An Bhruiséil,2.4.2020

COM(2020) 139 final

2020/0057(NLE)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

maidir le bunú ionstraime Eorpaí le haghaidh tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE) tar éis ráig COVID
x001e
19


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Ó bhí na chéad chásanna de thógáil COVID‑19 ann, tá an tAontas Eorpach ag obair gan staonadh chun cuidiú leis na Ballstáit agus lena saoránaigh aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim. Tá córas mear-rabhaidh ginearálta um chomhordúchán géarchéime an Choimisiúin, “ARGUS”, gníomhachtaithe aige agus tagann an Coiste Comhordúcháin Géarchéime le chéile go minic chun na bearta a dhéanann gach roinn agus seirbhís ábhartha de chuid an Choimisiúin agus de chuid ghníomhaireachtaí an Aontais a chomhordú. Lena chois sin, tá foireann comhordúcháin freagartha bunaithe ag an gCoimisiún freisin ar an leibhéal polaitiúil, foireann atá comhdhéanta de na cúigear coimisinéirí atá freagrach as na beartais is mó a bhfuil difear á dhéanamh díobh. Tar éis físchomhdhálacha cheannairí an Aontais maidir leis an bhfreagairt ar an ráig COVID‑19 ar an 10, an 17, agus an 26 Márta 2020, tá an Coimisiún ag cur breis treise lena fhreagairt ar an ráig COVID‑19, i ngach réimse. I ndáil leis sin, d'fhoilsigh an Coimisiún Teachtaireacht chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta agus chuig an nGrúpa Euro maidir le “freagairt eacnamaíoch chomhordaithe ar an ráig COVID‑19” ar an 13 Márta 2020. I réimse an gheilleagair, mhol an Coimisiún an Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas a chur ar bun, le haghaidh úsáid sholúbtha a bhaint as Cistí Struchtúracha an Aontais chun freagairt go solúbtha ar na riachtanais atá ag teacht chun cinn go mear sna hearnálacha is lú cosaint, amhail cúram sláinte, FBManna agus margaí saothair, agus chun cuidiú leis na críocha is mó a bhfuil difear á dhéanamh dóibh sna Ballstáit agus lena saoránaigh. Glacadh an moladh sin agus tháinig sé i bhfeidhm ar an 30 Márta. Ina theannta sin tá creat sealadach do bhearta státchabhrach glactha ag an gCoimisiún chun cur ar chumas na mBallstát úsáid a bhaint as an tsolúbthacht iomlán dá bhforáiltear faoi rialacha Státchabhrach chun tacú lena ngeilleagair. Thairis sin, d’iarr an Coimisiún ar an gComhairle a áirithiú go ndéanann institiúidí an Aontais an clásal ginearálta éalaithe faoin gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis a ghníomhachtú, agus cuirfidh institiúidí an Aontais an clásal sin i bhfeidhm mar chuid de straitéis an Aontais chun freagairt go tapa, go láidir agus ar bhealach fioscach comhordaithe ar phaindéim COVID‑19.

Tá gné dhaonna fíorshuntasach, chomh maith le tionchar diúltach socheacnamaíoch ollmhór, ag baint leis an ngéarchéim atá le sárú againn de dheasca phaindéim COVID‑19. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach go ngníomhóidh an tAontas agus na Ballstáit go cinntitheach agus le chéile, de mheon dlúthpháirtíochta, chun leathadh an víris a shrianadh, cuidiú le hothair, cur in aghaidh na ndrochthorthaí eacnamaíocha a thiocfaidh as agus na tionchair dhiúltacha shóisialta a mhaolú. Mar chuid den chomhfhreagairt chomhordaithe sin, glacadh freisin moladh an Choimisiúin raon feidhme Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (CDAE) a leathnú, chun éigeandálaí sláinte poiblí a chur san áireamh agus oibríochtaí sonracha is incháilithe do mhaoiniú a shainiú, rud a chuireann le dlúthpháirtíocht an Aontais do na Ballstáit agus iad ag dul i ngleic leis an staid éigeandála.

Mar a fógraíodh i dTeachtaireacht an 13 Márta 2020, tá an tAontas ullamh freisin chun tacú leis na Ballstáit nuair is féidir maidir leis an tionchar ar fhostaíocht daoine aonair agus ar na hearnálacha is measa atá buailte a mhaolú. An ionstraim nua um thacaíocht shealadach ar mhaithe le baol dífhostaíochta a mhaolú i staid éigeandála (SURE), is ionstraim bhreise shealadach í chun cúnamh airgeadais suas le 100 billiún ón Aontas a cheadú, i bhfoirm iasachtaí ón Aontas do na Ballstáit a bhfuil difear á dhéanamh díobh. Déanfar an dliteanas teagmhasach a eascraíonn ó na hiasachtaí sin ón Aontas a chomhoiriúnú leis na srianta atá ar bhuiséad an Aontais, trí ráthaíochtaí ó na Ballstáit i leith bhuiséad an Aontais arb é a bheidh iontu 25% de na hiasachtaí a thabharfar, agus tabharfaidh gach Ballstát an ráthaíocht sin i gcomhréir lena sciar áirithe d’Ollioncam Náisiúnta an Aontais. Cuirfear ar fáil le SURE cúnamh airgeadais breise anuas ar bhearta náisiúnta agus le cois na tacaíochta rialta ó dheontais arna soláthar chun críoch comhchosúil faoi Chiste Sóisialta na hEorpa.

Ba cheart ionstraim SURE a bheith ar fáil do Bhallstáit a bhfuil gá acu le hacmhainní airgeadais suntasacha a shlógadh chun iarmhairtí diúltacha eacnamúla agus sóisialta ráig de COVID‑19 a chomhrac ar a gcríoch. Le bunú SURE, cuirtear in iúl go soiléir arís dlúthpháirtíocht an Aontais, a n‑aontaíonn na Ballstáit dá réir tacú le chéile tríd an Aontas trí acmhainní airgeadais breise a chur ar fáil trí iasachtaí a thabhairt. Cuirfidh ionstraim SURE cúnamh airgeadais ar fáil do na Ballstáit chun dul i ngleic le méaduithe tobanna ar chaiteachas poiblí ar mhaithe le fostaíocht a chaomhnú. Go sonrach, feidhmeoidh ionstraim SURE mar líne chosanta thánaisteach trí thacú le scéimeanna oibre gearr-ama agus bearta comhchosúla, rud a chuideoidh le Ballstáit poist a chosaint agus, ar an gcaoi sin, fostaithe agus daoine féinfhostaithe a chosaint ar riosca na dífhostaíochta agus an chaillteanais ioncaim. Is éard atá i scéimeanna oibre gearr-ama cláir phoiblí a chuireann ar chumas cuideachtaí a bhfuil deacrachtaí eacnamaíocha acu uaireanta oibre a bhfostaithe a laghdú go sealadach, agus a thugann tacaíocht ioncaim phoiblí ón Stát do na fostaithe sin i leith na n‑uaireanta nár oibríodh. Tá scéimeanna den chineál céanna ann chun athsholáthar ioncaim a chur ar bun do dhaoine féinfhostaithe i staideanna éigeandála. Ba cheart coinníollacha, lena gcinnfear cén uair is féidir le Ballstáit tacaíocht a fháil faoin ionstraim seo, a leagan síos de réir tagairt don mhórmhéadú tobann atá tagtha de dheasca ráig COVID‑19 ar chaiteachas poiblí iarbhír agus ar chaiteachas poiblí a d’fhéadfadh a bheith pleanáilte freisin le haghaidh fostaíocht a chaomhnú, agus na coinníollacha sin a bheith bainteach go díreach le cruthú nó leathnú scéimeanna oibre gearr-ama agus beart comhchosúil eile a ghlacfar mar fhreagairt ar an ráig.

Is é an cruth a bheidh ar SURE scéim um iasachtaí a thabhairt, agus córas um ráthaíochtaí ó na Ballstáit mar bhonn taca fúithi. Cuirfidh an córas seo ar chumas an Aontais:

(1)méid na niasachtaí is féidir le hionstraim SURE a sholáthar do Bhallstáit a iarrann cúnamh airgeadais faoin ionstraim a mhéadú;

(2)a dhearbhú go bhfuil an dliteanas teagmhasach don Aontas a eascraíonn ón ionstraim comhoiriúnach leis na srianta atá ar bhuiséad an Aontais.

