An Bhruiséil,22.1.2020

COM(2020) 24 final

2020/0011(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena n
x001e
údaraítear do na Ballstáit Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Foréigean agus Ciapadh, 2019 (Uimh. 190) a dhaingniú chun leas an Aontais Eorpaigh


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.ÁBHAR AN TOGRA

Leis an gCinneadh a mholtar ón gComhairle, cuirfear ar chumas na mBallstát an Coinbhinsiún maidir le díothú an fhoréigin agus an chiaptha i saol na hoibre, Coinbhinsiún a bhféadfar an Coinbhinsiún maidir le Foréigean agus Ciapadh, 2019 (Uimh. 190) (dá ngairtear “an Coinbhinsiún” anseo feasta) de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) a ghairm de, a dhaingniú le haghaidh na n‑ábhar a thagann faoi inniúlacht an Aontais.

2.COMHTHÉACS AN TOGRA

Mar atá léirithe le déanaí ag an ngluaiseacht #metoo agus ag gluaiseachtaí gaolmhara, tá foréigean agus ciapadh i saol na hoibre, lena n‑áirítear foréigean agus ciapadh inscnebhunaithe, forleathan ar fud an domhain. Caithfear feabhas a chur ar iarrachtaí coisc agus íospartaigh a chosaint.

Chun aghaidh a thabhairt air sin, ghlac an 108ú (Comóradh Céad Bliain) Comhdháil Idirnáisiúnta Saothair ar an 21 Meitheamh 2019 Coinbhinsiún EIS maidir le Foréigean agus Ciapadh, 2019 (Uimh. 190) mar aon leis an Moladh maidir le Foréigean agus Ciapadh, 2019 (Uimh. 206) (dá ngairtear an Moladh anseo feasta).

Is é an Coinbhinsiún an chéad ionstraim idirnáisiúnta ina leagtar amach caighdeáin is infheidhme ar fud an domhain maidir le dul i ngleic le ciapadh agus foréigean oibre agus ina sainítear na bearta is gá ó stáit agus ó ghníomhaithe ábhartha eile. Féachtar sa Choinbhinsiún agus sa Mholadh le cur chuige cuimsitheach, comhtháite agus inscne-íogair a bhunú chun foréigean agus ciapadh a chosc agus a dhíothú i saol na hoibre.

Tá an tAontas Eorpach (AE) tiomanta do chearta an duine agus d’obair chuibhiúil, lena n‑áirítear dálaí oibre sláintiúla sábháilte, a chur chun cinn, don comhionannas idir fir agus mná agus do dheireadh a chur le leithcheal, go hinmheánach agus ina chaidreamh seachtrach.

San Aontas Eorpach, rinne na Comhpháirtithe Sóisialta Eorpacha “Creat-chomhaontú maidir le ciapadh agus foréigean ag an obair” 1 a thabhairt i gcrích in 2007 ar bhonn chomhairliúchán an Choimisiúin leis na Comhpháirtithe Sóisialta Eorpacha maidir le foréigean ag an láthair oibre agus leis an tionchar atá aige ar shláinte agus ar shábháilteacht ag an obair 2 . Is creat é atá dírithe ar ghníomhaíocht agus trínar féidir le fostóirí, le hoibrithe agus lena n‑ionadaithe fadhbanna a bhaineann le ciapadh agus foréigean ag an obair a aithint, a sheachaint agus a bhainistiú.

Is chun leas an Aontais Eorpaigh é go gcuirfeadh sé chun cinn cur chun feidhme ionstraime idirnáisiúnta lena ndéantar foréigean agus ciapadh i saol na hoibre a chomhrac i gcomhréir lena chreat inmheánach, toisc go dtugtar aghaidh sa Choinbhinsiún ar réimsí áirithe de dhlí an Aontais agus nach bhfuil an tAontas Eorpach in ann aontú dó. Ní ábhar imní í substaint an Choinbhinsiúin i bhfianaise acquis an Aontais Eorpaigh atá ann cheana féin. Dá bhrí sin, is chun leas an Aontais Eorpaigh é go ndaingneodh Ballstáit an Aontais an Coinbhinsiún. Chun na críche sin, agus i bhfianaise inniúlacht AE sna réimsí a dtugtar aghaidh orthu sa Choinbhinsiún, is gá go mbainfí aon bhac dlíthiúil ar leibhéal an Aontais Eorpaigh ar na Ballstáit an Coinbhinsiún a dhaingniú.

