

2 500 tonnes

0 %

09.2639

3905 30 00

Alcól polaivinile, bíodh grúpaí aicéatáite neamh-hidrealaithe ann nó ná bíodh

1.1.-31.12.

15 000 tonnes

0 %

09.2671

ex 3905 99 90

81

Bútaral polaivinile (CAS RN 63148-65-2):

ina bhfuil, de réir meáchain, 17,5 % nó níos mó ach méid nach mó ná 20 % grúpaí hiodrocsaile, agus

ar mó ná 0,6 mm méid airmheánach na gcáithníní (D50) atá ann

1.1.-31.12.

12 500 tonnes

0 %

09.2846

ex 3907 40 00

25

Cumasc polaiméireach de pholacarbanáit agus polai(meataicrioláit mheitile) ag a bhfuil cion polacarbanáite nach lú ná 98,5 % de réir meáchain, i bhfoirm millíní nó gráinníní, agus tarchuras solais nach lú ná 88,5 % arna thomhas le sampla tástála atá ar tiús 4 mm ag an tonnfhad λ = 400 nm (de réir ISO 13468-2)

1.1.-31.12.

2 000 tonnes

0 %

09.2723

ex 3911 90 19

10

Pola(ocsai-1,4-feiniléinsulfóinil-1,4-feiniléinocsai-4,4’-défheiniléin)

1.1.-31.12.

5 000 tonnes

0 %

09.2816

ex 3912 11 00

20

Calóga aicéatáite ceallalóis

1.1.-31.12.

75 000 tonnes

0 %

09.2864

ex 3913 10 00

10

Ailgionáit sóidiam a úscadh as feamainn rua (CAS RN 9005-38-3)

1.1.-31.12.

10 000 tonnes

0 %

09.2641

ex 3913 90 00

87

Hialúrónáit sóidiam neamhsteiriúil:

nach mó ná 900 000 meánmheáchan a meáchain mhóilínigh (Mw),

nach mó ná 0,008 aonad Iontocsaine (EU)/mg an leibhéal iontocsainí atá inti,

nach mó ná 1 % de réir meáchain an cion eatánóil atá inti,

nach mó ná 0,5 % de réir meáchain an cion iseaprópánóil atá inti

1.1.-31.12.

200 kilograms

0 %

09.2661

ex 3920 51 00

50

Leatháin de pholaimeitilmeataicrioláit atá i gcomhréir leis na caighdeáin:

EN 4364 (MIL-P-5425E) agus DTD5592A, nó

EN 4365 (MIL-P-8184) agus DTD5592A

1.1.-31.12.

100 tonnes

0 %

09.2645

ex 3921 14 00

20

Bloc ceallach de cheallalós athghinte atá tuilithe le huisce ina bhfuil clóiríd mhaignéisiam agus comhdhúile amóiniam cheathartha ar mhéid 100 cm (± 10 cm) x 100 cm (± 10 cm) x 40 cm (± 5 cm)

1.1.-31.12.

1 700 tonnes

0 %

09.2848

ex 5505 10 10

10

Dramhaíl as snáithíní sintéiseacha (lena náirítear scothanna, dramhaíl as snáth, agus stoc gairnéadaithe) as níolón nó polaimídí eile (PA6 agus PA66)

1.1.-31.12.

10 000 tonnes

0 %

09.2721

ex 5906 99 90

20

Fabraic theicstíle rubaraithe atá fite lannaithe agus na saintréithe seo a leanas ag baint léi:

tá trí shraith inti,

fabraic aicrileach atá i sraith sheachtrach amháin,

fabraic phoileistir atá sa tsraith sheachtrach eile,

rubar clórabúitile atá sa tsraith láir,

tá meáchan ina sraith láir atá cothrom le 452 g/m2 nó níos mó ná sin ach gan bheith níos mó ná 569 g/m2

tá meáchan iomlán inti atá cothrom le 952 g/m2 nó níos mó ná sin ach gan bheith níos mó ná 1159 g/m2

tá tiúchan iomlán inti atá cothrom le 0,8 mm nó níos mó ná sin ach gan bheith níos mó ná 4 mm

úsáidtear í le haghaidh monarú díonta inardaithe mótarfheithiclí

 (2)

1.1.-31.12.