Chun go mbainfear amach an cuspóir atá beartaithe leis an gcur chuige sin, ní mór do na Ballstáit ráthaíochtaí inchreidte, neamh‑inchúlghairthe agus inghlaoite, a bheidh i gcomhréir lena sciar áirithe d’Ollioncam Náisiúnta an Aontais, a thabhairt don Aontas. Seachnófar leis an gcóras um ráthaíochtaí sin an gá atá le ranníocaíochtaí tosaigh airgid thirim ó na Ballstáit, agus cuirfear ar fáil an feabhsú creidmheasa is gá chun rátáil ard chreidmheasa a áirithiú agus chun acmhainní bhuiséad an Aontais a chosaint.

Anuas ar ráthaíochtaí arna dtabhairt ag Ballstáit, tá coimircí eile curtha isteach sa chreat ar mhaithe le seasmhacht airgeadais na scéime a áirithiú:

·Cur chuige dian agus coimeádach maidir le bainistíocht airgeadais;

·Déanamh a bheith ar an bpunann iasachtaí lena dteorannaítear an riosca chomhchruinnithe, na neamhchosanta bliantúla agus na neamhchosanta iomarcaí do Bhallstáit aonair, agus lena n‑áirithítear ag an am céanna gurbh fhéidir acmhainní leordhóthanacha a thabhairt do na Ballstáit is mó a bhfuil gá acu leo; agus

·Féidearthachtaí chun fiachais a thar-rolladh.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Cuireann an togra seo le hionstraim dlí eile de chuid an Aontais um thacaíocht a sholáthar do Bhallstáit i gcás éigeandálaí, mar atá Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (“Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002”). Glacadh ar an 30 Márta Rialachán (AE) 2020/461 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena leasaítear an ionstraim sin chun a raon feidhme a leathnú le haghaidh mór-éigeandálaí sláinte poiblí a chumhdach, agus oibríochtaí sonracha is incháilithe do mhaoiniú a shainiú.

Ionstraim bhuan is ea CDAE, ach b’ionstraim de chineál sealadach SURE. Ní hionann raon feidhme geografach dóibh, os do na Ballstáit amháin SURE, agus nach gcumhdaítear leis tíortha a bhfuil a n‑aontachas leis an Aontas Eorpach á chaibidliú acu. Tá an dá ionstraim comhsheasmhach le chéile, áfach, maidir lena raon feidhme téamach – dul i ngleic le géarchéimeanna móra a eascraíonn ó bhagairtí ar an tsláinte phoiblí, ar féidir chuige sin CDAE a úsáid ar bhonn buan, agus ionstraim SURE a úsáid i dtaca le cás áirithe ráig COVID‑19 amháin. Difríocht eile is ea go bhfuil CDAE deontasbhunaithe agus go gceadaíonn sé réamhíocaíochtaí. Iasachtbhunaithe atá ionstraim SURE.

D'fhéadfaí cúnamh airgeadais ón Aontas a shlógadh faoi ionstraim SURE ar thogra ón gCoimisiún chuig an gComhairle. Ba cheart don Bhallstát lena mbaineann tacaíocht a iarraidh. Sula gceadaíonn an Chomhairle cúnamh airgeadais faoi ionstraim SURE, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle leis an mBallstát lena mbaineann chun méid an mhórmhéadaithe thobainn atá tagtha, nó a bhfuil súil leis a theacht, ar chaiteachas poiblí i réimse na cosanta fostaíochta a mheas. Ba cheart don Bhallstát, agus tacaíocht á hiarraidh aige, fianaise a chur ar fáil maidir leis an mórmhéadú tobann ar chaiteachas iarbhír agus ar chaiteachas a d’fhéadfadh a bheith pleanáilte freisin. Glacann an Chomhairle cinneadh cur chun feidhme lena bhformheastar an cúnamh airgeadais, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, má chomhlíontar coinníollacha na hionstraime sin. Tabharfaidh an Coimisiún agus an Ballstát is faighteoir ar an iasacht comhaontú cur chun feidhme i gcrích. Leanann na hoibríochtaí is ábhartha, agus scrúdú á dhéanamh ar an gcaiteachas arna mhéadú go tobann, de bheith teoranta d’oibríochtaí éigeandála poiblí i réimse na cosanta fostaíochta arb í is cúis leo an ráig COVID‑19. Cuideoidh na hiasachtaí a thiocfaidh as sin le Ballstáit a gcaiteachas poiblí méadaithe a mhaoiniú sa réimse lena mbaineann scéimeanna oibre gearr-ama agus bearta comhchosúla agus, ar an gcaoi sin, fostaithe agus daoine féinfhostaithe a chosaint ar riosca na dífhostaíochta.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra seo mar chuid de réimse beart arna fhorbairt mar fhreagairt ar phaindéim reatha COVID‑19, amhail “an Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas”, agus comhlántar leis ionstraimí eile a thacaíonn le fostaíocht amhail Ciste Sóisialta na hEorpa agus Ciste na hEorpa d’Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS)/InvestEU. Leis sin cuirtear le teicníc a d’úsáid an tAontas don Sásra Cobhsaíochta Airgeadais Eorpach le linn na géarchéime airgeadais seo caite chun cúnamh airgeadais ón Aontas a chur ar fáil ar gearrfhógra do n Ballstáit a raibh deacrachtaí acu, nó a raibh deacrachtaí ag bagairt orthu a d’eascair as imeacht eisceachtúil nach raibh neart acu uirthi, agus tógtar freisin leis ar an gcreat nua do dhliteanais theagmhasacha dá bhforáiltear i Rialachán Airgeadais 2018. Trí úsáid a bhaint as iasachtaí a fháil agus a thabhairt ar mhaithe le tacú le Ballstáit i gcás áirithe seo na ráige de COVID‑19, is ionstraim shonrach í seo ab fhéidir le Ballstáit a úsáid go háirithe mar líne thánaisteach chosanta chun scéimeanna oibre gearr-ama agus bearta comhchosúla a mhaoiniú, rud a chuideoidh le poist a chosaint agus, ar an gcaoi sin, fostaithe agus daoine féinfhostaithe a chosaint ar riosca na dífhostaíochta.

Ba cheart breathnú ar an ionstraim shealadach seo mar oibríochtú éigeandála de Scéim Eorpach um Athárachas Dífhostaíochta i gcomhthéacs sainiúil ghéarchéim COVID‑19, gan dochar don fhéidearthacht go gcuirfí ionstraim bhuan ar bun ina dhiaidh sin faoi bhunús dlí difriúil de chuid CFAE.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 122 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) is bunús dlí don ionstraim seo. Is ar alt (1) agus alt (2) araon d’Airteagal 122 CFAE atá sé bunaithe.

An tógálacht darb ainm COVID‑19, is teagmhas eisceachtúil é a tháinig aniar aduaidh orainn, teagmhas atá ag cur chóras eacnamaíocha na mBallstát as a riocht go han‑mhór, teagmhas a dteastaíonn cur le chéile uainn agus sinn ag freagairt dó, cur le chéile agus meon na dlúthpháirtíochta. Is ar Airteagal 122(1) CFAE atá tógáil an chórais ráthaíochta bunaithe, agus is ar ranníocaíochtaí deonacha ó na Ballstáit leis an Aontas atá an córas sin bunaithe, ranníocaíochtaí atá ina seas taca faoin gcúnamh airgeadais faoi scáth ionstraim SURE. Is rud é an idirghabháil sin a thabharfadh léargas ar mheon na dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit, idirghabháil gona bearta iomchuí agus scéal an gheilleagair mar atá, é ar chaoi nach raibh sé riamh cheana de dheasca ráig COVID‑19. Dá bhrí sin, is rud é a bhfuil údar maith leis chun scéim na ráthaíochta a bhunú ar Airteagal 122(1) CFAE, scéim faoina dtacaítear leis an ionstraim.

Eagrú agus bainistiú scéim na n‑iasachtaí, is ar Airteagal 122(2) CFAE atá siad bunaithe araon, rud a fhágann ar chumas na Comhairle bunús sealadach ad hoc a chur faoi chúnamh airgeadais an Aontais, ar thogra ón gCoimisiún, i leith Ballstáit atá i gcruachás, nó Ballstát a bhfuil deacrachtaí móra ag bagairt air de dheasca tubaistí nádúrtha nó imeachtaí eisceachtúla a bhfuil sé gan smacht orthu de réir mar atá dálaí áirithe ag cur air. Bheadh an bunús dlí seo ina sheas taca faoi chomhchuid na hiasachta in ionstraim SURE.