2.1Ábhar an Choinbhinsiúin

Is féidir ábhar Choinbhinsiún EIS maidir le Foréigean agus Ciapadh, 2019 (Uimh. 190) a achoimriú mar a leanas:

I mbrollach an Choinbhinsiúin:

·Aithnítear ceart gach aon duine chun saol oibre atá saor ó fhoréigean agus ó chiapadh;

·Aithnítear gur féidir gur sárú nó drochúsáid ar chearta an duine iad an foréigean agus an ciapadh i saol na hoibre, agus gur bagairt ar chomhionannas deiseanna iad an foréigean agus an ciapadh agus go bhfuil siad do-ghlactha agus ar neamhréir le hobair chuibhiúil;

·Aithnítear go bhfuil tionchar ag an bhforéigean agus ag an gciapadh i saol na hoibre ar shláinte shíceolaíoch, coirp agus gnéis agus ar dhínit an duine, agus ar a thimpeallacht shóisialta agus ar a theaghlach freisin, agus gur féidir leo daoine, mná go háirithe, a chosc ar dhul isteach, ar fhanacht agus ar dhul chun cinn a dhéanamh sa mhargadh saothair;

Faoi Chuid I, sainmhínithe, sa Choinbhinsiún:

·Leagtar síos sainmhíniú aonair ar “foréigean agus ciapadh” a chlúdaíonn réimse iompraíochta agus cleachtas do-ghlactha, nó bagairtí iompraíochta agus cleachtas den sórt sin, gan beann ar an dtarlaíonn siad uair amháin nó athuair, an bhfuil sé mar aidhm acu nó mar thoradh orthu, nó an dóigh dóibh go mbeidh mar thoradh orthu, díobháil fhisiciúil, shíceolaíoch, ghnéasach nó eacnamaíoch a dhéanamh (Airteagal 1.a);

·Sainmhínítear foréigean agus ciapadh inscnebhunaithe (Airteagal 1.b);

·Suitear, gan dochar don sainmhíniú aonair ar “foréigean agus ciapadh”, go bhféadfar foréigean agus ciapadh a shainmhíniú mar choincheap aonair nó mar choincheapa ar leith i ndlíthe agus rialacháin náisiúnta (Airteagal 1.2).

Faoi Chuid II, raon feidhme, sa Choinbhinsiún:

·Tugtar cosaint i saol na hoibre d’oibrithe agus do dhaoine eile, lena n‑áirítear fostaithe mar a shainmhínítear sa dlí agus sa chleachtas náisiúnta, chomh maith le daoine atá ag obair, gan beann ar an stádas conarthach atá acu, daoine i mbun oiliúna, lena n‑áirítear intéirnigh agus printísigh, oibrithe a bhfuil deireadh curtha lena bhfostaíocht, saorálaithe, cuardaitheoirí poist agus iarrthóirí poist, agus daoine aonair a fheidhmíonn údarás, dualgais nó freagrachtaí fostóra (Airteagal 2);

·Tá feidhm aige maidir le foréigean agus ciapadh i “saol na hoibre”, a théann thar an láthair oibre agus lena n‑áirítear áiseanna agus cumarsáid a bhaineann leis an obair, taisteal agus gníomhaíochtaí sóisialta, chomh maith le lóistín a sholáthraíonn an fostóir agus comaitéireacht chuig an obair agus ar ais uaithi (Airteagal 3).

Faoi Chuid III, croíphrionsabail, déanfaidh na Ballstáit a dhaingníonn an Coinbhinsiún an méid seo a leanas, inter alia:

·Cur chuige cuimsitheach, comhtháite agus inscne-fhreagrúil a bhunú chun foréigean agus ciapadh a chosc agus a dhíothú i saol na hoibre, lena n‑áirítear foréigean agus ciapadh a thoirmeasc le dlí (Airteagal 4.2);

·A áirithiú go dtugtar aghaidh sna beartais ábhartha ar fhoréigean agus ar chiapadh (Airteagal 4.2.b);

·Straitéis chuimsitheach a ghlacadh chun dul i ngleic le foréigean agus ciapadh, agus rochtain ar leigheasanna agus ar thacaíocht d’íospartaigh a áirithiú (Airteagal 4.2.c);

·Dlíthe, rialacháin agus beartais a ghlacadh lena n‑áiritheofar an ceart chun comhionannais agus chun neamh-idirdhealú i bhfostaíocht, lena n‑áirítear grúpaí leochaileacha agus grúpaí i gcásanna leochaileacha (Airteagal 6).

