An Bhruiséil,2.4.2020

COM(2020) 142 final

2020/0059(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 maidir le bearta sonracha chun tionchar ráig COVID-19 a mhaolú in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Tá ráig COVID-19 tar éis dul i bhfeidhm ar na Ballstáit ar bhealach tobann tromchúiseach, agus tionchar ollmhór a imirt ar shochaithe agus ar gheilleagair na mBallstát, de réir mar a thagann laghdú mór ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch. Dá réir sin, is cás eisceachtúil don Aontas Eorpach ina iomláine é, rud a fhágann gur gá na hacmhainní uile atá ar fáil, ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát, a shlógadh chun na dúshláin nach bhfacthas riamh a bhaineann le ráig COVID-19 a shárú.

An 13 Márta 2020, mhol an Coimisiún “an Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas” a bheidh dírithe ar infheistíochtaí a chur chun cinn trí chúlchistí airgid atá ar fáil i gCistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa a shlógadh chun dul i ngleic leis an ngéarchéim láithreach. An 19 Márta 2020, ghlac an Coimisiún Creat nua Státchabhrach.

Ina ainneoin sin, tá raon feidhme idirghabhála na mBallstát i réimse an iascaigh srianta le forálacha an Chiste Eorpaigh Muirí agus Iascaigh (CEMI), nach dtugann tacaíocht faoi láthair do na gníomhaíochtaí is gá agus is práinní chun éifeachtaí ráig COVID-19 a shárú. De dheasca na dteorainneacha sin, cuirtear srian ar chumas na mBallstát úsáid a bhaint as CEMI chun dul i ngleic leis an ngéarchéim.

Go háirithe, is é is mó atá earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe thíos go háirithe leis an suaitheadh ar an margadh mar gheall ar an laghdú suntasach atá tagtha ar an éileamh. Tháinig laghdú suntasach ar phraghsanna agus ar mhéideanna na dtáirgí mar gur dúnadh ionaid díolacháin, margaí, asraonta agus bealaí dáileacháin. Mar gheall ar an laghdú atá tagtha ar an éileamh agus ar phraghsanna, agus chomh leochaileach agus chomh casta atá an slabhra soláthair (táirgí meatacha, gá ar leith leis an lucht saothair), táthar ag déanamh caillteanais in oibríochtaí na gcabhlach iascaireachta agus oibríochtaí táirgthe bia mara. Dá dheasca sin, tá ar iascairí fanacht sa chalafort agus beidh ar tháirgeoirí dobharshaothraithe táirgí a dhiúscairt nó a scriosadh laistigh de roinnt seachtainí nó beidh orthu costais eisceachtúla maidir le bainistiú stoc a íoc, costais a bhaineann le níos mó spáis agus bia d’éisc lánfhásta nach féidir a mharú mar gheall ar an laghdú atá tagtha ar an éileamh. Déantar dochar go sonrach d’oibreoirí iascaireachta cósta ar mhionscála agus táirgeoirí éisc mar gheall ar an meath tapa sin.

Toisc nach féidir deireadh na géarchéime seo a thuar, d’fhéadfadh sé tarlú go tapa go gcuirfí deireadh le gníomhaíochtaí agus le gnólachtaí in earnáil atá an-íogair ó thaobh iomlaoidí timthriallacha de. D’fhéadfadh sé go mbeadh iarmhairtí socheacnamaíocha tromchúiseacha ag an ngéarchéim seo ar phobail áirithe atá ag brath go mór ar an iascaireacht agus ar an dobharshaothrú. 75 % de gach soitheach gníomhach nach mór agus níos mó ná 55 % d’fhostaíocht dhíreach atá sna hiascaigh chósta ar mhionscála; is iad na hiascaigh chósta sin an phríomhghníomhaíocht eacnamaíoch ina lán ceantar cósta. Bíonn pobail chósta agus ceantair thuaithe ag brath ar earnáil na feirmeoireachta éisc. Is minic nach mbíonn cúlchistí airgeadais ag oibreoirí iascaireachta ná oibreoirí dobharshaothraithe cúlchistí chun na costais leanúnacha a chlúdach mar gur micrifhiontair iad den chuid is mó. A luaithe agus a chuirtear deireadh lena n‑oibríocht, brisfear na slabhraí margaíochta.