Aon uair amháin go nuige seo a baineadh leas as Airteagal 122(2) CFAE. Le linn na géarchéime airgeadais, is é ba bhonn dlí le Sásra Cobhsaíochta Airgeadais Eorpach (EFSM) a chur ar bun go sealadach, sásra a bhí ina chuidiú do na Ballstáit a chaill cuid den rochtain nó iomlán na rochtana ar an margadh de dheasca, i measc rudaí eile, costas na n‑iasachtaí a bheith ag dul chun ainnise. Sin í an ionstraim ar bhain an tAontas leas as le hiasachtaí a chur ar fáil d’Éirinn agus don Phortaingéil, agus maoiniú idirlinne don Ghréig.

Is féidir Airteagal 122(2) CFAE a úsáid i gcás géarchéim eisceachtúil de chineál ar bith, agus bíonn fáil air i gcásanna seachas géarchéimeanna cobhsaíochta nó géarchéimeanna airgeadais. Tá sé de cheart ag an gComhairle discréid a thuairime féin a chleachtadh agus an comhlíonadh atá á dhéanamh ar choinníollacha an bhunúis dlí á mheas aige. Is follas gurb amhlaidh atá i gcás na mBallstát is mó atá buailte ag an mbagairt mhór ar tsláinte phoiblí atá i ráig COVID‑19 gona iarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Is éard is aidhm don togra tacú leis na Ballstáit atá i mbéal shuaitheadh mór eacnamaíochta de dheasca imeachtaí eisceachtúla ráig COVID‑19 d’fhonn dlúthpháirtíocht na hEorpa a léiriú leis na Ballstáit atá buailte go dona, dlúthpháirtíocht arb éard a bheadh ann cúnamh airgeadais ón Aontas ina iasachtaí sealadacha. Ar an dara fál cosanta, is amhlaidh is tacaíocht é don chaiteachas poiblí méadaithe atá ar rialtas na mBallstát sin, tacaíocht shealadach i leith scéimeanna oibre gearr-ama agus bearta eile den chineál sin, rud is cúnamh dóibh i gcosaint na bpost agus dá réir sin i gcosaint na bhfostaithe ar riosca na dífhostaíochta agus caillteanais ioncaim.

Bheadh a leithéid sin de thacaíocht ina chúnamh don daonra atá buailte, chuirfeadh sé dlús le filleadh ar dhálaí an ghnáthshaoil sna réigiúin atá buailte, agus mhaolódh sé an tionchar díreach a bheadh ag an ngéarchéim COVID‑19 seo ar an tsochaí agus ar an ngeilleagar.

Comhréireacht

Urramaítear leis an togra seo prionsabal na comhréireachta. Ní théann sé thar gach is riachtanach le cuspóirí na hionstraimí seo a bhaint amach.

An rogha ionstraime

Is ina Rialachán atá an Acht seo mar is rud é an tAcht lena chruthaítear ionstraim nua ar leith, ionstraim shealadach a d’fhéadfadh Ballstát ar bith a úsáid, ionstraim nach mór dó a bheith ceangailteach ina iomláine, ionstraim nach mór dó a bheith infheidhme go díreach sna Ballstáit go léir. Úsáideadh Rialachán ón gComhairle san am atá caite faoi Airteagal 122(2) CFAE le cúnamh airgeadais a bhunú le haghaidh na mBallstát, rud a tharla i gcomhthéacs na géarchéime airgeadais le nósanna imeachta agus cleachtais a bhunú, agus le measúnú a dhéanamh ar iarratais na mBallstát lenar bhain, agus le cúnamh airgeadais den chineál sin a chur chun feidhme go héifeachtach mear. Is éard a áirítear leis gur faoi scáth creat is iomchuí comhsheasmhach a dhéanfar cinntí cur chun feidhme sa Chomhairle le cúnamh airgeadais a sholáthar do na Ballstáit. Rialachán is infheidhme i ngach Ballstát, sin é an ionstraim dlí is iomchuí freisin le scéim na ráthaíochtaí a eagrú, scéim is seas taca faoi na hiasachtaí a íoctar faoi scáth ionstraim SURE, agus is amhlaidh atá arae is ar ranníocaíochtaí deonacha ó na Ballstáit ar fad atá sí bunaithe mar ionstraim.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Mar gheall ar a phráinní a bhí sé an togra a ullmhú ionas go bhféadfaidh an Chomhairle é a ghlacadh in am trátha, níorbh fhéidir comhairliúchán le páirtithe leasmhara a dhéanamh.

Measúnú tionchair

Mar gheall ar a phráinní a bhí sé an togra a ullmhú, ní raibh aon mheasúnú tionchair ann.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ba cheart go bhféadfadh an Choimisiún iasachtaí a chur i gconradh ar na margaí airgeadais, beart arb é críoch a bheadh leis na hiasachtaí sin a ligean chomh fada leis an mBallstát a d’iarr cúnamh airgeadais faoi scáth ionstraim SURE.

Is éard a bheidh i SURE scéim iasachtaí dar luach nach rachaidh thar 100 billiún, scéim a mbeidh córas ráthaíochtaí ó na Ballstáit ina sheas taca faoi. Cuirfidh an scéim seo ar a chumas don Aontas na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(2)cur leis an téagar atá sna hiasachtaí is féidir a sholáthar do na Ballstáit faoi scáth na hionstraime SURE, is é sin Ballstáit a d’iarr cúnamh airgeadais faoi scáth na hionstraime;

(3)a áirithiú maidir leis an dliteanas teagmhasach atá ar an Aontas, dliteanas a eascraíonn ón ionstraim, gur dliteanas é atá comhoiriúnach le srianta buiséadacha an Aontais.

Ionas go mbeidh an cur chuige seo ina chosán i dtreo na críche atá beartaithe, ní mór do na Ballstáit ráthaíochtaí inchreidte neamh‑inchúlghairmthe inghlaoite a chur ar fáil don Aontas i gcomhréir le gach sciar is leo faoi seach d’Ollioncam Náisiúnta iomlán an Aontais. Córas seo na ráthaíochtaí, fágfaidh sé nach mbeifear i dtuilleamaí ranníocaíochtaí a bheadh le híoc ar an toirt ina airgead tirim ag na Ballstáit (caipiteal a íoctar isteach), agus san am céanna tabharfaidh siad feabhas creidmheasa i gceist, feabhas is gá le rátáil ard creidmheasa a áirithiú, agus le hacmhainní an Aontais a chosaint.

Mar aon le soláthar ráthaíochtaí na mBallstát, tá coimircí eile ina mbunchuid den chreat ionas gur scéim í a bheidh daingean ó thaobh an airgeadais de:

·Cur chuige dian coimeádach i leith na bainistíochta airgeadais;

·An punann iasachtaí a thógáil ar bhealach a chuireann teorainn leis an riosca comhchruinnithe, leis an neamhchosaint bhliantúil agus leis an neamhchosaint iomarcach i gcás Ballstáit ar leith, ar bhealach a áiritheoidh san am céanna gur féidir acmhainní leordhóthanacha a thabhairt do na Ballstáit is géire a n‑easpa; agus

·Féidearthachtaí a bheith ann leis na fiacha a thar-rolladh.

5.EILIMINTÍ EILE

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

In Airteagal 1 den Rialachán ón gComhairle atá á bheartú, tá foráil i dtaobh bhunú na Ionstraime Eorpaí le haghaidh Tacaíocht shealadach chun Rioscaí Dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE) tar éis ráig COVID‑19. Ó tharla an bonn dlí atá faoi mar atá, is ionstraim ad hoc shealadach a bheadh inti seo. Bheadh cúnamh airgeadais le baint aisti faoi scáth Airteagal 220 den Rialachán Airgeadais chun tacú le Ballstáit atá i mbéal shuaitheadh mór eacnamaíochta de dheasca imeachtaí eisceachtúla ráig COVID‑19.

In Airteagal 2 den Rialachán atá á bheartú, tá béim ar an tuiscint gur ionstraim den chineál comhlántach atá in ionstraim SURE. Is é ba cheart gur chomhlánú a bheadh ann ar an dícheall a dhéanann na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta, agus tá cumhdach ann ar chuid den mhéadú tromchúiseach tobann ar an gcaiteachas poiblí, méadú arb éard is cúis leis ná seo: an dícheall is gá i leigheas na n‑iarmhairtí diúltacha atá ar an ngéarchéim COVID‑19. Is féidir úsáid a bhaint as ionstraim SURE gan úsáid ionstraimí ábhartha an Aontais eile a chur as an áireamh, ionstraimí a chuimsíonn gnéithe sonracha de bhagairtí móra do tsláinte phoiblí, agus don ionstraim tacaíochta airgeadais, Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (CDAE) mar shampla.