Faoi Chuid IV, cosaint agus cosc, déanfaidh na Stáit a dhaingníonn an Coinbhinsiún an méid seo a leanas go háirithe:

·Beartais iomchuí a ghlacadh chun foréigean agus ciapadh i gcomhthéacsanna oibre a chosc (Airteagal 8),

·Dlíthe agus rialacháin lena gcuirtear de cheanglas ar fhostóirí foréigean agus ciapadh a chosc tríd an mbaol foréigin agus ciaptha a mheas, agus trí fhaisnéis agus traenáil a sholáthar dóibh siúd lena mbaineann inter alia (Airteagal 9).

Thairis sin, faoi Chuid V, forfheidhmiú agus leigheasanna, glacfaidh na stáit a dhaingníonn an Coinbhinsiún bearta iomchuí chun rochtain éasca ar leigheasanna iomchuí éifeachtacha a áirithiú; éifeachtaí an fhoréigin teaghlaigh a aithint, agus an tionchar atá aige ar shaol na hoibre a mhaolú a oiread agus is praiticiúil go réasúnta; agus a áirithiú go mbeidh an ceart ag oibrithe timpeallacht oibre ina bhfuil garchontúirt agus contúirt thromchúiseach a bhaineann le foréigean agus ciapadh a fhágáil (Airteagal 10).

Áirítear forálacha maidir le treoraíocht, le hoiliúint agus le múscailt feasachta sa Choinbhinsiún freisin.

2.2Dlí an Aontais i réimse an fhoréigin agus an chiaptha i saol na hoibre

Tá baint ag réimsí a chumhdaítear le dlí an Aontais Eorpaigh le gnéithe áirithe den Choinbhinsiún arna fhorlíonadh leis an Moladh, go háirithe:

·Airteagal 153(1)(a) agus (i) agus Airteagal 157 (3)CFAE, ar dá réir a thacóidh agus a chuirfidh an tAontas le gníomhaíochtaí na mBallstát maidir le feabhas a chur ar an timpeallacht oibre chun cosaint a thabhairt do shláinte agus do shábháilteacht na n‑oibrithe agus do chomhionannas idir fir agus mná maidir le deiseanna sa mhargadh saothair agus cóir chomhionann san obair chomh maith le bearta a ghlacadh chun a áirithiú go gcuirfear prionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná chun feidhme i gcúrsaí fostaíochta agus slí beatha;

·Creat-Treoir 89/391/CEE 3 , a chumhdaíonn na rioscaí ar fad a bhaineann le sláinte agus sábháilteacht na n‑oibrithe ag an obair, lena n‑áirítear rioscaí síceasóisialta amhail ciapadh agus foréigean;

·In 2007 rinne na Comhpháirtithe Sóisialta Eorpacha “Creat-chomhaontú maidir le ciapadh agus foréigean ag an obair” 4 a thabhairt i gcrích faoi Airteagal 138 de Chonradh CE (Airteagal 155 CFAE anois), ar creat é atá dírithe ar ghníomhaíocht agus trínar féidir le fostóirí, le hoibrithe agus lena n‑ionadaithe fadhbanna a bhaineann le ciapadh agus foréigean ag an obair a aithint, a sheachaint agus a bhainistiú;

·Creat Straitéiseach AE maidir le Sláinte agus Sábháilteacht ag an Obair 2014-2020 5 agus Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le “Obair níos Sábháilte agus níos Folláine do Chách — Nuachóiriú ar Reachtaíocht agus ar Bheartas an Aontais maidir le Sábháilteacht agus Sláinte Cheirde” 6 rud a chuireann feabhsú an choisc ar rioscaí síceasóisialta ag an láthair oibre i dtábhacht;

·Treoir 2006/54/CE maidir le cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí beatha, lena n‑áirítear forálacha ar thoirmeasc an chiaptha agus an ghnéaschiaptha 7 ;

·Treoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta maidir le cóir chomhionann i gcúrsaí fostaíochta agus slí beatha 8 ;

·Treoir 2000/43/CE lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir daoine gan spleáchas do thionscnamh ciníoch nó eitneach 9 ;

·Cinntí ón gComhairle an 11 Bealtaine 2017 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac “Coinbhinsiún Iostanbúl” 10 ar son an Aontais 11 agus an plé atá ar siúl sa Chomhairle faoi aontachas an Aontais le Coinbhinsiún Iostanbúl, ina bhfuil forálacha chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc, lena n‑áirítear gnéaschiapadh, cosaint a thabhairt d’íospartaigh foréigin den sórt sin agus chun na daoine atá ciontach a phionósú.

Tá gaol breise ag gnéithe áirithe den Choinbhinsiún agus den Mholadh le réimsí a chumhdaítear le dlí an Aontais Eorpaigh i réimsí an chomhair bhreithiúnaigh agus chearta na n‑íospartach 12 , na himirce, an tearmainn agus na saoirse gluaiseachta 13 ; leagtar síos i ndlí tánaisteach an Aontais 14 cearta d’íospartaigh na coireachta agus dá dteaghlaigh chun faisnéis, tacaíocht agus cosaint iomchuí a fháil, chun páirt a ghlacadh in imeachtaí coiriúla agus chun aitheantas agus cóir mheasúil neamh-idirdhealaitheach a fháil.

Áirítear forálacha a thagann faoi inniúlacht na mBallstát sa Choinbhinsiún agus sa Mholadh, go háirithe a mhéid a bhaineann le cómhargáil.

3.TORTHAÍ Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Neamhbhainteach.

4.ÚDARÚ CHUN AN COINBHINSIÚN A DHAINGNIÚ CHUN LEAS AN AONTAIS

I gcás ina mbíonn an grád rialála ag céim chun cinn, tugtar aghaidh sa Choinbhinsiún ar réimsí áirithe de dhlí an Aontais, amhail sláinte agus sábháilteacht ag an obair, comhionannas agus neamh-idirdhealú.

I gcomhréir leis na rialacha maidir le hinniúlachtaí seachtracha atá ullmhaithe ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh 15 , agus maidir le tabhairt i gcrích agus daingniú Choinbhinsiún EIS 16 , níl na Ballstáit leo féin in ann an Coinbhinsiún a dhaingniú, toisc go dtagann codanna den Choinbhinsiún faoi inniúlacht an Aontais de bhun Airteagal 3(2) CFAE.

Ní féidir leis an Aontas Eorpach Coinbhinsiún EIS a dhaingniú, áfach, toisc gur do Stáit agus do Stáit amháin is ceadmhach a bheith ina bpáirtithe i gCoinbhinsiúin den sórt sin faoi Bhunreacht EIS 17 .

Dá bhrí sin, ní mór d’institiúidí an Aontais Eorpaigh agus do na Ballstáit na bearta is gá a ghlacadh le go mbeidh siad in ann oibriú i gcomhar chun an Coinbhinsiún a dhaingniú agus gealltanais atá mar thoradh air a chur chun feidhme 18 .

Ó bhí 2005 ann, tá údarás tugtha ag an gComhairle do na Ballstáit cúig Choinbhinsiún de chuid EIS a dhaingniú chun leas an Aontais chomh maith le Prótacal EIS amháin, Prótacal ar tháinig codanna de faoi inniúlacht an Aontais 19 .

Ní ábhar imní iad forálacha substainteacha an Choinbhinsiúin i bhfianaise an acquis atá ann cheana féin. I gcomhréir le hAirteagal 19(8) de Bhunreacht EIS, leagtar íoschaighdeáin amach sa Choinbhinsiún. Ciallaíonn sin gur féidir le dlí an Aontais Eorpaigh a bheith níos déine ná forálacha an Choinbhinsiúin agus a mhalairt 20 .

Leis an gCinneadh a mholtar ón gComhairle, údarófar na Ballstáit na codanna sin den Choinbhinsiún a thagann faoi inniúlacht an Aontais Eorpaigh a dhaingniú chun leas an Aontais Eorpaigh agus molfar do na Ballstáit iarrachtaí a dhéanamh é seo a chur i gcrích faoi dheireadh 2022.

