An Bhruiséil,7.4.2020

COM(2020) 137 final

2020/0053(COD)

Togra le haghaidh

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Cinneadh 2003/17/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le coibhéis cigireachtaí allamuigh arna ndéanamh san Úcráin ar bharra táirgthe síolta agus ar choibhéis síolta gránach arna dtáirgeadh san Úcráin


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

•Forais agus cuspóirí an togra

Le Cinneadh 2003/17/CE deonaítear coibhéis do thíortha áirithe nach Ballstáit den Aontas iad a mhéid a bhaineann le cigireachtaí allamuigh agus le táirgeadh síl speiceas áirithe a dhéantar i gcomhréir le Treoracha 66/401/CEE, 66/402/CEE, 2002/54/CE agus 2002/57/CE. Maidir leis na forálacha náisiúnta lena rialaítear síol a bhuaintear agus a rialaítear sna tíortha sin, tá ag gabháil leo na ráthaíochtaí céanna a mhéid a bhaineann le saintréithe an tsíl agus leis na socruithe i dtaca lena scrúdú, i dtaca le sainaithint an tsíl a áirithiú, i dtaca le marcáil agus le rialú agus atá ag gabháil leis na forálacha is infheidhme maidir le síol a bhuaintear agus a rialaítear laistigh den Aontas Eorpach. Ní áirítear an Úcráin ar na tíortha sin nach Ballstáit den Aontais iad, rud a fhágann dá bhrí sin nach féidir síolta gránach arna mbuain sa tír sin a allmhairiú chuig an Aontas Eorpach faoi láthair.

Chuir an Úcráin iarratas faoi bhráid an Choimisiúin go gcumhdófaí a síol gránach le Cinneadh 2003/17/CE ón gComhairle mar shíol gránach coibhéiseach.

Tar éis dó an t‑iarratas sin a fháil, rinne an Coimisiún scrúdú ar an gcuid sin de reachtaíocht na hÚcráine is infheidhme agus rinne sé iniúchadh ar na cigireachtaí allamuigh agus ar an gcóras deimhniúcháin síolta atá i bhfeidhm le haghaidh síol gránach san Úcráin. Maidir leis na ceanglais agus an córas atá i bhfeidhm ag an Úcráin, thángthas ar an gconclúid go bhfuil siad coibhéiseach le ceanglais agus le córas an Aontais agus go bhfuil na ráthaíochtaí céanna ag gabháil leo.

Dá bhrí sin, is iomchuí a aithint gur coibhéiseach síol na hÚcráine leis an síol gránach a bhuaintear, a tháirgtear agus a rialaítear san Aontas Eorpach trí Chinneadh a ghlacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle.

•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Leis an Togra seo cuirtear na ceanglais atá ann cheana chun feidhme go teicniúil agus tá sé comhsheasmhach, dá bhrí sin, le forálacha beartais atá ann cheana sa réimse beartais nó i margú síolta.

•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra seo i gcomhréir le cuspóirí an Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Úcráin, toisc go méadóidh sé an trádáil sa síol a chomhlíonann rialacha an Aontais.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

•Bunús dlí

Is é Airteagal 43(2) CFAE bunús dlí an ghnímh seo, airteagal lena dtugtar de chumhacht do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle forálacha a bhunú is gá chun cuspóirí an chomhbheartais talmhaíochta a shaothrú.

•Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Is ar leibhéal an Aontais a rialaítear ceanglais maidir le síolta. Chun a ráthú gur féidir síol allmhairithe a aistriú gan srian sa Mhargadh Aonair, is gá gníomh a dhéanamh ar leibhéal an Aontais.

•Comhréireacht

Is é seo an t‑aon fhoirm ghníomhaíochta amháin de chuid an Aontais ar trínar féidir an cuspóir saothraithe a bhaint amach.

•An rogha ionstraime

Is leis an mbunús dlí, Airteagal 43(2) CFAE, a dhéantar foráil maidir leis an ionstraim dlí.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Neamhbhainteach

•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Cuireadh na Ballstáit ar an eolas agus chuathas i gcomhairle leo sa Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha. Níor ghá aon chomhairliúchán ar leithligh, toisc nach mbaineann an tionscnamh ach le cur chun feidhme teicniúil na rialacha atá ann cheana agus toisc nach ndearnadh aon chomhairliúchán ar leithligh faoi thionscnaimh chomhchosúla san am a chuaigh thart. Thug an Úcráin féin a barúil ar an dréacht-tuarascáil iniúchóireachta agus níor thángthas ar aon chonspóid shubstaintiúil ann.

•Bailiú agus úsáid saineolais

Tá anailís reachtach déanta ag an gCoimisiún i gcomhar leis an Úcráin agus tá iniúchadh déanta ag a sheirbhísí san Úcráin. Tá tuarascáil curtha ar fáil aige ina gcuirtear i láthair na sonraí is gá lena dtugtar údar don tionscnamh.

•Measúnú tionchair

Is de chineál teicniúil amháin é an Cinneadh seo lena gcuirtear chun feidhme rialacha atá ann cheana, rud a fhágann, dá bhrí sin, nach mbeidh aon cheanglas ann measúnú tionchair a dhéanamh.