Is in Airteagal 3 den Rialachán atá á bheartú atá cur síos ar na coinníollacha a ghabhann leis an ionstraim a chur ag obair. Más é is mian leis na Ballstáit, féadfaidh siad cúnamh airgeadais a iarraidh má thagann mórmhéadú tobann ar an gcaiteachas iarbhír a bhí le bheith acu i réimse na fostaíochta , méadú de dheasca freagairt náisiúnta ar ráig COVID‑19. An tacaíocht a bheidh ann faoi scáth na hionstraime SURE, ba cheart thar aon ní gur thacaíocht é do na Ballstáit a bhfuil tuilleadh meáchain san ualach airgeadais atá orthu, tacaíocht le haghaidh scéim oibre gearr-ama agus bearta eile den chineál sin is cúnamh le poist a chosaint agus dá brí sin leis na fostaithe a chosaint ar rioscaí na dífhostaíochta agus an chaillteanais ioncaim.

Is é an chéad rud a thugtar chun cruinnis in Airteagal 4 den Rialachán atá á bheartú gurb éard a bheidh sa chúnamh airgeadais faoin ionstraim SURE atá á bheartú ná iasacht a dheonófar don Bhallstát lena mbaineann. Ar an dara dul síos, tá foráil ann maidir lena chur ar a chumhacht agus ar a chumas don Choimisiún iasachtaí a chur i gconradh ar na margaí airgeadais arb é críoch a bheadh leo iad a ligean chomh fada leis na Ballstáit lena mbaineann.

Is in Airteagal 5 den Rialachán atá á bheartú a shonraítear uasmhéid an chúnaimh airgeadais ón Aontas is féidir a sholáthar faoin ionstraim SURE. Is méid airgid nach mó ná EUR 100 billiún atá i gceist leis.

Is in Airteagal 6 den Rialachán atá á bheartú a bhunaítear an nós imeachta um dheonú tapa an chúnaimh airgeadais do na Ballstáit. Nuair a bheidh iarratas ann ó Bhallstát, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an mBallstát féachaint le fíorú a fháil ar mhéid an ardaithe a bheidh ar an gcaiteachas poiblí, caiteachas a bhfuil baint aige go díreach le scéimeanna oibre gearr-ama agus le bearta eile den chineál sin i gcomhair daoine féinfhostaithe. Is amhlaidh freisin is cúnamh don Choimisiún atá i gcomhairliúchán dá leithéid le ceart‑mheastóireacht a dhéanamh ar théarmaí na hiasachta. Ba cheart leithéidí na n‑eilimintí seo a leanas a thabhairt chun cruinnis: luach na hiasachta, an uastréimhse aibíochta, an phraghsáil, an tréimhse a mbeidh tacaíocht ar fáil, agus na módúlachtaí teicniúla le aghaidh an chur chun feidhme.

Is in Airteagail 7 go 10 den Rialachán atá á bheartú atá na rialacha nós imeachta maidir le híocaíocht agus cur chun feidhme na tacaíochta iasachta faoi scáth ionstraim SURE. Rud is sonraí ná sin, tá plé iontu ar rialacha na híocaíochta, ar iarraidh agus ar thabhairt na n‑iasachtaí, ar na rialacha stuamachta is infheidhme maidir leis an bpunann iasachtaí faoi scáth an ionstraim, agus ar riar na n‑iasachtaí.

Is in Airteagal 11 den Rialachán atá á bheartú atá cur síos ar shásra cistiúcháin an ionstraim. Tabhairt seo an airgid ar iasacht do na Ballstáit faoi scáth na hionstraime, is rud é a mbeidh córas ráthaíochtaí ó na Ballstáit ina sheas taca faoi, ráthaíochtaí ó na Ballstáit atá tiomanta don Aontas ar bhonn deonach. Fágfaidh an córas go bhféadfaidh an tAontas cur leis an téagar atá sa chúnamh airgeadais trí bhíthin iasachtaí a d’fhéadfaí a sholáthar do na Ballstáit faoi scáth na hionstraime SURE. Na ráthaíochtaí a ghealltar don Aontas, ba cheart iad a bheith neamh‑inchúlghairmthe neamhchoinníollach, ba cheart iad a bheith ar éileamh, agus ba cheart iad a leagan síos i gcomhaontú a thabharfaí i gcrích idir an Coimisiún agus na Ballstáit. Ranníocaíochtaí den chineál sin, is ioncam seachtrach sannta a bheadh iontu.

Is le hAirteagal 12 den Rialachán atá á bheartú a shocraítear riail i leith teacht a bheith ar an ionstraim. Ní bheidh cúnamh airgeadais an Aontais faoi ionstraim Sure ar fáil ach amháin tar éis na huaire a bheidh gealltanas i leith a gcuid ráthaíochtaí tugtha don Aontas ag na Ballstáit ar fad.

Is in Airteagail 13 agus 14 den Rialachán atá á bheartú a leagtar síos rialacha i leith an rialaithe, i leith na hiniúchóireachta, agus i leith an tuairiscithe.

Ar deireadh fós, tugann Airteagal 15 den Rialachán atá á bheartú le fios go soiléir nach mbeidh feidhm ag an ionstraim ar an Ríocht Aontaithe, arae faoi Airteagal 143(1) den Chomhaontú maidir le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach don Fhuinneamh Adamhach 1 , an dliteanas atá ar an Ríocht Aontaithe as ucht a chion féin de dhliteanais theagmhasacha an Aontais, is dliteanas é dar teorainn na dliteanais theagmhasacha a eascraíonn ó oibríochtaí a rinne an tAontas roimh an dáta a tharraing an Ríocht Aontaithe siar ón Aontas. Má bhíonn dliteanas teagmhasach ar an Aontas, dliteanas a eascraíonn ó chúnamh airgeadais faoi scáth an Rialacháin seo, is dliteanas é a tharlódh i ndiaidh an dáta a tharraing an Ríocht Aontaithe siar ón Aontas. Dá bhrí sin, ní ceart don Ríocht Aontaithe páirt a ghlacadh sa chúnamh airgeadais faoi scáth an Rialacháin seo.

2020/0057 (NLE)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

maidir le bunú ionstraime Eorpaí le haghaidh tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE) tar éis ráig COVID‑19

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 122 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le hAirteagal 122(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’) ligtear don Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún agus de mheon dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit, cinneadh a dhéanamh maidir le bearta iomchuí chun freagairt don staid shocheacnamaíoch tar éis ráig COVID19.

(2)Le hAirteagal 122(2) CFAE cumasaítear don Chomhairle cúnamh airgeadais ón Aontas a dheonú do Bhallstát a bhfuil deacrachtaí aige nó atá faoi dhianbhagairt de dheasca tarluithe eisceachtúla nach bhfuil neart aige orthu.

(3)Is é atá sa ghéarshiondróim throm riospráide coróinvíreas2 (SARSCoV-2),arb é is cúis leis an ngalar coróinvíris agus ar thug an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) COVID19 uirthi, tréithchineál nua coróinvíris nár aithníodh cheana sa duine. Tá forbairt thapa ag teacht ar ráig dhomhanda an víris sin agus tá sé fógartha ag EDS gur paindéim atá ann. Ón uair a thosaigh an ráig san Aontas go dtí an 30 Márta 2020, tá 334,396 chás agus bás 22,209 duine tuairiscithe sna Ballstáit.

(4)Tá bearta urghnácha curtha chun feidhme ag na Ballstáit chun ráig COVID19 agus tionchar na ráige sin a shrianadh. An dóchúlacht go ndéanfar COVID19 a tharchur a thuilleadh san Aontas, meastar gur ard an dóchúlacht é. Anuas ar na tionchair atá ag ráigeanna COVID19 ar an tsláinte phoiblí, mar atá líon mór básanna i ngrúpaí ardriosca, amhail daoine scothaosta agus daoine i riochtaí foluiteacha ainsealacha, is iad is cúis le tionchar ollmhór suaiteach ar chórais eacnamaíocha na mBallstát, le suaitheadh sochaíoch agus le méadú ar chaiteachas poiblí i líon méadaitheach Ballstát.