Murab ionann agus bunús na n‑earnálacha eile sa gheilleagar, tagann iascaigh faoi réir inniúlacht eisiach an Aontais agus táthar á rialáil ar leibhéal an Aontais le comhbheartas agus, dá réir sin, gan rialacháin náisiúnta á gcur san áireamh den chuid is mó agus gan na rialacháin sin maidir le tacaíocht airgeadais á gcur san áireamh ach an oiread. Tá na coinníollacha le haghaidh tacaíocht phoiblí á rialú le CEMI.

Dá bhrí sin, tá an Coimisiún ag glacadh togra reachtach, lena leasófar Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 (Rialachán CEMI), chomh maith le Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 (Rialachán CMO) chun bearta sonracha a thabhairt isteach i CEMI chun tionchar ráig COVID-19 ar an earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe a mhaolú.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Airteagail 43(2) agus 175 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Cuirtear forálacha an togra chun feidhme faoi chuimsiú na bainistíochta chomhpháirtí, i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

Comhréireacht

Comhlíonann na forálacha atá beartaithe prionsabal na comhréireachta mar tá siad iomchuí, riachtanach agus níl aon bhearta eile is lú srian ar fáil chun cuspóirí inmhianaithe an bheartais a bhaint amach.

An rogha ionstraime

An ionstraim atá beartaithe: Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

3.ÁBHAR AN TOGRA

Cuimsíonn na bearta sonracha atá beartaithe chun tionchar ráig COVID-19 in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe a mhaolú an méid seo a leanas:

tacaíocht d’iascairí le haghaidh scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta arb é ráig COVID-19 is cúis leis,

tacaíocht d’fheirmeoirí dobharshaothraithe le haghaidh an dobharshaothrú a bheith ar fionraí ar bhonn sealadach nó le haghaidh laghdú na táirgeachta arb é ráig COVID-19 is cúis leo,

tacaíocht d’eagraíochtaí táirgeoirí agus do chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí chun táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a stóráil, i gcomhréir le comheagrú na margaí talmhaíochta.

Moltar go mbeidh na bearta sin i bhfeidhm go haisghníomhach ón 1 Feabhra 2020 agus go mbeidh siad i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2020.

Is é is aidhm do na leasuithe breise seo ar an Rialachán CEMI go n‑áiritheofar ath-leithdháileadh acmhainní airgeadais laistigh de na cláir oibríochtúla:

na méideanna imfhálaithe in Airteagal 13 a scriosadh, cé is moite de na méideanna sin le haghaidh na hiascaigh a rialú, sonraí eolaíocha a bhailiú agus costais bhreise sna réigiúin is forimeallaí a chúiteamh,

an nós imeachta simplithe um leasú na gclár oibríochtúil a mhodhnú, d’fhonn bearta sonracha a thabhairt isteach agus na hacmhainní airgeadais a ghabhann leo a ath-leithdháileadh.

Comhlánaítear bearta sonracha CEMI le leasú ar an Rialachán maidir le CEM chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

an deis a bheith ann go mbainfear úsáid as an sásra stórála más rud é nach bhfuil tricearphraghsanna socraithe ná foilsithe ag na Ballstáit,

a cheadú d’eagraíochtaí táirgeoirí dobharshaothraithe leas a bhaint an sásra stórála.

4.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le páirtithe leasmhara agus d’iarr sé a n‑ionchur ar eagraíochtaí táirgeoirí iascaigh agus dobharshaothraithe, agus ar Chomhairlí Comhairleacha, agus fuair sé aiseolas faoi fhorbairtí margaidh agus faoi bhearta faoisimh a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm ó chomhlachais an tionscail, ó oibreoirí aonair agus ó na Ballstát. Rinne na páirtithe leasmhara measúnú ar an gcás géarchéime agus ar an dóigh le dul i ngleic lena héifeachtaí, agus tá torthaí an mheasúnaithe sin comhsheasmhach agus d’aon toil ina iomláine nach mór. Chuir an Coimisiún an t‑aiseolas sin san áireamh le linn an togra seo a ullmhú.