375 000 square meters

0 %

09.2594

ex 6909 19 00

55

Cartús ionsúite carbóin ceirmigh:

déanmhas sorcóireach ilcheallach faoi chumhdach ceirmigh bhácáilte easbhrúite

cion carbóin ghníomhachtaithe atá cothrom le 10 % nó níos mó ná sin ach gan bheith níos mó ná 30 % de réir meáchain,

cion ceanglóra cheirmigh atá cothrom le 70 % nó níos mó ná sin ach gan bheith níos mó ná 90 % de réir meáchain,

atá 29 mm nó níos mó, ach gan bheith níos mó ná 41 mm, ar trastomhas,

nach mó ná 150 mm ar fad,

é bácáilte ag teocht 800 °C nó níos airde ná sin,

le haghaidh asú gal

de chineál a úsáidtear lena chur in ionsúirí gal breosla i gcórais bhreosla mótarfheithiclí

1.1.-31.12.

1 000 000 pieces

0 %

09.2866

ex 7019 12 00

ex 7019 12 00

06

26

Stratifils gloine S (caisirníní):

atá comhdhéanta d’fhiliméid leanúnacha ghloine 9 µm (±0,5 µm),

ar mhéid 200 tex nó níos mó ná sin ach gan bheith níos mó ná 680 tex,

nach bhfuil aon ocsaíd charbóin iontu, agus

arb é 3 550 MPa a neart briste de réir ASTM D2343-09,

atá lena núsáid i monarú san aerloingseoireacht

 (2)

1.1.-31.12.

1 000 tonnes

0 %

09.2628

ex 7019 52 00

10

Mogall gloine atá fite as snáithín gloine atá cumhdaithe le plaisteach, arb é 120 g/m²(± 10 g/m²) an meáchan atá ann, de chineál a úsáidtear i sciatha feithidí inchorntha ina bhfuil frámaí suite

1.1.-31.12.

3 000 000 square meters

0 %

09.2799

ex 7202 49 90

10

Fearóchróimiam ina bhfuil 1,5 % nó níos mó ach méid nach mó ná 4 % carbón agus méid nach mó ná 70 % cróimiam de réir meáchain

1.1.-31.12.

50 000 tonnes

0 %

09.2652

ex 7409 11 00

ex 7410 11 00

30

40

Scragall agus bandaí copair mhínghlanta arna monarú go leictrealaíoch is mó ná 0,015 mm ar tiús

1.1.-31.12.

1 020 tonnes

0 %

09.2734

ex 7409 19 00

20

Plátaí nó leatháin arb é atá iontu:

sraith de cheirmeach nítríde sileacain atá 0,32 mm (± 0,1 mm) nó níos mó, ach gan bheith níos mó ná 1,0 mm (± 0,1 mm), ar tiús

atá cumhdaithe ar an dá thaobh le scragall de chopar scagtha atá 0,8 mm (± 0,1 mm) ar tiús, agus

atá cumhdaithe go páirteach ar thaobh amháin le cumhdach airgid

1.1.-31.12.

7 000 000 pieces

0 %

09.2662

ex 7410 21 00

55

Plátaí:

arb é atá iontu sraith amháin ar a laghad d’fhabraic snáithín gloine atá tuilithe le roisín eapocsaíde,

atá cumhdaithe ar thaobh amháin nó ar an dá thaobh le scragall copair nach mó ná 0,15 mm ar tiús,

ag a bhfuil tairiseach tréleictreach (DK) is lú ná 5,4 ag 1 MHz arna thomhas de réir IPC-TM-650 2.5.5.2,

ag a bhfuil tadhlaí caillteanais (DK) is lú ná 0,035 ag 1 MHz arna thomhas de réir IPC-TM-650 2.5.5.2,

arb é 600 nó ar mó ná sin a ninnéacs rianaithe comparáideach

1.1.-31.12.

80 000 square meters

0 %

09.2834

ex 7604 29 10

20

Slata cómhiotal alúmanaim atá 200 mm nó níos mó, ach gan bheith níos mó ná 300 mm, ar trastomhas

1.1.-31.12.

2 000 tonnes

0 %

09.2835

ex 7604 29 10

30

Slata cóimhiotal alúmanaim atá 300,1 mm nó níos mó, ach gan bheith níos mó ná 533,4 mm, ar trastomhas

1.1.-31.12.