5.BUNÚS DLÍ

5.1Bunús dlí nóis imeachta

Beidh feidhm ag Airteagal 218(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) gan beann ar an bhfuil an tAontas ina bhall den eagraíocht a ghlac an comhaontú idirnáisiúnta 21 .

5.2Bunús dlí substainteach

5.2.1Prionsabail

Braitheann an bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(6) CFAE go príomha ar chuspóir agus ar ábhar an chomhaontaithe idirnáisiúnta a ndéantar an daingniú chun leas an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an gcomhaontú nó má tá dhá chuid de ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomhchuid agus an ceann eile mar aidhm nó mar chuid theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(6) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear faoin bpríomhaidhm nó faoin bpríomhchuid. Maidir le comhaontú a bhfuil roinnt cuspóirí éagsúla á saothrú leis san am céanna, nó a bhfuil roinnt comhpháirteanna éagsúla ann, ar cuspóirí nó comhpháirteanna iad a bhfuil dlúthnasc doscartha eatarthu gan aon cheann acu a bheith teagmhasach le hais an ceann eile, ní mór, ar bhonn eisceachtúil, na boinn chomhfhreagracha dlí ar fad a áireamh sa bhunús substainteach dlí atá leis an gcinneadh faoi Airteagal 218(6) de CFAE.

5.2.2 Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo (féach freisin sonraí de dhlí an Aontais atá faoi 2 faoi láthair)

Bíodh is go bhfuil eilimintí a bhaineann le neamh-idirdhealú, comhar breithiúnach agus cearta íospartach sa Choinbhinsiún freisin, baineann príomhchuspóir agus príomhábhar an Choinbhinsiúin le beartas sóisialta, go háirithe a mhéid a bhaineann le feabhas a chur ar an timpeallacht oibre chun cosaint a thabhairt do shláinte agus do shábháilteacht na n‑oibrithe (Airteagal 153(1)(a) CFAE) agus le comhionannas idir fir agus mná maidir le deiseanna sa mhargadh saothair agus cóir chomhionann san obair (Airteagal 153(1)(i) CFAE), réimsí inar glacadh Treoracha faoi Airteagal 153(2) CFAE, chomh maith lena mhéid a bhaineann le cur chun feidhme prionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí beatha faoi Airteagal 157 (3) CFAE.

Baineann aidhm agus ábhar an Choinbhinsiúin leis an gcomhrac in aghaidh an idirdhealaithe faoi Airteagal 19 ar bhealach coimhdeachta.

Dá bhrí sin, tá bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe le fáil in Airteagal 153(2) CFAE i dteannta Airteagal 153(1)(a), Airteagal 153(1)(i) agus Airteagal 157 (3) CFAE.

6Conclúid

Ba cheart Airteagal 153(2) CFAE, Airteagal 153(1)(a), Airteagal 153(1)(i) CFAE agus Airteagal 157 (3) CFAE, arb iad an príomhbhunús dlí do reachtaíocht de chuid an Aontais a bhaineann le sláinte agus sábháilteacht san obair agus comhionannas idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí beatha, a bheith ina mbunús dlí don chinneadh atá beartaithe, i dteannta Airteagal 218(6) CFAE.

2020/0011 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena n‑údaraítear do na Ballstáit Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Foréigean agus Ciapadh, 2019 (Uimh. 190) a dhaingniú chun leas an Aontais Eorpaigh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus go háirithe Airteagal 153(2) i dteannta phointí (a) agus (i) d’Airteagal 153 (1), Airteagal 157(3) agus Airteagal 218(6) (a) (v) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)In 2019, san 108ú seisiún a bhí aige ghlac an Chomhdháil Idirnáisiúnta Saothair Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le díothú an fhoréigin agus an chiaptha i saol na hoibre, Coinbhinsiún a bhféadfar an Coinbhinsiún maidir le Foréigean agus Ciapadh, 2019 (Uimh. 190) (“an Coinbhinsiún”) a ghairm de.

(2)Bíonn an tAontas ag obair chun go ndaingneofar coinbhinsiúin idirnáisiúnta saothair atá cothrom le dáta de réir aicmiú na hEagraíochta Saothair Idirnáisiúnta chun obair chuibhiúil do chách, sláinte agus sábháilteacht ag an obair agus comhionannas inscne a chur chun cinn chomh maith le hidirdhealú a chomhrac.