5.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Chun an modhnú atá beartaithe a dhéanamh, ní gá aon athrú a dhéanamh ar uasteorainneacha bliantúla an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil d’oibleagáidí agus íocaíochtaí de réir mar a leagtar síos in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) Uimh. 1311/2013. Ní gá aon athrú a dhéanamh ar mhiondealú bliantúil na leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí do CEMI.

Ós rud é go bhfuil gníomhaíochtaí iascaigh agus dobharshaothraithe "faoi dhianghlasáil" nó laghdaithe go mór, níl mórán saoirse ann bearta CEMI ná na cláir oibríochtúla atá ann a chur chun feidhme mar is gnách. Gan freagairt éifeachtach don ghéarchéim a bheith ann, is beag an seans CEMI a chur chun feidhme ina iomláine roimh dheireadh na tréimhse cláraithe seo. Dá bhrí sin, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit acmhainní airgeadais atá ann laistigh dá gclár oibríochtúil a ath-leithdháileadh le haghaidh na mbeart sonrach ar ghearrfhógra. Beidh an deis sin teoranta leis na leithdháiltí buiséadacha atá faighte ag na Ballstáit cheana agus ní féidir leo dul thar na leithdháiltí sin.

Is féidir tosaíochtaí an Aontais laistigh de chláir oibríochtúla a athrú trí bhíthin na leithreasuithe íocaíochta atá ar fáil i mbuiséad 2020 le haghaidh CEMI. Go deimhin, cuirfear na bearta nua i bhfeidhm den chuid is mó in ionad na dtionscnamh sin a bhí beartaithe ar dtús lena bhfuiltear ag cur stad anois de dheasca an mheatha ghinearálta atá tagtha ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch. Dá thoradh sin, tá sé d’aidhm ag na bearta atá beartaithe a áirithiú go gcuirfear buiséad 2020 chun feidhme ar bhonn éifeachtach agus go ndéanfar leithdháileadh 2014-2020 le haghaidh CEMI.

Déanfaidh an Coimisiún faireachán cúramach ar thionchar an mhodhnaithe bheartaithe ar leithreasuithe íocaíochta in 2020, agus cur chun feidhme an bhuiséid agus réamhaisnéisí atá leasaithe ag na Ballstáit araon á gcur san áireamh.

2020/0059 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 maidir le bearta sonracha chun tionchar ráig COVID-19 a mhaolú in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 43(2) agus 175 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 1 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Go háirithe, is é is mó atá earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe thíos leis an suaitheadh ar an margadh mar gheall ar an laghdú suntasach atá tagtha ar an éileamh de dheasca ráig COVID-19. Tháinig laghdú suntasach ar phraghsanna agus ar mhéideanna mar gur dúnadh ionaid díolacháin, margaí, asraonta agus bealaí dáileacháin. Mar gheall ar an laghdú ar an éileamh agus ar phraghsanna, agus chomh leochaileach agus chomh casta atá an slabhra soláthair, táthar ag déanamh caillteanais in oibríochtaí na gcabhlach iascaireachta agus oibríochtaí táirgthe bia mara. Dá dheasca sin, tá ar iascairí fanacht sa chalafort agus beidh ar fheirmeoirí éisc táirgí a dhiúscairt nó a scriosadh laistigh de roinnt seachtainí.

(2)Ba cheart an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 2 a bheith in ann tacú le bearta sonrach go dtí an 31 Nollaig 2020 chun tionchar ráig COVID-19 in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe a mhaolú. Sna bearta seo, ba cheart tacú le scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta, lena náirítear scor sealadach d’iascaireacht intíre, agus táirgeadh dobharshaothraithe a chur ar fionraí ar bhonn sealadach nó a laghdú, ar choinníoll gurb é ráig COVID-19 is cúis leo. Sna bearta sonracha seo, ba cheart tacaíocht a thabhairt freisin d’eagraíochtaí táirgeoirí agus do chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí chun earraí iascaigh agus dobharshaothraithe a stóráil, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 3 . Ba cheart caiteachas ar oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó na bearta seo a bheith incháilithe ón 1 Feabhra 2020.