(5)An staid eisceachtúil sin, staid nach bhfuil aon neart ag na Ballstáit air agus nach bhfuil cuid shuntasach dá bhfórsa saothair in ann dul ag obair, is é is toradh léi mórmhéadú tobann ar chaiteachas poiblí na mBallstát ar scéimeanna oibre gearr-ama d’fhostaithe agus ar bhearta comhchosúla do dhaoine féinfhostaithe. Is gá sin le chur ar a gcumas do na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar an mórmhéadú tobann ar an gcaiteachas poiblí go dtí go mbeidh smacht acu ar ráig COVID19 agus ar an tionchar atá aici ar an bhfórsa saothair.

(6)Le cruthú ionstraime Eorpaí um thacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála tar éis ráig COVID19 (SURE), ba cheart an tAontas a bheith in ann freagairt don ghéarchéim sa mhargadh saothair ar bhealach comhordaithe mear éifeachtach agus de mheon dlúthpháirtíochta i measc na mBallstát, agus, ar an gcaoi sin, an tionchar ar an bhfostaíocht a laghdú le haghaidh daoine aonair agus le haghaidh na nearnálacha is mó a bhfuil tionchar orthu agus éifeachtaí díreacha na staide eisceachtúla ar chaiteachas poiblí na mBallstát a mhaolú.

(7)De réir Airteagal 220 de Rialachán (AE, Euratom) 1046/2018 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2 , féadfaidh an cúnamh airgeadais a fhaigheann na Ballstáit ón Aontas a bheith i bhfoirm iasachtaí. Ba cheart na hiasachtaí sin a thabhairt do na Ballstáit nuair is é toradh a bhí ar ráig COVID19 mórmhéadú tobann ar chaiteachas iarbhír, agus ar chaiteachas a d’fhéadfadh a bheith pleanáilte, i ngeall ar bhearta náisiúnta a glacadh ó bhí an 1 Feabhra 2020 ann. Áirithítear leis an dáta sin cóir chomhionann do na Ballstáit uile, agus cuirtear cumhdach ar fáil leis le haghaidh a gcaiteachas iarbhír agus le haghaidh méaduithe a d’fhéadfadh a bheith pleanáilte ar a gcaiteachas a bhaineann leis na héifeachtaí ar mhargaí saothair na mBallstát gan beann ar an uair a tharla ráig COVID19 i ngach Ballstát. Ba cheart go mbeadh baint dhíreach ag na bearta a glacadh ón dáta sin le scéimeanna oibre gearr-ama a chruthú nó síneadh ama a chur leo agus le bearta comhchosúla, bearta do dhaoine féinfhostaithe san áireamh. Is éard atá i scéimeanna oibre gearr-ama cláir phoiblí a chuireann ar chumas cuideachtaí, faoi chúinsí áirithe, a bhfuil deacrachtaí eacnamaíocha acu uaireanta oibre a bhfostaithe a laghdú, agus cuirtear tacaíocht ioncaim phoiblí ar fáil do na hoibrithe i leith na nuaireanta nár oibríodh. Tá scéimeanna den chineál céanna ann chun athsholáthar ioncaim a chur ar bun le haghaidh daoine féinfhostaithe. An Ballstát a iarrann cúnamh airgeadais, ba cheart dó fianaise a sholáthar maidir leis an mórmhéadú tobann ar chaiteachas iarbhír agus ar chaiteachas a d’fhéadfadh a bheith beartaithe le haghaidh scéimeanna oibre gearr-ama nó bearta comhchosúla eile.

(8)Ionas go gcuirfear acmhainní airgeadais leordhóthanacha ar fáil do na Ballstát a ndéantar difear dóibh le go mbeidh siad in ann déileáil le tionchar ráig COVID19 ar a margadh saothair, ba cheart gníomhaíochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe an Aontais faoi SURE a bheith sách mór. Dá bharr sin ba cheart na hiasachtaí a eisíonn an tAontas a mhaoiniú trí dhul ar iontaoibh margaí caipitil idirnáisiúnta.

(9)Is ollmhór suaiteach an tionchar atá ag ráig COVID19 ar chórais eacnamaíocha na mBallstát uile. Dá dheasca sin tá ranníocaíochtaí comhchoiteanna ó na Ballstáit, i bhfoirm ráthaíochtaí lena dtacaítear leis na hiasachtaí ó bhuiséad an Aontais, de dhíth. Tá na ráthaíochtaí sin riachtanach le go mbeidh an tAontas in ann iasachtaí mór a dhóthain a thabhairt do na Ballstáit, na margaí saothair is mó a bhfuil brú ar a mbeartais maidir leis an margadh saothair. Lena áirithiú go mbeidh an dliteanas teagmhasach a eascraíonn ó na hiasachtaí a dheonaíonn an tAontas faoi SURE comhoiriúnach leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil is infheidhme agus leis na huasteorainneacha acmhainní eile, ba cheart na ráthaíochtaí a thugann na Ballstáit a bheith neamhinchúlghairthe, neamhchoinníollach, ba cheart iad a bheith ar éileamh, agus an tráth céanna, ba cheart do choimircí breise cur le stóinseacht an chórais.

(10)Is éard is ceart a bheith sna coimircí breise ar cheart dóibh cur le stóinseacht an chórais, beartas coimeádach bainistíochta airgeadais, neamhchosaint bhliantúil uasta agus éagsúlú leordhóthanacha na punainne iasachta.

Is éard atá sna hiasachtaí a dheonófar faoin ionstraim seo cúnamh airgeadais de réir bhrí Airteagal 220 de Rialachán (AE, Euratom) 1046/2018. I gcomhréir le hAirteagal 282(3), pointe (g), de Rialachán (AE, Euratom) 1046/2018, beidh feidhm ag Airteagal 220 maidir leis na hiasachtaí arna ndeonú faoin ionstraim seo ó dháta chur i bhfeidhm an chreata airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na tréimhse tar éis 2020. Mar sin féin, is iomchuí go bhfuil feidhm ag na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 220(5) de Rialachán(AE, Euratom) 1046/2018 maidir le hoibríochtaí airgead a fháil ar iasacht agus airgead a thabhairt ar iasacht cheana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(11)D’fhonn an dliteanas teagmhasach a eascraíonn ó iasachtaí arna ndeonú ag an Aontas faoin ionstraim seo a chur i gcomhoiriúint leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil is infheidhme agus le huasteorainneacha acmhainní dílse ní mór rialacha stuamachta a leagan síos, lena náirítear an deis na hiasachtaí a ndearna an tAontas conradh ina leith a thar-rolladh.

(12)I bhfianaise na nimpleachtaí airgeadais ar leith a bhaineann leis na cinntí, ceanglaítear leo cúnamh airgeadais ón Aontas a dheonú de bhun an Rialacháin seo cumhachtaí cur chun feidhme a fheidhmiú, cumhachtaí ba cheart a thabhairt don Chomhairle.

(13)Teorannaítear le hAirteagal 143(1) den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh 3 Adamhach dliteanas na Ríochta Aontaithe as a sciar de dhliteanais theagmhasacha an Aontais i leith na ndliteanas teagmhasacha a eascraíonn ó oibríochtaí a rinne an tAontas roimh dháta tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas. Aon dliteanas teagmhasach don Aontas a thagann as cúnamh airgeadais faoin Rialachán seo, ní bheadh feidhm aige go dtí tar éis dháta tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas. Dá bhrí sin, níor cheart don Ríocht Aontaithe páirt a ghlacadh sa chúnamh airgeadais faoin Rialachán seo.

(14)De bhrí gur den chineál sealadach í an ionstraim lena dtugtar aghaidh ar ráig COVID19, ba cheart don Choimisiún a athbhreithniú an ann fós, gach sé mhí, do na cúinsí eisceachtúla is cúis leis an suaitheadh tromchúiseach sna Ballstáit.

(15)I bhfianaise thionchar ráig COVID19, agus na ghá atá ann le freagairt ar iarmhairtí na ráige sin, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bunú ionstraime Eorpaí le haghaidh tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (“an Ionstraim”)

1. Bunaítear leis seo an Ionstraim Eorpach le haghaidh tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE), ina dhiaidh seo “an Ionstraim”, chun dul i ngleic le tionchar ráig COVID‑19 agus na hiarmhairtí socheacnamaíocha a bhaineann léi.