(3)Cumhdaítear forálacha áirithe den Choinbhinsiún le acquis an Aontais i réimsí na mbeartas sóisialta i gcomhréir le hAirteagal 153(2), Airteagal 153 (1)(a) agus (i) agus Airteagal 157(3) de CFAE a mhéid a bhaineann le sláinte agus sábháilteacht san obair agus comhionannas idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí beatha 22 . Cumhdaítear forálacha áirithe den Choinbhinsiún le acquis an Aontais i réimse an neamh-idirdhealaithe 23 .

(4)Dá bhrí sin, tagann codanna den Choinbhinsiún faoi inniúlacht an Aontais agus ní cheadaítear do na Ballstáit páirt a ghlacadh i ngealltanais i ndáil leis na codanna sin atá lasmuigh de chreat institiúidí an Aontais 24 .

(5)Ní féidir leis an Aontas an Coinbhinsiún a dhaingniú toisc gur do Stáit agus do Stáit amháin is ceadmhach a bheith ina bpáirtithe ann.

(6)Sa chás seo, ba chóir údarás a thabhairt do na Ballstáit, ag gníomhú go comhpháirteach dóibh chun leas an Aontais, na codanna sin den Choinbhinsiún a thagann faoi inniúlacht an Aontais a dhaingniú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údaraítear do na Ballstáit Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Foréigean agus Ciapadh, 2019 (Uimh. 190), a dhaingniú i dtaca leis na codanna sin a thagann faoin inniúlacht a thugtar don Aontas Eorpach in Airteagal 153(2) agus 153(1)(a) agus (i) chomh maith le hAirteagal 157(3) CFAE.

Airteagal 2

Ba chóir do na Ballstáit na céimeanna is gá a ghlacadh chun a n‑ionstraimí daingniúcháin maidir leis an gCoinbhinsiún a thabhairt d’Ard-Stiúrthóir na hOifige Idirnáisiúnta Saothair a luaithe is féidir, agus b’fhearr é faoin 31 Nollaig 2022.