(3)Ba cheart na hacmhainní atá ar fáil le haghaidh oibleagáidí CEMI atá faoi bhainistíocht chomhpháirteach a mhiondealú ar shlí a náiritheofar go mbunófar méideanna socraithe le haghaidh iascaigh a rialú, sonraí eolaíocha a bhailiú agus costais bhreise sna réigiún is forimeallaí a chúiteamh. Ba cheart do na Ballstáit na hacmhainní eile atá faoi bhainistíocht chomhpháirteach a leithdháileadh ar bhonn na riachtanas atá acu féin.

(4)I bhfianaise iarmhairtí socheacnamaíocha suntasacha ráig COVID-19 agus an ghá atá le leachtacht sa gheilleagar, ba cheart a bheith in ann tacú leis an scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta, arb í géarchéim ráig COVID-19 is cúis leis, agus ráta uasta cómhaoinithe 75 % de chaiteachas poiblí incháilithe a úsáid.

(5)I bhfianaise an ghá atá le solúbthacht maidir le hacmhainní airgeadais a ath-leithdháileadh chun dul i ngleic le hiarmhairtí ráig COVID-19, ba cheart an tacaíocht don scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta arb í an ráig seo is cúis leis gan a bheith faoi réir uasteorainn airgeadais. Ba cheart é sin a bheith gan dochar don uasteorainn airgeadais atá ann cheana le haghaidh cásanna eile a bhaineann le scor sealadach. An oibleagáid i dtaobh tacaíocht a deonaíodh don scor sealadach a asbhaint de tacaíocht a deonaíodh don scor buan de ghníomhaíochtaí iascaireachta a bhaineann leis an soitheach céanna, ba cheart an oibleagáid sin leanúint de bheith i bhfeidhm.

(6)I bhfianaise chomh práinneach agus a theastaíonn an tacaíocht, ba cheart a bheith in ann raon feidhme an nós imeachta shimplithe a leathnú ionas go gcuirfear san áireamh leasuithe ar chláir oibríochtúla a bhaineann le bearta sonracha agus ath-leithdháileadh acmhainní airgeadais a ghabhann leo a leathnú chun dul i ngleic le hiarmhairtí ráig COVID-19. Ba cheart na leasuithe uile is gá a bheith cumhdaithe leis an nós imeachta simplithe chun na bearta lena mbaineann a chur chun feidhme ina niomláine, lena náirítear iad a thabhairt isteach agus an tuairisc ar na modhanna chun tacaíocht a ríomh.

(7)I bhfianaise phríomhról eagraíochtaí táirgeoirí chun an ghéarchéim a bhainistiú, ba cheart an uasteorainn i leith na tacaíochta don táirgeacht agus do phleananna margaíochta a mhéadú go dtí 12 % de mheánluach bliantúil na táirgeachta arna cur ar an margadh. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann réamhíocaíochtaí suas go dtí 100 % den tacaíocht airgeadais a dheonú d’eagraíochtaí táirgeoirí i dtaobh na tacaíochta seo.

(8)Tar éis do ráig COVID-19 cur isteach ar ghníomhaíochtaí iascaigh agus dobharshaothraithe go tobann agus, dá dheasca sin, an riosca a bhaineann le margaí táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a chur i mbaol, is iomchuí sásra a bhunú chun táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe atá ceaptha lena gcaitheamh ag daoine a stóráil. Tá sé d’aidhm ag an sásra sin breis cobhsaíochta sa mhargadh a chothú, an riosca a bhaineann leis na táirgí sin a chur amú nó a athúsáid chun críoch bia nach do dhaoine é a mhaolú, agus cuidiú le tionchar na géarchéime ar bhrabús na dtáirgí a mhaolú chomh maith. Leis an sásra sin ba cheart do tháirgeoirí iascaigh agus dobharshaothraithe a bheith in ann úsáid a bhaint as na teicnící céanna cosanta agus caomhnúcháin do speicis chomhionanna chun a áirithiú go gcoinneofar iomaíochas cothrom idir na táirgeoirí.