•Oiriúnacht rialála agus simpliú

Níl aon bhaint ag an togra seo le REFIT. Leis an togra spreagfar trádáil idir an Úcráin agus an tAontas. Trí infheistíocht a dhéanamh in inniúlachtaí táirgthe síolta san Úcráin, bíonn cuideachtaí atá lonnaithe san Aontas ag iarraidh a limistéir tháirgthe síolta a éagsúlú ar fud na hEorpa chun gur lú na rioscaí nach mbeidh siad i mbun táirgthe ach san aon limistéar aeráide amháin. Rannchuideodh an choibhéis, dá bhrí sin, le soláthar leanúnach síolta ar ardchaighdeán a choimeád san Aontas. Thairis sin, bíonn cuideachtaí síolta Eorpacha ag lorg deiseanna nua, deiseanna dá ndéanfaí foráil maidir leo le coibhéis an Aontais. Níl aon tionchar ag an togra ar chostais chomhlíontachta d’oibreoirí. Ní bhaineann an “Measúnú Digiteach” le hábhar an togra seo.

•Cearta bunúsacha

Neamhbhainteach

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Gan ann dóibh

5.EILIMINTÍ EILE

•Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Neamhbhainteach

•Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)

Neamhbhainteach

•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Leis an aon fhoráil shubstainteach atá sa togra, cuirtear an Úcráin le liosta na dtíortha a bhfuil aitheantas faighte acu i taca le coibhéis na gcigireachtaí allamuigh ar bharra táirgthe síolta arna dtáirgeadh ag speicis ghránach agus i dtaca le coibhéis an tsíl táirgthe.

2020/0053 (COD)

Togra le haghaidh

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Cinneadh 2003/17/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le coibhéis cigireachtaí allamuigh arna ndéanamh san Úcráin ar bharra táirgthe síolta agus ar choibhéis síolta gránach arna dtáirgeadh san Úcráin

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 1 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Foráiltear le Cinneadh 2003/17/CE 2 ón gComhairle go ndéanfar, faoi imthosca áirithe, cigireachtaí allamuigh arna ndéanamh ar bharra áirithe táirgthe síolta sna tríú tíortha a liostaítear a mheas mar chigireachtaí is coibhéiseach leo siúd arna ndéanamh i gcomhréir le dlí an Aontais agus go ndéanfar, faoi imthosca áirithe, an síol arna tháirgeadh ag speicis áirithe ghránach, arna tháirgeadh sna tíortha sin, a mheas mar shíol is coibhéiseach le síol arna tháirgeadh i gcomhréir le dlí an Aontais.

(2)Chuir an Úcráin iarratas faoi bhráid an Choimisiúin chun go ndeonófaí coibhéis dá córas cigireachtaí allamuigh ar shíolta gránach agus ar shíolta gránach arna dtáirgeadh agus arna ndeimhniú san Úcráin.

(3)Scrúdaigh an Coimisiún reachtaíocht ábhartha na hÚcráine agus, bunaithe ar iniúchadh a rinneadh in 2015 ar chóras na rialuithe oifigiúla agus an deimhnithe is infheidhme maidir le síol gránach san Úcráin, agus ar choibhéis na reachtaíochta sin le ceanglais an Aontais, d’fhoilsigh sé na torthaí i dtuarascáil dar teideal “An tuarascáil chríochnaitheach maidir leis an iniúchadh a rinneadh san Úcráin idir 26 Bealtaine 2015 agus 4 Meitheamh 2015 d’fhonn córas na rialuithe oifigiúla agus an deimhnithe ar shíolta gránach, mar aon lena gcoibhéis le ceanglais an Aontais Eorpaigh, a mheasúnú”.

(4)Tar éis an iniúchta sin, cinntear go ndéantar go hiomchuí cigireachtaí allamuigh ar bharra táirgthe síolta, mar aon le sampláil, tástáil agus iar-rialú oifigiúil ar shíol gránach, agus go sásaíonn an méid sin na coinníollacha de chuid Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2003/17/CE mar aon le ceanglais ábhartha de chuid Threoir 66/402/CEE ón gComhairle. Thairis sin, táthar tar éis a chinneadh go bhfuil na húdaráis náisiúnta atá freagrach as an deimhniú síolta a chur chun feidhme san Úcráin inniúil agus ag cuí-fheidhmiú.

(5)Dá bhrí sin, is iomchuí coibhéis a dheonú maidir le cigireachtaí allamuigh arna ndéanamh i ndáil le síol gránach san Úcráin agus i ndáil le síol gránach arna tháirgeadh san Úcráin agus arna dheimhniú go hoifigiúil ag údaráis dá cuid.

(6)Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2003/17/CE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1
Leasuithe ar Chinneadh 2003/17/CE

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2003/17/CE mar a leanas:

(a)Cuirtear an iontráil seo a leanas idir ‘TR’ agus ‘US’ sa tábla:

"UA

Aireacht Beartais Talúntais agus Bia na hÚcráine

Khreshchatyk str., 24, 01001, KYIV

66/402/EEC"

(b)San fhonóta a ghabhann leis an tábla sin, cuirtear na téarmaí seo a leanas isteach idir ‘TR — an Tuirc’ agus ‘US — Stáit Aontaithe Mheiriceá’: :

"UA – an Úcráin,".

Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3
Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    IO C , , lch. .
(2)    Cinneadh 2003/17/CE ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le coibhéis cigireachtaí allamuigh arna ndéanamh i dtríú tíortha ar bharra táirgthe síolta agus maidir le coibhéis síolta arna dtáirgeadh i dtríú tíortha (IO L 8, 14.1.2003, lch. 10).