Airteagal 3

Dírítear an Cinneadh seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    COM (2007) 686.
(2)    C/2004/5220.
(3)    Treoir ón gComhairle an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh (89/391/CEE) IO L 183, 29.6.1989, lgh. 1–8.
(4)    COM(2007) 686.
(5)    COM(2014) 332 leagan deiridh.
(6)    COM/2017/012 leagan deiridh.
(7)    IO L 204, 26.7.2006, lgh. 23-36. Áirítear forálacha comhchosúla i dTreoir 2004/113/CE ón gComhairle an 13 Nollaig 2004 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná maidir le rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí agus maidir le soláthar earraí agus seirbhísí IO L 373, 21.12.2004, lgh. 37–43, agus i dTreoir 2010/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná atá rannpháirteach i ngníomhaíocht ar bhonn féinfhostaithe a chur i bhfeidhm agus lena n‑aisghairtear Treoir 86/613/CEE ón gComhairle, IO L 180, 15.7.2010, lgh. 1–6.
(8)    IO L 303, 02/12/2000 lgh. 16-22.
(9)    IO L 180, lgh. 22-26.
(10)    Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac, Sraith Chonarthaí Chomhairle na hEorpa – uimh°210, ar fáil ag https://www.coe.int/en/web/conventions/full-list/-/conventions/rms/090000168008482e .
(11)    Cinneadh 2017/865 ón gComhairle an 11 Bealtaine 2017 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac i ndáil le nithe a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, IO L 131, 20.5.2017, lgh 11–12; Cinneadh 2017/866 ón gComhairle an 11 Bealtaine 2017 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac i ndáil le tearmann agus non-refoulement, IO C 131, 20.5.2017, lgh 13–14.
(12)    Airt.82, 83, 84 agus 156 CFAE.
(13)    Airt. 21, Airt. 46, Airt. 78, agus Airt. 79 CFAE.
(14)    Treoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta, IO L 315, 14.11.2012, lgh. 57–73.
(15)    Breithiúnas AETR ón gCúirt Bhreithiúnais, cás 22/70 an 31 Márta 1971, ECR, 1971, 263.
(16)    Tuairim 2/91 ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Márta 1993, ECR 1993-I, leathanach 1061 maidir le Coinbhinsiún EIS um Cheimiceáin Uimh.170.
(17)    Bunreacht EIS, Airt 1.2.
(18)    Tuairim 2/91 ón gCúirt Bhreithiúnais (ibid), míreanna 36, 37 agus 38.
(19)    Cinneadh ón gComhairle an 14 Aibreán 2005 lena n‑údaraítear do na Ballstáit Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Doiciméid Chéannachta Maraithe (Coinbhinsiún Uimh. 185) a dhaingniú chun leas an Chomhphobail Eorpaigh, IO L 136/1 an 30.5.2005; Cinneadh ón gComhairle an 7 Meitheamh 2007 lena n‑údaraítear do na Ballstáit Coinbhinsiún Oibreachais Mhuirí na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair, 2006 a dhaingniú chun leas an Chomhphobail Eorpaigh, IO L 161/63 an 22.6.2007; Cinneadh ón gComhairle an 7 Meitheamh 2010 lena n‑údaraítear do na Ballstáit Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le hObair san Iascaireacht, 2007, (Coinbhinsiún uimh 188) a dhaingniú chun leas an Aontais Eorpaigh, IO 145/12 an 11.6.2010; Cinneadh ón gComhairle an 28 Eanáir 2014 lena n‑údaraítear do na Ballstáit Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Sábháilteacht in Úsáid Ceimiceán ag an Obair, 1990, (Coinbhinsiún uimh 170), (2014/52/EU), a dhaingniú chun leas an Aontais Eorpaigh; Cinneadh ón gComhairle an 28 Eanáir 2014 lena n‑údaraítear do na Ballstáit Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le hobair chuibhiúil d’oibrithe tí, 2011 (Coinbhinsiún Uimh 189) (2014/51/AE), a dhaingniú chun leas an Aontais Eorpaigh; Cinneadh (AE) 2015/2071 ón gComhairle an 10 Samhain 2015 lena n‑údaraítear do thíortha an Aontais Eorpaigh Prótacal 2014 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Saothar Éigeantach (1930), a mhéid a bhaineann Airteagal 1 go 4 den Phrótacal maidir le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla a dhaingniú chun leas an Aontais Eorpaigh, IO L.301 an 18.11.2015; Cinneadh (AE) 2015/2037 ón gComhairle an 10 Samhain 2015 lena n‑údaraítear do thíortha an Aontais Eorpaigh Prótacal 2014 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Saothar Éigeantach (1930), maidir le hábhair a bhaineann le beartas sóisialta, a dhaingniú chun leas an Aontais Eorpaigh, IO L.298 an 14.11.2015.
(20)    Tuairim 2/91 ón gCúirt Bhreithiúnais (ibid), mír 18.
(21)    Tuairim 2/91 ón gCúirt Bhreithiúnais (ibid) maidir le Coinbhinsiún EIS um Cheimiceáin Uimh.170 agus Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, An Ghearmáin v An Chomhairle, C-399/12, ECLI:AE:C:2014:2258, mír 64.
(22)    Treoir ón gComhairle an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh (89/391/CEE), IO L 183, 29.6.1989, lgh. 1–8; Treoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí beatha (athmhúnlú) IO L 204, 26.7.2006, lgh. 23-36; chomh maith le Treoir 2004/113/CE ón gComhairle an 13 Nollaig 2004 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná maidir le rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí agus maidir le soláthar earraí agus seirbhísí IO L 373, 21.12.2004, lch. 37–43, agus Treoir 2010/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná atá rannpháirteach i ngníomhaíocht ar bhonn féinfhostaithe a chur i bhfeidhm agus lena n‑aisghairtear Treoir 86/613/CEE ón gComhairle, IO L 180, 15.7.2010, lgh. 1–6.
(23)    Treoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha IO L 303, 02/12/2000 lgh. 16–22; Treoir 2000/43/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir daoine gan spleáchas do thionscnamh ciníoch nó eitneach IO L 180, 19.7.2000, lgh 22-26.
(24)    Tuairim 2/91 ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Márta 1993, ECR 1993-I, leathanach 1061, mír 26.