1 000 tonnes

0 %

09.2736

ex 7607 11 90

83

Stiall nó scragall de chóimhiotal alúmanaim agus maignéisiam:

de chóimhiotal atá i gcomhréir leis na caighdeáin 5182-H19 nó 5052-H19,

ina rollaí agus atá 1 250 mm ar a laghad, agus 1 350 mm ar a mhéad, ar trastomhas seachtrach

atá 0,15 mm, 0,16 mm, 0,18 mm nó 0,20 mm ar tiús (lamháltas - 0,006 mm),

atá 12,5 mm, 15,0 mm, 16,0 mm, 25,0 mm, 35,0 mm, 50,0 mm nó 356 mm ar leithead (lamháltas ± 0,3 mm), 

nach mó ná 0,4 mm/750 mm a lamháltas droinne,

ag a bhfuil tomhas plánachta: aonad I: ± 4,

ar mó ná (5182-H19) 365 MPa nó (5052-H19) 320 MPa an neart teanntachta atá iontu, 

ar mó nó (5182-H19) 3 % nó (5052-H19) 2,5 % a bhfadú A50,

atá lena núsáid i monarú lataí le haghaidh dallóg

 (2)

1.1.-31.12.

600 tonnes

0 %

09.2722

8104 11 00

Maignéisiam neamhshaoirsithe ina bhfuil 99,8 % maignéisiam ar a laghad de réir meáchain

1.1.-31.12.

120 000 tonnes

0 %

09.2840

ex 8104 30 00

20

Púdar maignéisiam:

nach lú ná 98 %, ach nach mó ná 99,5 %, a íonacht de réir meáchain,

a bhfuil a cháithníní 0,2 mm nó níos mó, ach gan bheith níos mó ná 0,8 mm

1.1.-31.12.

2 000 tonnes

0 %

09.2629

ex 8302 49 00

91

Hanla teileascópach alúmanaim atá lena úsáid i monarú bagáiste

 (2)

1.1.-31.12.

1 500 000 pieces

0 %

09.2720

ex 8413 91 00

50

Ceann caidéil le haghaidh caidéal ardbhrú dhá shorcóir atá déanta as cruach ghaibhnithe ina bhfuil:

feistithe snáithithe foirbthe atá 10 mm nó níos mó, ach gan bheith níos mó ná 36,8 mm, ar trastomhas, agus

cainéil dhruileáilte bhreosla atá 3,5 mm nó níos mó, ach gan bheith níos mó ná 10 mm, ar trastomhas,

de chineál a úsáidtear i gcórais insteallta díosail

1.1.-31.12.

65 000 pieces

0 %

09.2738

ex 8482 99 00

30

Cásanna práis

ar a bhfuil múnlú leanúnach nó lártheifeach déanta,

ar a bhfuil deileadh déanta,

ina bhfuil, de réir meáchain, 35 % nó níos mó ach méid nach mó ná 38 % sinc,

ina bhfuil, de réir meáchain, 0,75 % nó níos mó ach méid nach mó ná 1,25 % luaidhe,

ina bhfuil, de réir meáchain, 1,0 % nó níos mó ach méid nach mó ná 1,4 % alúmanam, agus

a bhfuil an neart teanntachta atá iontu cothrom le 415 Pa nó níos mó ná sin,

de chineál a úsáidtear i monarú grán iompair

1.1.-31.12.

50 000 pieces

0 %

09.2763

ex 8501 40 20

ex 8501 40 80

40

30

Mótar cómhalartáin leictreach srutha ailtéarnaigh a bhfuil a chumhacht aschuir cothrom le 250 W nó níos mó ná sin, a bhfuil a chumhacht ionchuir cothrom le 700 W nó níos mó ná sin gan bheith níos má nó 2 700 W, atá 120 mm (± 0,2 mm), ach nach bhfuil níos mó ná 135 mm (± 0,2 mm), ar trastomhas seachtrach, ar tapúla ná 30 000 isn ach nach tapúla ná 50 000 isn a luas rátaithe, ar a bhfuil aerthóir ionsaithe aeir feistithe agus atá lena úsáid i monarú folúsghlantóirí

 (2)

1.1.-31.12.