2. Leagtar síos leis an Rialachán sin na coinníollacha agus na nósanna imeachta lena gcuirfí ar chumas an Aontais cúnamh airgeadais a chur ar fáil do Bhallstát, atá faoi shuaitheadh eacnamaíoch tromchúiseach nó a bhfuil dianbhagairt air de bharr ráig COVID‑19, maidir le obair ghearr-ama a mhaoiniú nó bearta comhchosúla atá dírithe ar fhostaithe agus daoine féinfhostaithe a chosaint agus ar an gcaoi sin an dífhostaíocht agus an caillteanas ioncaim a laghdú.

Airteagal 2

Cineál comhlántach na hIonstraime

Comhlánófar leis an Ionstraim na bearta náisiúnta atá glactha ag na Ballstáit lena mbaineann trí chúnamh airgeadais a chur ar fáil chun cabhrú leo déileáil leis an mórmhéadú tobann ar chaiteachas poiblí iarbhír agus ar chaiteachas poiblí a d’fhéadfadh a bheith pleanáilte freisin atá ceaptha éifeachtaí díreacha diúltacha eacnamaíocha agus sóisialta de dheasca tarlaithe eisceachtúil ráig Covid‑19 a mhaolú.

Airteagal 3

Coinníollacha maidir le húsáid na hIonstraime

1.    Féadfaidh Ballstát cúnamh airgeadais a iarraidh i gcás ina bhfuil mórmheadú tobann tagtha ar a chaiteachas poiblí pleanáilte iarbhír agus ar a chaiteachas poiblí a d’fhéadfadh a bheith pleanáilte freisin amhail ón 1 Feabhra 2020 de bharr ghlacadh na mbeart náisiúnta a bhaineann go díreach le scéimeanna oibre gearr-ama agus bearta comhchosúla chun dul i ngleic leis na héifeachtaí eacnamaíocha agus sóisialta atá ann de dheasca an tarlaithe eisceachtúil mar thoradh ar ráig COVID‑19.

2. Úsáidfidh na Ballstáit is tairbhithe cúnamh airgeadais an Aontais faoin Ionstraim sin chun tacú le scéimeanna náisiúnta a thacaíonn le obair ghearr-ama nó bearta comhchosúla.

Airteagal 4

Cineálacha cabhrach airgeadais

An cúnamh airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 3, beidh sé i bhfoirm iasachta arna deonú leis an mBallstát lena mbaineann. Chun na críche sin, agus i gcomhréir le cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle arna ghlacadh de bhun Airteagal 6(1), tabharfar de chumhacht don Choimisiún iasachtaí a fháil ar na margaí caipitil nó ó institiúidí airgeadais thar ceann an Aontais an tráth is iomchuí chun costas an chistithe a bharrfheabhsú agus a chlú féin mar eisitheoir an Aontais sna margaí a chaomhnú.

Airteagal 5

Uasmhéid an chúnaimh airgeadais

Ní rachaidh uasmhéid an chúnaimh airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 3 thar EUR 100 000 000 000 le haghaidh na mBallstát go léir.

Airteagal 6

Nós imeachta maidir le cúnamh airgeadais a iarraidh

1.Cuirfear an cúnamh airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 3 ar fáil trí chinneadh arna ghlacadh ag an gComhairle trí ghníomh cur chun feidhme, ar thogra ón gCoimisiún.

2.Sula gcuirfear togra faoi bhráid na Comhairle, rachaidh an Coimisiún i gComhairle leis an mBallstát lena mbaineann gan moill mhíchuí chun fíorú a dhéanamh maidir leis an mórmhéadú tobann ar chaiteachas iarbhír agus ar chaiteachas a d’fhéadfadh a bheith pleanáilte freisin a bhaineann go díreach le scéimeanna oibre gearr-ama agus bearta comhchosúla sa Bhallstát a iarann an tacaíocht, agus a bhfuil baint acu leis an tarlú eisceachtúil atá ann mar thoradh ar ráig COVID19. Chun na críche sin, cuirfidh an Ballstát fianaise iomchuí ar fáil don Choimisiún. Ina theannta sin déanfaidh an Coimisiún fíorú maidir le comhlíonadh na rialacha stuamachta dá dtagraítear in Airteagal 9.

3.Áireofar na nithe seo a leanas sa chinneadh dá dtagraítear in Airteagal 3 maidir le cúnamh airgeadais a chur ar fáil:

(a)méid na hiasachta, a uasmheántréimhse aibíochta, a foirmle phraghsála, líon uasta na dtráthchodanna, a tréimhse infhaighteachta agus na rialacha mionsonraithe eile is gá le haghaidh cúnamh airgeadais a dheonú;

(b)measúnú ar chomhlíontacht an Bhallstáit leis na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 3;

(c)tuairisc ar na scéimeanna náisiúnta gearr-ama nó bearta comhchosúla a fhéadfar a mhaoiniú.

Airteagal 7
An iasacht a íoc amach

Íocfar amach, an iasacht dá dtagraítear in Airteagal 6(3) ina tráthchodanna.

Airteagal 8
Oibríochtaí trína bhfaightear agus trína dtugtar iasachtaí

4.Is in euro a dhéanfar na hoibríochtaí trína bhfaightear agus trína dtugtar iasachtaí dá dtagraítear in Airteagal 4.

5.Déanfaidh an Ballstát is tairbhí agus an Coimisiún saintréithe na hiasachta dá dtagraítear in Airteagal 6(3), pointe (a) a chomhaontú i gComhaontú Iasachta. Áireofar leis an gcomhaontú sin na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 220(5) de Rialachán (AE, Euratom) 1046/2018.

6.Arna iarraidh sin don Bhallstát is tairbhí, agus i gcás inar féidir ráta úis na hiasachta a bheith níos fabhraí, féadfaidh an Coimisiún a iasachtaí tosaigh a athmhaoiniú ina niomláine nó i bpáirt nó na coinníollacha airgeadais comhfhreagracha a athstruchtúrú.

7.Coinneofar an Coiste Eacnamaíoch agus Airgeadais ar an eolas maidir leis an athmhaoiniú agus athstruchtúrú dá dtagraítear i mír 3.

Airteagal 9
Na rialacha stuamachta is infheidhme don phunann iasachtaí

8.Ní rachaidh sciar na niasachtaí arna ndeonú do na trí Bhallstát a chuimsíonn an sciar is mó de na hiasachtaí, thar 60% den mhéid dá dtagraítear in Airteagal 5.

9.Ní rachaidh na méideanna a bheidh le híoc ag an Aontas i mbliain áirithe thar 10% den mhéid dá dtagraítear in Airteagal 5.

10.I gcás nach ndéanann Ballstát aisíocaíocht, féadfaidh an Coimisiún na hiasachtaí a ndearna an tAontas conradh ina leith a thar-rolladh.

Airteagal 10
Riar na n‑iasachtaí

11.Cuirfidh an Coimisiún na socruithe riachtanacha ar bun le haghaidh riar na niasachtaí le BCE.

12.Osclóidh an Ballstát is tairbhí cuntas speisialta lena bhanc ceannais náisiúnta le haghaidh bainistíocht a dhéanamh ar an gcúnamh airgeadais a bhfaighfear. Ar a bharr sin, aistreoidh sé an prionsabal agus an tús atá dlite faoin iasacht chuig cuntas de chuid an Aontais le BCE fiche lá oibre TARGET2 roimh an dáta dlite comhfhreagrach.

Airteagal 11
Ranníocaíochtaí i bhfoirm ráthaíochtaí ó na Ballstáit

13.Féadfaidh Ballstáit rannchuidiú leis an Ionstraim trí chontra-ráthaíocht a thabhairt maidir leis an riosca lena seasann an tAontas.

14.Is i bhfoirm ráthaíochtaí neamhinchúlghairthe neamhchoinníollacha ar éileamh a chuirfear ranníocaíochtaí ó na Ballstáit ar fáil.

Tabharfaidh an Coimisiún comhaontú i gcrích leis an mBallstát is ranníocóir maidir leis na ráthaíochtaí neamh‑inchúlghairthe neamhchoinníollacha ar éileamh. Leagfar amach leis an gcomhaontú na coinníollacha íocaíochta.