(9)I bhfianaise chomh tobann agus chomh mór atá an laghdú ar éileamh tar éis teacht ar tháirgí iascaigh agus dobharshaothraithe de dheasca ráig COVID-19, ba cheart a bheith in ann na cainníochtaí atá incháilithe do chúnamh stórála a mhéadú go dtí 25 % de chainníochtaí bliantúla na dtáirgí lena mbaineann a chuireann an eagraíocht táirgeoirí lena mbaineann ar an margadh le díol.

(10)Le go mbeidh sé ar chumas na mBallstát freagairt go pras ar thobainne ráig COVID-19 nárbh fhéidir a thuar, ba cheart dóibh a bheith i dteideal truicearphraghsanna a shocrú dá neagraíochtaí táirgeoirí chun an sásra stórála a chur ar obair. Ba cheart na tricearphraghsanna sin a shocrú sa tslí go gcoinneofar iomaíochas cothrom idir na hoibreoirí.

(11)I bhfianaise na práinne atá leis an tacaíocht is gá, ba cheart an Rialachán seo teacht i bhfeidhm chomh luath agus is féidir.

(12)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1379/2013 agus Rialachán (CE) Uimh. 508/2009 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 508/2014

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 mar a leanas:

(1)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

Airteagal 13
Acmhainní buiséadacha faoi bhainistíocht chomhpháirteach

1.Is ionann na hacmhainní atá ar fáil le haghaidh oibleagáidí ó CEMI don tréimhse ó 2014 go 2020 faoi bhainistíocht chomhpháirteach agus EUR 5 749 331 600 i bpraghsanna reatha agus i gcomhréir leis an miondealú bliantúil a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

2.Leithdháilfear EUR 580 000 000 de na hacmhainní buiséadacha dá dtagraítear i mír 1 ar bhearta rialaithe agus forfheidhmiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76.

3.Leithdháilfear EUR 520 000 000 de na hacmhainní buiséadacha dá dtagraítear i mír 1 ar bhearta maidir le sonraí a bhailiú, dá dtagraítear in Airteagal 77.

4.Leithdháilfear EUR 192 500 000 de na hacmhainní buiséadacha dá dtagraítear i mír 1 ar chúiteamh na réigiún is forimeallaí faoi Chaibidil V de Theideal V, agus ní shárófar na suimeanna seo a leanas in aghaidh na bliana:

(a)EUR 6 450 000 i gcomhair na nAsór agus Mhaidéara;

(b)EUR 8 700 000 i gcomhair na nOileán Canárach;

(c)EUR 12 350 000 do réigiúin fhorimeallacha na Fraince dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE.

5.Beidh an fhéidearthacht ag na Ballstáit na hacmhainní atá ar fáil faoi mhíreanna 2 agus 3 a úsáid go hidirmhalartach.”;

(2)Leasaítear Airteagal 16(1) mar a leanas:

“1. I gcás na n‑acmhainní atá ar fáil le haghaidh oibleagáidí na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 13(1) don tréimhse 2014 go 2020, mar a leagtar amach iad sa tábla in Iarscríbhinn II, cinnfear iad ar bhonn na gcritéar oibiachtúil seo a leanas:”;

(3)Cuirtear pointe (e) a leanas le hAirteagal 22(2):

“(e) leasuithe ar chláir oibríochtúla a bhaineann leis an tacaíocht dá dtagraítear in Airteagail 33(1)(d), 35, 44(4a), 55(1)(b), 57, 66 agus 67, lena n‑áirítear acmhainní airgeadais a ath-leithdháileadh chun dul i ngleic le hiarmhairtí ráig COVID-19.”;