2 000 000 pieces

0 %

09.2588

ex 8529 90 92

56

Scáileán LCD:

ar a bhfuil painéal tadhaill,

ina bhfuil clár ciorcaid phriontáilte amháin ar a laghad le haghaidh seolachán picteilíní gaireas sclábhaithe simplí (feidhm rialaitheora uainiúcháin) agus rialtán tadhaill, le EEPROM (cuimhne inléite amháin in-ríomhchláraithe in-léirscriosta go leictreach) le haghaidh na socruithe taispeána,

atá 15 cm nó níos mó, ach gan bheith níos mó ná 21 cm, ar fad bunaithe ar thomhas fiarthrasna,

ar a bhfuil cúlsolas,

ar a bhfuil nascóir comharthaíochta difreálaí ísealvoltais agus nascóir soláthair cumhachta,

ag a bhfuil uillinn féachana 70 céim nó níos mó,

arb é 715 cd/m2 nó ar mó ná sin a lonras,

lena úsáid i monarú mótarfheithiclí atá faoi Chaibidil 87

 (2)

1.7.-31.12.

450 000 pieces

0 %

09.2672

ex 8529 90 92

ex 9405 40 39

75

70

Clár ciorcaid phriontáilte ar a bhfuil dé-óidí LED:

bíodh priosmaí/lionsaí feistithe air nó ná bídís, agus

bíodh nascóir/nascóirí feistithe orthu ná ná bíodh

a úsáidtear i monarú aonad cúlsolais le haghaidh earraí atá faoi cheannteideal 8528

 (2)

1.1.-31.12.

115 000 000 pieces

0 %

09.2003

ex 8543 70 90

63

Gineadóir minicíochta rialaithe voltais arb é atá ann eilimintí gníomhacha agus éighníomhacha atá feistithe ar chiorcad priontáilte agus é i gcásáil nach mó ná 30 mm x 30 mm

1.1.-31.12.

1 400 000 pieces

0 %

09.2910

ex 8708 99 97

75

Brac taca cóimhiotail alúmanaim ar a bhfuil poill feistiúcháin, bíodh cnónna teannta air nó ná bídís, chun an giarbhosca a cheangal go hindíreach le cabhail an chairr lena úsáid i monarú earraí atá faoi Chaibidil 87

 (2)

1.1.-31.12.

200 000 pieces

0 %

09.2694

ex 8714 10 90

30

Teanntáin acastóra, cásálacha, droichid foirc agus píosaí teanntála, as cóimhiotal alúmanaim de chineál a úsáidtear le haghaidh gluaisrothar

1.1.-31.12.

1 000 000 pieces

0 %

09.2668

ex 8714 91 10

ex 8714 91 10

ex 8714 91 10

21

31

75

Fráma rothair arna dhéanamh as snáithíní carbóin agus roisín saorga, lena úsáid i monarú rothar (lena n‑áirítear rothair leictreacha)

 (2)

1.7.-31.12.

250 000 pieces

0 %

09.2589

ex 8714 91 10

ex 8714 91 10

ex 8714 91 10

23

33

70

Fráma atá déanta as alúmanam nó as snáithíní alúmanaim agus carbóin agus atá lena úsáid i monarú rothar (lena náirítear rothair leictreacha)

 (2)

1.1.-31.12.

8 000 000 pieces

0 %

09.2631

ex 9001 90 00

80

Lionsaí, priosmaí agus eilimintí dlúite as gloine, iad neamhfheistithe, atá lena núsáid i monarú nó i ndeisiú earraí atá faoi na cóid AC 9002, 9005, 9013 10 agus 9015

 (2)

1.1.-31.12.

5 000 000 pieces

0 %

(1)

Maidir le dleachtanna taraife a chur ar fionraí, áfach, níl sin infheidhme i gcás ina ndéanann gnóthais mhiondíola nó lónadóireachta an phróiseáil.

(2)

Tá fionraí na ndleachtanna faoi réir maoirseacht chustaim úsáide deiridh, i gcomhréir le hAirteagal 254 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1)

(3)

Ní chuirtear ar fionraí ach an dleacht ad valorem. Leanfaidh an dleacht shonrach de bheith infheidhme.’