15.Déanfar glaonna ar ráthaíochtaí arna gcur ar fáil ag na Ballstáit ar bhonn pari passu . I gcás nach gcomhlíonfaidh Ballstát glao in am, beidh sé de cheart ag an gCoimisiún glaonna breise a dhéanamh ar ráthaíochtaí a chuireann na Ballstáit eile ar fáil ar bhonn pari passu suas go dtí na méideanna iomlána arna ranníoc. Aisíocfar na ranníocaíochtaí breise sin chuig na Ballstáit as na méideanna arna naisghabháil.

16.Cumhdófar leis na ranníocaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 ioncam sannta seachtrach, de réir bhrí Airteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 1046/2018 a ghabhann leis an Ionstraim seo.

Airteagal 12
Infhaighteacht na hIonstraime

17.Ní bheidh an cúnamh airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 3 ar fáil ach amháin tar éis do na Ballstáit uile ranníocaíochtaí a dhéanamh leis an Ionstraim leis na ranníocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 11(1) méid arb é 25 faoin gcéad ar a laghad den mhéid dá dtagraítear in Airteagal 5, ar choinníoll go gcomhfhreagróidh sciaranna coibhneasta ranníocaíochtaí gach Ballstáit de mhéid iomlán ranníocaíochtaí na mBallstát le sciaranna coibhneasta na mBallstát i dtaca le hOllioncam Náisiúnta an Aontais, de réir cholún (1) de Thábla 3 de chuid A “Tabhairt isteach agus maoiniú bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh”, de chuid an bhuiséid a bhaineann le hioncam le haghaidh 2020 a leagtar amach i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh le haghaidh na bliana airgeadais 2020, arna ghlacadh an 27 Samhain 2019 4 .

18.Cuirfidh an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas nuair a bheidh an Ionstraim ar fáil.

Airteagal 13
Rialú agus iniúchtaí

Áireofar leis an gcomhaontú dá dtagraítear in Airteagal 8(1) na forálacha is gá maidir le rialuithe agus iniúchtaí mar a cheanglaítear le hAirteagal 220(5) de Rialachán (AE, Euratom) 1046/2018.

Airteagal 14
Tuairisciú

Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, an Coiste Eacnamaíoch agus Airgeadais, an Coiste Fostaíochta agus chuig an an gComhairle maidir le húsáid an chúnaimh airgeadais agus leanúint ar aghaidh na dtarlaithe eisceachtúla lena dtugtar údar cuí le feidhmiú an Rialacháin sin, laistigh de sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin sin agus sé mhí ina dhiaidh sin i gcomhthéacs Airteagal 250 de Rialachán (AE, Euratom) 1046/2018.

Airteagal 15
Infheidhmeacht

Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an Ríocht Aontaithe nó sa Ríocht Aontaithe. Ní thabharfar le fios le tagairtí do Bhallstáit sa Rialachán seo gur tagairtí don Ríocht Aontaithe iad.

Airteagal 16
Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

1.4.Cuspóirí

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle maidir le bunú Ionstraime Eorpaí le haghaidh Tacaíocht shealadach chun Rioscaí Dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE) tar éis ráig COVID‑19

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 5  

Ní bhaineann le hábhar

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

X Baineann an togra/tionscnamh le beart nua 

 Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 6  

 Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana 

 Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

Ní bhaineann le hábhar.

Is beart éigeandála é an Rialachán atá beartaithe, beart a mhol an Coimisiún don Chomhairle d'fhonn cúnamh airgeadais ón Aontais a sholáthar do na Ballstáit de mheon na dlúthpháirtíochta chun fostaíocht a chosaint trí thacú le scéimeanna oibre gearr-ama d'oibrithe agus le bearta comhchosúla do dhaoine féinfhostaithe tar éis ráig COVID‑19.

1.4.2.Cuspóirí sonracha agus gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Cuspóir sonrach Uimh.

Ní bhaineann le hábhar

Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Ní bhaineann le hábhar

1.4.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Is é is aidhm don ionstraim SURE atá beartaithe na rialacha a leagan síos lena gcumasaítear don Aontas cúnamh airgeadais a chur ar fáil do Bhallstát atá ag dul i ngleic le suaitheadh mór eacnamaíoch, nó Ballstát a bhfuil bagairt thromchúiseach air ina leith sin, mar gheall ar ghéarchéim COVID‑19, chun maoiniú a thabhairt d'obair ghearr-ama nó bearta comhchosúla arb é is aidhm dóibh fostaithe nó daoine féinfhostaithe a chosaint agus mar sin minicíocht na dífhostaíochta a laghdú.

Go sonrach, beidh an ionstraim SURE ina cosaint bhreise, trí thacú le scéimeanna oibre gearr-ama agus bearta comhchosúla, chun cuidiú leis na Ballstáit poist a chosaint agus, ar an gcaoi sin, fostaithe agus daoine féinfhostaithe a chosaint ar riosca na dífhostaíochta. Maidir leis na coinníollacha lena socraítear cén uair a d'fhéadfadh Ballstát tairbhiú de thacaíocht faoin ionstraim seo, ba cheart na coinníollacha sin a shuí le tagairt a dhéanamh don mhórmhéadú tobann ar chaiteachas poiblí iarbhír, agus ar chaiteachas poiblí a d’fhéadfadh a bheith pleanáilte freisin, méadú a tharla mar gheall ar ráig COVID‑19, agus ba cheart na coinníollacha sin a bheith bainteach go díreach le cruthú nó síneadh scéimeanna oibre gearr-ama agus le bearta comhchosúla eile a rinneadh mar fhreagairt ar an víreas.

1.4.4.Táscairí lena léireofar torthaí agus tionchar

Sonraigh na táscairí lena léireofar an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

Ní bhaineann le hábhar

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Tá an ionstraim SURE atá beartaithe bunaithe ar Airteagal 122(1) agus (2) CFAE.

Leis an mbunús dlí, forordaítear:

- gur féidir leis an Aontas bearta iomchuí a dhéanamh chun an staid eacnamaíoch shonrach a fhreagairt de mheon na dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit.

- gur féidir cúnamh airgeadais ón Aontas a dheonú i gcás ina bhfuil deacrachtaí ag Ballstát nó ina bhfuil deacrachtaí ag bagairt ar Bhallstát mar gheall ar eachtra eisceachtúil nach mbeadh neart aige air, ach beidh sé faoi réir coinníollacha.

Faoi láthair tá na Ballstáit ag dul i ngleic le suaitheadh mór eacnamaíoch mar gheall ar ráig COVID‑19, rud a imríonn tionchair shocheacnamaíocha dhiúltacha ar na Ballstáit.

1.5.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais

Tá sé d'aidhm ag an togra tacaíocht airgeadais a thairiscint de mheon na dlúthpháirtíochta Eorpaí do na Ballstáit atá buailte go mór leis an víreas. Le cúnamh airgeadais den sórt sin tugtar tacaíocht shealadach don mhéadú ar chaiteachas poiblí na mBallstát trí bhíthin línte iasachta chun scéimeanna oibre gearr-ama agus bearta comhchosúla eile a chruthú nó a shíneadh. Tá sé ina chosaint bhreise do na Ballstáit sin a bhfuil méadú ar chaiteachas poiblí i ndán dóibh chun fostaíocht a chaomhnú d'fhostaithe agus daoine féinfhostaithe. Bíonn a leithéid sin de thacaíocht ón Aontas ina chúnamh do na Ballstáit atá buailte, cuireann sé dlús le filleadh ar dhálaí an ghnáthshaoil sna réigiúin atá buailte, agus maolaíonn sé an tionchar díreach atá ag géarchéim COVID‑19 ar an tsochaí agus ar an ngeilleagar.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

In imeacht na tréimhse ón ngéarchéim airgeadais beagnach deich mbliain ó shin, léirigh an bunús dlí d'Airteagal 122 CFAE an luach breise atá ag baint leis ó thaobh cúnamh airgeadais a shlógadh ar fhógra gairid ón Aontas go dtí na Ballstáit a bhfuil deacrachtaí acu mar gheall ar eachtra eisceachtúil nach bhfuil neart acu air. Is ar an mbunús dlí sin a ghlac an tAontas Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 ón gComhairle an 11 Bealtaine 2010 lena mbunaítear Sásra Cobhsaíochta Airgeadais Eorpach (EFSM). Leis an ionstraim sin cuireadh cúnamh airgeadais ar fáil don Phortaingéil agus d'Éirinn, agus maoiniú idirlinne don Ghréig trí bhíthin iasacht i ndiaidh iasachta. Ní bhaineann an bunús dlí agus an teicníc sin le géarchéimeanna airgeadais amháin, áfach, ach le haon eachtra eisceachtúil nach bhfuil neart ag an mBallstát air agus mar sin, d'fhéadfaí úsáid bhaint astu sin le linn ráig COVID‑19.

