An Bhruiséil,13.2.2020

COM(2020) 52 final

2020/0024(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Prótacal a thabhairt chun críche, thar ceann an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát, ar Prótacal é a ghabhann leis an gComhaontú lena mbunaítear Comhlachas idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus Meiriceá Láir, ar an taobh eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

Síníodh an Comhaontú lena mbunaítear Comhlachas idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus Meiriceá Láir ar an taobh eile (an “Comhaontú Comhlachais”) an 29 Meitheamh 2012 agus níor tháinig sé i bhfeidhm go hiomlán, mar nach bhfuil sé daingnithe i ngach Ballstát fós.

Tá an colún trádála den Chomhaontú Comhlachais á chur i bhfeidhm go sealadach ón 1 Lúnasa 2013 i leith le Hondúras, Nicearagua agus Panama, ón 1 Deireadh Fómhair 2013 i leith le Cósta Ríce agus an tSalvadóir, agus ón 1 Nollaig 2013 i leith le Guatamala.

Faoi Airteagal 6(2) d'Ionstraim Aontachais Phoblacht na Cróite, gheall an Chróit go n‑aontódh sé do na comhaontuithe atá ann cheana arna dtabhairt chun críche nó arna síniú ag na Ballstáit agus ag an Aontas Eorpach le tríú tíortha. Mura bhforáiltear a mhalairt i gcomhaontuithe sonracha, tá an Chróit ag aontú do na comhaontuithe sin trí bhíthin prótacal a thugann an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil thar ceann na mBallstát, chun críche leis na tríú tíortha lena mbaineann.

An 14 Meán Fómhair 2012 1 , thug an Chomhairle údarú don Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht leis na tríú tíortha lena mbaineann d'fhonn na prótacail ábhartha a thabhairt chun críche. Cuireadh tús leis gcaibidlíocht le Meiriceá Láir mí na Bealtaine 2014 agus tugadh an chaibidlíocht chun críche go rathúil mí an Mheithimh 2018. D'aontaigh na Páirtithe, go háirithe maidir le bananaí a allmhairítear ó Mheiriceá Láir, méideanna allmhairí truiceartha sa chlásail chobhsaíochta a leasú ar os a gceann sin a fhéadfaidh an tAontas Eorpach cóireáil fhabhrach taraife a chur ar fionraí. Níl aon athrú ar an dleacht chustaim fhabhrach. Measann an Coimisiún go bhfuil toradh na caibidlíochta sásúil.

Chuir an dá thaobh bailchríoch ar théacs an Phrótacail a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais (“Prótacal”), ag cur aontachas na Cróite leis Aontas Eorpach san áireamh, an 27 Meitheamh 2019 faoi chuimsiú chruinniú an Choiste Comhlachais.

Molann an Coimisiún go nglacfaidh an Chomhairle an Cinneadh ón gComhairle atá i gceangal leis seo, maidir le Prótacal a thabhairt chun críche thar ceann an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát. Leis an bPrótacal atá molta, déantar Poblacht na Cróite a ionchorprú mar pháirtí sa Chomhaontú Comhlachais le Meiriceá Láir. Beidh leagan Cróitise théacs an Chomhaontaithe Comhlachais agus an Phrótacail ina théacs údarásach de réir na gcoinníollacha céanna a bhaineann leaganacha teangacha eile den Chomhaontú.

2020/0024 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Prótacal a thabhairt chun críche, thar ceann an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát, ar Prótacal é a ghabhann leis an gComhaontú lena mbunaítear Comhlachas idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus Meiriceá Láir, ar an taobh eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 217 de, i gcomhar le hAirteagal 218(6)(a) de,

Ag féachaint d'Ionstraim Aontachais Phoblacht na Cróite, agus go háirithe don dara fomhír d'Airteagal 6(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)I gcomhréir le Cinneadh (AE) [uimhir an Chinnidh] an [dáta] 2 ón gComhairle, síníodh Prótacal a ghabhann leis an gComhaontú lena mbunaítear Comhlachas idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus Meiriceá Láir, ar an taobh eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach (‘An Prótacal’)a chur san áireamh, faoi réir a thabhairt chun críche.

(2)Ba cheart an Prótacal a fhormheas thar ceann an Aontais agus a Bhallstát.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déantar leis seo, an Prótacal a ghabhann leis an gComhaontú lena mbunaítear Comhlachas idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus Meiriceá Láir, ar an taobh eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh, a fhormheas thar ceann an Aontais agus a Bhallstáit.

Airteagal 2

Ainmneoidh Uachtarán na Comhairle an duine (na daoine) a chumhachtófar chun dul ar aghaidh, thar ceann an Aontais Eorpaigh chun an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 12(2) den Phrótacal, d'fhonn toiliú an Aontais Eorpaigh bheith faoi cheangal ag an gComhaontú a chur in iúl.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an gcéad lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Cinneadh ó gComhairle lena n‑údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht chun comhaontuithe arna síniú nó arna dtabhairt chun críche ag an Aontas Eorpach nó ag an Aontas Eorpach agus a Bhallstáit, le tríú tír amháin nó níos mó, nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta i bhfianaise aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach (Doiciméad 13351/12 ón gComhairle TEORANTA).
(2)    IO L […], […], lch. […].