(4)Leasaítear Airteagal 22(3) mar a leanas:

“3. Ní bheidh feidhm ag mír 2 maidir leis an tacaíocht dá dtagraítear in Airteagal 33(1)(a) go (c), Airteagal 34 agus Airteagal 41(2).”;

(5)Leasaítear Airteagal 25(3) mar a leanas:

“3. Gan dochar do mhír 5, ní sháróidh an ranníocaíocht airgeadais iomlán ó CEMI do na bearta dá dtagraítear in Airteagal 33(1)(a) go (c) agus in Airteagal 34 agus d’athsholáthar nó nuachóiriú na bpríomhinneall ná na n‑inneall coimhdeach dá dtagraítear in Airteagal 41 an tairseach is airde den dá thairseach seo a leanas:”;

(6)Leasaítear Airteagail 33(1) agus (2) mar seo a leanas:

“1. Féadfaidh CEMI tacú le bearta le haghaidh scoir shealadaigh de ghníomhaíochtaí iascaireachta sna cásanna seo a leanas a mhaoiniú:

(a) cur chun feidhme bearta an Choimisiúin nó bearta éigeandála Ballstáit dá dtagraítear in Airteagail 12 agus 13 faoi seach de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 nó bearta caomhnúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7 den Rialachán sin, lena n‑áirítear tréimhsí téarnaimh ó thaobh na bitheolaíochta;

(b) i gcás nach ndéanfar Comhaontuithe Comhpháirtíochta Iascaigh nó na prótacail a ghabhann leo a athnuachan;

(c) i gcás ina mbeidh foráil do scor sealadach i bplean bainistíochta a ghlactar de réir Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle nó i bplean ilbhliantúil a ghlactar faoi Airteagail 9 agus 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ina mbeidh, arna bhunú ar chomhairle eolaíoch, gá le laghdú san iarracht iascaireachta d’fhonn na cuspóirí a bhaint amach dá dtagraítear in Airteagal 2(2) agus i bpointe (a) d’Airteagal 2(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(d) i gcás ina bhfuil an scor sealadach ann idir an 1 Feabhra agus an 31 Nollaig 2020 mar thoradh ar ráig COVID-19, lena n‑áirítear do shoithí a oibríonn faoi Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh inbhuanaithe.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír d’Airteagal 65(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, beidh caiteachas ar oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht faoi phointe (d) incháilithe ón 1 Feabhra 2020.

2. An tacaíocht dá dtagraítear i bpointí (a) go (c) de mhír 1, féadfar í a dheonú ar feadh fad uasta sé mhí in aghaidh an tsoithigh le linn na tréimhse 2014 go 2020. Ní bheidh feidhm ag an bhfad uasta seo maidir leis an tacaíocht dá dtagraítear i bpointe (d) den mhír seo.”;

(7) Leasaítear Airteagal 44 mar a leanas:

(a) cuirtear isteach an mhír 4a seo a leanas:

“4a. Féadfaidh CEMI tacú le scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta mar gheall ar ráig COVID-19, mar a fhoráiltear in Airteagal 33(1)(d), faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 33.”;

(b) leasaítear mír 5 mar a leanas:

“5. Chun críocha mhíreanna 1 agus 4a:

(a)    tuigfear gurb é atá sna tagairtí a dhéantar in Airteagail 30, 32, 33, 38, 39, 41 agus 42 do shoithí iascaireachta tagairtí do shoithí a oibríonn in uisce intíre amháin;

(b) tuigfear gurb é atá sna tagairtí a dhéantar in Airteagal 38 don mhuirthimpeallacht tagairtí don timpeallacht ina n‑oibríonn an soitheach iascaireachta intíre.”;

(8) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 55:

"Airteagal 55
Bearta sláinte poiblí

1.Féadfaidh CEMI tacú leis na scéimeanna cúitimh seo a leanas:

(a) cúiteamh a thabhairt d’fheirmeoirí moileasc as buaint moileasc feirme a bheith ar fionraí ar bhonn sealadach ar mhaithe leis an tsláinte phoiblí amháin;

(b) cúiteamh a thabhairt d’fheirmeoirí dobharshaothraithe as táirgeacht a bheith laghdaithe nó ar fionraí ar bhonn sealadach idir an 1 Feabhra agus an 31 Nollaig 2020, mar thoradh ar ráig COVID-19.