1.5.4.Comhoiriúnacht d'ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

Comhlánaíonn an ionstraim SURE atá beartaithe an “Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas”, an méadú atá beartaithe ar raon feidhme Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh, agus ionstraimí eile a thacaíonn le fostaíocht amhail Ciste Sóisialta na hEorpa agus clár InvestEU.

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

X Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse teoranta

   Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

   Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB

 Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 7

X Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 208 agus 209 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1046/2018;

comhlachtaí dlí phoiblí;

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

Nótaí

Tá an Rialachán atá beartaithe bunaithe ar Airteagal 122 CFAE. Dá bhrí sin, ní féidir ach Rialachán den chineál sealadach a bheith ann. Mar sin féin agus ós rud é gur imthosca eisceachtúla atá i gceist le ráig COVID‑19, ní féidir a rá cá fhad mhairfidh cúrsaí mar atá ná cá fhad a bheidh tionchar eacnamaíoch ar lucht oibre na mBallstát.

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

Leis an Rialachán atá beartaithe, déantar foráil maidir le clásal tuairiscithe (Airteagal 14). Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur ar aghaidh chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais, an Coiste Fostaíochta agus an Chomhairle, tuarascáil maidir leis an gcúnamh airgeadais a úsáid agus na heachtraí eisceachtúla lena dtugtar údar do ghlacadh agus cur i bhfeidhm an Rialachán seo agus an cheist an leanfar ar aghaidh leo, laistigh de bhliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus i gcás inarb iomchuí, gach bliain ina diaidh sin.

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.Na rioscaí a aithníodh

Leagtar síos rialacha stuamachta sa Rialachán atá beartaithe chun na rioscaí a bhaineann leis an bpunann iasachtaí a bhainistiú (Airteagail 6 agus 9)

2.2.2.Faisnéis maidir leis an gcóras rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm

2.2.3.Meastachán ar chostais agus ar shochair na rialuithe agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

Leagtar síos rialacha maidir le rialú agus iniúchadh sa Rialachán atá beartaithe (Airteagal 13). Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar foráil maidir leis na forálacha rialaithe agus iniúchta is gá sa chomhaontú a tugadh i gcrích leis an mBallstát is tairbhí chun cúnamh airgeadais ón Aontas a chur chun feidhme faoin ionstraim SURE. Tá feidhm ag na rialacha in Airteagal 220 den Rialachán Airgeadais.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Type of
caiteachais

Ranníocaíocht

Number
[…][Ceannteideal………………………...……………]

LD/LN 8 .

ó thíortha de chuid CSTE 9

ó thíortha is iarrthóirí 10

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1046/2018

[…][XX.YY.YY.YY]

LD/LN.

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

·Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Type of
caiteachais

Ranníocaíocht

Number
[…][Ceannteideal………………………………………]

LD/LN.

ó thíortha de chuid CSTE

ó thíortha is iarrthóirí

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1046/2018

[…][XX.YY.YY.YY]

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

[Ba cheart an scarbhileog ar shonraí buiséid de chineál riaracháin a úsáid leis an roinn seo a líonadh isteach (an dara doiciméad san iarscríbhinn a ghabhann leis an ráiteas airgeadais seo) agus í a uaslódáil chuig CISNET chun críoch comhairliúcháin idirsheirbhíse.]

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

Uimhir

I gcomhréir le hAirteagal 2(3) den togra le haghaidh RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na mblianta 2021 go 2027 11 , slógfar na suimeanna is gá, fiú más os cionn na n‑uasteorainneacha a leagtar síos i CAI é

Ard‑Stiúrthóireacht: <…….>

Year
N 12

Year
N+1

Year
N+2

Year
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

• Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Uimhir na líne buiséid

Gealltanais

(1)

Íocaíochtaí

(2)

Uimhir na líne buiséid

Gealltanais

(1a)

Íocaíochtaí

(2a)

Leithreasuithe den chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach 13  

Uimhir na líne buiséid

(3)

IOMLÁN leithreasuithe
i gcomhair Ard‑Stiúrthóireacht <…….>

Gealltanais

=1+1a +3

Íocaíochtaí

+2+2a

+3






IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

Íocaíochtaí

(5)

• IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach

(6)

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL <….>
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

-

Íocaíochtaí

-

Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal amháin:

• IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

Íocaíochtaí

(5)

• IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach

(6)

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4
den chreat airgeadais ilbhliantúil

(Méid tagartha)

Gealltanais

=4+ 6

Íocaíochtaí

=5+ 6





Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

5

"Caiteachas riaracháin"

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Year
N

Year
N+1

Year
N+2

Year
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

Ard‑Stiúrthóireacht: <…….>

• Acmhainní daonna

• Caiteachas riaracháin eile

IOMLÁN Ard‑Stiúrthóireacht <…….>

Leithreasuithe

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Year
N 14

Year
N+1

Year
N+2

Year
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

Gealltanais

Íocaíochtaí

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

X    Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

Year
N

Year
N+1

Year
N+2

Year
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

ASCHUIR

Saghas 15

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 16

- Aschur

- Aschur

- Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...

- Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

COSTAS IOMLÁN

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.3.1.Achoimre

X     Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Year
N 17

Year
N+1

Year
N+2

Year
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

HEADING 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas riaracháin eile

Subtotal HEADING 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Outside HEADING 5 18
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Other expenditure
de chineál riaracháin

Subtotal
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5
of the multiannual financial framework

IOMLÁN

Na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin, cumhdófar iad leis na leithreasuithe sin san Ard‑Stiúrthóireacht atá sannta cheana do bhainistíocht an bhirt agus/nó atá athshannta laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.3.2.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.

X     Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Year
N

Year
N+1

Bliain N+2

Bliain N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

2

2

2

2

XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)

XX 01 05 01 (Taighde indíreach)

10 01 05 01 (Taighde indíreach

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 19

XX 01 02 01 (AC, END, INT ón “imchlúdach iomlánaíoch”)

1

1

XX 01 02 02 (AC, AL, END, INT agus JED sna toscaireachtaí)

XX 01 04 bb  20

- sa cheanncheathrú

- i dtoscaireachtaí

XX 01 05 02 (AC, END, INT - Taighde indíreach)

10 01 05 02 (AC, END, INT - Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

3

3

2

2

Is é DG BUDG an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar athshannadh a gcúraimí laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Eisiúint na n‑urrús sna margaí caipitil (anailís mhargaidh, réamheolaire, clárú, caidrimh na n‑infheisteoirí), bainistíocht na bhfáltas, íocaíochtaí amach agus aisíocaíochtaí

Pearsanra seachtrach

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

X     Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

   Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

Mínigh cén t‑athshannadh a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

[…]

   Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

[…]

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.

Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh‑mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Year
N

Year
N+1

Year
N+2

Year
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe



3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

X     Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam ilghnéitheach

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 21

Year
N

Year
N+1

Year
N+2

Year
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

I gcás ioncam ilghnéitheach atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a n‑imreofar tionchar orthu.

[…]

Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

[…]

(1)    IO C 384 I, 12.11.2019, lch. 1.
(2)    Rialachán (AE, Euratom) 1046/2018 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais Eorpa, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013 (AE), Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE)  283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014 agus lena n‑aisghairtear Rialachán(AE, Euratom) 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
(3)    IO L 29, 2020.1 31, lch. 7.
(4)    Glacadh cinntitheach (AE, Euratom) 2020/227 bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh le haghaidh na bliana airgeadais 2020, (IO L 57, 27.02.2020. lch.1).
(5)    ABM: bainistíocht de réir gníomhaíochtaí; ABB: buiséadú de réir gníomhaíochtaí.
(6)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 54(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(7)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí do Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1046/2018 a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard‑Stiúrthóireacht an Bhuiséid: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html
(8)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(9)    EFTA: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(10)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí.
(11)    COM/2018/322 final - 2018/0132.
(12)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
(13)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(14)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
(15)    Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a maoiníodh, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
(16)    Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. 'Cuspóirí sonracha...'
(17)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
(18)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(19)    AC = Ball foirne ar conradh; AL = Ball foirne áitiúil; END = Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JED = Saineolaithe sóisearacha i dtoscaireachtaí.
(20)    Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").
(21)    A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna custaim, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.