2.Ní fhéadfar tacaíocht faoi mhír 1(a) a dheonú ach amháin sa chás ina gcuirtear buaint ar fionraí i ngeall ar éilliú moileasc mar thoradh ar an iomadú planctón ginte tocsain nó de bharr planctón ginte biotocsain a bheith ann, agus nuair:

(a) a mhaireann sí tréimhse atá níos faide ná ceithre mhí as a chéile; nó

(b) atá an caillteanas a thig as cur ar fionraí na buainte níos mó ná 25 % de láimhdeachas bliantúil an ghnóthais lena mbaineann, arna ríomh ar bhonn mheánláimhdeachas an ghnóthais sin sna trí bliana roimhe sin.

Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit rialacha speisialta ríomha a bhunú a bheidh le húsáid i ndáil le cuideachtaí atá i mbun gníomhaíochta níos lú ná trí bliana.

3.Is é 12 mhí thar an tréimhse chlársceidealaithe ar fad an uastréimhse ar féidir cúiteamh a thabhairt ina leith, faoi mhír 1(a). I gcásanna a bhfuil údar maith leo, féadfar síneadh 12 mhí eile a chur leis an tréimhse, go huastréimhse 24 mí.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír d’Airteagal 65(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, beidh caiteachas ar oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht faoi phointe (d) incháilithe ón 1 Feabhra 2020.

(9) Leasaítear Airteagail 66(3) agus (4) mar seo a leanas:

“3. Ní bheidh tacaíocht a dheonófar in aghaidh na heagraíochta táirgeoirí in aghaidh na bliana faoin Airteagal seo níos mó ná 12 % de mheánluach bliantúil na táirgeachta arna cur ar an margadh ag an eagraíocht táirgeoirí sin sna trí bliana féilire roimhe sin. I gcás aon eagraíochta táirgeoirí nua-aitheanta, ní bheidh an tacaíocht sin níos mó ná 12 % de mheánluach bliantúil na táirgeachta arna cur ar an margadh ag baill na heagraíochta sin sna trí bliana féilire roimhe sin.”

“4. Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann airleacan idir 50 % agus 100 % den tacaíocht airgeadais a dheonú tar éis fhormheas an phlean táirgthe agus margaíochta i gcomhréir le hAirteagal 28(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013.”;

(10) Leasaítear Airteagail 67(1) agus (2) mar seo a leanas:

“1. I gcás ina bhfuil gá leis seo chun freagairt do ráig COVID-19, féadfaidh CEMI tacú le cúiteamh a thabhairt d’eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta agus do chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí a stórálann na táirgí iascaigh nó dobharshaothraithe atá liostaithe in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 nó na táirgí a bhfuil cód AC 0302 orthu agus atá liostaithe i Roinn (a) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013, ar choinníoll go stóráiltear na táirgí sin i gcomhréir le hAirteagail 30 agus 31 de Rialachán (AE) 1379/2013 agus faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)    nach mbeidh méid an chúnaimh stórála níos mó ná méid na gcostas teicniúil agus airgeadais a bhaineann leis na gníomhaíochtaí is gá chun na táirgí atá i gceist a chobhsú agus a stóráil;

(b) nach mbeidh na cainníochtaí atá incháilithe do chúnamh stórála níos mó ná 25 % de chainníochtaí bliantúla na dtáirgí lena mbaineann a chuir an eagraíocht táirgeoirí ar díol;

(c) nach mbeidh an tacaíocht airgeadais in aghaidh na bliana níos mó ná 20 % de mheánluach bliantúil na táirgeachta arna cur ar an margadh ag baill d’eagraíocht táirgeoirí sa tréimhse 2017 go 2011.

Chun críocha phointe (c), i gcás nár chuir baill d’eagraíocht táirgeoirí aon táirgeacht ar an margadh idir 2017 go 2019, cuirfear san áireamh meánluach bliantúil na táirgeachta arna cur ar an margadh sna chéad trí bliana táirgeachta den bhall sin.”;

2. Tiocfaidh deireadh leis an tacaíocht dá dtagraítear i mír 1 an 31 Nollaig 2020.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír d’Airteagal 65(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, beidh caiteachas ar oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht faoin Airteagal seo incháilithe ón 1 Feabhra 2020.

(11) In Airteagal 79, scriostar mír 2;

(12) Leasaítear Airteagal 94(3)(c) mar a leanas:

(c) 50 % den chaiteachas poiblí incháilithe le haghaidh na tacaíochta dá dtagraítear in Airteagal 33(1)(a) go (c), Airteagal 34 agus Airteagal 41(2);”.

Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 mar a leanas:

(1) Cuirtear pointe (f) a leanas le hAirteagal 8(3):

“(f) stóráil shealadach do tháirgí dobharshaothraithe a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagail 30 agus 31 den Rialachán seo.”;

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 30:

Airteagal 30
Sásra stórála

Féadfaidh eagraíochtaí táirgeoirí iascaigh agus dobharshaothraithe tacaíocht airgeadais a fháil chun táirgí atá liostaithe in Iarscríbhinn II a stóráil nó na táirgí a bhfuil an cód AC 0302 orthu agus atá liostaithe Roinn (a) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013, ar choinníoll:

(a)    go gcomhlíontar na coinníollacha a bhaineann le cúnamh stórála a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 508/2014;

(b)    gur chuir eagraíochtaí táirgeoirí ar an margadh iad agus nach bhfuarthas aon cheannaitheoir dóibh ag an truicearphraghas dá dtagraítear in Airteagal 31;

(c)    i gcás inarb infheidhme, go gcomhlíonann na táirgí na caighdeáin chomhargaíochta a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 33 agus gur de cháilíocht ard go leor iad lena gcaitheamh ag an duine;

(d)    go ndéantar na táirgí a chobhsú nó a phróiseáil agus a stóráil in umair nó i gcaighin, nó trína reo, ar bord soitheach nó i saoráidí ar tír, trína sailleadh, trína dtriomú, trína maranáidiú, nó, más ábhartha, trína mbruith agus trína bpaistéaradh, cibé acu an ndéantar nó nach ndéantar filléadú nó gearradh, nó i gcás inarb iomchuí, sciotadh cinn, de bhreis ar na próisis sin;

(e)    nach stóráiltear beo na táirgí dobharshaothraithe;

(f)    go ndéantar na táirgí a thabhairt isteach sa mhargadh arís ón stóráil níos faide anonn lena gcaitheamh ag an duine, agus

(g)    go bhfanann na táirgí sa stóráil ar feadh cúig lá ar a laghad.”;

(3) Leasaítear Airteagal 31 mar a leanas:

(a) leasaítear mír 1 mar a leanas:

“Roimh thús gach bliana, féadfaidh gach eagraíocht táirgeoirí moladh dá chuid féin a dhéanamh maidir le praghas a gcuirfeadh an sásra stórála dá dtagraítear in Airteagal 30 ag obair i gcás na dtáirgí atá liostaithe in Iarscríbhinn II nó na táirgí a bhfuil an cód AC 0302 orthu agus atá liostaithe i Roinn (a) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013.”;

(b) cuirtear isteach an mhír 5 seo a leanas:

“5. I gcás nár chinn Ballstát na truicearphraghsanna de bhun mhír 4 sula raibh ráig COVID-19 ann, cinnfidh an Ballstát sin, gan aon mhoill, na truicearphraghsanna lena mbaineann ar bhonn na gcritéar dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo. Cuirfear na praghsanna sin ar fáil go poiblí.”.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    IO C , , lch. .
(2)    Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2328/2003 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 791/2007 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 149, 20.5.2014, lch. 1).
(3)    Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 (IO L 354, 28.12.2013, lch. 1).